This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0664
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/664 of 22 April 2021 on a regulatory framework for the U-space (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/664 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 maidir le creat rialála don U-spás (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/664 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 maidir le creat rialála don U-spás (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/2671
IO L 139, 23.4.2021, pp. 161–183
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version:
22/02/2026
|
23.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 139/161 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/664 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Aibreán 2021
maidir le creat rialála don U-spás
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 57 agus Airteagal 62(14) agus (15) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/945 ón gComhairle (2) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 ón gComhairle (3) bunaíodh an chéad tacar d’fhorálacha mionsonraithe maidir le hoibriú comhchuibhithe córas aerárthaí gan foireann (“UAS”) agus le híoscheanglais theicniúla le haghaidh UAS. |
|
(2) |
Tá rioscaí sábháilteachta, slándála, príobháideachais agus comhshaoil ag baint leis an méadú ar an líon UAS atá ag dul isteach san aerspás agus le castacht mhéadaithe oibríochtaí UAS thar an líne amhairc infheicthe (BVLOS), a bhí ar leibhéal an-íseal ar dtús. |
|
(3) |
I réimsí áirithe, amhail, go príomha, sna réimsí sin ina bhfuiltear ag dréim le líon mór oibríochtaí comhuaineacha UAS nó i limistéir ina n-oibríonn UAS in éineacht le haerárthaí foireannaithe, is gá rialacha agus nósanna imeachta sonracha breise a thabhairt isteach dá n-oibríochtaí agus do na heagraíochtaí a bhfuil baint acu leis na hoibríochtaí sin, mar aon le hardleibhéal uathoibrithe agus digiteála, chun go ndéanfar UAS a chomhtháthú ar bhealach sábháilte, slán agus éifeachtúil san aerspás. |
|
(4) |
Agus criosanna geografacha UAS á sainiú ag na Ballstáit ar chúiseanna sábháilteachta, slándála, príobháideachais nó comhshaoil amhail dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947, féadfaidh siad coinníollacha sonracha a fhorchur le haghaidh oibríochtaí áirithe UAS nó le haghaidh oibríochtaí uile UAS nó féadfaidh siad rochtain a cheadú do UAS a bhfuil gnéithe teicniúla áirithe acu agus dóibh sin amháin. |
|
(5) |
Is gá tacar íosta ceanglas a shainiú le haghaidh oibríochtaí UAS i gcriosanna geografacha áirithe UAS, ar cheart aerspás an U-spáis a thabhairt orthu chun críocha an Rialacháin seo. Ba cheart rochtain oibreoirí UAS ar aerspás sin an U-spáis a bheith coinníollach ar úsáid seirbhísí áirithe (“seirbhísí an U-spáis”) a fhágann gur féidir líon mór oibríochtaí UAS a bhainistiú go sábháilte, agus ceanglais slándála agus phríobháideachais is infheidhme á n-urramú freisin. |
|
(6) |
Ba cheart íoscheanglais a bheith ann d’oibreoirí UAS agus do sholáthraithe sheirbhísí an U-spáis maidir le trealamh agus feidhmíocht UAS agus maidir leis na seirbhísí a sholáthraítear in aerspás an U-spáis chun sábháilteacht na n-oibríochtaí san aerspás sin a áirithiú. |
|
(7) |
Ba cheart na rialacha agus an nós imeachta is infheidhme maidir le UAS nuair atá siad ag feidhmiú in aerspás an U-spáis a bheith i gcomhréir le nádúr agus riosca na n-oibríochtaí. |
|
(8) |
Go háirithe, ós rud é gur riosca íseal a bhaineann le hoibríochtaí le haerárthaí gan foireann a bhfuil uasmhais éirí de thalamh acu atá níos lú ná 250g agus a dhéantar san líne amhairc infheicthe (VLOS), níor cheart go mbeadh sé de cheangal ar oibreoirí UAS ceanglais aerspás an U-spáis a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann leis na hoibríochtaí sin. Ar an gcaoi chéanna, i bhfianaise a ndea-theiste sábháilteachta, ba cheart go mbeadh oibríochtaí mionsamhlacha aerárthaigh faoi chuimsiú clubanna agus comhlachais údaraithe in ann leanúint dá n-oibríochtaí mar atá siad anois, eadhon gan gá a bheith ann na ceanglais maidir le haerspás an U-spáis a chomhlíonadh. |
|
(9) |
Ba cheart rialacha comhchuibhithe le haghaidh oibríochtaí UAS in aerspás an U-spáis, seirbhísí caighdeánaithe arna soláthar d’oibreoirí UAS mar aon le modhanna nascachta idir soláthraithe seirbhísí faisnéise coitinne, soláthraithe sheirbhísí an U-spáis, an soláthraí seirbhísí aerthráchta agus oibreoirí UAS a bhunú chun oibriú sábháilte, slán agus éifeachtúil UAS a áirithiú, agus saorghluaiseacht seirbhísí atá nasctha le UAS mar aon le soláthraithe sheirbhísí an U-spáis san Aontas a éascú ag an am céanna. |
|
(10) |
Ba cheart do na Ballstáit aerspás an U-spáis agus riachtanais aerspás an U-spáis a bhunú, lena n-áirítear seirbhísí breise de chuid an U-spáis le tacaíocht ó mheasúnú riosca chun sábháilteacht oibríochtaí UAS in aerspás an U-spáis sin a áirithiú. |
|
(11) |
Ba cheart íoscheanglais chomhordúcháin idir na Ballstáit a thabhairt isteach i gcás ina mbunaíonn na Ballstáit sin aerspás trasteorann de chuid an U-spáis chun sábháilteacht oibríochtaí UAS in aerspás an U-spáis sin a áirithiú. |
|
(12) |
Chun go mbeidh UAS in ann oibriú go sábháilte in éineacht le haerárthaí foireannaithe, tá gá le nósanna imeachta comhordúcháin sonracha agus saoráidí cumarsáide idir na haonaid ábhartha seirbhísí aerthráchta, soláthraithe sheirbhísí an U-spáis agus oibreoirí UAS. Leagtar síos na nósanna imeachta comhordúcháin agus na saoráidí cumarsáide sin i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún (4) arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/665 (5). |
|
(13) |
Cé go ndéantar oibríochtaí aerárthaí míleata agus Stáit a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, is gá deighilt shábháilte aerárthaí a áirithiú in aerspás an U-spáis. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann srianta statacha agus dinimiciúla ar aerspás an U-spáis a shainiú chun oibríochtaí den sórt sin a chumasú ar bhealach sábháilte agus éifeachtúil. |
|
(14) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear seirbhísí faisnéise coitinne ar fáil do gach aerspás de chuid an U-spáis ionas go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ar aerspás agus seirbhísí an U-spáis ag oibreoirí UAS, agus aird ar leith á tabhairt ar shábháilteacht. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann soláthraí aonair seirbhísí faisnéise coitinne a ainmniú, áfach, chun na seirbhísí faisnéise coitinne a sholáthar ar bhonn eisiach i leith aerspáis uile an U-spáis atá faoina gcúram, nó i leith cuid díobh. |
|
(15) |
Ba cheart soláthar seirbhísí faisnéise coitinne do sholáthraithe sheirbhísí an U-spáis a bheith tráthúil agus ag freagairt do na ceanglais cháilíochta a leagtar síos leis an Rialachán seo. |
|
(16) |
Ba cheart go mbunófaí ceanglais leis an Rialachán seo le haghaidh prótacail chumarsáide chomhchoiteanna oscailte idir údaráis, soláthraithe seirbhíse agus oibreoirí UAS, chomh maith le ceanglais maidir le cáilíocht, aga folaigh agus cosaint sonraí le haghaidh na faisnéise a mhalartaítear, ar ceanglais iad atá riachtanach le haghaidh oibríochtaí sábháilte agus idir-inoibritheacha in aerspás an U-spáis. |
|
(17) |
Níor cheart d’oibreoirí UAS oibriú in aerspás an U-spáis ach amháin má bhaineann siad úsáid as seirbhísí an U-spáis atá fíor-riachtanach chun oibríochtaí sábháilte, slána, éifeachtúla agus idir-inoibritheacha a áirithiú. Ba cheart do sholáthraithe sheirbhísí an U-spáis na seirbhísí éigeantacha seo a leanas de chuid an U-spáis a sholáthar ar a laghad: seirbhís sainaitheanta líonra, seirbhís geoifheasachta, seirbhís um údarú eitilte UAS agus seirbhís faisnéise tráchta. |
|
(18) |
Ba cheart do sheirbhís sainaitheanta líonra céannacht oibreoirí UAS, agus suíomh agus veicteoir eitilte UAS le linn gnáthoibríochtaí agus i gcásanna teagmhasacha, a sholáthar agus faisnéis ábhartha a roinnt le húsáideoirí eile aerspás an U-spáis. |
|
(19) |
Ba cheart do sheirbhís geoifheasachta faisnéis a chur ar fáil d’oibreoirí UAS faoi na srianta aerspáis is déanaí agus faisnéis faoi chriosanna geografacha UAS atá sainithe agus a chuirtear ar fáil mar chuid de na seirbhísí faisnéise coitinne. I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947, ba cheart ceanglais sábháilteachta, slándála, phríobháideachais agus chomhshaoil a chur san áireamh agus criosanna geografacha UAS á mbunú. |
|
(20) |
Ba cheart do sheirbhís um údarú eitilte UAS a áirithiú go bhfuil oibríochtaí údaraithe UAS saor ó thrasnú sa spás agus san am le haon údarú eitilte eile UAS a dtugtar fógra ina leith laistigh den chuid chéanna d’aerspás an U-spáis. |
|
(21) |
Ba cheart do sheirbhís faisnéise tráchta oibreoirí UAS a chur ar an eolas faoi aerthrácht eile a d’fhéadfadh a bheith i gcóngar dá UAS. |
|
(22) |
Ionas go mbeidh aerárthaí gan foireann in ann oibriú go sábháilte in éineacht le haerárthaí foireannaithe in aerspás an U-spáis, tá gá le rialacha lena bhforálfar go ndéanfar aerárthaí foireannaithe a chur in iúl go héifeachtach trí bhíthin teicneolaíochtaí faireachais. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún (6) arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/666 (7). |
|
(23) |
Chun oibriú sábháilte in aerspás an U-spáis ar leith a áirithiú agus le tacaíocht ó mheasúnú riosca, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal go mbeadh seirbhísí eile de chuid an U-spáis, amhail seirbhís faisnéise aimsire agus seirbhís faireacháin comhréireachta, éigeantach. |
|
(24) |
Ba cheart do sheirbhís faisnéise aimsire tacaíocht a thabhairt d’oibreoirí UAS le linn chéimeanna pleanála agus cur i gcrích na heitilte, chomh maith le feabhas a chur ar fheidhmíocht seirbhísí eile de chuid an U-spáis a sholáthraítear in aerspás an U-spáis. |
|
(25) |
Ba cheart do sheirbhís faireacháin comhréireachta foláireamh fíor-ama a sholáthar maidir le neamh-chomhréireacht an údaraithe eitilte a tugadh agus oibreoirí UAS a chur ar an eolas nuair a imíonn siad uaidh. |
|
(26) |
Chun soláthar sheirbhísí an U-spáis atá sábháilte agus ar ardchaighdeán a áirithiú, leagtar síos scéim choiteann deimhniúcháin leis an Rialachán seo chun soláthraithe sheirbhísí an U-spáis a dheimhniú agus, i gcás ina n-ainmneoidh na Ballstáit iad, le haghaidh soláthraí aonair seirbhísí faisnéise coitinne, chomh maith le sraith rialacha chun faireachán rialta a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme. |
|
(27) |
Ba cheart cúraimí na n-údarás inniúil arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139 a shainiú go soiléir. |
|
(28) |
Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hoibríochtaí aerárthaí a dhéanann oibríochtaí míleata, custaim, póilíneachta, cuardaigh agus tarrthála, comhraic dóiteáin, rialaithe teorann agus garda cósta nó gníomhaíochtaí agus seirbhísí den chineál céanna a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail, faoi rialú agus freagracht Ballstáit nó thar ceann comhlacht a bhfuil cumhachtaí údaráis phoiblí aige mura rud é gur chinn an Ballstát de bhun Airteagal 2(6) de Rialachán (AE) 2018/1139 rialacha i ndáil le haerárthaí gan foireann a chur i bhfeidhm maidir le roinnt de na gníomhaíochtaí sin nó maidir leo ar fad. |
|
(29) |
Le bainistíocht sábháilteachta, áirithítear go ndéantar rioscaí sábháilteachta agus leochaileachtaí slándála, a bhfuil tionchar acu ar an tsábháilteacht, a shainaithint, a mheasúnú agus a íoslaghdú. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraithe sheirbhísí an U-spáis agus do sholáthraithe aonair seirbhísí faisnéise coitinne córais bhainistíochta a bhunú mar is cuí chun oibríochtaí sábháilte agus slána UAS in aerspás an U-spáis a áirithiú. |
|
(30) |
Ba cheart do sholáthraithe sheirbhísí an U-spáis agus do sholáthraithe aonair seirbhísí faisnéise coitinne córas coimeádta taifead a bhunú lena lamháiltear do stóráil taifead leordhóthanach agus d’inrianaitheacht iontaofa a ngníomhaíochtaí go léir, lena gcumhdaítear go háirithe gach gné dá gcórais bhainistíochta. |
|
(31) |
Chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur chun feidhme go cuí, ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do na Ballstáit agus do na geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh a gcuid nósanna imeachta a chur in oiriúint don chreat rialála nua sula mbeidh feidhm ag an Rialachán seo. |
|
(32) |
D’ullmhaigh an Ghníomhaireacht dréachtghníomh cur chun feidhme agus thíolaic sí í le Tuairim Uimh. 01/2020 (8) i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c) agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139. |
|
(33) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
PRIONSABAIL AGUS CEANGLAIS GHINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta le haghaidh oibríochtaí sábháilte UAS in aerspás an U-spáis, le haghaidh chomhtháthú sábháilte UAS sa chóras eitlíochta agus le haghaidh sholáthar sheirbhísí an U-spáis.
2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo, laistigh de chriosanna geografacha UAS arna socrú mar aerspás de chuid an U-spáis ag na Ballstáit maidir leis na heintitis seo a leanas:
|
(a) |
oibreoirí UAS; |
|
(b) |
soláthraithe sheirbhísí an U-spáis; |
|
(c) |
soláthraithe seirbhísí faisnéise coitinne. |
3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibríochtaí UAS a sheoltar:
|
(d) |
faoi chuimsiú clubanna agus comhlachais mionsamhlacha aerárthaigh a mbeidh údarú faighte acu i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947; |
|
(e) |
i bhfochatagóir A1 den chatagóir “oscailte” d’oibríochtaí le haerárthach gan foireann sna imthosca seo a leanas:
|
|
(f) |
i gcomhréir le rialacha um eitilt de réir uirlisí SERA.5015 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947. Tá feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “aerspás an U-spáis” crios geografach UAS arna ainmniú ag na Ballstáit, nach lamháiltear oibríochtaí UAS a dhéanamh ann ach amháin le tacaíocht ó sheirbhísí an U-spáis; |
|
(2) |
ciallaíonn “seirbhís de chuid an U-spáis” seirbhís atá ag brath ar sheirbhísí digiteacha agus ar uathoibriú feidhmeanna atá ceaptha tacú le rochtain shábháilte, shlán agus éifeachtúil ar aerspás an U-spáis do líon mór UAS; |
|
(3) |
ciallaíonn “measúnú riosca aerspáis” meastóireacht ar rioscaí oibríochtúla, sábháilteachta agus slándála ina gcuirtear san áireamh na leibhéil feidhmíochta sábháilteachta is gá mar a shainítear sa Phlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus sa Chlár Sábháilteachta Stáit dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 de Rialachán (AE) 2018/1139, cineál, castacht agus dlús na tráchta, suíomh, airdí nó arda agus aicmiú an aerspáis; |
|
(4) |
ciallaíonn “seirbhís faisnéise coitinne” seirbhís ina ndéantar sonraí statacha agus dinimiciúla a scaipeadh chun soláthar sheirbhísí an U-spáis a chumasú ar mhaithe le trácht aerárthaí gan foireann a bhainistiú; |
|
(5) |
ciallaíonn “príomháit ghnó” ceannoifig nó oifig chláraithe sholáthraí sheirbhísí an U-spáis nó soláthraí seirbhísí faisnéise coitinne sa Bhallstát ina bhfeidhmítear príomhfheidhmeanna airgeadais agus rialú oibríochtúil an tsoláthraí seirbhíse; |
|
(6) |
ciallaíonn “athchumrú dinimiciúil aerspáis” modhnú sealadach aerspás an U-spáis chun freastal ar athruithe gearrthéarmacha ar éileamh tráchta foireannaithe, trí choigeartú a dhéanamh ar theorainneacha geografacha aerspás sin an U-spáis. |
CAIBIDIL II
AERSPÁS AN U-SPÁIS AGUS SEIRBHÍSÍ FAISNÉISE COITINNE
Airteagal 3
Aerspás an U-spáis
1. I gcás ina n-ainmníonn na Ballstáit aerspás de chuid an U-spáis ar chúiseanna sábháilteachta, slándála, príobháideachais nó comhshaoil, tacófar leis an ainmniú sin le measúnú riosca aerspáis.
2. Beidh gach oibríocht UAS in aerspás an U-spáis faoi réir na seirbhísí éigeantacha seo a leanas de chuid an U-spáis ar a laghad:
|
(a) |
an tseirbhís sainaitheanta líonra dá dtagraítear in Airteagal 8; |
|
(b) |
an tseirbhís geoifheasachta dá dtagraítear in Airteagal 9; |
|
(c) |
seirbhís um údarú eitilte UAS dá dtagraítear in Airteagal 10; |
|
(d) |
an tseirbhís faisnéise tráchta dá dtagraítear in Airteagal 11. |
3. Maidir le gach aerspás de chuid an U-spáis, bunaithe ar an measúnú riosca aerspáis dá dtagraítear i mír 1, d’fhéadfadh gá a bheith ag na Ballstáit le seirbhísí breise de chuid an U-spáis a roghnófar ó na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagail 12 agus 13.
4. Maidir le gach aerspás de chuid an U-spáis, bunaithe ar an measúnú riosca aerspáis dá dtagraítear i mír 1 agus trí úsáid a bhaint as na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I, cinnfidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
|
(a) |
cumais agus ceanglais feidhmíochta UAS; |
|
(b) |
ceanglais feidhmíochta sheirbhísí an U-spáis; |
|
(c) |
na dálaí oibríochta agus na srianta ar aerspás is infheidhme. |
5. Tabharfaidh na Ballstáit rochtain do sholáthraithe sheirbhísí an U-spáis ar na sonraí ábhartha, más gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
córas clárúcháin oibreoirí UAS, dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947, sa Bhallstát ina dtairgeann soláthraithe sheirbhísí an U-spás a gcuid seirbhísí; agus |
|
(b) |
córais chlárúcháin oibreoirí UAS i mBallstáit eile tríd an stór lárnach faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1139. |
6. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis faoi aerspás an U-spáis ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2019/947, agus trína seirbhís faisnéise aerloingseoireachta chomh maith.
7. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit aerspás trasteorann de chuid an U-spáis a bhunú, déanfaidh siad cinneadh i gcomhpháirt maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
aerspás trasteorann de chuid an U-spáis a ainmniú; |
|
(b) |
seirbhísí trasteorann de chuid an U-spáis a sholáthar; |
|
(c) |
seirbhísí trasteorann faisnéise coitinne a sholáthar. |
Airteagal 4
Athchumrú dinimiciúil aerspáis
I gcás ina n-ainmníonn Ballstát aerspás de chuid an U-spáis laistigh d’aerspás rialaithe, áiritheoidh sé go gcuirfear i bhfeidhm athchumrú dinimiciúil an aerspáis laistigh d’aerspás an U-spáis sin mar a leagtar síos in ATS.TR.237 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/665lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/373 chun a áirithiú go bhfanfaidh aerárthaí foireannaithe a dtugtar seirbhís rialaithe aerthráchta dóibh agus UAS scartha.
Airteagal 5
Seirbhísí faisnéise coitinne
1. Cuirfidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas ar fáil mar chuid de na seirbhísí faisnéise coitinne a bhaineann le gach aerspás de chuid an U-spáis:
|
(a) |
teorainneacha cothrománacha agus ceartingearacha aerspás an U-spáis; |
|
(b) |
na ceanglais arna gcinneadh de bhun Airteagal 3(4); |
|
(c) |
liosta de sholáthraithe deimhnithe sheirbhísí an U-spáis a thairgeann seirbhísí de chuid an U-spáis in aerspás an U-spáis, leis an bhfaisnéis seo a leanas:
|
|
(d) |
aon aerspás(anna) de chuid an U-spáis atá in aice láimhe; |
|
(e) |
criosanna geografacha UAS is ábhartha d’aerspás an U-spáis agus arna bhfoilsiú ag na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947; |
|
(f) |
srianta statacha agus dinimiciúla aerspáis arna sainiú ag na húdaráis ábhartha, lena gcuirtear teorainn bhuan nó shealadach le líon an aerspáis laistigh d’aerspás an U-spáis inar féidir le hoibríochtaí UAS tarlú. |
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na sonraí oibríochtúla ábhartha dá dtagraítear in ATS.OR.127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/665 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/373, chomh maith leis na sonraí a bheidh mar thoradh ar an athchumrú dinimiciúil aerspáis dá dtagraítear in ATS.TR.237 den Rialachán sin, a chur ar fáil mar chuid de na seirbhísí faisnéise coitinne a bhaineann le gach aerspás de chuid an U-spáis.
3. Cuirfidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis téarmaí agus coinníollacha a gcuid seirbhísí ar fáil mar chuid de na seirbhísí faisnéise coitinne a bhaineann le gach aerspás de chuid an U-spáis ina dtairgfidh siad a seirbhísí.
4. Áiritheoidh soláthraithe na seirbhísí faisnéise coitinne an méid seo a leanas maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3:
|
(a) |
go gcuirfear ar fáil í i gcomhréir le hIarscríbhinn II; |
|
(b) |
go gcomhlíonann sí na ceanglais maidir le cáilíocht, aga folaigh agus cosaint sonraí arna mbunú in Iarscríbhinn III. |
5. Tabharfar rochtain ar sheirbhísí faisnéise coitinne do na húdaráis ábhartha, do sholáthraithe seirbhísí aerthráchta, do sholáthraithe sheirbhísí an U-spáis agus d’oibreoirí UAS ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, lena n-áirítear na leibhéil chéanna i dtaca le cáilíocht, aga folaigh agus cosaint sonraí.
6. Féadfaidh na Ballstáit soláthraí aonair seirbhísí faisnéise coitinne a ainmniú chun na seirbhísí faisnéise coitinne a sholáthar ar bhonn eisiach i ngach aerspás de chuid an U-spáis atá faoina gcúram, nó i gcuid díobh. Sa chás sin, cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 go 3 ar fáil don soláthraí aonair seirbhísí faisnéise coitinne a chuirfidh ar fáil ansin í i gcomhréir le mír 5.
7. Comhlíonfaidh soláthraí aonair seirbhísí faisnéise coitinne den sórt sin na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 agus deimhneofar é i gcomhréir le Caibidil V den Rialachán seo.
8. Déanfaidh Ballstát a ainmníonn soláthraí aonair seirbhísí faisnéise coitinne an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon chinneadh a bhaineann le deimhniú an tsoláthraí aonair seirbhísí faisnéise coitinne. Cuirfidh an Ghníomhaireacht faisnéis sa stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1139, ar faisnéis í faoi na cinntí uile ar thug na Ballstáit fógra fúthu de bhun na míre seo.
CAIBIDIL III
CEANGLAIS GHINEARÁLTA AR OIBREOIRÍ UAS AGUS AR SHOLÁTHRAITHE SHEIRBHÍSÍ AN U-SPÁIS
Airteagal 6
Oibreoirí UAS
1. Déanfaidh oibreoirí UAS an méid seo a leanas agus iad ag oibriú in aerspás an U-spáis:
|
(a) |
a áirithiú go mbeidh na ceanglais maidir le cumais agus le feidhmíocht arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(4)(a) á gcomhlíonadh ag UAS atá le hoibriú in aerspás an U-spáis; |
|
(b) |
a áirithiú, maidir le seirbhísí riachtanacha an U-spáis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus (3), go mbainfear úsáid astu le linn dóibh a bheith á n-oibriú agus go mbeidh a gcuid ceanglas á gcomhlíonadh; |
|
(c) |
na dálaí oibríochtúla agus na srianta aerspáis is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 3(4)(c) a chomhlíonadh. |
2. Féadfaidh oibreoirí UAS seirbhísí de chuid an U-spáis a sholáthar dóibh féin. Sa chás sin, measfar gur soláthraithe sheirbhísí an U-spáis iad chun críocha an Rialacháin seo.
3. Sula n-oibreoidh siad in aerspás an U-spáis, comhlíonfaidh oibreoirí UAS ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, údarú oibríochtúil nó deimhniú arna eisiúint ag údarás inniúil Bhallstát an chláraithe a bheith ina seilbh acu agus na teorainneacha oibríochtúla arna socrú ag Ballstát i gcrios geografach UAS ar bith a bheith á gcomhlíonadh acu.
4. Roimh gach eitilt aonair, déanfaidh oibreoir UAS, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, iarraidh ar údarú eitilte UAS a chur faoi bhráid a sholáthraí de sheirbhísí an U-spáis tríd an tseirbhís um údarú eitilte UAS dá dtagraítear in Airteagal 10.
5. Nuair a bheidh sé réidh leis an eitilt a thosú, iarrfaidh oibreoir UAS ar sholáthraí sheirbhís an U-spáis údarú eitilte UAS a ghníomhachtú. Ar an dearbhú ar ghníomhachtú údarú eitilte UAS a fháil ó sholáthraí sheirbhís an U-spáis, beidh oibreoir UAS i dteideal tús a chur lena eitilt.
6. Comhlíonfaidh oibreoirí UAS údarú eitilte UAS, lena n-áirítear tairsigh dhiallta an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(d), chomh maith le haon athruithe orthu sin. Féadfaidh soláthraí sheirbhísí an U-spáis athruithe ar an údarú a thabhairt isteach le linn céim ar bith den eitilt agus, sa chás sin, cuirfidh sé oibreoirí UAS ar an eolas fúthu.
7. I gcás nach mbeidh oibreoirí UAS in ann tairsigh dhiallta údarú eitilte UAS dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(d) a chomhlíonadh, iarrfaidh siad údarú eitilte UAS nua.
8. Déanfaidh oibreoirí UAS foráil do bhearta agus nósanna imeachta teagmhais. Déanfaidh siad a gcuid beart agus nósanna imeachta teagmhais a chur ar fáil do sholáthraithe sheirbhísí an U-spáis.
Airteagal 7
Soláthraithe sheirbhísí an U-spáis
1. Is daoine dlítheanacha a dheimhnítear mar sholáthraithe sheirbhísí an U-spáis i gcomhréir le Caibidil V a sholáthróidh seirbhísí an U-spáis.
2. Beidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis freagrach as na seirbhísí de chuid an U-spáis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus (3) a sholáthar d’oibreoirí UAS le linn chéimeanna ar fad na n-oibríochtaí in aerspás an U-spáis sin.
3. Bunóidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis socruithe leis na soláthraithe seirbhísí aerthráchta chun comhordú leormhaith gníomhaíochtaí a áirithiú, mar aon le malartú sonraí agus faisnéise oibríochtúla ábhartha i gcomhréir le hIarscríbhinn V.
4. Déanfaidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis sonraí aerthráchta a láimhseáil saor ó idirdhealú, srian nó cur isteach, agus gan beann ar an seoltóir nó faighteoir, an t-ábhar, an feidhmchlár nó an tseirbhís, ná an trealamh teirminéil.
5. Déanfaidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis an méid seo a leanas:
|
(a) |
aon fhaisnéis atá ábhartha do sholáthar sábháilte sheirbhísí an U-spáis eatarthu féin a mhalartú; |
|
(b) |
cloí le prótacal cumarsáide coiteann, slán, idir-inoibritheach agus oscailte agus úsáid a bhaint as an bhfaisnéis is déanaí arna cur ar fáil i gcomhréir le hIarscríbhinn II; |
|
(c) |
a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis a mhalartú i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cáilíocht, aga folaigh agus cosaint sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn III; |
|
(d) |
an rochtain ar an bhfaisnéis arna malartú agus an chosaint is gá don fhaisnéis sin a áirithiú. |
6. Déanfaidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis an méid seo a leanas a thuairisciú don údarás inniúil:
|
(a) |
tosú na n-oibríochtaí tar éis an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 14 a bheith faighte; |
|
(b) |
scor agus, ina dhiaidh sin, atosú na n-oibríochtaí, más infheidhme: |
CAIBIDIL IV
SEIRBHÍSÍ AN U-SPÁIS
Airteagal 8
Seirbhís sainaitheanta líonra
1. A bhuí le seirbhís sainaitheanta líonra, féadfar próiseáil leanúnach a dhéanamh ar shainaitheantas cianda UAS i rith ré na heitilte agus déanfar sainaitheantas cianda UAS a sholáthar ar bhealach comhiomlánaithe do na húsáideoirí údaraithe dá dtagraítear i mír 4.
2. Féadfaidh na húsáideoirí údaraithe, a bhuí leis an tseirbhís sainaitheanta líonra, teachtaireachtaí ina mbeidh an t-inneachar seo a leanas a fháil:
|
(a) |
uimhir chlárúcháin oibreoir UAS; |
|
(b) |
sraithuimhir uathúil an aerárthaigh gan foireann nó, más de thógáil phríobháideach atá an t-aerárthach gan foireann, sraithuimhir uathúil an fhorlíontáin; |
|
(c) |
suíomh geografach UAS, a airde os cionn mheánleibhéal na mara agus a airde atá sé os cionn an dromchla nó phointe an éirí de thalamh; |
|
(d) |
cúrsa an aerbhealaigh arna thomhas ar deiseal fíor ó thuaidh agus talamhluas UAS; |
|
(e) |
suíomh geografach an phíolóta chianda nó, mura bhfuil sé sin ar fáil, pointe an éirí de thalamh; |
|
(f) |
stádas éigeandála UAS; |
|
(g) |
an t-am a gineadh na teachtaireachtaí. |
3. Déanfar an fhaisnéis arna soláthar ag na seirbhísí sainaitheanta líonra a thabhairt cothrom le dáta ar mhinicíocht a bheidh cinntithe ag an údarás inniúil.
4. Is iad seo a leanas a bheidh sna húsáideoirí údaraithe:
|
(a) |
an pobal i gcoitinne maidir le faisnéis a mheastar gur faisnéis phoiblí í i gcomhréir le rialacha ábhartha an Aontais agus le rialacha ábhartha náisiúnta; |
|
(b) |
soláthraithe eile sheirbhísí an U-spáis chun sábháilteacht oibríochtaí in aerspás an U-spáis a áirithiú; |
|
(c) |
na soláthraithe seirbhísí aerthráchta lena mbaineann: |
|
(d) |
i gcás ina n-ainmnítear é, an soláthraí aonair seirbhísí faisnéise coitinne; |
|
(e) |
na húdaráis inniúla ábhartha. |
Airteagal 9
Seirbhís geoifheasachta
1. Déanfar seirbhís geoifheasachta ina mbeidh an fhaisnéis gheoifheasachta seo a leanas a sholáthar d’oibreoirí UAS:
|
(a) |
faisnéis faoi na dálaí oibríochtúla agus na srianta aerspáis is infheidhme laistigh d’aerspás an U-spáis; |
|
(b) |
criosanna geografacha UAS atá ábhartha d’aerspás an U-spáis; |
|
(c) |
srianta sealadacha is infheidhme maidir le húsáid aerspáis laistigh d’aerspás an U-spáis. |
2. Déanfaidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis an fhaisnéis gheoifheasachta a sheoladh go tráthúil chun go bhféadfaidh oibreoirí UAS aghaidh a thabhairt ar theagmhais agus éigeandálaí agus áireoidh siad am uasdátaithe na faisnéise léi in éineacht le huimhir leagain nó am bailí, nó an dá cheann acu.
Airteagal 10
Seirbhís um údarú eitilte UAS
1. Déanfaidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis údarú eitilte UAS a sholáthar le haghaidh gach eitilte aonair, agus téarmaí agus coinníollacha na heitilte sin á leagan síos acu, trí sheirbhís um údarú eitilte UAS.
2. I gcás ina bhfaighidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis iarraidh ar údarú eitilte UAS ó oibreoir UAS, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
|
(a) |
seiceáil a dhéanamh an bhfuil an iarraidh ar údarú eitilte UAS iomlán agus ceart agus ar tíolacadh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV í; |
|
(b) |
glacadh leis an iarraidh ar údarú eitilte UAS más rud é go bhfuil an eitilt atá faoi údarú eitilte UAS saor ó thrasnú spáis agus ama le haon údaruithe eitilte UAS eile ar tugadh fógra ina leith laistigh den aerspás céanna de chuid an U-spáis i gcomhréir leis na rialacha tosaíochta a leagtar amach i mír 8; |
|
(c) |
fógra a thabhairt d’oibreoir UAS faoi ghlacadh leis an iarraidh ar údarú eitilte UAS nó diúltú di; |
|
(d) |
tairsigh dhiallta cheadaithe i dtaca le húdarú eitilte UAS a chur in iúl agus fógra á thabhairt d’oibreoir UAS faoi ghlacadh leis an iarraidh ar údarú eitilte UAS. |
3. Agus údarú eitilte UAS á eisiúint, bainfidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis úsáid, i gcás inarb infheidhme, as faisnéis aimsire arna soláthar ag an tseirbhís faisnéise aimsire amhail dá dtagraítear in Airteagal 12.
4. I gcás nach féidir le soláthraithe sheirbhísí an U-spáis údarú eitilte UAS a dheonú i gcomhréir leis an iarraidh ó oibreoir UAS, féadfaidh siad údarú eitilte UAS malartach a mholadh dó.
5. Ar an iarraidh ar ghníomhachtú údarú eitilte UAS dá dtagraítear in Airteagal 6(5) a fháil, dearbhóidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis gníomhachtú údarú eitilte UAS gan moill nach bhfuil bonn cirt léi.
6. Feidhmeoidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis socruithe cuí chun réiteach a fháil ar iarrataí contrártha ar údarú eitilte UAS arna bhfáil ag soláthraithe sheirbhísí an U-spáis éagsúla ó oibreoirí UAS.
7. Déanfaidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis seiceáil ar an iarraidh ar údarú eitilte UAS i gcomparáid le srianta ar aerspás an U-spáis agus ar theorainneacha sealadacha aerspáis.
8. Agus iarrataí ar údarú eitilte UAS á bpróiseáil acu, tabharfaidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis tosaíocht do UAS atá i mbun oibríochtaí speisialta amhail dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012.
9. Nuair a bheidh an tosaíocht chéanna ag dhá údarú eitile UAS, déanfar iad a phróiseáil ar bhonn ‘tús freastail ar an té is túisce’.
10. Déanfaidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis seiceáil leanúnach ar údaruithe eitilte atá ann cheana i gcomparáid le srianta agus teorainneacha dinimiciúla nua ar an aerspás, agus le faisnéis maidir le trácht aerárthaí foireannaithe arna roinnt ag aonaid seirbhísí aerthráchta ábhartha, go háirithe maidir le haerárthaí foireannaithe arb eol nó a gcreidtear ina leith go bhfuil siad i staid éigeandála, lena n-áirítear a bheith faoi réir cur isteach neamhdhleathach, agus déanfaidh siad údaruithe a nuashonrú nó a tharraingt siar de réir mar is gá sna himthosca.
11. Eiseoidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis uimhir údarúcháin uathúil do gach údarú eitilte UAS. Leis an uimhir sin, beifear in ann an eitilt údaraithe, oibreoir UAS agus soláthraí sheirbhísí an U-spáis a eisíonn údarú eitilte UAS a shainaithint.
Airteagal 11
Seirbhís faisnéise tráchta
1. Beidh faisnéis maidir le haon aerthrácht follasach eile san áireamh in aon seirbhís faisnéise tráchta arna cur ar fáil d’oibreoir UAS, ar aerthrácht é a d’fhéadfadh a bheith an-ghar do shuíomh nó do bhealach beartaithe eitilt UAS.
2. Beidh faisnéis san áireamh sa tseirbhís faisnéise tráchta maidir le haerárthaí foireannaithe agus trácht UAS arna roinnt ag soláthraithe eile de sheirbhísí an U-spáis agus ag aonaid ábhartha seirbhísí aerthráchta.
3. Cuirfidh an tseirbhís faisnéise tráchta faisnéis ar fáil maidir le haerthrácht eile atá ar eolas agus:
|
(a) |
áireoidh sí suíomh, am tuairiscithe mar aon le luas, treo-cheann nó treo agus stádas éigeandála aerárthaí, nuair atá siad ar eolas; |
|
(b) |
déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar mhinicíocht a bheidh cinntithe ag an údarás inniúil. |
4. Ar fháil na seirbhísí faisnéise tráchta ó sholáthraí sheirbhísí an U-spáis, déanfaidh oibreoirí UAS an ghníomhaíocht ábhartha chun aon ghuais imbhuailte a sheachaint.
Airteagal 12
Seirbhís faisnéise aimsire
1. Agus seirbhís faisnéise aimsire á soláthar acu, déanfaidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
sonraí aimsire a bhailiú, ar sonraí iad arna gcur ar fáil ag foinsí iontaofa, chun sábháilteacht a chaomhnú agus tacú le cinntí oibríochtúla sheirbhísí eile de chuid an U-spáis; |
|
(b) |
réamhaisnéisí aimsire agus faisnéis iarbhír aimsire a sholáthar don oibreoir UAS roimh an eitilt nó lena linn. |
2. Déanfaidh an tseirbhís faisnéise aimsire na nithe seo a leanas, ar a laghad, a áireamh:
|
(a) |
treo na gaoithe arna thomhas go deiseal tríd an treo fíor ó thuaidh agus luas i méadair sa soicind, lena n-áirítear séideáin; |
|
(b) |
airde an chisil bhriste nó mhodartha is ísle sna céadta troithe thar leibhéal na talún; |
|
(c) |
léargas i méadair agus ciliméadair; |
|
(d) |
teocht agus drúchtphointe; |
|
(e) |
táscairí gníomhaíochta comhiompraí agus frasaíochta; |
|
(f) |
suíomh agus am an bhreathnaithe, nó amanna agus suíomhanna bailí na réamhaisnéise; |
|
(g) |
QNH cuí le suíomh geografach a infheidhmeachta. |
3. Soláthróidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis faisnéis aimsire atá cothrom le dáta agus iontaofa chun tacú le hoibriú UAS.
Airteagal 13
Seirbhís faireacháin comhréireachta
1. Le seirbhís faireacháin comhréireachta, beidh oibreoirí UAS ina ann a fhíorú cibé an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus téarmaí údarú eitilte UAS. Chuige sin, tabharfaidh an tseirbhís sin foláireamh d’oibreoir UAS nuair a sháraítear tairsigh dhiallta i dtaca le húdarú eitilte agus nuair nach gcomhlíontar na ceanglais in Airteagal 6(1).
2. I gcás ina mbraitheann an tseirbhís faireacháin comhréireachta diall ón údarú eitilte, tabharfaidh soláthraí sheirbhísí an U-spáis foláireamh d’oibreoirí eile UAS atá gar do UAS lena mbaineann, do sholáthraithe sheirbhísí an U-spáis eile a thairgeann seirbhísí san aerspás céanna agus d’aonaid ábhartha seirbhísí aerthráchta, a thabharfaidh aitheantas don fholáireamh.
CAIBIDIL V
DEIMHNIÚ SHOLÁTHRAITHE SHEIRBHÍSÍ AN U-SPÁIS AGUS SOLÁTHRAITHE AONAIR SEIRBHÍSÍ FAISNÉISE COITINNE
Airteagal 14
Iarratas ar dheimhniú
1. Beidh deimhniú arna eisiúint ag údarás inniúil Bhallstát a bpríomh-áite gnó ag soláthraithe sheirbhísí an U-spáis agus, i gcás ina n-ainmnítear iad, ag soláthraithe aonair seirbhísí faisnéise coitinne.
2. Déanfaidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis agus, i gcás ina n-ainmnítear iad, soláthraithe aonair seirbhísí faisnéise coitinne a bhfuil a bpríomh-áit ghnó acu, atá bunaithe, nó atá ina gcónaí i dtríú dtír, iarratas ar dheimhniú a chur isteach chuig Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’).
3. Eiseofar deimhniú sholáthraí sheirbhísí an U-spáis i gcomhréir le hIarscríbhinn VI.
4. Eiseofar deimhniú an tsoláthraí aonair seirbhísí faisnéise coitinne i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.
5. Leis an deimhniú, cinnfear cearta agus pribhléidí an tsealbhóra i ndáil le seirbhísí a bhaineann leis a sholáthar.
6. Is i bhfoirm agus ar mhodh a bhunóidh an t-údarás inniúil, nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, a chuirfear isteach iarratas ar dheimhniú do sholáthraí sheirbhísí an U-spáis nó do sholáthraí aonair seirbhísí faisnéise coitinne, nó ar leasú ar dheimhniú atá ann cheana.
Airteagal 15
Coinníollacha chun deimhniú a fháil
1. Deonófar deimhnithe do sholáthraithe sheirbhísí an U-spáis agus, i gcás ina n-ainmnítear iad, do sholáthraithe aonair seirbhísí faisnéise coitinne, má léiríonn siad na nithe seo a leanas:
|
(a) |
go bhfuil siad in ann a seirbhísí a sholáthar ar bhealach sábháilte, slán, éifeachtúil, leanúnach agus inbhuanaithe, atá comhsheasmhach le hoibríochtaí UAS atá beartaithe agus i gcomhréir leis an leibhéal feidhmíochta arna bhunú ag na Ballstáit d’aerspás an U-spáis i gcomhréir le hAirteagal 3(4); |
|
(b) |
go n-úsáideann siad córais agus trealamh lena ráthaítear cáilíocht, aga folaigh agus cosaint sheirbhísí an U-spáis nó na seirbhísí faisnéise coitinne i gcomhréir leis an Rialachán seo; |
|
(c) |
go bhfuil caipiteal glan iomchuí acu atá comhchuimseach leis na costais agus na rioscaí a bhaineann le soláthar sheirbhísí an U-spáis nó seirbhísí faisnéise coitinne; |
|
(d) |
go bhfuil siad in ann teagmhais a thuairisciú i gcomhréir le pointe ATM/ANS.OR.A.065 i bhFochuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373; |
|
(e) |
go ndéanann siad córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a chothabháil i gcomhréir le Fochuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhm (AE) 2017/373; |
|
(f) |
go ndéanann siad córas bainistithe slándála a chur chun feidhme agus a chothabháil i gcomhréir le pointe ATM/ANS.OR.D.010 i bhFochuid D d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhm (AE) 2017/373; |
|
(g) |
go ndéanann siad faisnéis agus sonraí oibríochtúla taifeadta a choinneáil ar feadh tréimhse 30 lá, ar a laghad, nó níos faide, i gcás ina bhfuil na taifeadtaí ábhartha maidir le himscrúduithe tionóiscí agus teagmhas go dtí gur léir nach mbeidh gá leo a thuilleadh; |
|
(h) |
go mbeidh plean láidir gnó acu a thugann le fios gur féidir leo a n-oibleagáidí iarbhír maidir le seirbhísí a sholáthar ar mhodh leanúnach a chomhlíonadh ar feadh tréimhse 12 mhí ar a laghad ó thús na n-oibríochtaí; |
|
(i) |
go mbeidh socruithe i bhfeidhm acu chun dliteanais a bhaineann le feidhmiú a gcúraimí a chumhdach, ar dliteanais iad a bheidh iomchuí don chaillteanas agus damáiste a d’fhéadfadh a bheith ann; |
|
(j) |
i gcás ina mbaineann siad leas as seirbhísí soláthraí seirbhíse eile, go bhfuil na comhaontuithe curtha i gcrích acu chuige sin, ag sonrú leithroinnt an dliteanais eatarthu; |
|
(k) |
go bhfuil plean teagmhasach forbartha acu i gcás teagmhas, lena n-áirítear sáruithe slándála a mbíonn tionchar acu ar sheachadadh na seirbhísí, a mbíonn díghrádú suntasach nó cur isteach ar a n-oibríochtaí mar thoradh orthu. |
2. Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i mír 1, beidh plean bainistithe éigeandála ag soláthraithe sheirbhísí an U-spáis chun cuidiú leis an oibreoir UAS atá i staid éigeandála mar aon le plean cumarsáide chun na daoine lena mbaineann a chur ar an eolas.
Airteagal 16
Bailíocht an deimhnithe
1. Beidh deimhniú atá ag soláthraí de sheirbhísí an U-spáis nó ag soláthraí aonair seirbhísí faisnéise coitinne bailí fad is a chomhlíonann sealbhóir an deimhnithe na ceanglais ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo.
2. Ní bheidh deimhniú atá ag soláthraí de sheirbhísí an U-spáis nó ag soláthraí aonair seirbhísí faisnéise coitinne bailí a thuilleadh más fíor an méid seo a leanas maidir le sealbhóir an deimhnithe:
|
(a) |
mura mbeidh oibríochtaí tosaithe aige laistigh de 6 mhí tar éis eisiúint an deimhnithe; |
|
(b) |
má scoir sé d’oibríochtaí ar feadh níos mó ná 12 mhí i ndiaidh a chéile. |
3. Déanfaidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, feidhmíocht oibríochtúil agus airgeadais sholáthraí sheirbhísí an U-spáis nó soláthraí aonair seirbhísí faisnéise coitinne atá faoina fhreagracht nó faoina freagracht a mheasúnú.
4. Féadfaidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, ar bhonn thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, coinníollacha ar leith a fhorchur ar shealbhóir an deimhnithe, an deimhniú a leasú, a chur ar fionraí, a theorannú nó a chúlghairm.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 17
Cumais na n-údarás inniúil
1. Beidh an acmhainneacht theicniúil agus oibríochtúil agus an saineolas ag na húdaráis inniúla chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 18. Chuige sin, beidh an méid seo a leanas fíor ina leith:
|
(a) |
beidh nósanna imeachta arna ndoiciméadú go hiomchuí acu, mar aon le hacmhainní leordhóthanacha; |
|
(b) |
fostóidh siad pearsanra le heolas leormhaith, ionrachas gairmiúil agus taithí agus oiliúint chun na cúraimí arna sannadh orthu a chur i gcrích; |
|
(c) |
déanfaidh siad aon ghníomhaíocht is gá chun rannchuidiú le hoibríochtaí sábháilte, éifeachtúla agus slána UAS in aerspás an U-spáis faoina bhfreagracht. |
2. Beidh údaráis inniúla in ann aon bhearta forfheidhmithe iomchuí is gá a dhéanamh nó a thionscnamh chun a áirithiú go gcomhlíonann soláthraithe sheirbhísí an U-spáis agus soláthraithe aonair seirbhísí faisnéise coitinne faoina bhformhaoirseacht ceanglais an Rialacháin seo.
Airteagal 18
Cúraimí na n-údarás inniúil
Déanfaidh na húdaráis inniúla ainmnithe na nithe seo a leanas:
|
(a) |
córas clárúcháin a bhunú, a chothabháil agus a chur ar fáil do sholáthraithe deimhnithe sheirbhísí an U-spáis agus do sholáthraithe deimhnithe aonair seirbhísí faisnéise coitinne; |
|
(b) |
a chinneadh cad iad na sonraí tráchta, bídís beo nó taifeadta, a chuirfidh soláthraithe sheirbhísí an U-spáis, soláthraithe aonair seirbhísí faisnéise coitinne agus soláthraithe seirbhísí aerthráchta ar fáil do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha údaraithe, lena n-áirítear an mhinicíocht is gá agus leibhéal cáilíochta na sonraí, gan dochar do rialacháin maidir le cosaint sonraí pearsanta; |
|
(c) |
leibhéal na rochtana ar an bhfaisnéis d’úsáideoirí éagsúla na faisnéise coitinne a chinneadh, agus a áirithiú go gcuirfear ar fáil í i gcomhréir le hIarscríbhinn II; |
|
(d) |
a áirithiú go ndéanfar malartuithe sonraí idir soláthraithe seirbhísí aerthráchta agus soláthraithe sheirbhísí an U-spáis i gcomhréir le hIarscríbhinn V; |
|
(e) |
an bealach a shainiú inar féidir le daoine nádúrtha agus dlítheanacha iarratas a dhéanamh ar dheimhniú do sholáthraí sheirbhísí an U-spáis nó soláthraí aonair faisnéise coitinne i gcomhréir le Caibidil V; |
|
(f) |
sásra a bhunú chun comhordú a dhéanamh le húdaráis agus eintitis eile, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, ar ainmniú aerspás an U-spáis, ar bhunú srianta aerspáis do UAS laistigh den aerspás sin de chuid an U-spáis agus ar chinneadh sheirbhísí an U-spáis a bheidh le soláthar in aerspás an U-spáis; |
|
(g) |
clár deimhniúcháin agus formhaoirseachta leanúnaí rioscabhunaithe a bhunú, lena n-áirítear faireachán ar an bhfeidhmíocht oibríochtúil agus airgeadais, i gcomhréir leis an riosca a bhaineann leis na seirbhísí atá á soláthar ag soláthraithe sheirbhísí an U-spáis agus soláthraithe aonair seirbhísí faisnéise coitinne atá faoina bhfreagracht formhaoirseachta; |
|
(h) |
ceangal a chur ar sholáthraithe faisnéise coitinne agus soláthraithe sheirbhísí an U-spáis an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil chun a áirithiú go gcuirfidh soláthar sheirbhísí an U-spáis le hoibríochtaí sábháilte aerárthaí; |
|
(i) |
iniúchtaí, measúnuithe, imscrúduithe agus cigireachtaí a dhéanamh ar sholáthraithe sheirbhísí an U-spáis agus soláthraithe aonair seirbhísí faisnéise coitinne mar atá bunaithe sa chlár formhaoirseachta; |
|
(j) |
na leibhéil feidhmíochta sábháilteachta is gá a chur san áireamh agus na ceanglais maidir le gach aerspás de chuid an U-spáis a bhí faoi réir measúnú riosca aerspáis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) á sainiú; |
|
(k) |
faireachán agus measúnú rialta a dhéanamh ar leibhéil na feidhmíochta sábháilteachta agus úsáid a bhaint as torthaí an fhaireacháin ar fheidhmíocht sábháilteachta, go háirithe laistigh dá bhformhaoirseacht rioscabhunaithe. |
Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 26 Eanáir 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 maidir le córais aerárthaí gan foireann agus maidir le hoibreoirí tríú tír de chórais aerárthaí gan foireann (IO L 152, 11.6.2019, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2019 maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta le haghaidh oibriú aerárthaí gan foireann (IO L 152, 11.6.2019, lch. 45).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra eile a bhaineann le bainistiú agus maoirseacht an aerthráchta, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 (IO L 62, 8.3.2017, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/665 ón gCoimisiúnan 22 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra bainistithe aerthráchta eile san aerspás U-spáis arna ainmniú san aerspás rialaithe (féach leathanach 184 den Iris Oifigiúil seo).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012 lena leagtar síos rialacha coiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialacháin (CE) Uimh. 1265/2007, (CE) Uimh. 1794/2006, (CE) Uimh. 730/2006, (CE) Uimh. 1033/2006 agus (AE) Uimh. 255/2010 (IO L 281, 13.10.2012, lch. 1).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/666 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 923/2012 sa mhéid a bhaineann le ceanglais d’eitlíocht foireannaithe a oibríonn san aerspás U-spáis (féach leathanach 187 den Iris Oifigiúil seo).
(8) https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions
IARSCRÍBHINN I
Critéir chun cumais, ceanglais feidhmíochta, dálaí oibríochtúla agus srianta aerspáis dá dtagraítear in Airteagal 3(4) a shainiú
A. Critéir chun cumais UAS agus ceanglais feidhmíochta a shainiú
Chun na cumais UAS agus na ceanglais feidhmíochta a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(4)(a) a chinneadh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na critéir seo a leanas:
|
1. |
na cineálacha oibríochta UAS agus an dlús tráchta foireannaithe a bhfuiltear ag dréim leis; |
|
2. |
an t-aicmiú aerspáis agus na struchtúir aerspáis atá ann cheana; |
|
3. |
na seirbhísí U-spáis atá le soláthar; |
|
4. |
aon srianta breise eile. |
B. Critéir chun ceanglais feidhmíochta do sheirbhísí U-spáis a shainiú
Chun na ceanglais feidhmíochta do sheirbhísí U-spáis a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(4)(b), cuirfidh na Ballstáit san áireamh na critéir seo a leanas:
|
1. |
Riosca ar talamh agus riosca san aer; |
|
2. |
Limistéar geografach a n-eitleofar thairis; |
|
3. |
Dálaí drochaimsire arb eol iad; |
|
4. |
Infhaighteacht bonneagair a thacaíonn le seirbhís U-spáis |
C. Critéir chun dálaí oibríochtúla agus srianta aerspáis a shainiú
Chun na dálaí oibríochtúla agus na srianta aerspáis a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(4)(c), cuirfidh na Ballstáit san áireamh na critéir seo a leanas:
1. Dálaí oibríochtúla
|
a. |
Cineálacha eitilte a bhfuiltear ag dréim leo; |
|
b. |
Nósanna imeachta teagmhasacha agus éigeandála do UAS; |
|
c. |
An nós imeachta idir na soláthraithe seirbhísí U-spáis agus na haonaid ábhartha seirbhísí aerthráchta chun an iarraidh ar údarú eitilte UAS a chomhordú in aerspás rialaithe; |
|
d. |
Na nósanna imeachta chun cumraíocht aerspáis dhinimiciúil a scaipeadh in aerspás rialaithe. |
2. Srianta aerspáis
|
a. |
An acmhainneacht atá ar fáil do thrácht UAS; |
|
b. |
An acmhainneacht atá ar fáil agus an acmhainneacht atá pleanáilte le haghaidh eitlíocht fhoireannaithe; |
|
c. |
Rochtain ag eitlíocht fhoireannaithe ar aerspás U-spáis; |
|
d. |
Teorainneacha aimsire le húsáid an aerspáis U-spáis; An tionchar ar aeradróim agus ar ghníomhaíochtaí sonracha eile cóngarach don aerspás U-spáis atá beartaithe. |
IARSCRÍBHINN II
Foilsiú na faisnéise coitinne dá dtagraítear in Airteagal 5(4)(a)
1.
Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí coiteanna faisnéise go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(1), (2) agus (3) ar fáil ar líne trí theicneolaíochtaí coiteanna a bheidh oscailte, slán, inscálaithe agus inbhuanaithe agus lena mbeifear in ann tacú leis na leibhéil riachtanacha infhaighteachta agus feidhmíochtaí is gá, agus lena n-áirithíeofar idir-inoibritheacht agus saorghluaiseacht seirbhísí U-spáis san Aontas.
2.
Deonfaidh soláthraithe seirbhísí coiteanna faisnéise rochtain ar fhaisnéis choiteann ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.
3.
Bainfidh soláthraithe seirbhísí U-spáis agus soláthraithe seirbhísí aerthráchta úsáid as prótacal cumarsáide coiteann slán, oscailte agus idir-inoibritheach.
IARSCRÍBHINN III
Ceanglais maidir le cáilíocht sonraí, aga folaigh sonraí agus cosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(4)(b) agus in Airteagal 7(5)(c)
A. Chun na ceanglais cáilíochta sonraí a chomhlíonadh, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí coiteanna faisnéise agus soláthraithe seirbhísí U-spáis an méid seo a leanas:
|
1. |
go ndéanfar na sonraí a choinneáil ar ardcháilíocht; |
|
2. |
go mbainfear úsáid as teicnící fíoraithe agus bailíochtaithe chun a áirithiú go bhfaighfear sonraí gan éilliú agus nach dtarlóidh éilliú ag céim ar bith den phróiseas sonraí; |
|
3. |
go ndéanfar na meiteashonraí a bhailiú agus a chaomhnú. |
|
4. |
go mbeidh aistriú na sonraí faoi réir próiseas oiriúnach fíordheimhnithe sa chaoi gur féidir leis na faighteoirí a dheimhniú gur ó fhoinse údaraithe a rinneadh na sonraí nó an fhaisnéis a tharchur. |
|
5. |
go ndéanfar tuairisciú earráidí, tomhas earráidí agus sásraí gníomhaíochta ceartaithí a bhunú agus a chothabháil. |
B. Chun na sonraí a chosaint, déanfaidh soláthraithe seirbhísí coiteanna faisnéise agus soláthraithe seirbhísí U-spáis an méid seo a leanas:
|
1. |
polasaithe slándála a chur chun feidhme, lena n-áirítear criptiú sonraí agus cosaint sonraí criticiúla; |
|
2. |
na prótacail cumarsáide atá slán, oscailte agus idir-inoibritheach a chosaint ar idirghníomhaíochtaí leictreonacha neamhúdaraithe a dhéantar d’aon ghnó agus a bhféadfadh cliseadh do-ghlactha ar chumarsáid a bheith mar thoradh orthu; |
|
3. |
na rioscaí agus na leochaileachtaí slándála a shainaithint, a mheasúnú agus a mhaolú, de réir mar is gá; |
|
4. |
cloí le caighdeáin agus rialacháin slándála maidir leis an áit inar féidir sonraí a stóráil agus a áirithiú go dtoilíonn soláthraithe tríú páirtí cleachtais slándála a leanúint; |
|
5. |
tuairisc a thabhairt ar bheartas maidir le feasacht agus oiliúint fostaithe agus ar uirlisí chun rioscaí ón taobh istigh a laghdú, agus sonraí a chosaint – lena n-áirítear maoin intleachtúil. Agus an méid sin á dhéanamh acu, déanfaidh siad faireachán ar ghníomhaíocht na n-úsáideoirí agus ar an ngníomhaíocht ar an líonra chun léargas a thabhairt ar leochaileachtaí agus bagairtí éiceachórais. |
|
6. |
réitigh lena gcuirfear le cumais braite bagartha agus cumais faisnéise a chur chun úsáide agus a áirithiú go n-úsáidfear coimircí teicneolaíochta. |
IARSCRÍBHINN IV
Iarraidh ar údarú eitilte UAS dá dtagraítear in Airteagal 6(4)
Beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarraidh ar údarú eitilte UAS:
|
1. |
sraithuimhir uathúil an aerárthaigh gan foireann nó, más de thógáil phríobháideach atá an aerárthach gan foireann, sraithuimhir uathúil an fhorlíontáin; |
|
2. |
modh oibríochta; |
|
3. |
cineál eitilte (oibríochtaí speisialta); |
|
4. |
catagóir na hoibríochta UAS (“oscailte”, “sonrach”, “deimhnithe”) agus aicme an aerárthaigh UAS nó deimhniú cineáil UAS más infheidhme; |
|
5. |
ruthag 4D; |
|
6. |
teicneolaíocht aitheanta; |
|
7. |
modhanna nascachta ionchasacha; |
|
8. |
buanseasmhacht; |
|
9. |
an nós imeachta éigeandála is infheidhme i gcás ina gcaillfear nasc ceannais agus rialaithe; |
|
10. |
uimhir chlárúcháin oibreoir an UAS agus, nuair is infheidhme, uimhir chlárúcháin an aerárthaigh gan foireann. |
IARSCRÍBHINN V
Malartú sonraí oibríochtúla ábhartha agus faisnéise ábhartha idir soláthraithe seirbhísí U-spáis agus soláthraithe seirbhísí aerthráchta i gcomhréir le hAirteagal 7(3)
1.
Déanfar an malartú faisnéise a áirithiú trí chomhaontú maidir le leibhéal seirbhíse lena leagfar síos cáilíocht na faisnéise agus tríd an tsamhail mhalartaithe a úsáidfear le haghaidh na sonraí oibríochtúla agus na faisnéise ábhartha.
2.
Leis an tsamhail mhalartaithe, déanfar an méid seo a leanas:|
a. |
bainistiú agus dáileadh a chumasú le haghaidh faisnéis i bhformáid dhigiteach; |
|
b. |
tuairisc a thabhairt ar na gnéithe faisnéise a mhalartófar, ar a n-airíonna, a saintréithe, a gcineálacha sonraí, agus a ngaolmhaireachtaí; |
|
c. |
srianta sonraí agus rialacha bailíochtaithe a chur san áireamh; |
|
d. |
formáid chaighdeánach ionchódaithe sonraí a chur i bhfeidhm; |
|
e. |
sásra breisithe a chur ar fáil lena bhféadfaidh grúpaí úsáideoirí cur le hairíonna na ngnéithe atá ann cheana agus gnéithe nua a chur leo nach ndéanann dochar do chaighdeánú laistigh de na Ballstáit agus ar fud na mBallstát. |
3.
Bainfidh soláthraithe seirbhísí U-spáis agus soláthraithe seirbhísí aerthráchta úsáid as modh criptiúcháin aitheanta.
4.
Bainfidh soláthraithe seirbhísí U-spáis agus soláthraithe seirbhísí aerthráchta úsáid as prótacal cumarsáide coiteann slán, oscailte agus idir-inoibritheach.
IARSCRÍBHINN VI
LÓGÓ EASA nó NAA de réir mar is infheidhme
Deimhniú le haghaidh soláthraí seirbhíse U-spáis dá dtagraítear in Airteagal 14 (3)
DEIMHNIÚ LE hAGHAIDH SOLÁTHRAÍ SEIRBHÍSE U-SPÁIS
(UIMHIR AN DEIMHNITHE/UIMH. EISIÚNA)
De bhun Rialachán (AE) …/…. (agus Rialachán (AE) …/….) agus faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear thíos, deimhníonn (an t-údarás inniúil) leis seo
(AINM AN tSOLÁTHRAÍ SEIRBHÍSE U-SPÁIS)
(SEOLADH AN tSOLÁTHRAÍ SEIRBHÍSE U-SPÁIS)
mar sholáthraí seirbhíse U-spáis a bhfuil na pribhléidí aige, mar a liostaítear sna coinníollacha soláthair seirbhíse atá i gceangal leis seo.
COINNÍOLLACHA:
Tá an deimhniú seo teoranta do na coinníollacha agus don raon feidhme a bhaineann le seirbhísí a sholáthar mar a liostaítear sna coinníollacha soláthair seirbhísí atá i gceangal leis seo.
Tá an deimhniú seo bailí fad a leanfaidh an soláthraí seirbhíse U-spáis de bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) …/…. agus leis na rialacháin eile is infheidhme agus, nuair is ábhartha, leis na nósanna imeachta i ndoiciméadacht an tsoláthraí seirbhísí U-spáis mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) …/…., Cuid-….
Faoi réir na gcoinníollacha thuasluaite a chomhlíonadh, leanfaidh an deimhniú seo de bheith bailí mura ndearnadh é a thabhairt suas, a theorannú, a fhionraí nó a chúlghairm.
Dáta eisiúna:
Sínithe:
Tá (Údarás inniúil) tar éis
COINNÍOLLACHA AGUS TEORAINNEACHA MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ U-SPÁIS A SHOLÁTHAR
na pribhléidí a fháil chun na seirbhísí U-spáis seo a leanas a sholáthar faoi na coinníollacha agus teorainneacha seo a leanas:
(Scrios na línte de réir mar is iomchuí)
|
Seirbhísí |
Cineál seirbhíse |
Coinníollacha |
Teorainneacha* |
|
Seirbhísí U-spáis |
Seirbhís aitheanta líonra |
|
|
|
Seirbhís geoifheasachta |
|
|
|
|
Seirbhís údaraithe eitilte UAS |
|
|
|
|
Seirbhís faisnéise tráchta |
|
|
|
|
Seirbhís aimsire |
|
|
|
|
Seirbhís faireacháin comhréireachta |
|
|
|
|
Eile (mar a shainítear ag an mBallstát) |
|
|
IARSCRÍBHINN VII
LÓGÓ EASA nó NAA de réir mar is infheidhme
Deimhniú le haghaidh soláthraí aonair seirbhísí coiteanna faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 14(3)
DEIMHNIÚ LE hAGHAIDH SOLÁTHRAÍ AONAIR SEIRBHÍSI COITEANNA FAISNÉISE
(UIMHIR AN DEIMHNITHE/Uimh. EISIÚNA)
De bhun Rialachán (AE) …/…. (agus Rialachán (AE) …/….), deimhníonn (an t-údarás inniúil) leis seo
(AINM AN tSOLÁTHRAÍ AONAIR SEIRBHÍSÍ COITEANNA FAISNÉISE)
(SEOLADH AN tSOLÁTHRAÍ AONAIR SEIRBHÍSÍ COITEANNA FAISNÉISE)
mar sholáthraí aonair seirbhísí coiteanna faisnéise.
Tá an deimhniú sin bailí fad a leanfaidh an soláthraí aonair seirbhísí coiteanna faisnéise de bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) …/…. agus leis na rialacháin eile is infheidhme agus, nuair is ábhartha, leis na nósanna imeachta i ndoiciméadacht an tsoláthraí seirbhísí U-spáis mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) …/…., Cuid- ….
Faoi réir na gcoinníollacha thuasluaite a chomhlíonadh, leanfaidh an deimhniú seo de bheith bailí mura ndearnadh é a thabhairt suas, a theorannú, a fhionraí nó a chúlghairm.
Dáta eisiúna:
Sínithe:
(Údarás inniúil)
Aguisín
Aicmí aerspáis ATS agus U-spáis – seirbhísí a sholáthraítear
Is é cuspóir an Aguisín seo na seirbhísí a bhaineann le haerspás U-spáis a sholáthraítear i ngach aicme aerspáis ar leith a leiriú go hachomair. Dá bhrí sin, ní sholáthraítear leis aon sonraíochtaí sa bhreis ar a bhfuil léirithe cheana sa Rialachán seo agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/666 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 923/2012. Maidir le seirbhísí aerthráchta arna soláthar ag aonaid ATS agus ceanglais le haghaidh eitiltí IFR agus VFR, is ionann iad fós agus na seirbhísí aerthráchta a léirítear i Rialachán (AE) Uimh. 923/2012 agus a ndéantar achoimre orthu in Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an Rialachán sin.
|
Aicme |
Cineál eitilte |
Ceadaithe in aerspás U-spáis |
Ceadaithe in aerspás U-spáis de réir USSP |
|
A |
IFR amháin |
Níl cead gan athchumrú dinimiciúil aerspáis |
|
|
UAS (1) |
Tá |
Údarú eitilte UAS Faisnéis tráchta maidir le UAS |
|
|
B, C agus D |
IFR agus VFR |
Níl cead gan athchumrú dinimiciúil aerspáis |
|
|
UAS (1) |
Tá |
Údarú eitilte UAS Faisnéis tráchta maidir le UAS |
|
|
E |
IFR |
Níl cead gan athchumrú dinimiciúil aerspáis |
|
|
VFR |
Tá, faoi réir suíomh a chomhroinnt le USSPanna |
Gan ceann ar bith |
|
|
UAS (1) |
Tá |
Údarú eitilte UAS Faisnéis tráchta maidir le UAS agus VFR |
|
|
F |
IFR |
Tá, faoi réir suíomh a chomhroinnt le USSPanna |
Gan ceann ar bith |
|
VFR |
Tá, faoi réir suíomh a chomhroinnt le USSPanna |
Gan ceann ar bith |
|
|
UAS (1) |
Tá |
Údarú eitilte UAS Faisnéis tráchta maidir le UAS, IFR agus VFR |
|
|
G |
IFR |
Tá, faoi réir suíomh a chomhroinnt le USSPanna |
Gan ceann ar bith |
|
VFR |
Tá, faoi réir suíomh a chomhroinnt le USSPanna |
Gan ceann ar bith |
|
|
UAS (1) |
Tá |
Údarú eitilte UAS Faisnéis tráchta maidir le UAS, IFR agus VFR |
(1) Seachas UAS a eitlíonn de réir Rialacha Uirlisí Eitilte.