EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2117

Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas

PE/66/2021/REV/1

IO L 435, 6.12.2021, p. 262–314 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2117/oj

6.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 435/262


RIALACHÁN (AE) 2021/2117 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Nollaig 2021

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), Airteagal 114, an chéad mhír d’Airteagal 118, agus Airteagal 349 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Samhain 2017 dar teideal The Future of Food and Farming [Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta], leagtar amach na dúshláin, na cuspóirí agus na treochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann don chomhbheartas talmhaíochta (CBT) tar éis 2020. Áirítear ar na cuspóirí sin, CBT a dhéanamh níos dírithe ar thorthaí a bhaint amach, borradh a chur faoin nuachóiriú agus faoin inbhuaine, lena n-áirítear inbhuaine eacnamaíoch, shóisialta agus aeráide na limistéar talmhaíochta, foraoiseachta agus tuaithe, agus cuidiú le laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin sin a bhíonn ar thairbhithe mar thoradh ar reachtaíocht an Aontais.

(2)

Ós rud é gur gá faobhar a chur ar fhreagairt CBT ar na dúshláin agus ar na deiseanna de réir mar a thagann siad chun cinn ar leibhéal idirnáisiúnta, an Aontais, náisiúnta, réigiúnach, áitiúil, agus ar leibhéal na bhfeirmeacha, ní mór rialachas CBT a chuíchóiriú agus an chaoi a mbaintear cuspóirí an Aontais amach a fheabhsú agus an t-ualach riaracháin a laghdú go suntasach. Ba cheart CBT a bheith buanaithe ar fheidhmíocht (‘an tsamhail feidhmíochta’). Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas na bunpharaiméadair bheartais a shocrú, amhail cuspóirí CBT agus na bunriachtanais, agus san am céanna, ba cheart freagracht níos mó a bheith ar na Ballstáit maidir leis an gcaoi a gcomhlíonfaidh siad na cuspóirí agus a mbainfidh siad spriocanna amach. Le coimhdeacht fheabhsaithe féadtar dálaí agus riachtanais áitiúla a chur san áireamh níos fearr mar aon le cineál sonrach na gníomhaíochta talmhaíochta, a eascraíonn as struchtúr sóisialta na talmhaíochta agus as difríochtaí struchtúracha agus nádúrtha idir na réigiúin éagsúla talmhaíochta, tríd an tacaíocht a oiriúnú chun an rannchuidiú le baint amach chuspóirí an Aontais a uasmhéadú.

(3)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (‘an Rialachán Airgeadais’) agus is leis na rialacha sin a chinntear, go háirithe, an nós imeachta le haghaidh an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear iontu do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. I gcás rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE, áirítear iontu freisin córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(4)

Chun comhleanúnachas CBT a áirithiú, ba cheart idirghabhálacha uile CBT na todhchaí a bheith ina gcuid de phlean straitéiseach, ar a n-áireofaí cineálacha idirghabhálaa in earnálacha áirithe dar foráladh le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(5)

Leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 sainmhínithe áirithe a bhaineann le hearnálacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin. Na sainmhínithe a bhaineann leis an earnáil siúcra a leagtar amach i gCuid II, Roinn B den Iarscríbhinn sin, ba cheart iad a scriosadh aisti óir ní infheidhme iad a thuilleadh. Chun na sainmhínithe a bhaineann le hearnálacha eile dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin a thabhairt cothrom le dáta, i bhfianaise eolas eolaíoch nua nó forbairtí nua ar an margadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú na sainmhínithe sin, ach gan an chumhacht chun sainmhínithe nua a chur leo. Dá thoradh sin, an cumhachtú leithleach sin chun leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar shíoróip ionúiline a tharmligtear chuig an gCoimisiún i gCuid II, Roinn A, pointe 4 den Iarscríbhinn sin, ba cheart é a scriosadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(6)

Ba cheart Cuid I de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a shimpliú. Sainmhínithe agus forálacha atá iomarcach nó dulta i léig, agus lena dtugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, ba cheart iad a scriosadh.

(7)

I bhfianaise na taithí a fuarthas, ba cheart síneadh a chur le tréimhsí córas idirghabhála poiblí áirithe. I gcás ina mbeidh idirghabháil phoiblí ar oscailt go huathoibríoch, ba cheart síneadh míosa amháin a chur le ré an chórais idirghabhála poiblí. I gcás ina mbraitheann oscailt an idirghabhála poiblí ar fhorbairtí sa mhargadh, ba cheart tréimhse an chórais idirghabhála poiblí a bheith ar feadh na bliana ar fad.

(8)

Chun críche trédhearcacht a mhéadú, agus i gcomhthéacs ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais, is iomchuí foráil a dhéanamh d’fhoilsiú na faisnéise ábhartha maidir le méideanna agus praghas maidir le ceannach agus díol na dtairgí i gcás ina gceannaítear táirgí isteach faoi idirghabháil phoiblí.

(9)

Léiríodh gur uirlis éifeachtach chun an margadh a chobhsú é cabhair a dheonú don stóráil phríobháideach d’ola olóige. I bhfianaise na taithí a fuarthas agus chun caighdeán maireachtála cothrom a áirithiú agus chun margadh na hola olóige agus na n-ológ boird a chobhsú, is iomchuí cur le liosta na dtáirgí atá incháilithe don chabhair le haghaidh stóráil phríobháideach chun ológa boird a chumhdach freisin.

(10)

Tar éis do Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann tarraingt siar as an Aontas Eorpach, ba cheart uasdátú a dhéanamh ar na huasteorainneacha a leagtar amach in Airteagal 23a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le cabhair anAontais i dtaca le torthaí agus glasraí agus bainne agus táirgí bainne a sholáthar i bhforais oideachais. Is iomchuí, ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, foráil a dhéanamh maidir le feidhm a bheith ag teorainneacha laghdaithe le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021.

(11)

Forálacha a bhaineann le scéimeanna cabhrach a leagtar amach i gCuid II, Teideal I, Caibidil II, Ranna 2 go 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart iad a scriosadh, ós rud é go ndéanfar gach cineál idirghabhála sna hearnálacha lena mbaineann a leagan amach i Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(12)

Ó 2016 i leith, a bhuí dá scéim údarúcháin atá ann cheana lena gceadaítear fás ordúil planduithe fíniúnacha, rannchuidigh beartas fíona an Aontais le hiomaíochas earnáil fíona an Aontais a mhéadú agus cuireadh le táirgeadh d’ardcháilíocht. Cé go bhfuil cothromaíocht bainte amach ag earnáil an fhíona idir soláthar táirgthe, cáilíocht, éileamh na dtomhaltóirí agus onnmhairí ar an margadh domhanda, níl an chothromaíocht sin seanbhunaithe ná cobhsaí go leor fós, go háirithe nuair a bhíonn ar earnáil an fhíona aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh tromchúiseach sa mhargadh. Ina theannta sin, tá treocht ann i dtreo laghdú leanúnach ar thomhaltas fíona san Aontas de bharr athruithe ar nósanna agus ar stíl mhaireachtála na dtomhaltóirí. Mar thoradh air sin, san fhadtéarma, tá an baol ann gur bagairt a bheidh i léirscaoileadh planduithe fíniúnacha nua, ar an gcothromaíocht a baineadh amach go dtí seo idir acmhainneacht soláthar na hearnála, caighdeán cóir maireachtála do tháirgeoirí agus praghsanna réasúnta do thomhaltóirí. Tá an baol ann go gcuirfí forbairtí dearfacha a baineadh amach trí reachtaíocht agus trí bheartais an Aontais le blianta anuas a chur i gcontúirt.

(13)

Meastar go bhfuil scéim reatha na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha ríthábhachtach freisin chun éagsúlacht na bhfíon a áirithiú agus chun freagairt do shainiúlachtaí earnáil fíona an Aontais. Tá saintréithe sonracha ag earnáil fhíona an Aontais, lena n-áirítear timthriall fada na bhfíonghort, agus táirgeadh nach dtarlaíonn go dtí roinnt blianta tar éis plandáil ach a leanann ar aghaidh ansin ar feadh blianta fada agus bíonn an poitéinseal ann do luaineachtaí suntasacha i dtáirgeadh ó fhómhar amháin go dtí an chéad fhómhar eile. Murab ionann agus go leor tríú tíortha a tháirgeann fíon, bíonn líon ard d’fheirmeacha beaga teaghlach mar shaintréith ag earnáil fíona an Aontais freisin, agus bíonn raon éagsúil fíonta ann mar thoradh air sin. Chun inmharthanacht eacnamaíoch a dtionscadal a ráthú agus chun iomaíochas earnáil fíona an Aontais ar an margadh domhanda a fheabhsú, tá intuarthacht fhadtéarmach ag teastáil ó oibreoirí san earnáil agus ó tháirgeoirí, ós rud é go bhfuil infheistíocht shuntasach atá gá agus fíonghort á phlandáil.

(14)

Chun an méid a baineadh amach in earnáil fíona an Aontais go dtí seo a dhaingniú agus chun cothromaíocht fhadtréimhseach chainníochtúil agus cháilíochtúil a bhaint amach san earnáil trí fhás leanúnach ordúil planduithe fíniúnacha tar éis 2030, ba cheart síneadh a chur le scéim na n-údaruithe le haghaidh planduithe finiúnacha go dtí 2045, i.e. ar feadh tréimhse a bheidh coibhéiseach leis an tréimhse thosaigh a bhí ann ó 2016 i leith, ach le dhá athbhreithniú mheántéarma a dhéanfar in 2028 agus 2040, chun meastóireacht a dhéanamh ar an scéim agus, más gá, chun tograí a thíolacadh de bhun thorthaí na n-athbhreithnithe meántéarma chun iomaíochas na hearnála fíona a fheabhsú.

(15)

D’fhéadfadh go mbeadh tionchar dearfach aige ar an gcomhshaol dá dtabharfaí cead do thairgeoirí moill a chur ar athphlandú fíonghort agus feabhas a chur ar dálaí sláintíochta ithreach trí níos lú ceimiceáin a úsáid. Dá bhrí sin, chun rannchuidiú le bainistiú níos fearr ithreach i bhfíonsaothrú, is iomchuí cead a thabhairt síneadh a chur le bailíocht na n-údaruithe i gcomhair athphlanduithe ó 3 bliana go 6 bliana i gcás ina ndéantar an t-athphlandú ar an dáileacht talún chéanna.

(16)

Mar gheall ar an ngéarchéim atá in earnáil fíona an Aontais de dheasca phaindéim COVID-19, rinneadh foráil i Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le síneadh go dtí an 31 Nollaig 2021 a chur ar bhailíocht na n-údaruithe um plandú le haghaidh planduithe nua, nó le haghaidh athphlandaithe, a bhí le dul in éag in 2020. Mar gheall ar éifeachtaí fada na géarchéime atá ann de dheasca phaindéim COVID-19, na tairgeoirí fíniúna ag a bhfuil údaruithe i gcomhair planduithe nua nó i gcomhair athphlanduithe a rachaidh in éag sna blianta 2020nó 2021, bíonn cosc leanúnach orthu den chuid is mó, ar úsáid a bhaint as na húdaruithe sin le linn na bliana deiridh dá mbailíocht. Chun nach gcaillfear na húdaruithe sin agus chun an baol a laghdú go dtiocfadh meath ar na dálaí faoina gcaithfí an plandú a dhéanamh, is iomchuí bailíocht na n-údaruithe i gcomhair planduithe do phlanduithe nua, nó d’athphlanduithe a bhí le dul in éag in 2020, a shíniú tuilleadh agus na húdaruithe sin a rachaidh in éag in 2021 a fhadú. Ba cheart, dá bhrí sin, na húdaruithe i gcomhair planduithe uile do phlanduithe nua, nó d’athphlanduithe, a bhí le dul in éag in 2020 agus 2021 a shíniú go dtí an 31 Nollaig 2022.

(17)

Chomh maith leis sin, agus athruithe ó thaobh an mhargaidh de á gcur san áireamh, ba cheart sealbhóirí údaruithe i gcomhair planduithe a rachaidh in éag in 2020 agus 2021 a bheith in ann gan a n-údaruithe a úsáid gan a bheith faoi réir pionós riaracháin. Ina theannta sin, chun aon idirdhealú a sheachaint, i gcás na dtáirgeoirí a chuir in iúl don údarás inniúil faoin 28 Feabhra 2021, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/2220, nach raibh sé de rún acu úsáid a bhaint as a n-údarú agus gan fios acu go bhféadfaí bailíocht a n-údaruithe a fhadú don dara bliain, ba cheart cead a thabhairt dóibh an dearbhú sin a tharraingt siar trí theachtaireacht i scríbhinn chuig an údarás inniúil faoin 28 Feabhra 2022 agus úsáid a bhaint as a n-údarú go dtí an 31 Nollaig 2022.

(18)

Mar gheall ar shuaití sa mhargadh de dheasca phaindéim COVID-19 agus an éiginnteacht eacnamaíoch a d'eascair as paindéim COVID-19 a mhéid a bhaineann leis na húdaruithe sin a úsáid, ón 1 Eanáir 2021, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag na forálacha i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le húdaruithe i gcomhair planduithe nua nó i gcomhair athphlanduithe a rachaidh in éag in 2020 agus 2021..

(19)

I bhfianaise an laghdaithe a tháinig i roinnt Ballstát sna blianta 2014–2017 ar an achar a bhí faoi fhíniúnacha, agus i bhfianaise an chaillteanais táirgeachta a d'fhéadfadh teacht dá dheasca sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann, agus an t-achar maidir le húdaruithe i gcomhair planduithe as an nua dá dtagraítear in Airteagal 63(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 á bhunú, rogha a dhéanamh idir an bonn atá ann faoi láthair agus céatadán den achar iomlán iarbhír a bhí faoi fhíniúnacha ar a gcríoch an 31 Iúil 2015 arna mhéadú le hachar talún arna shocrú de réir na gceart um plandú a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (10) agus a bhí ar fáil an 1 Eanáir 2016 lena dtiontú ina n-údaruithe sa Bhallstát lena mbaineann.

(20)

Maidir le Ballstáit a chuireann teorainn le húdaruithe ar an leibhéal réigiúnach, i gcás limistéir áirithe atá incháilithe le haghaidh táirgeadh fíonta lena ngabhann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó i gcás limistéir atá incháilithe le haghaidh táirgeadh fíonta lena ngabhann tásc geografach faoi chosaint, ba cheart a shoiléiriú go bhféadfaidh siad a cheangal go n-úsáidfear na húdaruithe sin sna réigiúin sin.

(21)

Ba cheart a shoiléiriú gur féidir le Ballstáit, chun críche údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a dheonú, critéir incháilitheachta agus tosaíochta atá oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach. Ina theannta sin, léiríonn taithí na mBallstát gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar roinnt de na critéir thosaíochta chun tús áite a thabhairt d’fhíonghoirt lena rannchuidítear le caomhnú acmhainní géiniteacha fíniúna agus do ghabháltais ina léirítear méadú ar chostéifeachtúlacht, iomaíochas nó ar láithreacht sna margaí.

(22)

Chun a áirithiú nach ndeonófar aon bhuntáiste i bhfabhar duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil sé suite ina leith gur go saorga a cruthaíodh na dálaí is gá chun na buntáistí sin a fháil, is iomchuí a shoiléiriú gur cheart an deis a bheith ag na Ballstáit bearta a ghlacadh chun nach féidir dul timpeall ar rialacha maidir leis an sásra coimirce i gcomhair planduithe nua agus maidir leis na critéir incháilitheachta agus thosaíochta chun údaruithe a dheonú i gcomhair planduithe nua.

(23)

An 31 Nollaig 2022, tiocfaidh deireadh leis an spriocdháta is déanaí chun iarrataí a chur isteach ar chearta um plandú a thiontú ina n-údaruithe. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go raibh sé d'éifeacht ag cúinsí amhail an ghéarchéim eacnamaíoch a tharla mar thoradh ar phaindéim COVID -19 teorainn a chur le cearta plandaithe a thiontú ina n-údaruithe planduithe. Ar an gcúis sin, agus chun go bhféadfaidh le Ballstáit an acmhainneacht táirgthe a fhreagraíonn do na cearta i gcomhair plandú sin a chaomhnú, is iomchuí ón 1 Eanáir 2023, go bhfanfaidh cearta i gcomhair planduithe a bhí fós incháilithe le haghaidh cearta plandaithe a thiontú ina n-údaruithe planduithe an 31 Nollaig 2022 agus nár tiontaíodh fós ina n-údaruithe i gcomhair planduithe, ar fáil do na Ballstáit lena mbaineann a fhéadfaidh iad a dheonú faoin 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí mar údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha nua, gan na húdaráis sin a áireamh chun críocha na dteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 63 de Rialachán (AE) 1308/2013.

(24)

I roinnt Ballstát, tá fíonghoirt thraidisiúnta ann atá plandaithe le cineálacha nach bhfuil ceadaithe chun críocha fíon a tháirgeadh, lena n-áirítear táirgeadh chun críocha deochanna coipthe fíonchaor a tháirgeadh seachas fíon, nach bhfuil beartaithe do mhargadh an fhíona. Is iomchuí a shoiléiriú nach bhfuil na fíonghoirt sin faoi réir oibleagáidí grafa agus nach bhfuil feidhm ag scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le cineálacha den sórt sin a phlandú agus a athphlandú chun críocha eile seachas táirgeadh fíona.

(25)

In Airteagal 90 de Rialachán (AE) Uimh 1308/2013, leagtar síos, mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le CFAE, go bhfuil feidhm le bheith ag rialacha an Aontais i dtaobh sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha, lipéadú, sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin de tháirgí áirithe ó earnáil an fhíona mar aon leis na cleachtais fhíoneolaíocha a d’údaraigh an tAontas, maidir leis na táirgí a allmhairítear isteach san Aontas.. Dá bhrí sin, ar mhaithe le comhsheasmhacht, is iomchuí a fhoráil gur cheart na rialacha maidir le teastais chomhlíonta agus tuarascálacha anailíse le haghaidh allmhairiú na dtáirgí sin a chur i bhfeidhm freisin i bhfianaise na gcomhaontuithe idirnáisiúnta tugtha i gcrích i gcomhréir le CFAE.

(26)

Faoi chuimsiú athchóiriú CBT, ba cheart na forálacha a bhaineann le tarraingt siar na dtáirgí nach gcomhlíonann na rialacha lipéadaithe ón margadh a chomhtháthú i Rialachán (AE) Uimh 1308/2013. I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar an éileamh ó thomhaltóirí ar rialú táirgí, ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfear ar an margadh táirgí nach bhfuil lipéadaithe i gcomhréir leis an rialachán sin, nó i gcás inar cuireadh ar an margadh táirgí den sórt sin cheana féin, go dtarraingeofar siar ón margadh iad. Mar chuid den tarraingt siar, áirítear an fhéidearthacht lipéadú na dtáirgí a cheartú gan iad a bhaint ón margadh go cinntitheach.

(27)

I bhfianaise aisghairm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) le Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), ba cheart a chomhtháthú, i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, na forálacha a bhaineann le seiceálacha agus pionóis i dtaca le rialacha margaíochta, agus sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta.

(28)

Chun é a chur ar chumas do tháirgeoirí cineálacha fíniúna a úsáid atá níos oiriúnaí do na hathruithe ar dhálaí aeráide agus ar mó a bhfriotaíocht in aghaidh galair, ba cheart foráil a dhéanamh chun go gceadófaí táirgí a dhéanamh do tháirgí a dhéantar as sonrúcháin tionscnaimh de na cineálacha fíniúna a bhaineann le Vitis vinifera agus as sonrúcháin tionscnaimh de bhunús crosála Vitis vinifera le speicis eile den ghéineas Vitis.

(29)

Ba cheart na sainmhínithe ar ‘shonrúchán tionscnaimh’ agus ar ‘thásc geografach’ i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a bheith i gcomhréir leis na sainmhínithe sa Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil ('Comhaontú TRIPS'), arna fhormheas le Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle (13), agus go háirithe ba cheart é a bheith i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Chomhaontú TRIPS, is é sin é go sainaithnítear le tásca geografacha áit shonrach, réigiún sonrach nó ar tír sonrach inar tionscnaíodh an táirge. Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí a leagan síos go sainráite go n-áirítear ainmneacha a úsáidtear go traidisiúnta sa sainmhíniú nua sin ar shonrúchán tionscnaimh. Mar thoradh air sin, imíonn liosta na gceanglas maidir le hainm a úsáidtear chun sonrúchán tionscnaimh in earnáil an fhíona a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 as feidhm agus ba cheart é a scriosadh. Ar chúiseanna comhsheasmhachta, ba cheart soiléiriú den sórt sin a thabhairt isteach sa sainmhíniú ar thásc geografach d'earnáil an fhíona a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus sna sainmhínithe ar ‘shonrúchán tionscnaimh’ agus ar thásca geografacha d'earnáil an bhia a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(30)

Is cuid ríthábhachtach í an timpeallacht gheografach lena gnéithe nádúrtha agus daonna, lena ndéantar difear do cháilíocht agus do shaintréithe táirgí fíniúna, táirgí talmhaíochta agus bia-earraí a bhaineann tairbhe as sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint de bhun Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 1151/2012. Go háirithe, i gcás táirgí úra nach ndéantar mórán próiseála orthu nó nach ndéantar aon phróiseáil orthu, d'fhéadfaí tionchar níos mó a bheith ag gnéithe nádúrtha agus cáilíocht agus saintréithe an táirge lena mbaineann á gcinneadh, agus d'fhéadfadh sé nach mbeadh rannchuidiú na ngnéithe daonna i gcáilíocht agus saintréithe an táirge chomh sonrach céanna. Dá bhrí sin, maidir leis na gnéithe daonna ba cheart a chur san áireamh sa tuairisc ar an nasc idir cáilíocht nó saintréithe táirge agus timpeallacht áirithe gheografach atá le cur san áireamh sa tsonraíocht táirge ar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint de bhun Airteagal 94 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, níor cheart iad a theorannú do mhodhanna sonracha táirgthe nó próiseála, lena dtugtar cáilíocht shonrach don táirge lena mbaineann, ach is féidir a chun san áireamh leis na gnéithe daonna bainistiú ithreach agus tírdhreach, cleachtais saothraithe agus aon ghníomhaíochtaí daonna eile a rannchuidíonn le cothabháil na ngnéithe dúchasacha nádúrtha fíor-riachtanacha sin a chinneann den chuid is mó an timpeallacht gheografach agus cáilíocht agus saintréithe an táirge lena mbaineann.

(31)

Chun comhleanúnachas a áirithiú sa chinnteoireacht a dhéantar a mhéid a bhaineann le hiarrataí ar chosaint agus le hagóidí a chuirtear isteach le linn an réamh-nós imeachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus in Airteagal 49 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas, ar mhodh rialta tráthúil, faoi lainseáil nósanna imeachta os comhair cúirteanna náisiúnta nó comhlachtaí eile, nuair is nósanna imeachta iad a bhaineann le hiarratais ar chosaint arna gcur ag an mBallstát chuig an gCoimisiún, dá dtagraítear in Airteagal 96(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus in Airteagal 49(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Ar an gcúis chéanna, i gcás ina gcuireann Ballstát in iúl don Choimisiún ar dócha go neamhbhaileofar an cinneadh náisiúnta ar a bhfuil an t-iarratas ar chosaint bunaithe ag deireadh imeachta breithiúnaigh náisiúnta, ba cheart an Coimisiún a dhíolmhú ón oibleagáid an nós imeachta grinnscrúdaithe a leagtar amach in Airteagal 97 de Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 agus in Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh 1151/2012 a dhéanamh laistigh den spriocdháta atá leagtha síos maidir le hiarratas ar chosaint agus ón oibleagáid an t-iarratasóir a chur ar an eolas faoi chúiseanna na moille. Chun an t-iarratais a chosaint ar ghníomhaíochtaí dlíthiúla cráiteacha agus chun ceart bunúsach an iarrthóra a chaomhnú chun cosaint an táisc gheografaigh a fháil laistigh de thréimhse réasúnta, ba cheart an díolúine a theorannú do chásanna ina ndearnadh an t-iarratais ar chosaint a neamhbhailíochtú ar an leibhéal náisiúnta trí chinneadh breithiúnach atá infheidhme láithreach ach nach bhfuil críochnaitheach, nó ina measann na Ballstáit go bhfuil an ghníomhaíocht chun bailíocht an iarratais a cheistiú bunaithe ar fhorais bhailí.

(32)

Ba cheart clárú na dtásc geografach a shimpliú agus a luathú trí dhealú a dhéanamh idir an measúnú a dhéantar maidir le comhlíonadh na rialacha um maoin intleachtúil agus an measúnú a dhéantar maidir leis na ceanglais a leagtar síos sna caighdeáin margaíochta agus sna rialacha lipéadaithe a bheith á gcomhlíonadh ag sonraíochtaí an táirge.

(33)

Céim fíor-riachtanach sa nós imeachta clárúcháin is ea an próiséas measúnuithe a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát. A bhuí leis an eolas agus leis an saineolas atá ag na Ballstáit chomh maith leis an rochtain atá acu ar shonraí, is iad na Ballstáit is fearr a bheidh in ann a fhíorú, an bhfuil an fhaisnéis a thugtar san iarratas cruinn agus fírinneach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur beacht agus gurb iontaofa toradh an mheasúnaithe sin, toradh a ndéanfar taifead dílis air i ndoiciméad aonair ina mbeidh cur síos achomair ar eilimintí ábhartha shonraíocht an táirge. Ba cheart don Choimisiún, ag féachaint do phrionsabal na coimhdeachta, scrúdú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar na hiarratais lena áirithiú nach mbeidh aon earráidí follasacha iontu, chun a áirithiú, go háirithe, go bhfuil an fhaisnéis riachtanach iontu, go bhfuil siad saor ó earráidí follasacha substainteacha, go dtacaíonn an réasúnú a chuirtear i láthair leis an iarratas, agus go gcuirtear san áireamh dlí an Aontais agus leasanna geallsealbhóirí lasmuigh de Bhallstát an iarratais agus lasmuigh den Aontas.

(34)

In earnáil an fhíona, an tréimhse ama ar féidir agóid a dhéanamh lena linn, ba cheart síneadh a chur léi, go 3 mhí, chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain ama ag na páirtithe leasmhara uile le hanailís a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint agus go bhféadfaidh siad ráiteas agóide a chur isteach. Chun a áirithiú gurb é nós imeachta amháin a leanfar i gcás agóidí a dhéanfar faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 1151/2012 agus chun é a chur ar chumas na mBallstát, i dtaca le hagóidí ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a mbeidh cónaí orthu nó a bheidh bunaithe laistigh dá gcríocha, na hagóidí sin a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún ar mhodh comhordaithe éifeachtúil, ba cheart gach agóid ó dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha a chur isteach trí údaráis an Bhallstáit ina mbeidh cónaí orthu nó ina mbeidh siad bunaithe. Ar mhaithe le simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta agóide, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Coimisiún chun ráitis agóide neamh-inghlactha a dhiúltú leis na ngníomh cur chun feidhme lena dtugtar an chosaint ar an sonrúchán tionscnaimh nó ar an tásc geografach lena mbaineann.

(35)

Chun éifeachtúlacht an nós imeachta a mhéadú agus chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca le cosaint a thabhairt do shonrúcháin tionscnaimh nó do thásca geografacha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a ligfeadh dó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena dtugtar cosaint den sórt sin in earnáil an fhíona, gan dul in iontaoibh an nós imeachta scrúdúcháin, i gcás nach mbeadh aon ráiteas inghlactha agóide curtha isteach in aghaidh an iarratais ar chosaint. I gcásanna ina gcuirfí isteach ráiteas inghlactha agóide, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a ligfeadh dó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena dtabharfaí cosaint nó lena ndiúltófaí an t-iarratas ar chosaint, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin.

(36)

Ba cheart an gaol idir trádmharcanna agus tásca geografacha táirgí fíniúna a shoiléiriú i ndáil leis na critéir maidir le diúltú, neamhbhailíochtú agus cómhaireachtáil. Le soiléiriú den sórt sin, níor cheart difear a dhéanamh do chearta arna bhfáil ag sealbhóirí tásc geografach ar an leibhéal náisiúnta nó do chearta arb ann dóibh de bhua comhaontuithe idirnáisiúnta arna gcur i gcrích ag Ballstáit le haghaidh na tréimhse roimh bhunú chóras cosanta an Aontais i gcomhair táirgí fíniúna.

(37)

Is gné thábhachtach den scéim le cosaint a thabhairt do shonrúcháin tionscnaimh nó do thásca geografacha in earnáil an fhíona a leagtar síos faoi láthair i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (15) iad na rialacha a bhaineann leis an nós imeachta náisiúnta, an nós imeachta agóide, aicmiú na leasuithe idir leasuithe an Aontais agus leasuithe caighdeánacha, lena n-áirítear na príomhrialacha lena nglacadh, agus rialacha maidir le lipéadú sealadach agus cur i láthair sealadach. Ar chúiseanna comhsheasmhachta le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), agus chun gur fusa an cur i bhfeidhm, ba cheart na forálacha sin a chomhtháthú i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(38)

I ndáil le tásca geografacha a chosaint, tá sé tábhachtach aird chuí a thabhairt ar an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil lena n-áirítear Airteagal V de maidir le saoirse idirthurais, a formheasadh le Cinneadh 94/800/CE. Laistigh den chreat dlíthiúil sin, chun cosaint tásc geografach a neartú agus chun góchumadh a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart feidhm a bheith ag an gcosaint ar ainmniúcháin tionscnaimh agus ar thásca geografacha maidir le hearraí a thiocfaidh isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht, agus a chuirtear faoi nósanna imeachta speisialta custaim, amhail na nósanna imeachta a bhaineann le hidirthuras, stóráil, úsáid shonrach nó próiseáil. Dá bhrí sin, ba cheart an chosaint a thugtar le hAirteagal 103(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a leathnú chun earraí atá ar idirthuras i gcríoch chustaim an Aontais a chumhdach agusan chosaint a thugtar le hAirteagal 103(2) de Rialachán (AE) 1308/2013 agus le hAirteagal 13(1) agus Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 do shonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a leathnú chun earraí a dhíoltar ar an idirlíon nó trí mhodhanna eile tráchtála leictreonaí a chumhdach. Ina theannta sin, ba cheart sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha in earnáil an fhíona a chosaint ar aon úsáid tráchtála dhíreach nó indíreach i gcás ina dtagraíonn siad do tháirgí a úsáidtear mar chomhábhar. Ba cheart cosaint a thabhairt freisin do shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha in earnáil an fhíona agus do shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht i gcoinne mí-úsáide, aithrise, agus tabhairt chun cuimhne, i gcás ina n-úsáidtear iad do tháirgí a úsáidtear mar chomhábhair.

(39)

Ba cheart é a bheith indéanta an chosaint a bheadh ag sonrúchán tionscnaimh nó ag tásc geografach a chur ar ceal, i gcúinsí nach mbeadh sé in úsáid ní ba mhó nó i gcúinsí nár mhian leis an iarrthóir dá dtagraítear in Airteagal 95 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 an chosaint sin a choinneáil i bhfeidhm ní ba mhó.

(40)

I bhfianaise an tsíormhéadaithe atá ag teacht ar an éileamh ó thomhaltóirí ar tháirgí nuálacha fíniúna ar lú a neart alcóil iarbhír ná an neart alcóil iarbhír íosta a leagtar amach le haghaidh táirgí fíniúna in Iarscríbhinn VII, Cuid II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart é a bheith indéanta a leithéidí sin de tháirgí nuálacha fíniúna a tháirgeadh san Aontas freisin. Chun na críche sin, is gá coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfar táirgí áirithe fíniúna a dhí-alcólú nó a dhí-alcólú go páirteach agus na próisis údaraithe dá ndí-alcólú a bhunú. Ba cheart a chur san áireamh sna coinníollacha sin na Rúin ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV), OIV-ECO 432-2012 Beverage Obtained By Dealcoholisation of Wine [deochanna ó dhí-alcólú fíona] agus OIV-ECO 433-2012 Beverage Obtained By Partial Dealcoholisation of Wine [deochanna ó pháirt-dhí-alcólú fíona] agus OIV-ECO 523-2016 Wine With An Alcohol Content Modified by Dealcoholisation [fíon a ndearnadh a chion alcól a mhodhnú trí dhí-alcólú] agus OIV-OENO 394A-2012 Dealcoholisation of Wines [dí-alcólú fíonta].

(41)

Níor cuireadh na táirgí nuálacha fíniúna sin ar an margadh san Aontas riamh mar fhíon. Ar an gcúis sin, bheadh gá le tuilleadh taighde agus turgnamh chun cáilíocht na dtáirgí sin a fheabhsú agus, go háirithe, chun a áirithiú go mbeifear in ann saintréithe éagsúlaithe na bhfíonta cáilíochta faoi chosaint ag tásc geografach nó ag sonrúchán tionscnaimh a chaomhnú i ndiaidh cion alcóil a bhaint ina iomláine. Dá bhrí sin, cé gur cheart páirt-dhí-alcólú agus dí-alcólú iomlán araon a údarú i gcás fíonta gan tásc geografach nó sonrúchán tionscnaimh, níor cheart ach páirt-dhí-alcólú a údarú i gcás fíonta a bhfuil tásc geografach faoi chosaint nó sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint ag gabháil leo. Ina theannta sin, chun soiléireacht agus trédhearcacht a áirithiú do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí fíonta a bhfuil tásc geografach nó sonrúchán tionscnaimh acu araon, is iomchuí a fhoráil, i gcás fíonta a bhfuil tásc geografach nó sonrúchán tionscnaimh acu a d’fhéadfadh a bheith páirt-dhí-alcólaithe, gur cheart tuairisc ar an bhfíon páirt-dhí-alcólaithe a bheith sa tsonraíocht táirge agus, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na cleachtais fhíoneolaíocha shonracha atá le húsáid chun fíon nó fíonta páirtdhíalcólaithe, chomh maith leis na srianta ábhartha chun iad a dhéanamh.

(42)

Chun leibhéal níos airde faisnéise a chur ar fáil do thomhaltóirí, ba cheart a áireamh na sonraí éigeantacha faoi Airteagal 119 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 dearbhú cothúcháin agus liosta na gcomhábhar. Mar sin féin, ba cheart an rogha a bheith ag táirgeoirí maidir le hábhar an dearbhaithe cothúcháin ar an bpacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte di a theorannú don luach fuinnimh amháin, agus liosta iomlán na gcomhábhar a chur ar fáil go leictreonach ar an gcoinníoll nach ndéantar aon sonraí úsáideoirí a bhailiú nó a rianú ná faisnéis chun críoch margaíochta a sholáthar. Mar sin féin, níor cheart an rogha gan an dearbhú iomlán cothúcháin a chur ar an bpacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte di difear a dhéanamh don cheanglas atá ann faoi láthair substaintí is cúis le hailléirgí nó éadulaingtí a liostú ar an lipéad. In Airteagal 122 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a thabhairt don Choimisiún i ndáil le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a fhorlíonadh trí rialacha chun na comhábhair a shonrú agus a ainmniú. Ba cheart an deis a bheith ann leanúint de mhargú na stoc fíona atá ann cheana tar éis dhátaí chur i bhfeidhm na gceanglas nua lipéadaithe, go dtí go mbeidh na stoic sin ídithe. Ba cheart dóthain ama a thabhairt d'oibreoirí dul in oiriúint do na ceanglais lipéadaithe nua sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

(43)

Chun a áirithiú go gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas maidir le cineál na dtáirgí fíona dí-alcólaithe agus go mbeidh feidhm ag na rialacha lena rialaítear lipéadú agus cur i láthair táirgí in earnáil an fhíona maidir le táirgí fíniúna dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe freisin, ba cheart Airteagal 119 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a leasú. Mar sin féin, chun an leibhéal reatha faisnéise maidir le híosmharthanacht a cheanglaítear i gcás deochanna ina bhfuil níos lú ná 10 % alcóil de réir toirte alcóil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), is iomchuí a cheangal ar tháirgí ar a ndearnadh cóireáil dí-alcólúcháin agus ina bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte ar lú ná 10 % tásc, maidir le dáta na híosmharthanachta, a áireamh mar shonraí éigeantacha.

(44)

Ina theannta sin, Iarscríbhinn I, Cuid XII, a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ina liostaítear na táirgí a chumhdaítear faoi earnáil an fhíona, cumhdaítear faoi láthair fíonta páirt-dhí-alcólaithe ina bhfuil cion alcóil de réir toirte os cionn 0,5%. Chun a áirithiú go gcumhdaítear in earnáil an fhíona gach fíon dí-alcólaithe, lena n-áirítear na fíonta sin ina bhfuil cion alcóil 0,5% nó níos lú, agus an méid sin san áireamh, is iomchuí Iarscríbhinn I, Cuid XII, a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a leasú trí iontráil nua a chur léi.

(45)

Maidir le rialacha a bhaineann le coinníollacha ar úsáid stopalláin in earnáil an fhíona chun a áirithiú go mbeidh cosaint ag na tomhaltóirí ar an úsáid mhíthreorach a bheith á baint as stopalláin áirithe a bhaineann le deochanna áirithe agus chun a áirithiú go mbeidh cosaint ag tomhaltóirí ar ábhair ghuaiseacha stopalláin a d’fhéadfadh na deochanna a éilliú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(46)

Chuaigh na rialacha agus na ceanglais a bhaineann le córas na gcuótaí siúcra in éag ag deireadh na bliana margaíochta 2016/2017. Tá Airteagal 124 agus Airteagail 127 go 144 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 dulta i léig agus ba cheart iad a scriosadh.

(47)

Le Treoir (AE) 2019/633 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), leagtar síos eisceacht ón sprioc-am uasíocaíochta le haghaidh fíonchaora agus úrfhíona a dhíol in earnáil an fhíona. Chun rannchuidiú le cobhsaíocht shlabhra soláthair an fhíona agus chun slándáil an chaidrimh sheanbhunaithe díolacháin a sholáthair do tháirgeoirí talmhaíochta, ba cheart caitheamh le díolacháin fíona ar an mórchóir ar an mbealach céanna. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh, de mhaolú ar na sprioc-amanna uasíocaíochta is infheidhme a leagtar síos i dTreoir (AE) 2019/633, arna iarraidh sin d'eagraíocht idirchraoibhe, gur féidir leis na Ballstáit a chinneadh nach bhfuil feidhm ag na sprioc-amanna uasíocaíochta is infheidhme maidir le díolacháin fíona ar an mórchóir, ar choinníoll go ndéantar na téarmaí sonracha maidir leis an sprioc-am íocaíochta a áireamh i gconarthaí caighdeánacha ar chuir na Ballstáit síneadh leo faoi Airteagal 164 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 roimh an 31 Deireadh Fómhair 2021 agus go bhfuil na comhaontuithe soláthair idir soláthraithe fíona ar an mórchóir agus a gceannaitheoirí díreacha ina gcomhaontuithe ilbhliantúla nó go mbeidh siad ilbhliantúil.

(48)

I gcás ina gcumhdaítear táirgí talmhaíochta a sheachadann táirgeoir chuig próiseálaí nó dáileoir le conradh i scríbhinn nó le tairiscint de bhun Airteagail 148 agus 168 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus ina ríomhtar an praghas is iníoctha leis an seachadadh trí fhachtóirí éagsúla a leagtar amach sa chonradh a chomhcheangal, fachtóirí a bhféadfaidh táscairí oibiachtúla, innéacsanna agus modhanna ríofa a áireamh iontu, ba cheart na fachtóirí sin a bheith intuigthe go héasca ag na páirtithe.. Thairis sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann táscairí roghnacha a shonrú a bhféadfaidh na páirtithe sna conarthaí a úsáid, ar bhonn faisnéise agus staidéar oibiachtúil atá ar fáil faoin margadh.

(49)

Tar éis tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas, tá laghdú tagtha ar an líon iomlán bainne amh a tháirgtear san Aontas. Ionas nach mbainfear an bonn de na cumhachtaí maidir le dul i mbun caibidlíochtaí conarthacha a thugtar d’eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil an bhainne agus in earnáil na dtáirgí bainne, ba cheart an teorainn chainníochtúil is infheidhme maidir le toirt an bhainne amh a chumhdaítear leis na caibidlíochtaí sin, arna sloinneadh mar chéatadán de tháirgeadh iomlán an Aontais, a mhéadú. Is iomchuí ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm na teorann cainníochtúla méadaithe le héifeacht chúlghabhálach ón 1 Eanáir 2021.

(50)

Chun cuidiú le cuspóirí comhshaoil an Aontais a bhaint amach, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí a shaothraíonn aidhmeanna sonracha maidir le seachtháirgí, sreafaí iarmharacha agus dramhaíl a bhainistiú agus a luachshocrú, go háirithe chun an comhshaol a chosaint agus ciorclaíocht a threisiú, chomh maith le heagraíochtaí táirgeoirí a shaothraíonn aidhmeanna a bhaineann le bainistiú cistí frithpháirteacha d’aon earnáil ar bith. Is iomchuí, dá bhrí sin, cur le liosta reatha chuspóirí na n-eagraíochtaí táirgeoirí a leagtar amach in Airteagal 152 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Ar mhaithe le trédhearcacht mhéadaithe na n-eagraíochtaí táirgeoirí, ba cheart comhaltaí táirgeoirí freisin a chumasú, trí reachtanna na n-eagraíochtaí sin, cuntais agus buiséid na heagraíochta a scrúdú go daonlathach. Ina theannta sin, ar mhaithe le héascaíocht na n-idirbheart tráchtála a bhíonn ar bun ag an eagraíocht táirgeoirí, is iomchuí a leagan síos go bhféadfar a cheadú, le reachtanna eagraíochta táirgeoirí, comhaltaí ar táirgeoirí iad a bheith i dteagmháil dhíreach le ceannaitheoirí, ar choinníoll nach ndéanfar, leis an teagmháil dhíreach sin, comhchruinniú soláthair agus cur táirgí ar an margadh ag an eagraíocht táirgeoirí a chur i gcontúirt agus ar choinníoll go mbeidh lánrogha iomlán ag an eagraíocht táirgeoirí i gcónaí maidir leis na buneilimintí díola arna gcur i gcrích ag an eagraíocht táirgeoirí.

(51)

I bhfianaise na taithí a fuarthas agus fhorbairt earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne ó cuireadh deireadh le córas na gcuótaí, níl sé iomchuí a thuilleadh rialacha sonracha a choinneáil maidir leis na cuspóirí agus na socruithe aitheantais dá bhforáiltear i ndáil le heagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne.

(52)

Is léir ón taithí in earnálacha éagsúla go bhféadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí idirchraoibhe ar leibhéil gheografacha éagsúla gan an bonn a bhaint de ról ná d’aidhmeanna na n-eagraíochtaí sin. Dá bhrí sin, is iomchuí a shoiléiriú go bhféadfaidh na Ballstáit a roghnú go dtabharfaí aitheantas d’eagraíochtaí idirchraoibhe den sórt sin ar aon leibhéal geografach amháin nó ar níos mó. Tá aidhm shonrach le saothrú ag eagraíochtaí idirchraoibhe, agus leasanna a gcomhaltaí agus leasanna tomhaltóirí á gcur san áireamh. I bhfianaise chuspóirí comhshaoil an Aontais, is iomchuí an liosta cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 157 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a leathnú le go gcuimsítear leis an liosta sin an fhaisnéis riachtanach a sholáthar agus an taighde is gá a dhéanamh chun táirgí a fhorbairt a oireann níos fearr do ghníomhú ar son na haeráide agus do chosaint sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, rannchuidiú le luachshocrú fotháirgí agus laghdú agus bainistiú dramhaíola, agus bearta a chur chun cinn agus a chur chun feidhme chun sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus rioscaí comhshaoil a chosc, a rialú agus a bhainistiú, lena n-áirítear trí chistí a bhunú agus a bhainistiú nó trí rannchuidiú le cistí den sórt sin d'fhonn cúiteamh airgeadais a íoc le feirmeoirí do na costais agus na caillteanais eacnamaíocha a eascraíonn as na bearta sin a chur chun cinn agus a chur chun feidhme. Ionas go seachnófar an riosca go ndéanfadh eagraíochtaí ag céim áirithe den soláthar biashlabhra níos mó cumhachta a chomhchruinniú, níor cheart do na Ballstáit aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí idirchraoibhe a fhéachann le hionadaíocht chothrom a dhéanamh ar na heagraíochtaí ag céimeanna éagsúla den slabhra soláthair arb ionann iad agus an eagraíocht idirchraoibhe.

(53)

An sainmhíniú ar ‘limistéar eacnamaíoch’ a leagtar síos in Airteagal 164 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 chun críche rialacha agus ranníocaíochtaí éigeantacha a shíneadh, ba cheart é a chomhlánú chun an Rialachán sin a oiriúnú do shainiúlachtaí táirgthe táirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu a aithnítear faoi dhlí an Aontais. D’fhonn cleachtais inbhuanaithe a chothú, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe eagraíochtaí idirchraoibhe a bhaineann le sláinte plandaí, sláinte ainmhithe, an tsábháilteacht bia agus rioscaí comhshaoil, ceangailteach ar neamhchomhaltaí. Mar sin féin, mar gheall ar thábhacht na bithéagsúlachta san ábhar síl a úsáidtear san fheirmeoireacht orgánach, níor cheart rialacha a bhaineann le húsáid síolta deimhnithe a dhéanamh ceangailteach dá réir sin ar neamhchomhaltaí a chleachtann an fheirmeoireacht orgánach.

(54)

I bhfianaise a thábhachtaí atá sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint i dtáirgeadh talmhaíochta san Aontas, agus i bhfianaise gur éirigh le tabhairt isteach rialacha bainistithe soláthair maidir le cáiseanna agus liamhás tirimleasaithe faoi thásca geografacha chun breisluach na dtáirgí sin a áirithiú agus a gclú a chothabháil, agus chun a bpraghsanna a chobhsú, ba cheart an fhéidearacht a bheith ann rialacha bainistithe soláthair a chur i bhfeidhm freisin maidir le táirgí talmhaíochta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach faoi chosaint acu faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Ar mhaithe le soiléireacht agus comhsheasmhacht, is iomchuí na rialacha atá ann cheana maidir le rialáil an tsoláthair a chomhtháthú in aon fhoráil amháin lena gcumhdaítear na táirgí talmhaíochta go léir. Ba cheart na Ballstáit a údarú, dá bhrí sin, na rialacha sin a chur i bhfeidhm chun soláthar táirgí talmhaíochta faoi thásca geografacha a rialáil arna iarraidh sin d’eagraíocht idirchraoibhe, d’eagraíocht táirgeoirí nó do ghrúpa táirgeoirí nó oibreoirí, ar choinníoll go n-aontaíonn ar a laghad dhá thrian de tháirgeoirí an táirge sin, nó a n-ionadaithe, leis sin, agus, i gcás inarb infheidhme, go ndeachthas i gcomhairle le táirgeoirí talmhaíochta an amhábhair lena mbaineann, agus i gcás cáise, ar mhaithe le leanúnachas, gur aontaigh siad leis. Ba cheart na rialacha sin a bheith faoi réir coinníollacha dochta, go háirithe chun damáiste don trádáil i dtáirgí i margaí eile a sheachaint agus chun cearta mionlach a sheachaint. Ba cheart do na Ballstáit na rialacha arna nglacadh a fhoilsiú láithreach agus fógra a thabhairt fúthu don Choimisiún, seiceálacha rialta a áirithiú agus na rialacha a aisghairm i gcás nach mbeidís á gcomhlíonadh. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcleanglaítear ar Bhallstát rialacha den sórt sin a aisghairm má fhaigheann an Coimisiún nach gcomhlíonann na rialacha coinníollacha áirithe, go ndéanann siad iomaíocht a chosc nó a shaobhadh i gcuid shubstaintiúil den mhargadh inmheánach, nó saorthrádáil a chur i gcontúirt nó go bhfuil gnóthú chuspóirí Airteagal 39 CFAE á chur i mbaol. I bhfianaise chumhachtaí an Choimisiúin i réimse bheartas iomaíochta an Aontais, agus i bhfianaise chineál speisialta na ngníomhartha sin, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm.

(55)

Tá clásail comhroinnte luacha i slabhra an tsoláthair bia ina ndíol suime, ní hamháin i gcomhaontuithe idir táirgeoirí agus na chéad cheannaitheoirí ach, chomh maith leis sin, i gcás inar féidir a chur ar chumas feirmeoirí a bheith rannpháirteach i bhforbairtí praghsanna sna céimeanna is iartheachtaí den slabhra. Ba cheart, dá bhrí sin, go bhféadfadh feirmeoirí agus a gcomhlachais teacht ar chomhaontú maidir leis na clásail sin le gníomhaithe atá iartheachtach i ndáil leis na chéad cheannaitheoirí.

(56)

Tá luach tráchtála speisialta ag na fíonta a chumhdaítear le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint (STFC) nó tásc geografach faoi chosaint (TGFC) toisc go mbaineann siad le scothchuid den mhargadh a bhuí lena ndea-cháil cáilíochta a n-eascraíonn as a sonraíochtaí táirgthe. De ghnáth, bítear in ann praghsanna níos airde a fháil ar fhíonta den sórt sin ar an margadh ós rud é gur mór ag tomhaltóirí na saintréithe a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh agus an tásc geografach dearbhaithe orthu. Chun nach mbainfí an bonn de na dintiúir cháilíochta sin trí ghníomhú díobhálach praghsanna, ba cheart eagraíochtaí idirchraoibhe, a dhéanann ionadaíocht ar na hoibreoirí atá ag baint tairbhe as na dintiúir cháilíochta sin, a bheith in ann treoir a eisiúint maidir le praghsanna a bhaineann le díolachán na bhfíonchaora iomchuíde mhaolú ar Airteagal 101(1) CFAE. Mar sin féin, ba cheart treoir den sórt sin a bheith neamhéigeantach, ionas nach gcuirfear deireadh go hiomlán le hiomaíocht idir STFC/TGFG ó thaobh praghsanna de.

(57)

Áirítear in Airteagal 5 de Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) maidir leis an Talmhaíocht na modhanna ríofa a fhéadfar a úsáid chun truicearmhéid an chlásail speisialta coimirce sna hearnálacha ábhartha a shocrú. D’fhonn gach modh ríomha is féidir a chur san áireamh chun an truicearmhéid a bhunú chun críche dleachtanna allmhairiúcháin breise a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i gcás nach gcuirtear tomhaltas intíre san áireamh, ba cheart Airteagal 182(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a leasú chun an modh ríomha a leagtar amach in Airteagal 5(4) de Chomhaontú EDT maidir leis an Talmhaíocht a léiriú.

(58)

De bhrí nach bhfuil riachtanas a thuilleadh le bearta den sórt sin ó tharla deireadh le rialú an táirgthe in earnáil an tsiúcra, ba cheart Airteagail 192 agus 193 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a scriosadh. Chun a áirithiú go mbeidh soláthar leordhóthanach ag margaí an Aontais le hallmhairithe as tríú tíortha, ba cheart cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun dleachtanna ar allmhairiúcháin cána agus moláis bhiatais a fhionraí.

(59)

Leagtar síos rialacha faoi bhearta iomaíochta onnmhairiúcháin sa Chinneadh Aireachta maidir le hIomaíocht Onnmhairiúcháin a rinneadh an 19 Nollaig 2015 ag an 10ú ceann de Chomhdhálacha Aireachta EDT, in Nairobi. A mhéid a bhaineann le fóirdheontais onnmhairiúcháin, tá de cheanglas ar chomhaltaí EDT a dteidlíochtaí fóirdheontas onnmhairiúcháin a dhíothú agus an díothú sin a chur i bhfeidhm amhail ó dháta an Chinnidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha an Aontais i dtaca le fóirdheontais onnmhairiúcháin a leagtar amach in Airteagail 196 go 204 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a scriosadh. I ndáil le creidmheasanna onnmhairiúcháin, ráthaíochtaí creidmheasa onnmhairiúcháin agus cláir árachais, fiontair thrádála de chuid stát easpórtála talmhaíochta agus maidir le cabhair bhia idirnáisiúnta, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh lena n-urramófar dlí an Aontais. Ó tharla go bhfuil an tAontas agus na Ballstáit ina gcomhaltaí de chuid EDT, ba cheart, leis na bearta náisiúnta sin, na rialacha a leagtar síos i gCinneadh Aireachta EDT sin an 19 Nollaig 2015 a chomhlíonadh, óir is é sin dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta.

(60)

Braitheann an margadh inmheánach ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach rialacha iomaíochta sna Ballstáit uile. Chuige sin, bíonn gá le dlúthchomhar leanúnach idir na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus an Coimisiún i líonra Eorpach na n-údarás iomaíochta, inar féidir ceisteanna maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm rialacha iomaíochta a phlé agus inar féidir gníomhaíochtaí chun cur i bhfeidhm rialacha iomaíochta a chomhordú, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (19).

(61)

Chun a áirithiú go n-úsáidtear eagraíochtaí idirchraoibhe Airteagal 210 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 go héifeachtach, agus ar mhaithe le simpliú agus an t-ualach riaracháin a laghdú, níor cheart aon chinneadh ón gCoimisiún a bheith de dhíth roimh do na comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe de chuid eagraíochtaí idirchraoibhe éisithe sa chiall nach bhfuil siad faoi réir chur i bhfeidhm Airteagal 101(1) CFAE, ar choinníoll go gcomhlíontar, leis na comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe sin, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 210 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Mar sin féin, arna iarraidh sin don iarratasóir, ba cheart don Choimisiún tuairim a thabhairt uaidh maidir le comhoiriúnacht comhaontuithe, cinntí agus cleachtas comhbheartaithe den sórt sin le hAirteagal 210 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. D'ainneoin tuairim ón gCoimisiúin éisithe chun na críche go bhfuil comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe den sórt sin comhoiriúnach leis an Airteagal sin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an gCoimisiún i gcónaí a dhearbhú tráth ar bith tar éis tuairim den sórt sin a eisiúint go mbeidh Airteagal 101(1) CFAE i bhfeidhm sa todhchaí maidir le comhaontuithe, cinntí, nó cleachtais chomhbheartaithe den sórt sin, atá i gceist má fhaigheann sé nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha ábhartha do chur i bhfeidhm Airteagal 210 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(62)

D’fhéadfadh tionscnaimh áirithe ingearacha agus chothrománacha a bhaineann le táirgí talmhaíochta agus bia, a bhfuil sé d’aidhm acu ceanglais níos déine ná na ceanglais éigeantacha a chur i bhfeidhm, éifeachtaí dearfacha a bheith acu ar chuspóirí inbhuanaitheachta. Le tabhairt i gcrích na gcomhaontuithe agus na gcinntí sin, agus na gcleachtas comhbheartaithe sin, idir táirgeoirí agus oibreoirí ar leibhéil éagsúla den táirgeadh, den phróiseáil agus den trádáil, d’fhéadfaí seasamh na dtáirgeoirí sa slabhra soláthair a neartú agus a gcumhacht margála a mhéadú. Dá bhrí sin, faoi imthosca sonracha, níor cheart tionscnaimh den sórt sin a bheith faoi réir chur i bhfeidhm Airteagal 101(1) CFAE. D‘fhonn úsáid éifeachtach an mhaolaithe nua seo a áirithiú agus d’fhonn na hualaí riaracháin a laghdú níor cheart cinneadh ón gCoimisiún a bheith de dhíth roimh ré chun na críche nach bhfuil siad faoi réir theacht i bhfeidhm Airteagal 101(1) CFAE. Ós rud é gur maolú nua é seo, is iomchuí a fhoráil gur cheart don Choimisiún treoirlínte a chur ar fáil d’oibreoirí maidir le cur i bhfeidhm an mhaolaithe sin laistigh de 2 bhliain ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tar éis an dáta sin, ba cheart go mbeidh táirgeoirí in ann freisin tuairim a iarraidh ón gCoimisiún maidir le chur i bhfeidhm an mhaolaithe maidir lena gcomhaontuithe agus a gcinntí, agus a gcleachtas comhbheartaithe. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann ábhar a thuairime a athbhreithniú ina dhiaidh sin. Ba cheart na húdaráis iomaíochta náisiúnta a bheith in ann a chinneadh, go bhfuil comhaontú, cinneadh nó cleachtas comhbheartaithe le modhnú, go bhfuil deireadh le cur leis, nó ar cheart gan é a dhéanamh ar chor ar bith, má mheasann siad gur gá sin chun iomaíocht a chosaint, agus sa chás sin, ba cheart dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas faoina ngníomhaíochtaí.

(63)

Le hAirteagal 214a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ceadaítear don Fhionlainn, faoi choinníollacha áirithe, cabhair náisiúnta a dheonú i nDeisceart na Fionlainne go dtí 2020, faoi réir údarú ón gCoimisiún. Ba cheart deonú na cabhrach náisiúnta sin leanúint de bheith ceadaithe don tréimhse 2023-2027. Chun a áirithiú gur féidir leis an gcabhair náisiúnta sin a dheonú le linn na hidirtréimhse ó 2021 go 2022, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha nua ina leith ón 1 Eanáir 2023.

(64)

D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ann don mhargadh i mBallstát amháin nó níos mó de dheasca srianta ar shaorchúrsaíocht táirgí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, ar srianta iad a eascraíonn as cur i bhfeidhm beart darb aidhm leathadh lotnaidí plandaí a chomhrac. Go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar lotnaidí plandaí, is iomchuí, dá bhrí sin, bearta eisceachtúla tacaíochta a cheadú chun na srianta ar thrádáil atá ann mar thoradh ar lotnaidí plandaí a chur san áireamh agus cur le liosta na dtáirgí ar féidir bearta eisceachtúla tacaíochta a ghlacadh ina leith in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí.

(65)

Na faireachlanna margaidh agus meithleacha earnála de chuid an Aontais atá ann cheana do na margaí talmhaíochta, is léir go bhfuil tairbhe ag baint leo ó thaobh cuidiú le hoibreoirí eacnamaíocha agus le húdaráis phoiblí a roghanna a dhéanamh agus ó thaobh faireachán ar fhorbairtí sa mhargadh a éascú freisin. Chuige sin, agus chun feabhas a chur ar thrédhearcacht na margaí talmhaíochta agus bia ar leibhéal an Aontais agus chun cur le cobhsaíocht na margaí talmhaíochta, ba cheart na hionstraimí sin a neartú. Dá bhrí sin, is iomchuí creat dlíthiúil foirmiúil aonair a bhunú le haghaidh faireachlanna margaí talmhaíochta de chuid an Aontais a chur ar bun agus a ghníomhú in aon cheann de na hearnála talmhaíochta agus chun go leagfar síos na hoibleagáidí iomchuí maidir le fógra a thabhairt agus tuairisciú a dhéanamh ar na faireachlanna sin.

(66)

Ar bhonn na sonraí staidrimh agus na faisnéise arna mbailiú chun faireachán a dhéanamh ar na margaí talmhaíochta, ba cheart d’fhaireachlanna margaí an Aontais a aithint, ina dtuarascálacha,, bagairtí go suaithfí an margadh. Ba cheart don Choimisiún faisnéis a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go tráthrialta, faoi staid mhargaidh na dtáirgí talmhaíochta, faoi bhagairtí go suaithfí an margadh agus faoi bhearta a d’fhéadfaí a dhéanamh.trína bheith rannpháirteach i gcruinnithe den Choiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe agus den Choiste Speisialta um Thalmhaíocht.

(67)

Ar chúiseanna soiléireachta, ba cheart ról an Choimisiúin i ndáil leis na hoibleagáidí atá aige cheana chun comhoibriú agus malartú faisnéise leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) agus Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) a leagan síos go sainráite in Airteagal 223 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(68)

Oibleagáidí tuairiscithe atá ar an gCoimisiún maidir le margaí an bhainne agus na dtáirgí bainne agus maidir le síneadh a chur le raon scéim na scoileanna, ar oibleagáidí iad atá dulta i léig, ba cheart iad sin uile a scriosadh. An oibleagáid tuairiscithe a bhaineann le hearnáil na beachaireachta, ba cheart í a chomhtháthú i Rialachán (AE) 2021/2115 Ba cheart oibleagáidí agus spriocdhátaí tuairiscithe nua a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm rialacha iomaíochta i leith earnáil na talmhaíochta maidir le faireachlanna margaidh Aontais a chur ar bun agus maidir le bearta eisceachtúla a úsáid. Ba cheart don Choimisiún tuairisciú a dhéanamh freisin ar staid na sonrúchán díolachán agus an aicmithe conablach in earnáil na caoireola agus na feola gabhair.

(69)

Na forálacha a bhaineann le cúlchistí do ghéarchéimeanna in earnáil na talmhaíochta a leagtar síos i gCuid V, Caibidil III, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart iad a scriosadh, óir leagtar síos forálacha nuashonraithe a bhaineann le cúlchistí talmhaíochta i Rialachán (AE) 2021/2116

(70)

I bhfianaise an mhaolaithe atá ann cheana ar na tuairiscí díolacháin atá le húsáid do laofheoil lena ngabhann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint a cláraíodh roimh an 29 Meitheamh 2007, ba cheart, ar chúiseanna comhsheasmhachta agus chun foráil a dhéanamh d’fhaisnéis gan débhrí do thomhaltóirí, an deis a thabhairt do na Ballstáit a cheadú do ghrúpaí atá freagrach as sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint a cláraíodh roimh an dáta céanna maolú ar aicmiú éigeantach conablach do laofheoil.

(71)

Chun cothromaíocht níos cothroime a bhaint amach idir na leasanna atá i gceist, ba cheart rialacha a leagan síos maidir le measúnú a dhéanamh ar choinbhleachtaí idir ainm a bhfuil iarratas déanta ina leith lena chlárú mar shonrúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus ainm an chineáil planda nó póir ainmhí a tháirgtear san Aontas.

(72)

Chun feasacht tomhaltóirí a mhéadú maidir le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart úsáid éigeantach shiombailí gaolmhara an Aontais a leathnú chuig na hábhair fógraíochta.

(73)

Ba cheart foráil a dhéanamh do mhaoluithe sonracha a cheadódh ainmneacha eile a úsáid taobh le hainm cláraithe sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht. Ba cheart don Choimisiún idirthréimhsí a shocrú i dtaca le húsáid sonrúchán a bhfuil ainm sainearraí faoi ráthaíocht mar chuid díobh, agus é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na coinníollacha i dtaca le hidirthréimhsí dá leithéid chéanna atá leagtha síos cheana le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint.

(74)

Na nósanna imeachta a bhaineann le clárú sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, le clárú tásc geografach faoi chosaint agus le clárú sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, mar a leagtar síos iad i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart iad sin a chuíchóiriú agus a shimpliú chun a áirithiú gur féidir ainmneacha nua a chlárú laistigh de thréimhsí níos giorra. Ba cheart an nós imeachta freasúra a shimpliú. Ba cheart forais uile an ráitis freasúra agus na mionsonraí a ghabhann leis a leagan amach ar an ráiteas freasúra réasúnaithe. Níor cheart an méid sin a bheith ina bhac don údarás nó don duine a thaisc an freasúra maidir le tuilleadh mionsonraí a chur leis nó a fhorbairt, le linn na gcomhairliúchán sin dá dtagraítear in Airteagal 51(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

(75)

An nós imeachta a bhaineann leis an bhformheas a dhéanamh ar leasuithe ar shonraíochtaí táirge, nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart é a shimpliú trí idirdhealú a thabhairt isteach idir leasuithe ar leibhéal an Aontais agus leasuithe caighdeánacha. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, is iad na Ballstáit ba cheart a bheith freagrach as leasuithe caighdeánacha a fhormheas agus ba cheart gur ar an gCoimisiún a d’fhanfadh an fhreagracht i dtaca le formheas a dhéanamh ar leasuithe ar leibhéal an Aontais a dhéantar ar shonraíochtaí táirge. Ba cheart foráil a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil dóthain ama ann chun go n-éascófar aistirú rianúil ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a bhaineann le leasuithe ar shonraíochtaí táirge go dtí na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(76)

I bhfianaise an éilimh mhéadaithigh ó thomhaltóirí an Aontais ar chéir beach, a húsáide san earnáil bia, agus an dlúthnaisc atá aici le táirgí talmhaíochta agus leis an ngeilleagar tuaithe, ba cheart an liosta de tháirgí talmhaíochta agus de bhia-earraí a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a leathnú chun an táirge sin a chumhdach.

(77)

I bhfianaise a theoranta atá uimhir na gclárúchán ar thásca geografacha táirgí fíona cumhraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), ba cheart simpliú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh chosaint thásca geografacha na dtáirgí sin. Táirgí fíona cumhraithe agus deochanna alcólacha eile, cé is moite de na deochanna biotáilleacha agus na táirgí fíniúna a liostaítear in Iarscríbhinn VII, Cuid II, a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart iad sin a bheith faoi réir an réimis dlí agus na nósanna imeachta a bhaineann le táirgí eile talmhaíochta agus bia-earraí. Ba cheart raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a leathnú chun na táirgí sin a chumhdach. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 a leasú leis an athrú seo a chur san áireamh a mhéid a mbaineann lena theideal, lena raon feidhme agus lena shainmhínithe agus a mhéid a bhaineann leis na forálacha atá ann i dtaca le lipéadú táirgí fíona chumhraithe. Ba cheart a áirithiú go ndéanfar an t-aistriú go réidh i gcás ainmneacha a chosnaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 251/2014.

(78)

D’fhonn trádáil le tríú tíortha a éascú, ba cheart a leagan síos gur féidir leis na Ballstáit a cheadú go ndéantar ainmníochtaí díolacháin, a éilíonn triú tíortha, a léiriú ar phacáistíocht táirgí fíona cumhraithe a tháirgtear lena n-onnmhairiú nó ar lipéad atá ceangailte di, agus lena n-áirítear i dteangacha seachas teangacha oifigiúla an Aontais, ar choinníoll go mbeidh na hainmníochtaí díolacháin iomchuí a leagtar amach in Iarscríbhinn II ar an bpacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte di freisin.

(79)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na hainmníochtaí díolacháin agus na tuairiscí ar tháirgí fíona cumhraithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 a fhorlíonadh chun iad a oiriúnú chun dul chun cinn teicniúil, forbairtí eolaíocha agus margaidh, sláinte tomhaltóirí nó an gá atá ag tomhaltóirí faisnéis a fháil a chur san áireamh.

(80)

Chun leibhéal níos airde faisnéise a chur ar fáil do thomhaltóirí, ba cheart cur le Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 chun a rá go bhfuil sé éigeantach dearbhú cothúcháin agus liosta na gcomhábhar, a chur ar lipéadú táirgí fíona cumhraithe. Mar sin féin, ba cheart an rogha a bheith ag táirgeoirí inneachar an dearbhaithe cothúcháin ar an bpacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte di a theorannú don luach fuinnimh amháin agus an dearbhú iomlán cothúcháin agus liosta na gcomhábhar a chur ar fáil go leictreonach, ar choinníoll nach bhfuil aon sonraí úsáideoirí a bhailiú nó a rianú agus nach bhfuil faisnéis chun críoch margaíochta á soláthar acu. Mar sin féin, níor cheart, maidir le rogha gan dearbhú cothúcháin iomlán a chur ar an bpacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte di, difear a dhéanamh don cheanglas atá ann faoi láthair substaintí is cúis le hailléirgí nó éadulaingtí a liostú ar an lipéad. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le comhábhair le haghaidh táirgí fíona cumhraithe a léiriú agus a ainmniú. Ba cheart a cheadú leanúint de na stoc táirgí fíona cumhraithe atá ann cheana a mhargú tar éis dhátaí chur i bhfeidhm na gceanglas nua lipéadaithe, go dtí go mbeidh na stoic sin ídithe. Ba cheart dóthain ama a chur ar fáil d'oibreoirí le dul in oiriúint do na ceanglais lipéadaithe nua sula dtiocfaidh siad chun bheith infheidhme.

(81)

Is iomchuí a cheadú go ndéanfaí cainníocht theoranta de dheochanna biotáilleacha a chur leis na fíona cumhraithe in aon cheann de na catagóirí a leagtar síos in Iarscríbhinn II, pointe A, a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 chun blas a chur leo. Ós rud é go bhfuiltear in ann, mar thoradh ar an dul chun cinn teicniúil, sa lá atá inniu ann, vermouth a tháirgeadh, gan alcól a bheith curtha leis, níor cheart gur gá alcól a chur le vermouth a thuilleadh. Mar gheall ar éileamh tomhaltóirí, is iomchuí a cheadú go ndéantar fíon dearg agus fíon bán a mheascadh le chéile chun Glühwein a tháirgeadh. D’fhonn deoch cumhraithe bunaithe ar fhíon atá ar mhargadh na Polainne a chur san áireamh, is iomchuí an catagóir nua 'wino ziołowe' a chruthú, ina leagtar amach i ndlí an Aontais na gnáthcheanglais chun é a tháirgeadh.

(82)

I bhfianaise a lú atá sé, a iargúltachta agus a staide sonraí maidir le slándáil bia, tá margaí áitiúla in La Réunion an-leochaileach ó thaobh luaineachtaí praghsanna de. Tugann eagraíochtaí idirchraoibhe le chéile táirgeoirí agus oibreoirí eile de chéimeanna éagsúla de shlabhra an tsoláthair biaagus is féidir leo ról a imirt chun tacú le caomhnú agus le héagsúlú an táirgthe áitiúil. I gcomhthéacs sonrach na slándála bia in La Réunion, is iomchuí a fhoráil, de mhaolú ar Airteagal 165 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, i gcás ina leathnófar rialacha eagraíochta aitheanta idirchraoibhe d’oibreoirí nach baill den eagraíocht idirchraoibhe iad, go bhféadfaidh an Fhrainc, tar éis di dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, go ndéanfaidh na hoibreoirí nach baill den eagraíocht idirchraoibhe iad ranníocaíochtaí airgeadais a íoc i leith na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na rialacha leathnaithe atá chun leasa eacnamaíoch i gcoitinne na n-oibreoirí eacnamaíocha a nach ndéanann a gcuid gníomhaíochtaí ach in La Réunion amháin agus a bhaineann le táirgí atá le cur ar an margadh áitiúil.

(83)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 251/2014 agus (AE) Uimh. 228/2013 a leasú dá réir.

(84)

Ba cheart socruithe idirthréimhseacha a chur ar bun le haghaidh iarratais ar chosaint agus le haghaidh clárú sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a dhéanfar roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, le haghaidh an chaiteachais a bheidh déanta roimh an 1 Eanáir 2023 faoi na scéimeanna cabhrach um ola olóige agus ológa boird, thorthaí agus ghlasraí, fhíon, beachaireacht agus leannlus, le haghaidh cláir oibríochta ar eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta nó a gcomhlachais in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus le haghaidh cláir thacaíochta in earnáil an fhíona a bunaíodh le hAirteagail 29 go 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(85)

Chun a áirithiú go ndéanfar aistriú rianúil go dtí an creat dlíthiúil nua a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/2115, ba cheart, ón 1 Eanáir 2023, feidhm a bheith ag na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nasctha leis an creat dlíthiúil nua sin,

(86)

D'fhonn cur chun feidhme réidh na gcéimeanna atá á mbeartú a áirithiú agus ar bhonn práinne, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

Forálacha ginearálta an chomhbheartais talmhaíochta (CBT)

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus ag na forálacha arna nglacadh dá bhun maidir leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.’;

(*1)  Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2014 (OJ L 435, 6.12.2021, p187).’;"

(2)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 2;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   Chun críocha an Rialacháin seo, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/2116 agus i Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 227, lena leasaítear na sainmhínithe a bhaineann leis na hearnálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, a mhéid is gá chun na sainmhínithe a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí sa mhargadh gan sainmhínithe nua a chur isteach.

(*2)  Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha i dtaca le tacaíocht do phleananna straitéiseacha arna dtarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).’;"

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

Rátaí comhshó i gcomhair ríse

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na rátaí comhshó a shocrú i gcomhair ríse ag staideanna éagsúla dá próiseáil.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).’;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

Blianta margaíochta

Bunófar na blianta margaíochta seo a leanas:

(a)

an 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig de bhliain áirithe i gcomhair earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus earnáil na mbananaí;

(b)

an 1 Aibreán go dtí 31 Márta na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil an fharae thriomaithe agus earnáil na seiriceán;

(c)

an 1 Iúil go dtí 30 Meitheamh na bliana dár gcionn i gcomhair:

(i)

earnáil na ngránach;

(ii)

earnáil na síolta;

(iii)

earnáil an lín agus na cnáibe;

(iv)

earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne;

(d)

an 1 Lúnasa go dtí 31 Iúil na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil an fhíona;

(e)

an 1 Meán Fómhair go dtí 31 Lúnasa na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil na ríse agus i ndáil le hológa boird;

(f)

an 1 Deireadh Fómhair go dtí 30 Meán Fómhair na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil an tsiúcra agus i ndáil le hola ológa.’;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

‘Airteagal 12

Tréimhsí idirghabhála poiblí

Beidh idirghabháil phoiblí le fáil i gcomhair an méid seo a leanas:

(a)

cruithneacht bhog, ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Bealtaine;

(b)

cruithneacht dúraim, eorna agus arbhar Indiach, ar feadh na bliana;

(c)

rís gan scilligeadh, ar feadh na bliana;

(d)

mairteoil agus laofheoil, ar feadh na bliana;

(e)

im agus bainne bearrtha triomaithe, ón 1 Feabhra go 30 Meán Fómhair.’;

(6)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘2a.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin bhfaisnéis go léir is gá chun gur féidir faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bprionsabal a leagtar síos i mír 1.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Foilseoidh an Coimisiún sonraí gach bliain faoi na coinníollacha faoinar ceannaíodh, nó faoinar ceannaíodh nó faoinar díoladh táirgí arna gceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí an bhliain roimhe sin. Áireofar ar na sonraí sin na méideanna ábhartha agus na praghsanna ceannaigh agus díola.’;

(7)

in Airteagal 17, an chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

ola olóige agus ológa boird;’;

(8)

leasaítear Caibidil II de Theideal I de Chuid II mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

CAIBIDIL II

Cabhair i dtaca le torthaí agus glasraí agus bainne agus táirgí bainne a sholáthar i bhforais oideachais ’;

(b)

scriostar an ceannteideal ‘Roinn 1’ agus an teideal a ghabhann leis;

(c)

in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

‘11.   Roghnóidh na Ballstáit na táirgí a bheidh le dáileadh nó a bheidh le háireamh i mbearta tionlacain oideachais ar bhonn critéir oibiachtúla ar a n-áireofar ceann amháin nó níos mó den mhéid a leanas: cúrsaí sláinte agus comhshaoil, séasúracht, éagsúlacht táirgí áitiúla nó réigiúnacha agus iad a bheith ar fáil, agus tabharfar tús áite a mhéid is féidir do tháirgí de thionscnamh an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit ceannach táirgí áitiúla nó réigiúnacha, táirgí orgánacha, slabhraí gearra soláthair nó tairbhí don chomhshaol, an phacáistíocht inbhuanaithe san áireamh, agus, más iomchuí, táirgí a aithnítear faoi na scéimeanna cáilíochta arna mbunú le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, a spreagadh go háirithe.

Féadfaidh na Ballstáit a mheas ina gcuid straitéisí, tús áite a thabhairt d’inbhuaine agus trádáil chóir a áireamh.’;

(d)

leasaítear Airteagal 23a mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, an chabhair faoin scéim scoile a leithdháilfear ar dháileadh táirgí, na bearta tionlacain oideachais agus na costais ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 23(1), ní bheidh siad níos mó ná EUR 220 804 135 in aghaidh na scoilbhliana. Laistigh den teorainn fhoriomlán sin, ní bheidh an chabhair níos mó ná na méideanna seo a leanas:

(a)

le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna: EUR 130 608 466 in aghaidh na scoilbhliana;

(b)

le haghaidh bainne do scoileanna: EUR 90 195 669 in aghaidh na scoilbhliana.’;

(ii)

scriostar an abairt dheireanach ón tríú fomhír i mír 2;

(iii)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘4.   Gan dul thar an teorainn fhoriomlán de EUR 220 804 135 a leagtar síos i mír 1, féadfaidh aon Bhallstát suas le 20 % de cheann amháin nó de cheann eile dá leithdháiltí táscacha a aistriú aon uair amháin in aghaidh na scoilbhliana.’;

(e)

scriostar Ranna 2 go 6, ina bhfuil Airteagail 29 go 60;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 61:

‘Airteagal 61

Scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a bunaíodh sa Chaibidil seo, beidh feidhm aici ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2045, agus déanfaidh an Coimisiún dhá athbhreithniú meántéarma in 2028 agus 2040 chun meastóireacht a dhéanamh ar oibriú na scéime agus, más iomchuí, tograí a dhéanamh.’;

(10)

leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas tar éis na chéad fhomhíre:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go mbeidh na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 66(1) bailí ar feadh 6 bliana ón dáta ar deonaíodh iad nuair a tharlóidh athphlandú ar an dáileacht chéanna nó ar na dáileachtaí céanna ar a ndearnadh an grafadh. Sonróidh na húdaraithe sin go soiléir an dáileacht nó na dáileachtaí ar a ndéanfar an grafadh nó an t-athphlandú.’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara agus an tríú fomhír:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, cuirfear síneadh ama le bailíocht na n-údaruithe a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 64 agus Airteagal 66(1), a rachaidh in éag sna blianta 2020 agus 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022.

Táirgeoirí a bhfuil údaruithe ina seilbh acu i gcomhréir le hAirteagal 64 agus Airteagal 66(1) den Rialachán seo, a rachaidh in éag in 2020 agus in 2021, ní bheidh siad, de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, faoi réir an phionóis riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 89(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ar choinníoll go gcuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas faoin 28 Feabhra 2022 nach bhfuil rún acu úsáid a bhaint as a n-údarú agus nach mian leo leas a bhaint as síneadh a mbailíochta dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo. I gcás táirgeoirí a bhfuil údaruithe ina seilbh acu ar cuireadh síneadh ama lena mbailíocht go dtí an 31 Nollaig 2021, a bhfuil sé dearbhaithe acu don an údarás inniúil faoin 28 Feabhra 2021 nach bhfuil sé de rún acu úsáid a bhaint as na húdaruithe sin, ligfear dóibh a ndearbhuithe a tharraingt siar trí theachtaireacht i scríbhinn a sheoladh chuig an údarás inniúil faoin 28 Feabhra 2022 agus beidh siad in ann úsáid a bhaint as a n-údaruithe laistigh den tréimhse bhailíochta fhadaithe dá bhforáiltear sa tríú fomhír.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le limistéir a phlandú nó a athphlandú, ar limistéir iad atá beartaithe chun críocha turgnamhacha, chun bailiúcháin de chineálacha fíniúna a chur ar bun atá beartaithe chun acmhainní géiniteacha a chaomhnú nó do phlandlanna beangaithe, ná maidir le limistéir a bhfuil a gcuid fíona nó a gcuid táirgí fíniúnacha beartaithe lena gcaitheamh ag teaghlach an saothraí fíona amháin ná maidir le limistéir atá le plandú as an nua mar thoradh ar cheannach éigeantach ar mhaithe le leas an phobail faoin dlí náisiúnta.’;

(11)

leasaítear Airteagal 63 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil, gach bliain, údaruithe i gcomhair planduithe nua a bheidh de réir ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

1 % den achar iomlán dá gcríocha a bheidh plandáilte faoi fhíniúnacha, agus an t-achar sin arna thomhas an 31 Iúil an bhliain roimhe sin; nó

(b)

1 % d’achar arb é a bheidh ann an t-achar dá gcríocha a bheidh plandáilte faoi fhíniúnacha agus an t-achar sin arna thomhas an 31 Iúil 2015, agus iomlán an achair arna chumhdach ag na cearta um plandú a dheonaítear do tháirgeoirí ar a gcríocha i gcomhréir le hAirteagail 85h, 85i nó 85k de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a raibh fáil orthu lena dtiontú ina n-údaruithe an 1 Eanáir 2016, mar a thagraítear dó in Airteagal 68 den Rialachán seo.’;

(b)

i mír 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘Maidir leis na Ballstáit a chuireann teorainn le heisiúint údaruithe ar an leibhéal réigiúnach, i gcás limistéir shonracha atá incháilithe le haghaidh fíonta lena ngabhann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint a tháirgeadh nó i gcás limistéir atá incháilithe le haghaidh fíonta lena ngabhann tásc geografach faoi chosaint a tháirgeadh, i gcomhréir leis)an gcéad fhomhír, pointe (b), féadfaidh siad a cheangal go n-úsáidfí údaruithe den sórt sin sna réigiúin sin.’;

(c)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

chun riosca dea-léirithe díluachála a sheachaint i gcás sonrúchán tionscnaimh áirithe faoi chosaint nó tásc geografach áirithe faoi chosaint;’;

(ii)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(c)

chun rannchuidiú le forbairt na dtáirgí atá i gceist agus cáilíocht na dtáirgí seo á cothú ag an am céanna.’;

(d)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘3a.   Féadfaidh na Ballstáit aon bhearta rialála is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar oibreoirí dul timpeall ar na bearta srianta arna ndéanamh de bhun mhír 2 agus mhír 3.’;

(12)

leasaítear Airteagal 64 mar a leanas:

(a)

sa dara fomhír de mhír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Féadfaidh na Ballstáit, chun críoch an Airteagail seo, ceann amháin nó níos mó de na critéir incháilitheachta, atá oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach:’;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘2.   Má tá méid an limistéir iomláin a chumhdaítear leis na hiarratais incháilithe dá dtagraítear i mír 1, i mbliain ar leith, thar mhéid an limistéir a chuir an Ballstát ar fáil, deonófar údaruithe, de réir dháileadh pro-rata na heicteár, do na hiarratasóirí go léir ar bhonn an limistéir a ndearna siad iarratas ar údarú ina leith. Tríd an deonú sin, féadfar limistéar íosta agus/nó uasta a bhunú de réir iarratasóra agus féadfar é a dhéanamh go páirteach nó go hiomlán freisin i gcomhréir le ceann amháin nó níos mó de na critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha thosaíochta seo a leanas a bhféadfadh feidhm a bheith aige ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach.’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

limistéir ina chuireann fíonghoirt le caomhnú na timpeallachta nó le caomhnú na n-acmhainní géiniteacha fíniúna;’;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)

limistéir a bheidh le plandú as an nua agus a rannchuideoidh leis an méadú ar tháirgeadh na ngabháltas in earnáil an fhíonsaothrúcháin, lena léirítear méadú ar chost-éifeachtúlacht nó iomaíochas nó láithreacht ar na margaí;’;

(iv)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (h):

‘(h)

limistéir a bheidh le plandú as an nua i gcomhthéacs gabháltais bheaga agus mheánmhéide finiúna a mhéadú;’;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘2b.   Féadfaidh na Ballstáit aon bhearta rialála is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar oibreoirí dul timpeall ar na critéir shriantacha a chuirtear i bhfeidhm de bhun mhíreanna 1, 2 agus 2a.’;

(13)

in Airteagal 65, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Agus Airteagal 63(2) á chur i bhfeidhm aige, cuirfidh an Ballstát na moltaí a thíolaic eagraíochtaí gairmiúla aitheanta a fheidhmíonn in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagail 152, 156 agus 157 san áireamh, nó na cinn a thíolaic grúpaí táirgeoirí leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 95, nó cineálacha eile eagraíochtaí gairmiúla arna sainaithint ar bhonn reachtaíocht an Bhallstáit sin, ar choinníoll go dtiocfaidh na páirtithe ionadaíochta ábhartha sa limistéar geografach tagartha ar chomhaontú roimh ré.’;

(14)

leasaítear Airteagal 68 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘2a.   Ón 1 Eanáir 2023, limistéar atá coibhéiseach leis an limistéar a chumhdaítear le cearta um plandú a bhí incháilithe le haghaidh cearta plandaithe a thiontú ina n- údaruithe plandála an 31 Nollaig 2022 ach nár tiontaíodh go fóill ina n-údaruithe i gcomhréir le mír 1, beidh sé ar fáil do na Ballstáit lena mbaineann agus féadfaidh siad údaruithe a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 64 faoin 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Ní ríomhfar chun críoch Airteagal 63 na limistéir a chumhdaítear le húdaruithe arna ndeonú de bhun mhíreanna 1 agus 2a den Airteagal seo.’;

(15)

in Airteagal 81, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘6.   Maidir le limistéir ina gcuirtear cineálacha fíniúna nach bhfuil aicmithe chun críocha eile seachas táirgeadh fíona, i gcás Ballstát seachas na Ballstáit sin dá dtagraítear i mír 3,i gcás Ballstát dá dtagraítear i mír 3, nach gcomhlíonann mír 2, an dara fomhír, ní bheidh siad faoi réir oibleagáid grafa.

Maidir le plandú agus athphlandú na gcineálacha fíniúna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, chun críocha seachas táirgeadh fíona, ní bheidh siad faoi réir na scéime údaraithe i gcomhair plandú fíniúnacha a leagtar síos i gCuid II, Teideal I, Caibidil III.’;

(16)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 86:

‘Airteagal 86

Forchoimeád, leasú agus cealú na dtéarmaí roghnacha coimeádta

Chun ionchais na dtomhaltóirí, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le modhanna táirgthe agus inbhuanaitheacht an tslabhra soláthair, forbairtí san eolas eolaíoch agus teicniúil, an staid sa mhargadh agus forbairtí sna caighdeáin mhargaíochta agus na caighdeáin idirnáisiúnta, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227:

(a)

téarma roghnach coimeádta breise a fhorchoimeád, lena leagtar síos a choinníollacha úsáide;

(b)

lena leasófar coinníollacha úsáide téarma roghnaigh choimeádta; nó

(c)

téarma roghnach coimeádta a chur ar ceal.’;

(17)

Leasaítear Airteagal 90 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE, beidh feidhm ag na forálacha i dtaobh sonrúchán tionscnaimh agus tásca geografacha agus lipéadú fíona a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo, agus sna sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 78 den Rialachán seo, maidir le táirgí a allmhairítear isteach san Aontas agus a thagann faoi chóid AC 2009 61, 2009 69, 2204 agus, i gcás inarb infheidhme, ex 2202 99 19, (fíon dí-alcólaithe eile a bhfuil neart alcóil de réir toirte nach mó ná 0,5 % ann.)’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh i mír 3:

‘3.   Mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le CFAE, beidh allmhairiú na dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir an mhéid seo a thaispeáint:’;

(18)

i gCuid II, Teideal II, Caibidil I, Roinn 1, cuirtear isteach an fhoroinn seo a leanas:

‘Foroinn 4a

Seiceálacha agus pionóis

Airteagal 90a

Seiceálacha agus pionóis a bhaineann le rialacha margaíochta

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú nach gcuirfear ar an margadh na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 119(1) agus nach bhfuil an lipéadú orthu i gcomhréir leis an rialachán seo, nó i gcás inar cuireadh ar an margadh iad cheana féin, go dtarraingeofar siar iad ón margadh.

2.   Gan dochar d’aon fhorálacha sonracha a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh, beidh allmhairí isteach san Aontas de na táirgí a shonraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 189(1) faoi réir seiceálacha le cinneadh an gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal sin.

3.   Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha, bunaithe ar anailís riosca, chun a fhíorú an gcomhlíontar, leis na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), na rialacha a leagtar síos sa roinn seo agus cuirfidh siad i bhfeidhm pionóis riaracháin de réir mar is iomchuí.

4.   Gan dochar do ghníomhartha maidir le hearnáil an fhíona a glacadh de bhun Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2021/2116 [an Rialachán Cothrománach], i gcás sárú ar rialacha de chuid an Aontais in earnáil an fhíona, cuirfidh na Ballstáit pionóis riaracháin i bhfeidhm a bheidh comhréireach, éifeachtach agus athchomhairleach i gcomhréir le Caibidil I de Theideal IV den Rialachán sin Ní chuirfidh na Ballstáit pionóis den sórt sin i bhfeidhm i gcás nach mbeidh i gceist ach neamhchomhlíonadh fánach.

5.   Chun cistí ón Aontas agus céannacht, áit tionscnaimh agus cáilíocht fhíon an Aontais a chosaint, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena bhforlíonfar an Rialachán seo i dtaobh an mhéid seo a leanas:

(a)

bunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha a bhunú nó a chothabháil a chuideoidh le calaois a bhrath agus a dhéanfar a chur i dtoll a chéile ar bhonn samplaí arna mbailiú ag na Ballstáit;

(b)

rialacha lena rialófar comhlachtaí rialaithe agus an cúnamh frithpháirteach eatarthu;

(c)

rialacha lena rialófar úsáid choiteann thorthaí taighde na mBallstát.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfaidh sé síos na bearta uile is gá chun iad seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta a bhaineann le bainc sonraí na mBallstát faoi seach agus leis na bainc sonraí anailíseacha de shonraí iseatópacha dá dtagraítear i mír 5, pointe (a);

(b)

na nósanna imeachta a bhaineann leis an gcomhar agus leis an gcúnamh a bhíonn ann idir údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe;

(c)

a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid dá dtagraítear i mír 3, na rialacha maidir le seiceálacha a dhéanamh ar chomhlíonadh caighdeán margaíochta, rialacha lena rialaítear na húdaráis atá freagrach as na seiceálacha a dhéanamh, agus rialacha maidir le hábhar agus, le minicíocht na seiceálacha sin agus leis an gcéim mhargaíochta a mbeidh feidhm ag na seiceálacha sin maidir leo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).’;

(19)

in Airteagal 92(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Ní bheidh feidhm, áfach, ag na rialacha a leagtar síos sa roinn seo maidir le táirgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, Cuid II, pointí (1), (4), (5), (6), (8) agus (9) i gcás ina mbeidh cóireáil iomlán dí-alcólúcaithe déanta ar na táirgí sin i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, Cuid I, Roinn E.’;

(20)

leasaítear Airteagal 93 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

ciallaíonn ‘sonrúchán tionscnaimh’ ainm, lena n-áirítear ainm a úsáidtear go traidisiúnta, a dhéanann sainaithint ar tháirge dá dtagraítear in Airteagal 92(1):

(i)

ar timpeallacht gheografach ar leith agus a gnéithe dúchasacha nádúrtha agus a gnéithe daonna, is cúis, go bunúsach nó go heisiach, lena cháilíocht nó lena shaintréithe;

(ii)

de thionscnamh áit, réigiún nó, i gcásanna eisceachtúla, tír ar leith;

(iii)

a rinneadh le fíonchaora de thionscnamh eisiach an limistéir gheografaigh sin;

(iv)

ar sa limistéar geografach sin a dhéantar é a tháirgeadh; agus

(v)

ar ó chineál fíniúna a bhaineann le Vitis vinifera é nó ó chrosáil na speiceas Vitis vinifera le speicis eile den ghéineas Vitis.

(b)

ciallaíonn ‘tásc geografach’ ainm, lena n-áirítear ainm a úsáidtear go traidisiúnta, lena sainaithnítear táirge dá dtagraítear in Airteagal 92(1) agus ag a bhfuil na saintréithe seo a leanas:

(i)

tá a cháilíocht, a cháil nó saintréithe eile de incurtha i leith a thionscnamh gheografaigh;

(ii)

tá sé de thionscnamh áit, réigiúin nó, i gcásanna eisceachtúla, tíre ar leith;

(iii)

is ón limistéar geografach sin amháin a thagann 85 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáideadh lena tháirgeadh;

(iv)

táirgtear é sa limistéar geografach sin; agus

(v)

is ó chineál fíniúna a bhaineann le Vitis vinifera é nó ó chrosáil na speiceas Vitis vinifera le speicis eile den ghéineas Vitis.’;

(b)

scriostar mír 2;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Áirítear ar táirgeadh dá dtagraítear i bpointí (a)(iv) agus (b)(iv) de mhír 1, gach oibríocht a bheidh bainteach, ó bhaint na bhfíonchaor go críoch na bpróiseas déanta fíona, cé is moite de shaothrú fíonchaor nach as an limistéar geografach lena mbaineann dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(iii) agus cé is moite d'aon phróisis iartháirgthe.’;

(21)

leasaítear Airteagal 94 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Sna hiarratais ar chosaint ainmneacha mar shonrúcháin tionscnaimh nó mar thásca geografacha, beidh an méid seo a leanas:’;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

na mionsonraí a dhearbhaíonn an nasc dá dtagraítear in Airteagal 93(1), pointe (a)(i), nó, de réir mar a bheidh, i bpointe (b)(i):

(i)

a mhéid a bhaineann le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht nó saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach dá dtagraítear in Airteagal 93(1), pointe (a)(i); cé go bhféadfar na mionsonraí a bhaineann le gnéithe daonna na timpeallachta geografaí sin, i gcás inarb ábhartha, a theorannú do thuairisc ar an ithreach, ar ábhar plandaí agus ar bhainistiú tírdhreach, ar chleachtais saothraithe nó ar aon rannchuidiú ábhartha eile ón duine le gnéithe nádúrtha na timpeallachta geografaí a chothabháil dá dtagraítear sa phointe sin;

(ii)

a mhéid a bhaineann le tásc geografach faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht ar leith, clú nó saintréith eile an táirge agus an tásc geografach dá dtagraítear in Airteagal 93(1), pointe (b)(i);’;

(ii)

cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas:

‘Féadfaidh tuairisc a bheith sa tsonraíocht táirge ar rannchuidiú an tsonrúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh leis an bhforbairt inbhuanaithe.

I gcás ina mbeidh an fíon nó na fíonta páirt-dhí-alcólaithe, beidh sa tsonraíocht táirge freisin tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta páirt-dhí-alcólaithe i gcomhréir leis an dara fomhír, pointe (b), mutatis mutandis agus, i gcás inarb infheidhme, na cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáideadh chun an fíon nó na fíonta páirt-dhí-alcólaithe a dhéanamh, chomh maith leis na srianta ábhartha maidir lena ndéanamh.’;

(22)

leasaítear Airteagal 96 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Má mheasann an Ballstát atá ag déanamh measúnú ar an iarratas go gcomhlíontar na ceanglais, seolfaidh sé nós imeachta náisiúnta lena gcinnteofar go bhfoilseofar an tsonraíocht táirge go leordhóthanach ar a laghad ar an Idirlíon agus seolfaidh sé an t-iarratas ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

Nuair a bheidh iarratas ar chosaint á chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún faoin gcéad fhomhír den mhír seo, áireoidh an Ballstát dearbhú go measann sé go gcomhlíonann an t-iarratas arna thaisceadh ag an iarratasóir na coinníollacha ar chosaint faoin Roinn seo agus na forálacha arna nglacadh dá bhun agus go ndeimhníonn sé gur achoimre dhílis ar an tsonraíocht táirge é an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (d).

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon fhreasúraí inghlactha arna dtíolacadh faoin nós imeachta náisiúnta.’;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘6.   Má thionscnaítear imeachtaí os comhair cúirt náisiúnta nó comhlacht poiblí náisiúnta eile, ar nós imeachta é a bhaineann le hiarratas ar chosaint a chuir an Ballstát ar aghaidh chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 5, cuirfidh an Ballstát é sin in iúl don Choimisiún gan mhoill, agus má dhéantar an t-iarratais ar chosaint a neamhbhailíochtú ar an leibhéal náisiúnta trí chinneadh breithiúnach is infheidhme láithreach ach nach bhfuil críochnaitheach.’;

(23)

in Airteagal 97, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2, 3 agus 4:

‘2.   Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar na hiarratais ar chosaint a gheobhaidh sé i gcomhréir le hAirteagal 96(5). Déanfaidh an Coimisiún a sheiceáil go bhfuil an fhaisnéis riachtanach sna hiarratais agus nach bhfuil aon earráidí follasacha iontu, agus toradh an réamh-nós imeachta náisiúnta a rinne an Ballstát lena mbaineann á chur san áireamh aige. Díreofar sa ghrinnscrúdú sin go háirithe ar an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (d).

Níor cheart gurbh fhaide ná 6 mhí an tréimhse a chaithfeadh an Coimisiún i mbun an ghrinnscrúdaithe, agus an tréimhse sin arna tomhas ón dáta a fhaightear an t-iarratas ón mBallstát. I gcás ina sárófar an tréimhse sin, cuirfidh an Coimisiún cúiseanna na moille in iúl i scríbhinn do na hiarratasóirí.

3.   Díolmhófar an Coimisiún ón oibleagáid cloí leis an spriocdháta don ghrinnscrúdú dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, a dhéanamh agus na cúiseanna leis an moill a chur in iúl don iarratasóir i gcás ina bhfaigheann sé teachtaireacht ó Bhallstát, maidir le hiarratas ar chlárú arna thaisceadh leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 96(5), ar teachtaireacht í:

(a)

ina gcuirtear in iúl don Choimisiún gur cuireadh an t-iarratas ó bhail ar an leibhéal náisiúnta trí chinneadh breithiúnach is infheidhme láithreach ach nach cinneadh breithiúnach críochnaitheach é; nó,

(b)

ina n-iarrtar ar an gCoimisiún an grinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fionraí toisc gur tionscnaíodh imeachtaí breithiúnacha náisiúnta chun agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht an iarratais agus go measann na Ballstáit go bhfuil na himeachtaí sin bunaithe ar fhorais bhailí.

Beidh éifeacht ag an díolúine go dtí go gcuirfidh an Ballstát in iúl don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas bunaidh infheidhme arís nó go bhfuil an iarraidh ar fhionraí á tarraingt siar ag an mBallstát.

4.   I gcás ina measann an Coimisiún, ar bhonn an ghrinnscrúdaithe arna dhéanamh aige ar bhonn mhír 2 den Airteagal seo, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 93, 100 agus 101, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme maidir le foilsiú, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (d) agus na tagartha d'fhoilsiú na sonraíochta táirge a rinneadh le linn an nóis imeachta náisiúnta um réamhrialú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn an ghrinnscrúdaithe arna dhéanamh aige de bhun mhír 2 den Airteagal seo, nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 93, 100 agus 101, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena ndiúltófar an t-iarratas.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).’;

(24)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 98 agus 99:

‘Airteagal 98

An nós imeachta agóide

1.   Laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (d), in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, féadfaidh údaráis Ballstáit nó údaráis tríú tír, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air nó atá bunaithe i dtríú tír, agus a bhfuil leas dlisteanach aige nó aici, ráiteas réasúnaithe agóide a chur faoi bhráid an Choimisiúin ag cur in aghaidh na cosanta atá molta.

Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air nó atá bunaithe i mBallstát nach ionann agus an Ballstát a chuir ar aghaidh an t-iarratas ar chosaint agus a bhfuil leas dlisteanach aige, féadfaidh sé an ráiteas agóide a chur isteach trí údaráis an Bhallstáit ina bhfuil cónaí air nó ina bhfuil sé bunaithe, ionas go mbeifear in ann ráiteas agóide a chur isteach roimh an teorainn ama de bhun na chéad fhomhíre.

2.   Má mheasann an Coimisiún go bhfuil an agóid inghlactha, iarrfaidh sé ar an údarás nó ar an duine nádúrtha nó dlítheanach a thaisc an agóid agus ar an údarás nó ar an duine nádúrtha nó dlítheanach a thaisc an t-iarratas ar chosaint dul i mbun comhairliúcháin iomchuí ar feadh tréimhse réasúnaithe nach mbeidh níos faide ná 3 mhí. Foilseofar an cuireadh laistigh de thréimhse 5 mhí ón dáta a fhoilseofar an t-iarratas ar chosaint, lena mbaineann an ráiteas agóide cuí-réasúnaithe, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus beidh cóip den ráiteas agóide réasúnaithe ag gabháil leis. Tráth ar bith le linn na 3 mhí sin, féadfaidh an Coimisiún, 3 mhí ar a mhéad a chur leis an spriocdháta le haghaidh na gcomhairliúchán, arna iarraidh sin don údarás nó don duine nádúrtha nó dlítheanach a thaisc an t-iarratas.

3.   Tionscnóidh an t-údarás nó an duine a thaisc an t-agóid agus an t-údarás nó an duine a thaisc an t-iarratas ar chosaint na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 2 gan moill mhíchuí. Cuirfidh siad an fhaisnéis riachtanach ar fáil dá chéile chun a mheasúnú an gcomhlíonann an t-iarratas ar chosaint an Rialachán seo agus na forálacha arna nglacadh dá bhun.

4.   Má thagann an t-údarás nó an duine a thaisc an agóid agus an t-údarás nó an duine a thaisc an t-iarratas ar chosaint ar chomhaontú, déanfaidh an t-iarratasóir atá bunaithe sa tríú tír nó údaráis an Bhallstáit nó an tríú tír ónar taisceadh an t-iarratas ar chosaint fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le torthaí na gcomhairliúchán agus maidir leis na tosca uile lenar chuidigh teacht ar an gcomhaontú sin, lena n-áirítear tuairimí na bpáirtithe. Más rud é go ndearnadh na mionsonraí arna bhfoilsiú de bhun Airteagal 97(4) a leasú go substaintiúil, déanfaidh an Coimisiún an grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 97(2) an athuair tar éis nós imeachta náisiúnta lena n-áiritheofar go bhfoilseofar go leordhóthanach na sonraí leasaithe sin a bheith curtha i gcrích. Más rud é, tar éis an chomhaontaithe, nach ndéantar aon leasuithe ar an tsonraíocht táirge nó i gcás nach leasuithe substaintiúla ar an tsonraíocht táirge iad, glacfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 99(1) lena dtabharfar cosaint don sonrúchán tionscnaimh nó don tásc geografach d’ainneoin ráiteas agóide inghlactha a bheith faighte.

5.   Mura dtagtar ar chomhaontú, déanfaidh an t-iarratasóir atá bunaithe sa tríú tír nó údaráis an Bhallstáit nó an tríú tír ónar taisceadh an t-iarratas ar chosaint fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le torthaí na gcomhairliúchán a rinneadh agus maidir leis an bhfaisnéis agus na doiciméid uile lena mbaineann. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 99(2) lena mbronnfar an chosaint nó lena ndiúltófar an t-iarratas.

Airteagal 99

Cinneadh maidir le cosaint

1.   I gcás nach bhfaighidh an Coimisiún aon ráiteas agóide inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 98, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena mbronnfar an chosaint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

2.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún ráiteas agóide inghlactha, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena mbronnfar an chosaint nó lena ndiúltófar an t-iarratas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

3.   Ní dochar cosaint a thabharfar faoin Airteagal seo, don oibleagáid atá ag táirgeoirí chun le rialacha eile de chuid an Aontais, go háirithe iad siúd a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh, le margaíocht agus le lipéadú bia, a chomhlíonadh.’;

(25)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 102:

‘Airteagal 102

Gaol le trádmharcanna

1.   I gcás ina bhfuil sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach cláraithe faoin Rialachán seo, diúltófar do chlárú trádmhairc a sháródh aon úsáid a bhaintear as Airteagal 103(2), agus a bhaineann le táirge a thagann faoi cheann de na catagóirí a liostaítear in Iarscríbhinn VII, Cuid II, más rud é go ndearnadh an t-iarratas ar chlárú trádmhairc a thíolacadh tar éis an dáta a thíolactar an t-iarratas ar chlárú i ndáil leis an sonrúchán tionscnaimh nó leis an tásc geografach leis an gCoimisiún.

Déanfar trádmharcanna a chláraítear de shárú ar an gcéad fhomhír a dhéanamh neamhbhailí.

2.   Gan dochar d’Airteagal 101(2) den Rialachán seo, maidir le trádmharc a sáraíonn a úsáid Airteagal 103(2) den Rialachán seo, agus a ndearnadh iarratas ina leith, a cláraíodh nó a bunaíodh trína úsáid, agus má dhéantar foráil don fhéidearthacht sin sa reachtaíocht lena mbaineann, de mheon macánta laistigh de chríoch an Aontais, roimh an dáta a cuireadh isteach an t-iarratas ar chosaint an tsonrúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh chuig an gCoimisiún, féadfar leanúint dá úsáid agus dá athnuachan d’ainneoin clárú sonrúchán tionscnaimh nó clárú táisc gheografaigh, ar choinníoll nach bhfuil aon fhoras ann go mbeadh an trádmharc neamhbhailí nó go gcúlghairfí é faoi Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) nó faoi Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

I gcásanna den sórt sin, féadfar an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach a úsáid chomh maith leis na trádmharcanna ábhartha.

(*3)  Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le dlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna a ch omhfhogasú (IO L 336, 23.12.2015, lch. 1)."

(*4)  Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1).’;"

(26)

leasaítear Airteagal 103 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

aon úsáid thráchtála dhíreach nó indíreach a bhainfear as an ainm faoi chosaint sin, lena n-áirítear úsáid le haghaidh táirgí a úsáidtear mar chomhábhair:

(i)

ag táirgí inchomparáide nach gcomhlíonann sonraíocht táirge an ainm faoi chosaint; nó

(ii)

a mhéid is a dtagann úsáid den sórt sin i dtír ar chlú sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh, nó a mhéid is a lagaítear nó a chaolaítear léi é;

(b)

aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, fiú má thugtar fíorthionscnamh an táirge nó na seirbhíse le fios nó má aistrítear, má thras-scríobhtar nó má thraslitrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear slonn ar nós "stíl", "cineál", "modh", "faoi mar a tháirgtear in", "aithris", "blas", "cosúil" nó rud éigin comhchosúil, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhair;’;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘4.   Tá feidhm ag an gcosaint dá dtagraítear i mír 2 maidir leis an méid seo a leanas freisin:

(a)

earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach a bheidh gan scaoileadh i saorchúrsaíocht laistigh de chríoch chustaim an Aontais; agus

(b)

earraí a dhíoltar trí bhíthin modhanna ciandíola, amhail ríomhthráchtáil.

Maidir le hearraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach nach scaoiltear sa tsaorchúrsaíocht laistigh den chríoch sin, beidh an grúpa táirgeoirí nó aon oibreoir atá i dteideal úsáid a bhaint as an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint, beidh sé i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí earraí a thabhairt isteach san Aontas, le linn trádála, gan iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás inar tháinig na hearraí sin, lena n-áirítear an phacáistíocht, ó thríú tíortha agus ina bhfuil orthu, gan údarú, an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint.’;

(27)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 105:

‘Airteagal 105

Leasuithe ar shonraíochtaí táirge

1.   Féadfaidh iarratasóir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 95 cur isteach ar fhormheas i gcomhair leasú a dhéanamh ar shonraíocht táirge sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásc gheografaigh faoi chosaint aige, go háirithe chun forbairtí in eolas teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh nó chun críochú an limistéir gheografaigh dá dtagraítear in Airteagal 94(2), an dara fomhír, pointe (d) a leasú. Tabharfar tuairisc sna hiarratais ar na leasuithe sin atá á n-iarraidh agus luafar na cúiseanna atá leo.

2.   Ina dhá gcatagóir a aicmeofar leasuithe ar shonraíocht táirge a mhéid a bhaineann lena dtábhacht: leasuithe ar leibhéal an Aontais a dteastaíonn nós imeachta agóide lena n-aghaidh ar leibhéal an Aontais, agus leasuithe caighdeánacha a bhfuiltear le déileáil leo ar leibhéal an Bhallstáit nó an tríú tír.

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ’leasú ar leibhéal an Aontais’ leasú ar shonraíocht táirge ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá, mar chuid de, athrú ar ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó ar ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint;

(b)

is éard atá ann athrú, scriosadh nó cur le catagóir táirgí fíniúna dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, Cuid II;

(c)

tá an baol ann go ndéanfaidh sé an nasc dá dtagraítear in Airteagal 93(1), pointe (a)(i), i dtaca le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, nó an nasc dá dtagraítear in Airteagal 93(1), pointe (b)(i), i dtaca le tásca geografacha faoi chosaint a chealú; nó

(d)

gabhann tuilleadh srianta leis i dtaca le margaíocht a dhéanamh ar an táirge.

Ciallaíonn ‘leasú caighdeánach’ aon leasú ar shonrúchán tionscnaimh táirge nach leasú ar leibhéal an Aontais é.

Ciallaíonn ‘leasú sealadach’ leasú caighdeánach a bhaineann le hathrú sealadach ar an tsonraíocht táirge a tharla toisc gur fhorchuir údaráis phoiblí bearta éigeantacha sláintíochta agus fíteashláintíochta nó toisc é a bheith bainteach le tubaistí nádúrtha nó drochaimsir arna sainaithint go foirmiúil ag na húdaráis inniúla.

3.   Déanfaidh an Coimisiún leasuithe ar leibhéal an Aontais a fhormheas. Leanfaidh an nós imeachta formheasta nan nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 94 agus in Airteagail 96 go 99, mutatis mutandis.

Maidir le hiarratais ar leasuithe Aontais a fhormheas arna dtíolacadh ag tríú tíortha nó ag táirgeoirí tríú tír, beidh cruthúnas iontu go gcomhlíontar, leis an leasú atá iarrtha, na dlíthe maidir le cosaint sonrúchán tionscnaimh nó tásca geografacha atá i bhfeidhm sa tríú tír sin.

Bainfidh iarratais ar fhormheas ar leasuithe ar leibhéal an Aontais le leasuithe ar leibhéal an Aontais go heisiach. Má bhaineann iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais le leasuithe caighdeánacha freisin, measfar nár cuireadh isteach na codanna a bhaineann leis na leasuithe caighdeánacha, agus ní bheidh feidhm ag an nós imeachta maidir le leasuithe ar leibhéal an Aontais ach amháin maidir leis na codanna a bhaineann leis an leasú sin ar leibhéal an Aontais.

Leis an ngrinnscrúdú ar iarratais den sórt sin, beifear ag díriú ar na leasuithe atá molta ar leibhéal an Aontais.

4.   Is iad na Ballstáit ina bhfuil limistéar geografach an táirge lena mbaineann lonnaithe a fhormheasfaidh leasuithe caighdeánacha agus a phoibleoidh iad agus a chuirfidh iad in iúl don Choimisiún.

A mhéid a bhaineann le tríú tíortha, déanfar leasuithe a fhormheas i gcomhréir leis an dlí is infheidhme sa tríú tír lena mbaineann.’;

(28)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 106:

‘Airteagal 106

Cealú

Ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige san ábhar, féadfaidh an Coimisiún, i gceann amháin nó níos mó de na cúinsí seo a leanas, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcealófaí an chosaint atá ag sonrúchán tionscnaimh nó ag tásc geografach:

(a)

i gcás nach bhfuil comhlíonadh na sonraíochta táirge comhfhreagraí á ráthú a thuilleadh;

(b)

i gcás nár cuireadh ar an margadh ar feadh 7 mbliana as a chéile, ar a laghad, táirge lena ngabhann an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach;

(c)

i gcás ina ndéanfadh iarratasóir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 95 a dhearbhú nach mian leis a thuilleadh an chosaint a bheith ag an sonrúchán tionscnaimh nó ag an tásc geografach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).’;

(29)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 106a

Lipéadú sealadach agus cur i láthair sealadach

Tar éis iarratas ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, féadfaidh táirgeoirí an t-iarratas sin a léiriú i lipéadú agus i gcur i láthair an táirge gur cuireadh iarratas isteachagus féadfaidh siad úsáid a bhaint as lógónna agus tásca náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

Maidir le siombailí an Aontais lena gcuirtear in iúl an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint agus na tásca ón Aontas ‘sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint’ nó ‘tásc geografach faoi chosaint’, ní fhéadfaidh siad bheith le feiceáil ar an lipéadú ach amháin tar éis fhoilsiú an chinnidh lena dtugtar cosaint don sonrúchán tionscnaimh nó don tásc geografach sin.

I gcás ina ndiúltófar d’iarratas, aon táirgí fíniúna ar bith a lipéadaíodh i gcomhréir leis an gcéad mhír, féadfar iad a mhargú go dtí go mbeidh na stoic ídithe.’;

(30)

scriostar Airteagal 111;

(31)

i gCuid II, Teideal II, Caibidil I, Roinn 2, cuirtear isteach an Fhoroinn seo a leanas:

‘Foroinn 4

Seiceálacha maidir le sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta

Airteagal 116a

Seiceálacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun deireadh a chur le húsáid neamhdhleathach na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, na dtásc geografach faoi chosaint agus na dtéarmaí traidisiúnta faoi chosaint dá dtagraítear sa Rialachán seo.

2.   Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as seiceálacha a dhéanamh i ndáil leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa roinn seo. Chuige sin, beidh feidhm ag Airteagal 4(2), agus (4), agus Airteagal 5(1), 5(4) agus 5(5) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

3.   Laistigh den Aontas, déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó comhlacht tarmligthe amháin nó níos mó, de réir bhrí Airteagal 3, pointe (5), de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625, ag feidhmiú dóibh mar chomhlacht deimhnithe táirge i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i dTeideal II, Caibidil III den Rialachán sin, a fhíorú go bhfuil sonraíochtaí táirge á comhlíonadh ar bhonn bliantúil, le linn tháirgeadh an fhíona agus le linn a chomhoiriúnaithe nó ina dhiaidh araon.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an chumarsáid a bheidh le déanamh ag na Ballstáit leis an gCoimisiún;

(b)

rialacha lena rialófar an t-údarás atá freagrach as comhlíonadh sonraíochtaí táirge a fhíorú, lena n-áirítear an cás ina bhfuil an limistéar geografach i dtríú tír;

(c)

na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid neamhdhleathach sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint;

(d)

na seiceálacha agus an fíorú atá le déanamh ag na Ballstáit, lena n-áirítear an tástáil.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

(*5)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).’;"

(32)

leasaítear Airteagal 119 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

an sonrúchán le haghaidh chatagóir an táirge fíniúna i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, Cuid II. Maidir le catagóirí táirgí fíniúna a shainmhínítear faoi Iarscríbhinn VII, Cuid II, pointe (1) agus pointe (4) go (9), i gcás ina ndearnadh cóireáil dhí-alcólúcháin ar tháirgí den sórt sin i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, Cuid I, Roinn E, beidh an méid seo a leanas ag gabháil le sonrúchán na catagóire:

(i)

an téarma ‘dí-alcólaithe’ mura bhfuilneart alcóil iarbhír an táirge níos mó ná 0,5 % de réir toirte, nó

(ii)

an téarma ‘páirt-dhí-alcólaithe’ mura bhfuil táneart alcóil iarbhír an táirge os cionn 0,5 % de réir toirte, agus faoi bhun íosneart alcóil iarbhír na catagóire roimh dhí-alcólú.’;

(ii)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

‘(h)

an dearbhú cothúcháin de bhun Airteagal 9(1), pointe (l), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

(i)

an liosta comhábhar de bhun Airteagal 9(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

(j)

i gcás táirgí fíniúna a ndearnadh cóireáil dí-alcólúcháin orthu i gcomhréir le Iarscríbhinn VIII, Cuid I, Roinn E agus ar lú ná 10 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte, an dáta íosmharthanachta de bhun Airteagal 9(1), pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (a), maidir le táirgí fíniúna seachas na táirgí sin a ndearnadh cóireáil dí-alcólúcháin orthu i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, Cuid I, Roinn E, féadfar an tagairt do chatagóir an táirge fíniúna a fhágáil ar lár i gcás fíonta a bhfuil ainm sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint ar áireamh ar a lipéid.’;

(c)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘4.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (h), féadfar an dearbhú cothúcháin ar an bpacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte di a theorannú don luach fuinnimh, ar féidir é a chur in iúl trí úsáid a bhaint as an tsiombail ‘E’ don fhuinneamh. I gcásanna den sórt seo, cuirfear an dearbhú cothúcháin iomlán ar fáil freisin trí mheán leictreonach a bheidh sainaitheanta ar an bpacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte di. Ní thaispeánfar an dearbhú cothúcháin sin le faisnéis eile atá ceaptha chun críoch díolacháin nó margaíochta agus ní dhéanfar aon sonraí úsáideora a bhailiú ná a rianú.

5.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (i), féadfar an liosta comhábhar a sholáthar trí mheán leictreonach a bheidh sainaitheanta ar an bpacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte di. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a)

ní dhéanfar aon sonraí úsáideora a bhailiú ná a rianú;

(b)

ní thaispeánfar an liosta comhábhar le faisnéis eile atá ceaptha chun críoch díolacháin nó margaíochta; agus

(c)

beidh léiriú na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 le feiceáil go díreach ar an bpacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte di.

Is é a bheidh sa léiriú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), den mhír seo na focail ‘ina bhfuil’ in éineacht le hainm na substainte nó ainm an táirge mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.’;

(33)

in Airteagal 122, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

leasaítear pointe (b) mar a leanas:

(i)

scriostar pointe (ii);

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(vi)

rialacha maidir le sonrúchán agus ainmniú na gcomhábhar chun Airteagal 119(1), pointe (i) a chur i bhfeidhm.’;

(b)

i bpointe (c), cuirtear isteach pointe seo a leanas:

‘(iii)

téarmaí lena dtagraítear do ghabháltas agus na coinníollacha a ghabhann lena n-úsáid.’;

(c)

i bpointe (d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

na coinníollacha úsáide a ghabhann le cruthanna áirithe buidéal agus le stopalláin, agus liosta de chruthanna sonracha buidéal ar leith;’;

(34)

leasaítear Roinn 1 de Caibidil II de Theideal II de Chuid II mar a leanas:

(a)

Scriostar Airteagal 124;

(b)

scriostar an ceannteideal ‘Foroinn 1’ agus an teideal a ghabhann leis;

(c)

in Airteagal 125, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Beidh comhaontuithe laistigh den trádáil i gcomhréir leis na téarmaí ceannaigh a leagtar síos in Iarscríbhinn X.’;

(d)

scriostar Foranna 2 agus 3 ina bhfuil Airteagail 127 go 144;

(35)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte d’Airteagal 145(3):

‘Na Ballstáit a dhéanann foráil ina gcuid pleananna straitéiseacha CBT d’athstruchtúrú agus d’athchóiriú fíonghort i gcomhréir le d'Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115, déanfaidh siad fardal nuashonraithe, ar bhonn an chláir fíonghort, dá n-acmhainneacht táirgthe a thíolacadh don Choimisiún faoin 1 Márta gach bliain.’;

(36)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 147a

Moilleanna íocaíochta le haghaidh díolacháin fíona ar an mórchóir

De mhaolú ar Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2019/633, ar iarraidh ó eagraíocht idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157 den Rialachán seo agus atá ag oibriú in earnáil an fhíona, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2019/633 maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh idir táirgeoirí nó athdhíoltóirí fíona agus a gceannaitheoirí díreacha faoi chomhaontuithe soláthair le haghaidh idirbhearta díolacháin a bhaineann le fíon ar an mórchóir, ar choinníoll:

(a)

go n-áireofar téarmaí sonracha lena ligtear íocaíochtaí a dhéanamh tar éis 60 lá i gconarthaí caighdeánacha le haghaidh idirbhearta díolacháin a bhaineann le fíon ar an mórchóir a rinne an Ballstát ceangailteach de bhun Airteagal 164 den Rialachán seo roimh an 30 Deireadh Fómhair 2021 agus go ndéanfaidh na Ballstáit síneadh na gconarthaí caighdeánacha seo a athnuachan ón dáta sin gan aon athruithe suntasacha ar na téarmaí íocaíochta a d'fhágfadh soláthraithe fíona ar an mórchóir faoi mhíbhuntáiste; agus

(b)

comhaontuithe ilbhliantúla iad na comhaontuithe soláthair idir soláthraithe fíona ar an mórchóir agus a gceannaitheoirí díreacha nó go dtiocfaidh siad chun bheith ina gcomhaontuithe ilbhliantúla.’;

(37)

in Airteagal 148(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c)(i):

‘(i)

an praghas is iníoctha ar an seachadadh, ar praghas é:

a bheidh seasta agus a leagfar amach sa chonradhnó

a ríomhfar trí fhachtóirí éagsúla a chur le chéile a leagfar amach sa chonradh, a bhféadfadh táscairí oibiachtúla, innéacsanna agus modhanna ríofa an phraghais deiridh a bheith ar áireamh iontu, atá inrochtana go héasca agus sothuigthe agus a léiríonn athruithe ar dhálaí an mhargaidh, an toirt a seachadadh agus cáilíocht nó comhdhéanamh an bhainne amh a seachadadh; féadfaidh na táscairí sin a bheith bunaithe ar phraghasanna ábhartha, ar chostais táirgthe agus ar chostais an mhargaidh; chuige sin, féadfaidh na Ballstáit táscairí a chinneadh, i gcomhréir le critéir oibiachtúla bunaithe ar staidéir arna ndéanamh ar tháirgeadh agus ar shlabhra an tsoláthair bia, tá sé de shaoirse ag na páirtithe sna conarthaí tagairt a dhéanamh do na táscairí sin nó d’aon táscairí eile a mheasann siad a bheith ábhartha,’;

(38)

in Airteagal 149(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c)(i):

‘(i)

nach mó ná 4 % de tháirgeadh iomlán an Aontais toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin,’;

(39)

scriostar Airteagal 150;

(40)

leasaítear Airteagal 151 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Dearbhóidh céad cheannaitheoirí an bhainne amh don údarás náisiúnta inniúil cainníocht an bhainne amh a sheachadtar orthu gach mí agus an meánphraghas a íoctar. Déanfar idirdhealú idir bainne orgánach agus bainne neamhorgánach.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

‘Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le cainníochtaí an bhainne amh agus na meánphraghasanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír.’;

(41)

leasaítear Airteagal 152(1), pointe (c), mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (vii):

‘(vii)

bainistiú agus luacháil seachtháirgí, sreafaí iarmharacha agus dramhaíola, go háirithe chun cáilíocht an uisce, na hithreach, an tírdhreacha a chosaint, bithéagsúlacht a chaomhnú nó a chothú, agus ciorclaíocht a threisiú;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (x):

‘(x)

cistí frithpháirteacha a bhainistiú;’;

(42)

leasaítear Airteagal 153 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

rialacha a chuirfidh ar chumas na gcomhaltaí ar táirgeoirí iad a n-eagraíocht agus cinntí na heagraíochta sin, mar aon lena cuntais agus lena buiséid, a scrúdú go daonlathach;’;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘2a.   Féadfar foráil a dhéanamh le reachtanna eagraíochta táirgeoirí go bhféadfaidh comhaltaí ar táirgeoirí iad a bheith i dteagmháil dhíreach le ceannaitheoirí, ar choinníoll nach gcuirfidh an teagmháil dhíreach sin comhchruinniú an tsoláthair agus cur ar an margadh na dtáirgí ag an eagraíocht táirgeoirí i gcontúirt. Measfar gur áirithíodh an comhchruinniú sin ar choinníoll go ndéanann an eagraíocht táirgeoirí gnéithe bunriachtanacha na ndíolachán amhail an praghas, an cháilíocht agus an méid a chaibidil agus a chinneadh.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 ná 2a maidir le heagraíochtaí táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne.’;

(43)

in Airteagal 154(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

tá líon íosta comhaltaí aige agus/nó cumhdaíonn sé toirt nó luach íosta de tháirgeadh indíolta, a leagfaidh an Ballstát lena mbaineann síos sa limistéar ina n-oibríonn sé; ní chuirfidh forálacha den sórt sin cosc ar aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí atá tiomnaithe do tháirgeadh ar mhionscála;’;

(44)

leasaítear Airteagal 157 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘1.   Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí idirchraoibhe ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach agus ar leibhéal na limistéar eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 164(2), in earnáil ar leith a liostaítear in Airteagal 1(2), ar earnáil í:’

(b)

i mír 1, leasaítear pointe (c) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (vii):

‘(vii)

an fhaisnéis riachtanach a sholáthar agus an taighde riachtanach a dhéanamh chun an táirgeadh a nuáil, a réasúnú, a fheabhsú agus a choigeartú chomh maith leis an bpróiseáil agus an margaíocht i gcás inarb iomchuí, chun go soláthrófar táirgí a oirfidh níos fearr do riachtanais an mhargaidh agus do mhianta agus d'ionchais tomhaltóirí, go háirithe maidir le cáilíocht na dtáirgí, lena n-áirítear saintréithe sonracha na dtáirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, agus maidir le cosaint an chomhshaoil, gníomhú son na haeráide, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe;’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (xiv):

‘(xiv)

rannchuidiú le tionscnaimh a bhainistiú agus a fhorbairt chun seachtháirgí a luacháil agus chun dramhaíl a laghdú agus a bhainistiú;’;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (xvi):

‘(xvi)

bearta a chur chun cinn agus a chur chun feidhme chun sláinte ainmhithe, cosaint plandaí agus rioscaí comhshaoil a chosc, a rialú agus a bhainistiú, lena n-áirítear trí chistí frithpháirteacha a bhunú agus a bhainistiú nó trí ranníocaíocht a dhéanamh leis na cistí sin d’fhonn cúiteamh airgeadais a íoc le feirmeoirí ar na costais agus ar na caillteanais eacnamaíocha a eascraíonn as bearta den sórt sin a chur chun cinn agus a chur chun feidhme;’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a:

‘1a.   Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin, a chinneadh níos mó ná aitheantas amháin a dheonú d'eagraíocht idirchraoibhe a oibríonn i roinnt earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar choinníoll go gcomhlíonann an eagraíocht idirchraoibhe na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 i gcás gach earnála a bhfuil aitheantas á lorg aici ina leith.’;

(d)

scriostar mír 3.

(45)

leasaítear Airteagal 158 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(ca)

go ndéanann siad a ndícheall ionadaíocht chothrom a bhaint amach ar na heagraíochtaí sna céimeanna den slabhra soláthair dá dtagraítear in Airteagal 157(1), pointe (a), a chomhdhéanann an eagraíocht idirchraoibhe;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí idirchraoibhe sna hearnálacha go léir a bhí ann roimh an 1 Eanáir 2014, is cuma má tugadh aitheantas dóibh arna iarraidh sin dóibh nó ar bunaíodh faoin dlí iad, fiú mura gcomhlíonann siad an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 157(1), pointe (b).’;

(46)

leasaítear Airteagal 163 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne ar choinníoll go ndéanann na heagraíochtaí sin an méid seo a leanas:

(a)

go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 157;

(b)

go ndéanann siad a ngníomhaíochtaí i réigiún amháin nó níos mó ar an gcríoch lena mbaineann;

(c)

go seasann siad do chion suntasach de na gníomhaíochtaí eacnamaíochta dá dtagraítear in Airteagal 157(1), pointe (a);

(d)

nach mbeidh páirt acu féin i dtáirgeadh, i bpróiseáil ná i dtrádáil na dtáirgí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne.

2.   Maidir le heagraíochtaí idirchraoibhe a mbeidh aitheantas tugtha dóibh roimh 2 Aibreán 2012 ar bhonn an dlí náisiúnta, agus a chomhlíonann coinníollacha mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe iad faoi Airteagal 157(1).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) i mír 3:

‘(d)

aitheantas a tharraingt siar i gcás nach mbeidh na ceanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh;’;

(47)

leasaítear Airteagal 164 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn ‘limistéar eacnamaíoch’ crios geografach arb é atá ann réigiúin táirgthe thadhlacha nó chomharsanacha ina bhfuil na dálaí táirgthe agus margaíochta aonchineálach, nó i gcás táirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu a aithnítear faoi dhlí an Aontais, an crios geografach a shonrófarsa tsonraíocht táirge.’;

(b)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (l), (m) agus (n):

‘(l)

síol deimhnithe a úsáid seachas nuair a úsáidtear le haghaidh táirgeadh orgánach de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/848 é, agus faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na dtáirgí;

(m)

cosc agus bainistiú rioscaí fíteashláintíochta, sláinte ainmhithe, sábháilteachta bia nó rioscaí comhshaoil;

(n)

fotháirgí a bhainistiú agus a luacháil.’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Ní dhéanfaidh na rialacha sin aon dochar d'oibreoirí eile, ná cosc a chur ar theacht isteach oibreoirí nua, sa Bhallstát lena mbaineann ná san Aontas agus ní bheidh mar thoradh orthu aon cheann de na hiarmhairtí atá liostaithe in Airteagal 210(4) ná ní bheidh siad ar neamhréir ar aon slí eile le dlí an Aontais nó le rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm.’;

(48)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 165:

‘Airteagal 165

Ranníocaíochtaí airgeadais ó neamhchomhaltaí

I gcás go leathnaítear faoi Airteagal 164 rialacha de chuid eagraíochta aitheanta táirgeoirí, de chuid comhlachais aitheanta eagraíochtaí táirgeoirí, nó de chuid eagraíochta aitheanta idirchraoibhe agus go bhfuil na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na rialacha sin chun leasa ghinearálta eacnamaíoch oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann a ngníomhaíochtaí leis na táirgí lena mbaineann, féadfaidh an Ballstát a thug an t-aitheantas, i gcás na n-oibreoirí eacnamaíocha aonair sin nó na ngrúpaí nach comhaltaí den eagraíocht iad, ach a bhaineann tairbhe as na gníomhaíochtaí sin, tar éis dó dul i mbun comhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, a chinneadh gurb iad na hoibreoirí eacnamaíocha aonair sin nó na grúpaí nach comhaltaí den eagraíocht iad, ach a bhaineann tairbhe as na gníomhaíochtaí sin, a íocfaidh leis an eagraíocht na ranníocaíochtaí airgeadais go léir nó cuid díobh a íocann comhaltaí na heagraíochta sin a mhéid atá na ranníocaíochtaí sin ceaptha costais a chlúdach a thabhaítear go díreach i ngeall ar a bheith ag gabháil do cheann amháin, nó níos mó, de na gníomhaíochtaí sin. Aon eagraíocht a fhaigheann ranníocaíochtaí ó neamhchomhaltaí faoin Airteagal seo, má iarann comhalta nó neamhchomhalta sin a dhéanann ranníocaíocht airgeadais le gníomhaíochtaí na heagraíochta, cuirfidh sí na codanna sin dá buiséad bliantúil ar fáil a bhaineann le saothrú na ngníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 164(4).’;

(49)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 166a

Rialáil an tsoláthair maidir le táirgí talmhaíochta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu

1.   Gan dochar d’Airteagal 167 agus d’Airteagal 167a den Rialachán seo, arna iarraidh sin d’eagraíocht táirgeoirí nó do chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 152(1) nó 161(1) den Rialachán seo, d’eagraíocht idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157(1) den Rialachán seo, do ghrúpa oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 nó do ghrúpa táirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 95(1) den Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit, ar feadh tréimhse teoranta ama, rialacha ceangailteacha a leagan síos chun rialáil a dhéanamh ar sholáthar táirgí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a bheidh ag tairbhiú de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint faoi Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 nó faoi phointí (a) agus (b) d’Airteagal 93(1) den Rialachán seo.

2.   Beidh na rialacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi réir comhaontú a bheith ann roimh ré agus atá le tabhairt i gcrích idir dhá thrian, ar a laghad, de tháirgeoirí an táirge dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó dá n-iondaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus dhá thrian, ar a laghad, de tháirgeadh an táirge sin sa limistéar geografach dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 nó i bpointí (a)(iii) agus (b)(iv) d’Airteagal 93(1) den Rialachán seo i gcás fíona. I gcás ina mbaineann próiseáil le táirgeadh an táirge dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus go sriantar foinsiú an amhábhair chuig limistéar geografach sonrach leis an tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 nó in Airteagal 94(2) den Rialachán seo, chun críocha na rialacha, an méid seo a leanas a leagan síos de réir mhír 1 den Airteagal seo, ceanglóidh na Ballstáit:

(a)

go rachfar i gcomhairle le táirgeoirí an amhábhair sa limistéar geografach sonrach, sula dtabharfar an comhaontú dá dtagraítear sa mhír seo i gcrích; nó

(b)

go bhfuil dhá thrian ar a laghad de na táirgeoirí don amhábhar nó a n-ionadaithe a ionadaíonn ar a laghad dhá thrian de tháirgeadh an amhábhair arna úsáid don phróiseas próiseála i limistéar geografach sonrach, ina bpáirtithe sa chomhaontú dá dtagraítear sa mhír seo freisin.

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, maidir le cáis a tháirgeadh a thairbhíonn de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint, beidh na rialacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi réir comhaontú a bheith ann roimh ré idir dhá thrian, ar a laghad, de tháirgeoirí an bhainne nó a n-ionadaithe a sheasann do dhá thrian ar a laghad den bhainne amh a úsáidfear chun an cháis sin a tháirgeadh agus, i gcás inarb ábhartha, dhá thrian ar a laghad de tháirgeoirí na cáise sin nó a n-ionadaithe a sheasann do dhá thrian, ar a laghad, de tháirgeadh na cáise sin sa limistéar geografach dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe(c), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Chun críoch na chéad fhomhíre den mhír seo, maidir le cáis a thairbhíonn de thásc geografach faoi chosaint, is ionann limistéar geografach tionscnaimh an bhainne amh, arna socrú sa tsonraíocht táirge don cháis, agus an limistéar geografach dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a bhaineann leis an gcáis sin.

4.   Maidir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ní chumhdófar ach rialáil sholáthar an táirge lena mbaineann leo agus, i gcás inarb infheidhme, an t-amhábhar agus beidh sé d'aidhm acu soláthar an táirge sin a oiriúnú don éileamh;

(b)

ní bheidh éifeacht acu ach amháin ar an táirge agus, i gcás inarb infheidhme, ar an amhábhar lena mbaineann;

(c)

ní fhéadfaidh siad a bheith ceangailteach ar feadh tréimhse níos faide ná 3 bliana, ach féadfar iad a athnuachan tar éis na tréimhse sin, tar éis iarraidh nua a fháil, dá dtagraítear i mír 1;

(d)

ní dhéanfar damáiste leo do thrádáil táirgí seachas trádáil na dtáirgí sin lena mbaineann na rialacha sin;

(e)

ní bhainfidh siad le haon idirbheart tar éis chéadmhargaíocht an táirge lena mbaineann;

(f)

ní cheadófar leo socrú praghsanna, lena n-áirítear i gcás ina socraítear praghsanna mar threoir nó mar mholadh;

(g)

ní fhágfaidh siad nach mbeidh fáil ar sciar iomarcach den táirge lena mbaineann a bheadh ar fáil murach sin;

(h)

ní chuirfear idirdhealú ar bun leo, nó ní bheidh siad ina mbac ar iontrálaithe nua sa mhargadh nó ní dhéanfar dochar do leasanna táirgeoirí beaga leo;

(i)

rannchuideoidh siad le cáilíocht táirge lena mbaineann nó forbairt an táirge lena mbaineann.

(j)

beidh siad gan dochar d'Airteagal 149 agus d'Airteagal 152(1a).

5.   Foilseofar na rialacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfoilseachán oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann.

6.   Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 á gcomhlíonadh.I gcás ina bhfaigheann na húdaráis náisiúnta inniúla nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a aisghairm.

7.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a bheidh glactha acu. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon fhógra i ndáil leis na rialacha sin.

8.   Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gceanglaítear go n-aisghairfidh Ballstát na rialacha atá leagtha síos ag an mBallstát sin de bhun mhír 1 den Airteagal seo más léir don Choimisiún nach gcomhlíonann na rialacha sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 den Airteagal seo nó go ndéanann siad iomaíocht a chosc nó a shaobhadh i gcuid shubstaintiúil den mhargadh inmheánach, nó go ndéantar saorthrádáil nó baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE á chur i mbaol leo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) agus (3) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm.’;

(50)

in Airteagal 168(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c)(i):

‘(i)

an praghas is iníoctha ar an seachadadh, ar praghas é:

a bheidh seasta agus a leagfar amach sa chonradh, agus/nó

a ríomhfar trí fhachtóirí éagsúla a chur le chéile a leagtar amach sa chonradh, a bhféadfadh táscairí oibiachtúla, innéacsanna agus modhanna ríofa an phraghais deiridh a bheith ar áireamh iontu, atá inrochtana go héasca agus sothuigthe agus a léiríonn athruithe ar dhálaí an mhargaidh, an toirt a seachadadh agus cáilíocht nó comhdhéanamh na dtáirgí talmhaíochta arna seachadadh; d'fhéadfadh na táscairí sin a bheith bunaithe ar phraghsanna ábhartha, ar chostais táirgthe agus ar chostais an mhargaidh; chuige sin, féadfaidh na Ballstáit táscairí a chinneadh, i gcomhréir le critéir oibiachtúla bunaithe ar staidéir arna ndéanamh ar tháirgeadh agus ar shlabhra an tsoláthair bia; tá sé de shaoirse ag na páirtithe sna conarthaí tagairt a dhéanamh do na táscairí sin nó d’aon táscairí eile a mheasann siad a bheith ábhartha.’;

(51)

scriostar Airteagal 172.

(52)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 172a:

‘Airteagal 172a

Comhroinnt luacha

Gan dochar d'aon chlásail shonracha maidir le comhroinnt luacha in earnáil an tsiúcra, féadfaidh feirmeoirí, lena n-áirítear comhlachais feirmeoirí, teacht ar chomhaontú le hoibreoirí iartheachtacha i ndáil le clásail maidir le comhroinnt luacha, lena n-áirítear bónais agus caillteanais margaí, lena gcinntear an chaoi a leithdháilfear aon éabhlóid ar na praghsanna ábhartha margaí do na táirgí lena mbaineann nó ar na margaí tráchtearraí eile eatarthu.

Airteagal 172b

Treoir ó eagraíochtaí idirchraoibhe maidir le díol fíonchaor le haghaidh fíonta le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint

De mhaolú ar Airteagal 101(1) CFAE, féadfaidh eagraíochtaí idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157 den Rialachán seo agus atá ag feidhmiú in earnáil an fhíona táscairí treorach neamhéigeantacha praghais maidir le fíonchaora a dhíol chun fíonta le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint a tháirgeadh a sholáthar ar choinníoll nach gcuireann an treoir sin deireadh le hiomaíocht i ndáil le cion substaintiúil de na táirgí atá i gceist.’;

(53)

in Airteagal 182(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Beidh an truicearmhéid cothrom le 125 %, 110 % nó 105 %, ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil deiseanna rochtana ar an margadh, arna sainiú mar allmhairí arna sloinneadh mar chéatadán den tomhaltas comhfhreagrach intíre le linn na 3 bliana roimhe sin, níos lú ná nó cothrom le 10 %, níos mó ná 10 % ach níos lú ná nó cothrom le 30%, nó níos mó ná 30 %, faoi seach.

I gcás nach gcuirtear tomhaltas intíre san áireamh, beidh an truicearmhéid cothrom le 125 %.’;

(54)

scriostar Airteagail 192 agus 193;

(55)

i gCaibidil IV, cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 193a

Dleachtanna allmhairiúcháin ar mholáis a chur ar fionraí

1.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena bhforlíontar an Rialachán seo trírialacha a bhunú lena ndéanfar dleachtanna allmhairiúcháin a chur ar fionraí, go hiomlán nó i bpáirt, i gcás molás a thagann faoi Chód AC 1703.

2.   Agus na rialacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal á gcur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun dleachtanna allmhairiúcháin a chur ar fionraí go hiomlán nó i bpáirt i gcás molás a thagann faoi Chód AC 1703, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.’;

(56)

i gCuid III, scriostar Caibidil VI lena gcuimsítear Airteagail 196 go 204;

(57)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 206, an chéad mhír:

‘Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, agus i gcomhréir le hAirteagal 42 CFAE, beidh feidhm ag Airteagail 101 go 106 CFAE agus ag na forálacha cur chun feidhme a ghabhann leo, faoi réir Airteagail 207 go 210a den Rialachán seo, maidir le gach comhaontú, gach cinneadh agus gach cleachtas dá dtagraítear in Airteagal 101(1) agus in Airteagal 102 CFAE a bhaineann le táirgeadh nó trádáil táirgí talmhaíochta.’;

(58)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 208:

‘Airteagal 208

Ceannasacht

Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn 'ceannasacht' staid eacnamaíoch láidir atá ag an ngnóthas a chumasaíonn dó iomaíocht éifeachtach a chosc sa mhargadh ábhartha tríd an chumhacht a thabhairt dó feidhmiú go réasúnta neamhspleách ar a chuid iomaitheoirí, ar a chuid soláthraithe nó custaiméirí agus sa deireadh ar a chuid tomhaltóirí.’;

(59)

leasaítear Airteagal 210 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le comhaontuithe, cinntí ná cleachtais chomhbheartaithe eagraíochtaí idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157 (1) den Rialachán seo agus atá riachtanach chun na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 157(1), pointe (c), den Rialachán seo a bhaint amach, ná, a mhéid a bhaineann le hearnáil na hola olóige agus na n-ológ boird agus earnáil an tobac, sna cuspóirí a liostaítear in Airteagal 162 den Rialachán seo agus nach bhfuil neamhréireach le rialacha an Aontais faoi mhír 4 den Airteagal seo.

Comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe lena gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, ní dhéanfar iad a thoirmeasc ná ní bheidh gá le réamhchinneadh chuige sin.

2.   Féadfaidh eagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe tuairim a iarraidh ón gCoimisiún maidir le comhoiriúnacht comhaontuithe, cinntí agus cleachtas comhbheartaithe dá dtagraítear i mír 1 leis an Airteagal seo. Cuirfidh an Coimisiún a thuairim chuig an eagraíocht idirchraoibhe iarrthach laistigh de 4 mhí tar éis dó iarraidh iomlán a fháil.

Má chinneann an Coimisiún am ar bith tar éis dó tuairiim a éisiúint nach bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh, dearbhóidh sé go mbeidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir leis an gcomhaontú, an cinneadh nó an cleachtas comhbheartaithe a bheidh i gceist sa todhchaí agus cuirfidh sé an eagraíocht idirchraoibhe ar an eolas dá réir sin.

Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát, ábhar tuairime a athrú, go háirithe más rud é gur chuir an eagraíocht idirchraoibhe iarrthach faisnéis neamhbheacht ar fáil nó má bhain sé mí-úsáid as an tuairim.’;

(b)

scriostar míreanna 3, 5 agus 6;

(60)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 210a

Tionscnaimh ingearacha agus chothrománach le haghaidh inbhuanaitheachta

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe táirgeoirí táirgí talmhaíochta a bhaineann le táirgeadh nó trádáil táirgí talmhaíochta agus a bhfuil sé d’aidhm acu caighdeán nbhuanaitheachta a chur i bhfeidhm atá níos airde ná an caighdeán a shainordaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, ar choinníoll nach bhforchuireann na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais chomhbheartaithe sin ach srianta ar iomaíocht atá fíor-riachtanach chun an caighdeán sin a bhaint amach.

2.   Tá feidhm ag mír 1 maidir le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe táirgeoirí táirgí talmhaíochta, ar páirtithe iontu roinnt táirgeoirí nó ar páirtithe iontu táirgeoir amháin nó níos mó i dteannta oibreoir amháin nó níos mó ar leibhéil éagsúla táirgthe, próiseála, agus trádála i slabhra an tsoláthair bia, lena n-áirítear dáileadh.

3.   Chun críocha mhír 1 ciallaíonn ‘caighdeán inbhuanaitheachta’ de réir bhrí mhír 1 a bhfuil sé mar aidhm leis rannchuidiú le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí seo a leanas:

(a)

cuspóirí comhshaoil, lena n-áirítear maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, úsáid agus cosaint inbhuanaithe tírdhreacha, uisce agus ithreacha, an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach, lena n-áirítear cur amú bia a laghdú, cosc agus rialú ar thruailliú, agus bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú;

(b)

táirgeadh na dtáirgí talmhaíochta ar bhealaí lena laghdaítear úsáid lotnaidicídí agus lena mbainistítear rioscaí a eascraíonn uathu, nó a laghdaíonn an baol a bhaineann le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach i dtáirgeadh talmhaíochta; agus

(c)

sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe.

4.   Comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe lena gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear san Airteagal seo, ní dhéanfar iad a thoirmeasc, ní bheidh gá le réamhchinneadh chuige sin.

5.   Eiseoidh an Coimisiún treoirlínte d'oibreoirí maidir le coinníollacha chur i bhfeidhm an Airteagail seo faoin 8 Nollaig 2023.

6.   Ón 8 Nollaig 2023, féadfaidh táirgeoirí dá dtagraítear i mír 1 tuairim a iarraidh ón gCoimisiún maidir le comhoiriúnacht comhaontuithe, cinntí agus cleachtas comhbheartaithe dá dtagraítear i mír 1 leis an Airteagal seo. Cuirfidh an Coimisiún a thuairim chuig an iarratasóir laistigh de 4 mhí tar éis dó iarraidh iomlán a fháil.

Má chinneann an Coimisiún am ar bith tar éis dó tuairim a éisiúint nach bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i míreanna 1, 3, agus 7 den Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh, dearbhóidh sé go mbeidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE i bhfeidhm maidir leis an gcomhaontú, an cinneadh nó an cleachtas comhbheartaithe a bheidh i gceist amach anseo agus cuirfidh sé na táirgeoirí ar an eolas dá réir sin.

Féadfaidh an Coimisiún ábhar tuairime a athrú, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát, go háirithe más rud é gur chuir an t-iarratasóir faisnéis neamhbheacht ar fáil nó má bhain sé mí-úsáid as an tuairim.

7.   Féadfaidh an t-údarás náisiúnta iomaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 cinneadh a dhéanamh i gcásanna aonair, san am atá le teacht, go ndéanfar ceann amháin nó níos mó de na comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe dá dtagraítear i mír 1 a mhodhnú, go gcuirfear deireadh leo nó nach ndéanfar iad ar chor ar bith, má mheasann sé go bhfuil cinneadh den sórt sin riachtanach chun cosc a chur ar eisiamh iomaíochta nó má mheasann sé go bhfuil na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 39 CFAE i mbaol.

I gcás comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe ina gcumhdaítear níos mó ná Ballstát amháin, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) agus (3) a chur i bhfeidhm.

Ag gníomhú dó faoin gcéad fhomhír den mhír seo, tabharfaidh an t-údarás náisiúnta iomaíochta fógra i scríbhinn don Choimisiún i ndiaidh tús a chur leis an gcéad bheart foirmiúil den imscrúdú agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi aon chinntí a leanann astu a glacadh gan mhoill tar éis a nglactha.

Ní bheidh feidhm ag na cinntí dá dtagraítear sa mhír seo roimh an dáta a bhfógraítear iad do na gnóthais lena mbaineann.’;

(61)

scriostar Airteagal 212;

(62)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 214a:

‘Airteagal 214a

Íocaíochtaí náisiúnta d'earnálacha áirithe san Fhionlainn

Faoi réir a údaraithe ag an gCoimisiún, don tréimhse ó 2023 go 2027, féadfaidh an Fhionlainn leanúint de na cabhracha náisiúnta a dheonaigh sí in 2022 a dheonú do tháirgeoirí ar bhonn an Airteagail seo ar choinníoll:

(a)

go mbeidh méid iomlán na cabhrach ioncaim chéimlaghdaithigh thar an tréimhse uile agus nach mó ná 67 % den mhéid a deonaíodh in 2022 a dheonófar in 2027; agus

(b)

sula mbainfear leas as an bhféidearthacht sin, beidh leas iomlán bainte as na scéimeanna tacaíochta faoi CBT do na hearnálacha lena mbaineann.

Glacfaidh an Coimisiún a údarú gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm.’;

(63)

in Airteagal 218(2), scriostar an tsraith don Ríocht Aontaithe;

(64)

leasaítear Airteagal 219(1) mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘1.   D'fhonn aghaidh a thabhairt go héifeachtúil agus go héifeachtach ar bhagairtí go suaithfí an margadh, bagairtí arb é ardú suntasach nó titim shuntasach i bpraghsanna ar an margadh inmheánach nó seachtrach is cúis leo nó imeachtaí nó tosca eile lena ndéanfar na margaí a shuaitheadh go suntasach nó go mbaineann bagairt leo go suaithfí na margaí lena mbaineann, ar dócha go leanfaidh an staid sin nó a cuid éifeachtaí ar an margadh ar aghaidh nó go rachaidh siad chun donais, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun na beartais is gá a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar staid an mhargaidh, agus aon oibleagáid atá mar thoradh ar na comhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE á n-urramú agus ar choinníoll gur léir nach bhfuil na bearta eile atá ar fáil faoin Rialachán seo leordhóthanach nó oiriúnach.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír:

‘A mhéid is gá agus fad is gá chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh an mhargaidh nó ar an mbagairt go dtarlódh an suaitheadh sin, féadfaidh na bearta sin raon feidhme, ré nó gnéithe eile de bhearta eile dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a shíneadh nó a mhodhnú, dleachtanna allmhairiúcháin a choigeartú nó a chur ar fionraí, ina n-iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear i gcás cainníochtaí nó tréimhsí áirithe de réir mar is gá, nó bheith i bfhoirm scéim shealadach dheonach chun táirgeadh a laghdú, go háirithe i gcásanna rósholáthair.’;

(65)

leasaítear Cuid V, Caibidil I, Roinn 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Bearta um thacaíocht mhargaidh a bhaineann le galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí agus laghdú ar mhuinín tomhaltóirí i ngeall ar bhaol sláinte don phobal, d'ainmhithe nó do phlandaí’;

(b)

leasaítear Airteagal 220 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Bearta a bhaineann le galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí agus caillteanas muiníne tomhaltóirí i ngeall ar bhaol sláinte don phobal, d'ainmhithe nó do phlandaí’;

(ii)

i mír 1, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

ar na srianta ar thrádáil laistigh den Aontas agus ar thrádáil le tríú tíortha a chur san áireamh, ar srianta iad a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar bhearta a ceapadh chun dul i ngleic le leathadh galar ainmhithe nó leathadh lotnaidí plandaí; agus’;

(iii)

i mír 2, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(-a)

torthaí agus glasraí;’;

(iv)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Ní fhéadfar na bearta dá bhforáiltear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a) a dhéanamh ach amháin má tá bearta sláinte, tréidliachta nó fíteashláintíochta déanta go tapa ag an mBallstát lena mbaineann chun deireadh a chur leis an ngalar nó chun faireachán a dhéanamh ar an lotnaid, í a rialú, a dhíothú nó a choinneáil faoi smacht agus ní fhéadfar iad a dhéanamh ach a mhéid a bheidh siad fíor-riachtanach agus ar feadh na tréimhse a bheidh fíor-riachtanach le tacú leis an margadh lena mbaineann.’;

(66)

i gCuid V, cuirtear isteach an Chaibidil agus na hAirteagail seo a leanas:

‘Caibidil Ia

Trédhearcacht sa mhargadh

Airteagal 222a

Faireachlanna margadh Aontais

1.   Chun feabhas a chur ar thrédhearcacht laistigh de shlabhra an tsoláthair bia, le gur fearr an bunús a bheadh le roghanna oibreoirí eacnamaíocha agus údarás poiblí, chun faireachán ar fhorbairtí sa mhargadh agus ar bhagairtí suaite sa mhargadh a éascú, bunóidh an Coimisiún faireachlanna margadh an Aontais.

2.   Féadfaidh an Coimisiún cé na hearnálacha talmhaíochta as measc na na gcinn a liostaítear in Airteagal 1(2) ina mbunófar faireachlanna margadh an Aontais a chinneadh.

3.   Le faireachlanna margadh an Aontais, déanfar na sonraí staidrimh agus an fhaisnéis staidrimh is gá chun an faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh agus ar bhagairtí suaite sa mhargadh a chur ar fáil, go háirithe:

(a)

táirgeadh, soláthar agus stoic;

(b)

praghsanna, costais agus, a mhéid is féidir, corrlaigh bhrabúis ar gach leibhéal de shlabhra an tsoláthair bia;

(c)

réamhaisnéisí margaidh gearrthéarma agus meántéarma;

(d)

allmhairí agus onnmhairí táirgí talmhaíochta, go háirithe cuótaí taraife a líonadh le haghaidh allmhairiú táirgí talmhaíochta isteach san Aontas.

Cuirfidh faireachlanna margadh an Aontais tuarascálacha ar fáil ina mbeidh na heilimintí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

4.   Baileoidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 agus deanfaidh siad é a sholáthar don Choimisiún.

Airteagal 222b

Tuairisciú ón gCoimisiún maidir le forbairtí sa mhargadh

1.   Ina dtuarascálacha, leis faireachlanna margadh an Aontais arna mbunú de bhun Airteagal 222a, déanfarbagairtí go suaithfí an margadh, maidir le méadaithe nó laghdaithe suntasacha ar phraghsanna i margaí inmheánacha nó seachtracha nó maidir le teagmhais nó imthosca eile a bhfuil éifeachtaí comhchosúla acu.

2.   Cuirfidh an Coimisiún faisnéis faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go tráthrialta ar staid an mhargaidh i gcás táirgí talmhaíochta, na cúiseanna le suaití sa mhargadh agus, na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh mar fhreagairt ar suaití sa mhargadh, go háirithe na bearta dá bhforáiltear i gCuid II, Teideal I, Caibidil I, agus Airteagail 219, 220, 221 agus 222 chomh maith leis an réasúnaíocht a bhaineann leis na bearta sin’;

(67)

in Airteagal 223(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Féadfar an fhaisnéis a fhaightear a tharchur chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, údaráis na margaí airgeadais de chuid an Aontais agus náisiúnta, údaráis inniúla tríú tíortha nó í a chur ar fáil dóibh agus féadfar í a phoibliú, faoi réir sonraí pearsanta a chosaint agus faoi réir leas dlisteanach gnóthas a rúin ghnó, lena n-áirítear praghsanna, a chosaint.

Comhoibreoidh an Coimisiún agus malartóidh sé faisnéis leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), chun cabhrú leo a gcúraimí faoi Rialachán (AE) 596/2014 a chomhlíonadh.’;

(68)

leasaítear Airteagal 225 mar a leanas:

(a)

scriostar pointe (a);

(b)

scriostar pointí (b) agus (c);

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

faoin 31 Nollaig 2025, agus gach 7 mbliana ina dhiaidh sin, maidir le cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta mar leagtar síos sa Rialachán seo maidir le hearnáil na talmhaíochta i ngach Ballstát;’;

(d)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(da)

faoin 31 Nollaig 2023 maidir le faireachlanna margaidh an Aontais arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 222a;

(db)

faoin 31 Nollaig 2023, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, maidir le húsáid na mbeart géarchéime a glacadh go háirithe de bhun Airteagail 219 go 222;

(dc)

faoin 31 Nollaig 2024 maidir le húsáid teicneolaíochtaí nua faisnéise agus cumarsáide chun trédhearcacht níos fearr sa mhargadh a áirithiú, dá dtagraítear in Airteagal 223;

(dd)

faoin 30 Meitheamh 2024 maidir le sonrúcháin díolacháin agus aicmiú conablach in earnáil na caoireola agus fheoil na ngabhar;’;

(69)

i gCuid V, scriostar Caibidil III, ina bhfuil Airteagal 226.

(70)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i gCuid I(a), scriostar an chéad agus an dara sraith (cóid AC 0709 99 60 agus 0712 90 19);

(b)

i gCuid I(d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad sraithe (cód AC 0714):

‘ex 0714 – Casabhach, ararút, salep agus fréamhacha agus tiúbair chomhchosúla a bhfuil méid mór stáirse nó ionúiline iontu, úr, fuaraithe, reoite nó triomaithe, cé acu atá nó nach bhfuil siad slisnithe nó i bhfoirm millíní, seachas prátaí milse faoi fho-cheannteideal 0714 20 agus bliosáin ghréine faoi fho-cheannteideal ex 0714 90 90; laíon sáig;’;

(c)

leasaítear Cuid IX mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chur síos sa chúigiú sraith (cód CN 0706):

‘Cairéid, tornapaí, meacain bhiatais sailéid, salsabh, soiliriac, raidisí agus fréamhacha inite comhchosúla (22), iad úr nó fuaraithe

(22)  Lena n-áirítear svaeideanna.’;"

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chur síos sa ochtú sraith (cód AC ex 0709):

‘Glasraí eile, úra nó fuaraithe, seachas glasraí faoi cheannteidil 0709 60 91, 0709 60 95, ex 0709 60 99 de ghéineas Pimenta, 0709 92 10 agus 0709 92 90’;

(iii)

cuirtear isteach na sraitheanna seo a leanas:

‘0714 20 prátaí milse

ex 0714 90 90 bliosáin ghréine’;

(d)

i gCuid X, scriostar na heisiaimh maidir le grán milis;

(e)

i gCuid XII, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

‘(e)

ex 2202 99 19: - - - Eile, fíon dí-alcólaithe nach mó ná 0,5 % toirte a neart alcóil de réir toirte.’;

(f)

i gCuid XXIV, Roinn 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil ‘0709 60 99’:

‘ex 0709 60 99: - - - Eile, de ghéineas Pimenta’;

(71)

in Iarscríbhinn II, leasaítear Cuid II mar a leanas:

(a)

i gCuid A, pointe 4, scriostar an dara habairt;

(b)

scriostar Roinn B;

(72)

leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘CÁILÍOCHT CHAIGHDEÁNACH RÍSE AGUS SIÚCRA MAR A THAGRAÍTEAR DÓIBH IN AIRTEAGAL 1a DE RIALACHÁN (AE) UIMH. 1370/2013 (*6)

(*6)  Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 lena gcinntear bearta maidir le cabhair agus aisíocaíochtaí áirithe a shocrú a bhaineann le comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta (IO L 346, 20.12.2013, lch. 12);’;"

(b)

i gCuid B, scriostar Roinn I;

(73)

scriostar Iarscríbhinn VI;

(74)

leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:

(a)

leasaítear Cuid I mar a leanas:

(i)

i bpointe II, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

‘Arna iarraidh sin do ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, féadfaidh an Ballstát ábhartha a chinneadh níl feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear sa phointe seo maidir le feoil bó-ainmhithe ar cláraíodh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ón gComhairle, roimh an 29 Meitheamh 2007.’;

(ii)

i bpointe III.1(A), scriostar an tsraith don Ríocht Aontaithe;

(iii)

i bpointe III.1(B), scriostar an tsraith don Ríocht Aontaithe;

(b)

leasaítear Cuid II mar a leanas:

(i)

cuirtear isteach an fhoclaíocht réamhráiteach seo a leanas:

‘Is iad na catagóirí táirgí fíniúna na catagóirí a leagtar amach i bpointí (1) go (17). Féadfar cóireáil dhí-alcólaithe iomlán nó pháirt-dhí-alcólaithe a dhéanamh ar na catagóirí táirgí fíniúna a leagtar amach i bpointe (1) agus i bpointí (4) go (9) i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, Cuid I, Roinn E, tar éis dóibh a saintréithe faoi seach, mar a thuairiscítear sna pointí sin iad, a bheith acu go hiomlán.’;

(ii)

i bpointe 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

táirge a bhfuil neart alcóil iarbhír aige nach lú ná 15 % de réir toirte agus nach mó ná 22 % de réir toirte. Go heisceachtúil, agus i gcás fíonta atá ag aosú le fada, féadfaidh na teorainneacha sin a bheith éagsúil i bhfíonta licéir áirithe a bhfuil sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach acu ar an liosta a bhunaigh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 75(2), ar choinníoll go:

gcomhlíonfaidh na fíonta a chuirtear isteach sa phróiseas aosaithe an sainmhíniú ar fhíonta licéir; agus

nach mbeidh neart alcóil iarbhír an fhíona aosta níos lú ná 14 % de réir toirte;’;

(c)

leasaítear Foscríbhinn I mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(c):

‘(c)

sa Bheilg, sa Danmhairg, san Eastóin, in Éirinn, san Ísiltír, sa Liotuáin, sa Pholainn agus sa tSualainn: limistéir fíonsaothrúcháin na mBallstát sin;’

(ii)

i bpointe 2(g), cuirtear na focail ‘réigiún fíonsaothrúcháin‘ in ionad an fhocail ‘limistéar’;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4(f):

‘(f)

sa Rómáin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin fíonsaothrúcháin seo a leanas: Dealurile Munteniei și Olteniei le fíonghoirt Dealurile Buzăului, Dealu Mare, Severinului agus Plaiurile Drâncei, Colinele Dobrogei, Terasele Dunării, réigiún fíona an Deiscirt, lena n-áirítear réigiúin ghainimh agus réigiúin fhabhracha eile;’;

(iv)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4(g):

‘(g)

sa Chróit, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna fo-réigiúin seo a leanas: Hrvatska Istra, Hrvatsko primorje agus Dalmatinska zagora;’;

(v)

i bpointe 6, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(h)

sa Chróit, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna fo-réigiúin seo a leanas: Sjeverna Dalmacija agus Srednja i Južna Dalmacija.’;

(75)

leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:

(a)

leasaítear Cuid I mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Saibhriú, aigéadú agus dí-aigéadú i gcriosanna fíonsaothrúcháin áirithe agus dí-alcólú’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7(b) de Roinn B:

‘(b)

maidir le táirgeadh fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, neart alcóil iomlán na dtáirgí dá dtagraítear i bpointe 6 a ardú de réir toirte go leibhéal atá le cinneadh ag Ballstáit.’;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn C:

‘C.   Aigéadú agus dí-aigéadú

1.

D'fhéadfadh fíonchaora úra, úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor leathchoipthe, fíon nua atá fós faoi choipeadh, agus fíon a bheith faoi réir aigéadú agus dí-aigéadú.

2.

Féadfar na táirgí dá dtagraítear i bpointe 1 a aigéadú suas le 4 g/l ar a mhéid a shloinntear mar aigéad tartarach, nó 53,3 milleachoibhéis in aghaidh an lítir.

3.

Féadfar fíon a dhí-aigéadú suas le 1 g/l ar a mhéid a shloinntear mar aigéad tartarach, nó 13,3 milleachoibhéis in aghaidh an lítir.

4.

Féadfar úrfhíon fíonchaor atá beartaithe do thiúchan a dhí-aigéadú go páirteach.

5.

Is próisis chomheisiatacha ar a chéile a bheidh in aigéadú agus saibhriú, cé is moite de mhaolú a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 75(2), agus aigéadú agus dí-aigéadú an táirge chéanna.’;

(iv)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3 de Roinn D:

‘3.

Ní tharlóidh aigéadú ná dí-aigéadú fíonta ach amháin sa chrios fíonsaothrúcháin inar saothraíodh na fíonchaora a úsáideadh chun an fíon atá i gceist a tháirgeadh.’;

(v)

cuirtear an Roinn seo a leanas léi:

‘E.   Próisis dhí-alcólaithe

Beidh gach ceann de na próisis dhí-alcólaithe seo atá liostaithe thíos ceadaithe, cibé an n- úsáidtear astu féin iad nó i gcumasc le próisis dhí-alcólaithe liostaithe eile, chun cion eatánóil na dtáirgí fíniúna dá dtagraítear in d'Iarscríbhinn VII, Chuid II, pointe 1 agus pointí 4 go 9 a laghdú nó a asbhaint beagnach nó ina iomláine:

(a)

páirt-fholúsghalú;

(b)

teicnící fíocháin;

(c)

driogadh.

Ní bheidh de thoradh ar na próisis dhí-alcólaithe a úsáidfear go bhfágfar fabhtanna orgánaileipteacha sa táirge fíniúna. Ní mór a chinntiú nach i gcónasc le méadú ar an gcion siúcra san úrfhíon fíonchaor a dhéantar an díbirt eatánóil as an táirge fíniúna.’;

(b)

i gCuid II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3(b) de Roinn B:

‘3.

Ní bhainfidh pointí 1 agus 2 le táirgí atá beartaithe chun táirgí a tháirgeadh in Éirinn agus sa Pholainn, ar táirgí iad a thagann faoi chód AC 2206 00 a bhféadfaidh na Ballstáit úsáid comhainm a cheadú ina leith, lena n-áirítear an sonrúchán díolacháin ‘fíon’.’;

(76)

in Iarscríbhinn X, pointe II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.

Beidh feidhm ag an bpraghas dá dtagraítear i mír 1 maidir le biatas siúcra de cháilíocht fhónta, chóir agus indíolta ina bhfuil cion siúcra 16 % ag an bpointe glactha.

Coigeartófar an praghas le méaduithe nó le laghduithe i bpraghsanna, arna gcomhaontú ag na comhpháirtithe roimh ré, sa chaoi go gcuirfear diallais ón gcáilíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír san áireamh.’;

(77)

i bpointe XI d’Iarscríbhinn X, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.

Beidh sásraí idir-réitigh agus/nó sásraí idirghabhála agus clásail eadrána sna comhaontuithe laistigh den trádáil mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn II Cuid II, Roinn A, pointe 6.’;

(78)

scriostar Iarscríbhinní XI, XII agus XIII.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

airíonna breisluacha a eascraíonn as na modhanna feirmeoireachta nó próiseála arna n-úsáid lena dtáirgeadh, nó as áit a dtáirgthe nó as margaíocht nó as rannchuidiú féideartha na modhanna sin le forbairt inbhuanaithe.’;

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le deochanna biotáilleacha ná le táirgí fíniúna, mar a shainmhínítear iad in Iarscríbhinn VII, Cuid II, a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d'fhínéagair fíona.

3.   Na clárúcháin a dhéanfar de bhun Airteagal 52 de, tá siad gan dochar d'oibleagáid na dtáirgeoirí rialacha eile de chuid an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe iad a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh agus le lipéadú bia.’;

(3)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Chun críoch an Rialacháin seo, is éard atá i gceist le ‘sonrúchán tionscnaimh’ ainm a bhféadfaidh a bheith ina ainm a úsáidtear go traidisiúnta, lena sainaithnítear táirge:

(a)

de thionscnamh áit, réigiúin nó, i gcásanna eisceachtúla, tíre ar leith;

(b)

ar timpeallacht gheografach ar leith agus a gnéithe dúchasacha nádúrtha agus a gnéithe daonna, is cúis, go bunúsach nó go heisiach, lena cháilíocht nó lena shaintréithe; agus

(c)

a dtarlaíonn a chéimeanna táirgthe ar fad sa limistéar geografach sainithe.

2.   Chun críoch an Rialacháin seo, is éard atá i gceist le ‘tásc geografach’ ainm, lena n-áirítear ainm a úsáidtear go traidisiúnta, lena sainaithnítear táirge:

(a)

de thionscnamh áit, réigiúin nó tíre ar leith;

(b)

a bhfuil a cháilíocht, a chlú nó saintréith eile dá chuid inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh; agus

(c)

a dtarlaíonn ceann amháin de na céimeanna táirgthe ar a laghad sa limistéar geografach sainithe.’;

(4)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ní fhéadfar ainm a chlárú mar sonrúchán tionscnaimh ná mar thásc geografach i gcás ina bhfuil easaontas ann idir é agus ainm cineáil phlanda nó ainm póir ainmhí agus ar dóigh don chlárúchán an tomhaltóir a chur amú maidir le tionscnamh ceart an táirge nó a bheith ina chúis mhearbhaill idir táirgí lena ngabhann an sonrúchán cláraithe agus an cineál nó pór atá i gceist.

Déanfar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a mheas i ndáil le húsáid iarbhír na n-ainmneacha faoi choinbhleacht, lena n-áirítear úsáid ainm an chineáil phlanda nó an phóir ainmhí lasmuigh dá limistéar tionscnaimh agus úsáid ainm cineáil phlanda a chosnaítear le ceart maoine intleachtúla eile.’;

(5)

in Airteagal 7, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (f):

‘(f)

mionsonraí lena suitear an méid seo a leanas:

(i)

a mhéid a bhaineann le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht nó saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach dá dtagraítear in Airteagal 5(1); cé go bhféadfar na mionsonraí a bhaineann le gnéithe daonna na timpeallachta geografaí sin, i gcás inarb ábhartha, a theorannú do thuairisc ar an mbainistiú ithreach agus tírdhreacha, ar chleachtais saothraithe nó ar aon rannchuidiú ábhartha eile ón duine le gnéithe nádúrtha na timpeallachta geografaí a chothabháil dá dtagraítear sa mhír sin;

(ii)

a mhéid a bhaineann le tásc geografach faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht, clú nó saintréith eile an táirge agus an tásc geografach dá dtagraítear in Airteagal 5(2);’

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Féadfaidh tuairisc a bheith sa tsonraíocht táirge ar rannchuidiú an tsonrúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh leis an bhforbairt inbhuanaithe.’;

(6)

in Airteagal 10(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Ní bheidh ráiteas freasúra réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 51(1) inghlactha ach amháin má fhaigheann an Coimisiún an ráiteas sin laistigh den teorainn ama a leagtar amach sa mhír sin, agus:’;

(7)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás táirgí de thionscnamh an Aontais, a mhargófar faoi shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó faoi thásc geografach faoi chosaint a bheidh cláraithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, beidh siombailí an Aontais a bhaineann leo le feiceáil ar an lipéad agus ar na hábhair fógraíochta. Na ceanglais lipéadaithe a leagtar amach in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 i ndáil le cur i láthair na sonraí sainordaitheacha, beidh feidhm acu maidir le hainm cláraithe an táirge. Féadfaidh na tásca ‘sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint’ nó ‘tásc geografach faoi chosaint’ nó na giorrúcháin chomhfhreagracha ‘STFC’ nó ‘TGFC’ a bheith le feiceáil ar an lipéad.’;

(8)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

aon úsáid dhíreach nó indíreach tráchtála a bhaintear as ainm cláraithe maidir le táirgí nach gcumhdaítear faoin gclárú i gcás ina bhfuil na táirgí sin inchomparáide leis na táirgí atá cláraithe faoin ainm sin nó i gcás ina dtagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an ainm atá faoi chosaint nó i gcás ina lagaítear nó ina gcaolaítear ar an ainm sin, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar;’;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘4.   Beidh feidhm ag an gcosaint dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach a bheidh gan scaoileadh i saorchúrsaíocht laistigh de chríoch chustaim an Aontais; agus

(b)

earraí a dhíoltar trí mhodhanna ciandíola amhail ríomhthráchtáil.

Maidir le hearraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach nach scaoiltear sa tsaorchúrsaíocht laistigh den chríoch sin, beidh an grúpa nó aon oibreoir atá i dteideal úsáid a bhaint as an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint, beidh sé i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí earraí a thabhairt isteach san Aontas, le linn trádála, gan iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás inar tháinig na hearraí sin, lena n-áirítear an phacáistíocht, ó thríú tíortha agus ina bhfuil orthu, gan údarú, an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint.’;

(9)

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2) seachas i gcás ina dtaisctear ráiteas freasúra inghlactha faoi Airteagal 49(3).’;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Gan dochar d’Airteagal 14, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirtear síneadh suas go 15 bliana leis an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcásanna a bhfuil údar cuí leo i gcásanna ina léirítear an méid seo a leanas:’;

(10)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 16a

Na tásca geografacha do tháirgí fíona cumhraithe atá ann faoi láthair

Na hainmneacha atá cláraithe sa chlár arna bhunú de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7), déanfar iad a chlárú go huathoibríoch sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo mar thásca geografacha faoi chosaint. Na sonraíochtaí comhfhreagracha, measfar gurb iad sin na sonraíochtaí chun críoch Airteagal 7 den Rialachán seo.

(*7)  Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).’;"

(11)

in Airteagal 21(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘1.   Ní bheidh an ráiteas freasúra réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 51(1) inghlactha ach amháin má fhaigheann an Coimisiún an ráiteas sin sula rachaidh an teorainn ama in éag agus:’;

(12)

in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás na dtáirgí ar de thionscnamh an Aontais iad agus a mhargaítear mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh an tsiombail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo le feiceáil ar an lipéad agus ar an ábhar fógraíochta, gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo. Na ceanglais lipéadaithe a leagtar amach in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 i ndáil le cur i láthair na sonraí sainordaitheacha, beidh feidhm acu maidir le hainm cláraithe an táirge. Féadfar an tásc ‘sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht’ nó an giorrúchán comhfhreagrach ‘STR’ a chur ar an lipéad freisin.

Beidh sé roghnach an tsiombail a chur ar lipéid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a tháirgtear lasmuigh den Aontas.’;

(13)

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfar ainmneacha cláraithe a chosaint ar aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le táirgí a úsáidtear mar chomhábhair, nó ar aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú.’;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘4.   Beidh feidhm ag an gcosaint dá dtagraítear i mír 1 freisin maidir le hearraí a dhíoltar trí mhodhanna ciandíola amhail ríomhthráchtáil.’;

(14)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 24a

Idirthréimhsí le haghaidh úsáid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena dtabharfar idirthréimhse suas le 5 bliana do tháirgí atá ar an margadh agus a bhfuil ainm a sháraíonn Airteagal 24(1) mar shonrúchán orthu nó mar chuid dá sonrúchán, ionas go bhféadfar leanúint de bheith ag úsáid an tsonrúcháin faoinar cuireadh ar an margadh iad, ar choinníoll go gcuirtear ar fáil ráiteas freasúra inghlactha de bhun Airteagal 49(3) nó Airteagal 51 a léiríonn go raibh an t-ainm sin in úsáid go dleathach ar mhargadh an Aontais ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad roimh dháta foilsithe an fhoilseacháin dá bhforáiltear in Airteagal 50(2), pointe (b).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2) cé is moite de thaisceadh ráiteas freasúra inghlactha faoi Airteagal 49(3).’;

(15)

in Airteagal 49, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘8.   Má thionscnaítear aon nósanna imeachta os comhair cúirt náisiúnta nó comhlacht náisiúnta eile, ar nósanna imeachta iad a bhaineann le hiarratas a taisceadh leis an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4, cuirfidh an Ballstát é sin in iúl don Choimisiún gan mhoill, agus má dhéantar an t-iarratais ar chosaint a neamhbhailíochtú ar an leibhéal náisiúnta trí chinneadh breithiúnach is infheidhme láithreach ach nach bhfuil críochnaitheach.’;

(16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50:

‘Airteagal 50

Grinnscrúdú ag an gCoimisiún agus foilsiú le haghaidh freasúra

1.   Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar iarratais ar chlárú a gheobhaidh sé i gcomhréir le hAirteagal 49(4) agus (5). Déanfaidh an Coimisiún a sheiceáil go bhfuil an fhaisnéis riachtanach sna hiarratais agus nach bhfuil aon earráidí follasacha iontu, agus toradh an nós imeachta grinnscrúdaithe agus an nós imeachta freasúra a rinne an Ballstát lena mbaineann á chur san áireamh aige.

Níor cheart gurbh fhaide ná 6 mhí an tréimhse a chaithfeadh an Coimisiún i mbun an ghrinnscrúdaithe, agus an tréimhse sin arna tomhas ón dáta a fhaightear an t-iarratas ón mBallstát. I gcás ina sárófar an tréimhse sin, cuirfidh an Coimisiún cúiseanna na moille in iúl i scríbhinn don hiarratasóir

Uair sa mhí ar a laghad, foilseoidh an Coimisiún liosta na n-ainmneacha sin ar cuireadh iarratais ar chlárú ina leith faoina bhráid, mar aon leis an dáta a cuireadh isteach iad.

2.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an ngrinnscrúdú a rinneadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chlárú faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II, nó gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(1) agus (2) a mhéid a bhaineann le hiarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, foilseoidh sé an méid seo a leanas in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:

(a)

i gcás iarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II, an doiciméad aonair agus tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge;

(b)

i gcás iarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, an tsonraíocht.;

3.   Díolmhófar an Coimisiún ón oibleagáid cloí leis an spriocdháta don ghrinnscrúdú a dhéanamh agus na cúiseanna leis an moill a chur in iúl don iarratasóir,i gcás ina bhfaigheann sé cumarsáid ó Bhallstát, maidir le hiarratas ar chlárú arna thaisceadh leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 49(4), ar cumarsáid í:

(a)

ina gcuirtear in iúl don Choimisiún ndearnadh an t-iarratas a neamhbhailíochtú ar an leibhéal náisiúnta trí chinneadh breithiúnach is infheidhme láithreach ach nach cinneadh breithiúnach críochnaitheach é; nó

(b)

ina n-iarrtar ar an gCoimisiún an grinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fionraí toisc gur tionscnaíodh imeachtaí breithiúnach náisiúnta chun agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht an iarratais agus a mheasann an Ballstát go bhfuil na imeachtaí sin bunaithe ar fhorais bhailí.

Beidh éifeacht ag an díolúine go dtí go gcuirfidh an Ballstát in iúl don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas bunaidh infheidhme arís nó go bhfuil an iarraidh ar fhionraí á tarraingt siar ag an mBallstát.’;

(17)

leasaítear Airteagal 51 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, 2 agus 3:

‘1.   Laistigh de 3 mhí ó dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air nó atá bunaithe i dtríú tír agus a bhfuil leas dlisteanach aige, ráiteas freasúra réasúnaithe a thaisceadh leis an gCoimisiún.

Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air nó atá bunaithe i mBallstát seachas sa Bhallstát sin ónar cuireadh an t-iarratas isteach, agus a bhfuil leas dlisteanach aige, féadfaidh sé ráiteas freasúra réasúnaithe a thaisceadh leis an mBallstát a bhfuil sé ina chónaí nó bunaithe ann laistigh de theorainn ama inar féidir agóid a thaisceadh de bhun na chéad fhomhíre.’;

2.   Déanfaidh an Coimisiún inghlacthacht an ráitis freasúra réasúnaithe a scrúdúbunaithe ar na forais freasúra a leagtar síos in Airteagal 10 a mhéid a bhaineann le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, agus bunaithe ar na forais freasúra a leagtar síos in Airteagal 21 a mhéid a bhaineann le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.;

3.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún gurb inghlactha an ráiteas freasúra réasúnaithe, tabharfaidh sé, laistigh de 5 mhí ó dháta foilsithe an iarratais in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, cuireadh don údarás nó don duine a thaisc an ráiteas freasúra réasúnaithe, agus don údarás nó don chomhlacht a thaisc an t-iarratas leis an gCoimisiún, a bheith páirteach i gcomhairliúcháin iomchuí ar feadh tréimhse réasúnta nach faide ná 3 mhí.

An t-údarás nó an duine a thaisc an ráiteas freasúra réasúnaithe agus an t-údarás nó an comhlacht a thaisc an t-iarratas, rachaidh siad i mbun na gcomhairliúchán iomchuí sin gan moill mhíchuí. Cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fáil dá chéile chun a mheas an gcomhlíonann an t-iarratas ar chlárú na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Mura dtagtar ar chomhaontú, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún.

Tráth ar bith laistigh den tréimhse chomhairliúcháin, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh ón iarratasóir, síneadh a chur leis an spriocdháta le haghaidh na gcomhairliúchán ach gan an síneadh sin a bheith níos faide ná 3 mhí.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   An ráiteas freasúra réasúnaithe agus na doiciméid eile a chuirfear chuig an gCoimisiún i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3, beidh siad i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais.’;

(18)

in Airteagal 52, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   I gcás, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún ón ngrinnscrúdú a dhéantar de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 50(1), ina measann an Coimisiún nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6, a mhéid a bhaineann leis na scéimeanna cáilíochta a leagtar amach i dTeideal II, nó in Airteagal 18, a mhéid a bhaineann leis na scéimeanna cáilíochta a leagtar amach i dTeideal III, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena ndiúltófar an t-iarratas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

2.   Mura bhfaighidh an Coimisiún aon ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha faoi Airteagal 51, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm, lena gclárófar an t-ainm.’;

(19)

leasaítear Airteagal 53 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 53

Leasuithe ar shonraíochtaí táirge’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ina dhá gcatagóir a aicmítear leasuithe ar shonraíocht táirge agus is de réir a dtábhachta an t-aicmiú sin: Leasuithe ar leibhéal an Aontais a dteastaíonn nós imeachta freasúra lena n-aghaidh ar leibhéal an Aontais, agus leasuithe caighdeánacha a ndéileálfar leo ar leibhéal an Bhallstáit nó an tríú tír.

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ‘leasú Aontais’ leasú ar shonraíocht táirge ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá, mar chuid de, athrú ar ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó ar ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint, nó ar úsáid an ainm sin;

(b)

tá an riosca ann go gcealódh sé na naisc dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b), i dtaca le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, nó nasc dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (b), i dtaca le tásca geografacha faoi chosaint;

(c)

baineann sé le sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht; nó

(d)

gabhann srianta breise leis i dtaca le margaíocht a dhéanamh ar an táirge.

Ciallaíonn ‘leasú caighdeánach’ aon leasú a dhéantar ar shonraíocht táirge nach leasú Aontais é.

Ciallaíonn ‘leasú sealadach’ leasú caighdeánach a bhaineann le hathrú sealadach ar shonraíocht táirge mar thoradh ar bhearta éigeantacha sláintíochta nó fíteashláintíochta a d’fhorchuir na húdaráis phoiblí nó leasú sealadach ab éigean a dhéanamh de dheasca tubaiste nádúrtha nó dálaí díobhálacha aimsire a ndearna na húdaráis inniúla iad a aithint go foirmiúil.

Formheasfaidh an Coimisiún leasuithe Aontais. Leanfaidh an nós imeachta formheasta an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 49 go 52, mutatis mutandis.

Beidh grinnscrúdú ar an iarratas dírithe ar an leasú atá beartaithe. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún nó an Ballstát lena mbaineann iarraidh ar an iarrthóir eilimintí eile de na sonraíochtaí táirge a mhodhnú.

Formheasfaidh an Ballstát ar ina chríoch atá limistéar geografach an táirge lena mbaineann suite na leasuithe caighdeánacha agus cuirfear ar fáil go poiblí iad agus cuirfear in iúl don Choimisiún iad. Formheasfaidh tríú tíortha leasuithe caighdeánacha i gcomhréir leis an dlí is infheidhme sa tríú tír lena mbaineann, agus cuirfidh siad na leasuithe sin in iúl don Choimisiún.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Chun an próiseas riaracháin a bhaineann le leasuithe ar shonraíochtaí táirge a éascú, idir leasuithe Aontais agus leasuithe caighdeánacha araon, lena n-airítear leasú nach ngabhann aon athrú ar an doiciméad aonair leo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56 lena gcomhlánaítear na rialacha a bhaineann leis an bpróiseas lena ndéantar iarratais ar leasuithe.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair iarratais ar leasú agus maidir le fógra a thabhairt faoi leasuithe ar leibhéal an Aontais, agus maidir le nósanna imeachta agus foirm na leasuithe caighdeánacha agus faoi leasuithe caighdeánacha a chur in iúl don Choimisiún. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).’;

(20)

in Iarscríbhinn I, pointe I, cuirtear isteach na fleasca seo a leanas:

‘-

fíonta cumhraithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014,

deochanna alcólacha eile, cé is moite de dheochanna biotáilleacha agus de tháirgí fíniúna mar a shainmhínítear iad in Iarscríbhinn VII, Cuid II, a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013,

céir beach.’;

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú táirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle’;

(2)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha i dtaca le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus le lipéadú táirgí fíona cumhraithe.’;

(3)

in Airteagal 2, scriostar pointe 3;

(4)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Féadfar tásc geografach táirgí fíona cumhraithe a chosnaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a chur in ionad ainmníochtaí díolacháin nó iad a fhorlíonadh leis.’;

(b)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘6.   I gcás táirgí fíona chumhraithe a tháirgtear san Aontas agus a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú chuig tríú tíortha ina gceanglaítear ainmníochtaí díolacháin éagsúla lena reachtaíocht, féadfaidh na Ballstáit a cheadú go mbeidh na hainmníochtaí díolacháin sin ag gabháil leis na hainmníochtaí díolacháin sin a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Féadfar na hainmníochtaí díolacháin breise sin a thaispeáint i dteangacha eile seachas i dteangacha oifigiúla an Aontais.

7.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun Iarscríbhinn II a fhorlíonadh chun dul chun cinn teicniúil, forbairtí eolaíocha agus margaidh, sláinte tomhaltóirí nó riachtanais tomhaltóirí ó thaobh faisnéis de a chur san áireamh.’;

(5)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 6a

Dearbhú cothúcháin agus liosta comhábhar

1.   Beidh na sonraí sainordaitheacha seo a leanas ar an lipéadú ar tháirgí fíona cumhraithe a mhargaítear san Aontas:

(a)

an dearbhú cothúcháin de bhun Airteagal 9(1), pointe (l), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011; agus

(b)

an liosta comhábhar de bhun Airteagal 9(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.’

2.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (a), féadfar an dearbhú cothúcháin ar an bpacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte di a theorannú don luach fuinnimh, ar féidir é a chur in iúl trí úsáid a bhaint as an tsiombail ‘E’ don fhuinneamh. I gcásanna den sórt sin, cuirfear an dearbhú cothúcháin iomlán ar fáil trí mhodhanna leictreonacha a bheidh sainaitheanta ar an bpacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte di. Ní thaispeánfar an dearbhú cothúcháin sin le faisnéis eile atá ceaptha chun críoch díolacháin nó margaíochta agus ní dhéanfar aon sonraí úsáideora a bhailiú ná a rianú.

3.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (b), féadfar an liosta comhábhar a sholáthar trí mheán leictreonach a bheidh sainaitheanta ar an bpacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte di. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a)

ní dhéanfar aon sonraí úsáideora a bhailiú ná a rianú;

(b)

ní thaispeánfar an liosta comhábhar le faisnéis eile atá ceaptha chun críoch díolacháin nó margaíochta; agus

(c)

beidh léiriú na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1,) pointe (c,) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 le feiceáil go díreach ar an bpacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte de.

Áireofar leis an tásc dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), don mhír seo na focail 'ina bhfuil' le hainm na substainte nó ainm an táirge, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 1169/2011.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na rialacha maidir le comhábhair a léiriú agus a ainmniú chun mír 1, pointe (b), den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, a shonrú tuilleadh.’;

(6)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ainm an táisc gheografaigh ar tháirge fíona cumhraithe a chosnaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, taispeánfar é ar an lipéad sa teanga nó sna teangacha ina gclárófar é, fiú i gcás ina gcuirtear an tásc geografach in ionad na hainmníochta díolacháin i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Rialachán seo.

I gcás ina ndéanfar ainm táisc gheografaigh táirgí fíona cumhraithe a chosnaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a scríobh in aibítir nach aibítir Laidineach í, féadfar é a thaispeáint freisin i dteanga oifigiúil amháin nó níos mó de chuid an Aontais.’;

(7)

scriostar Airteagal 9;

(8)

scriostar Caibidil III, ina bhfuil Airteagail 10 go 30.

(9)

leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘2a.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 5(7) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 7 Nollaig 2021. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6a(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 8 Nollaig 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), Airteagal 5(7), Airteagal 6a(4), Airteagal 28, Airteagal 32(2) agus Airteagal 36(1) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 4(2), Airteagal 5(7), Airteagal 6a(4), Airteagal 28, Airteagal 32(2) agus Airteagal 36(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt nó más rud é, roimh dhul in éag don tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’;

(10)

in Iarscríbhinn, pointe (1)(a), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(iv)

deochanna biotáilleacha nach mó a gcainníocht ná 1 % den toirt fhoriomlán.’;

(11)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

i gCuid A, pointe 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:

‘-

a bhféadfadh alcól a bheith curtha léi; agus’

(b)

leasaítear Cuid B mar a leanas:

(i)

i bpointe 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:

‘-

a fhaightear ó fhíon dearg nó ó fhíon bán amháin nó uathu araon,’;

(ii)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(14)

Wino ziołowe

Deoch chumhraithe fhíonbhunaithe:

(a)

a fhaightear ó fhíon agus inar táirgí fíniúna 85 % ar a laghad den toirt iomlán,

(b)

a blaistíodh le hullmhóidí blaistithe a fhaightear ó luibheanna nó ó spíosraí nó ón dá rud, agus leo sin amháin,

(c)

nach bhfuil daite,

(d)

a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 7 % inti’.

Airteagal 4

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 22a

Comhaontuithe idirchraoibhe in La Réunion

1.   De bhun Airteagal 349 den Chonradh, de mhaolú ar Airteagal 101(1) den Chonradh agus d’ainneoin Airteagal 164(4), an chéad fhomhír, pointí (a) go (n) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, i gcás eagraíocht idirchraoibhe a aithnítear de bhun Airteagal 157 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ar eagraíocht í a oibríonn go heisiach in La Réunion agus a mheastar go n-ionadaíonn sí do tháirgeadh, do thrádáil nó do phróiseáil táirge shonraithe amháin, féadfaidh an Fhrainc, ar iarraidh ón eagraíocht sin, rialacha, arb é is aidhm dóibh tacaíocht a thabhairt do chothabháil agus éagsúlú an táirgthe áitiúil chun an tslándáil bia a mhéadú in La Réunion, a shíneadh chuig oibreoirí eile nach comhaltaí den eagraíocht idirchraoibhe sin iad, ar choinníoll go bhfuil feidhm ag na rialacha sin maidir leis na hoibreoirí sin amháin nach ndéanann a gcuid gníomhaíochtaí ach in La Réunion amháin agus a bhaineann le táirgí atá ceaptha don mhargadh áitiúil, a bhainfidh leas as éifeacht na rialacha sin. D’ainneoin Airteagal 164(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, measfar eagraíocht idirchraoibhe a bheith ionadaíoch faoin Airteagal sin i gcás inarb í a ghineann 70 % ar a laghad de thoirt táirgthe nó trádála nó phróiseála an táirge nó na dtáirgí lena mbaineann.

2.   De mhaolú ar Airteagal 165 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, i gcás ina gcuirfear síneadh, faoi mhír 1 den Airteagal seo, le rialacha eagraíochta idirchraoibhe aitheanta a fheidhmíonn go heisiach in La Réunion, agus go bhfuil na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe ag na rialacha sin chun leasa eacnamaíoch ghinearálta oibreoirí eacnamaíocha nach ndéanann a gcuid gníomhaíochtaí ach in La Réunion amháin agus a bhaineann le táirgí atá ceaptha don mhargadh áitiúil, féadfaidh an Fhrainc, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, a chinneadh go n-íocfaidh oibreoirí eacnamaíocha aonair nó grúpaí nach comhaltaí den eagraíocht iad agus a oibríonn ar an margadh áitiúil sin leis an eagraíocht na ranníocaíochtaí airgeadais ar fad, nó cuid díobh, a íocann a gcomhaltaí leo sa mhéid go bhfuil na ranníocaíochtaí sin beartaithe chun costais a chumhdach a thabhaítear de thoradh díreach ar na gníomhaíochtaí sin lena mbaineann a shaothrú.

3.   Cuirfidh an Fhrainc an Coimisiún ar an eolas faoi aon chomhaontú a ndéanfar a raon feidhme a leathnú i gcomhréir leis an Airteagal seo.’.

Airteagal 5

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Na rialacha a bhí infheidhme roimh 7 Nollaig 2021, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu maidir le hiarratais ar chosaint, iarratais ar leasú a fhormheas agus iarrataí ar chealú i gcás sonrúcháin tionscnaimh nó tásca geografacha arna bhfáil ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 roimh an 7 Nollaig 2021 agus maidir le hiarratais ar chlárú agus iarrataí ar chealú i gcás sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint nó sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht arna bhfáil ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 roimh an 7 Nollaig 2021.

2.   Na rialacha a bhí infheidhme roimh an 7 Nollaig 2021, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu maidir le hiarratais ar leasú a fhormheas i gcás sonrúcháin tionscnaimh nó tásca geografacha nó sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht arna bhfáil ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 roimh an 8 Meitheamh 2022.

3.   Na rialacha a bhí infheidhme roimh an 7 Nollaig 2021, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu maidir le hiarratais ar chosaint, iarratais ar leasú a fhormheas agus iarrataí ar chealú i gcás ainmneacha fíonta cumhraithe mar thásc geografach, arna bhfáil ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 roimh an 7 Nollaig 2021. Mar sin féin, an cinneadh faoi chlárú, glacfar é de bhun Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 arna leasú le hAirteagal 2, pointe (18), den Rialachán seo.

4.   Leanfaidh Airteagail 29 go 38 agus Airteagail 55 go 57 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 d’fheidhm a bheith acu tar éis an 31 Nollaig 2022 a mhéid a bhaineann le caiteachas arna thabhú agus le híocaíochtaí arna ndéanamh i leith oibríochtaí arna gcur chun feidhme roimh an 1 Eanáir 2023 laistigh de na scéimeanna cabhrach dá dtagraítear sna hAirteagail sin.

5.   Leanfaidh Airteagail 58 go 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 d’fheidhm a bheith acu tar éis an 31 Nollaig 2022 a mhéid a bhaineann le caiteachas arna thabhú agus le híocaíochtaí arna ndéanamh roimh an 1 Eanáir 2023 laistigh den scéim cabhrach dá dtagraítear sna hAirteagail sin.

6.   Eagraíochtaí táirgeoirí sainaitheanta nó a gcomhlachais san earnáil torthaí agus glasraí a bhfuil clár oibríochtúil acu dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 atá formheasta ag Ballstát go ceann tréimhse is faide anonn ná an 31 Nollaig 2022, cuirfidh siad, faoin 15 Meán Fómhair 2022, iarraidh faoi bhráid an Bhallstáit sin chun gurb amhlaidh i dtaca lena gclár oibríochtúil:

(a)

go ndéanfaí é a mhodhnú chun ceanglais an Rialacháin (AE) 2021/2115 a chomhlíonadh; nó

(b)

go gcuirfí clár oibríochtúil nua ina ionad arna fhormheas faoin Rialachán (AE) 2021/2115; nó

(c)

go leanfadh sé de bheith ag feidhmiú go dtí go mbeidh deireadh leis faoi na coinníollacha is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

I gcás nach gcuirfidh na heagraíochtaí táirgeoirí sainaitheanta sin nó a gcomhlachais iarrataí den sórt sin faoi bhráid an Bhallstáit faoin 15 Meán Fómhair 2022, tiocfaidh deireadh, an 31 Nollaig 2022, lena gcláir oibríochtúla a formheasadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

7.   Na cláir thacaíochta in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 40 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2023. Leanfaidh Airteagail 39 go 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 d’fheidhm a bheith acu go dtí an 31 Nollaig 2022 a mhéid a bhaineann:

(a)

le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh i dtaca le hoibríochtaí a cuireadh chun feidhme de bhun an Rialacháin sin roimh an 16 Deireadh Fómhair 2023 laistigh den scéim cabhrach dá dtagraítear in Airteagail 39 go 52 den Rialachán sin;

(b)

le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh i dtaca le hoibríochtaí a cuireadh chun feidhme de bhun Airteagail 46 agus 50 den Rialachán sin roimh an 16 Deireadh Fómhair 2025, ar choinníoll go mbeidh na hoibríochtaí sin curtha chun feidhme go páirteach faoin 15 Deireadh Fómhair 2023 agus go mbeidh an caiteachas arna thabhú cothrom le 30 % ar a laghad den chaiteachas iomlán atá beartaithe acu agus, go mbeidh na hoibríochtaí sin curtha chun feidhme ina n-iomláine faoin 15 Deireadh Fómhair 2025.

8.   Fíon lena gcomhlíontar ceanglais lipéadaithe Airteagal 119 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus táirgí fíona cumhraithe a chomhlíonann rialacha lipéadaithe Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 is infheidhme sa dá chás roimh an 8 Nollaig 2023 agus a táirgeadh agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an dáta sin, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go n-ídeofar na stoic.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (8)(d)(i), (8)(d)(iii), (10)(a)(ii) agus (38), ón 1 Eanáir 2021.

Beidh feidhm ag Airteagal 2, pointe (19)(b) ó 8 Meitheamh 2022.

Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (1),(2)(b), (8)(a), (8)(b), (8)(e), (18), (31), (35), (62), (68)(a), (69) agus (73) ón 1 Eanáir 2023.

Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (32)(a)(ii) agus (32)(c) agus ag Airteagal 3, pointe (5), ón 8 Nollaig 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. VRTOVEC


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 214.

(2)  IO C 86, 7.3.2019, lch. 173.

(3)  IO C 41, 1.2.2019, lch. 1.

(4)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 2 Nollaig 2021

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(7)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(8)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha i dtaca le tacaíocht do phleananna straitéiseacha arna dtarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(9)  Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (IO L 437, 28.12.2020, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM Aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(12)  Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir le maoiniú, bainistiú agus faireachán a dhéanamh ar an gcomhbheartas talmhaíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (féach leathanach 187 den Iris Oifigiúil seo).

(13)  Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 i ndáil le hábhair laistigh dá inniúlacht, maidir le comhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua den chaibidlíocht iltaobhacha trádála (1986-1994) a thabhairt chun críche thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).

(15)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair (IO L 9, 11.1.2019, lch. 2).

(16)  Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(18)  Treoir (AE) 2019/633 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia (IO L 111, 25.4.2019, lch. 59).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid margaidh (an rialachán maidir le drochúsáid margaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásca geografacha táirgí fíona chumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).


Top