EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0819

Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 lena leagtar síos socruithe a bhaineann le Creat Windsor [2023/819]

PUB/2023/426

IO L 102, 17.4.2023, p. 61–83 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/819/oj

17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/61


CINNEADH Uimh. 1/2023 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 24 Márta 2023

lena leagtar síos socruithe a bhaineann le Creat Windsor [2023/819]

AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus go háirithe Airteagal 164(5)(d) de, Airteagal 5(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (“an Prótacal”), chomh maith le hAirteagal 164(5)(c) den Chomhaontú um Tharraingt Siar agus an cúigiú mír d’Airteagal 8den Phrótacal,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá na cinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) de (“an Comhchoiste”) ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Na cinntí sin a bhfuil na héifeachtaí dlíthiúla céanna acu agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar, tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe leis na cinntí sin a chur chun feidhme.

(2)

Faoi Airteagal 182 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, is dlúthchuid den Chomhaontú sin an Prótacal.

(3)

Le hAirteagal 164(5)(d) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tugtar de chumhacht don Chomhchoiste cinntí a ghlacadh lena leasaítear an Comhaontú um Tharraingt Siar, ar choinníoll gur gá na leasuithe sin chun earráidí a cheartú, chun aghaidh a thabhairt ar neamhghníomhartha nó ar easnaimh eile, nó chun aghaidh a thabhairt ar chásanna nach raibh coinne leo nuair a síníodh an Comhaontú, agus ar choinníoll nach ndéantar eilimintí ríthábhachtacha an Chomhaontaithe sin a leasú leis na cinntí sin.

(4)

Rinne an tAontas agus an Ríocht Aontaithe Dearbhú Comhpháirteach sa Chomhchoiste á rá, i gcás inarb ábhartha ina ndéileálacha faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, go dtagróidh siad don Phrótacal arna leasú mar “Chreat Windsor”, i gcomhréir le ceanglais na deimhneachta dlíthiúla, agus go bhféadfaidh siad tagairt a dhéanamh don Phrótacal arna leasú ina reachtaíocht intíre ar an mbealach céanna.

(5)

Meabhraíonn an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a ngealltanas comhroinnte gur cheart Comhaontú Aoine an Chéasta nó Comhaontú Bhéal Feirste an 10 Aibreán 1998 idir Rialtas na Ríochta Aontaithe, Rialtas na hÉireann agus na rannpháirtithe eile sa chaibidlíocht ilpháirtí (“Comhaontú 1998”), atá i gceangal le Comhaontú na Breataine-na hÉireann den dáta céanna, lena n-áirítear na comhaontuithe agus na socruithe cur chun feidhme ina dhiaidh sin, a chosaint ina n-iomláine.

(6)

Ag féachaint d’imthosca sonracha Thuaisceart Éireann, ba cheart socruithe sonracha maidir le gluaiseacht earraí laistigh de mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe a áireamh sna héascuithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Phrótacal, socruithe a bheidh comhsheasmhach le seasamh Thuaisceart Éireann mar chuid de chríoch chustaim na Ríochta Aontaithe i gcomhréir leis an bPrótacal seo, i gcás ina bhfuil na hearraí ceaptha le haghaidh tomhaltas deiridh nó úsáid deiridh i dTuaisceart Éireann agus i gcás ina bhfuil na coimircí is gá i bhfeidhm chun sláine mhargadh inmheánach agus aontas custaim an Aontais a chosaint.

(7)

Ba cheart sásra coscáin éigeandála a bhunú lena gcuirfear ar a gcumas do Chomhaltaí den Tionól Reachtach i dTuaisceart Éireann, faoi gach ceann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Dearbhú Aontaobhach ón Ríocht Aontaithe maidir le rannpháirtíocht institiúidí Chomhaontú 1998 atá i gceangal leis an gCinneadh seo, aghaidh a thabhairt ar thionchair mhóra a bhaineann go sonrach le saol laethúil na bpobal a eascraíonn as cur i bhfeidhm fhorálacha dhlí an Aontais i dTuaisceart Éireann, arna leasú nó arna ionadú le gníomhartha an Aontais a bheidh ann amach anseo.

(8)

Maidir le CBL agus mál, ag féachaint d’imthosca sonracha Thuaisceart Éireann, lena n-áirítear an áit lárnach atá aici i margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe, ba cheart leasuithe áirithe a dhéanamh ar Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an bPrótacal. Níor cheart rioscaí calaoise fioscaí ná aon saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a bheith mar thoradh ar na leasuithe sin. Níor cheart rioscaí do mhargadh inmheánach an Aontais, ná do mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe, a chruthú lena gcur chun feidhme i dTuaisceart Éireann, agus go háirithe le cur chun feidhme na scéime speisialta maidir le ciandíol earraí a allmhairíodh ó thríú críocha agus tríú tíortha, ná níor cheart ualaí míchuí a chur ar ghnólachtaí a oibríonn i dTuaisceart Éireann leo.

(9)

Chun raon feidhme cur i bhfeidhm gníomhartha sonracha áirithe a liostaíodh in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an bPrótacal a shoiléiriú, ba cheart dhá nóta a chur leis an Iarscríbhinn sin. Chun a áirithiú go bhféadfaí aon nóta eile a chur leis an Iarscríbhinn sin tráth ar bith, ba cheart foráil a dhéanamh don fhéidearthacht sin sa Chinneadh seo.

(10)

Maidir le gluaiseacht earraí, le hAirteagal 5(2) den Phrótacal cumhachtaítear don Chomhchoiste cinntí a ghlacadh lena mbunófar na coinníollacha faoina measfar nach próiseáil tráchtála í an phróiseáil agus na critéir lena measfar, i dtaca le hearra arna thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann ó lasmuigh den Aontas, nach bhfuil riosca ann go n-aistreofar an t-earra sin isteach san Aontas ina dhiaidh sin.

(11)

Is inmhianaithe feabhas a chur ar fheidhmiú na scéimeanna a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 4/2020 (2) ón gComhchoiste, lena n-áirítear i ndáil le hearraí a sheoltar i mbeartáin chuig Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe, rud a fhágfaidh go bhféadfar foráil a dhéanamh maidir le héascuithe forleathana i réimse an chustaim.

(12)

I gcomhréir le hAirteagal 175 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, déanfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe na bearta is gá chun rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh go tapa agus de mheon macánta maidir leis na coinníollacha i dtaca le forálacha an Chinnidh seo a chur ar fionraí, a fhoirceannadh agus a bheith infheidhme.

(13)

Ba cheart Roinn 2 den Chinneadh seo a chur in ionad Chinneadh Uimh. 4/2020 ón gComhchoiste.

(14)

Maidir le sásra comhordúcháin feabhsaithe a bhunú a bhaineann le feidhmiú an Phrótacail i réimsí CBL agus máil, i gcomhréir le hAirteagal 164(5)(c) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, féadfaidh an Comhchoiste inter alia na cúraimí a shanntar do choistí speisialaithe a athrú.

(15)

De bhun Airteagal 8, an ceathrú mír, den Phrótacal, pléifidh an Comhchoiste go rialta cur chun feidhme an Airteagail sin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis na laghduithe agus na díolúintí dá bhforáiltear sna forálacha dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal céanna agus glacfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, bearta chun é a chur i bhfeidhm go cuí, de réir mar is gá.

(16)

Faoi Airteagal 8, an cúigiú mír, den Phrótacal, féadfaidh an Comhchoiste athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo agus áit lárnach Thuaisceart Éireann i margadh aonair na Ríochta Aontaithe á chur san áireamh, agus féadfaidh sé bearta iomchuí a ghlacadh de réir mar is gá.

(17)

Chun éifeachtacht Airteagal 8den Phrótacal a áirithiú agus go háirithe chun áit lárnach Thuaisceart Éireann i margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe a chur san áireamh, ba cheart don Aontas agus don Ríocht Aontaithe measúnú a dhéanamh, ar bhealach struchtúrtha, ar aon saincheist a eascraíonn as cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Airteagal 8, lena n-áirítear go háirithe an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag aon tionscnamh beartais agus rialála san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe amach anseo ar Thuaisceart Éireann i réimsí CBL agus máil maidir le hearraí.

(18)

Is iomchuí, dá bhrí sin, sásra comhordúcháin feabhsaithe a bhunú chun go mbeidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe in ann aon saincheist a bhaineann le feidhmiú an Phrótacail i réimsí CBL agus máil a shainaithint agus a phlé agus gníomhaíocht iomchuí a mholadh, de réir mar is gá. Chuige sin, ba cheart cruinnithe sonracha den Choiste Speisialaithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann arna bhunú le hAirteagal 165(1)(c) den Chomhaontú um Tharraingt Siar a thionól chun CBL agus mál maidir le hearraí a phlé de réir mar is gá. An Sásra Comhordúcháin Feabhsaithe maidir le CBL agus mál a thabharfar ar na cruinnithe sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

ROINN 1

Leasuithe ar an bPrótacal

Airteagal 1

In Airteagal 6(2) den Phrótacal, cuirfear an abairt seo a leanas isteach tar éis na chéad abairte:

“Áirítear leis sin socruithe sonracha maidir le gluaiseacht earraí laistigh de mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe, socruithe a bheidh comhsheasmhach le seasamh Thuaisceart Éireann mar chuid de chríoch chustaim na Ríochta Aontaithe i gcomhréir leis an bPrótacal seo, i gcás ina bhfuil na hearraí ceaptha le haghaidh tomhaltas deiridh nó úsáid deiridh i dTuaisceart Éireann agus i gcás ina bhfuil na coimircí is gá i bhfeidhm chun sláine mhargadh inmheánach agus aontas custaim an Aontais a chosaint.”.

Airteagal 2

In Airteagal 13 den Phrótacal, tar éis mhír (3), cuirfear isteach an mhír seo a leanas:

“3a.   De mhaolú ar mhír 3, agus faoi réir an cheathrú fomhír den mhír seo, ní bheidh feidhm ag gníomh Aontais a chumhdaítear leis an mír seo agus a leasaíodh le gníomh sonrach de chuid an Aontais nó ar cuireadh gníomh sonrach de chuid an Aontais ina ionad (‘gníomh sonrach de chuid an Aontais’), arna leasú nó arna ionadú le gníomh sonrach an Aontais, ó dhá sheachtain tar éis an lae a thug an Ríocht Aontaithe fógra i scríbhinn don Aontas tríd an gComhchoiste gur leanadh an nós imeachta a leagtar amach sa dearbhú aontaobhach a rinne an Ríocht Aontaithe maidir le rannpháirtíocht institiúidí Chomhaontú 1998, mar atá i gceangal le hIarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 1/2023 ón gComhchoiste (*1). Tabharfar an fógra sin laistigh de 2 mhí ó fhoilsiú an ghnímh shonraigh de chuid an Aontais agus áireofar ann míniú mionsonraithe ar mheasúnú na Ríochta Aontaithe maidir leis na coinníollacha dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo, agus ar na céimeanna nós imeachta a rinneadh laistigh den Ríocht Aontaithe roimh an bhfógra.

Má mheasann an tAontas nach leor míniú na Ríochta Aontaithe maidir leis na himthosca dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo, féadfaidh sé míniú breise a iarraidh laistigh de 2 sheachtain ó dháta an fhógra agus cuirfidh an Ríocht Aontaithe an míniú breise sin ar fáil laistigh de 2 sheachtain ó dháta na hiarrata. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag an ngníomh de chuid an Aontais a chumhdaítear leis an mír seo, arna leasú nó arna ionadú leis an ngníomh sonrach de chuid an Aontais, ón tríú lá tar éis an lae a chuir an Ríocht Aontaithe an míniú breise sin ar fáil.

Ní thabharfaidh an Ríocht Aontaithe an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá difríocht mhór, go hiomlán nó go páirteach, idir ábhar nó raon feidhme an ghnímh de chuid an Aontais arna leasú nó arna ionadú leis an ngníomh sonrach de chuid an Aontais agus ábhar nó raon feidhme ghníomh an Aontais, de réir mar is infheidhme, sula ndéanfar é a leasú nó a ionadú; agus

(b)

maidir le cur i bhfeidhm ghníomh an Aontais arna leasú nó arna ionadú le gníomh sonrach an Aontais i dTuaisceart Éireann, nó leis an gcuid ábhartha de, de réir mar a bheidh, bheadh tionchar mór aige a bhaineann go sonrach le saol laethúil na bpobal i dTuaisceart Éireann ar bhealach ar dócha go leanfaidh sé ar aghaidh.

I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) ach i ndáil le cuid de ghníomh an Aontais arna leasú nó arna ionadú leis an ngníomh sonrach de chuid an Aontais, ní thabharfar an fógra ach i leith na coda sin, ar choinníoll gur féidir an chuid sin a scaradh ó na codanna eile de ghníomh an Aontais arna leasú nó arna ionadú leis an ngníomh sonrach de chuid an Aontais. Mura féidir an chuid sin a scaradh, tabharfar an fógra i ndáil leis an eilimint inscartha is lú de ghníomh an Aontais arna leasú nó arna ionadú leis an ngníomh sonrach de chuid an Aontais ina bhfuil an chuid atá i gceist.

I gcás ina dtugtar an fógra i leith cuid de ghníomh an Aontais arna leasú nó arna ionadú leis an ngníomh sonrach de chuid an Aontais, i gcomhréir leis an dara habairt den fhomhír roimhe seo, ní bheidh feidhm ag an ngníomh de chuid an Aontais arna leasú nó arna ionadú leis an ngníomh sonrach de chuid an Aontais ach i leith na coda sin amháin.

I gcás ina dtugtar an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, beidh feidhm ag mír 4 maidir leis an ngníomh de chuid an Aontais arna leasú nó arna ionadú leis an ngníomh sonrach de chuid an Aontais; i gcás ina gcuirtear gníomh an Aontais arna leasú nó arna ionadú leis an ngníomh sonrach de chuid an Aontais leis an bPrótacal seo, cuirfear an gníomh sin in ionad an ghnímh de chuid an Aontais sula leasófar é nó sula gcuirfear gníomh eile ina ionad.

Cumhdaítear leis an mír seo gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhleasc de cheannteideal 1 agus de cheannteidil 7 go 47 d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal seo, agus sa tríú fomhír d’Airteagal 5(1) de.

Airteagal 3

Déanfar Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an bPrótacal a leasú mar a leanas:

(1)

faoin gceannteideal “1. Cáin Bhreisluacha”, tar éis na hiontrála “Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha”, cuirfear isteach an nóta seo a leanas:

“Maidir le hearraí arna soláthar agus arna suiteáil i maoin dhochorraithe atá suite i dTuaisceart Éireann ag daoine inchánach, féadfaidh an Ríocht Aontaithe rátaí laghdaithe, rátaí níos ísle ná 5 % nó díolúine lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin a chur i bhfeidhm i ndáil le Tuaisceart Éireann.

Ní cheanglófar ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Tuaisceart Éireann, an tríú fomhír d’Airteagal 98(1) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 98(2) de Threoir 2006/112/CE a chur i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, féadfaidh sí rátaí laghdaithe CBL a chur i bhfeidhm maidir le soláthairtí a chumhdaítear i níos mó ná 24 phointe in Iarscríbhinn III agus féadfaidh sí ráta laghdaithe níos ísle ná an t-íosmhéid 5 % agus díolúine lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin a chur i bhfeidhm maidir le soláthairtí a chumhdaítear i níos mó ná seacht bpointe in Iarscríbhinn III de Threoir 2006/112/CE.

Ní cheanglófar ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Tuaisceart Éireann, an scéim speisialta a chur i bhfeidhm maidir le fiontair bheaga, a leagtar síos i dTeideal XII, Caibidil 1, de Threoir 2006/112/CE, arna leasú le Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d’fhiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann le comhar riaracháin agus malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta d’fhiontair bheaga (*2), maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, agus, dá bhrí sin, féadfaidh siad aon scéim díolúine a chur i bhfeidhm maidir le daoine inchánach a gcomhlíonann a láimhdeachas bliantúil, atá inchurtha i leith soláthairtí earraí agus seirbhísí, na rialacha maidir leis an tairseach láimhdeachais a leagtar síos in Airteagal 284(1), Airteagal 288 agus Airteagal 288a(1) agus (3) de Threoir 2006/112/CE, arna leasú le Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle. Déanfar coibhéis na tairsí láimhdeachais i bpuint steirling dá dtagraítear in Airteagal 284(1) a ríomh tríd an ráta malairte a chur i bhfeidhm an lá tar éis dháta theacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2020/285, arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach. Chun athruithe sa ráta malairte sin le himeacht ama a chur san áireamh, ceadófar difríocht uasta 15 % agus coibhéis na tairsí EUR 85 000 á ríomh.

Ní cheanglófar ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Tuaisceart Éireann, an scéim speisialta a chur i bhfeidhm maidir le ciandíol earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha, a leagtar síos i dTeideal XII, Caibidil 6, Roinn 4, de Threoir 2006/112/CE, a mhéid a bhaineann le ciandíol earraí ón mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann, ar choinníoll go bhfuil na hearraí faoi réir tomhaltais deiridh i dTuaisceart Éireann agus gur muirearaíodh cáin bhreisluacha sa Ríocht Aontaithe.

(*2)  IO L 62, 2.3.2020, lch. 1.”;"

(2)

faoin gceannteideal “2. Mál”, tar éis na hiontrála “Treoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir na ndleachtanna máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha a chomhchuibhiú”, cuirtear isteach an nóta seo a leanas:

“Ní cheanglófar ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Tuaisceart Éireann, Airteagal 3(1) agus Airteagail 9, 13, 18 agus 21 de Threoir 92/83/CEE ón gComhairle a chur i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, féadfaidh sí rátaí dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le halcól agus deochanna alcólacha ar bhonn neart alcóil i gcónaí agus féadfaidh sí rátaí laghdaithe dleachta a chur i bhfeidhm maidir le deochanna alcólacha atá pacáistithe i gcoimeádáin mhóra tarraingthe a fhóntar lena gcaitheamh láithreach in ionaid fáilteachais, ar choinníoll nach mbeidh na rátaí dleachta sin sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Tuaisceart Éireann, in aon chás, fiú tar éis aon fhaoiseamh is infheidhme, faoi bhun na híosrátaí dleachta a leagtar síos in Airteagal 3(1) agus Airteagail 4, 5 agus 6 de Threoir 92/84/CEE, agus beidh feidhm acu maidir le táirgí a sholáthraítear ón Aontas ar bhealach chomh fabhrach céanna le táirgí intíre.

Ní cheanglófar ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Tuaisceart Éireann, Airteagail 4, 9a, 13a, 18a, Airteagal 22(1) go (5) agus Airteagal 23a de Threoir 92/83/CEE ón gComhairle a chur i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, féadfaidh sí táirgeoirí beaga a shainiú agus rátaí laghdaithe dleachta a shocrú maidir le halcól agus deochanna alcólacha arna dtáirgeadh ag táirgeoirí beaga, ar choinníoll nach mbeidh na rátaí dleachta laghdaithe sin, in aon chás, fiú tar éis aon fhaoiseamh is infheidhme, níos ísle ná na híosrátaí dleachta a leagtar síos in Airteagal 3(1) agus Airteagail 4, 5 agus 6 de Threoir 92/84/CEE, agus nach mbeidh táirgeadh bliantúil na dtáirgeoirí beaga atá i dteideal tairbhiú de chur i bhfeidhm an ráta dleachta laghdaithe, in aon chás, níos airde ná na tairseacha táirgeachta a leagtar síos sna chéad fhleasca d’Airteagal 4(1), Airteagal 9a(1), Airteagal 13a(1), Airteagal 18a(1) agus Airteagal 22(1) de Threoir 92/83/CEE ón gComhairle. Na nósanna imeachta maidir le haitheantas frithpháirteach a leagtar síos faoi Airteagal 4(3), Airteagal 9a(3), Airteagal 13a(5), Airteagal 18a(4), Airteagal 22(3) agus Airteagal 23a(3) de Threoir 92/83/CEE, ní bheidh feidhm acu idir na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.”.

Airteagal 4

1.   In Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an bPrótacal, faoin gceannteideal “1. Cáin Bhreisluacha” cuirfear isteach aon nóta seachas na nótaí a leagtar síos i bpointe 1 d’Airteagal 3den Chinneadh seo de réir mar a ghlacfaidh an Comhchoiste iad, ar choinníoll go sonrófar sna nótaí sin an bealach ina mbeidh feidhm ag gníomhartha an Aontais a liostaítear i roinn 1 d’Iarscríbhinn 3 maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. Leis na nótaí sin, áiritheofar nach mbeidh aon tionchar diúltach ar mhargadh inmheánach an Aontais i bhfoirm rioscaí calaoise fioscaí ná aon saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann.

2.   In Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an bPrótacal, faoin gceannteideal “2. Mál” cuirfear isteach aon nóta seachas na nótaí a leagtar síos i bpointe 2 d’Airteagal 3den Chinneadh seo de réir mar a ghlacfaidh an Comhchoiste iad, ar choinníoll go sonrófar sna nótaí sin an bealach ina mbeidh feidhm ag gníomhartha an Aontais a liostaítear i roinn 2 d’Iarscríbhinn 3 maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. Leis na nótaí sin, áiritheofar nach mbeidh aon tionchar diúltach ar mhargadh inmheánach an Aontais i bhfoirm rioscaí calaoise fioscaí ná aon saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann.

ROINN 2

Earraí nach bhfuil i mbaol a chinneadh agus Cinneadh Uimh. 4/2020 a aisghairm

Airteagal 5

Ábhar

Leis an Roinn seo leagtar amach rialacha le haghaidh Airteagal 5(2) den Phrótacal a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

na coinníollacha faoina measfar, i dtaca le hearra arna thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann ó lasmuigh den Aontas, an t-earra sin gan bheith faoi réir próiseáil tráchtála i dTuaisceart Éireann;

(b)

na critéir lena measfar, i dtaca le hearra arna thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann ó lasmuigh den Aontas, nach bhfuil riosca ann go n-aistreofar an t-earra sin isteach san Aontas ina dhiaidh sin.

Airteagal 6

Próiseáil neamhthráchtála

Chun críoch phointe (a) den chéad fhomhír, agus an tríú fomhír d’Airteagal 5(2) den Phrótacal, measfar gur próiseáil neamhthráchtála atá i bpróiseáil earra, sna cásanna seo a leanas:

(a)

ba lú ná GBP 2 000 000 an láimhdeachas bliantúil iomlán, sa bhliain airgeadais iomlán is déanaí, a bhí ag an duine a thaisc dearbhú maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht i leith an earra sin nó ag an duine ar taisceadh an dearbhú sin thar a cheann (“allmhaireoir”); nó

(b)

is i dTuaisceart Éireann a dhéanfar an phróiseáil agus is chun na críche seo a leanas amháin an phróiseáil sin:

(i)

bia a dhíol le tomhaltóir deiridh sa Ríocht Aontaithe;

(ii)

foirgníocht, i gcás inar cuid bhuan iad na hearraí a phróiseálfar de dhéanmhas a dhéanfaidh an t-allmhaireoir nó eintiteas amháin ina dhiaidh sin agus a shuífidh sé i dTuaisceart Éireann;

(iii)

soláthar díreach ón allmhaireoir nó ó eintiteas amháin ina dhiaidh sin, i dTuaisceart Éireann, d’fhaighteoir seirbhísí sláinte nó seirbhísí cúraim;

(iv)

gníomhaíochtaí neamhbhrabúis i dTuaisceart Éireann ag an allmhaireoir nó ag eintiteas amháin ina dhiaidh sin, i gcás nach ndíoltar an t-earra próiseáilte ina dhiaidh sin; nó

(v)

úsáid deiridh mar bheatha ainmhithe in áitreabh atá suite i dTuaisceart Éireann ag an allmhaireoir nó ag eintiteas amháin ina dhiaidh sin.

Airteagal 7

Critéir lena measfar nach bhfuil riosca ann go n-aistreofar earraí isteach san Aontas ina dhiaidh sin

1.   Measfar nach bhfuil riosca ann go n-aistreofar earra isteach san Aontas ina dhiaidh sin i gcás nach meastar é a bheith faoi réir próiseáil tráchtála i gcomhréir le hAirteagal 6den Chinneadh seo, agus go meastar go gcomhlíontar na critéir seo a leanas:

(a)

i gcás earraí a thabharfar isteach i dTuaisceart Éireann ó chuid eile den Ríocht Aontaithe trí bhíthin iompar díreach:

(i)

is cothrom le nialas an dleacht is iníoctha de réir Chomhtharaif Chustaim an Aontais; nó

(ii)

tá údaraithe don allmhaireoir i gcomhréir le hAirteagail 9 go 11 den Chinneadh seo an t-earra sin a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann lena dhíol le tomhaltóirí deiridh atá sa Ríocht Aontaithe, nó le haghaidh úsáid deiridh ag tomhaltóirí deiridh atá sa Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear an cás ina raibh an t-earra sin faoi réir próiseáil neamhthráchtála i gcomhréir le hAirteagal 6den Chinneadh seo sula ndearnadh é a dhíol le tomhaltóirí deiridh nó a sholáthar le haghaidh úsáid deiridh ag tomhaltóirí deiridh; nó

(iii)

is i mbeartán a sheoltar é, agus

(aa)

is de chineál neamhthráchtála é agus seolann duine príobháideach é chuig duine príobháideach eile a bhfuil cónaí air i dTuaisceart Éireann; nó

(bb)

seolann oibreoir eacnamaíoch é trí iompróir atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 12 den Chinneadh seo chuig duine príobháideach a bhfuil cónaí air i dTuaisceart Éireann agus is le haghaidh úsáid phearsanta amháin é.

(b)

i gcás earraí a thabharfar isteach i dTuaisceart Éireann trí bhíthin iompar díreach ó áit seachas an tAontas nó cuid eile den Ríocht Aontaithe:

(i)

tá an dleacht is iníoctha de réir Chomhtharaif Chustaim an Aontais cothrom le, nó níos lú ná, an dleacht is iníoctha de réir tharaif chustaim na Ríochta Aontaithe; nó

(ii)

tá údaraithe don allmhaireoir i gcomhréir le hAirteagail 9 go 11 den Chinneadh seo an t-earra sin a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann lena dhíol le tomhaltóirí deiridh atá suite i dTuaisceart Éireann, nó lena sholáthar le haghaidh úsáid deiridh ag tomhaltóirí deiridh atá suite i dTuaisceart Éireann (lena n-áirítear i gcás ina raibh an t-earra sin faoi réir próiseáil neamhthráchtála i gcomhréir le hAirteagal 6den Chinneadh seo sula ndearnadh é a dhíol le tomhaltóirí deiridh, nó a sholáthar le haghaidh úsáid deiridh ag tomhaltóirí deiridh), agus tá an difríocht idir an dleacht is iníoctha de réir Chomhtharaif Chustaim an Aontais agus an dleacht is iníoctha de réir tharaif chustaim na Ríochta Aontaithe níos lú ná 3 % de luach custaim an earra.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1(a)(ii), mír 1(a)(iii) ná mír 1(b)(ii) maidir le hearraí atá faoi réir bearta cosanta trádála arna nglacadh ag an Aontas.

3.   Chun críocha an Chinnidh seo, ciallaíonn “beartán” pacáiste ina bhfuil an méid seo a leanas:

(a)

earraí, seachas mír chomhfhreagrais, nach mó ná 31,5 kg a n-ollmheáchan iomlán; nó

(b)

earra míre aonair, seachas mír chomhfhreagrais, nach mó ná 100 kg a ollmheáchan iomlán, i ndáil le hidirbheart tráchtála.

Airteagal 8

An dleacht is infheidhme a chinneadh

Chun críocha Airteagal 7(1)(a)(i) agus Airteagal 7(1)(b) den Chinneadh seo, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

déanfar an dleacht is iníoctha de réir Chomhtharaif Chustaim an Aontais a chinneadh i gcomhréir leis na rialacha a leagfar amach i reachtaíocht chustaim an Aontais;

(b)

déanfar an dleacht is iníoctha i leith earra de réir tharaif chustaim na Ríochta Aontaithe a chinneadh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i reachtaíocht chustaim na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 9

Údarú chun na gcríoch in Airteagal 7

1.   Chun críocha Airteagal 7(1)(a)(ii) agus Airteagal 7(1)(b)(ii) den Chinneadh seo, is faoi bhráid údarás inniúil na Ríochta Aontaithe a chuirfear iarratas ar údarú chun earraí a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann trí bhíthin iompar díreach lena ndíol le tomhaltóirí deiridh, nó lena soláthar le haghaidh úsáid deiridh ag tomhaltóirí deiridh.

2.   San iarratas ar an údarú dá dtagraítear i mír 1 beidh faisnéis faoi ghníomhaíochtaí gnó an iarratasóra, faoi na hearraí a thugann sé isteach i dTuaisceart Éireann de ghnáth, maille le tuairisc ar chineál na dtaifead, na gcóras agus na rialuithe a chuir an t-iarratasóir i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar dearbhú custaim cuí, chun críoch custaim, i leith na n-earraí arna gcumhdach faoin údarú agus go bhféadfar fianaise a chur ar fáil a sheasfaidh leis an ngealltanas in Airteagal 10(b) den Chinneadh seo. Coinneoidh an trádálaí an fhianaise, e.g. sonraisc, le haghaidh na 5 bliana deireanacha roimhe sin agus cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis inniúla í arna iarraidh sin dóibh. In Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo leagtar amach na sonraí nach mór a chur san iarratas.

3.   Léireofar an méid seo a leanas, ar a laghad, san údarú:

(a)

ainm an duine dár deonaíodh an t-údarú (“sealbhóir an údaraithe”);

(b)

uimhir thagartha aonair a shann an t-údarás inniúil custaim don chinneadh (“uimhir thagartha an údaraithe”);

(c)

an t-údarás a dheonaigh an t-údarú;

(d)

dáta theacht i bhfeidhm an údaraithe.

4.   Na forálacha i reachtaíocht chustaim an Aontais maidir le cinntí a bhaineann leis an reachtaíocht chustaim a chur i bhfeidhm, beidh feidhm acu maidir leis na hiarratais agus na húdaruithe dá dtagraítear san Airteagal seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le faireachán.

5.   I gcásanna ina bhfeicfidh údarás inniúil custaim na Ríochta Aontaithe mí-úsáid á baint d’aonghnó as údarú nó sárú á dhéanamh ar na coinníollacha a ghabhann le húdarú a leagtar amach sa Chinneadh seo, cuirfidh an t-údarás an t-údarú ar fionraí nó cúlghairfidh sé é.

6.   Féadfaidh ionadaithe an Aontais a iarraidh ar údarás inniúil custaim na Ríochta Aontaithe údarú sonrach a fhíorú. Déanfaidh údarás inniúil custaim na Ríochta Aontaithe na bearta iomchuí mar fhreagairt ar an iarraidh sin agus cuirfidh sé faisnéis ar fáil faoin ngníomhaíocht a dhéanfar laistigh de 30 lá.

Airteagal 10

Coinníollacha ginearálta maidir le húdarú

Chun críocha Airteagal 7(1)(a)(ii) agus Airteagal 7(1)(b)(ii) den Chinneadh seo, féadfar údarú a dheonú d’iarratasóirí:

(a)

a mbeidh na critéir um bhunú seo a leanas comhlíonta acu:

(i)

tá siad bunaithe i dTuaisceart Éireann nó tá áit ghnó sheasta acu i dTuaisceart Éireann

a bhfuil acmhainní daonna agus teicniúla ann ar bhonn buan; agus

óna ndéantar earraí a dhíol le tomhaltóirí deiridh nó a sholáthar le haghaidh úsáid deiridh ag tomhaltóirí; agus

a bhfuil teacht nó rochtain ann ar thaifid chustaim, ar thaifid tráchtála agus ar thaifid iompair i dTuaisceart Éireann, nó

(ii)

tá siad bunaithe i gcodanna den Ríocht Aontaithe seachas Tuaisceart Éireann agus comhlíonann siad na critéir seo a leanas:

is sa Ríocht Aontaithe a dhéantar a n-oibríochtaí a bhaineann le cúrsaí custaim;

tá ionadaí indíreach custaim acu i dTuaisceart Éireann;

tá a dtaifid agus a bhfaisnéis chustaim, tráchtála agus iompair ar fáil nó inrochtana sa Ríocht Aontaithe d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe agus d’ionadaithe an Aontais chun comhlíontacht leis na coinníollacha agus leis na gealltanais arna dtabhairt de bhun an Chinnidh seo a fhíorú; agus

(b)

a thabharfaidh gealltanas nach dtabharfaidh siad earraí isteach i dTuaisceart Éireann ach amháin lena ndíol le tomhaltóirí deiridh sa Ríocht Aontaithe, nó lena soláthar le haghaidh úsáid deiridh ag tomhaltóirí deiridh sa Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear an cás ina raibh na hearraí sin faoi réir próiseála neamhthráchtála i gcomhréir le hAirteagal 6den Chinneadh seo sula ndearnadh iad a dhíol le tomhaltóirí deiridh sa Ríocht Aontaithe nó a sholáthar le haghaidh úsáid deiridh ag tomhaltóirí deiridh sa Ríocht Aontaithe; agus, i gcás díol le tomhaltóirí deiridh i dTuaisceart Éireann, a thabharfaidh gealltanas go ndéanfar an díol ó cheann amháin nó níos mó d’ionaid díolacháin fhisiciúla i dTuaisceart Éireann óna ndéantar díol díreach le tomhaltóirí deiridh.

Airteagal 11

Coinníollacha sonracha maidir le húdarú allmhaireoirí

1.   Chun críocha Airteagal 7(1)(a)(ii) agus Airteagal 7(1)(b)(ii) den Chinneadh seo, ní dheonófar údarú chun earraí a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann ach amháin d’iarratasóirí a mbeidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10 den Chinneadh seo comhlíonta acu chomh maith leis na coinníollacha seo a leanas, mar a mhínítear a thuilleadh in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo:

(a)

dearbhaíonn an t-iarratasóir, i dtaca le hearraí arna dtabhairt isteach i dTuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 7(1)(a)(ii) nó le hAirteagal 7(1)(b)(ii) den Chinneadh seo, go ndéanfaidh sé dearbhú custaim i leith na n-earraí sin mar earraí a bhfuiltear lena scaoileadh i saorchúrsaíocht i dTuaisceart Éireann;

(b)

laistigh de 3 bliana roimh an iarratas, nach mbeidh aon sárú tromchúiseach ná athsháruithe déanta ag an iarratasóir ar reachtaíocht chustaim ná ar rialacha cánachais agus nach mbeidh ar taifead ina leith taifead i ndáil le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhain lena chuid gníomhaíochta eacnamaíche;

(c)

i gcás earraí a bhfuiltear le dearbhú custaim a dhéanamh ina leith mar earraí nach ngabhann aon riosca leo, léireoidh an t-iarratasóir go bhfuil ardleibhéal rialaithe aige ar a chuid oibríochtaí agus ar an sreabhadh earraí, trí bhíthin córas le haghaidh bainistiú taifead tráchtála agus, i gcás inarb iomchuí, bainistiú taifead iompair, a fhágann gur féidir rialuithe iomchuí a dhéanamh agus fianaise a sholáthar chun tacú leis an ngealltanas in Airteagal 10(b) den Chinneadh seo;

(d)

tá seasamh maith airgeadais ag an iarratasóir le linn na tréimhse 3 bliana roimh an iarratas, nó sa tréimhse ó bunaíodh é i gcás inar lú ná 3 bliana é, amhail chun é a chur ar chumas don iarratasóir a ghealltanais a chomhlíonadh, agus aird chuí á tabhairt ar shaintréithe an chineáil gníomhaíochta gnó lena mbaineann;

(e)

ba cheart don iarratasóir a bheith in ann tuiscint shoiléir a léiriú ar a oibleagáidí faoin údarú seo agus i ndáil le gluaiseachtaí na n-earraí faoin scéim agus ar conas iad a chomhlíonadh.

2.   Beidh iarratasóirí in ann cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu a chomhfhreagraíonn nó nach gcomhfhreagraíonn na hearraí a thugann siad isteach i dTuaisceart Éireann d’aon cheann de na catagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCinneadh seo.

3.   Ní dheonófar údaruithe ach amháin má mheasann an t-údarás custaim go mbeidh sé in ann rialuithe a dhéanamh i gcomhréir le socruithe oibríochtúla ábhartha comhaontaithe, gan iarracht dhíréireach riaracháin, lena n-áirítear rialú ar aon fhianaise gur díoladh na hearraí le tomhaltóirí deiridh nó gur soláthraíodh iad faoi réir a n-úsáide deiridh ag tomhaltóirí deiridh.

Airteagal 12

Coinníollacha sonracha maidir le húdarú Iompróirí

1.   Chun críocha Airteagal 7(1)(a)(iii)(bb) den Chinneadh seo, is féidir le hoibreoir eacnamaíoch a aistríonn beartáin, lena n-áirítear oibreoir poist ainmnithe na Ríochta Aontaithe, iarratas a dhéanamh ar bheith ina iompróir údaraithe a aistríonn beartáin ó chuid eile den Ríocht Aontaithe go Tuaisceart Éireann (“Iompróir Údaraithe”) má chomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá sé cláraithe mar oibreoir eacnamaíoch;

(b)

tá sé bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus, i gcás nach bhfuil sé bunaithe i dTuaisceart Éireann, tá ionadaí indíreach custaim aige ann;

(c)

laistigh de 3 bliana roimh an iarratas, ní dhearna sé aon sárú tromchúiseach ná athsháru déanta ar cheanglas reachtach nó rialála atá ábhartha dá ghníomhaíocht eacnamaíoch;

(d)

ní mór ardleibhéal rialaithe a bheith aige ar a chuid oibríochtaí, trí bhíthin córas le haghaidh bainistiú taifead tráchtála agus, i gcás inarb iomchuí, bainistiú taifead iompair, a fhágann gur féidir rialuithe iomchuí a dhéanamh agus fianaise a sholáthar chun tacú lena ghníomhaíocht eacnamaíoch.

2.   Ní dheonófar údaruithe ach amháin má mheasann údarás inniúil na Ríochta Aontaithe go mbeidh sé in ann rialuithe a dhéanamh i gcomhréir leis na socruithe oibríochtúla ábhartha comhaontaithe, gan iarracht dhíréireach riaracháin, lena n-áirítear rialú ar aon fhianaise gur seachadadh na hearraí go dtí daoine príobháideacha a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann.

Airteagal 13

Oibleagáidí atá ar na hIompróirí Údaraithe

Maidir le hIompróir Údaraithe:

(a)

glacfaidh sé freagracht as a shuí gur den chineál a thuairiscítear in Airteagal 138, pointe (l), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (3) iad na hearraí i ngach beartán;

(b)

coinneoidh sé próisis oibríochtúla ar bun, rud a chuirfidh ar a chumas dó idirdhealú a dhéanamh idir oibreoirí eacnamaíocha agus daoine príobháideacha mar fhaighteoirí nó mar sheoltóirí beartán;

(c)

beidh sé in ann a chinneadh an gcomhfhreagraíonn na hearraí a thugann sé isteach i dTuaisceart Éireann do chatagóir 1 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(d)

déanfaidh sé córais a choinneáil ar bun a chuirfidh ar a chumas dó na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn 52-03 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a bhailiú agus a chomhroinnt;

(e)

soláthróidh sé na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 141(1)(d)(vii) de Rialachán Tarmligthe (AE)2015/2446 d’údarás inniúil na Ríochta Aontaithe go tráthrialta agus faoi na coinníollacha a leagtar amach ann;

(f)

tuairisceoidh sé aon ghníomhaíocht amhrasach a bhaineann le gluaiseacht beartán dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(a)(iii)(bb) den Chinneadh seo d’údarás inniúil na Ríochta Aontaithe;

(g)

tabharfaidh sé freagra ar iarrataí ad hoc ó údarás inniúil na Ríochta Aontaithe ar fhaisnéis bhreise;

(h)

Comhlíonfaidh sé aon ordú ó údarás inniúil na Ríochta Aontaithe maidir le gluaiseachtaí beartán dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(a)(iii)(bb) den Chinneadh seo.

Airteagal 14

Malartú faisnéise maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 5(1) agus (2) den Phrótacal

1.   Gan dochar d’oibleagáidí na Ríochta Aontaithe de bhun Airteagal 5(4) den Phrótacal, arna léamh i gcomhar le Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), soláthróidh an Ríocht Aontaithe faisnéis don Aontas ar bhonn míosúil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 5(1) agus (2) den Phrótacal agus maidir le cur i bhfeidhm an Chinnidh seo. Is éard a bheidh san fhaisnéis sin toirteanna agus luachanna, i bhfoirm chomhiomlánaithe agus in aghaidh na coinsíneachta, chomh maith le modhanna iompair, a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

earraí a tugadh isteach i dTuaisceart Éireann nach raibh aon dleachtanna custam iníoctha ina leith de réir na chéad fhomhíre d’Airteagal 5(1) den Phrótacal;

(b)

earraí a tugadh isteach i dTuaisceart Éireann arb iad na dleachtanna custaim ab iníoctha ina leith na dleachtanna custaim ab infheidhme sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 5(1) den Phrótacal; agus

(c)

earraí a tugadh isteach i dTuaisceart Éireann a raibh na dleachtanna custaim ab iníoctha ina leith i gcomhréir le Comhtharaif Chustaim an Aontais.

2.   Soláthróidh an Ríocht Aontaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar an 15ú lá oibre den mhí dár gcionn dá soláthraítear an fhaisnéis.

3.   Soláthrófar an fhaisnéis trí theicnící próiseála sonraí leictreonacha a úsáid.

4.   Arna iarraidh sin d’ionadaithe an Aontais dá dtagraítear i gCinneadh Uimh. 6/2020 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (6) agus dhá uair sa bhliain ar a laghad, soláthróidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe faisnéis i bhfoirm chomhiomlánaithe agus in aghaidh an údaraithe do na hionadaithe sin maidir leis na húdaruithe a dheonaítear de bhun Airteagail 9 go 12 den Chinneadh seo, lena n-áirítear líon na n-údaruithe a glacadh, a diúltaíodh agus a cúlghaireadh, agus áit bhunaithe shealbhóirí an údaraithe.

Airteagal 15

Roinn 2 den Chinneadh seo a athbhreithniú, a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh

1.   Pléifidh an Comhchoiste cur i bhfeidhm na Roinne seo mura gcinnfidh na Páirtithe a mhalairt.

2.   Féadfaidh an tAontas fógra a thabhairt don Ríocht Aontaithe laistigh den Chomhchoiste i gcásanna ina ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe an méid seo a leanas:

(a)

go dteipfidh uirthi, ar bhealach marthanach, Airteagal 5de Chinneadh Uimh. 6/2020 ón gComhchoiste a chur chun feidhme trí rochtain a sholáthar ar fhaisnéis atá i líonraí, i gcórais faisnéise agus i mbunachair sonraí na Ríochta Aontaithe agus i modúil náisiúnta na Ríochta Aontaithe de chórais an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh sin ón gComhchoiste; nó

(b)

6 mhí tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 23(5) den Chinneadh seo nó aon tráth ina dhiaidh sin, go dteipfidh uirthi a áirithiú go mbeidh rochtain ag ionadaithe an Aontais ar fhaisnéis atá i líonraí, i gcórais faisnéise agus i mbunachair sonraí na Ríochta Aontaithe agus i modúil náisiúnta na Ríochta Aontaithe de chórais an Aontais dá dtagraítear i bpointe a) i bhformáid inrochtana agus ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh siad in ann anailís riosca a dhéanamh lena n-áirítear patrúin treochtaí a bhí ann le déanaí agus patrúin stairiúla a shainaithint; nó

(c)

go míriarfaidh sí cur chun feidhme Airteagail 9 go 14 den Chinneadh seo agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis ar bhealach tromchúiseach.

Tabharfaidh an tAontas don Ríocht Aontaithe na cúiseanna a bhfuil an fógra tugtha aige. Déanfaidh na Páirtithe a ndícheall chun réiteach a fháil ar an ábhar a bheidh chun sástacht a chéile. Mura n-aimseoidh na Páirtithe réiteach a bheidh chun sástacht a chéile laistigh de 30 lá oibre ón bhfógra, nó tréimhse is faide ná sin más amhlaidh a chinnfidh an Comhchoiste, scoirfidh Airteagal 7(1)(a)(ii), Airteagal 7(1)(a)(iii), Airteagal 7(1)(b)(ii) agus Airteagail 9 go 14 den Chinneadh seo d’fheidhm a bheith acu ón gcéad lá den mhí tar éis dheireadh na tréimhse sin.

Sa chás dá dtagraítear sa dara fomhír seo, rachaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i mbun comhairliúchán láithreach sa Chomhchoiste agus déanfaidh siad a ndícheall teacht ar réiteach a bheidh chun sástacht a chéile, nó teacht ar chomhaontú maidir le forálacha malartacha le haghaidh na tréimhse fionraíochta.

Má leigheastar an staid ba chúis leis an bhfógra sin, tabharfaidh an tAontas fógra don Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste. Sa chás sin, beidh feidhm ag na forálacha dá dtagraítear sa dara fomhír arís ón gcéad lá den mhí tar éis na míosa ina ndearnadh an dara fógra.

3.   Féadfaidh an Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt don Aontas sa Chomhchoiste i gcás ina scoirfidh gníomhartha an Aontais lena ndéantar foráil maidir le héascuithe a bhaineann le gluaiseacht earraí dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(a)(ii) agus Airteagal 7(1)(a)(iii) den Chinneadh seo de bheith i bhfeidhm, go hiomlán nó go páirteach, ar bhealach nach bhforálann siad a thuilleadh don leibhéal céanna éascaithe.

Soláthróidh an Ríocht Aontaithe don Aontas na cúiseanna leis an bhfógra a thabhairt. Déanfaidh na Páirtithe a ndícheall chun réiteach a fháil ar an ábhar a bheidh chun sástacht a chéile. Mura n-aimseoidh na Páirtithe réiteach a bheidh chun sástacht a chéile laistigh de 30 lá oibre ón bhfógra, nó tréimhse is faide ná sin más amhlaidh a chinnfidh an Comhchoiste, scoirfidh Airteagail 9, 10, 11 agus 14 den Chinneadh seo d’fheidhm a bheith acu ón gcéad lá den mhí tar éis dheireadh na tréimhse sin agus ina ionad sin beidh feidhm ag rialacha atá comhionann leo siúd atá in Airteagail 5 go 8 de Chinneadh Uimh. 4/2020 ón gComhchoiste.

Má leigheastar an staid ba chúis leis an bhfógra sin, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe fógra don Aontas sa Chomhchoiste. Sa chás sin, beidh feidhm arís ag Airteagail 9, 10, 11 agus 14 den Chinneadh seo agus scoirfidh rialacha atá comhionann leo siúd atá in Airteagail 5 go 8 de Chinneadh Uimh. 4/2020 ón gComhchoiste d’fheidhm a bheith acu ón gcéad lá den mhí tar éis na míosa ina ndearnadh an dara fógra.

4.   Má mheasann ceachtar Páirtí go bhfuil atreorú trádála nach beag ann, nó calaois nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, cuirfidh an Páirtí sin an Páirtí eile sa Chomhchoiste ar an eolas bliain amháin ar a dhéanaí tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 23(5) den Chinneadh seo, agus déanfaidh na Páirtithe a ndícheall chun teacht ar réiteach ar an ábhar a bheidh chun sástacht a chéile. Mura n-aimseoidh na Páirtithe réiteach a bheidh chun sástacht a chéile, scoirfidh Airteagal 7(1)(a)(ii), Airteagal 7(1)(a)(iii), Airteagal 7(1)(b)(ii) agus Airteagail 9 go 14 den Chinneadh seo d’fheidhm a bheith acu 24 mhí tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 23(5) den Chinneadh seo, mura gcinnfidh an Comhchoiste, laistigh de 18 mí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 23(5) den Chinneadh seo, iad a choinneáil i bhfeidhm.

I gcás ina scoirfidh Airteagal 7(1)(a)(ii), Airteagal 7(1)(a)(iii), Airteagal 7(1)(b)(ii), agus Airteagail 9 go 14 den Chinneadh seo d’fheidhm a bheith acu i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, leasóidh an Comhchoiste an Cinneadh seo 24 mhí ar a dhéanaí tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 23(5) den Chinneadh seo chun foráil mhalartach iomchuí a dhéanamh a bheidh infheidhme ó 24 mhí tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 23(5) den Chinneadh seo, ag féachaint do na himthosca sonracha i dTuaisceart Éireann agus urraim iomlán á tabhairt d’áit Thuaisceart Éireann i gcríoch chustaim na Ríochta Aontaithe.

I gcás inar cuireadh Airteagal 7(1)(a)(ii), Airteagal 7(1)(a)(iii), Airteagal 7(1)(b)(ii) agus Airteagail 9 go 14 den Chinneadh seo ar fionraí i gcomhréir le mír 2(a) nó le mír 2(b) den Airteagal seo, déanfar na tréimhsí ama sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a fhadú fad na fionraí sin.

Airteagal 16

Cinneadh Uimh. 4/2020 ón gComhchoiste a aisghairm

Cuirfear an Roinn seo den Chinneadh seo in ionad Chinneadh Uimh. 4/2020 ón gComhchoiste, a aisghairtear leis seo.

ROINN 3

Sásra comhordúcháin feabhsaithe a bhunú a bhaineann le feidhmiú an Phrótacail i réimsí CBL agus máil

Airteagal 17

Ábhar

1.   Bunaítear leis seo Sásra um Chomhordú Feabhsaithe maidir le CBL agus mál a bhaineann le hearraí (“an Sásra”).

2.   Is é is cuspóir don Sásra cuidiú leis an gComhchoiste a chúram a chomhlíonadh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm Airteagal 8den Phrótacal maidir leis na forálacha i ndlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an bPrótacal, agus áit lárnach Thuaisceart Éireann i margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe á cur san áireamh, agus sláine mhargadh inmheánach an Aontais á háirithiú an tráth céanna.

Airteagal 18

Cúraimí

Leis an Sásra tabharfar cúnamh don Chomhchoiste an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

fóram a sholáthar le haghaidh comhordú feabhsaithe agus tráthúil ar mhalartú faisnéise ábhartha agus le haghaidh comhairliúcháin maidir le reachtaíocht CBL agus mháil na Ríochta Aontaithe agus an Aontais amach anseo aon uair a dhéanann sí difear go háirithe don trádáil in earraí i dTuaisceart Éireann mar gheall ar athruithe tábhachtacha a bheartaítear sa chreat reachtach is infheidhme nó mórdheacrachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar dheighilt na láimhseála earraí agus seirbhísí i réimse CBL;

(b)

fóram a sholáthar chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun cur chun feidhme rianúil na reachtaíochta dá dtagraítear i bpointe (a) i dTuaisceart Éireann a ullmhú. Ba cheart sa mheasúnú sin féachaint go háirithe ar ualaí riaracháin míchuí agus costais neamhriachtanacha ar ghnólachtaí agus ar riaracháin chánach a sheachaint;

(c)

fóram a sholáthar chun plé a dhéanamh ar dheacrachtaí praiticiúla maidir le cur i bhfeidhm reachtaíocht CBL agus mháil na Ríochta Aontaithe agus an Aontais atá ann cheana mar is infheidhme de bhua an Phrótacail;

(d)

cinntí nó moltaí a ghlacadh i ndáil leis na forálacha i ndlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an bPrótacal, agus drochthionchar ar rioscaí calaoise fioscaí agus ar aon saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann san Aontas a sheachaint an tráth céanna. Ní dhéanfaidh na cinntí agus moltaí sin difear don leibhéal CBL agus máil a thoibhítear ar earraí; agus

(e)

aon bheart iomchuí eile a phlé agus a ghlacadh de réir mar is gá chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a eascraíonn as Airteagal 8den Phrótacal a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm.

Airteagal 19

Oibríocht

1.   Déanfaidh comhchathaoirligh an Choiste Speisialaithe um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann arna bhunú le hAirteagal 165(1)(c) den Chomhaontú um Tharraingt Siar (“an Coiste Speisialaithe”) cruinnithe sonracha den Choiste Speisialaithe a thionól chun CBL agus mál a bhaineann le hearraí a phlé de réir mar is gá. An Sásra um Chomhordú Feabhsaithe ar CBL agus ar mhál a thabharfar ar na cruinnithe sin.

Ainmneoidh gach comhchathaoirleach den Choiste Speisialaithe príomhshaineolaí i réimse CBL agus máil (“na príomhshaineolaithe”).

2.   Eagrófar cruinnithe den Sásra nuair is gá. Féadfaidh na príomhshaineolaithe tuairimí a mhalartú go neamhfhoirmiúil idir cruinnithe an tSásra agus féadfaidh siad teacht le chéile go neamhfhoirmiúil freisin. Tar éis gach cruinnithe neamhfhoirmiúil, déanfaidh na príomhshaineolaithe miontuairiscí a tharraingt suas agus seolfaidh siad iad chuig comhchathaoirligh an Choiste Speisialaithe agus na meithle comhairlí comhpháirtí arna bunú le hAirteagal 15 den Phrótacal (“an mheitheal chomhairleach chomhpháirteach”).

3.   Cuirfidh na príomhshaineolaithe tuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid chomhchathaoirligh an Choiste Speisialaithe ina ndéanfar achoimre ar thoradh an phlé ar shaincheist ar leith agus ina leagfar amach aon ghníomhaíocht a mholtar, lena n-áirítear aon saincheist nach bhféadfaí teacht ar chomhaontú ina leith.

4.   Féadfaidh na príomhshaineolaithe cuireadh a thabhairt d’ionadaithe tríú páirtithe nó do shaineolaithe eile labhairt ar ábhair áirithe. Cuirfidh siad ainmneacha na saineolaithe sin in iúl do chomhchathaoirligh an Choiste Speisialaithe.

Féadfaidh comhchathaoirligh na meithle comhairlí comhpháirtí freastal ar chruinnithe an tSásra. Féadfaidh comhchathaoirligh na meithle comhairlí comhpháirtí na príomhshaineolaithe a chur ar an eolas faoi ghníomhartha de chuid an Aontais atá beartaithe agus faoi shaincheisteanna eile maidir le CBL agus mál a bhaineann le hearraí.

5.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste agus na gCoistí Speisialaithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar maidir leis an Sásra mura bhforáiltear a mhalairt sa Chinneadh seo.

Airteagal 20

Tograí le haghaidh cinntí nó moltaí a bhaineann leis an roinn seo

Ar bhonn na tuarascála deiridh ó na príomhshaineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 19(3), féadfaidh an Coiste Speisialaithe tograí a tharraingt suas le haghaidh cinntí nó moltaí agus iad a tharchur lena nglacadh ag an gComhchoiste. Leagfar amach sna tograí sin an méid seo a leanas:

(a)

na saincheisteanna arna sainaithint go comhpháirteach ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 8den Phrótacal; agus

(b)

na réitigh atá beartaithe.

Airteagal 21

Athbhreithniú ar an roinn seo

Déanfar athbhreithniú tráthrialta ar an Sásra agus, más iomchuí, athbhreithneofar é.

Déanfar an chéad athbhreithniú faoin 1 Eanáir 2027, ar a dhéanaí.

ROINN 4

Forálacha Críochnaitheacha

Airteagal 22

Beidh Iarscríbhinní I go IV ina gcuid lárnach den Chinneadh seo.

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis dháta a ghlactha.

2.   Beidh feidhm ag Ranna 1, 3 agus 4 ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo ar aghaidh.

3.   Beidh feidhm ag Airteagail 9, 11 agus 12 den Chinneadh seo agus ag Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo ar aghaidh. Ón dáta sin ar aghaidh, scoirfidh Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh Uimh. 4/2020 ón gComhchoiste d’fheidhm a bheith acu. Leanfaidh údarú a dheonaítear de bhun Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh Uimh. 4/2020 ón gComhchoiste de bheith bailí go dtí an dáta a mbeidh feidhm ag forálacha an Chinnidh seo, cé is moite d’Airteagail 7(1)(a)(iii), Airteagail 9, 11, 12 agus 13 agus Airteagal 15(3), i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Aon údarú a dheonaítear faoi Airteagail 9 agus 11 den Chinneadh seo, déileálfar leis mar údarú a deonaíodh faoi Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 4/2020 ón gComhchoiste fad agus a bheidh feidhm ag forálacha eile Chinneadh 4/2020 ón gComhchoiste.

4.   Faoi réir an dara fomhír, beidh feidhm ag forálacha eile an Chinnidh seo, cé is moite d’Airteagal 7(1)(a)(iii), Airteagal 13 agus Airteagal 15(3), ón 30 Meán Fómhair 2023 ar aghaidh, ar choinníoll go ndéanfar na dearbhuithe seo a leanas laistigh den Chomhchoiste:

(a)

dearbhú ón Aontas á rá go bhfuil sé sásta maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

an chaoi a bhfuil Airteagal 5de Chinneadh Uimh. 6/2020 ón gComhchoiste curtha chun feidhme ag an Ríocht Aontaithe trí rochtain a sholáthar ar fhaisnéis atá i líonraí, i gcórais faisnéise agus i mbunachair sonraí na Ríochta Aontaithe agus i modúil náisiúnta na Ríochta Aontaithe de chórais an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh ón gComhchoiste sin; agus

(ii)

go bhfuil gach clárú XI EORI atá ann cheana eisithe i gceart; agus

(iii)

gur eisigh an Ríocht Aontaithe treoraíocht nua maidir le beartáin i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach sa Chinneadh seo; agus

(iv)

gur eisigh an Ríocht Aontaithe a dearbhú aontaobhach maidir le nósanna imeachta onnmhairiúcháin le haghaidh earraí a thugtar amach as Tuaisceart Éireann chuig codanna eile den Ríocht Aontaithe.

(b)

dearbhú ón Ríocht Aontaithe á rá gur deonaíodh údaruithe i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 11 den Chinneadh seo agus le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo do gach allmhaireoir ar mian leis oibriú faoi Airteagal 7(1)(a)(ii) agus Airteagal 7(1)(b)(ii) den Chinneadh seo.

Mura mbeidh aon cheann de na dearbhuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír déanta faoin 30 Meán Fómhair 2023, beidh feidhm ag forálacha an Chinnidh seo, cé is moite d’Airteagal 7(1)(a)(iii), Airteagail 9, 11, 12 agus 13 agus Airteagal 15(3), ón gcéad lá den mhí tar éis na míosa ina ndearnadh an ceann deireanach de na dearbhuithe sin.

5.   Ar choinníoll go mbeidh gníomhartha an Aontais lena ndéantar foráil maidir le héascuithe a bhaineann le gluaiseacht earraí dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(a)(ii) agus Airteagal 7(1)(a)(iii) den Chinneadh seo tagtha i bhfeidhm agus faoi réir an dara fomhír, beidh feidhm ag Airteagal 7(1)(a)(iii), Airteagal 13 agus Airteagal 15(3) ón 30 Meán Fómhair 2024 ar aghaidh, ar choinníoll go ndéanfar na dearbhuithe seo a leanas sa Chomhchoiste:

(a)

dearbhú ón Aontas á rá go bhfuil sé sásta go bhfuil an Ríocht Aontaithe tar éis na líonraí, na córais faisnéise agus na bunachair sonraí a bhunú i ndáil leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 141(10)(d)(vii) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 atá le soláthar d’údarás inniúil na Ríochta Aontaithe agus go bhfuil sé sásta leis an gcaoi ar chuir an Ríocht Aontaithe Airteagal 5den Chinneadh Uimh. 6/2020 ón gComhchoiste chun feidhme trí rochtain a sholáthar ar fhaisnéis atá sna líonraí, sna córais faisnéise agus sna bunachair sonraí sin; agus

(b)

dearbhú ón Ríocht Aontaithe á rá go bhfuil gach iompróir údaraithe in ann na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 13 den Chinneadh seo a chomhlíonadh.

Má dhéantar an dá dhearbhú dá dtagraítear sa chéad fhomhír níos luaithe ná an 30 Meán Fómhair 2024 nó i gcás nach ndearnadh aon cheann de na dearbhuithe dá dtagraítear sa chéad mhír faoin dáta sin, beidh feidhm ag Airteagal 7(1)(a)(iii), Airteagal 13 agus Airteagal 15(3) ón gcéad lá den mhí tar éis na míosa ina ndearnadh an ceann deireanach de na dearbhuithe sin.

Arna dhéanamh i Londain, an 24 Márta 2023.

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

Maroš ŠEFČOVIČ

James CLEVERLY


(1)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(2)  Cinneadh Uimh. 4/2020 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 17 Nollaig 2020 maidir le cinneadh earraí nach bhfuil i mbaol [2020/2248] (IO L 443, 30.12.2020, lch. 6).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil earraí idir na Ballstáit agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3330/91 ón gComhairle (IO L 102, 7.4.2004, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 23).

(6)  Cinneadh Uimh. 4/2020 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 17 Nollaig 2020 lena ndéantar forail maidir leis na socruithe oibre praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na gceart atá ag ionadaithe den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann [2020/2250] (IO L 443, 30.12.2020, lch. 16).


IARSCRÍBHINN I

Dearbhú Aontaobhach ón Ríocht Aontaithe

Rannpháirtíocht institiúidí Chomhaontú 1998

1.   

Glacfaidh an Ríocht Aontaithe an nós imeachta seo a leanas chun sásra an choscáin éigeandála in Airteagal 13(3a) de Chreat Windsor (1) a oibriú. Beidh feidhm ag an sásra sin in imthosca uathúla an Dearbhaithe seo agus tá sé gan dochar do stádas vótála trasphobail agus do choimircí i gComhaontú 1998, a bhfuil feidhm acu go heisiach maidir le hábhair chineachta, agus leo sin amháin.

a.

Oibreoidh an sásra go heisiach sa chás ina mbeidh Feidhmeannas Thuaisceart Éireann i réim arís agus ina mbeidh sé ag feidhmiú, tar éis dháta an dearbhaithe seo, agus sa chás sin amháin, agus é san áireamh leis sin má bhíonn sé ag oibriú in éineacht le Céad-Aire agus Leas-Chéad-Aire sa phost, agus má bhíonn Tionól Thuaisceart Éireann i seisiún rialta. Ina dhiaidh sin, ní mór do na Comhaltaí den Tionól Reachtach (“CTR”) ar mian leo an sásra a oibriú a bheith ag iarraidh de mheon macánta, ar bhonn aonair agus i dteannta a chéile, na hinstitiúidí a oibriú go hiomlán, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí Airí a ainmniú agus trí thacaíocht a thabhairt do ghnáthoibriú an Tionóil.

b.

Feidhmeoidh an íostairseach le haghaidh an tsásra ar an mbonn céanna leis an bpróiseas ar leith “Achainí ar bhonn Ábhar Buartha” laistigh de Chomhaontú 1998, arna thabhairt cothrom le dáta tríd an gComhaontú “New Decade, New Approach” [Deacáid Nua, Cur Chuige Nua] in 2020. Ciallaíonn sé sin nach mór 30 CTR ó dhá pháirtí ar a laghad (agus an Ceann Comhairle agus na Leas-Chinn Chomhairle as an áireamh) fógra a thabhairt do Rialtas na Ríochta Aontaithe gur mian leo go gcuirfí sásra an choscáin éigeandála i bhfeidhm.

c.

Agus fógra á thabhairt do Rialtas na Ríochta Aontaithe, beidh ar na CTRanna an méid seo a leanas a léiriú, i míniú mionsonraithe i scríbhinn a bheidh ar fáil go poiblí:

i.

gur chomhlíon siad na ceanglais chéanna a leagtar amach in Iarscríbhinn B a ghabhann le Cuid 2 den Chomhaontú “New Decade, New Approach”, is é sin nach bhfuil an fógra á thabhairt ach amháin sna himthosca is eisceachtúla agus mar rogha dheireanach, tar éis gach sásra eile atá ar fáil a úsáid;

ii.

gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach sa tríú fomhír d’Airteagal 13(3a) de Chreat Windsor; agus

iii.

gur iarr CTRanna plé substainteach roimh ré le Rialtas na Ríochta Aontaithe agus laistigh d’Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí uile i ndáil le gníomh an Aontais; go ndearnadh bearta chun dul i gcomhairle le gnólachtaí, trádálaithe eile agus leis an tsochaí shibhialta a ndéanann gníomh ábhartha an Aontais difear dóibh; agus gur bhain siad gach úsáid réasúnach as na próisis chomhairliúcháin is infheidhme arna soláthar ag an Aontas Eorpach le haghaidh gníomhartha nua an Aontais atá ábhartha maidir le Tuaisceart Éireann.

2.   

Má ghlacann an Ríocht Aontaithe leis gur comhlíonadh na coinníollacha i mír 1(a) agus mír 1(b) agus go bhfuil an míniú a thugtar faoi mhír 1(c) sásúil, tabharfaidh sí fógra don Aontas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 13(3a) de Chreat Windsor.

3.   

Geallann an Ríocht Aontaithe, tar éis di fógra a fháil ó CTRanna, go gcuirfidh sí an tAontas ar an eolas gan mhoill.

4.   

Tar éis fógra a thabhairt don Aontas go ndearnadh an coscán éigeandála a ghníomhachtú, geallann an Ríocht Aontaithe dianchomhairliúcháin a dhéanamh sa Chomhchoiste maidir leis an ngníomh ábhartha de chuid an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 13(4) de Chreat Windsor.


(1)  Féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023.


IARSCRÍBHINN II

Iarratas ar Údarú chun earraí a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann le haghaidh tomhaltóirí deiridh

(dá dtagraítear in Airteagal 9)

Eolas maidir le hiarratas

1.

Doiciméid tacaíochta

Doiciméid tacaíochta éigeantacha agus faisnéis éigeantach atá le soláthar ag na hiarratasóirí go léir:

 

Doiciméad um bhunú an ghnólachta/cruthúnas ar bhuanbhunaíocht ghnó

2.

Doiciméid tacaíochta agus faisnéis eile atá le soláthar ag an iarratasóir:

 

Aon doiciméad tacaíochta eile nó aon fhaisnéis tacaíochta eile a mheastar a bheith ábhartha chun a sheiceáil an gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 den Chinneadh seo.

Tabhair faisnéis faoi chineál agus, más infheidhme, uimhir aitheantais agus/nó dáta eisiúna an doiciméid tacaíochta/na ndoiciméad tacaíochta atá i gceangal leis an iarratas. Sonraigh freisin líon iomlán na ndoiciméad atá i gceangal.

3.

Dáta agus síniú an iarratasóra

Aon iarratas a dhéanfar trí theicníc leictreonach próiseála sonraí a úsáid, déanfaidh an duine a thaiscfidh an t-iarratas é a fhíordheimhniú.

An dáta a shínigh an t-iarratasóir an t-iarratas nó a fhíordheimhnigh sé ar shlí eile é.

Sonraí an iarratasóra

4.

Iarratasóir

Is é an t-iarratasóir an duine a dhéanann iarratas ar chinneadh chuig na húdaráis chustaim.

Cuir isteach ainm agus seoladh an duine lena mbaineann.

5.

Uimhir chéannachta an iarratasóra

Is é an t-iarratasóir an duine a dhéanann iarratas ar chinneadh chuig na húdaráis chustaim.

Cuir isteach Uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (uimhir EORI) an duine lena mbaineann, mar a fhoráiltear in Airteagal 1(18) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446.

6.

Stádas dlíthiúil an iarratasóra

An stádas dlíthiúil mar a luaitear sa doiciméad um bhunú.

7.

Uimhir/uimhreacha aitheantais CBL

I gcás inar sannadh uimhir aitheantais CBL, cuir isteach an uimhir sin.

8.

Gníomhaíochtaí gnó

Cuir isteach faisnéis faoi ghníomhaíocht ghnó an iarratasóra. Tabhair tuairisc ghairid ar do ghníomhaíocht tráchtála agus luaigh do ról sa slabhra soláthair (e.g. monaróir earraí, allmhaireoir, miondíoltóir, etc.). Tabhair tuairisc ghairid ar an méid seo a leanas:

an úsáid a bheartaítear a bhaint as na hearraí allmhairithe, lena n-áirítear tuairisc ar chineál na n-earraí agus tuairisc faoi cé acu a dhéanfar aon chineál próiseála orthu nó nach ndéanfar;

meastachán ar líon na ndearbhuithe custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcás na n-earraí lena mbaineann atá le déanamh in aghaidh na bliana;

an cineál taifead, córas agus rialuithe a cuireadh i bhfeidhm chun tacú leis an ngealltanas in Airteagal 10(b).

9.

Láimhdeachas bliantúil

Chun críocha Airteagal 6den Chinneadh, cuir isteach an láimhdeachas bliantúil le haghaidh na bliana airgeadais iomláine is déanaí. I gcás gnólacht nuabhunaithe, ní mór na taifid agus an fhaisnéis a sholáthar de réir mar is ábhartha chun go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar an láimhdeachas ionchais e.g. an cuntas is déanaí ar an sreabhadh airgid, an clár comhardaithe agus réamhaisnéisí brabúis agus caillteanais, arna bhformheas ag na stiúrthóirí/ag na comhpháirtithe/ag an dílseánach aonair.

10.

An duine teagmhála atá freagrach as an iarratas

Beidh an duine teagmhála freagrach as teagmháil a choinneáil leis na húdaráis chustaim maidir leis an iarratas.

Cuir isteach ainm an teagmhálaí agus aon cheann díobh seo a leanas: uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist (seoladh bosca ríomhphoist fheidhmiúil ab fhearr a thabhairt).

11.

An duine atá freagrach as an gcuideachta is iarratasóir nó a fheidhmíonn rialú ar bhainistíocht na cuideachta sin

Chun críocha Airteagal 11(1)(b) den Chinneadh, cuir isteach ainm/ainmneacha agus sonraí iomlána an duine/na ndaoine lena mbaineann de réir bhunaíocht dhlíthiúil/fhoirm dhlíthiúil na cuideachta is iarratasóir, go háirithe: stiúrthóir/bainisteoir na cuideachta agus comhaltaí an bhoird stiúrtha, más ann dóibh. Ba cheart a áireamh sna sonraí: ainm agus seoladh iomlán, agus dáta breithe agus Uimhir Chéannachta Náisiúnta.

Dátaí, tráthanna, tréimhsí agus áiteanna

12.

An dáta bunaithe

Cuir isteach – i bhfigiúirí – lá, mí agus bliain an bhunaithe.

13.

Seoladh na bunaíochta/seoladh cónaithe

Seoladh iomlán na háite ina bhfuil an duine bunaithe/ina bhfuil cónaí air, lena n-áirítear aitheantóir na tíre nó na críche.

14.

An áit a gcoimeádtar taifid

Cuir isteach seoladh iomlán an tsuímh/na suíomhanna ina gcoimeádtar taifid an iarratasóra nó ina mbeartaítear iad a choinneáil. Féadfar an cód NA/LOCODE a thabhairt in ionad an tseolta, má thugann sé tuairisc neamh-dhébhríoch ar an suíomh lena mbaineann.

15.

An áit nó na háiteanna ina ndéanfar an phróiseáil nó an úsáid

Sonraigh seoladh na háite/na n-áiteanna ina ndéanfar an phróiseáil ar na hearraí, i gcás inarb infheidhme, agus a ndíolfar leis na tomhaltóirí deiridh iad.


IARSCRÍBHINN III

Míniú ar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 11

Is míniú í an Iarscríbhinn seo ar na coinníollacha in Airteagal 11 agus ní athraítear (ní sriantar ná ní leathnaítear) na coinníollacha sin léi.

Airteagal 11(1)(b)

1.

Measfar an critéar a leagtar síos in Airteagal 11(1)(b) den Chinneadh seo a bheith comhlíonta más rud é:

(a)

nach ndearna údarás riaracháin ná údarás breithiúnach cinneadh go ndearna duine de na daoine a dtugtar tuairisc orthu i bpointe (b) sárú tromchúiseach nó sraith sáruithe ar reachtaíocht chustaim nó ar rialacha cánachais i ndáil lena ghníomhaíocht eacnamaíoch laistigh de 3 bliana roimh an iarratas; agus

(b)

nach bhfuil aon taifead ag aon duine de na daoine seo a leanas ar chion coiriúil tromchúiseach i ndáil lena ghníomhaíocht eacnamaíoch agus, i gcás inarb infheidhme, i ndáil le gníomhaíocht eacnamaíoch an iarratasóra:

(i)

an t-iarratasóir,

(ii)

an fostaí nó na fostaithe, lena n-áirítear aon ionadaí díreach atá freagrach as riarachán an iarratasóra maidir le gluaiseacht earraí faoin scéim seo,

(iii)

an duine nó na daoine atá i gceannas ar an iarratasóir nó a fheidhmíonn rialú ar a bhainistíocht, agus

(iv)

duine atá ag gníomhú ina ainm féin agus thar ceann an iarratasóra maidir le gluaiseacht earraí faoin scéim seo.

2.

Mar sin féin, féadfar a mheas go bhfuil an critéar comhlíonta i gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil miontábhacht ag baint le haon sárú, i ndáil le líon nó méid na n-oibríochtaí gaolmhara, agus nach bhfuil aon amhras ar an údarás inniúil maidir le meon macánta an iarratasóra.

3.

I gcás ina bhfuil an duine dá dtagraítear i mír 1(b)(iii), seachas an t-iarratasóir, bunaithe lasmuigh den Ríocht Aontaithe nó ina bhfuil cónaí air lasmuigh den Ríocht Aontaithe, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar chomhlíonadh an chritéir dá dtagraítear ar bhonn na dtaifead agus na faisnéise atá ar fáil dó.

4.

I gcás inar bunaíodh an t-iarratasóir le níos lú ná 3 bliana, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar chomhlíonadh an chritéir maidir leis an iarratasóir ar bhonn na dtaifead agus na faisnéise atá ar fáil dó.

Airteagal 11(1)(c)

Measfar an critéar a leagtar síos in Airteagal 11(1)(c) den Chinneadh seo a bheith comhlíonta más rud é:

5.

Go bhfuil eagrúchán riaracháin agus rialuithe inmheánacha ag an iarratasóir a fhreagraíonn do chineál agus méid an ghnó, agus atá oiriúnach chun sreabhadh na n-earraí a bhainistiú. Ní mór rialuithe inmheánacha a bheith ag iarratasóirí atá in ann earráidí a chosc, a bhrath agus a cheartú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha laistigh dá n-eagraíocht a chosc agus a bhrath.

6.

Ba cheart don iarratasóir a thaispeáint go gcoinnítear taifead leordhóthanach maidir le gluaiseacht earraí faoin scéim seo. Ba cheart a léiriú nósanna imeachta maidir le cosaint ar chailleadh faisnéise agus nósanna imeachta maidir le cartlannú i ndáil le taifid stairiúla a choinneáil, lena n-áirítear measúnú, cúltaca agus cosaint taifead ar feadh 5 bliana.

7.

Ba cheart bainistiú taifead a bheith comhsheasmhach leis na prionsabail chuntasaíochta a chuirtear i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe.

8.

Ba cheart taifid ar ghluaiseachtaí earraí isteach i dTuaisceart Éireann a chomhtháthú sa chóras cuntasaíochta nó, nuair a choinnítear ar leithligh iad, ba cheart deis a bheith ann cros-seiceálacha a cheadú idir taifid a bhaineann le ceannacháin, díolacháin, rialú stoic agus gluaiseacht earraí.

9.

Tabharfaidh an trádálaí údaraithe rochtain leictreonach agus/nó fhisiceach don údarás inniúil, arna iarraidh sin, ar na taifid dá dtagraítear i bpointe 8 i bhformáid oiriúnach.

10.

Tá sé d’oibleagáid ar an trádálaí údaraithe údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe a chur ar an eolas aon uair a aimsítear deacrachtaí maidir le comhlíonadh chomh maith le haon toisc a thagann chun cinn tar éis an chinnidh stádas trádálaí údaraithe a dheonú a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar leanúint ar aghaidh nó ar ábhar an stádais sin. Ba cheart treoracha inmheánacha a bheith i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil an fhoireann ábhartha ar an eolas faoi conas an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoi dheacrachtaí comhlíontachta den sórt sin.

11.

I gcás ina bhfuil earraí toirmiscthe agus srianta á láimhseáil ag trádálaithe údaraithe, ba cheart nósanna imeachta iomchuí a bheith i bhfeidhm chun na hearraí sin a láimhseáil i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha.

12.

Ní mór fianaise a bheith ag trádálaí údaraithe maidir lena chustaiméirí chun a áirithiú gur féidir leo measúnuithe cruinne a dhéanamh maidir le hearraí a ghluaistear faoin scéim seo. Ní mór bearta a bheith i bhfeidhm chun a áirithiú nach ndéanfar aon earra a ghluaistear faoin scéim seo a dhíol ná a úsáid ach amháin i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhchoiste seo. Beidh sé d’oibleagáid ar an trádálaí údaraithe tuiscint leanúnach a choinneáil ar bun ar oibríochtaí gnó cliant nua agus cliant atá ann cheana, tuiscint ar leor í chun a áirithiú go gcomhlíonfar na critéir a leagtar síos le haghaidh trádálaí iontaofa sa Chinneadh seo ón gComhchoiste. Seo a leanas samplaí de chásanna ina bhféadfadh trádálaí údaraithe nach bhfuil freagrach as ceann scríbe deiridh na n-earraí earraí a ghluaiseacht faoin scéim:

a.

dearbhú scríofa agus sínithe ón gcustaiméir ina luaitear go bhfanfaidh na hearraí i dTuaisceart Éireann;

b.

fianaise nach ndéanann an custaiméir ach díolacháin mhiondíola le haghaidh úsáid deiridh nó tomhaltas deiridh sa Ríocht Aontaithe ó ionad díolacháin fisiceach i dTuaisceart Éireann;

c.

fianaise nach ndíolann an custaiméir ach earraí le haghaidh úsáid deiridh ag tomhaltóirí deiridh sa Ríocht Aontaithe agus a sheachadtar laistigh den Ríocht Aontaithe;

d.

conarthaí tráchtála agus orduithe ceannaigh lena léirítear go mbeidh earraí le haghaidh úsáid deiridh sa Ríocht Aontaithe;

e.

fianaise go mbaineann an díolachán le hearra atá le suiteáil go buan laistigh den Ríocht Aontaithe.

Airteagal 11(1)(d)

13.

Measfar an critéar a leagtar síos in Airteagal 11(1)(d) den Chinneadh seo a bheith comhlíonta i gcás ina seiceálfaidh an t-údarás inniúil go gcomhlíonann an t-iarratasóir an méid seo a leanas go háirithe:

a.

níl an t-iarratasóir faoi réir imeachtaí féimheachta;

b.

le linn na 3 bliana a chuaigh thart roimh chur isteach an iarratais, chomhlíon an t-iarratasóir na hoibleagáidí airgeadais atá air maidir le dleachtanna custaim a íoc agus maidir le gach dleacht, cáin nó muirear eile a bhailítear i leith earraí a allmhairiú nó a onnmhairiú nó i ndáil le hearraí a allmhairiú nó a onnmhairiú;

c.

léiríonn an t-iarratasóir gurb amhlaidh, ar bhonn na dtaifead agus na faisnéise atá ar fáil le haghaidh na 3 bliana a chuaigh thart roimh chur isteach an iarratais, go bhfuil a sheasamh airgeadais leordhóthanach chun na hoibleagáidí atá air a chomhlíonadh agus chun comhlíonadh a dhéanamh ar na ceangaltais atá air maidir le cineál agus méid na gníomhaíochta gnó.

14.

Más rud é gur bunaíodh an t-iarratasóir le níos lú ná 3 bliana, déanfar a shócmhainneacht airgeadais a sheiceáil ar bhonn na dtaifead agus na faisnéise atá ar fáil.

Airteagal 11(1)(e)

Measfar an critéar a leagtar síos in Airteagal 11(1)(e) den Chinneadh seo a bheith comhlíonta más rud é:

15.

Ba cheart don iarratasóir nó don duine atá i gceannas ar riarachán an iarratasóra maidir le gluaiseacht earraí faoin scéim seo a bheith in ann tuiscint shoiléir a léiriú ar na hoibleagáidí atá air i ndáil leis na critéir sin, agus conas iad a chomhlíonadh, agus ní mór dó inniúlacht leordhóthanach a léiriú maidir le faisnéis chruinn a sholáthar don údarás inniúil i ndáil leis na hoibleagáidí sin agus na nósanna imeachta is infheidhme.

IARSCRÍBHINN IV

Catagóir 1

Is iad na hearraí dá dtagraítear mar “earraí de chatagóir 1” na hearraí sin atá faoi réir na nithe seo a leanas:

1.

bearta sriantacha atá i bhfeidhm bunaithe ar Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a mhéid a bhaineann siad le trádáil earraí idir an tAontas agus tríú tíortha;

2.

toirmeasc nó cosc iomlán;

3.

ionstraimí cosanta trádála mar a leagtar amach i roinn 5 d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal;

4.

taraif-chuótaí an Aontais i gcás ina n-éilíonn an t-allmhaireoir an cuóta;

5.

cuótaí an Aontais seachas taraif-chuótaí.

Catagóir 2

Is iad na hearraí dá dtagraítear mar “earraí de chatagóir 2” na hearraí sin atá faoi réir na nithe seo a leanas:

1.

Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí

2.

Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle

3.

Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid

4.

Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola

5.

Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008

6.

Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil

7.

Rialachán (CEE) Uimh. 3254/91 ón gComhairle an 4 Samhain 1991 lena gcuirtear toirmeasc ar úsáid gaistí greimchoise sa Chomhphobal agus ar fhionnaidh agus earraí monaraithe a thabhairt isteach sa Chomhphobal ó speicis fhiáine áirithe ar de thionscnamh tíortha iad a bheireann orthu trí bhíthin gaistí greimchoise nó modhanna gaisteoireachta nach bhfuil ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta i ndáil le gaisteoireacht dhaonnúil

8.

Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach

9.

Treoir 2006/117/Euratom ón gComhairle an 20 Samhain 2006 maidir le maoirseacht agus rialú loingsithe dramhaíola radaighníomhaí agus breosla spíonta

10.

Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a chur ar bun i gcás allmhairí adhmaid sa Chomhphobal Eorpach

11.

Treoir 83/129/CEE ón gComhairle an 28 Márta 1983 maidir le craicne laonna róin áirithe agus táirgí a ndíorthaítear uathu a allmhairiú isteach sna Ballstáit

12.

Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le trádáil i dtáirgí róin

13.

Treoir 2014/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a chur ar fáil ar an margadh agus a mhaoirsiú

14.

Treoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí piriteicniúla a chur ar fáil ar an margadh

15.

Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán

16.

Treoir 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú

17.

Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2005 maidir le trádáil in earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach

18.

Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 ón gComhairle an 20 Nollaig 2002 lena gcuirtear chun feidhme scéim deimhniúcháin Kimberley um thrádáil idirnáisiúnta diamaint gharbha

19.

Taraif-chuótaí an Aontais i gcás nach n-éilíonn an t-allmhaireoir an cuóta

20.

Airteagal 47 de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla), ach amháin i gcás ina bhfuil na hearraí faoi réir an Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle freisin maidir le rialacha sonracha a bhaineann le coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí áirithe a oibrítear chun críoch talmhaíochta nó foraoiseachta a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann mar a ghlacfar iad ar bhonn an togra reachtaigh ón gCoimisiún Eorpach (COM(2023) 124 final)

21.

Gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an bPrótacal

22.

Gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear i bpointe 20 d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal

23.

Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú

24.

Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún

25.

Rialachán (AE) 2019/880 an 17 Aibreán 2019 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearraí cultúir a thabhairt isteach agus a allmhairiú

26.

Aon ghníomh de chuid an Aontais a bhfuil feidhm aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann i gcomhréir leis an bPrótacal lena ndéantar foráil maidir le haon chéim nach mór d’oibreoir eacnamaíoch nó d’údarás inniúil comhpháirtíochta a dhéanamh sula dtagann earraí isteach san Aontas, nó nuair a thagann siad isteach san Aontas, chun na hearraí a rialú nó foirmiúlachtaí eile a rialú. Cuirfidh an tAontas an Ríocht Aontaithe ar an eolas gan mhoill i gcás ina bhfuil gníomh de chuid an Aontais den chineál dá dtagraítear sa chéad abairt.


Top