This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0124
Council Decision (CFSP) 2023/124 of 17 January 2023 in support of the Hague Code of Conduct and ballistic missile non-proliferation in the framework of the implementation of the EU Strategy against Proliferation of Weapons of Mass Destruction
Cinneadh (CBES) 2023/124 ón gComhairle an 17 Eanáir 2023 mar thaca le Cód Iompair na Háige agus le neamhleathadh diúracán balaistíoch faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta
Cinneadh (CBES) 2023/124 ón gComhairle an 17 Eanáir 2023 mar thaca le Cód Iompair na Háige agus le neamhleathadh diúracán balaistíoch faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta
ST/16045/2022/INIT
IO L 16, 18.1.2023, pp. 36–41
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
18.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 16/36 |
CINNEADH (CBES) 2023/124 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Eanáir 2023
mar thaca le Cód Iompair na Háige agus le neamhleathadh diúracán balaistíoch faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 12 Nollaig 2003, ghlac an Chomhairle Eorpach Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta. |
|
(2) |
An 17 Samhain 2003, ghlac an Chomhairle Comhsheasamh 2003/805/CBES (1), inar iarradh ar an Aontas a chur ina luí ar an oiread tíortha agus is féidir glacadh le Cód Iompair na Háige, go háirithe iad siúd a bhfuil cumais diúracán balaistíoch acu. Leis an gComhsheasamh sin, iarradh freisin go ndéanfaí an Cód a fhorbairt agus a chur chun feidhme a thuilleadh, go háirithe bearta cothaithe muiníne an Chóid, agus go bhféachfaí le caidreamh níos dlúithe a chur chun cinn idir an Cód agus córas iltaobhach na Náisiún Aontaithe maidir leis an neamhleathadh. |
|
(3) |
I Straitéis Dhomhanda 2016 maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh, cuirtear i dtábhacht go gcuirfidh an tAontas dlús lena rannchuidiú leis an tslándáil chomhchoiteann. |
|
(4) |
Tagraíonn Compás Straitéiseach 2022 don tSlándáil agus don Chosaint do shíorbhagairt an leathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta, agus cuirtear in iúl ann cuspóir an Aontais gníomhaíochtaí nithiúla an Aontais a threisiú mar thaca le spriocanna dí-armála, neamhleata agus rialaithe arm. |
|
(5) |
Ghlac an Chomhairle ceithre cinn de chinntí roimhe seo mar thaca le Cód Iompair na Háige agus le neamhleathadh diúracán balaistíoch: Cinneadh 2008/974/CBES (2); Cinneadh 2012/423/CBES (3); Cinneadh 2014/913/CBES (4); agus Cinneadh (CBES) 2017/2370 (5), arna leasú le Cinntí (CBES) 2020/1066 (6) agus (CBES) 2021/2074 ón gComhairle (7), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. D’fhonn Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta, Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh agus an Compás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint a chur chun feidhme, tacóidh an tAontas arís eile le huiliú, le cur chun feidhme iomlán agus le feabhsú Chód Iompair na Háige trí ghníomhaíocht oibríochtúil.
2. Is iad seo a leanas cuspóirí na gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
go bhféachfaí leis go nglacfaí go huilíoch le Cód Iompair na Háige, |
|
(b) |
go bhféachfaí leis go ndéanfadh na stáit sin a bhfuil a n-ainm curtha acu leis Cód Iompair na Háige a chur chun feidhme ina iomláine; agus |
|
(c) |
go gcuideofaí le Cód Iompair na Háige a chomhtháthú ar bhealach níos fearr san obair atá á déanamh chun leathadh na ndiúracán balaistíoch a shrianadh. |
3. Leagtar síos tuairisc mhionsonraithe ar an ngníomhaíocht sin dá dtagraítear i mír 1, san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
1. Is é an tArdionadaí a bheidh freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.
2. Is é an Fondation pour la recherche stratégique (FRS) a dhéanfaidh an cur chun feidhme teicniúil i gcás na gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1.
3. Is faoi fhreagracht an Ardionadaí a dhéanfaidh FRS an cúram dá dtagraítear i mír 2. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le FRS.
Airteagal 3
1. Is é EUR 1 042 614,72 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme na gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1.
2. Déanfar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar dhea-bhainistiú an chaiteachais a mhaoinítear leis an méid tagartha dá dtagraítear i mír 1. Chuige sin, tabharfaidh sé comhaontú deontais i gcrích le FRS. Sonrófar sa chomhaontú deontais go n-áiritheoidh FRS infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, a bheidh iomchuí le méid na ranníocaíochta sin.
4. Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a thabharfar an comhaontú i gcrích.
Airteagal 4
1. Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n-ullmhú ag FRS. Beidh na tuarascálacha sin ina mbonn ag an meastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle.
2. Soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi na gnéithe airgeadais de chur chun feidhme na ngníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1.
Airteagal 5
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag, áfach, 6 mhí tar éis an dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm mura dtabharfar aon chomhaontú chun críche laistigh den tréimhse sin.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Eanáir 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
E. SVANTESSON
(1) Comhsheasamh 2003/805/CBES ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le huiliú agus neartú comhaontuithe iltaobhacha i dtaca le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta (IO L 302, 20.11.2003, lch. 34).
(2) Cinneadh 2008/974/CBES ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 mar thaca le Cód Iompair na Háige agus le neamhleathadh diúracán balaistíoch faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gCoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 345, 23.12.2008, lch. 91).
(3) Cinneadh 2012/423/CBES ón gComhairle an 23 Iúil 2012 mar thaca le neamhleathadh diúracán balaistíoch faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gCoinne Leathadh Arm Ollscriosta agus le Comhsheasamh 2003/805/CBES ón gComhairle (IO L 196, 24.7.2012, lch. 74).
(4) Cinneadh 2014/913/CBES ón gComhairle an 15 Nollaig 2014 mar thaca le Cód Iompair na Háige agus le neamhleathadh diúracán balaistíoch faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gCoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 360, 17.12.2014, lch. 44).
(5) Cinneadh (CBES) 2017/2370 ón gComhairle an 18 Nollaig 2017 mar thaca le Cód Iompair na Háige agus le neamhleathadh diúracán balaistíoch faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gCoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 337, 19.12.2017, lch. 28).
(6) Cinneadh (CBES) 2020/1066 ón gComhairle an 20 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2370 chun tacú le Cód Iompair na Háige agus neamhleathadh diúracán balaistíoch faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gCoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 234 I, 21.7.2020, lch. 1).
(7) Cinneadh (CBES) 2021/2074 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2370 chun tacú le Cód Iompair na Háige agus neamhleathadh diúracán balaistíoch faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gCoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 421, 26.11.2021, lch. 70).
IARSCRÍBHINN
DOICIMÉAD TIONSCADAIL
GNÍOMHAÍOCHT CHUN TACÚ LE CÓD IOMPAIR NA HÁIGE AGUS LE NEAMHLEATHADH DIÚRACÁN BALAISTÍOCH FAOI CHUIMSIÚ CHUR CHUN FEIDHME STRAITÉIS AN AONTAIS EORPAIGH I gCOINNE LEATHADH ARM OLLSCRIOSTA (HCOC V)
HR(2022) 287
1. CÚLRA AGUS RÉASÚNAÍOCHT
Comhaontaíodh Cód Iompair na Háige in aghaidh Leathadh Diúracán Balaistíoch (an “Cód” nó “HCoC”) in 2002 chun srian a chur le leathadh na ndiúracán balaistíoch a bhfuil ar a gcumas arm ollscriosta (AOSanna) a sheachadadh. Tá bearta cothaithe muiníne sa Chód freisin d’fhonn na rioscaí a bhaineann le míríomh a laghdú i gcás tástálacha eitilte diúracán balaistíoch agus lainseáil feithiclí lainseáilte satailíte síochánta.
Fiche bliain tar éis a ghlactha, is ábhartha inniu an Cód ná mar a bhí riamh ós rud é go bhfuil teicneolaíochtaí balaistíocha á bhforbairt i gcónaí san iliomad réigiún ar fud an domhain agus d’fhonn géarú ar an teannas idir tíortha a bhfuil na teicneolaíochtaí sin acu, a sheachaint, tá géarghá le sásra trédhearcachta agus cumarsáide. Cé go bhfuil a n-ainm curtha ag 143 stát leis an gCód go dtí seo, ní mór tuilleadh oibre a dhéanamh le go mbeadh glacadh leis ar bhonn uilíoch. Rannchuidíonn an tAontas trí iarrachtaí bunriachtanacha for-rochtana chun uiliú an Chóid a chur chun cinn agus chun an Cód chur chun feidhme agus a chomhtháthú i gcóras an neamhleata tríd is tríd.
2. AN CUSPÓIR FORIOMLÁN
Is é cuspóir foriomlán na gníomhaíochta seo cur leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta, leis an muinín agus leis an trédhearcacht agus le cur chun feidhme straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta trí uiliú an Chóid, cur chun feidhme iomlán an Chóid agus feabhsú an Chóid a chur chun cinn. Leis an nGníomhaíocht seo, comhlánófar rannpháirtíocht taidhleoireachta an Aontais leis na Stáit sin a bhfuil a n-ainm curtha acu leis an gCód agus leosan nach bhfuil, agus tacóidh sí leis an rannpháirtíocht sin.
3. CUSPÓIRÍ SONRACHA
Seo a leanas cuspóirí sonracha na gníomhaíochta:
|
a. |
go bhféachfaí leis go méadófaí líon na stát a mbeidh a n-ainm curtha acu le Cód Iompair na Háige, ar mhaithe lena uiliú, lena n-áirítear trí idirphlé a chur chun cinn idir na stáit sin a bhfuil a n-ainm curtha acu leis agus leosan nach bhfuil; |
|
b. |
go bhféachfaí leis go ndéanfadh na stáit sin a bhfuil a n-ainm curtha acu leis an Cód a chur chun feidhme ina iomláine; |
|
c. |
go gcuideofaí leis an gCód a chomhtháthú ar bhealach níos fearr san obair atá á déanamh chun leathadh na ndiúracán balaistíoch a shrianadh. Áirítear leis sin treisiú le hinfheictheacht an Chóid agus cur le feasacht an phobail maidir leis na rioscaí agus na bagairtí a bhaineann le leathadh diúracán balaistíoch, agus féachaint, go háirithe trí staidéar, ar na dinimic i leathadh na ndiúracán balaistíoch, ar fhorbairtí maidir leis an spás agus ar na féidearthachtaí atá ann an Cód a fheabhsú agus go bhféachfaí leis idirghníomhaíocht idir an Cód agus ionstraimí iltaobhacha ábhartha eile a chur chun cinn. |
4. NA TORTHAÍ A BHFUIL SÚIL LEO
|
a. |
Is é a thiocfaidh as uiliú an Chóid go ndéanfar iarrachtaí éagsúla for-rochtana. Beidh sé d’aidhm le himeachtaí for-rochtana cur leis an bhfeasacht maidir le leathadh diúracán balaistíoch agus ábharthacht HCoC i réimse an spáis, ardán a chur ar fáil do shaineolaithe le go bhféadfaidh siad tuairimí a mhalartú go neamhfhoirmiúil ar shaincheisteanna straitéiseacha agus, ar an gcaoi sin, cuidiú le muinín a chothú i measc na stát, agus cuspóirí an Aontais maidir le huiliú an Chóid a chur chun cinn. Go sonrach, eagróidh Fondation pour la Recherche Stratégique (FRS) an méid a leanas:
|
|
b. |
Is é an toradh a bheidh ar an ngníomhaíocht go dtreiseofar leis an gCód agus le neamhleathadh diúracán balaistíoch i gcoitinne. Tacóidh FRS go háirithe le ICC na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le cur chun feidhme an Chóid a shainaithint, tabharfaidh sí léargais shaineolacha agus roinnfidh sí anailís agus taighde atá cothrom le dáta maidir le leathadh diúracán agus teicneolaíocht diúracán.
|
|
c. |
As an ngníomhaíocht seo eascróidh gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh an Cód a chomhtháthú ar bhealach níos fearr san obair atá á déanamh chun leathadh na ndiúracán a shrianadh. Déanfar gach iarracht teagmháil a dhéanamh le speisialtóirí réigiúnacha maidir leis an neamhleathadh, leas níos fearr a bhaint as líonraí sóisialta chun cur leis an bhfeasacht maidir leis an gCód, líonraí saineolaithe óga a fhorbairt agus béim a leagan ar thábhachtaí atá an Cóid i réimse an spáis.
|
5. NA TAIRBHITHE DEIRIDH
|
a. |
Stáit, idir stáit a bhfuil a n-ainm curtha acu leis an gCód agus stáit nach bhfuil; |
|
b. |
oifigigh rialtais, lucht déanta beartas, rialtóirí, saineolaithe, go háirithe iad siúd a dhéanann ionadaíocht ar ghlúin óg saineolaithe; |
|
c. |
eagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha; |
|
d. |
lucht acadúil agus an tsochaí shibhialta, go háirithe iad siúd a dhéanann ionadaíocht ar ghlúin óg saineolaithe; |
|
e. |
Cathaoirleach HCoC; |
|
f. |
Neas-Lárphointe Teagmhála HCoC (Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hOstaire). |
6. IONAD
Roghnóidh FRS, i gcomhairle le seirbhísí ábhartha SEGS, ionaid fhéideartha le haghaidh na gcruinnithe, na gceardlann agus na n-imeachtaí eile. Ar na critéir a úsáidfear chun na hionaid a roghnú áireofar toilteanas agus tiomantas stáit nó eagraíochta idir-rialtasaí ábhartha i réigiún ar leith an t-imeacht a óstáil. Beidh láithreacha sonracha na gcuairteanna tíre nó na ngníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le tíortha ar leith ag brath ar chuirí ó stáit nó ó eagraíochtaí idir-rialtasacha leasmhara. Cé go bhfuil fiúntas na gcruinnithe agus na n-imeachtaí i bpearsa fíorthábhachtach, eagrófar cruinnithe fíorúla i gcás inarb iomchuí chun éifeachtúlacht ó thaobh costais de a áirithiú.
7. ACHAR AMA
Meastar go mairfidh an ghníomhaíocht 36 mhí ar an iomlán.