Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0429

    Cinneadh (CBES) 2022/429 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    ST/7123/2022/INIT

    IO L 87I, 15.3.2022, p. 44–55 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/429/oj

    15.3.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 87/44


    CINNEADH (CBES) 2022/429 ÓN gCOMHAIRLE

    an 15 Márta 2022

    lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

    (2)

    Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

    (3)

    An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin. Is sárú follasach ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine an t-ionsaí sin.

    (4)

    Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go géar an fogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin. Leis na gníomhaíochtaí mídhleathacha míleata atá ar siúl aici, tá an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe á sárú go trom ag an Rúis, agus tá an bonn á bhaint aici de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. Tháinig an Chomhairle Eorpach, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe agus comhghuaillithe de chuid an Aontais, ar chomhaontú maidir le bearta sriantacha breise a mbeidh iarmhairtí ollmhóra tromchúiseacha i gceist leo maidir leis an Rúis de bharr an ngníomhaíochtaí atá déanta aici.

    (5)

    An 25 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/329 (2) inar leasaíodh na critéir ainmniúcháin le go n-áireofaí daoine agus eintitis a thacaíonn le Rialtas Chónaidhm na Rúise agus a thairbhíonn den Rialtas sin, daoine agus eintitis a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil baint acu le daoine nó eintitis liostaithe.

    (6)

    I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart 15 duine aonair agus 9 n-eintiteas a chur ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.

    (7)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear leis seo an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Márta 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J.-Y. LE DRIAN


    (1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 50, 25.2.2022, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:

    Daoine

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    ‘879

    Roman Arkadyevich ABRAMOVICH (Rúisis: Роман Аркадьевич Абрамович)

    Olagarc a bhfuil dlúthcheangal aige le Vladimir Putin. Mór-scairshealbhóir Evraz. Iar-ghobharnóir Chukotka.

    Dáta breithe: 24.10.1966

    Áit bhreithe: Saratov, Russian Federation

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: Fireann

    Daoine aonair comhlachaithe: Vladimir Putin

    Eintitis chomhlachaithe: Chelsea F.C., Evraz Group SA, LLC Evraz Holding, Millhouse Capital.

    Olagarc is ea Roman Abramovich a bhfuil dlúthcheangal aige le Vladimir Putin le fada an lá. Bhí rochtain pribhléideach aige ar an uachtarán, agus choinnigh sé dlúthchaidreamh leis. A bhuí leis an nasc sin leis an gceannaire Rúiseach bhí sé in ann a mhaoin nach beag a choimeád. Mór-scairshealbhóir i ngrúpa cruach Evraz is ea é, grúpa atá ar cheann de na cáiníocóirí is mó sa Rúis.

    Dá bhrí sin, thairbhigh sé de chinnteoirí Rúiseacha a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine. Tá sé ar dhuine de mhórphearsana Rúiseacha gnó chomh maith a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha lena gcuirtear foinse shuntasach ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

    15.3.2022

    880

    German Borisovich KHAN (Rúisis: Герман Борисович Хан)

    Olagarc a bhfuil dlúthcheangal aige le Vladimir Putin. Duine de phríomh-scairshealbhóirí Alfa Group

    Dáta breithe: 24.10.1961

    Áit bhreithe: Kyiv, Ukraine

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: Fireann

    Daoine aonair comhlachaithe: Vladimir Putin, Mikhail Fridman, Petr Aven, Alexey Kuzmichev

    Eintitis chomhlachaithe: Alfa Group, Alfa Bank

    Mór-scairshealbhóir in ilchuideachta Alfa Group is ea, German Khan, lena n-áirítear Alfa Bank, ar cheann de na cáiníocóirí is mó sa Rúis é. Creidtear gur duine de na daoine is mó tionchar sa Rúis é. Ar nós úinéirí eile Alfa Bank, (Mikhail Fridman agus Petr Aven), coinníonn sé dlúthchaidreamh ar bun le Vladimir Putin agus leanann sé air de bheith ag obair as lámha a chéile leis. Faigheann úinéirí Alfa Bank buntáistí gnó agus dlíthiúla as an gcaidreamh seo. Bhí tionscadal carthanachta, Alfa-Endo, faoi stiúir an iníon is sine le Vladimir Putin, Maria, agus é maoinithe ag Alfa Bank. Thug Vladimir Putin luach saothair do Alfa Group as a dhílseacht d’údaráis na Rúise trí chabhair pholaitiúil a thabhairt do phleananna infheistíochta eachtracha Alfa Group.

    Dá bhrí sin, tá sé, go gníomhach, ag tabhairt tacaíocht ábharach nó airgeadais do chinnteoirí na Rúise, an dream céanna a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé nó díchobhsú na hÚcráine, agus tairbhíonn sé de. Tá sé ar dhuine de mhórphearsana gnó sa Rúis é chomh maith a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a chuireann foinse shuntasach ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

    15.3.2022

    881

    Viktor Filippovich RASHNIKOV (Rúisis: Виктор Филиппович Рашников)

    Olagarc. Úinéir, cathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí agus cathaoirleach ar an Committee for Strategic Planning of the Magnitogorsk Iron & Steel Works (MMK).

    Dáta breithe: 3.10.1948

    Áit bhreithe: Magnitorsk, Russian Federation

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: Fireann

    Eintitis chomhlachaithe: Magnitogorsk Iron & Steel Works (MMK)

    Mórolagarc Rúiseacha is ea Viktor Rashnikov agus is é is úinéir agus cathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí an chomhlachta Magnitogorsk Iron & Steel Works (MMK). Tá MMK ar cheann de na cáiníocóirí is mó sa Rúis. Mhéadaigh an t-ualach cánach ar an gcuideachta le déanaí, rud a d’fhág go ndeachaigh fáltais i bhfad níos airde isteach i mbuiséad stáit na Rúise.

    Dá bhrí sin, is duine mór gnó Rúiseach é agus tá sé rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

    15.3.2022

    882

    Alexey Viktorovich KUZMICHEV (Rúisis: Алексей Викторович Кузьмичёв)

    Olagarc a bhfuil dlúthcheangal aige le Vladimir Putin. Duine de phríomh-scairshealbhóirí Alfa Group.

    Dáta breithe: 15.10.1962

    Áit bhreithe: Kirov, Russian Federation

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: Fireann

    Daoine aonair comhlachaithe: Vladimir Putin, Mikhail Fridman, Petr Aven, German Khan

    Eintitis chomhlachaithe: Alfa Group, Alfa Bank

    Mór-scairshealbhóir in ilchuideachta Alfa Group is ea Alexey Kuzmichev, lena n-áirítear Alfa Bank, ar cheann de na cáiníocóirí is mó sa Rúis é. Creidtear gur duine de na daoine is mó tionchar sa Rúis é. Tá naisc sheanbhunaithe le huachtarán na Rúise aige. Bhí tionscadal carthanachta, Alfa-Endo, faoi stiúir an iníon is sine le Vladimir Putin, Maria, agus é maoinithe ag Alfa Bank. Thug Vladimir Putin luach saothair do Alfa Group as a dhílseacht d’údaráis na Rúise trí chabhair pholaitiúil a thabhairt do phleananna infheistíochta eachtracha Alfa Group.

    Dá bhrí sin, tá sé, go gníomhach, ag tabhairt tacaíocht ábharach nó airgeadais do chinnteoirí na Rúise, an dream céanna a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé nó díchobhsú na hÚcráine, agus tairbhíonn sé de. Is duine mór gnó Rúiseach é chomh maith agus tá sé rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

    15.3.2022

    883

    Alexander Alexandrovich MIKHEEV (Rúisis: Александр Александрович Михеев)

    Príomhoifigeach feidhmiúcháin JSC Rosoboronexport

    Dáta breithe: 18.11.1961

    Áit bhreithe: Moscow, Russian Federation

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: Fireann

    Daoine aonair comhlachaithe: Sergey Chemezov

    Eintitis chomhlachaithe: Rosoboronexport, Rostec, Federal Service of Military-Technical Cooperation

    Tá Alexander Mikheev ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Rosoboronexport, an t-aon idirghabhálaí oifigiúil stáit atá ag an Rúis chun táirgí, teicneolaíochtaí agus seirbhísí míleata agus dé-úsáide a onnmhairiú agus a allmhairiú. Is fochomhlacht de chuid Rostec é Rosoboronexport, corparáid atá faoi úinéireacht an stáit agus a dhéanann maoirseacht ar thaighde agus forbairt teicneolaíochtaí míleata, agus tá úinéireacht aici ar roinnt saoráidí táirgthe a bhfuil ról lárnach acu i gcur chun úsáide na dteicneolaíochtaí sin in oibríochtaí ar an láthair chatha. Is foinse thábhachtach ioncaim do rialtas na Rúise iad díolacháin arm. Úsáidtear iad freisin chun cuspóirí eacnamaíocha agus straitéiseacha na Rúise a chur chun cinn. Ó 2000 go dtí 2020 dhíol Rosoboronexport airm le custaiméirí eachtracha dar luach $USD 180 billiún.

    Dá bhrí sin, is duine mór gnó é agus tá sé rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

    15.3.2022

    884

    Alexander Nikolayevich SHOKHIN (Rúisis: Александр Николаевич ШОХИН)

    Uachtarán ar an Russian Union of Industrialists and Entrepreneurs

    Leas-Chathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí Mechel PAO

    Comhalta den Bureau of the Supreme Council den pháirtí polaitiúil “United Russia”

    Dáta breithe: 25.12.1951

    Áit bhreithe: Savinskoye, Kirillovsky District, Russian Federation

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Tá Alexander Nikolayevich Shokhin ina uachtarán ar an Russian Union of Industrialists and Entrepreneurs – brúghrúpa, a chuireann leasanna gnó sa Rúis chun cinn. Tá sé ina Leas-Chathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí Mechel PAO chomh maith – ceann de na cuideachtaí móra mianadóireachta agus miotail Rúiseacha, a ghineann foinse ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

    Tar éis don Rúis an Chrimé a ionghabháil, chuir Shokhin in iúl go poiblí gur gá níos mó infheistíochta Rúiseach a dhíriú ar an gCrimé chun aon bhac eacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann ón Iarthar a shárú. An 24 Feabhra 2022, d’fhreastail Shokhin ar chruinniú olagarc sa Kremlin le Vladimir Putin chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal na n-olagarc a bhfuil dlúthchaidreamh acu le Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin.

    15.3.2022

     

     

     

    Léiríonn an méid sin freisin gur duine de na ceannairí gnó is mó é freisin in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

     

    885

    Andrey Valerievich RYUMIN (an Rúisis:Андрей Валерьевич Рюмин)

    Stiúrthóir Feidhmiúcháin Rosseti PJSC (ar a dtugtaí Russian Grids go dtí mí Lúnasa 2014), Cathaoirleach ar an mBord

    Dáta breithe: 12.6.1980

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Andrey Ryumin, stiúrthóir feidhmiúcháin Rosseti PJSC, cuideachta arna rialú ag stát na Rúise, ar oibritheoir eangach fuinnimh é, a sholáthraíonn seirbhísí nasctha teicneolaíochta, tarchur leictreachais agus seirbhísí dáileacháin sa Rúis.

    Thóg Rosseti PJSC fostáisiún ‘The Port’, a sholáthraíonn an tarraingt iarnróid do Dhroichead na Crimé, agus a fhriothálann ar chuid lasta tirim chalafort farraige Taman, chomh maith le mórbhealaí, go háirithe, mótarbhealach M25 Novorossiysk- Caolas Kerch.

    15.3.2022

     

     

     

    An 24 Feabhra 2022, d’fhreastail Ryumin ar chruinniú olagarc sa Kremlin le Vladimir Putin chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal na n-olagarc a bhfuil dlúthchaidreamh acu le Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin.

     

    Léiríonn an méid sin freisin gur duine de na ceannairí gnó is mó é freisin in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

    886

    Armen Sumbatovich GASPARYAN (an Rúisis: Армен Сумбатович ГAСПАРЯН)

    Poiblitheoir, bolscaire, ball de bhord Russia Today

    Dáta breithe: 04.7.1975

    Áit bhreithe: Moscow, (Russian Federation )

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Tá a chlár féin Nablyudenye ag Armen Gasparyan do bhealach na meán Sputnik agus clár raidió aige ar Vesti FM. Foilsíonn sé leabhair agus closleabhair freisin agus feidhmíonn sé mar shaineolaí ar an gclár raidió Polnyi kontakt [Lánteagmháíl] de chuid bholscaire eile Vladimir Solovyov.

    Bíonn bolscaireacht Gasparian ag teacht le bolscaireacht an Kremlin i gcónaí. Bhain sé úsáid as falláis loighciúla chun cúrsaí idirnáisiúnta a mhíniú, bhréagnaigh sé ceannasacht na hÚcráine ar an gCrimé, agus chosain sé gníomhaíochtaí na Rúise i gCaolas Kerch nuair a ghabh sí árthach Úcránach.

    15.3.2022

     

     

    Inscne: fireann

    Leanann sé de bheith ag foilsiú bolscaireachta ar son na Rúise a bhaineann le hionradh na Rúise ar an Úcráin agus séanann sé ceannasacht na hÚcráine go gníomhach.

    Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin.

     

    887

    Artyom/ Artem Grigoryevich SHEYNIN (an Rúisis:Артём Григорьевич ШЕЙНИН)

    Bolscaire Rúiseach agus láithreoir an chláir cainte Vremya Pokazhet [Is maith an scéalaí an aimsir] ar an mbealach státrialaithe Channel One. (an Rúisis: Первый канал)

    Dáta breithe: 26.1.1966

    Áit bhreithe: Moscow, (Russian Federation)

    Inscne: fireann

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Bolscaire Rúiseach agus láithreoir an chláir Vremya Pokazhet [Is maith an scéalaí an aimsir] ar an mbealach státrialaithe Channel One is ea Artyom Sheynin. Thug sé réitis uaidh ag tacú le hionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus thug aitheantas do neamhspleáchas na réigiún dá ngairtear Daon-Phoblacht Donetsk agus Daon-Phoblacht Lugansk. Ina chraoltaí beo, cuireann Sheynin fuath eitneach chun cinn idir na hÚcránaigh agus na Rúiseach, déanann sé ceannasacht agus sláine chríochach na hÚcráine a shéanadh, agus déanann sé clúmhilleadh ar lucht freasúra Putin sa Rúis.

    Agus é ag caint an 24 Feabhra, 2022, an lá a thug an Rúis fogha míleata iomlán gan chúis gan údar faoin Úcráin, dúirt Sheynin go raibh oibríocht na Rúise san Úcráin dosheachanta agus gurbh é an cuspóir a bhí léi iallach a chur ar údaráis na hÚcráine an tsíocháin a choinneáil.

    Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin.

    15.3.2022

    888

    Dmitry Yevgenevich KULIKOV (an Rúisis:Дмитрий Евгеньевич КУЛИКОВ)

    Saineolaí an RF State Duma Committee on CIS Affairs and Relations with Compatriots.

    Léiritheoir scannán, láithreoir teilifíse agus raidió.

    Comhalta den Public Council faoi Ministry of Defense of the Russian Federation

    Dáta breithe: 18.11.1967

    Áit bhreithe: Shakhtyorsk, réigiún Donbas, Ukraine

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Is bolscaire ar son an Kremlin é Dmitry Kulikov. Chuir sé tuairimí poiblí in iúl ar na cainéil teilifíse faoi úinéireacht stáit i gcomhréir le scéal Kremlin ar an staid i réigiún Donbas. Thug sé údar freisin le gníomhaíochtaí údaráis na Rúise atá ag bagairt ar shláine agus ar cheannasacht chríochach na hÚcráine, amhail cur chun feidhme Chomhaontuithe Mhionsc a chur ar fionraí nó an cinneadh ‘poblachtaí neamhspleácha Donbas agus Luhansk’ a aithint.

    Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó as beartais, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus de shlándáil na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.

    15.3.2022

    889

    Konstantin Lvovich ERNST (an Rúisis: Константин Львович ЭРНСТ)

    Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Channel One Russia (an Rúisis: Первый канал)

    Dáta breithe: 6.2.1961

    Áit bhreithe: Moscow, Russian Federation

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Is é Konstantin Ernst Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Channel One Russia – ceann de na cuideachtaí meán is mó de chuid na Rúise, atá in úsáid chun críocha bolscaireachta ag údaráis na Rúise le blianta fada anuas. Sa phost seo, tá sé freagrach as bolscaireacht fhrith-Úcráine údaráis na Rúise a eagrú agus a scaipeadh.

    Ina theannta sin, bronnadh na gradaim Stáit is airde air, lena n-áirítear na horduithe ‘For Services to the Fatherland’, ‘Order of Friendship’, litreacha buíochais agus duaiseanna ón rialtas agus ó Uachtarán Chónaidhm na Rúise, chomh maith leis an mbonn ‘To the participant of the military operation in Syria’.

    Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó as beartais, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus de shlándáil na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin Is duine de na ceannairí gnó is mó é freisin in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

    15.3.2022

    890

    Marina Vladimirovna SECHINA (an Rúisis:Марина Владимировна СЕЧИНА)

    Úinéir LLC ‘Stankoflot’

    Dáta breithe: 1962

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: baineann

    Is iar-bhean chéile Igor Sechin, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Rosneft, í Marina Sechina. D’úsáid sí naisc le gníomhaithe éagsúla i rialtas na Rúise agus i struchtúir ghnó na Rúise, lena n-áirítear lena hiar-fhear céile, chun sochair phearsanta.

    Ghlac gnólachtaí ar le Sechina iad páirt san ullmhúchán do Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in Sochi in 2014. Is léi LLC ‘Stankoflot’, a fhaigheann conarthaí gan tairiscint le State Corporation for Assistance to Development, Production and Export of Advanced Technology Industrial Product Rostec. Thairis sin, is í Head of FTSSR CJSC agus tá leas aici in RK-Telekom.

    Dá bhrí sin, tairbhíonn sí de chinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine agus baineann sí tairbhe as Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

    15.3.2022

    891

    Suleyman Abusaidovich KERIMOV (an Rúisis: Сулейман Абусаидович КЕРИМОВ)

    Úinéir an ghrúpa airgeadais agus thionsclaíoch Nafta Moscow

    Comhalta den Council of the Federation ón Republic of Dagestan

    Dáta breithe: 12.3.1966

    Áit bhreithe: Derbent, Dagestan, Russian Federation anois

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: Fireann

    Is é Suleyman Kerimov úinéir an ghrúpa airgeadais agus thionsclaíoch Nafta Moscow. Meastar go bhfuil glanluach USD 9.8 billiún ag Kerimov agus a mhuintir. Fuair sé suimeanna móra airgid ó Sergei Roldugin, atá ina chúramóir ar shaibhreas Vladimir Putin.

    An 24 Feabhra 2022, d’fhreastail Kerimov ar chruinniú olagarc sa Kremlin le Vladimir Putin chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal na n-olagarc a bhfuil dlúthchaidreamh acu le Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.

    15.3.2022

     

     

     

    Dá bhrí sin, is ceannaire gnó é agus tá sé rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

     

    892

    Tigran Oganesovich KHUDAVERDYAN (an Rúisis:Тигран Оганесович ХУДАВЕРДЯН)

    Stiúrthóir Feidhmiúcháin & Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Yandex NV

    Dáta breithe: 28.12.1981

    Áit bhreithe: Yerevan, Armenia

    Náisiúntacht: Airméanach

    Inscne: fireann

    Is é Tigran Khudaverdyan stiúrthóir feidhmiúcháin Yandex – ceann de na cuideachtaí teicneolaíochta móra sa Rúis a bhfuil sainchúram aige i dtáirgí cliste agus seirbhísí faoi chumhacht na meaisínfhoghlama. Chuir iar-cheann nuachta Yandex i leith na cuideachta go bhfuil sí ina “eilimint lárnach ag ceilt faisnéise” ó na Rúiseach faoin gcogadh san Úcráin. Thairis sin, bhí an chuideachta ag tabhairt rabhaidh d’úsáideoirí na Rúise a lorg nuacht faoin Úcráin ar a inneall cuardaigh faoi fhaisnéis neamhiontaofa ar an idirlíon, tar éis do Rialtas na Rúise bagairt a dhéanamh ar na meáin Rúiseacha maidir leis an méid a fhoilsíonn siad.

    15.3.2022

     

     

     

    An 24 Feabhra 2022, d’fhreastail Khudaveryan ar chruinniú olagarc sa Kremlin le Vladimir Putin chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal na n-olagarc a bhfuil dlúthchaidreamh acu le Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin. Thairis sin, is duine de na ceannairí gnó is mó é in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

     

    893

    Vladimir Valerievich RASHEVSKY / Vladimir Valeryevich RASHEVSKIY

    (an Rúisis: Владимир Валерьевич РАШЕВСКИЙ)

    Príomhoifigeach Feidhmiúcháin & Stiúrthóir ag EuroChem Group AG

    Dáta breithe: 29.9.1973

    Áit bhreithe: Moscow, Russian Federation

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Is é Vladimir Rashevsky príomhoifigeach feidhmiúcháin agus Stiúrthóir EuroChem Group AG ceann de na táirgeoirí leasacháin mianraí is mó ar domhan. Roimhe seo (idir 2004 agus 2020) bhí sé ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar chuideachta ghuail JSC SUEK. Is iad seo cuideachtaí móra na Rúise, faoi comhúinéireacht an bhilliúnaí Rúisigh, Andrei Melnichenko, a ghineann agus a thugann foinse shuntasach airgeadaí do rialtas na Rúises. Oibríonn siad i gcomhar le húdaráis na Rúise freisin, lena n-áirítear Vladimir Putin. Sholáthair cuideachtaí Eurochem Group níotráit amóinia do na limistéir Donbas atá faoi fhorghabháil. Shínigh SUEK conarthaí le sanatóirí na Crimé i gcomhair chláir sláinte fostaithe.

    Dá bhrí sin, tá sé ag tacú, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine nó ag baint tairbhe as.

    An 24 Feabhra 2022, d’fhreastail Rashevsky ar chruinniú olagarc sa Kremlin le Vladimir Putin chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal na n-olagarc a bhfuil dlúthchaidreamh acu le Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.

    15.3.2022”

    Eintitis

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    57

    ROSNEFT AERO (RN AERO) (an Rúisis: Роснефть-Аэро / РН-Аэро)

    Seoladh: 15, Malaya Kaluzhskaya Str., Moscow, 119071, Russian Federation

    Teil: +7 (499) 517-76-56; +7 (499) 517-76-55 (facs)

    Suíomh gréasáin: https://www.rosneft-aero.ru/en/

    R-phost: info@rn-aero.rosneft.ru

    Déanann Rosneft Aero breosla eitlíochta a sheachadadh chuig Aerfort Simferopol a chuireann nasc eitilte ar fáil chuig an Rúis as críoch na Crimé, agus Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach. Ar an gcaoi sin, tá sé ag rannchuidiú le comhdhlúthú leithinis na Crimé i gCónaidhm na Rúise.

    Dá bhrí sin, tacaíonn Rosneft Aero, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

    15.3.2022

    58

    JSC ROSOBORONEXPORT (an Rúisis: AO Рособоронэкспорт)

    Seoladh: 27 Stromynka Str., Moscow, 107076, Russian Federation

    Teil: +7 (495) 739 60 17 / +7 (495) 534 61 40

    Suíomh gréasáin: http://roe.ru/eng/

    R-phost: roe@roe.ru

    Is é Rosoboronexport an t-aon idirghabhálaí oifigiúil stáit atá ag an Rúis chun táirgí, teicneolaíochtaí agus seirbhísí míleata agus dé-úsáide a onnmhairiú agus a allmhairiú. Is fochomhlacht de chuid Rostec é Rosoboronexport, corparáid atá faoi úinéireacht an stáit agus a dhéanann maoirseacht ar thaighde agus forbairt teicneolaíochtaí míleata, agus tá úinéireacht aici ar roinnt saoráidí táirgthe a bhfuil ról lárnach acu i gcur chun úsáide na dteicneolaíochtaí sin in oibríochtaÍ ar an láthair chatha. Is foinse thábhachtach airgeadra crua do rialtas na Rúise iad díolacháin arm. Úsáidtear iad freisin chun cuspóirí eacnamaíocha agus straitéiseacha na Rúise a chur chun cinn. Ó 2000 go 2020 dhíol Rosoboronexport airm le custaiméirí eachtracha dar luach $ 180 billiún.

    Dá bhrí sin, tá Rosoboronexport rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.j

    15.3.2022

    59

    JSC NPO High Precision Systems (an Rúisis: АО НПО Высокоточные комплексы)

    Seoladh: 7 Kievskaya Str., Moscow, 121059, Russian Federation

    Teil:+7 (495) 981-92-77 facs: +7 (495) 981-92-78

    R-phost: npovk@npovk.ru

    Suíomh gréasáin: https://www.npovk.ru

    Is forbróir agus monaróir arm Rúiseach é High Precision Systems. Is cuideachta ceannródaíoch é in innealtóireacht agus i dtáirgeadh córas diúracán balaistíoch oirbheartaíochta sa Rúis. Is fochuideachta Rostec é High Precision Systems.

    Bhain Fórsaí Armtha na Rúise úsáid as airm a rinne High Precision Systems le linn ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin in 2022. Dá bhrí sin, tá High Precision Systems freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

    15.3.2022

    60

    JSC Kurganmashzavod (an Rúisis: ПАО Курганмашзавод)

    Seoladh:, 17 1J Mashinostroitely Ave., 640021, Kurgan, , Russian Federation

    Teil: +7 (3522) 23-20-83,+7 (3522) 47-19-99; Facs: +7 (3522) 23-20-71, +7 (3522) 23-20-82

    R-phost: kmz@kmz.ru

    Suíomh gréasáin: https://www.kurganmash.ru

    Is cuideachta mhór i gcoimpléasc tionsclaíoch míleata na Rúise é Kurganmashzavod. D’úsáid an Rúis feithiclí troda coisithe BMP-3 a thug Kurganmashzavod d’Fhórsaí Armtha na Rúise le linn ionradh mídhleathach na hÚcráine in 2022.

    Dá bhrí sin, tá Kurganmashzavod freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

    15.3.2022

    61

    JSC Russian Helicopters (an Rúisis: AO Вертолеты России)

    Seoladh: 1 Bolshaya Pionerskaya Str., 115054, Moscow, Russian Federation

    Teil: +7 (495) 981-63-67

    Suíomh gréasáin:http://www.russianhelicopters.aero

    R-phost: info@rhc.aero

    Is cuideachta mhór monaraíochta héileacaptar Rúiseach é Russian Helicopters. D’úsáid an Rúis héileacaptair mhíleata Ka-52 ‘Alligator’ a tháirg Russian Helicopters le linn ionradh mídhleathach na hÚcráine in 2022.

    Dá bhrí sin, tá Russian Helicopters freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

    15.3.2022

    62

    PJSC United Aircraft Corporation (an Rúisis: ПАО Объединённая авиастроительная корпорация)

    Seoladh: 1 Bolshaya. Pionerskaya Str., 115054, Moscow, Russian Federation

    Teil: +7 (495) 926-1420

    Suíomh gréasáin: https://www.uacrussia.ru/

    R-phost: office@uacrussia.ru

    Is monaróir Rúiseach aerárthaí sibhialta agus míleata é United Aircraft Corporation. In éineacht lena cuideachtaí cleamhnaithe, rialaíonn sé 100 % de tháirgeadh aerárthaí míleata na Rúise.

    Bhain an Rúis úsáid as na haerárthaí troda a tháirg United Aircraft Corporation le linn ionradh mídhleathach na hÚcráine in 2022.

    Dá bhrí sin, tá United Aircraft Corporation freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

    15.3.2022

    63

    JSC United Shipbuilding Corporation (an Rúisis: АО Объединённая Судостроительная Корпорация)

    Seoladh: 11 Bolshaya Tatarskaya Str., Moscow 115184, Russian Federation

    Teil: +7 495 617 33 00

    Suíomh gréasáin: https://www.aoosk.ru

    R-phost: info@aoosk.ru

    Is ilchuideachta longthógáil Rúiseach é United Shipbuilding Corporation faoi úinéireacht stáit, arb é an príomhsholáthróir longa cogaidh míleata do Chabhlach na Rúise. Tá longchlóis éagsúla agus oifigí deartha faoi úinéireacht aige.

    Ghlac tionscadal 11711 ‘Pyotr Morgunov’ ar bád mór rith cladaigh é, a thóg an United Shipbuilding Corporation, páirt in ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin in 2022. Bhí tionscadal 22160 ‘Vasily Bykov’ long patróil den Black Sea Fleet, a dhear United Shipbuilding Corporation, rannpháirteach freisin i bhfogha na Rúise faoin Úcráin.

    Ina theannta sin, d’fhorbair oifig deartha ‘Almaz’, atá faoi úinéireacht United Shipbuilding Corporation, tionscadal 22800 coirbhéad, ar tógadh cuid acu i longchlóis atá suite ar chríoch na Crimé agus Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach, rud a chuidigh le míleatú na Crimé.

    Dá bhrí sin, tá JSC United Shipbuilding Corporation freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

    15.3.2022

    64

    JSC Research and Production Corporation URALVAGONZAVOD (an Rúisis: ОАО “Научно-производственная корпорация УралВагонЗавод”)

    Seoladh: 28 Vostochnoe shosse., 622007, Nizhny Tagil, réigiún Sverdlovsk, Russian Federation

    Teil: +7 3435 34 5000; +7 3435 33 47 12

    R-phost: web@uvz.ru

    Suíomh gréasáin: http://uralvagonzavod.ru

    Is corparáid mhór tógála meaisín Rúiseach í Uralvagonzavod. Is í an t-aon mhonaróir tanc míleata sa Rúis.

    D’úsáid an Rúis tancanna T-72B3 a thug Uralvagonzavod d’Fhórsaí Armtha na Rúise le linn ionradh mídhleathach na hÚcráine in 2022. Dá bhrí sin, tá Uralvagonzavod freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

    15.3.2022

    65

    JSC Zelenodolsk Shipyard [A.M. Gorky Zelenodolsk Plant] (an Rúisis: АО ‘Зеленодольский завод имени А. М. Горького’)

    Seoladh: 5, Zavodskaya Str., 422546 Zelenodolsk, Republic of Tatarstan, Russian Federation

    Teil:+7 (84371) 5-76-10 facs: +7 (84371) 5-78-00

    Suíomh gréasáin: https://www.zdship.ru

    R-phost: nfo@zdship.ru

    Tá Zelenodolsk Shipyard ar cheann de na fiontair longthógála is mó sa Rúis. Thóg sé an long phatróil ‘Vasily Bykov’ den Black Sea Fleet, a ghlac páirt in ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin in 2022. An 24 Feabhra 2022 rinne ‘Vasily Bykov’ ionsaí ar shaighdiúirí na hÚcráine a bhí ag cosaint Snake Island.

    Dá bhrí sin, tá Zelenodolsk Shipyard freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

    15.3.2022


    Top