This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1771
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/1771 of 12 September 2023 amending Implementing Regulation (EU) 2017/373 as regards air traffic management and air navigation services systems and constituents and repealing Regulations (EC) No 1032/2006, (EC) No 633/2007 and (EC) No 262/2009
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1771 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a mhéid a bhaineann le córais agus comhdhamhnaí bainistithe aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1032/2006, (CE) Uimh. 633/2007 agus (CE) Uimh. 262/2009
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1771 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a mhéid a bhaineann le córais agus comhdhamhnaí bainistithe aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1032/2006, (CE) Uimh. 633/2007 agus (CE) Uimh. 262/2009
C/2023/5204
IO L 228, 15.9.2023, p. 49–72
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
15.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 228/49 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1771 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Meán Fómhair 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a mhéid a bhaineann le córais agus comhdhamhnaí bainistithe aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1032/2006, (CE) Uimh. 633/2007 agus (CE) Uimh. 262/2009
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 43(1), pointí (a), (e) agus (f), Airteagal 44(1), pointe (a), agus Airteagal 62(15), pointí (a) agus (c) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 140(2) de Rialachán (AE) 2018/1139, tá na rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn Rialachán aisghairthe (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) le hoiriúnú d’fhorálacha Rialachán (AE) 2018/1139, tráth nach déanaí ná an 12 Meán Fómhair 2023. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún (3), leagtar síos ceanglais choiteanna maidir le soláthar seirbhísí bainistithe aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta (‘BAT/SAL’) agus feidhmeanna líonra bainistithe aerthráchta (‘feidhmeanna líonra BAT’) eile maidir leis an ngnáth-aerthrácht agus maoirseacht an ghnáth-aerthráchta. |
(3) |
I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 ón gCoimisiún (4), tá córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL (‘trealamh BAT/SAL’) faoi réir deimhniúcháin nó dearbhaithe ag eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL. Chun a áirithiú go ndéanfar suiteáil agus tástáil an trealaimh sin ar an láthair go hiomchuí, agus gur go sábháilte a chuirfear i mbun seirbhíse é, agus go ndéanfar formhaoirseacht air, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a leasú chun na ceanglais is gá agus is infheidhme maidir le soláthraithe BAT/SAL, agus le húdaráis inniúla na soláthraithe sin, a áireamh. |
(4) |
Chun leanúnachas na gceanglas maidir le húsáid trealamh BAT/SAL a áirithiú, ba cheart na leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a bhunú ar na rialacha cur chun feidhme ábhartha arna nglacadh ar bhonn Rialachán aisghairthe (CE) Uimh. 552/2004 maille le hoiriúnuithe is gá. |
(5) |
Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1032/2006 ón gCoimisiún (5), leagtar síos na ceanglais maidir le córais uathoibríocha le haghaidh mhalartú uathoibríoch sonraí eitilte chun eitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir aonaid rialaithe aerthráchta; Le Rialachán (CE) Uimh. 633/2007 ón gCoimisiún (6) leagtar síos na ceanglais maidir le cur i bhfeidhm prótacal aistrithe teachtaireachta eitilte a úsáidtear chun eitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir aonaid rialaithe aerthráchta, agus le Rialachán (CE) Uimh. 262/2009 ón gCoimisiún (7) leagtar síos na ceanglais maidir le leithdháileadh comhordaithe agus le húsáid cód ceistiúcháin Mhód S le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair (SES). Ba cheart na ceanglais sin a léiriú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373. |
(6) |
Ceanglais a bhaineann leis an gcumarsáid idir aer agus talamh a úsáideann spásáil cainéal 8,33 kHz agus a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1079/2012 ón gCoimisiún (8), níl feidhm acu maidir le seirbhísí nach soláthraítear san Aerspás Eorpach Aonair lasmuigh de réigiún Eorpach (EUR) na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) mar a shainítear in European (EUR) Air Navigation Plan [Plean Eorpach Aerloingseoireachta] Imleabhar I (Doic. 7754) de chuid ICAO ná i Réigiún Faisnéise Eitilte (FIR)/Réigiún Faisnéise Eitilte Uasta (UIR) na nOileán Canárach toisc nár thug a ndálaí áitiúla údar cuí leordhóthanach le gá a bheith ann na ceanglais sin a chur i bhfeidhm. Ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir leis an raon feidhme infheidhmeachta céanna. |
(7) |
Rinneadh foráil le hAirteagal 14(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1079/2012 maidir le díolúintí ón oibleagáid na sannuithe minicíochta uile a thiontú de réir spásáil cainéal 8,33 kHz. Níor cheart athrú a dhéanamh ar na díolúintí atá ann cheana leis an Rialachán seo. |
(8) |
Ceanglais a bhaineann le cóid chóras ceistiúcháin Mhód S a leithdháileadh agus a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 262/2009 ón gCoimisiún, níl feidhm acu maidir le seirbhísí a sholáthraítear san Aerspás Eorpach Aonair lasmuigh de réigiún EUR ICAO i ngeall ar mhéid íseal a thráchta áitiúil agus ar a shuíomh geografach, is é sin, gan de theorainn aerspáis acu ach le haerspás a bhfuil soláthraithe BAT/SAL tríú tír freagrach as, rud a thugann údar cuí le socruithe comhordúcháin áitiúla difriúla le stáit mháguaird nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad. Ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir leis an raon feidhme infheidhmeachta céanna. |
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a leasú dá réir sin agus ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 1032/2006, (CE) Uimh. 633/2007 agus (CE) Uimh. 262/2009 a aisghairm. |
(10) |
Ábhar an Mháistirphlean BAT agus na cumais chumarsáide, loingseoireachta agus faireachais atá ann, tugadh san áireamh go cuí iad agus na ceanglais sa Rialachán seo á bhforbairt. |
(11) |
Tá bearta molta ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh i dTuairim Uimh. 01/2023 (9) uaithi i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c), agus le hAirteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139. |
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an choiste a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(2) |
in Airteagal 3, cuirtear isteach an mhír 6a seo a leanas: ‘6a. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar trasnaíocht dhíobhálach ar chórais faireachais eile i ngeall ar úsáid a bheith á baint as tarchuradóir ar talamh a oibrítear ina chríoch.’ |
(3) |
cuirtear na hAirteagail 3e agus 3f seo a leanas isteach: ‘Airteagal 3e Cóid cheistiúcháin Mhód S a leithdháileadh 1. Áiritheoidh na Ballstáit maidir le hathruithe a dhéantar ar leithdháileadh cóid cheistiúcháin de thoradh nuashonrú a bheith déanta ar an bplean um leithdháileadh chóid na gcóras ceistiúcháin, go gcuirtear in iúl iad d’oibreoirí ábhartha Mhód S faoina n-údarás laistigh de 14 lá féilire ón lá a fhaightear an plean nuashonraithe um leithdháileadh chóid na gcóras ceistiúcháin. 2. Déanfaidh na Ballstáit taifead, a bheidh cothrom le dáta de leithdháileadh agus d’úsáid chóid na gcóras ceistiúcháin ag córais ceistiúcháin Mhód S incháilithe laistigh dá limistéar freagrachta, a chur ar fáil do na Ballstáit eile, gach 6 mhí ar a laghad tríd an gcóras um leithdháileadh chóid na gcóras ceistiúcháin. 3. I gcás ina mbeidh forluí i gceist idir cumhdach chóras ceistiúcháin Mhód S laistigh de limistéar freagrachta Ballstáit agus cumhdach chóras ceistiúcháin Mhód S atá lonnaithe laistigh de limistéar freagrachta tríú tír, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an méid seo a leanas:
4. Tabharfaidh Ballstát fógra do na soláthraithe seirbhíse aerthráchta atá faoina dhlínse faoi chórais cheistiúcháin Mhód S a oibríonn faoi fhreagracht tríú tír nach bhfuil leithdháileadh cód córas ceistiúcháin Mhód S comhordaithe lena n-aghaidh. 5. Déanfaidh na Ballstáit seiceáil ar bhailíocht na n-iarratas ar chód ceistiúcháin a fhaightear ó oibreoirí Mhód S sula gcuirfidh siad cóid cheistiúcháin ar fáil tríd an gcóras um leithdháileadh chóid na gcóras ceistiúcháin lena gcomhordú mar a leagtar síos i bpointe 15 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún (*1). 6. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh oibreoirí Mhód S, seachas soláthraithe seirbhíse faireachais, pointe CNS.TR.205 in Iarscríbhinn VIII. 7. Na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 go 6, ní bheidh feidhm acu san Aerspás Eorpach Aonair nach bhfuil ina chuid de réigiún Eorpach (EUR) na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO). Airteagal 3f Úsáid an aerspáis Eorpaigh aonair 1. I gcomhthéacs na cosanta speictrim, áiritheoidh na Ballstáit maidir le trasfhreagróir a ghabhann le radar tánaisteach faireachais ar bord aon aerárthaigh a bheidh ag eitilt os cionn Ballstáit, nach mbeidh an trasfhreagróir sin faoi réir ceistithe iomarcacha arna dtarchur ag córais ceistiúcháin faireachais ar talamh agus a spreagann freagraí, nó i gcás nach spreagfaidh siad freagra, a mbeidh cumhacht leordhóthanach i gceist leo chun íosleibhéal tairsí ghlacadóir an trasfhreagróra a ghabhann leis an radar tánaisteach faireachais a shárú. I gcás easaontais idir na Ballstáit maidir le bearta is gá, tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann an t-ábhar chun an Choimisiúin le gníomhú ina leith. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go dtiontófar na sannuithe minicíochta gutha uile de réir spásáil cainéal 8,33 kHz. Ní bheidh feidhm ag na ceanglais i maidir le tiontú i dtaca le sannuithe minicíochta:
3. Na ceanglais a leagtar síos i mír 2, ní bheidh feidhm acu san Aerspás Eorpach Aonair nach bhfuil ina chuid de réigiún EUR na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) ná i Réigiún Faisnéis Eitilte (FIR)/Réigiún Faisnéis Eitilte Uasta (UIR) na nOileán Canárach. 4. Na díolúintí ón oibleagáid a áirithiú go dtiontófar na sannuithe minicíochta uile de réir spásáil cainéal 8,33 kHz le haghaidh cásanna ag a bhfuil tionchar teoranta ar an ngréasán arna ndeonú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1079/2012 a cuireadh in iúl don Choimisiún, beidh siad bailí fós. 5. Bunóidh agus foilseoidh na Ballstáit i bhfoilseacháin faisnéise aerloingseoireachta náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, na nósanna imeachta um láimhseáil aerárthaí nach bhfuil na nithe seo a leanas feistithe iontu:
(*1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna gréasáin bainistíochta aerthráchta (BAT) a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún (IO L 28, 31.1.2019, lch. 1).’ " |
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, IV, VIII, IX, X agus XII i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Aisghairm
Aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1032/2006, (CE) Uimh. 633/2007 agus (CE) Uimh. 262/2009.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1
(2) Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta (an Rialachán idir-inoibritheachta) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 26).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna bainistithe líonra eile a maoirseacht, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011, (IO L 62, 8.3.2017, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 an 12 Meán Fómhair 2023 ón gCoimisiún lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin um fhormheas eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh na gcóras bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus a gcomhdhamhnaí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 (Féach leathanach 19 den Iris Oifigiúil seo).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1032/2006 an 6 Iúil 2006 ón gCoimisiún lena leagtar síos na ceanglais maidir le córais uathoibríocha le haghaidh malartú uathoibríoch sonraí eitilte chun eitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir aonaid rialaithe aerthráchta (IO L 186, 7.7.2006, lch. 27).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 633/2007 an 7 Meitheamh 2007 ón gCoimisiún lena leagtar síos na ceanglais maidir le prótacal aistrithe teachtaireachta eitilte a úsáidtear chun eitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir aonaid rialaithe aerthráchta (IO L 146, 8.6.2007, lch. 7).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 262/2009 an 30 Márta 2009 ón gCoimisiún lena leagtar síos na ceanglais maidir le leithdháileadh comhordaithe agus úsáid cód ceistiúcháin Mhodh S le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (IO L 84, 31.3.2009, lch. 20).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1079/2012 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2012 lena leagtar síos na ceanglais maidir le spásáil cainéal gutha le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (IO L 320, 17.11.2012, lch. 14).
(9) https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, IV, VIII, IX, X agus XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|
(5) |
in Iarscríbhinn VIII, Fochuid B, cuirtear an Roinn 2 seo a leanas isteach: ‘ ROINN 2 CEANGLAIS THEICNIÚLA MAIDIR LE SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ FAIREACHAIS CNS.TR.205 Cóid cheistiúcháin Mhód S a leithdháileadh agus a úsáid
|
(6) |
in Iarscríbhinn IX, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ATFM.TR.100: ‘ ATFM.TR.100 Modhanna oibre agus nósanna imeachta oibríochta le haghaidh soláthraithe bainistíochta sreibhe aerthráchta Beidh soláthraí bainistíochta sreibhe aerthráchta in ann a léiriú go mbeidh a chuid modhanna oibre agus nósanna imeachta oibríochta i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. 255/2010 (*5) agus (AE) 2019/123 ón gCoimisiún. (*5) Rialachán (AE) Uimh. 255/2010 ón gCoimisiún an 25 Márta 2010 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le bainistíocht na sreibhe aerthráchta (IO L 80, 26.3.2010, lch. 10).’;" |
(7) |
in Iarscríbhinn X, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ASM.TR.100: ‘ ASM.TR.100 Modhanna oibre agus nósanna imeachta oibríochta le haghaidh soláthraithe bainistíochta aerspáis Beidh soláthraí bainistíochta aerspáis in ann a léiriú go mbeidh a chuid modhanna oibre agus nósanna imeachta oibríochta i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 2150/2005 (*6) agus (AE) 2019/123* ón gCoimisiún. (*6) Rialachán (CE) Uimh. 2150/2005 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2005 lena leagtar síos rialacha coiteanna maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis (IO L 342, 24.12.2005, lch. 20).’;" |
(8) |
leasaítear Iarscríbhinn XII mar a leanas:
|
(*1) Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh deimhniúchán aeracmhainneachta agus deimhniúchán comhshaoil d’aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, páirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniúchán d’eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1)’;
(*2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768 an 14 Iúil 2023 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le deimhniúchán agus dearbhú córas bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus comhdhamhnaí bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta (IO L 228, 15.9.2023, lch. 1)’;
(*3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 an 12 Meán Fómhair 2023 ón gCoimisiún lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin um fhormheas eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh na gcóras bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus a gcomhdhamhnaí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 (IO L 228, 15.9.2023, lch. 19)’;
(*4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1770 ón gCoimisiún lena leagtar síos forálacha maidir le trealamh aerárthaí a cheanglaítear i dtaca le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus rialacha oibriúcháin a bhaineann le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011, (AE) Uimh. 1207/2011 agus (AE) Uimh. 1079/2012 (IO L 228, 15.9.2023, lch. 39)’;
(*5) Rialachán (AE) Uimh. 255/2010 ón gCoimisiún an 25 Márta 2010 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le bainistíocht na sreibhe aerthráchta (IO L 80, 26.3.2010, lch. 10).’;
(*6) Rialachán (CE) Uimh. 2150/2005 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2005 lena leagtar síos rialacha coiteanna maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis (IO L 342, 24.12.2005, lch. 20).’;”