EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0598

Cinneadh (CBES) 2023/598 ón gComhairle an 14 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/698 chun Clár an Aontais um Nascacht Shlán a áireamh ann

ST/11009/2022/INIT

IO L 79, 17.3.2023, p. 165–166 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/598/oj

17.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 79/165


CINNEADH (CBES) 2023/598 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Márta 2023

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/698 chun Clár an Aontais um Nascacht Shlán a áireamh ann

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

D’fhéadfadh réimse bagairtí féideartha ar shlándáil agus leasanna bunriachtanacha an Aontais agus a Bhallstát éirí as imscaradh, oibriú agus úsáid córas agus seirbhísí arna mbunú faoi Chlár an Aontais um Nascacht Shlán, arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/588 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(2)

Is iomchuí, dá bhrí sin, raon feidhme Chinneadh (CBES) 2021/698 (2) a leathnú chuig na córais agus na seirbhísí arna mbunú faoi Chlár an Aontais um Nascacht Shlán,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/698 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Cinneadh (CBES) 2021/698 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 maidir le slándáil na gcóras agus na seirbhísí a imscartar, a oibrítear agus a úsáidtear faoi Chlár Spáis an Aontais agus Clár an Aontais um Nascacht Shlán agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/496/CBES”;

(2)

in Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

bagairt ar shlándáil an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit a chur ó dhoras nó díobháil thromchúiseach do leasanna bunriachtanacha an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit a mhaolú, ar bagairt nó ar díobháil í sin a éireoidh as imscaradh, oibriú nó úsáid na gcóras arna gcur ar bun agus na seirbhísí arna soláthar faoi chomhpháirteanna Chlár Spáis an Aontais nó Chlár an Aontais um Nascacht Shlán (“na Cláir”); nó”;

(3)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Agus an Cinneadh seo á chur chun feidhme, tabharfar aird chuí ar na difríochtaí idir comhpháirteanna na gClár, go háirithe a mhéid a bhaineann le húdarás agus rialú na mBallstát maidir le braiteoirí, córais nó acmhainneachtaí atá ábhartha do na Cláir.”;

(4)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht nó an struchtúr faireacháin slándála ábhartha arna cheapadh agus an Coimisiún comhairle don Ardionadaí maidir leis an tionchar níos leithne is dócha a bheidh ag aon treoracha a bheartóidh an tArdionadaí a mholadh don Chomhairle de bhun mhír 1 ar na córais arna gcur ar bun agus ar na seirbhísí arna soláthar faoi chomhpháirteanna na gClár.”;

(5)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Laistigh de bhliain amháin tar éis d’fhoirmíocht an choiste arna bhunú faoi Airteagal 107(1)(e) de Rialachán (AE) 2021/696 a chinneadh, ar bhonn na hanailíse riosca agus bagartha arna déanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) 2021/696, faoin nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 107(3) de, cé acu atá nó nach bhfuil córas arna chur ar bun nó seirbhís arna soláthar faoi chomhpháirt ar leith de na Cláir, nó an córas agus an seirbhís araon, íogair ó thaobh na slándála de, ullmhóidh an tArdionadaí na nósanna imeachta oibríochtúla is gá chun na forálacha a leagtar amach sa Chinneadh seo a mhéid a bhaineann leis an gcóras nó leis an tseirbhís ábhartha, nó iad araon, a chur chun feidhme go praiticiúil agus cuirfidh sé faoi bhráid PSC iad lena bhformheas. Chun na críche sin, gheobhaidh an tArdionadaí tacaíocht ó shaineolaithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún, ón nGníomhaireacht agus ón struchtúr faireacháin slándála ábhartha arna cheapadh, de réir mar is iomchuí.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. SVANTESSON


(1)  Rialachán (AE) 2023/588 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2023 lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán don tréimhse 2023-2027 (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/698 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 maidir le slándáil córas agus seirbhísí arna n-imscaradh, arna n-oibriú agus arna n-úsáid faoi Chlár Spáis an Aontais, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/496/CBES (IO L 170, 12.5.2021, lch. 178).


Top