This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0454
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/454 of 2 March 2023 amending Regulation (EU) No 37/2010 as regards the classification of the substance toltrazuril with respect to its maximum residue limit in foodstuffs of animal origin (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/454 ón gCoimisiún an 2 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte toltrazairil i ndáil lena huasteorainn iarmhar in mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/454 ón gCoimisiún an 2 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte toltrazairil i ndáil lena huasteorainn iarmhar in mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/1380
IO L 67, 3.3.2023, p. 38–40
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
3.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 67/38 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/454 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Márta 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte toltrazairil i ndáil lena huasteorainn iarmhar in mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14, i gcomhar le hAirteagal 17 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Coimisiún, trí bhíthin Rialacháin, le huasteorainneacha iarmhar (“MRLanna”) a bhunú le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid san Aontas i dtáirgí íocshláinte tréidliachta le haghaidh bia-ainmhithe, nó i dtáirgí bithicídeacha a úsáidtear i bhfeirmeoireacht ainmhithe. |
(2) |
Le Tábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (2) leagtar amach na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de mar aon le haicmiú na substaintí sin maidir le MRLanna i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch. |
(3) |
Áirítear toltrazairil sa tábla sin cheana féin mar shubstaint atá ceadaithe le haghaidh gach speicis mhamaigh ar bia-ainmhí é i ndáil le matán, saill (craiceann agus saill i gcoibhneasa nádúrtha i gcás speicis mhucúla), an t-ae agus an duán, seachas ainmhithe a tháirgeann bainne lena chaitheamh ag an duine. Thairis sin, áirítear an tsubstaint sin mar shubstaint atá ceadaithe le haghaidh éanlaith chlóis i ndáil le matán, saill, craiceann agus saill, an t-ae agus an duán. Mar sin féin, níl an tsubstaint ceadaithe lena húsáid in ainmhithe as a dtáirgtear uibheacha lena gcaitheamh ag an duine. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe (b) de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 an 29 Meitheamh 2021, chuir Ríocht na hÍsiltíre iarratas isteach chuig an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (“Gníomhaireacht”) chun an iontráil atá ann cheana maidir le toltrazairil in éanlaith chlóis a leathnú chun uibheacha sicín a chumhdach. |
(5) |
An 9 Nollaig 2021 trí bhíthin na tuairime ón gCoiste um Tháirgí Íocshláinte d’Úsáid Tréidliachta, mhol an Ghníomhaireacht MRL a bhunú le haghaidh toltrazairile in uibheacha sicín. |
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Ghníomhaireacht chun breithniú a dhéanamh maidir le MRLanna a bunaíodh i leith substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de in mbia-ábhar áirithe a úsáid le haghaidh bia-ábhar eile a dhíorthaítear ón speiceas céanna, nó MRLanna a bunaíodh i leith substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i speiceas amháin nó i níos mó ná speiceas amháin a úsáid le haghaidh speicis eile. |
(7) |
Tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid gurb iomchuí na MRLanna le haghaidh toltrazairile a eachtarshuí ó uibheacha sicín go dtí uibheacha éanlaithe clóis eile. |
(8) |
I bhfianaise na tuairime ón nGníomhaireacht, an MRL a mholtar le haghaidh toltrazairile in uibheacha éanlaithe clóis, measann an Coimisiún gurb iomchuí é a bhunú. |
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a leasú dá réir. |
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 152, 16.6.2009, lch. 11.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú i ndáil le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
I dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh na substainte “toltrazairil”:
Substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de |
Iarmhar marcála |
Speiceas Ainmhíoch |
MRL |
Spriocfhíocháin |
Forálacha Eile (de réir Airteagal 14(7) de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009) |
Aicme Theiripeach |
“Toltrazairil |
Sulfón toltrazairile |
Gach speiceas mamach ar bia-ainmhí é |
100 μg/kg 150 μg/kg 500 μg/kg 250 μg/kg |
Matán Saill An t-ae An duán |
Maidir le speicis mhucúla, baineann an MRL saille le ‘craiceann agus saill i gcoibhneasa nádúrtha’. Níor cheart é seo a úsáid in ainmhithe as a dtáirgtear bainne lena chaitheamh ag an duine. |
Frithsheadánaigh/Oibreáin i gcoinne protozoa” |
Éanlaith chlóis |
100 μg/kg 200 μg/kg 600 μg/kg 400 μg/kg 140 μg/kg |
Matán Craiceann agus saill An t-ae An duán Uibheacha |
GAN IONTRÁIL |