Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2468

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2468 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2022 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann leis an údarás rialaithe “IMOCERT Latinoamérica Ltda” a aithint chun críche táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas

    C/2022/9244

    IO L 322, 16.12.2022, p. 89–90 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2468/oj

    16.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 322/89


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2468 ÓN gCOIMISIÚN

    an 15 Nollaig 2022

    lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann leis an údarás rialaithe “IMOCERT Latinoamérica Ltda” a aithint chun críche táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 57(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún (2) leagtar amach liosta na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe a dhéantar a aithint chun críche coibhéise agus atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe a eisiúint i dtríú tíortha.

    (2)

    In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325, liostaítear “IMOCERT Latinoamérica Ltda” mar chomhlacht aitheanta le haghaidh Chósta Ríce agus is earráid é sin. Ní mór an iontráil ábhartha a cheartú.

    (3)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a cheartú dá réir.

    (4)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ceartúcháin ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325

    In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2325, i bpointe 3 den iontráil le haghaidh “IMOCERT Latinoamérica Ltda.”, scriostar an ró a bhaineann le Cósta Ríce.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an liosta de thríú tíortha agus an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a rinneadh a aithint faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 465, 29.12.2021, lch. 8).


    Top