Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023X0417(04)

Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 2/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023

PUB/2023/436

IO L 102, 17.4.2023, p. 91–91 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/91


DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH Uimh. 2/2023 ÓN AONTAS AGUS ÓN RÍOCHT AONTAITHE SA CHOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN g COMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN g COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 24 Márta 2023

Is mian leis an Aontas agus leis an Ríocht Aontaithe a ngealltanas a athdhearbhú maidir le lánúsáid a bhaint as na struchtúir dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), is é sin le rá an Comhchoiste, na Coistí Speisialaithe agus an Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe. Cuideoidh siad lena chéile cúraimí a chur i gcrích a eascraíonn as Creat Windsor (1) agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt dá chéile agus de mheon macánta, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chomhaontú um Tharraingt Siar.

Meabhraíonn an Ríocht Aontaithe a gealltanas aontaobhach rannpháirtíocht iomlán Chéad agus Leas-Chéad-Aire Thuaisceart Éireann a áirithiú i dtoscaireacht na Ríochta Aontaithe chuig an gComhchoiste, agus sa chomhthéacs sin a gealltanas a áirithiú gur cheart go mbeadh tionchar chomh beag agus is féidir ag gabháil le cur i bhfeidhm Chreata Windsor ar shaol laethúil na bpobal.

Tá sé beartaithe ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe cruinnithe na gcomhlachtaí comhpháirteacha ábhartha a eagrú ar bhonn rialta chun idirphlé agus rannpháirtíocht a chothú. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an Coiste Speisialaithe um chur chun feidhme Chreat Windsor caoi a thabhairt do mhalartú tuairimí maidir le haon reachtaíocht de chuid na Ríochta Aontaithe a bheidh ann amach anseo maidir le hearraí atá ábhartha d’oibriú Chreat Windsor. Go háirithe, d’fhágfadh sin go mbeadh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas in ann measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an reachtaíocht sin a bheidh ann amach anseo i dTuaisceart Éireann, aon deacracht phraiticiúil atá i gceist a phlé agus teacht roimpi.

Chuige sin, féadfaidh an Coiste Speisialaithe teacht le chéile i gcomhdhéanamh sonrach, is é sin an Comhlacht Speisialta um Earraí. Féadfaidh sé a iarraidh, más gá, ar an Meitheal Chomhairleach Chomhpháirteach agus ar aon cheann dá foghrúpaí ábhartha ar a mbeidh saineolaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ó Rialtas na Ríochta Aontaithe saincheist áirithe a scrúdú agus faisnéis a sholáthar ina leith. De réir mar is iomchuí, féadfar iarraidh ar ionadaithe ó ghnólachtaí agus ó pháirtithe leasmhara na sochaí sibhialta freastal ar chruinnithe ábhartha. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe moltaí ábhartha a chur faoi bhráid an Chomhchoiste de réir mar is gá.

Tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe tiomanta do réiteach a fháil ar aon saincheist a bhaineann le feidhmiú Chreat Windsor ar an mbealach is fearr agus is gasta is féidir. Bainfidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe úsáid as na gcomhchomhlachtaí chun aghaidh a thabhairt ar aon saincheist a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus Creat Windsor á chur chun feidhme. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh saincheisteanna den sórt sin a bheith faoi réir idirphlé i gcomhchomhlachtaí an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar arna iarraidh sin do na Páirtithe. Fágann sin go mbeidh na Páirtithe in ann plé rialta a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha a bhfuil tábhacht leo chun a n-oibleagáidí faoi seach faoi Chreat Windsor a chomhlíonadh go cuí.

Déanann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe athnuachan ar a ngealltanas gach iarracht a dhéanamh, trí idirphlé, teacht ar réitigh a bheidh chun sástacht a chéile maidir le hábhair a dhéanann difear d’fheidhmiú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar. Chuige sin, tá sé beartaithe ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe lánúsáid a bhaint as cumhachtaí an Chomhchoiste, de mheon macánta, agus é is aidhm dóibh teacht ar réitigh a chomhaontófar go frithpháirteach maidir le saincheisteanna leasa choitinn.

Tá malartuithe sna creataí sin gan dochar d’uathriail chinnteoireacht agus dhlíchórais an Aontais agus na Ríochta Aontaithe.


(1)  Féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023.


Top