Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2154

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2154 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2021 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear critéir iomchuí chun catagóirí foirne a shainaithint a bhfuil tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca gnólachta infheistíochta nó ar na sócmhainní a bhainistíonn sé (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/5949

    IO L 436, 7.12.2021, p. 11–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2154/oj

    7.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 436/11


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2154 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Lúnasa 2021

    lena bhforlíontar Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear critéir iomchuí chun catagóirí foirne a shainaithint a bhfuil tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca gnólachta infheistíochta nó ar na sócmhainní a bhainistíonn sé

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (1), agus go háirithe Airteagal 30(4), an tríú fomhír de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Cé gur faoi réir Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/923 ón gCoimisiún (2) atá gnólachtaí infheistíochta a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Theidil VII agus VIII de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), i gcomhréir le hAirteagail 1(2) agus (5) de Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ní mór do ghnólachtaí infheistíochta a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ceanglais shonracha a chur i bhfeidhm maidir leis an luach saothair athraitheach le haghaidh na foirne go léir a bhfuil tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta nó ar na sócmhainní a bhainistíonn sé. Is gá critéir iomchuí a leagan síos chun na baill foirne sin a shainaithint. Ba cheart a chur san áireamh sna critéir sin údarás agus freagrachtaí na mball foirne sin, próifíl riosca an ghnólachta infheistíochta agus na sócmhainní a bhainistíonn sé agus táscairí feidhmíochta, eagrú inmheánach an ghnólachta infheistíochta, agus cineál, raon feidhme agus castacht na gnólachta lena mbaineann. Ba cheart na critéir sin a chur ar chumas do ghnólachtaí infheistíochta freisin dreasachtaí cuí a leagan síos ina mbeartais luacha saothair chun a áirithiú go ngníomhóidh na baill foirne lena mbaineann go stuama agus a gcúraimí á ndéanamh acu. Ar deireadh, ba cheart na critéir sin leibhéal riosca na ngníomhaíochtaí éagsúla laistigh den ghnólacht infheistíochta a léiriú.

    (2)

    Is ar chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta atá an fhreagracht deiridh as an ngnólacht infheistíochta, a straitéis agus a ghníomhaíochtaí, agus ba cheart, dá bhrí sin, a mheas i gcónaí go mbeadh tionchar ábhartha acu ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta. Tá feidhm aige sin maidir le comhaltaí an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta, ar comhaltaí iad a dhéanann cinntí agus maidir le comhaltaí an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta a dhéanann maoirseacht ar an bpróiseas cinnteoireachta agus a thugann dúshlán maidir le cinntí a dhéantar.

    (3)

    Tá roinnt baill foirne freagrach as tacaíocht inmheánach a sholáthar atá ríthábhachtach ó thaobh oibriú gníomhaíochtaí gnó gnólachta infheistíochta de. Chomh maith leis sin d’fhéadfadh tionchar ábhartha a bheith ag a gcuid gníomhaíochtaí agus cinntí ar phróifíl riosca gnólachta infheistíochta agus ar phróifíl riosca a shócmhainní, toisc go bhféadfadh a gcuid gníomhaíochtaí agus cinntí an gnólacht infheistíochta a fhágáil neamhchosanta ar rioscaí ábhartha oibriúcháin agus rioscaí eile.

    (4)

    D’fhéadfadh tionchar ábhartha a bheith ag gníomhaíochtaí gairmiúla na mball foirne a bhfuil freagracht bainistíochta orthu ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta nó na sócmhainní a bhainistíonn sé toisc gur féidir leo cinntí straitéiseacha nó cinntí bunúsacha eile a dhéanamh a mbíonn tionchar acu ar ghníomhaíochtaí gnó an ghnólachta infheistíochta nó ar na feidhmeanna rialúcháin a chuirtear i bhfeidhm. Go hiondúil, áirítear sna feidhmeanna rialúcháin sin bainistíocht riosca, comhlíontacht agus iniúchóireacht inmheánach. Is iad na rioscaí a ghlacann na haonaid ghnó agus an dóigh a ndéantar na haonaid ghnó sin a bhainistiú na fachtóirí is tábhachtaí i leith próifíl riosca gnólachta infheistíochta nó na sócmhainní a bhainistíonn sé. Cruthaíonn gníomhaíochtaí gnó áirithe rioscaí níos airde ná rioscaí eile agus dá bhrí sin ba cheart cineál na ngníomhaíochtaí gnó a chur san áireamh.

    (5)

    Ba cheart a áirithiú le critéir cháilíochtúla iomchuí go sainaithneofar baill foirne mar bhaill foirne a mbíonn tionchar ábhartha acu i gcás ina mbeidh siad freagrach as grúpaí foirne a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ag gníomhaíochtaí na ngrúpaí sin ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta nó na sócmhainní a bhainistíonn sé. Áirítear leis sin cásanna nach mbíonn tionchar ábhartha aonair ag gníomhaíochtaí na mball foirne aonair atá faoina mbainistíocht ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta ach go bhféadfadh tionchar den sórt sin a bheith ag scála foriomlán a gcuid gníomhaíochtaí.

    (6)

    De ghnáth, bíonn luach saothair iomlán na mball foirne ag brath ar an gcion den obair a dhéanann na baill foirne chun cuspóirí gnó an ghnólachta infheistíochta a bhaint amach go rathúil. Dá bhrí sin, tá an luach saothair sin ag brath ar fhreagrachtaí, dualgais, cumas agus scileanna na mball foirne, agus ar fheidhmíocht na mball foirne agus an ghnólachta infheistíochta. I gcás ina ndámhfar luach saothair iomlán do bhall foirne ar mó é ná tairseach áirithe, tá sé réasúnta glacadh leis go mbaineann an luach saothair sin leis an gcion den obair a rinne an ball foirne ar mhaithe le cuspóirí gnó an ghnólachta infheistíochta agus, dá bhrí sin, go mbaineann an luach saothair leis an tionchar a bheidh ag gníomhaíochtaí gairmiúla an bhaill foirne ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta agus na sócmhainní a bhainistíonn sé. Dá bhrí sin, is iomchuí úsáid a bhaint as critéir chainníochtúla a bhaineann le luach saothair iomlán baill foirne, i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, le baill foirne eile laistigh den ghnólacht infheistíochta céanna, chun a chinneadh an bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ag gníomhaíochtaí gairmiúla an bhaill foirne sin ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta agus na sócmhainní a bhainistíonn sé.

    (7)

    Ba cheart tairseacha soiléire iomchuí a leagan síos chun baill foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta agus na sócmhainní a bhainistíonn sé. Ba cheart coinne a bheith leis na gnólachtaí infheistíochta na critéir chainníochtúla a chur i bhfeidhm go tráthúil. Ba cheart na critéir chainníochtúla a úsáid le haghaidh na bhforbairtí maidir le luach saothair a leanúint chun bheith réadúil. An chéad mhodh chun na forbairtí sin a leanúint is ea na critéir chainníochtúla a bhunú ar an luach saothair iomlán arna dhámhachtain sa bhliain feidhmíochta roimhe sin, lena n-áirítear an luach saothair seasta arna íoc don bhliain feidhmíochta sin, agus an luach saothair athraitheach arna dhámhachtain sa bhliain feidhmíochta sin. An dara modh chun na forbairtí sin a leanúint is ea na critéir chainníochtúla a bhunú ar an luach saothair iomlán arna dhámhachtain don bhliain feidhmíochta roimhe sin, lena n-áirítear an luach saothair seasta arna íoc le haghaidh na bliana feidhmíochta sin agus an luach saothair athraitheach arna dhámhachtain sa bhliain feidhmíochta reatha don bhliain airgeadais roimhe sin. Leis an dara modh, is féidir an próiseas sainaitheantais a ailíniú níos fearr leis an luach saothair iarbhír a dhámhtar le haghaidh tréimhse feidhmíochta, ach ní féidir é a chur i bhfeidhm ach amháin nuair is féidir ríomh a dhéanamh go tráthúil chun na critéir chainníochtúla a chur i bhfeidhm. I gcás nach féidir an ríomh tráthúil sin a dhéanamh a thuilleadh, ba cheart an chéad mhodh a úsáid. Faoi cheachtar den dá mhodh sin, is féidir méideanna arna ndámhachtain ar bhonn tréimhsí feidhmíochta is faide ná bliain amháin a chur san áireamh sa luach saothair athraitheach, ag brath ar na critéir feidhmíochta a úsáideann an gnólacht infheistíochta.

    (8)

    Ba cheart tairseach chainníochtúil EUR 500 000 a leagan síos chun baill foirne a shainaithint, baill foirne a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta nó na sócmhainní a bhainistíonn sé. Maidir le luach saothair os cionn na tairsí cainníochtúla sin nó atá ar cheann de na luacha saothair is airde laistigh den ghnólacht infheistíochta, glactar leis go láidir, dá bhrí sin, go bhfuil tionchar ábhartha ag gníomhaíochtaí na mball foirne a fhaigheann luach saothair den sórt sin ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta agus na sócmhainní a bhainistíonn sé, agus sa chás sin ba cheart tuilleadh grinnscrúdú maoirseachta a chur i bhfeidhm chun a shuí an bhfuil tionchar ábhartha ag gníomhaíochtaí gairmiúla na mball foirne sin ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta agus na sócmhainní a bhainistíonn sé.

    (9)

    Mar sin féin, níor cheart go mbeadh feidhm ag toimhdí den sórt sin atá bunaithe ar chritéir chainníochtúla i gcás ina suíonn gnólachtaí infheistíochta ar bhonn critéir oibiachtúla breise nach bhfuil tionchar ábhartha ag na baill foirne sin ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta nó ar na sócmhainní bhainistíonn sé, agus na rioscaí go léir ar a bhfuil an gnólacht infheistíochta neamhchosanta nó ar a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta á gcur san áireamh. Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach na gcritéar oibiachtúil sin a áirithiú, ba cheart d’údaráis inniúla eisiamh na mball foirne is airde ioncam a shainaithnítear a fhormheas nó eisiamh na baill foirne sin ar ar dámhadh luach saothar EUR 750 000 a fhormheas. I gcás baill foirne ar a ndámhtar níos mó ná EUR 1 000 000 (lucht ardioncaim), ba cheart do na húdaráis inniúla an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (‘ÚBE’) a chur ar an eolas fúthu sula bhformheasfar eisiaimh, ionas gur féidir le ÚBE cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcritéar sin a áirithiú.

    (10)

    Toisc iad a bheith sa réim chéanna luacha saothair leis an mbainistíocht shinsearach nó leis na glacadóirí riosca, d’fhéadfadh sé a bheith ina tháscaire freisin go mbíonn tionchar ábhartha ag gníomhaíochtaí gairmiúla an bhaill foirne ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta nó na sócmhainní a bhainistíonn sé. Chuige sin, níor cheart an luach saothair a íoctar leis an bhfoireann i bhfeidhmeanna rialúcháin, le feidhmeanna tacaíochta ná le comhaltaí an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta a chur san áireamh. Agus an critéar cainníochtúil sin á chur i bhfeidhm, ba cheart a chur san áireamh freisin go bhfuil difríochtaí idir na leibhéil íocaíochta i ndlínsí éagsúla. I dtaca le baill foirne a thiteann faoin réim luacha saothar, ach nach gcomhlíonann siad aon cheann de na critéir cháilíochtúla nó chainníochtúla eile, ba cheart an deis a bheith ag gnólachtaí a léiriú nach bhfuil tionchar ábhartha acu ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta ná ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta ná na sócmhainní a bhainistíonn sé, agus na rioscaí go léir ar a bhfuil an gnólacht infheistíochta neamhchosanta nó ar a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta á gcur san áireamh.

    (11)

    Ionas go mbeidh údaráis inniúla agus iniúchóirí in ann athbhreithniú a dhéanamh ar na measúnuithe arna ndéanamh ag gnólachtaí infheistíochta chun na baill foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar a bpróifíl riosca nó na sócmhainní a bhainistíonn sé, tá sé ríthábhachtach go gcoinneoidh institiúidí taifid ar na measúnuithe a rinneadh agus ar thorthaí na measúnuithe sin, lena n-áirítear taifid ar bhaill foirne a sainaithníodh de réir critéir atá bunaithe ar a luach saothair iomlán ach a meastar nach mbeidh tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide ná na sócmhainní a bhainistíonn sé.

    (12)

    Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ÚBE tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

    (13)

    Rinne ÚBE comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe agus rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí ionchasacha agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    Ciallaíonn “freagracht bhainistíochta” freagracht sa chás go mbíonn ball foirne i gceannas ar aonad gnó nó feidhm rialúcháin agus atá cuntasach go díreach don chomhlacht bainistíochta nó do chomhalta an chomhlachta bainistíochta ina iomláine nó don lucht bainistíochta sinsearaí;

    (2)

    ciallaíonn “feidhm rialúcháin” feidhm atá neamhspleách ar an aonad gnó a rialaíonn sí agus atá freagrach as measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar rioscaí na hinstitiúide, nó athbhreithniú nó tuairisciú a dhéanamh orthu sin, lena n-áirítear ach an fheidhm bainistíochta riosca, an fheidhm chomhlíontachta agus an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí, le cois feidhmeanna eile.

    (3)

    ciallaíonn “aonad gnó” aonad gnó mar a shainmhínítear é in Airteagal 142(1), pointe (3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    Airteagal 2

    Na critéir a chur i bhfeidhm

    1.   I gcás ina gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhonn aonair i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir (AE) 2019/2034, déanfar comhlíontacht na gcritéar a leagtar amach in Airteagail 3 go 4 den Rialachán seo a mheasúnú de réir phróifíl riosca aonair na an ghnólachta infheistíochta.

    2.   I gcás ina gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhonn aonair i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir (AE) 2019/2034, déanfar comhlíontacht na gcritéar a leagtar amach in Airteagail 3 go 4 den Rialachán seo a mheasúnú de réir phróifíl riosca chomhdhlúite an ghnólachta infheistíochta.

    3.   I gcás ina gcuirfear Airteagal 4(1), pointe (a), i bhfeidhm ar bhonn aonair, cuirfear an luach saothair a dhámhfaidh an gnólacht infheistíochta san áireamh.

    4.   I gcás ina gcuirfear Airteagal 4(1), pointe (a), i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite, measfaidh an gnólacht infheistíochta chomhdhlúthúcháin an luach saothair arna dhámhachtain ag aon eintiteas a thagann faoi raon feidhme an chomhdhlúthúcháin.

    5.   Is ar bhonn aonair amháin a bheidh feidhm ag d’Airteagal 4(1), pointe (b).

    6.   Is ar bhonn aonair amháin a bheidh feidhm ag d’Airteagal 4(1), pointe (c).

    Airteagal 3

    Critéir cháilíochtúla

    Measfar go mbeidh tionchar ábhartha ag baill foirne ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta nó na sócmhainní a bhainistíonn sé i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin nó níos mó de na critéir cháilíochtúla seo a leanas:

    (a)

    is comhalta den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta é an ball foirne;

    (b)

    is comhalta den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta é an ball foirne;

    (c)

    is comhalta den bhainistíocht shinsearach é an ball foirne;

    (d)

    baill foirne i ngnólachtaí infheistíochta a bhfuil clár comhardaithe iomlán acu cothrom le EUR 100 milliún nó níos mó, sin baill foirne ar a bhfuil freagracht bainistíochta as aonaid ghnó atá ag soláthar ar a laghad ceann de na seirbhísí ar ina leith atá údarú riachtanach a liostaítear faoi phointí (2) go (7) d’Iarscríbhinn I, Roinn A, a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7);

    (e)

    tá freagrachtaí bainistíochta ar an mball foirne as gníomhaíochtaí feidhme rialúcháin;

    (f)

    tá freagrachtaí bainistíochta ar an mball foirne as sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc;

    (g)

    tá an ball foirne freagrach as bainistiú a dhéanamh ar riosca ábhartha mar a thagraítear in Airteagal 28(3) de Threoir (AE) 2019/2034 laistigh den ghnólacht infheistíochta nó is ball vótála é de choiste atá freagrach as riosca ábhartha a bhainistiú ar a bhfuil an gnólacht infheistíochta neamhchosanta;

    (h)

    i ngnólacht infheistíochta atá údaraithe chun ceann amháin ar a laghad de na seirbhísí a liostaítear faoi phointí (2) go (7) d’Iarscríbhinn I, Roinn A a ghabhann le Treoir 2014/65/EU a sholáthar, tá an ball foirne freagrach as ceann amháin de na gníomhaíochtaí seo a leanas a bhainistiú:

    (i)

    anailís eacnamaíoch;

    (ii)

    teicneolaíocht na faisnéise

    (iii)

    slándáil faisnéise

    (iv)

    eisfhoinsiú socruithe feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha mar a thagraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún (8).

    (i)

    comhlíonann an ball foirne ceachtar de na critéir seo a leanas maidir le cinntí i ndáil le tabhairt isteach táirgí nua a fhormheas nó a chrosadh:

    (i)

    tá údarás ag an mball foirne cinntí den sórt sin a dhéanamh;

    (ii)

    tá vóta ag an mball foirne i gcoiste ag a bhfuil an t-údarás chun cinntí den sórt sin a dhéanamh;

    Airteagal 4

    Critéir chainníochtúla

    1.   Faoi réir mhíreanna 2 go 5, measfar go mbeidh tionchar ábhartha ag ball foirne ar phróifíl riosca gnólachta infheistíochta nó na sócmhainní a bhainistíonn sé i gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na critéir chainníochtúla seo a leanas:

    (a)

    dámhadh luach saothair iomlán ar an mball foirne atá cothrom le EUR 500 000 nó níos mó ná sin sa bhliain airgeadais roimhe sin nó don bhliain airgeadais roimhe sin;

    (b)

    i gcás ina mbeidh os cionn 1 000 ball foirne ag an ngnólacht infheistíochta, tá an ball foirne laistigh de 0,3 % den fhoireann, slánaithe go dtí an chéad fhigiúr slánuimhriúil, ar ar dámhadh laistigh den ghnólacht infheistíochta an luach saothair iomlán is airde sa bhliain airgeadais roimhe sin nó don bhliain airgeadais roimhe sin.

    (c)

    sa bhliain airgeadais roimhe sin dámhadh ar an mball foirne luach saothair iomlán atá cothrom leis an luach saothair iomlán is ísle a dámhadh sa bhliain airgeadais sin, nó níos mó ná an méid sin, ar bhall foirne a chomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na critéir a leagtar amach in Airteagal 3, pointí (a), (c), (d), (h) nó (i).

    2.   Ní bheidh feidhm ag na critéir a leagtar síos i mír 1 i gcás ina gcinnfidh an gnólacht infheistíochta nach bhfuil aon tionchar ábhartha ag an mball foirne, ná ag an gcatagóir foirne lena mbaineann an ball foirne, ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta ná na sócmhainní a bhainistíonn sé.

    3.   Déanfar coinníoll mhír 2 den Airteagal seo a mheasúnú ar bhonn critéir oibiachtúla lena gcuirfear san áireamh na táscairí riosca agus feidhmíochta ábhartha uile arna n-úsáid ag an ngnólacht infheistíochta chun rioscaí a shainaithint, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir (AE) 2019/2034 agus ar bhonn dhualgais agus údaráis an bhaill foirne nó na gcatagóirí foirne agus a dtionchar ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta nó na sócmhainní a bhainistíonn sé, i gcomparáid leis an tionchar atá ag gníomhaíochtaí gairmiúla na mball foirne a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo.

    4.   I ndáil le mír 2 arna cur i bhfeidhm ag gnólacht infheistíochta, a bhaineann le ball foirne dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), nó ball foirne ar ar dámhadh luach saothair iomlán EUR 750 000 nó níos mó ná sin sa bhliain airgeadais roimhe sin nó don bhliain airgeadais roimhe sin, beidh cur i bhfeidhm mhír 2 faoi réir formheas roimh ré ón údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht stuamachta an ghnólachta infheistíochta sin.

    Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil a fhormheas roimh ré ach amháin i gcás inar féidir leis an ngnólacht infheistíochta a léiriú go bhfuil an coinníoll a leagtar amach i mír 2 comhlíonta, ag féachaint do na critéir mheasúnaithe a leagtar amach i mír 3.

    5.   Más rud é gur dámhadh luach saothair iomlán EUR 1 000 000 nó níos mó ar an mball foirne sa bhliain airgeadais roimhe sin nó don bhliain airgeadais roimhe sin, ní thabharfaidh an t-údarás inniúil réamh-fhormheas roimh ré faoi mhír 4 ach amháin i gcúinsí eisceachtúla. Cuirfidh an t-údarás inniúil ÚBE ar an eolas sula dtabharfaidh sé formheas i ndáil le ball foirne den sórt sin chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na míre seo a áirithiú.

    Má bhíonn imthosca eisceachtúla ann cuirfidh an gnólacht infheistíochta sin in iúl agus déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú air. Is é a bheidh sna cúinsí eisceachtúla sin cásanna atá neamhghnách, an-annamh nó éagsúil le gnáthchásanna go mór. Beidh baint ag na cúinsí eisceachtúla leis an mball foirne.

    Airteagal 5

    An luach saothair iomlán a dámhadh a ríomh

    1.   Déanfar méideanna uile an luacha saothair inathraithe agus sheasta a ríomh i bhfoirm chomhlán agus ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha.

    2.   Leagfar amach i mbeartais luacha saothair na ngnólachtaí infheistíochta an bliain tagartha le haghaidh an luacha saothair inathraithe a chuirfidh siad san áireamh agus an luach saothair iomlán á ríomh. Is éard a bheidh sa bhliain tagartha sin an bhliain roimh an mbliain airgeadais inar dámhadh an luach saothair inathraithe nó an bhliain roimh an mbliain airgeadais inar dámhadh an luach saothair inathraithe.

    Airteagal 6

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Lúnasa 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 314, 5.12.2019, lch. 64.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

    (3)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.

    (4)  Treoir (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013/AE, (AE) Uimh. 600/2014, agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).

    (5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/923 ón gCoimisiún an 25 Márta 2021 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena leagtar amach na critéir chun freagracht bhainistíochta, feidhmeanna rialúcháin, aonaid ghnó ábhartha agus tionchar suntasach ar phróifíl riosca aonaid gnó ábhartha a shainiú, agus lena leagtar amach na critéir chun baill foirne nó catagóirí ball foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide atá chomh hábhartha céanna le baill foirne nó catagóirí ball foirne dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Treoir sin (IO L 203,9.6.2021, lch. 1).

    (6)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

    (7)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

    (8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla agus coinníollacha oibriúcháin le haghaidh gnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainmhínithe chun críocha na Treorach sin (IO L 87, 31.3.2017, lch. 1).


    Top