This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022AP0315
Amendments adopted by the European Parliament on 14 September 2022 on the proposal for a directive of the European Parliament and of the Council on energy efficiency (recast) (COM(2021)0558 — C9-0330/2021 — 2021/0203(COD)) [Amendment 1, unless otherwise indicated]
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú) (COM(2021)0558 – C9-0330/2021 – 2021/0203(COD)) [Leasú 1, mura léirítear a mhalairt]
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú) (COM(2021)0558 – C9-0330/2021 – 2021/0203(COD)) [Leasú 1, mura léirítear a mhalairt]
IO C 125, 5.4.2023, pp. 295–396
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 125, 5.4.2023, pp. 272–373
(GA)
|
5.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 125/272 |
P9_TA(2022)0315
Éifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú) ***I
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú) (COM(2021)0558 – C9-0330/2021 – 2021/0203(COD)) (1)
(An gnáthnós imeachta reachtach: athmhúnlú)
[Leasú 1, mura léirítear a mhalairt]
(2023/C 125/24)
LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA (*1)
ar an togra ón gCoimisiún
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinneadh Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (5). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh uirthi, ba cheart í a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht. |
|
(2) |
Leis an bPlean um Sprioc Aeráide 2030 (6), mhol an Coimisiún uaillmhian an Aontais a ardú tríd an sprioc i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a mhéadú go dtí ar a laghad 55 % níos ísle ná leibhéal na n-astaíochtaí a bhí ann sna 1990idí, agus é sin a dhéanamh faoi 2030. Is méadú suntasach é sin i gcomparáid leis an sprioc 40 % atá ann cheana. D’éirigh leis an togra an gealltanas a tugadh sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (7) a chur i gcrích chun plean cuimsitheach a chur chun tosaigh chun sprioc an Aontais do 2030 a mhéadú i dtreo 55 % ar bhealach freagrach. Tá sé i gcomhréir freisin le cuspóirí an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (“Comhaontú Pháras”) an méadú ar theocht an domhain a choinneáil go maith faoi 2 oC agus iarracht a dhéanamh é a shrianadh go 1,5 oC. |
|
(3) |
I mí na Nollag 2020, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach sprioc cheangailteach de chuid an Aontais chun laghdú glan intíre 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le 1990 a bhaint amach faoi 2030. (8) Tháinig an Chomhairle Eorpach ar an gconclúid go raibh gá leis an uaillmhian aeráide a ardú ar bhealach a spreagfadh fás eacnamaíoch inbhuanaithe, a chruthódh poist, a sholáthródh tairbhí don tsláinte agus don chomhshaol do shaoránaigh an Aontais, agus a chuirfeadh le hiomaíochas domhanda fadtéarmach gheilleagar an Aontais trí nuálaíocht i dteicneolaíochtaí glasa a chur chun cinn. |
|
(4) |
Chun na cuspóirí sin a chur chun feidhme, d’fhógair Clár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2021 (9) pacáiste “Fit for 55” chun laghadú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach agus Aontas Eorpach atá neodrach ó thaobh aeráide de a bhaint amach faoi 2050. Cuimsíonn an pacáiste sin raon réimsí beartais lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh inathnuaite, úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht, cánachas fuinnimh, comhroinnt díchill agus trádáil astaíochtaí. |
|
(4a) |
Ba cheart go gcosnódh agus go gcruthódh an pacáiste “Oiriúnach do 55” poist san Aontas agus go gcuirfeadh sé ar chumas an Aontais a bheith ina cheannaire domhanda i bhforbairt agus i roghnú teicneolaíochtaí glana san aistriú domhanda fuinnimh, go háirithe maidir le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh. |
|
(5) |
Léirítear sna réamh-mheastacháin, agus na beartais atá ann faoi láthair á gcur chun feidhme ina n-iomláine, go mbeadh laghduithe thart ar 45 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990, nuair a eisiatar astaíochtaí agus ionsúcháin úsáide talún, agus laghduithe thart ar 47 %, nuair a chuirtear na nithe sin san áireamh. Dá bhrí sin, déantar foráil sa Phlean um Sprioc Aeráide 2030 maidir le tacar gníomhaíochtaí is gá a chur i gcrích i ngach earnáil den gheilleagar mar aon le hathbhreithnithe ar na príomhionstraimí reachtacha chun an uaillmhian mhéadaithe sin a bhaint amach. |
|
(6) |
Is réimse tábhachtach gníomhaíochta í an éifeachtúlacht fuinnimh, agus ní féidir dícharbónú iomlán gheilleagar an Aontais a bhaint amach dá uireasa (10). Beartas an Aontais atá ann faoi láthair maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, is mar thoradh ar an ngá maidir le leas a bhaint as na deiseanna costéifeachtacha coigilte fuinnimh atá sé ann. I mí na Nollaig 2018 cuimsíodh sprioc nua an Aontais le haghaidh 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh mar chuid den phacáiste “Fuinneamh Glan do gach Eorpach”, ar sprioc é de 32,5 % ar a laghad (i gcomparáid leis an úsáid réamh-mheasta fuinnimh in 2030). |
|
(7) |
Chun an uaillmhian mhéadaithe aeráide a bhaint amach, léiríodh sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an bPlean um Sprioc Aeráide 2030 go mbeidh gá leis na feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a ardú go mór ón leibhéal uaillmhéine 32,5 % atá ann faoi láthair. Féadfaidh uaillmhian mhéadaithe sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 2030 an Aontais na praghsanna fuinnimh a laghdú agus a bheith ríthábhachtach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, ag gabháil le méadú agus glacadh leictriú, hidrigin, ríomhbhreoslaí agus teicneolaíochtaí ábhartha eile is gá don trasdul glas, lena n-áirítear an earnáil iompair. Fiú má thagann fás tapa ar ghiniúint leictreachais ghlais, d’fheadfadh an éifeachtúlacht fuinnimh an gá atá le hacmhainneacht nua giniúna cumhachta a laghdú. Tá éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe thar a bheith tábhachtach freisin i dtaca le slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais trína spleáchas ar allmhairiú breoslaí ó thríú tíortha a laghdú. Tá éifeachtúlacht fuinnimh ar cheann de na bearta is glaine agus is costéifeachtúla má táthar chun aghaidh a thabhairt ar an spleáchas sin. |
|
(8) |
Tá suim na rannchuidithe náisiúnta a chuireann na Ballstáit in iúl ina bPleananna Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid (NECPanna) níos ísle ná 32,5 %, leibhéal uaillmhéine an Aontais. Mar thoradh ar na rannchuidithe i dteannta a chéile, thiocfadh laghdú 29,4 % ar an ídiú fuinnimh deiridh agus 29,7 % ar an ídiú fuinnimh phríomhúil i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin ó chás tagartha 2007 do 2030. D’fhágfadh sin go mbeadh bearna chomhchoiteann 2,8 pointe céatadáin le haghaidh ídiú fuinnimh phríomhúil agus bearna chomhchoiteann 3,1 pointe céatadáin le haghaidh ídiú fuinnimh deiridh le haghaidh AE 27. Maidir leis na figiúirí don ídiú fuinnimh phríomhúil agus deiridh do 2020 agus maidir le baint amach sprioc an Aontais, ba cheart iad a fheiceáil i gcomhthéacs éifeachtaí sealadacha na mbeart paindéimeach a glacadh in 2020 de bharr COVID-19 a chuir moilliú mór ar ghníomhaíocht eacnamaíoch agus ar iompar go háirithe. Ní mór anailís chúramach a dhéanamh ar na leibhéil tomhaltais fuinnimh phríomhúil agus deiridh a thuairisceofar don bhliain 2020. |
|
(9) |
A fhad agus atá an acmhainneacht coigiltis fuinnimh fós mór i ngach earnáil, tá dúshlán ar leith ann a bhaineann le hiompar de dheasca go bhfuil sé freagrach as níos mó ná 30 % den ídiú fuinnimh deiridh, agus le foirgnimh, ós rud é go bhfuil drochfheidhmíocht fuinnimh ag baint le 75 % de stoc foirgneamh an Aontais. Is earnáil eile atá ag dul i dtábhacht í earnáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC), atá freagrach as 5-9 % d’úsáid leictreachais iomlán an domhain agus níos mó ná 2 % d’astaíochtaí uile an domhain. In 2018, bhí lárionaid sonraí freagrach as 2,7 % den éileamh ar leictreachas in AE28 (11). Sa chomhthéacs sin, cuireadh i dtábhacht i Straitéis Dhigiteach an Aontais (12) an gá atá le lárionaid sonraí atá thar a bheith éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá inbhuanaithe agus le bearta trédhearcachta le haghaidh oibreoirí teileachumarsáide maidir lena lorg comhshaoil. Thairis sin, ba cheart an méadú a d’fhéadfadh teacht ar éileamh fuinnimh na tionsclaíochta mar thoradh ar dhícharbónú na tionsclaíochta, go háirithe i gcás próisis dianfhuinnimh, a chur san áireamh freisin. |
|
(10) |
Leis an leibhéal níos airde uaillmhéine, tá gá le bearta costéifeachtacha éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn ar bhealach níos láidre i ngach réimse den chóras fuinnimh agus i ngach earnáil ábhartha ina ndéanann gníomhaíocht difear don éileamh ar fhuinneamh, amhail an earnáil iompair, an earnáil uisce agus earnáil na talmhaíochta. Trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar fud an tslabhra fuinnimh iomláin, lena n-áirítear giniúint, tarchur, dáileadh agus críochúsáid fuinnimh, rachfar chun sochair don chomhshaol, cuirfear feabhas ar cháilíocht an aeir agus ar an tsláinte phoiblí, laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa, feabhsófar an tslándáil fuinnimh tríd an ngá le hallmhairí fuinnimh, go háirithe breoslaí iontaise, gearrfar costais fuinnimh do theaghlaigh agus do chuideachtaí, cabhrófar leis an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú, agus beidh méadú ar iomaíochas agus beidh níos mó poist agus gníomhaíocht eacnamaíoch mhéadaithe ar fud an gheilleagair mar thoradh air, agus cuirfear feabhas ar chaighdeán maireachtála na saoránach ar an mbealach sin. Tá sé sin i gcomhréir le gealltanais an Aontais a rinneadh faoi chuimsiú an Aontais Fuinnimh agus chlár oibre domhanda na haeráide a bunaíodh le Comhaontú Pháras 2015. |
|
(10a) |
Trí fheabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh earnálacha éagsúla, lena n-áirítear iompar agus tithíocht, d’fhéadfaí athghiniúint uirbeach, fostaíocht, feabhsú foirgneamh agus athruithe i bpatrúin soghluaisteachta agus inrochtaineachta a chothú. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, roghanna níos éifeachtúla, níos inbhuanaithe agus níos inacmhainne a chur chun cinn. |
|
(11) |
Céim chun tosaigh is ea an Treoir seo i dtreo na haeráidneodreachta faoi 2050, ar Treoir í faoina ndéileálfar le héifeachtúlacht fuinnimh mar fhoinse fuinnimh inti féin. Is prionsabal uileghabhálach é bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh ba cheart a chur san áireamh ar fud na n-earnálacha uile, a théann níos faide ná an córas fuinnimh, ar gach leibhéal, lena n-áirítear san earnáil airgeadais. Ba cheart réitigh éifeachtúlachta fuinnimh a mheas mar an chéad rogha i gcinntí beartais, pleanála agus infheistíochta, mura rud é go dtiocfadh méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa as sin, agus rialacha nua á leagan síos ar thaobh an tsoláthair agus i réimsí eile beartais. Cé gur cheart bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm gan dochar d’oibleagáidí dlíthiúla, cuspóirí agus prionsabail eile, níor cheart do na nithe sin bac a chur ar a chur i bhfeidhm ná níor cheart iad a dhíolmhú ón bprionsabal a chur i bhfeidhm ach oiread. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú gur féidir an éifeachtúlacht fuinnimh agus an fhreagairt don éileamh dul san iomaíocht ar bhonn cothrom leis an acmhainn giniúna. Ní mór feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh aon uair a bheidís níos cost-éifeachtaí ná réitigh choibhéiseacha ó thaobh an tsoláthair de. Ba cheart go gcabhródh sé sin chun leas a bhaint as tairbhí iomadúla na héifeachtúlachta fuinnimh don Aontas, go háirithe do na saoránaigh agus do ghnóthaí. Ba cheart cur chun feidhme beart feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a bheith mar thosaíocht chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú |
|
(12) |
Ba cheart éifeachtúlacht fuinnimh a aithint mar ghné ríthábhachtach agus ba cheart tús áite a thabhairt di agus cinntí infheistíochta á ndéanamh amach anseo i ndáil le bonneagar fuinnimh an Aontais. Ba cheart bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm agus an cur chuige maidir le héifeachtúlacht an chórais agus peirspictíocht na sochaí agus na sláinte á gcur san áireamh go príomha, agus aird á tabhairt ar chinnteacht an tsoláthair, ar chomhtháthú an chórais fuinnimh agus ar an aistriú chuig neodracht aeráide. Ina dhiaidh sin, ba cheart go gcuideodh sé le héifeachtúlacht na n-earnálacha críochúsáide aonair agus an chórais iomlán fuinnimh. Le cur i bhfeidhm an phrionsabail, ba cheart tacú freisin le hinfheistíochtaí i réitigh éifeachtúlachta fuinnimh a rannchuidíonn le cuspóirí comhshaoil a liostaítear i Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). |
|
(13) |
Sainmhíníodh bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus is dlúthchuid de Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Comhtháthú Córas Fuinnimh é (15). Cé go bhfuil an prionsabal bunaithe ar chost-éifeachtúlacht, tá impleachtaí níos leithne ag a chur i bhfeidhm ó thaobh na sochaí de, agus ba cheart meastóireacht chúramach a dhéanamh air trí mhodheolaíochtaí láidre um measúnú costais is tairbhe a chuireann san áireamh na tairbhí iomadúla a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh. D’ullmhaigh an Coimisiún treoirlínte tiomnaithe i dtaca le hoibriú agus cur i bhfeidhm an phrionsabail, trí uirlisí sonracha agus samplaí cur i bhfeidhm a mholadh in earnálacha éagsúla. Ina theannta sin, d’eisigh an Coimisiún moladh do na Ballstáit a chuireann le ceanglais na Treorach seo agus iarrann sé go ndéanfar gníomhaíochtaí sonracha maidir le cur i bhfeidhm an phrionsabail. Ba cheart do na Ballstáit lánaird a thabhairt ar an moladh sin agus a bheith treoraithe aici maidir le prionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme sa chleachtas. |
|
(13a) |
Leis an bprionsabal “tús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh”, is gá cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh, lena gcuirtear éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais chomhtháite fuinnimh, slándáil soláthair agus costéifeachtúlacht san áireamh agus lena gcuirtear chun cinn na réitigh is éifeachtúla maidir le neodracht aeráide ar fud an tslabhra luacha iomláin, ó tháirgeadh fuinnimh, iompar líonraí go hídiú fuinnimh deiridh, ionas go mbainfear amach éifeachtúlachtaí in ídiú fuinnimh phríomhúil agus deiridh araon. Ba cheart leis an gcur chuige sin go bhféachfaí ar fheidhmíocht an chórais agus ar úsáid dhinimiciúil fuinnimh, áit a meastar gur réitigh éifeachtúlachta iad acmhainní ó thaobh an éilimh de agus solúbthacht an chórais. Ag an am céanna, is féidir an prionsabal a chur i bhfeidhm ar leibhéal sócmhainní níos ísle freisin nuair atá feidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh réitigh shonracha le sainaithint agus nuair a dhéantar réitigh a oiriúnú chun tacú leo siúd a bhfuil éifeachtúlacht níos airde acu i gcás inarb ionann iad freisin agus bealach dícharbónaithe cost-éifeachtach. |
|
(14) |
D’fhonn tionchar a imirt, ní mór do chinnteoirí bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ag an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, áitiúil, agus earnálach i ngach cinneadh ábhartha cásbhunaithe, beartais, pleanála agus mórinfheistíochta – is é sin le rá infheistíochtaí mórscála ar mó a luach ná EUR 50 milliún an ceann nó EUR 75 milliún i gcás tionscadail bonneagair iompair a mbíonn tionchar acu ar ídiú, tarchur, dáileadh, stóráil nó soláthar fuinnimh. Chun cur i bhfeidhm cuí an phrionsabail a áirithiú, ní mór modheolaíocht cheart na hanailíse costais is tairbhe a úsáid, coinníollacha cumasúcháin a leagan síos do réitigh atá éifeachtach ó thaobh fuinnimh de agus faireachán cuí a dhéanamh. Ba cheart anailísí costais is tairbhe a bheith bunaithe i gcónaí ar an bhfaisnéis is déanaí maidir le praghsanna fuinnimh agus ba cheart go mbeadh cásanna maidir le praghsanna a bheith ag ardú a bheith san áireamh sna hanailísí sin, amhail mar gheall ar laghdú ar lamháltais CTA, chun dreasacht a sholáthar bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm, agus ba cheart iad a fhorbairt go córasach, a chur i gcrích agus a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart tús áite a thabhairt do réitigh atá dírithe ar an éileamh i gcás ina bhfuil siad níos costéifeachtaí ná mar a thugtar d’infheistíochtaí i mbonneagar an tsoláthair fuinnimh chun cuspóirí beartais a bhaint amach. D’fhéadfadh solúbthacht ar thaobh an éilimh tairbhí eacnamaíocha, comhshaoil agus sochaíocha níos leithne a chur ar fáil do thomhaltóirí agus do phobail áitiúila, feabhas a chur ar éifeachtúlacht na gcóras fuinnimh agus na costais fuinnimh a laghdú, mar shampla trí chostais oibrithe na gcóras a laghdú a mbeidh taraifí níos ísle do na tomhaltóirí uile ann mar thoradh air sin. Ba cheart do na Ballstáit na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh an éilimh a chur san áireamh agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur i bhfeidhm acu agus i gcás inarb ábhartha freagairt don éileamh ar leibhéal láraithe agus leibhéal díláraithe araon, stóráil fuinnimh agus réitigh chliste a chur san áireamh mar chuid dá n-iarrachtaí éifeachtúlacht fuinnimh an chórais chomhtháite fuinnimh a mhéadú. |
|
(15) |
Ba cheart bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm ar bhealach comhréireach agus níor cheart forluí ná oibleagáidí ar na Ballstáit atá ag teacht salach ar a chéile a bheith i gceist le ceanglais na Treorach seo, i gcás ina n-áirithítear cur i bhfeidhm an phrionsabail go díreach le reachtaíocht eile. D’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh i gcás na dtionscadal leasa choitinn a áirítear i liosta an Aontais de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), lena dtugtar isteach na ceanglais chun bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a mheas i bhforbairt agus i measúnú na dtionscadal sin. |
|
(16) |
Tá an t-aistriú cóir cothrom i dtreo Aontas a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050 ina chuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip. Is coincheap lárnach é an bhochtaineacht fuinnimh a chomhdhlúthaítear sa phacáiste reachtach dar teideal “Fuinneamh Glan do gach Eorpach” agus atá ceaptha chun aistriú fuinnimh cóir a éascú. De bhun Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), chuir an Coimisiún treoir tháscach ar fáil maidir le táscairí iomchuí chun an bhochtaineacht fuinnimh a mheas agus chun “líon suntasach na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh” a shainiú (18). Le Treoir (AE) 2019/944 agus Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), cuirtear de cheangal ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh i gcás ina sainaithnítear í, lena n-áirítear bearta a thugann aghaidh ar chomhthéacs níos leithne na bochtaineachta. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcomhthéacs praghsanna fuinnimh a bheith ag ardú agus brú boilscithe, i gcás inar cheart bearta gearrthéarmacha agus fadtéarmacha araon a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shistéamacha do chóras fuinnimh an Aontais. |
|
(17) |
Ba cheart go mbainfeadh teaghlaigh ísealioncaim agus meánioncaim, custaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh, daoine atá ag déileáil le atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, chomh maith le FBManna agus micrithionscadail, tairbhe as cur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh. Ba cheart bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme mar thosaíocht chun staid na ndaoine aonair agus na dteaghlach sin a fheabhsú agus chun bochtaineacht fuinnimh a mhaolú agus níor cheart go spreagfadh siad aon mhéadú díréireach ar chostais tithíochta, shoghluaisteachta nó fuinnimh. Leis an gcur chuige iomlánaíoch i gceapadh beartais agus i gcur chun feidhme beartas agus beart, cuirtear ceangal ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ag beartais ná ag bearta eile ar na daoine aonair sin ná ar na teaghlaigh sin. |
|
(18) |
Tá an Treoir seo ina cuid de chreat beartais níos leithne beartas éifeachtúlachta fuinnimh a thugann aghaidh ar an acmhainneacht éifeachtúlachta fuinnimh i réimsí beartais sonracha, lena n-áirítear foirgnimh (Treoir 2010/31/AE (20)), táirgí (Treoir 2009/125/CE, Rialachán (AE) 2017/1369 agus Rialachán (AE) 2020/740 (21)) agus sásra rialachais (Rialachán (AE) 2018/1999). Tá ról an-tábhachtach ag na beartais sin ó thaobh coigilteas fuinnimh a bhaint amach nuair a chuirtear táirgí nua in ionad táirgí nó nuair a dhéantar foirgnimh a thógáil nó a athchóiriú (22). |
|
(19) |
Chun infheistíocht i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh a éascú, is gá bacainní a bhaint chun sprioc éifeachtúlachta fuinnimh uaillmhianach a bhaint amach. Cuirfidh fochlár LIFE “Aistriú chuig Fuinneamh Glan” cistiú tiomnaithe ar fáil chun tacú leis an dea-chleachtas san Eoraip maidir le cur chun feidhme beartais éifeachtúlachta fuinnimh chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní iompraíochta, margaidh agus rialála ar éifeachtúlacht fuinnimh. |
|
(20) |
Thacaigh Comhairle Eorpach an 23 agus 24 Deireadh Fómhair 2014 le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh de 27 % do 2030 ar leibhéal an Aontais a bheidh le hathscrúdú faoi 2020 agus an sprioc ar leibhéal an Aontais de 30 % á cur san áireamh. Ina rún an 15 Nollaig 2015 dar teideal “Towards a European Energy Union” [“I dTreo Aontas Fuinnimh Eorpach”], d'iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar a inmharthana a bheadh sé sprioc éifeachtúlachta fuinnimh de 40 % a bheith ann don tráthchlár céanna. |
|
(21) |
De réir na réamh-mheastachán, thiocfadh laghdú thart ar 45 % faoi 2030 ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh ar sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais de 32,5 % do 2030 agus ar ionstraimí beartais eile an chreata atá ann faoi láthair (23). Le haghaidh uaillmhian mhéadaithe aeráide de laghdú 55 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030, rinneadh measúnú sa mheasúnú tionchair a rinneadh ar an bPlean um Sprioc Aeráide 2030 ar leibhéal na n-iarrachtaí a bheadh ag teastáil sna réimsí éagsúla beartais. Thángthas ar an gconclúid ann, maidir leis an mbonnlíne, gurbh é a bhí i gceist leis an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach ar bhealach atá barrmhaith ó thaobh costais de ná laghdú 36-37 % ar a laghad agus laghdú 39-41 % ar a laghad faoi seach a dhéanamh ar thomhaltas fuinnimh deiridh agus ar thomhaltas príomhúil. |
|
(22) |
Socraíodh agus ríomhadh sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais ar dtús agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2007 do 2030 mar bhunlíne. Leis an athrú ar mhodheolaíocht Eurostat chun cothromaíocht fuinnimh a ríomh agus feabhsuithe ar réamh-mheastacháin samhaltaithe ina dhiaidh sin, is gá an bunlíne a athrú. Dá bhrí sin, agus an cur chuige céanna á úsáid chun an sprioc a shainiú, is é sin le rá é a chur i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin bhunlíne amach anseo, leagtar síos uaillmhian sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2030 i gcomparáid le réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2020 do 2030 a léiríonn rannchuidithe náisiúnta ó NECPanna. Leis an mbunlíne nuashonraithe sin, beidh ar an Aontas a uaillmhian maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú tuilleadh ▌. Ní dhéanann an bealach nua chun leibhéal uaillmhéine spriocanna an Aontais a chur in iúl difear don leibhéal iarrachta atá ag teastáil ▌. |
|
(23) |
Tá an mhodheolaíocht chun ídiú fuinnimh deiridh agus phríomhúil a ríomh ailínithe le modheolaíocht nua Eurostat, ach tá raon feidhme éagsúil ag na táscairí a úsáidtear chun críche na Treorach seo – is é sin le rá nach gcuirtear teas comhthimpeallachta san áireamh agus go gcuirtear ídiú fuinnimh san eitlíocht idirnáisiúnta san áireamh don sprioc maidir le hídiú fuinnimh deiridh. Tugtar le tuiscint freisin le húsáid na dtáscairí nua nach léirítear aon athrú ar ídiú fuinnimh na bhfoirnéisí soinneáin ach amháin san ídiú fuinnimh phríomhúil. |
|
(24) |
Ba cheart an gá don Aontas chun feabhas a chur ar a spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh a shloinneadh in ídiú fuinnimh phríomhúil agus deiridh, le baint amach in 2030, lena léirítear leibhéal breise na n-iarrachtaí a éilítear nuair a chuirtear i gcomparáid iad leis na bearta atá i bhfeidhm nó leis na bearta atá beartaithe sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Tuartar le Cás Tagartha 2020 go bhfuil 864 Mtoe d’ídiú fuinnimh deiridh agus 1 124 Mtoe d’ídiú fuinnimh phríomhúil le sroicheadh in 2030 (gan teas comhthimpeallach a áireamh agus eitlíocht idirnáisiúnta san áireamh). 740 Mtoe agus 960 Mtoe faoi seach a bheidh ann in 2030 mar thoradh ar laghdú breise 14,5 %. Comhfhreagraíonn sé sin do laghdú 40 % ar ídiú fuinnimh deiridh agus laghdú 42,5 % ar ídiú fuinnimh príomhúil faoi seach i gcomparáid le réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2007 do 2030. Níl aon spriocanna ceangailteacha ar leibhéal na mBallstát chun sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 2020 a bhaint amach. Maidir le sprioc 2030, ba cheart go mbeadh ranníocaíochtaí náisiúnta ceangailteach agus ba cheart do na Ballstáit a rannchuidithe a bhunú maidir le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach de réir na foirmle dá bhforáiltear sa Treoir seo. Ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit a gcuspóirí náisiúnta a shocrú bunaithe ar ídiú fuinnimh deiridh nó phríomhúil nó ar choigealtas fuinnimh phríomhúil nó deiridh, nó ar dhéine fuinnimh. Is éard a dhéanann an Treoir seo an chaoi ar cheart do na Ballstáit a rannchuidithe ceangailteacha náisiúnta a shloinneadh maidir le sprioc cheangailteach an Aontais a leasú. Ba cheart rannchuidithe ceangailteacha na mBallstát i ndáil le sprioc an Aontais a shloinneadh in ídiú fuinnimh deiridh agus phríomhúil chun comhsheasmhacht agus faireachán ar an dul chun cinn a áirithiú. Is gá meastóireacht rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn ionsar spriocanna an Aontais do 2030 a bhaint amach agus déantar foráil dó i Rialachán (AE) 2018/1999. |
|
(25) |
Ba cheart an sprioc éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach mar thoradh ar chur chun feidhme carnach beart sonrach áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach lena gcuirtear éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn i réimsí éagsúla. Ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit beartais agus bearta náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a shocrú. Ba cheart don Choimisiún na beartais agus bearta sin agus iarrachtaí aonair gach Ballstáit a mheas, mar aon le sonraí maidir leis an dul chun cinn atá déanta, chun measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go mbainfear amach sprioc fhoriomlán an Aontais agus ar a mhéid is leor na hiarrachtaí aonair chun an sprioc choiteann a bhaint amach. |
|
(26) |
Tá an earnáil phoiblí freagrach as thart ar idir 5 go 10 % d’ídiú fuinnimh deiridh an Aontais. Caitheann na húdaráis phoiblí tuairim is 1,8 trilliún euro in aghaidh na bliana. Is é atá sa mhéid sin thart ar 14 % d’Olltáirgeacht Intíre an Aontais. Chuige sin, is spreagthóir tábhachtach é an earnáil phoiblí maidir le haistriú an mhargaidh i dtreo táirgí, foirgnimh agus seirbhísí níos inbhuanaithe a spreagadh, mar aon le hathruithe iompraíochta a chothú in ídiú fuinnimh na saoránach agus na bhfiontar. Thairis sin, trí ídiú fuinnimh a laghdú trí bhearta feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh, is féidir acmhainní poiblí a shaoradh chun críocha eile. Ba cheart do na comhlachtaí poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil ról eiseamláireach a chomhlíonadh maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh. |
|
(27) |
Chun dea-shampla a thabhairt, ba cheart don earnáil phoiblí a spriocanna féin maidir le dícharbónú agus éifeachtúlacht fuinnimh a leagan amach. Ba cheart na feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh san earnáil phoiblí a bheith ag teacht leis na hiarrachtaí is gá ar leibhéal an Aontais. ▌Leis an oibleagáid laghdú bliantúil 2 % ar a laghad ar ídiú fuinnimh san earnáil phoiblí a bhaint amach, ba cheart go n-áiritheofaí leis sin go gcomhlíonfaidh an earnáil phoiblí a ról eiseamláireach. Coinníonn na Ballstáit solúbthacht iomlán maidir leis an rogha i ndáil le bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh chun an t-ídiú fuinnimh deiridh a laghdú. I gcás ina n-éilítear laghdú bliantúil ar ídiú fuinnimh deiridh, tá ualach riaracháin níos ísle i gceist ná modhanna tomhais a bhunú le haghaidh coigilteas fuinnimh. |
|
(28) |
Chun a ndualgas a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit díriú ar ídiú deiridh fuinnimh na seirbhísí poiblí agus na suiteálacha uile de chuid comhlachtaí poiblí. Chun raon feidhme na seolaithe a chinneadh, ba cheart do na Ballstáit an sainmhíniú ar údaráis chonarthacha dá bhforáiltear i dTreoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm (24). Is féidir an oibleagáid a chomhlíonadh tríd an ídiú deiridh fuinnimh a laghdú in aon réimse den earnáil phoiblí, lena n-áirítear iompar, foirgnimh phoiblí, cúram sláinte, pleanáil spásúlachta, bainistiú uisce agus cóireáil fuíolluisce, séaracht agus íonú uisce, bainistiú dramhaíola, téamh agus fuarú ceantair, dáileadh, soláthar agus stóráil fuinnimh, soilsiú poiblí, pleanáil bonneagair. Chun an t-ualach riaracháin ar chomhlachtaí poiblí a laghdú, ba cheart do na Ballstáit ardáin dhigiteacha nó uirlisí digiteacha a bhunú chun na sonraí maidir leis an ídiú comhiomlánaithe ó chomhlachtaí poiblí a bhailiú, iad a chur ar fáil go poiblí, agus na sonraí a thuairisciú don Choimisiún. |
|
(29) |
Ba cheart do na Ballstáit ról eiseamláireach a fheidhmiú trína áirithiú go ndéantar gach conradh feidhmíochta, fuinnimh, iniúchtaí fuinnimh agus gach córas bainistíochta fuinnimh san earnáil phoiblí i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta, nó go n-úsáidtear iniúchtaí fuinnimh den chuid is mó sna codanna den earnáil phoiblí atá an-dian ar fhuinneamh. Ba cheart do na Ballstáit treoir shoiléir agus nósanna imeachta soiléire a chur ar fáil maidir le húsáid na n-ionstraimí sin. |
|
(30) |
Moltar do na húdaráis phoiblí tacaíocht a fháil ó eintitis amhail gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe arna mbunú ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil i gcás inarb infheidhme. Is iondúil a léiríonn eagrú na ngníomhaireachtaí sin riachtanais aonair na n-údarás poiblí i réigiún áirithe nó atá ag feidhmiú i réimse áirithe den earnáil phoiblí. Is féidir le gníomhaireachtaí láraithe freastal ar bhealach níos fearr agus ar bhealach níos éifeachtaí ar bhealaí eile, mar shampla, i mBallstáit bheaga nó láraithe nó i ndáil le gnéithe casta nó trasréigiúnacha amhail téamh agus fuarú ceantair. Is féidir le gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe feidhmiú mar ionaid ilfhreastail de bhun Airteagal 21. Is minic a bhíonn na gníomhaireachtaí sin freagrach as pleananna dícharbónaithe áitiúla nó réigiúnacha a fhorbairt, lena bhféadfaí bearta eile dícharbónaithe a áireamh freisin, amhail coirí breoslaí iontaise a mhalartú, agus tacaíocht a thabhairt d’údaráis phoiblí beartais a bhaineann le fuinneamh a chur chun feidhme. Féadfaidh inniúlachtaí, cuspóirí agus acmhainní soiléire a bheith ag gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe nó eintitis eile i réimse an fhuinnimh inbhuanaithe chun cabhrú leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla. D’fhéadfaí gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe a spreagadh chun breithniú a dhéanamh ar thionscnaimh a glacadh faoi chuimsiú Chúnant na Méaraí, lena dtugtar le chéile rialtais áitiúla atá tiomanta dá ndeoin féin cuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais a chur chun feidhme, agus tionscnaimh eile atá ann cheana chun na críche sin. Ba cheart na pleananna dícharbónaithe a nascadh le pleananna forbartha críochacha agus ba cheart an measúnú cuimsitheach ar cheart do na Ballstáit a dhéanamh a chur san áireamh iontu. |
|
(31) |
Ba cheart do na Ballstáit tacú le comhlachtaí poiblí chun bearta feabhsaithe éifeachtúlacht fuinnimh a phleanáil agus a dhéanamh, lena n-áirítear ag leibhéil áitiúla agus réigiúnacha, trí thacaíocht airgeadais agus theicniúil a sholáthar agus trí phleananna a thíolacadh lena dtugtar aghaidh ar an easpa lucht saothair agus gairmithe cáilithe is gá do gach céim den aistriú glas, lena n-áirítear daoine ceirde mar aon le saineolaithe teicneolaíochta glasa ardoilte, eolaithe feidhmeacha agus nuálaithe. Ba cheart do na Ballstáit tacú le comhlachtaí poiblí chun na tairbhí leathana lasmuigh den choigilteas fuinnimh a chur san áireamh, amhail cáilíocht fheabhsaithe an aeir laistigh agus timpeallacht laistigh níos sláintiúla chomh maith le caighdeán feabhsaithe maireachtála, go háirithe i gcás scoileanna, ionad cúraim lae, tithe altranais agus ospidéal. Ba cheart do na Ballstáit treoir a sholáthar lena ndéantar deiseanna oiliúna agus forbartha inniúlachta a chur chun cinn agus comhar i measc comhlachtaí poiblí a spreagadh, lena n-áirítear i measc gníomhaireachtaí. Chun na críche sin, d’fhéadfadh na Ballstáit lárionaid inniúlachta náisiúnta agus réigiúnacha a bhunú maidir le saincheisteanna casta, amhail comhairle a chur ar ghníomhaireachtaí áitiúla nó réigiúnacha fuinnimh maidir le téamh nó fuarú ceantair. |
|
(31a) |
I ngéarchéim slándála fuinnimh agus i mborradh ar phraghsanna fuinnimh, ba cheart dreasachtaí a thabhairt do na Ballstáit chun tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí i gcoigilteas fuinnimh. Chuige sin, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit a dhéanann athchóiriú ar níos mó ná 3 % d’achar urláir iomlán a gcuid foirgneamh in aon bhliain ar leith le linn thréimhse 2024-2026 an barrachas a áireamh i dtreo an ráta athchóirithe bhliantúil d’aon cheann de na trí bliana ina dhiaidh sin. Féadfaidh Ballstát a dhéanann athchóiriú ar níos mó ná 3 % d’achar urláir iomlán a fhoirgnimh ón 1 Eanáir 2027 an barrachas a áireamh i dtreo ráta athchóirithe bliantúil an dá bhliain ina dhiaidh sin. Níor cheart an fhéidearthacht sin a úsáid chun críocha nach bhfuil i gcomhréir le cuspóirí ginearálta agus leibhéal uaillmhéine na Treorach seo. |
|
(32) |
Is iad foirgnimh, an earnáil iompair mar aon leis an earnáil tionsclaíochta na hearnálacha is mó a úsáideann fuinneamh agus is iad na hearnálacha sin an phríomhfhoinse astaíochtaí (25). Tá foirgnimh freagrach as thart ar 40 % d’ídiú fuinnimh iomlán an Aontais agus as 36 % dá n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhuinneamh (26). Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Rabharta Athchóiriúcháin” (27), tugtar aghaidh ar dhúshlán na héifeachtúlachta acmhainní agus na héifeachtúlachta fuinnimh agus na hinacmhainneachta in earnáil na tógála agus is é is aidhm don teachtaireacht an ráta athchóirithe a mhéadú faoi dhó. Díríonn sé ar na foirgnimh is measa feidhmíocht, ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar fhoirgnimh phoiblí. Thairis sin, tá foirgnimh ríthábhachtach chun go mbainfear cuspóir de chuid an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Maidir le foirgnimh ar le comhlachtaí poiblí iad, agus foirgnimh a sholáthraíonn seirbhísí leasa ghinearálta, amhail oideachas (amhail ionaid chúraim lae, scoileanna agus ollscoileanna), sláinte (amhail ospidéil agus tithe altranais do dhaoine scothaosta) agus seirbhísí sóisialta (amhail ionaid phobail a fhreastalaíonn ar dhaoine), daoine óga, daoine scothaosta agus daoine a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh ar ioncam íseal), nó tithíocht shóisialta, is sciar suntasach den stoc tógála iad agus tá ard-infheictheacht acu sa saol poiblí.. Is iomchuí, dá bhrí sin, ráta bliantúil athchóirithe a shocrú ar fhoirgnimh atá ar úinéireacht ag comhlachtaí poiblí agus ar fhoirgnimh chun críocha sóisialta ar chríoch Ballstáit chun a bhfeidhmíocht fuinnimh a uasghrádú agus a chlaochlú ar a laghad i bhfoirgnimh atá beagnach saor ó astaíochtaí nó i bhfoirgnimh atá saor ó astaíochtaí. Iarrtar ar na Ballstáit ráta athchóirithe níos airde a shocrú, nuair is costéifeachtach faoi chuimsiú an athchóirithe ar a stoc foirgneamh i gcomhréir lena Straitéisí fadtéarmacha athchóirithe nó le pleananna náisiúnta athchóirithe. Níor cheart gur dochar an ráta athchóirithe do na hoibleagáidí maidir le foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh (NZEBanna) a leagtar amach i Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28). Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceanglais nach bhfuil chomh dian sin a chur i bhfeidhm maidir le roinnt foirgneamh, amhail foirgnimh a bhfuil fiúntas speisialta ailtireachta nó staire acu. Le linn an chéad athbhreithnithe eile a dhéanfar ar Threoir 2010/31/AE, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir leis an athchóiriú ar fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí. Ba cheart don Choimisiún féachaint le togra reachtach a chur isteach chun an ráta athchóirithe a athbhreithniú, agus an dul chun cinn atá bainte amach ag na Ballstáit, forbairtí eacnamaíocha nó teicniúla suntasacha á gcur san áireamh nó i gcás ina bhfuil gá leis, gealltanais an Aontais maidir le dícharbónú agus truailliú nialasach. Déanann an oibleagáid foirgnimh na gcomhlachtaí poiblí a athchóiriú sa Treoir seo an Treoir sin a chomhlánú, lena gceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú agus athchóiriú mór á dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana, go ndéanfar uasghrádú ar fheidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh chun go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le NZEBanna. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit treoir bhreise a chur ar fáil maidir le hathchóiriú domhain a dhéanamh ar fhoirgnimh a bhfuil luach stairiúil ag baint leo. |
|
(33) |
Chun an ráta athchóirithe a shocrú, ní mór do na Ballstáit forbhreathnú a bheith acu ar na foirgnimh nach mbaineann leibhéal NZEB amach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit fardal foirgneamh poiblí, lena n-áirítear tithíocht shóisialta a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta mar chuid de bhunachar sonraí foriomlán de dheimhnithe feidhmíochta fuinnimh. Leis an bhfardal sin, ba cheart a chur ar a gcumas do na gníomhaithe príobháideacha, lena n-áirítear cuideachtaí seirbhíse fuinnimh (ESCOanna), réitigh athchóirithe a mholadh agus féadfaidh Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh iad a chomhiomlánú. |
|
(34) |
Sa bhliain 2020, tá níos mó ná leath de dhaonra an domhain ina chónaí i gceantair uirbeacha. Meastar go sroichfidh an figiúr sin 68 % faoi 2050 (29). Ina theannta sin, tá leath de na bonneagair uirbeacha faoi 2050 fós le tógáil (30). Is ionaid atá tábhachtach ó thaobh na gníomhaíochta eacnamaíche, na giniúna, na nuálaíochta agus teicneolaíochtaí nua de iad cathracha agus ceantair uirbeacha. Tá tionchar ag cathracha ar chaighdeán saoil na saoránach atá ina gcónaí iontu nó atá ag obair iontu. Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht theicniúil agus airgeadais a thabhairt do na bardais. Tá cuir chuige chomhtháite maidir le coigealtas, soláthar agus soghluaiseacht fuinnimh curtha i bhfeidhm ag roinnt bardas agus ag comhlachtaí poiblí eile sna Ballstáit cheana féin, mar shampla, trí phleananna gníomhaíochta maidir le fuinneamh inbhuanaithe nó pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe, amhail na pleananna a forbraíodh faoi thionscnamh Chúnant na Méaraí, agus cuir chuige chomhtháite uirbeacha a théann níos faide ná idirghabhálacha aonair i bhfoirgnimh nó modhanna iompair. Tá gá le hiarrachtaí breise a dhéanamh sa réimse a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh na soghluaisteachta uirbí a fheabhsú, d’iompar paisinéirí agus lasta araon, ós rud é go n-úsáideann sí thart ar 40 % d’fhuinneamh uile an iompair de bhóthar. Ba cheart go rannchuideodh Rialachán … [Rialachán TEN-T athbhreithnithe – COD 2021/420] go suntasach le dul i ngleic le héifeachtúlacht fuinnimh an iompair uirbigh le cur chuige comhsheasmhach, comhtháite agus ilmhódach tríd an gceanglas maidir le pleananna um shoghluaisteacht uirbí inbhuanaithe (SUMP) a ghlacadh mar a shainítear sa Rialachán sin. Thairis sin, chun spriocanna na Treorach seo a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit spreagadh láidir a thabhairt don oiread údarás áitiúil agus is féidir chun SUMPanna a ghlacadh chun rannchuidiú le hidiú fuinnimh a laghdú agus iompar nach bhfuil gá leis a sheachaint i gcás inar féidir, i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh. |
|
(35) |
Maidir le ceannach táirgí agus seirbhísí áirithe agus ceannach foirgneamh agus cíos ar fhoirgnimh, ba cheart do na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha a gcuireann conarthaí oibreacha poiblí, soláthair nó seirbhíse i gcrích dea-shampla a thabhairt, cinntí ceannacháin atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i ndáil leis na conarthaí poiblí agus lamháltais nach bhforáiltear aon cheanglas sonrach ina leith in Iarscríbhinn IV . Ba cheart feidhm a bheith aige sin ar na ranna riaracháin a síneann a n-inniúlacht feadh chríoch iomlán an Bhallstáit. I gcás nach bhfuil aon roinn riaracháin ábhartha den sórt sin a chumhdaíonn an chríoch iomlán i mBallstáit ar leith agus le haghaidh inniúlacht ar leith, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid maidir leis na ranna riaracháin sin a gcumhdaítear go comhchoiteann an chríoch iomlán lena n-inniúlachtaí. Níor cheart, áfach, difear a dhéanamh do na forálacha a ghabhann le treoracha an Aontais maidir le soláthar poiblí. Ba cheart do na Ballstáit na bacainní ar an soláthar comhpháirteach laistigh den Bhallstát nó thar theorainneacha i gcás inar féidir leis na nithe sin na costais a laghdú agus feabhas a chur ar na sochair ón margadh inmheánach trí dheiseanna gnó a chruthú do sholáthróirí agus do sholáthraithe seirbhísí fuinnimh. |
|
(36) |
Gach eintiteas poiblí a dhéanann infheistíocht in acmhainní poiblí trí sholáthar, ba cheart dóibh dea-shampla a thabhairt agus conarthaí agus lamháltais á ndámhachtain, trí tháirgí, seirbhísí, oibríochtaí agus foirgnimh a bhfuil an fheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh is airde acu, agus i ndáil leis na soláthairtí sin nach bhfuil faoi réir ceanglas sonrach faoi Threoir 2009/30/CE. Sa chomhthéacs sin, ní mór do na nósanna imeachta dámhachtana uile maidir le conarthaí poiblí agus lamháltais ar mó a luach ná na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), agus Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, feidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh na dtáirgí, na bhfoirgneamh agus na seirbhísí a leagtar síos le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta a chur san áireamh, trí bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a mheas mar thosaíocht ina nósanna imeachta soláthair, |
|
(37) |
Tá sé tábhachtach freisin go ndéanfaidh na Ballstáit faireachán ar an gcaoi a gcuireann na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha na ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh san áireamh i soláthar táirgí, foirgneamh, oibreacha agus seirbhísí trína áirithiú go gcuirfear ar fáil go poiblí faisnéis faoin tionchar ar éifeachtúlacht fuinnimh atá ag na daoine sin a fhaigheann tairiscintí os cionn na dtairseach dá dtagraítear sna treoracha soláthair. Leis sin, is féidir le páirtithe leasmhara agus saoránaigh measúnú a dhéanamh ar ról na hearnála poiblí maidir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a áirithiú i soláthar poiblí ar bhealach trédhearcach. |
|
(38) |
Sainaithnítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip ról an gheilleagair chiorclaigh i ndáil le rannchuidiú le cuspóirí foriomlána dícharbónaithe an Aontais. Ba cheart don earnáil phoiblí rannchuidiú leis na cuspóirí sin trína gcumhacht ceannaigh a úsáid, i gcás inarb iomchuí, chun táirgí, foirgnimh, seirbhísí agus oibreacha atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a roghnú trí uirlisí atá ar fáil le haghaidh soláthar poiblí glas, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú tábhachtach a dhéanamh chun laghdú a dhéanamh ar ídiú fuinnimh agus ar an tionchar ar an gcomhshaol. |
|
(39) |
Tá sé tábhachtach go dtabharfadh na Ballstáit an tacaíocht is gá do chomhlachtaí poiblí maidir le glacadh ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh sa soláthar poiblí agus úsáid a bhaint as soláthar poiblí glas, trí na treoirlínte agus na modheolaíochtaí is gá a sholáthar maidir leis an measúnú ar chostais saolré, agus ar thionchair agus costais ar an gcomhshaol. Táthar ag súil go n-éascófar le uirlisí dea-cheaptha, go háirithe uirlisí digiteacha, na nósanna imeachta soláthair agus go laghdófar na costais riaracháin go háirithe i mBallstáit bheaga nach mbeadh acmhainneacht leordhóthanach acu chun tairiscintí a ullmhú. I ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit úsáid uirlisí digiteacha agus comhar i measc na n-údarás conarthach a chur chun cinn lena n-áirítear thar theorainneacha chun dea-chleachtas a roinnt. |
|
(40) |
Ós rud é go bhfuil foirgnimh freagrach as astaíochtaí gás ceaptha teasa atá ann roimh a saolré oibríochtúil agus tar éis a saolré oibríochtúil, ba cheart do na Ballstáit saolré iomlán astaíochtaí carbóin na bhfoirgneamh a mheas freisin. Tarlaíonn sé sin i gcomhthéacs na n-iarrachtaí chun aird níos mó a thabhairt ar fheidhmíocht saolré, ar ghnéithe den gheilleagar ciorclach agus ar thionchair ar an gcomhshaol, mar chuid de ról eiseamláireach na hearnála poiblí. Dá bhrí sin, féadfaidh s féidir leis an soláthar poiblí a bheith ina dheis chun aghaidh a thabhairt ar an gcarbón corpraithe i bhfoirgnimh le linn a saolré. Maidir leis sin, is gníomhairí tábhachtacha iad na húdaráis chonarthacha ar cheart dóibh beart a dhéanamh mar chuid de nósanna imeachta soláthair trí fhoirgnimh nua a cheannach a thugann aghaidh ar acmhainneacht téite domhanda le linn an saolré iomlán. |
|
(41) |
Leis an acmhainneacht téite domhanda le linn na saolré iomláine tomhaistear na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an bhfoirgneamh ag céimeanna éagsúla le linn a shaolré. Dá bhrí sin, déanann sé tomhas ar rannchuidiú foriomlán an fhoirgnimh le hastaíochtaí a chuireann leis an athrú aeráide. Tagraítear dó sin uaireanta mar mheasúnú ar an lorg carbóin nó tomhas carbóin saolré. Tugtar le chéile ann na hastaíochtaí carbóin atá cuimsithe in ábhair thógála le hastaíochtaí díreacha agus indíreacha ón gcéim úsáide. Is banc ábhair suntasach iad foirgnimh, is stórtha d’acmhainní atá dian ar charbón iad thar na blianta fada, agus dá bhrí sin, tá sé tábhachtach féachaint ar dhearaí lena n-éascófar athúsáid agus athchúrsáil sa todhchaí ag deireadh an tsaoil oibríochtúil, i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach. Ba cheart do na Ballstáit ciorclaíocht, marthanacht agus inoiriúnaitheacht ábhar tógála a chur chun cinn, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar fheidhmíocht inbhuanaitheachta táirgí foirgníochta agus costas iomaíoch agus tarraingteach á shocrú acu, trí úsáid a bhaint as na hionstraimí airgeadais go léir atá ar fáil chun dreasachtaí a sholáthar chun ábhair chiorclacha a úsáid. |
|
(42) |
Sloinntear an acmhainneacht téite domhanda mar tháscaire uimhriúil in kgCO2e/m2 (den achar urláir inmheánaigh úsáidigh) le haghaidh gach céime saolré meánaithe le haghaidh bliain amháin de thréimhse staidéir tagartha 50 bliain. Déantar an roghnú sonraí, sainmhíniú cásanna agus ríomhanna i gcomhréir le caighdeán EN 15978. Leagtar amach raon feidhme na n-eilimintí tógála agus an trealaimh theicniúil i dtáscaire 1,2 de chreat comhchoiteann Leibhéil/Leibhéal an Aontais Eorpaigh. I gcás inarb ann d’uirlis náisiúnta ríomha, nó i gcás ina n-éilítear í chun nochtadh a dhéanamh nó chun ceadanna tógála a fháil, ba cheart é a bheith indéanta an uirlis náisiúnta sin a úsáid chun an fhaisnéis a éilítear a sholáthar. Ba cheart é a bheith indéanta uirlisí ríomha eile a úsáid má chomhlíonann siad na critéir íosta a leagtar síos le creat comhchoiteann Leibhéil/Leibhéal an Aontais Eorpaigh. |
|
(43) |
Le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (33) rialaítear suiteálacha a rannchuidíonn le táirgeadh fuinnimh nó a úsáideann fuinneamh chun críocha táirgthe, agus ní mór faisnéis maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear sa tsuiteáil nó a ghintear leis an tsuiteáil a chur san áireamh sna hiarratais ar cheadanna comhtháite (Airteagal 12(1)(b)). Thairis sin, sonraítear in Airteagal 11 den Treoir sin go bhfuil an éifeachtúlacht fuinnimh ar cheann de na prionsabail ghinearálta lena rialaítear oibleagáidí bunúsacha an oibreora agus ar cheann de na critéir lena gcinntear na teicnící is fearr atá ar fáil de bhun Iarscríbhinn III de Threoir 2010/75/AE. Tá éifeachtúlacht oibríochtúil na gcóras fuinnimh ag am ar bith faoi thionchar an chumais an chumhacht a ghintear ó fhoinsí éagsúla – lena ngabhann leibhéil táimhe agus amanna tosaigh éagsúla – a sholáthar don eangach ar bhealach rianúil solúbtha. Trí fheabhas a chur ar an éifeachtúlacht sin, beifear in ann úsáid níos fearr a bhaint as fuinneamh in-athnuaite. |
|
(44) |
Le feabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh, is féidir rannchuidiú le haschur eacnamaíoch níos airde. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag na Ballstáit agus ag an Aontas díriú ar ídiú fuinnimh a laghdú beag beann ar leibhéil an fháis eacnamaíoch. |
|
(45) |
Ba cheart an oibleagáid fuinneamh a shábháil arna bunú leis an Treoir seo a mhéadú agus ba cheart feidhm a bheith aici tar éis 2030. Áirithítear leis sin cobhsaíocht d’infheisteoirí agus spreagfar, ar an mbealach sin, infheistíochtaí fadtéarmacha agus bearta fadtéarmacha éifeachtúlachta fuinnimh, amhail athchóiriú domhain foirgneamh agus é mar chuspóir fadtéarmach na foirgnimh atá ann faoi láthair a aistriú go NZEBanna agus sin a dhéanamh ar bhealach costéifeachtach. Ní dhéantar athchóirithe domhain a fheabhsaíonn feidhmíocht fuinnimh foirgnimh 60 % ar a laghad go bliantúil faoi láthair ach i 0,2 % den stoc foirgneamh, agus níl feabhas suntasach tagtha ar éifeachtúlacht fuinnimh ach sa chúigiú cuid de na cásanna. Tá ról tábhachtach ag an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh i ndáil le cruthú fáis áitiúil, post, iomaíochais agus maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú. Ba cheart go n-áiritheofaí leis go mbeidh an tAontas in ann a chuid cuspóirí fuinnimh agus aeráide a bhaint amach trí dheiseanna breise a chruthú agus chun an nasc idir ídiú fuinnimh agus fás a bhriseadh. Tá comhar leis an earnáil phríobháideach tábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha ar féidir infheistiú príobháideach le haghaidh tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a dhíghlasáil agus chun múnlaí nua ioncaim a fhorbairt do nuálaíocht i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh. |
|
(46) |
Bíonn tionchar dearfach ag bearta feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh freisin ar cháilíocht an aeir, mar cuidítear, le níos mó foirgneamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, leis an éileamh ar bhreoslaí téimh, lena n-áirítear breoslaí téimh soladacha, a laghdú. Dá bhrí sin, le bearta éifeachtúlachta fuinnimh, cuidítear le feabhas a chur ar cháilíocht an aeir laistigh agus lasmuigh agus cuidítear le cuspóirí bheartas an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach, mar a bunaíodh go háirithe le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34). |
|
(47) |
Ceanglaítear ar na Ballstáit coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a bhaint amach don tréimhse oibleagáide iomlán suas go dtí 2030, rud atá coibhéiseach le coigilteas bliantúil nua de 0,8 % ar a laghad den ídiú fuinnimh deiridh go dtí an 31 Nollaig 2023 agus de 2 % ar a laghad amhail ón 1 Eanáir 2024. D'fhéadfaí an ceanglas sin a chomhlíonadh trí bhearta nua beartais a ghlacfar le linn na tréimhse oibleagáide ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 nó trí ghníomhaíochtaí nua aonair mar thoradh ar bhearta beartais a glacadh le linn na tréimhse roimhe sin nó roimh an tréimhse sin, ar an gcoinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí aonair a spreagann coigilteas fuinnimh ina leith a thabhairt isteach le linn na tréimhse ina dhiaidh sin. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann úsáid a bhaint as scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, bearta beartais malartacha, nó an dá rud. |
|
(48) |
Le haghaidh na tréimhse 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023, ba cheart go gceanglófaí ar an gCipir agus ar Mhálta coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a bhaint amach arb ionann é agus coigilteas nua de 0,24 % d’ídiú fuinnimh deiridh don tréimhse 2021 go dtí 2030 amháin. Ba cheart an ráta coigiltis aonair scor d’fheidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2024. |
|
(49) |
I gcás ina n-úsáidtear scéim oibleagáide, ba cheart do na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid a ainmniú as measc oibreoirí córais tarchurtha, oibreoirí córas dáileacháin, dáileoirí fuinnimh, cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola agus dáileoirí nó miondíoltóirí breosla iompair ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha. Le hainmniú catagóirí áirithe dáileoirí nó miondíoltóirí den sórt sin nó le díolúine ó ainmniú den sórt sin, níor cheart a thuiscint nach bhfuil an méid sin ag luí le prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Dá bhrí sin, is féidir leis na Ballstáit roghnú an ndéantar oibreoirí córais tarchurtha, d'oibreoirí córas dáileacháin, dáileoirí nó miondíoltóirí den sórt sin nó catagóirí áirithe díobh amháin a ainmniú mar pháirtithe faoi oibleagáid. Chun cumhacht a thabhairt do na custaiméirí leochaileacha agus do theaghlaigh ar ioncam íseal, do dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta agus chun iad a chosaint, agus chun bearta beartais a chur chun feidhme i measc na ndaoine sin mar thosaíocht, féadfaidh na Ballstáit ceangal a chur ar na páirtithe faoi oibleagáid coigilteas fuinnimh a bhaint amach i measc na gcustaiméirí leochaileacha, na ndaoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus na ndaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Chun na críche sin, is féidir leis na Ballstáit spriocanna laghdaithe costas fuinnimh a bhunú freisin. D’fhéadfadh na páirtithe faoi oibleagáid na spriocanna sin a bhaint amach trí shuiteáil beart a chur chun cinn as a dtiocfaidh coigilteas fuinnimh agus coigilteas airgeadais ar bhillí fuinnimh, amhail insliú agus bearta téimh a shuiteáil agus trí thacú le tionscnaimh choigiltis fuinnimh ag pobail fuinnimh inathnuaite agus ag pobail fuinnimh saoránach. D’fhéadfadh na bearta sin a bheith an-tairbheach do chustaiméirí leochaileacha, do dhaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu agus do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, toisc go mbíonn na daoine sin ina gcónaí i bhfoirgnimh níos measa feidhmíochta agus dá bhrí sin is iad is mó a bhaineann tairbhe as feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh. |
|
(50) |
Agus bearta beartais á gceapadh chun an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais a urramú agus prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” de réir bhrí Rialachán (AE) 2020/852 a chomhlíonadh (35). Níor cheart do na Ballstáit gníomhaíochtaí nach bhfuil inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn amhail breoslaí iontaise a úsáid. Is é is aidhm don oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh an fhreagairt ar an athrú aeráide a neartú trí dhreasachtaí a chur chun cinn do na Ballstáit meascán beartais inbhuanaithe agus glan a chur chun feidhme, meascán atá athléimneach, agus a mhaolaíonn an t-athrú aeráide. Dá bhrí sin, féadfaidh coigilteas fuinnimh ó bhearta beartais maidir le húsáid dócháin dhíreach breosla iontaise a bheith ina choigilteas fuinnimh incháilithe faoin oibleagáid coigiltis fuinnimh faoi choinníollacha áirithe agus ar feadh tréimhse áirithe tar éis an Treoir seo a thrasuí i gcomhréir le hIarscríbhinn V. Beifear in ann leis sin an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a ailíniú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, leis an bPlean um Sprioc Aeráide, leis an Straitéis “Rabharta Athchóiriúcháin”, agus beidh sé ag teacht leis an ngá atá le beart arna sainaithint ag IEA ina thuarascáil maidir le neodracht charbóin (36). Is é is aidhm don srian na Ballstáit a spreagadh chun airgead poiblí a chaitheamh ar theicneolaíochtaí inbhuanaithe a sheasfaidh an aimsir amháin. Tá sé tábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit creat beartais soiléir agus cinnteacht infheistíochta ar fáil do ghníomhaithe margaidh. Le cur chun feidhme na modheolaíochta ríofa faoin oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh, ba cheart go mbeadh na gníomhaithe margaidh uile in ann a dteicneolaíochtaí a oiriúnú laistigh de thréimhse ama réasúnach. I gcás ina dtacóidh na Ballstáit le glacadh teicneolaíochtaí éifeachtúla breoslaí iontaise nó le teicneolaíocht den sórt sin a athsholáthar go luath, mar shampla trí scéimeanna fóirdheontais nó scéimeanna oibleagáide éifeachtúlachta fuinnimh, d’fhéadfadh sé nach mbeadh coigilteas fuinnimh incháilithe a thuilleadh faoin oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh. Cé nach mbeadh coigilteas fuinnimh a thiocfadh as comhghiniúint gás-bhunaithe a chur chun cinn incháilithe, mar shampla, ní bheadh feidhm ag an srian maidir le húsáid breoslaí iontaise indírigh, mar shampla i gcás ina n-áirítear giniúint breoslaí iontaise i dtáirgeadh leictreachais. Ba cheart bearta beartais lena ndírítear ar athruithe iompraíochta chun ídiú breosla iontaise a laghdú, mar shampla trí fheachtais faisnéise agus trí thiomáint éiceolaíoch, a bheith incháilithe i gcónaí. Maidir leis an gcoigilteas fuinnimh ó bhearta beartais lena ndírítear ar athchóiriú foirgneamh, féadfaidh bearta a bheith iontu amhail córais téimh breosla iontaise a athsholáthar mar aon le feabhsuithe ar chreataí tógála, ar bearta iad ba cheart a bheith teoranta do na teicneolaíochtaí sin lenar féidir an coigilteas fuinnimh is gá a bhaint amach de réir na gcód náisiúnta tógála arna mbunú i mBallstát. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit uasghrádú córas téimh a chur chun cinn mar chuid d’athchóiriú domhain i gcomhréir leis an gcuspóir fadtéarmach maidir le neodracht charbóin, i.e. an t-éileamh ar théamh a laghdú agus an t-éileamh ar théamh atá fágtha a chumhdach le foinse fuinnimh atá saor ó charbón. Agus cuntas á thabhairt acu ar an gcoigilteas is gá chun sciar den oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, féadfaidh na Ballstáit a ndálaí aeráide a chur san áireamh. |
|
(51) |
Tá bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh na mBallstát san iompar incháilithe le bheith curtha san áireamh chun a n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh críochúsáide a bhaint amach. Áirítear ar bheartais den sórt sin beartais atá, inter alia, tiomanta d'fheithiclí níos éifeachtúla, lena n-áirítear modhanna iompair ceallra-chumhachtaithe a chur chun cinn, mar aon le haistriú modha chuig rothaíocht, siúl agus iompar poiblí, nó soghluaisteacht agus pleanáil uirbeach lena laghdaítear an t-éileamh ar iompar. Sa bhreis air sin, is féidir le scéimeanna lena gcuirtear dlús le glacadh feithiclí nó beartas nua níos éifeachtúla, lena dtacaítear le haistriú chuig breoslaí lena ngabhann leibhéal níos ísle astaíochtaí gás ceaptha teasa, seachas bearta beartais maidir le dóchán díreach breosla iontaise a úsáid, lena laghdaítear úsáid fuinnimh in aghaidh an chiliméadair, a bheith incháilithe freisin, faoi réir chomhlíonadh na rialacha maidir le hábharthacht agus le breisíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo. Bearta beartais a chuireann glacadh feithiclí breosla iontaise nua chun cinn, níor cheart dóibh cáiliú mar bhearta cáilithe faoin oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh. |
|
(52) |
Bearta arna nglacadh ag Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) agus a bhfuil feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh infhíoraithe agus intomhaiste nó inmheasaithe mar thoradh orthu, is féidir iad a mheas mar bhealach costéifeachtach do na Ballstáit chun a n-oibleagáid coigiltis fuinnimh a chomhlíonadh faoin Treoir seo. |
|
(53) |
Mar rogha ar cheangal a chur ar pháirtithe faoi oibleagáid an méid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) den Treoir seo a bhaint amach, ba cheart é a bheith indéanta ag na Ballstáit, ina gcuid scéimeanna oibleagáide, cead a thabhairt do pháirtithe faoi oibleagáid ranníocaíocht a dhéanamh leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh nó ceangal a chur orthu é sin a dhéanamh, a d’fhéadfaí a úsáid chun bearta beartais a chur chun feidhme mar thosaíocht i measc custaiméirí leochaileacha, daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. |
|
(54) |
Ba cheart do na Ballstáit agus do pháirtithe faoi oibleagáid úsáid a bhaint as na modhanna agus na teicneolaíochtaí uile atá ar fáil seachas maidir le húsáid teicneolaíochtaí i ndáil le dóchán díreach breosla iontaise, chun na ceanglais maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear a bhaint amach, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí cliste agus inbhuanaithe a chur chun cinn i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil, i mbonneagar éifeachtúil téimh agus fuaraithe, foirgnimh éifeachtacha agus cliste, feithiclí leictreacha agus tionscail agus in iniúchtaí fuinnimh nó i gcórais bainistíochta choibhéiseacha, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh an coigilteas fuinnimh a éilítear na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8 agus in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le leibhéal ard solúbthachta a áirithiú agus bearta beartais malartacha á gceapadh agus á gcur chun feidhme. Ba cheart do na Ballstáit gníomhaíochtaí a mbeadh coigilteas fuinnimh le linn saolréanna iomlána mar thoradh orthu. |
|
(55) |
Le bearta fadtéarmacha éifeachtúlachta fuinnimh, leanfar de choigilteas fuinnimh a thabhairt tar éis 2020 ach chun rannchuidiú le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 2030 an Aontais, ba cheart, leis na bearta sin, coigilteas nua a thabhairt tar éis 2020. Ar an taobh eile, níor cheart coigilteas fuinnimh a bhaintear amach tar éis an 31 Nollaig 2020 a áireamh faoi chomhair an choigiltis charnaigh críochúsáide a cheanglaítear don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. |
|
(56) |
Ba cheart coigilteas nua a bheith sa bhreis ar “ghnó mar is gnáth” ionas nach n-áireofaí coigilteas a bheadh tarlaithe ar aon chás faoi chomhair bhaint amach na gceanglas coigiltis fuinnimh. Chun tionchar na mbeart a tugadh isteach a thomhas, níor cheart ach an glanchoigilteas, arna thomhas mar an t-athrú ar an ídiú fuinnimh atá inchurtha go díreach i leith an bhirt éifeachtúlachta fuinnimh atá i gceist a chuirtear chun feidhme chun críche Airteagal den Treoir seo, a ríomh. Chun glanchoigilteas a ríomh, ba cheart do na Ballstáit cás bonnlíne a bhunú maidir leis an mbealach in bhforbródh an staid in éagmais an bhirt atá i gceist. Ba cheart an beart beartais atá i gceist a mheasúnú le hais na bonnlíne sin. Ba cheart do na Ballstáit na híoscheanglais dá bhforáiltear sa chreat reachtach ábhartha a chur san áireamh agus ba cheart go gcuirfí san áireamh go bhféadfar bearta beartais eile a dhéanamh sa tréimhse ama céanna agus go bhféadfadh sé sin tionchar a bheith aige sin ar mhéid na gcoigilteas fuinnimh, ionas nach féidir na hathruithe uile a tugadh faoi deara ó tugadh isteach beart beartais ar leith atá á mheasúnú a chur i leith an bhirt beartais sin, agus i leith an bhirt sin amháin. Le gníomhaíochtaí an pháirtí faoi oibleagáid, an pháirtí rannpháirtigh nó an pháirtí ar cuireadh cúram air, ba cheart rannchuidiú go hiarbhír leis an gcoigilteas fuinnimh a éilítear a bhaint amach chun comhlíonadh an cheanglais ábharthachta a áirithiú. |
|
(57) |
Tá sé tábhachtach céimeanna uile an tslabhra fuinnimh a mheabhrú, i gcás inarb ábhartha, agus an coigilteas fuinnimh á ríomh chun an acmhainneacht coigiltis fuinnimh a mhéadú agus leictreachas á tharchur agus á dháileadh. Léiríodh i staidéir agus i gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara a rinneadh go bhfuil acmhainneacht shuntasach ann. Mar sin féin, tá na dálaí fisiciúla agus eacnamaíocha an-éagsúil i measc na mBallstát, agus go minic laistigh de roinnt Ballstát, agus tá líon mór oibreoirí córais ann. Léiríonn na himthosca sin cur chuige díláraithe, de bhun phrionsabal na coimhdeachta. Tá an t-eolas, na hinniúlachtaí dlíthiúla agus an acmhainn riaracháin is gá ag na hÚdaráis Rialála Náisiúnta chun forbairt eangach leictreachais atá tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn. Is féidir le heintitis amhail Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tharchurtha Leictreachais (ENTSO-E) agus an tEintiteas Eorpach d’Oibreoirí Córais Dáileacháin (Eintiteas AE do OCDanna) rannchuidithe úsáideacha a sholáthar freisin agus ba cheart dóibh tacú lena gcomhaltaí agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu. |
|
(58) |
Baineann breithnithe comhchosúla le líon an-mhór oibreoirí córais gáis nádúrtha. Tá an ról atá ag gás nádúrtha agus ráta soláthair agus cuimsithe na críche an-éagsúil i measc na mBallstát. Sna cásanna sin, is iad na hÚdaráis Rialála Náisiúnta is fearr atá in ann monatóireacht agus stiúradh a dhéanamh ar éabhlóid an chórais i dtreo éifeachtúlachta méadaithe, agus féadfaidh eintitis amhail Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSO-G) rannchuidithe úsáideacha a sholáthar agus ba cheart dóibh tacú lena gcomhaltaí agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu. |
|
(58a) |
Tá tábhacht le ESCOanna chun maoiniú a fhorbairt, a dhearadh, a thógáil agus a eagrú le haghaidh tionscadail a spárálann fuinneamh, a laghdaíonn costais fuinnimh, agus a laghdaíonn costais oibríochtaí agus chothabhála in earnálacha amhail foirgnimh, tionscal agus iompar. |
|
(59) |
Tá tábhacht ar leith ag baint leis an nasc uisce-fuinnimh a chur san áireamh chun aghaidh a thabhairt ar úsáid idirspleách an fhuinnimh agus an uisce agus ar an mbrú atá ag méadú ar an dá acmhainn sin. Trí uisce a bhainistiú ar bhealach éifeachtach, féadfar cur go mór leis an gcoigilteas fuinnimh, rud a théann chun tairbhe don aeráid ach don gheilleagar agus don tsochaí freisin. Is ionann earnálacha an uisce agus an fhuíolluisce agus 3,5 % den leictreachas a úsáidtear san Aontas agus táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar an sciar sin. Ag an am céanna, is ionann sceitheadh uisce agus 24 % den uisce iomlán a ídítear san Aontas agus is í an earnáil fuinnimh an tomhaltóir is mó uisce, agus 44 % den ídiú iomlán á dhéanamh suas aici. Ba cheart an coigilteas fuinnimh a d’fhéadfaí a dhéanamh trí theicneolaíochtaí cliste agus próisis chliste feadh na dtimthriallta agus na bhfeidhmchlár tionsclaíochta, cónaithe agus tráchtála go léir a iniúchadh agus a chur i bhfeidhm aon uair is costéifeachtaí agus ba cheart aird a thabhairt ar an gcéad phrionsabal maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Sa bhreis air sin, d’fhéadfadh ardteicneolaíochtaí uisciúcháin, teicneolaíochtaí buaint uisce báistí agus teicneolaíochtaí athúsáide uisce ídiú uisce sa talmhaíocht, foirgnimh agus tionscail agus an fuinneamh a úsáidtear chun é a chóireáil agus a iompar a laghdú go suntasach. |
|
(60) |
I gcomhréir le hAirteagal 9 den Chonradh, ba cheart beartais éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bheith cuimsitheach agus dá bhrí sin ba cheart dóibh rochtain chomhionann a áirithiú ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh do na tomhaltóirí uile faoi thionchar na bochtaineachta fuinnimh. Ba cheart feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun feidhme mar thosaíocht i measc custaiméirí leochaileacha agus úsáideoirí deiridh, daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, agus ▌i measc teaghlaigh ar mheánioncaim agus ar ioncam íseal agus daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, daoine scothaosta agus daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta, agus sna réigiúin is forimeallaí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghrúpa áirithe atá go mór i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó grúpaí atá níos soghabhálaí i leith na n-éifeachtaí díobhálacha a bhaineann leis an mbochtaineacht fuinnimh, amhail mná, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, leanaí agus daoine a bhfuil cúlra cine mionlaigh nó eitnigh mionlaigh acu. Is féidir le Ballstáit a cheangal ar pháirtithe faoi oibleagáid aidhmeanna sóisialta a chur san áireamh i mbearta coigiltis fuinnimh i ndáil leis an mbochtaineacht fuinnimh agus leathnaíodh amach an fhéidearthacht sin cheana féin chuig bearta beartais malartacha agus chuig Cistí Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh na hEorpa. Ba cheart an fhéidearthacht sin a chlaochlú ina hoibleagáid chun na custaiméirí leochaileacha agus na húsáideoirí deiridh a chosaint, chun cumhacht a thabhairt dóibh agus chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú, agus é a chur ar a gcumas do na Ballstáit solúbthacht iomlán a choinneáil ag an am chéanna maidir le cineál, méid, raon feidhme agus inneachar na mbeart beartais sin. Mura gceadaítear bearta a bhaineann le tomhaltóirí aonair fuinnimh le scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, féadfaidh an Ballstát bearta a ghlacadh chun bochtaineacht fuinnimh a mhaolú trí bhíthin bearta beartais malartacha agus trí bhíthin na mbeart sin amháin. Laistigh dá meascán beartais, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh éifeacht dhíobhálach ag bearta beartais eile ar chustaiméirí leochaileacha, ar úsáideoirí deiridh, ar dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus, i gcás inarb infheidhme, ar dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Ba cheart do na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir a bhaint as infheistíochtaí cistithe poiblí i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear cistiú agus saoráidí airgeadais arna mbunú ar leibhéal an Aontais. |
|
(61) |
Tagraítear sa Treoir seo do choincheap na gcustaiméirí leochaileacha, ar coincheap é atá le bunú ag na Ballstáit de bhun Threoir (AE) 2019/944. Ina theannta sin, de bhun Threoir 2012/27/AE, soiléirítear leis an gcoincheap “úsáideoirí deiridh” in éineacht leis an gcoincheap “custaiméir deiridh” go bhfuil feidhm freisin ag na cearta maidir le billeáil agus le faisnéis ídithe maidir le tomhaltóirí gan conarthaí aonair nó conarthaí díreacha leis an soláthraí fuinnimh a úsáidtear i gcomhchórais téimh, fuaraithe nó táirgthe uisce the tí i bhfoirgnimh il-áitritheoirí. Ní gá go n-áiritheofaí le coincheap na gcustaiméirí leochaileacha go ndíreofar ar na húsáideoirí deiridh. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go sroichfidh na bearta a leagtar amach sa Treoir seo gach duine aonair agus gach teaghlach i staid leochaileachta, ba cheart do na Ballstáit ní hamháin custaiméirí, sa chiall is cruinne, ach úsáideoirí deiridh a áireamh freisin, agus a sainmhíniú ar chustaiméirí leochaileacha á bhunú. |
|
(62) |
Ní raibh thart ar 34 mhilliún teaghlach san Aontas in ann a n-áit chónaithe a choinneáil te go leor in 2019 (38). Tugann an Comhaontú Glas don Eoraip tosaíocht don ghné shóisialta den aistriú trí ghealltanas a thabhairt i leith an phrionsabail “nach bhfágfar aon duine ar lár”. Déanann an t-aistriú glan, lena n-áirítear an t-aistriú glan, dochar do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus d’fhéadfadh tionchar ar leith a bheith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, daoine faoi mhíchumas. Dá bhrí sin, caithfidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh bheith mar chuid lárnach d'aon straitéis chostéifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar leochaileacht tomhaltóirí agus tá siad ina chomhlánú ar bheartais slándála sóisialta ar leibhéal na mBallstát. Chun a áirithiú go laghdaítear bochtaineacht fuinnimh do thionóntaí ar bhonn inbhuanaithe le bearta éifeachtúlachta fuinnimh, ba cheart costéifeachtacht na mbeart sin, mar aon le hinacmhainneacht na mbeart sin d'úinéirí maoine agus do thionóntaí, a chur san áireamh, agus ba cheart tacaíocht airgeadais agus theicniúil leordhóthanach do na bearta sin a ráthú ar leibhéal na mBallstát. Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht a thabhairt ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh a shainaithint agus a mhaolú. Áirítear leis sin riachtanais shonracha grúpaí ar leith atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó atá níos so-ghabhálaí i leith éifeachtaí na bochtaineachta fuinnimh a shainaithint agus aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin na ngrúpaí sin. Chun cosaint a thabhairt do chustaiméirí atá leochaileach maidir le bochtaineacht fuinnimh agus, i gcás inarb infheidhme, do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, ba cheart go spreagfadh na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid chun gníomhaíochtaí a dhéanamh amhail athchóiriú foirgneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta, athsholáthar fearas, tacaíocht airgeadais agus dreasachtaí do bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir le scéimeanna náisiúnta maoinithe agus tacaíochta, nó iniúchtaí fuinnimh. Ba cheart go gceanglódh na Ballstáit ar pháirtithe faoi oibleagáid oibriú le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus dul i dteagmháil le seirbhísí sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta (amhail eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha sóisialta agus comhlachais tithíochta) chun ardán rannpháirtíochta a chur ar bun a bheidh tiomnaithe do mhaolú na bochtaineachta fuinnimh. San fhadtéarma, ní mór stoc foirgneamh an Aontais a thiontú ina NZEBanna i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Níl na rátaí ag a bhfuil foirgnimh á n-athchóiriú faoi láthair leordhóthanach agus is iad na foirgnimh ina bhfuil saoránaigh ar ísealioncam, dá ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh dochar, na cinn is deacra fáil fhad leo. Is den ríthábhacht, dá bhrí sin, na bearta a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le hoibleagáidí maidir le coigilteas fuinnimh, a bhaineann le scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus a bhaineann le bearta beartais malartacha. |
|
(63) |
Chun leas a bhaint as an acmhainneacht coigiltis fuinnimh i ndeighleoga áirithe den mhargadh nach ndéantar iniúchtaí fuinnimh a thairiscint ar bhonn tráchtála de ghnáth (amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna)), ba cheart do na Ballstáit cláir a fhorbairt chun FBManna a spreagadh agus tacú leo chun dul faoi iniúchtaí fuinnimh agus chun moltaí ó na hiniúchtaí fuinnimh a chur chun feidhme, mar shampla trí scéimeanna tacaíochta a bhunú, amhail lárionaid iniúchóireachta fuinnimh do FBManna agus do mhicrifhiontair chun costais iniúchóireachta fuinnimh a chumhdach. D’fhéadfadh ionaid den sórt sin a bheith lonnaithe in ollscoileanna, le bunachar sonraí lárnach chun torthaí iniúchóireachta a bhailiú agus a chur in iúl. Ba cheart iniúchtaí fuinnimh a bheith éigeantach agus rialta le haghaidh fiontair mhóra toisc go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag an gcoigilteas fuinnimh. Ba cheart caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta ábhartha, amhail EN ISO 50001 (Córais Bainistíochta Fuinnimh), EN ISO 50005 (Córais Bainistíochta Fuinnimh), EN 16247-1 (Iniúchtaí Fuinnimh), ISO 50002 (Iniúchtaí Fuinnimh), nó, má chuirtear iniúchadh fuinnimh san áireamh, EN ISO 14000 (Córais Bainistíochta Comhshaoil) a chur san áireamh sna hiniúchtaí fuinnimh agus ba cheart dóibh, dá bhrí sin, a bheith i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir seo toisc nach dtéann forálacha den sórt sin níos faide ná ceanglais na gcaighdeán ábhartha sin. Tá caighdeán sonrach Eorpach maidir le hiniúchtaí fuinnimh á fhorbairt i láthair na huaire. Féadfar iniúchtaí fuinnimh a dhéanamh ar bhonn neamhspleách nó mar chuid de chóras bainistíochta comhshaoil níos leithne nó de chonradh feidhmíochta fuinnimh. I ngach cás den sórt sin, ba cheart na córais sin a bheith i gcomhréir leis na híoscheanglais in Iarscríbhinn VI. Ina theannta sin, féadfar a mheas go bhfuil sásraí agus scéimeanna sonracha arna mbunú chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí agus ídiú breosla ag oibreoirí iompair áirithe i gcomhréir le hiniúchtaí fuinnimh, mar shampla faoi dhlí an Aontais Eorpaigh, faoin scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal (CTA AE), lena n-áirítear i gcórais bainistíochta fuinnimh, má chomhlíonann siad na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. |
|
(63a) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil sé éigeantach moltaí na n-iniúchtaí fuinnimh a dhéanann fiontair a chur chun feidhme. In éagmais na hoibleagáide moltaí iniúchóireachta a chur chun feidhme, is cúis mhór é nach gcuireann fiontair na moltaí sin san áireamh go leordhóthanach. |
|
(64) |
Ba cheart meánídiú an fhiontair a bheith ina chritéar chun sainiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcóras bainistithe fuinnimh agus ar chur i bhfeidhm na n-iniúchtaí fuinnimh chun íogaireacht na sásraí sin a mhéadú maidir le deiseanna ábhartha maidir le coigilteas fuinnimh costéifeachtach a shainaithint. Ba cheart fiontair atá faoi bhun na dtairseach ídithe a shainítear le haghaidh córais bhainistíochta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh a spreagadh agus tacaíocht theicniúil a sholáthar chun dul faoi iniúchtaí fuinnimh agus chun na moltaí a eascraíonn as na hiniúchtaí sin a chur chun feidhme. |
|
(65) |
I gcás ina ndéanfaidh saineolaithe inmheánacha iniúchtaí fuinnimh, d’éileodh an neamhspleáchas is gá nach mbeadh na saineolaithe sin ag gabháil go díreach don ghníomhaíocht arna hiniúchadh. |
|
(66) |
Is earnáil eile atá ag dul i dtábhacht í earnáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC). In 2018 b’ionann ídiú fuinnimh na lárionad sonraí san Aontas agus 76,8 TWh. Meastar go dtiocfaidh méadú 28 % air sin go 98,5 TWh faoi 2030. Is féidir an méadú sin i ndearbhthéarmaí a fheiceáil i dtéarmaí coibhneasta chomh maith: laistigh den Aontas, b’ionann éileamh na n-ionad sonraí ar leictreachas agus 2,7 % den éileamh ar leictreachas in 2018 agus beidh siad sroichfidh siad 3,21 % faoi 2030 má leantar leis an bhforbairt ar an gconair reatha (39). Cuireadh i dtábhacht cheana féin i Straitéis Dhigiteach an Aontais an gá atá le lárionaid sonraí atá thar a bheith éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá inbhuanaithe agus iarrtar inti bearta trédhearcachta le haghaidh oibreoirí teileachumarsáide maidir lena lorg comhshaoil. Chun an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn san earnáil TFC, go háirithe sna lárionaid sonraí, ba cheart do na Ballstáit sonraí a bhailiú agus a fhoilsiú, atá ábhartha maidir le feidhmíocht fuinnimh, lorg uisce agus solúbthacht ó thaobh éilimh na lárionad sonraí, ar bhonn teimpléad coiteann de chuid an Aontais. Níor cheart do na Ballstáit sonraí a bhailiú agus a fhoilsiú ach faoi lárionaid sonraí ag a bhfuil éileamh suiteáilte cumhachta TF de 100 kW ar a laghad, a bhféadfadh dearadh iomchuí nó idirghabhálacha éifeachtúlachta iomchuí, le haghaidh suiteálacha nua nó suiteálacha atá ann cheana faoi seach, a bheith mar thoradh air sin, go dtiocfadh laghdú suntasach ar ídiú fuinnimh agus uisce, méadú ar éifeachtúlacht na gcóras chun dícharbónú na heangaí a chur chun cinn, nó athúsáid dramhtheasa i saoráidí in aice láimhe agus i líonraí teasa. Ba cheart táscairí inbhuanaitheachta lárionaid sonraí a bhunú ar bhonn na sonraí sin a bhailítear, agus tionscnaimh atá ann cheana san earnáil á gcur san áireamh freisin. D'fhonn nochtadh a éascú, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a ullmhú maidir le faireachán agus faisnéis a fhoilsiú faoi fheidhmíocht fuinnimh lárionad sonraí, tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha agus breithniú a dhéanamh ar mhéadracht chaighdeánaithe atá ann cheana Tá sé ríthábhachtach cur chuige comhchuibhithe a bheith ann ar fud na mBallstát, chun scéimeanna tuairiscithe éagsúla agus príomhtháscairí feidhmíochta idir na Ballstáit a sheachaint. |
|
(67) |
Ba cheart go mbeadh táscairí inbhuanaitheachta an lárionaid sonraí a úsáid chun ceithre bhunghné d’ionad sonraí inbhuanaithe a thomhas, eadhon a éifeachtaí atá sé maidir le húsáid fuinnimh, méid an fhuinnimh sin a thagann ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, athúsáid aon dramhtheasa a tháirgeann sé, éifeachtacht an fhuaraithe, éifeachtacht na húsáide carbóin agus úsáid fionnuisce. Ba cheart go n-ardódh táscairí inbhuanaitheachta na lárionad sonraí feasacht i measc oibreoirí gréasáin, úinéirí agus oibreoirí lárionaid sonraí, monarú trealaimh, forbróirí bogearraí agus seirbhísí, úsáideoirí seirbhísí lárionaid sonraí ar gach leibhéal chomh maith le heintitis agus eagraíochtaí a úsáideann nó a sholáthraíonn néalseirbhísí agus seirbhísí lárionaid sonraí. Ba cheart go dtabharfar muinín leis sin freisin maidir leis na feabhsuithe iarbhír tar éis iarrachtaí agus beart chun inbhuanaitheacht na lárionad sonraí nua nó na lárionad sonraí atá ann cheana a mhéadú. Ar deireadh, ba cheart é a úsáid mar bhonn do phleanáil agus do chinnteoireacht thrédhearcach fhianaisebhunaithe. Ba cheart úsáid táscairí inbhuanaitheachta an lárionaid sonraí a bheith éigeantach do na Ballstáit. Ba cheart úsáid táscaire inbhuanaitheachta an lárionaid sonraí a bheith roghnach do na Ballstáit. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na lárionad sonraí bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit. |
|
(67a) |
Ba cheart don Choimisiún, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40) , comhpháirtíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh earnáilsonracha a bhunú trí phríomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear ENRanna agus comhpháirtithe sóisialta, a thabhairt le chéile in earnálacha amhail TFC, iompar, airgeadas agus foirgnimh ar bhealach cuimsitheach agus ionadaíoch. |
|
(68) |
Ba cheart caiteachas níos ísle do thomhaltóirí ar fhuinnimh a bhaint amach trí chuidiú le tomhaltóirí an méid fuinnimh a úsáideann siad a laghdú trí riachtanais fuinnimh foirgneamh a laghdú agus trí fheabhsuithe ar éifeachtúlacht fearas, rud ar cheart a bheith in éineacht le hinfhaighteacht modhanna agus iompair ísealfhuinnimh arna gcomhtháthú le hiompar poiblí, le soghluaisteacht chomhroinnte agus le rothaíocht. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar an nascacht a fheabhsú i limistéir thuaithe agus iargúlta. |
|
(69) |
Is den ríthábhacht feasacht shaoránaigh uile an Aontais a ardú i leith na dtairbhí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe agus le faisnéis chruinn a sholáthar dóibh i dtaobh na slite is féidir an méid sin a bhaint amach. Ba cheart do shaoránaigh idir óg is aosta a bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh tríd an gComhshocrú Aeráide Eorpach agus tríd an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tá éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe thar a bheith tábhachtach freisin i dtaca le slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais trína spleáchas ar allmhairiú breoslaí ó thríú tíortha a laghdú. |
|
(70) |
Ba cheart costais agus tairbhí na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh go léir a ghlactar, lena n-áirítear tréimhsí aisíoca, a bheith go hiomlán trédhearcach do thomhaltóirí. |
|
(71) |
Nuair a bheidh an Treoir seo á cur chun feidhme ag na Ballstáit agus bearta eile i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu, ba cheart dóibh aird ar leith a thabhairt ar shineirgí idir bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus úsáid éifeachtúil acmhainní nádúrtha i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh. |
|
(72) |
Agus tairbhe á baint acu as samhlacha agus teicneolaíochtaí nua gnó, ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh glacadh beart éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn agus a éascú, lena n-áirítear trí sheirbhísí fuinnimh nuálacha do chustaiméirí móra agus beaga. |
|
(73) |
Is gá foráil a dhéanamh d’aiseolas rialta agus aiseolas feabhsaithe a fháil i leith ídithe fuinnimh i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil agus go costéifeachtúil i bhfianaise na bhfeistí tomhais atá i bhfeidhm. Soiléirítear leis an Treoir seo go mbraitheann a chostéifeachtúla atá fomhéadrú ar cé acu atá nó nach bhfuil na costais ghaolmhara comhréireach leis an gcoigilteas fuinnimh féideartha. Leis an measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil fomhéadrú costéifeachtúil, féadfar a chur san áireamh an tionchar a bheadh ag bearta nithiúla eile atá beartaithe i bhfoirgneamh ar leith, amhail athchóiriú ar bith atá le teacht. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, a mhéid is féidir go teicniúil, réasúnach agus comhréireach ó thaobh airgeadais de i ndáil leis an gcoigilteas fuinnimh fhéideartha, go gcuirfear ar fáil méadair aonair ar phraghas iomaíoch do chustaiméirí deiridh gáis nádúrtha, téimh, fuaraithe agus uisce the tí a léireoidh ídiú fuinnimh iarbhír an chustaiméara deiridh go cruinn agus a chuirfidh faisnéis faoin am úsáide iarbhír ar fáil. |
|
(74) |
Soiléirítear leis an Treoir seo freisin gur cheart feidhm a bheith ag cearta i ndáil le billeáil agus i ndáil le faisnéis faoi bhilleáil nó faoi ídiú maidir le tomhaltóirí téimh, fuaraithe nó uisce the tí a sholáthraítear ag foinse lárnach, fiú nuair nach bhfuil aon chaidreamh conarthach díreach, aonair le soláthróirí fuinnimh. |
|
(75) |
Chun trédhearcacht na cuntasaíochta a bhaint amach i gcás ídiú aonair fuinnimh theirmigh, agus cur chun feidhme an fhomhéadraithe a éascú ar an gcaoi sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rialacha náisiúnta i bhfeidhm acu atá trédhearcach agus ar fáil don phobal, ar rialacha iad is infheidhme maidir le leithdháileadh chostas an ídithe téimh, fhuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh ilárasán agus ilchuspóra. Anuas ar an trédhearcacht sin, d’fhéadfadh na Ballstáit cuimhneamh ar bhearta a ghlacadh chun an t-iomaíochas a neartú maidir le soláthar seirbhísí fomhéadraithe, rud a chuideodh lena áirithiú go mbeadh aon chostas a bheadh le híoc ag na húsáideoirí deiridh réasúnach. |
|
(76) |
Ba cheart méadair teasa nuashuiteáilte agus leithdháileoirí costais teasa a bheith inléite go cianda chun a áirithiú go ndéantar faisnéis ídithe atá costéifeachtach a sholáthar go rialta agus ionas go mbeifear in ann faisnéis a sholáthar amhail teochtaí mionsonraithe agus paslód . Ba cheart na sonraí uile a chur ar fáil go héasca i bhfíor-am agus iad a roinnt don chustaiméir fuinnimh deiridh. Ba cheart ídiú fuinnimh a thaispeáint i méadair agus i bhfomhéadair i bhfoirm inrochtana sholáimhsithe . Forálacha na Treorach seo maidir le méadrú i gcás téimh, fuaraithe agus uisce the tí; le fomhéadrú agus leithdháileadh na gcostas i gcás téimh, fuaraithe agus uisce the tí; le ceanglas cianléimh; le faisnéis bhilleála agus ídithe i gcás téimh agus fuaraithe agus uisce the tí; le costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála agus ídithe i gcás téimh, fuaraithe agus uisce the tí; agus leis na ceanglais íosta d’fhaisnéis bhilleála agus ídithe i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí, beartaítear nach mbeidh feidhm ag na leasuithe sin ach maidir le téamh, le fuarú agus le huisce te tí a sholáthraítear ag foinse lárnach. Fágfar faoi na Ballstáit féin a chinneadh cé acu an measfar nó nach measfar gur teicneolaíochtaí atá inléite go cianda iad teicneolaíochtaí léimh shoghluaiste (de chineál “walk-by” nó “drive-by”). Le feistí atá inléite go cianda, ní gá rochtain a bheith ar árasáin aonair ná aonaid aonair. |
|
(77) |
Ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh go n-éilítear infheistíocht feabhsaithe san oideachas agus i scileanna le haghaidh úsáideoirí agus soláthróirí fuinnimh araon chun teicneolaíochtaí nua lena ndéantar ídiú fuinnimh a thomhas a chur chun feidhme. |
|
(78) |
Modh tábhachtach chun custaiméirí a chur ar an eolas faoina n-ídiú fuinnimh is ea faisnéis bhilleála agus ráitis bhliantúla. Is féidir faisnéis eile a chur in iúl le sonraí maidir le hídiú agus le costais lena gcuidítear le tomhaltóirí an socrú atá acu faoi láthair a chur i gcomparáid le tairiscintí eile agus úsáid a bhaint as bainistiú gearán agus as sásraí um réiteach malartach díospóidí. Mar sin féin, ós rud é gur foinse coiteann gearán tomhaltóirí iad díospóidí a bhaineann le billí agus gur rud é a chuireann le leibhéil ísle dhianseasmhacha sásaimh tomhaltóirí agus rannpháirtíochta tomhaltóirí lena soláthraithe fuinnimh, is gá billí a dhéanamh níos simplí, níos soiléire agus níos éasca le tuiscint, agus é á áirithiú ag an am céanna go soláthraítear an fhaisnéis uile is gá chun cur ar chumas tomhaltóirí a n-ídiú fuinnimh a rialú, tairiscintí a chur i gcomparáid lena chéile agus soláthróirí a aistriú trí ionstraimí ar leith amhail faisnéis bhilleála, uirlisí faisnéise agus ráitis bhliantúla. |
|
(79) |
Agus bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh á gceapadh acu, ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar an ngá atá le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus cur chun feidhme comhleanúnach an acquis a áirithiú, i gcomhréir le CFAE . |
|
(80) |
Tá acmhainneacht shuntasach maidir le fuinneamh príomhúil a shábháil san Aontas ag baint le comhghiniúint ardéifeachtach agus téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil. Ba cheart do na Ballstáit measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar an acmhainneacht maidir le comhghiniúint ardéifeachtach agus téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil. Ba cheart do na measúnuithe sin a bheith bunaithe ar chás bonnlíne as a dtiocfaidh earnáil náisiúnta téimh agus fuaraithe atá bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite laistigh de thréimhse ama atá comhoiriúnach le baint amach an chuspóra aeráidneodrachta agus ba cheart dóibh a bheith comhleanúnach le pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus le straitéisí fadtéarmacha athchóirithe. Suiteálacha giniúna leictreachais nua agus suiteálacha atá ann cheana a ndéantar athchóiriú substaintiúil orthu nó ag a bhfuil cead nó ceadúnas nuashonraithe acu, ba cheart dóibh, faoi réir measúnú costais is tairbhe ina léirítear barrachas costais is tairbhe, aonaid chomhghiniúna ardéifeachtacha a bheith acu chun dramhtheas a eascraíonn as táirgeadh leictreachais a aisghabháil. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart réitigh theicniúla a bheith ag na saoráidí eile a bhfuil meánionchur fuinnimh substaintiúil bliantúil acu chun dramhtheas ón saoráid a úsáid i gcás ina léirítear barrachas costais is tairbhe sa mheasúnú costais is tairbhe. D’fheadfaí an dramhtheas sin a iompar chuig na háiteanna a bhfuil gá acu leis trí líonraí téimh ceantair. Go ginearálta, is éard a bheidh sna himeachtaí a spreagann ceanglas critéir údarúcháin a chur i bhfeidhm imeachtaí lena spreagtar ceanglais maidir le ceadanna faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) agus maidir le húdarú faoi Threoir (AE) 2019/944 freisin. |
|
(80a) |
Agus measúnú á dhéanamh ar an acmhainneacht do théamh agus fuarú éifeachtúil, ba cheart do na Ballstáit gnéithe comhshaoil, sláinte agus sábháilteachta níos leithne a chur san áireamh. Ós rud é gur uirlis fhíor-riachtanach iad teaschaidéil chun éifeachtúlacht fuinnimh i dtéamh agus i bhfuarú a bhaint amach, ba cheart measúnú iomlán a dhéanamh ar aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cuisneáin ar an gcomhshaol agus deireadh a chur leo. |
|
(81) |
D’fhéadfadh sé gurb iomchuí do shuiteálacha giniúna leictreachais atá beartaithe chun úsáid a bhaint as stóráil gheolaíoch a cheadaítear faoi Threoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42), a bheith suite in áiteanna nach bhfuil aisghabháil dramhtheasa trí chomhghiniúint ardéifeachtach nó trí líonra téimh nó fuaraithe ceantair a sholáthar costéifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na suiteálacha sin a dhíolmhú ón oibleagáid anailís costais is tairbhe a dhéanamh chun trealamh a sholáthar don tsuiteáil lenar féidir dramhtheas a aisghabháil trí aonad comhghiniúna ardéifeachtaí. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith indéanta buaiclód agus suiteálacha cúltaca giniúna leictreachais a bhfuil sé beartaithe iad a oibriú faoi bhun 1 500 uair oibríochta in aghaidh na bliana mar mheán rollach thar thréimhse 5 bliana a dhíolmhú ón gceanglas teas a sholáthar freisin. |
|
(82) |
Is iomchuí do na Ballstáit bearta agus nósanna imeachta a thabhairt isteach chun suiteálacha comhghiniúna ar lú a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán ná 5 MW a chur chun cinn chun giniúint fuinnimh leithdháilte a spreagadh. |
|
(83) |
Chun measúnuithe cuimsitheacha náisiúnta a chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit measúnuithe ar an acmhainneacht maidir le comhghiniúint ardéifeachtach , giniúint leictreachais ó fhuíollteas le haghaidh uath-ídithe leictreachais agus téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil a spreagadh ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil. Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun úsáid acmhainneacht aitheanta costéifeachtach na comhghiniúna ardéifeachtúlachta agus téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil a chur chun cinn agus a éascú. |
|
(84) |
Ba cheart na ceanglais maidir le téamh agus fuarú ceantair a bheith comhsheasmhach le spriocanna beartais aeráide fadtéarmacha, le caighdeáin aeráide agus comhshaoil agus le tosaíochtaí an Aontais, agus ba cheart dóibh prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” de réir bhrí Rialachán (AE) 2020/85 a chomhlíonadh. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na córais téimh agus fuaraithe ceantair uile idirghníomhú le codanna eile den chóras fuinnimh chun úsáid fuinnimh a bharrfheabhsú agus chun dramhaíl fuinnimh a chosc trí leas a bhaint as acmhainneacht iomlán foirgneamh teas nó fuacht a stóráil, lena n-áirítear an teas iomarcach ó shaoráidí seirbhíse agus ó lárionaid sonraí in aice láimhe. Ar an gcúis sin, áiritheofar leis an gcóras téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil go dtiocfaidh méadú ar éifeachtúlacht fuinnimh phríomhúil agus go ndéanfaí fuinneamh inathnuaite agus dramhtheas , mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (43) nó dramhfhuacht a chomhtháthú de réir a chéile. Dá bhrí sin, déantar ceanglais níos déine maidir le soláthar téimh agus fuaraithe a thabhairt isteach de réir a chéile leis an Treoir seo agus ba cheart iad a bheith infheidhme go leanúnach le linn tréimhsí sonracha bunaithe agus ba cheart go mbeadh feidhm bhuan acu ón 1 Eanáir 2050 ar aghaidh. |
|
(85) |
Sainíodh comhghiniúint ardéifeachtach de réir an choigiltis fuinnimh a fhaightear trí chomhghiniúint cumhachta agus teasa seachas trí ghiniúint ar leithligh cumhachta agus teasa. Ba cheart na ceanglais maidir le comhghiniúint ardéifeachtach a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna fadtéarmacha sa bheartas don athrú aeráide. Ba cheart na sainmhínithe ar chomhghiniúint agus ar chomhghiniúint ardéifeachtach a úsáidtear i reachtaíocht an Aontais a bheith gan dochar d’úsáid sainmhínithe éagsúla i reachtaíocht náisiúnta chun críoch eile seachas na críocha sin i reachtaíocht an Aontais atá i gceist. Chun an coigilteas fuinnimh a uasmhéadú agus chun nach gcaillfear deiseanna coigilte fuinnimh, ba cheart an aird is mó a thabhairt ar choinníollacha oibriúcháin na n-aonad comhghiniúna. |
|
(86) |
Chun trédhearcacht a áirithiú agus chun a chur ar a chumas don chustaiméir deiridh rogha a dhéanamh idir leictreachas ó chomhghiniúint agus leictreachas a tháirgtear trí úsáid a bhaint as teicnící eile, ba cheart tionscnamh na comhghiniúna ardéifeachtaí a ráthú ar bhonn na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe. Ní hionann scéimeanna ráthaíochta tionscnaimh agus a rá go bhfuil an ceart ann tairbhe a bhaint as sásraí tacaíochta náisiúnta. Tá sé tábhachtach go bhféadfaí gach cineál leictreachais a tháirgtear ó chomhghiniúint ardéifeachtach a chumhdach le ráthaíochtaí tionscnaimh. Ba cheart ráthaíochtaí tionscnaimh a idirdhealú ó dheimhnithe inmhalartaithe. |
|
(87) |
Ba cheart struchtúr sonrach na n-earnálacha comhghiniúna agus téimh agus fuaraithe ceantair, lena n-áirítear go leor táirgeoirí beaga agus meánmhéide, a chur san áireamh, go háirithe agus athbhreithniú á dhéanamh ar na nósanna imeachta riaracháin chun cead a fháil líonraí acmhainneachta comhghiniúna nó líonraí gaolmhara a thógáil, agus an prionsabal “tús áite d”fhiontair bheaga’ á chur i bhfeidhm. |
|
(88) |
FBManna den chuid is mó atá i ngnólachtaí an Aontais. Is é atá iontu acmhainneacht coigiltis fuinnimh ollmhór don Aontas. Chun cuidiú leo bearta éifeachtúlachta fuinnimh a ghlacadh, ba cheart do na Ballstáit creat fabhrach a bhunú arb é is aidhm dó cúnamh teicniúil agus faisnéis spriocdhírithe a chur ar fáil do FBManna. |
|
(89) |
Ba cheart do na Ballstáit, ar bhonn critéir oibiachtúla trédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha, rialacha a bhunú lena rialófar seasamh agus roinnt na gcostas ar naisc eangaí agus atreisithe eangaí agus ar na hoiriúnuithe teicniúla is gá chun táirgeoirí nua leictreachais a tháirgtear le comhghiniúint ardéifeachtúlachta a chomhtháthú, ag cur san áireamh treoirlínte agus cóid a fhorbraítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44) agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45). Ba cheart cead a bheith ag táirgeoirí leictreachais a ghintear ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta glao a eisiúint ar tháirgí le haghaidh na hoibre nasctha. Rochtain ar an gcóras eangaí le haghaidh leictreachas a tháirgtear ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta, go háirithe le haghaidh aonaid chomhghiniúna mhionscála agus micrea-chomhghiniúna, ba cheart sin a éascú. I gcomhréir le hAirteagal 99(2) de Threoir (AE) 2019/944 agus Airteagal 3(2) de Threoir 2009/73/CE, féadfaidh na Ballstáit oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur, lena n-áirítear maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh, ar ghnóthais a oibríonn in earnálacha an leictreachais agus an gháis. |
|
(90) |
Is gá na forálacha ábhartha maidir le billeáil, pointe teagmhála aonair, réiteach díospóide lasmuigh den chúirt, an bhochtaineacht fuinnimh agus bunchearta conarthacha a leagan amach, féachaint le hiad a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, leis na forálacha ábhartha maidir le leictreachas de bhun Threoir (AE) 2019/944, chun cosaint tomhaltóirí a neartú agus chun go bhféadfaidh custaiméirí deiridh rochtain dhíreach a bheith acu ar fhaisnéis atá mionsonraithe, soiléir, agus cothrom le dáta faoina n-ídiú leictreachais, teasa, fuaraithe nó uisce the tí agus chun go bhféadfaidh siad a n-ídiú fuinnimh a rialáil, lena ndéanfaí ídiú fuinnimh go hiomlán trédhearcach do chustaiméirí . |
|
(91) |
Ba cheart cosaint níos fearr do thomhaltóirí a ráthú trí shásraí éifeachtacha agus neamhspleácha um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bheith ar fáil do gach tomhaltóir, amhail ombudsman fuinnimh, comhlacht tomhaltóirí nó údarás rialála. Dá bharr sin, a cheart do na Ballstáit nósanna imeachta tapa agus éifeachtacha chun gearáin a láimhseáil a thabhairt isteach. |
|
(92) |
Ba cheart aitheantas a thabhairt don rannchuidiú a dhéanann pobail fuinnimh inathnuaite, de bhun Threoir (AE) 2018/2001 ▌, agus pobail fuinnimh saoránach, de réir Threoir (AE) 2019/944, le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le Plean um Sprioc Aeráide 2030 agus ba cheart tacú go gníomhach leo . Ba cheart do na Ballstáit dá bharr sin, breithniú a dhéanamh ar ról na bpobal fuinnimh inathnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach agus iad a chur chun cinn. Is féidir leis na pobail sin cabhrú leis na Ballstáit prionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil trí éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil nó ar leibhéal an teaghlaigh , agus i bhfoirgnimh phoiblí i gcomhar leis na húdaráis áitiúla . Féadann siad grúpaí áirithe custaiméirí teaghlaigh a chumasú lena n-áirítear custaiméirí i gceantair thuaithe, i gceantair iargúlta agus sna réigiúin is forimeallaí, a spreagadh chun páirt a ghlacadh i dtionscadail agus in idirghabhálaithe éifeachtúlachta fuinnimh , agus infheistíocht san fhuinneamh inathnuaite á cur le chéile leis na gníomhaíochtaí sin go minic . Tá ról láidir ag pobail fuinnimh freisin ó thaobh oideachas a chur ar fáil do shaoránaigh agus cur le feasacht na saoránach maidir leis na bearta is féidir a dhéanamh chun coigilteas fuinnimh a bhaint amach. Má fhaigheann siad tacaíocht leordhóthanach ó na Ballstáit, féadann pobail fuinnimh cabhrú leis an mbochtaineacht fuinnimh a chomhrac trí thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh, trí ídiú fuinnimh laghdaithe agus trí tharaifí soláthair níos ísle a éascú. Ba cheart do na Ballstáit bacainní nach bhfuil gá leo a bhaint chun a áirithiú go mbeidh sé tarraingteach pobail fuinnimh a thógáil. Ba cheart oiliúint chuí a chur ar na riaracháin phoiblí ar gach leibhéal sa réimse seo. |
|
(92a) |
Is féidir athruithe iompraíochta fadtéarmacha san ídiú fuinnimh a bhaint amach ach na saoránaigh a chumhachtú. Is féidir le pobail fuinnimh coigilteas fuinnimh fadtéarmach a dhéanamh, go háirithe i measc teaghlach, agus cur leis na hinfheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanann saoránaigh agus gnólachtaí beaga. Ba cheart do na Ballstáit saoránaigh a chumhachtú chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh trí thacaíocht a thabhairt do thionscadail fuinnimh pobail agus d’eagraíochtaí fuinnimh pobail. |
|
(93) |
Ba cheart aitheantas a thabhairt don mhéid a rannchuidíonn ionaid uileghnó agus struchtúir chomhchosúla arb é atá iontu sásraí lenar féidir roinnt spriocghrúpaí, lena n-áirítear saoránaigh, FBManna agus údaráis phoiblí, a chumasú chun tionscadail agus bearta a bhaineann leis an aistriú chuig fuinneamh glan a dhearadh agus a chur chun feidhme. D’fhéadfadh rannchuidiú na n-ionad ilfhreastail a bheith an-tábhachtach do na custaiméirí is leochailí, lena n-áirítear mná ina n-éagsúlacht ar fad agus tuismitheoirí aonair, mar d’fhéadfadh siad foinse faisnéise atá níos éasca, iontaofa agus inrochtana a sholáthar faoi fheabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh . Is féidir a chuimsiú leis an rannchuidiú sin comhairle agus cúnamh riaracháin, teicniúil agus airgeadais a chur ar fáil, na nósanna imeachta is gá nó rochtain ar na margaí airgeadais a éascú, nó treoir a chur ar fáil maidir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta nó an creat dlíthiúil Eorpach, lena n-áirítear rialacha agus critéir phoiblí, agus Tacsanomaíocht an Aontais. |
|
(94) |
Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar na mbeart a dhéanann sé chun tacú le forbairt ardán nó fóram, lena mbaineann, inter alia lena n-áirítear na comhlachtaí Eorpacha um idirphlé sóisialta, ar chláir oiliúna maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a chothú, agus déanfaidh sé tuilleadh beart a thabhairt isteach de réir mar is iomchuí. Ba cheart don Choimisiún, ina theannta sin, na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha a spreagadh ina bplé ar éifeachtúlacht fuinnimh, i dtaca le custaiméirí leochaileacha agus úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear iad sin a bhfuil bochtaineacht fuinnimh ag baint leo. |
|
(95) |
Tá an t-aistriú cóir cothrom i dtreo Aontas a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050 ina chuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip. Cuimsítear an fuinneamh, i measc na seirbhísí riachtanacha a bhfuil gach duine i dteideal rochtain a fháil orthu, i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a fógraíodh go comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún an 17 Samhain 2017. Ní mór tacaíocht a bheith le fáil ag daoine atá i ngátar chun rochtain a fháil ar na seirbhísí sin (46) , go háirithe i gcomhthéacs brú boilscithigh agus méaduithe suntasacha ar phraghsanna fuinnimh . |
|
(96) |
Ní mór a áirithiú go ndéanfar daoine a bhfuil tionchar orthu ag an mbochtaineacht fuinnimh, custaiméirí leochaileacha, agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta a chosaint agus, chuige sin, go gcumhachtaítear iad chun páirt a ghlacadh sna hidirghabhálacha chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh, sna bearta agus i mbearta gaolmhara cosanta tomhaltóirí nó faisnéise a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme. Ba cheart feachtais múscailte feasachta spriocdhírithe a fhorbairt chun na tairbhí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh a léiriú chomh maith le faisnéis a chur ar fáil maidir leis an tacaíocht airgeadais atá ar fáil. |
|
(97) |
Ba cheart an cistiú poiblí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a infheistiú go straitéiseach i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta, agus go háirithe ar mhaithe le custaiméirí leochaileacha, daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh agus daoine a bhfuil cónaí i dtithíocht shóisialta. Ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as aon ranníocaíocht airgeadais a d’fhéadfaidís a fháil ón gCiste Sóisialta Aeráide (47), agus as an ioncam ó liúntais ó Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais. An oibleagáid atá ar na Ballstáit bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme agus bearta beartais faoin oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh mar thosaíocht i measc custaiméirí leochaileacha agus daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh ar daoine iad a d’fhéadfadh a bheith ina gcónaí i gceantair thuaithe nó i gceantair iargúlta, tacóidh an t-ioncam sin leis na Ballstáit an-oibleagáid sin a chomhlíonadh. |
|
(98) |
Scéimeanna cistithe náisiúnta, ba cheart iad a chomhlánú le scéimeanna oiriúnacha faisnéise níos fearr, cúnamh teicniúil agus riaracháin, rochtain níos éasca ar mhaoiniú lena gcumasófar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na cistí atá ar fáil go háirithe ag daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta. |
|
(99) |
Ba cheart do na ballstáit gach duine a chumhachtú agus a chosaint go cothrom, gan beann ar ghnéas, inscne, aois, éagumas, cine nó bunadh eitneach, gnéaschlaonadh, reiligiún nó creideamh, agus a áirithiú go gcosnófar go leordhóthanach na daoine is mó atá buailte leis an mbochtaineacht fuinnimh nó is mó atá i mbaol a mbuailte léi, nó na daoine is mó atá neamhchosanta ar dhrochthionchair na bochtaineachta fuinnimh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gcuirfidh bearta éifeachtúlachta le haon éagothromaíochtaí atá ann cheana, a mhéid a bhaineann leis an éifeachtúlacht fuinnimh go háirithe. |
|
(100) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go nglacfaidh na húdaráis rialála náisiúnta fuinnimh cur chuige comhtháite lena gcuimseofar coigiltis fhéideartha sa soláthar fuinnimh agus sna hearnálacha críochúsáide. Gan dochar don sláine soláthair, don chomhtháthú margaidh agus don réamhinfheistíocht in eangacha amach ón gcósta is gá chun fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta a chur in úsáid, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta fuinnimh a áirithiú go gcuirfear an prionsabal “tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh” i bhfeidhm ar na próisis phleanála agus cinnteoireachta agus go ndreasófar leis na taraifí agus rialacháin gréasáin feabhsúcháin san éifeachtúlacht fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú chomh maith go gcuirfidh oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin an prionsabal “tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh” san áireamh. Chuideodh sin le hoibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin réitigh éifeachtúlachta fuinnimh níos fearr agus costais incriminteacha arna dtabhú chun acmhainní atá dírithe ar an éileamh a chur san áireamh, chomh maith leis na tionchair chomhshaoil agus shocheacnamaíocha a bheadh ag infheistíochtaí líonra agus pleananna oibríochta éagsúla. Leis an gcur chuige sin is gá aistriú ó pheirspictíocht chúng na héifeachtúlachta eacnamaíche chun an leas sóisialta is mó is féidir a bhaint amach. Ba cheart an prionsabal “tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh” a chur i bhfeidhm go háirithe i gcomhthéacs cásanna a fhorbairt chun an bonneagar fuinnimh a mhéadú i gás ina bhféadfaí a mheas gur roghanna malartacha inmharthana atá i réitigh ar thaobh an éilimh agus gur gá iad a mheasúnú i gceart, agus ba cheart é a bheith ina chuid intreach den mheasúnú ar thionscadail pleanála líonraí. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta an cur i bhfeidhm a ghrinnscrúdú. |
|
(101) |
Ba cheart líon leordhóthanach gairmithe iontaofa atá inniúil i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh a bheith ar fáil chun cur chun feidhme éifeachtach tráthúil na Treorach seo a áirithiú, a mhéid a bhaineann mar shampla le comhlíonadh na gceanglas maidir le hiniúchtaí fuinnimh agus cur chun feidhme scéimeanna oibleagáide éifeachtúlachta fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit dá bhrí sin deimhniú a chur i bhfeidhm agus/nó cáilíochtú choibhéiseach agus scéimeanna oiliúna oiriúnacha do sholáthraithe seirbhísí fuinnimh, iniúchtaí fuinnimh agus bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh eile i ndlúthchomhar le comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe oiliúna agus páirtithe leasmhara eile. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar na scéimeanna gach ceithre bliana ag tosú ón mhí na Nollag 2024 ar aghaidh agus, i gás inar gá sin, iad a thabhairt cothrom le dáta chun an leibhéal inniúlachtaí a áirithiú le haghaidh soláthraithe seirbhísí fuinnimh, soláthraithe iniúchtaí fuinnimh, bainisteoirí fuinnimh agus suiteálaithe eilimintí tógála. |
|
(102) |
Is gá leanúint d’fhorbairt an mhargaidh i seirbhísí fuinnimh chun an fháil ar sheirbhísí fuinnimh ar thaobh an éilimh agus ar thaobh an tsoláthair araon a áirithiú. Rannchuidíonn an trédhearcacht, mar shampla trí bhíthin liostaí soláthraithe deimhnithe seirbhísí fuinnimh agus samhailchonarthaí eiseamláireach atá ar fáil, malartú dea-chleachtais agus treoirlínte go mór le glacadh seirbhísí fuinnimh agus sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh agus féadann siad cuidiú go mór leis an éileamh a spreagadh agus leis an muinín as soláthraithe seirbhísí fuinnimh a mhéadú. I gconradh feidhmíochta fuinnimh seachnaíonn tairbhí na seirbhíse fuinnimh costais infheistíochta trí chuid de luach coigiltis fuinnimh a úsáid chun an infheistíocht a dhéanann tríú páirtí a aisíoc go hiomlán nó go páirteach. Cuidíonn sin le caipiteal príobháideach a mhealladh rud atá tábhachtach ó thaobh rátaí athchóirithe tógála a mhéadú san Aontas, saineolaíocht a thabhairt isteach sa mhargadh agus samhlacha nua gnó a fhorbairt. Dá bhrí sin, maidir le foirgnimh mhóra neamhchónaithe agus foirgnimh chónaithe phoiblí a bhfuil achar urláir úsáideach os cionn 500 m2 acu , agus foirgnimh chun críoch sóisialta, ba cheart ceanglas a bheith ann ina leith measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé úsáid a bhaint as sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh le haghaidh athchóirithe. Is céim chun tosaigh é sin chun an mhuinín as cuideachtaí seirbhísí fuinnimh a mhéadú agus chun an bealach a réiteach chun tionscadail den chineál sin a mhéadú sa todhchaí. |
|
(103) |
I bhfianaise na gcuspóirí uaillmhianacha maidir le hathchóiriú atá ann do na deich mbliana amach romhainn i gcomhthéacs na Teachtaireachta ón gCoimisiún dar teideal Rabharta Athchóiriúcháin ní mór an ról atá ag idirghabhálaithe margaidh neamhspleácha a mhéadú lena n-áirítear ionaid ilfhreastail nó sásraí tacaíochta comhchosúla chun forbairt an mhargaidh a spreagadh ar thaobh an éilimh agus ar thaobh an tsoláthair agus chun sásraí conarthacha feidhmíochta le haghaidh athchóiriú ar fhoirgnimh phoiblí agus phríobháideacha araon a chur chun cinn. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag gníomhaireachtaí áitiúla fuinnimh maidir leis an méid seo agus maidir le héascaitheoirí féideartha agus ionaid uileghnó a shainaithint agus a bhunú. Ba cheart go gcuideodh an Treoir seo le feabhas a chur ar infhaighteacht táirgí, seirbhísí agus comhairle atá ar fáil ar mhargaí an Aontais agus ar na margaí áitiúla, lena n-áirítear trí chur chun cinn a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ag banfhiontraithe na bearnaí sa mhargadh a líonadh agus bealaí nuálacha a sholáthar chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú. |
|
(104) |
Tá bacainní tábhachtacha fós le sárú ag sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh i roinnt Ballstát mar gheall ar bhacainní rialála agus neamhrialála atá fós ann. Dá bhrí sin, is gá aghaidh a thabhairt ar dhébhríochtaí na gcreataí reachtacha náisiúnta, ar an easpa saineolaíochta, go háirithe a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta tairisceana, agus ar iasachtaí agus deontais iomaíocha. |
|
(105) |
Ba cheart do na Ballstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt don earnáil phoiblí glacadh le sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh trí shamhailchonarthaí a sholáthar lena gcuirtear san áireamh na caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta atá ar fáil, treoirlínte tairisceana agus an Treoir maidir le Láimhseáil Staidrimh na gConarthaí Feidhmíochta Fuinnimh (48) a foilsíodh i mí na Bealtaine 2018, arb é atá inti deiseanna chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní rialála atá ann go fóill ar na conarthaí sin sna Ballstáit. |
|
(106) |
Ba cheart bearta a bheith glactha ag na Ballstáit chun na bacainní rialála agus neamhrialála a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu. Mar sin féin, is gá an iarracht a mhéadú maidir deireadh a chur le bacainní rialála agus neamhrialála ar shásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh a úsáid agus socruithe maoiniúcháin tríú páirtí a chuidíonn le baint amach coigiltis fuinnimh. Áitítear sna bacainní sin rialacha cuntasaíochta agus cleachtais lena gcuirtear cosc ar infheistíochtaí caipitil agus ar choigiltis mhaoinithe bliantúla a eascraíonn ó bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a bheith léirithe go leordhóthanach sna cuntais ar feadh shaol iomlán na hinfheistíochta. |
|
(107) |
Bhain na Ballstáit úsáid as na Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh (NEEAPanna) 2014 agus 2017 chun tuairisc a thabhairt ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le deireadh a chur le bacainní rialála agus neamhrialála ar éifeachtúlacht fuinnimh a mhéid a bhaineann leis na dreasachtaí scoilte idir úinéirí agus tionóntaí nó idir úinéirí foirgnimh nó aonaid foirgnimh. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit leanúint de bheith ag obair chuige sin agus leas a bhaint as acmhainneacht na héifeachtúlachta fuinnimh i gcomhthéacs staitisticí Eurostat 2016, a léirítear leis an bhfíoras go bhfuil cónaí ar bhreis agus ceathrar as gach deich deichniúr Eorpach in árasán agus gur tionóntaí iad os cionn triúr as gach deichniúr Eorpach. |
|
(108) |
Ba cheart na Ballstáit , na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a spreagadh chun úsáid iomlán a bhaint as na cistí Eorpacha atá ar fáil sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus in Next Generation EU, lena n-áirítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Cistí an Bheartais Chomhtháthaithe, an Ciste um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste um Aistriú Cóir, chomh maith leis na hionstraimí airgeadais agus an cúnamh teicniúil atá ar fáil faoi InvestEU, chun infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí a spreagadh i mbearta feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh. Tá acmhainneacht san infheistíocht san éifeachtúlacht fuinnimh chun rannchuidiú leis an bhfás eacnamaíoch, leis an bhfostaíocht, leis an nuálaíocht agus le laghdú ar an mbochtaineacht fuinnimh i dteaghlaigh, agus dá bharr sin rannchuidíonn sí go dearfach leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus leis an téarnamh glas. Ar na réimsí féideartha le haghaidh cistiúcháin tá bearta éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh agus i dtithíocht phoiblí agus oiliúint, athoiliúint agus uas-sciliú gairmithe, go háirithe i bpoist a bhaineann le hathchóiriú foirgneamh, chun fostaíocht a chur chun cinn in earnáil na héifeachtúlachta fuinnimh. Áiritheoidh an Coimisiún sineirgíochtaí idir na hionstraimí cistiúcháin éagsúla, go háirithe na cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte agus na cistí faoi bhainistíocht dhíreach (amhail cláir a bhainistítear go lárnach: Fís Eorpach nó LIFE), chomh maith le deontais, iasachtaí eatramhacha agus cúnamh teicniúil chun a dtionchar giarála a uasmhéadú ar an maoiniú príobháideach agus a dtionchar ar chuspóirí beartais éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach. |
|
(109) |
Ba cheart do na Ballstáit úsáid saoráidí maoiniúcháin a spreagadh chun cuspóirí na Treorach seo a chur chun cinn a thuilleadh. D’fhéadfadh a bheith sna saoráidí maoiniúchain sin ranníocaíochtaí airgeadais agus fíneálacha ar neamhchomhlíonadh forálacha áirithe den Treoir seo; acmhainní a leithdháiltear ar an éifeachtúlacht fuinnimh faoi Airteagal 10(3) de Threoir Uimh. 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (49); acmhainní a leithdháiltear ar an éifeachtúlacht fuinnimh sna cistí agus sna cláir Eorpacha, agus ionstraimí airgeadais Eorpacha tiomnaithe, amhail an Ciste Eorpach um Éifeachtúlacht Fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit obair a dhéanamh ar ardáin a thógáil a bhfuil sé mar aidhm acu tionscadail bheaga agus mheánmhéide a chomhiomlánú d’fhonn comhthiomsuithe tionscadal a chruthú a bheidh oiriúnach chun críoch maoiniúcháin. |
|
(110) |
D’fhéadfaí saoráidí maoiniúcháin a bhunú, i gcás inarb infheidhme, ar acmhainní a leithdháiltear ar an éifeachtúlacht fuinnimh ó bhannaí tionscadail an Aontais; acmhainní a leithdháileadh ar an éifeachtúlacht fuinnimh ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ó institiúidí airgeadaíochta Eorpacha eile, go háirithe ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus ó Bhanc Forbartha Chomhairle na hEorpa; acmhainní arna ngiaráil in institiúidí airgeadais; acmhainní náisiúnta, lena n-áirítear trí chreataí rialála agus fioscacha a fhorbairt lena spreagfar cur chun feidhme tionscnaimh agus cláir éifeachtúlachta fuinnimh; ioncaim ó leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (50). |
|
(111) |
D’fhéadfadh na saoráidí maoiniúcháin na ranníocaíochtaí, acmhainní agus ioncaim a úsáid go háirithe chun infheistíocht chaipitil phríobháidigh a chumasú agus a spreagadh, ag tarraingt ar infheisteoirí institiúideacha go háirithe agus, san am céanna, critéir a úsáid lena n-áiritheofaí go mbainfear amach cuspóirí comhshaoil agus sóisialta araon maidir le cistí a dheonú; úsáid a bhaint as sásraí maoinithe nuálacha (e.g. ráthaíochtaí iasachta le haghaidh caipiteal príobháideach, ráthaíochtaí iasachta chun sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh a chothú, iasachtaí fóirdheonaithe agus línte creidmheasa tiomnaithe, córais maoinithe tríú páirtí) lena laghdaítear na rioscaí a bhaineann le tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus lena mbeadh fiú amháin teaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam in ann athchóiriú costéifeachtach a dhéanamh; d’fhéadfaidís a bheith nasctha le cláir nó le gníomhaireachtaí a dhéanfadh cáilíocht tionscadal coigiltis fuinnimh a chomhiomlánú agus a mheasúnú, cúnamh teicniúil a chur ar fáil, an margadh i seirbhísí fuinnimh a chur chun cinn, agus cuidiú le héileamh tomhaltóirí ar sheirbhísí fuinnimh a ghiniúint. |
|
(112) |
D’fhéadfadh na saoráidí maoiniúchain acmhainní a chur ar fáil freisin chun tacú le cláir oiliúna agus deimhniúcháin lena bhfeabhsófar agus lena gcreidiúnófar scileanna i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh; acmhainní a chur ar fáil le haghaidh taighde ar ghlacadh teicneolaíochtaí mionscála agus micreatheicneolaíochtaí mionscála agus ar a léiriú agus a luasghéarú agus le haghaidh nascadh na ngineadóirí sin leis an eangacha a bharrfheabhsú; nasc a bheith idir iad agus cláir a thugann faoi ghníomhaíocht chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn i ngach teaghais chun cosc a chur ar an mbochtaineacht fuinnimh agus chun tiarnaí talún a ligeann teaghaisí ar cíos a spreagadh chun a réadmhaoin a dhéanamh chomh héifeachtúil ó thaobh fuinnimh agus is féidir; acmhainní iomchuí a sholáthar chun tacú leis an idirphlé sóisialta agus le caighdeáin a leagan síos arb é is aidhm dóibh éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus dálaí maithe sláinte agus sábháilteachta ag an obair a áirithiú. |
|
(113) |
Ba cheart úsáid a bhaint as cláir chistiúcháin, ionstraimí airgeadais agus sásraí nuálacha maoiniúcháin de chuid an Aontais atá ar fáil chun éifeacht phraiticiúil a thabhairt don chuspóir feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh ar le comhlachtaí poiblí iad. I ndáil leis an méid sin, féadfaidh na Ballstáit a n-ioncam ó leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE a úsáid chun na sásraí sin a fhorbairt ar bhonn deonach agus rialacha buiséadacha náisiúnta á gcur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faisnéis leordhóthanach a chur ar fáil do na córais riaracháin réigiúnacha agus áitiúla maidir leis na cláir sin. Mar shampla, d’fhéadfadh tionscnamh Chúnant na Méaraí a bheith ar cheann de na huirlisí chun faisnéis leordhóthanach a chur ar fáil. |
|
(114) |
Agus an sprioc éifeachtúlachta fuinnimh á cur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar thionchar na mbeart ábhartha ar Threoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim trádála an Aontais (ETS) chun na dreasachtaí sa chóras trádála astaíochtaí a choinneáil ar bun lena dtugtar luaíocht d’infheistíocht ísealcharbóin agus lena n-ullmhaítear na hearnálacha ETS don nuálaíocht a bheidh de dhíth sa todhchaí. Is ga dó faireachán a dhéanamh ar an tionchar ar na hearnálacha tionscail a bhfuil neamhchosaint acu ar riosca suntasach sceitheadh carbóin mar a chinntear i gCinneadh 2014/746/AE ón gCoimisiún (51), chun a áirithiú go gcuirfear chun cinn leis an Treoir seo forbairt na n-earnálacha sin agus nach gcuirfear bac uirthi. |
|
(115) |
Ba cheart tacú le bearta na mBallstát le hionstraimí airgeadais dea-cheaptha éifeachtacha de chuid an Aontais, faoin gClár InvestEU, agus le maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), ar cheart dóibh tacú le hinfheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh ar gach céim den slabhra fuinnimh agus anailís chuimsitheach chostais is tairbhe a úsáid le múnla rátaí lascaine difreáilte. Ba cheart tacaíocht airgeadais a dhíriú ar mhodhanna costéifeachtacha chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, lena mbainfí amach laghdú ar ídiú fuinnimh. Ba cheart do BEI agus do BEAF, in éineacht le bainc náisiúnta le haghaidh spreagtha, cláir agus tionscadail atá saincheaptha d’earnáil na héifeachtúlachta, lena n-áirítear do theaghlaigh atá bocht ó thaobh an fhuinnimh de, a cheapadh, a ghiniúint agus a mhaoiniú. |
|
(116) |
Tugann dlí trasearnála bunús láidir do chosaint tomhaltóirí i gcomhair raon leathan seirbhísí fuinnimh atá ann cheana, agus is dócha go dtiocfaidh an dlí sin chun cinn. Mar sin féin, ba cheart cearta conarthacha bunúsacha áirithe atá ag custaiméirí a bhunú go soiléir. Ba cheart faisnéis shoiléir agus shothuigthe a chur ar fáil do thomhaltóirí i dtaca lena gcearta i ndáil le hearnáil an fhuinnimh. |
|
(117) |
Déantar cosaint níos fearr do thomhaltóirí a ráthú trí shásraí éifeachtacha agus neamhspleácha um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bheith ar fáil do gach tomhaltóir, amhail ombudsman fuinnimh, comhlacht tomhaltóirí nó údarás rialála. Dá bharr sin, a cheart do na Ballstáit nósanna imeachta tapa agus éifeachtacha chun gearáin a láimhseáil a thabhairt isteach. |
|
(118) |
Chun gur féidir éifeachtúlacht an Treoir seo a mheasúnú, ba cheart ceanglas a leagan síos chun athscrúdú ginearálta a dhéanamh ar an Treoir seo agus chun tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 28 Feabhra 2027. Ba cheart don athscrúdú sin an t-ailíniú is gá chuige sin a cheadú, agus forbairtí eacnamaíocha agus nuálacha á gcur san áireamh freisin. |
|
(119) |
Ba cheart ról ceannasach a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha i ndáil leis na bearta a leagtar síos sa Treoir seo a fhorbairt, a cheapadh, a chur chun feidhme agus a mheasúnú, ionas gur féidir leo aghaidh a thabhairt mar is ceart ar ghnéithe sonracha a n-aeráide, a gcultúir agus a sochaí féin. |
|
(119a |
) I bhfianaise shaintréithe sonracha na réigiún is forimeallaí, mar a aithnítear in Airteagal 349 CFAE, go háirithe maidir le nascadh fuinnimh, táirgeadh, soláthar agus ídiú, agus riosca méadaithe na bochtaineachta fuinnimh, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin is forimeallaí agus ar a gcónaitheoirí agus na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo á dtarraingt suas, á gcur chun feidhme agus meastóireacht á déanamh orthu. |
|
(120) |
I bhfianaise an dul chun cinn theicneolaíoch agus sciar méadaitheach na bhfoinsí fuinnimh inathnuaite san earnáil ghiniúna leictreachais, ba cheart an chomhéifeacht réamhshocraithe do choigilteas i leictreachas kWh a athscrúdú chun athruithe san fhachtóir fuinnimh phríomhúil (PEF) do leictreachas agus iompróirí eile fuinnimh a léiriú. Tá ríomhanna ina léirítear meascán fuinnimh PEF don leictreachas bunaithe ar mheánluachanna bliantúla. Úsáidtear modh cuntasaíochta an “inneachair fhisiciúil fuinnimh” le haghaidh leictreachas núicléach agus le haghaidh giniúint teasa agus úsáidtear an modh “teicniúil comhshó éifeachtúlachta” le haghaidh leictreachais agus teas a ghiniúint ó bhreoslaí iontaise agus ón mbithmhais. Is é an modh atá ann d’fhuinneamh inathnuaite an choibhéis dhíreach bunaithe ar an gcur chuige “iomlán fuinnimh phríomhúil”. Chun an sciar fuinnimh phríomhúil le haghaidh leictreachas ó chomhghiniúint a ríomh, baintear feidhm as an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo. Úsáidtear meánsuíomh ar an margadh seachas suíomh imeallach. Glactar leis gurb é 100 % atá ann d’éifeachtúlachtaí comhshó agus d’fhoinsí inathnuaite neamh-indóite 10 % do stáisiúin chumhachta gheoiteirmeacha agus 33 % do stáisiúin chumhachta núicléacha. Tá ríomh na héifeachtúlachta iomláine do chomhghiniúint bunaithe ar na sonraí is déanaí ó Eurostat. Dála teorainneacha córais, is é 1 an PEF do na foinsí fuinnimh go léir. Tagraíonn luach PEF do 2018 agus tá sé bunaithe ar shonraí a idirshuitear ón leagan is déanaí de Chás Tagartha PRIMES do na blianta 2015 agus 2020 agus é coigeartaithe le sonraí Eurostat go dtí 2016. Cumhdaítear na Ballstáit agus an Iorua leis an anailís. Tá an tacar sonraí don Iorua bunaithe ar shonraí ENTSO-E. |
|
(121) |
Ní fhéadfar coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó chur chun feidhme dhlí an Aontais a éileamh mura n-eascraíonn siad ó bheart a théann thar an íosmhéid a éilítear le gníomh dlí an Aontais atá i dtrácht, cibé acu trí cheanglais éifeachtúlachta fuinnimh níos uaillmhianaí a leagan síos ar leibhéal na mBallstát nó trí ghabháil ar láimh an bhirt a mhéadú. Is acmhainneacht shuntasach iad foirgnimh d’fhonn éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú tuilleadh, agus is gné ríthábhachtach fhadtéarmach lena mbaineann barainneachtaí scála é athchóiriú foirgneamh i gcoigilteas fuinnimh a mhéadú. Is gá a shoiléiriú, dá bhrí sin, gur féidir an coigilteas fuinnimh go léir a eascraíonn ó na bearta lena gcuirtear athchóiriú na bhfoirgneamh atá ann cheana chun cinn a éileamh, ar an gcoinníoll go bhfuil sé níos mó ná an coigilteas a tharlódh in éagmais na mbeart beartais agus ar an gcoinníoll go léiríonn an Ballstát gur rannchuidigh, go hiarbhír, an páirtí faoi oibleagáid, an páirtí rannpháirteach nó an páirtí ar cuireadh cúram air an coigilteas fuinnimh a éilítear. |
|
(122) |
I gcomhréir le Straitéis an Aontais Fuinnimh agus le prionsabail na rialála níos fearr, ba cheart níos mó tosaíochta a thabhairt do rialacha faireacháin agus fíoraithe chun scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta beartais malartacha a chur chun feidhme, lena n-airítear an ceanglas sampla ionadaíoch, ó thaobh staidrimh de, de na bearta a sheiceáil. Sa Treoir seo, ba cheart a thuiscint le sciar mór ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ó thaobh staidrimh de, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh gur gá fothacar de líon staidrimh de na bearta coigiltis fuinnimh atá i gceist a bhunú ar shlí a léiríonn go cruinn iomlán na mbeart coigiltis fuinnimh, agus, ar an tslí sin, go gceadaítear tátail réasúnta iontaofa a bhaint maidir le muinín as iomlán na mbeart. |
|
(123) |
Laghdaíonn fuinneamh a ghintear ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh mar gheall ar theicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite méid an fhuinnimh a sholáthraítear ó bhreoslaí iontaise. Is bearta tábhachtacha iad laghdú an ídithe fuinnimh agus úsáid an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite in earnáil na bhfoirgneamh chun spleáchas an Aontais ar fhuinneamh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú, go háirithe i bhfianaise na gcuspóirí uaillmhianacha aeráide agus fuinnimh a leagtar síos do 2030 chomh maith leis an ngealltanas foriomlán a rinneadh i gcomhthéacs Chomhaontú Pháras. Chun críocha a n-oibleagáide maidir le coigilteas fuinnimh carnach féadfaidh na Ballstáit a chur san áireamh coigiltis fuinnimh ó bhearta bearta beartais lena gcuirtear chun cinn theicneolaíochta inathnuaite chun a gceanglais coigiltis fuinnimh a chomhlíonadh i gcomhréir leis an modheolaíocht ríofa dá bhforáiltear sa Treoir seo. Coigiltis fuinnimh ó bheartais fuinnimh maidir le dóchán díreach breosla iontaise a úsáid, níor cheart iad a chur san áireamh. |
|
(124) |
Leis na hathruithe a thugtar isteach leis an Treoir seo d’fhéadfadh sé go mbeadh ceanglas ann maidir le leasú ina dhiaidh sin ar Rialachán (AE) 2018/1999 chun comhleanúnachas idir an dá ghníomh dlí a áirithiú. Forálacha nua, atá gaolmhar go príomha le ranníocaíochtaí náisiúnta ceangailteacha a shocrú mar aon le conairí agus na garspriocanna a ghabhann leo, le sásraí líonta bearna agus le hoibleagáidí tuairiscithe, ba cheart iad a chuíchóiriú agus a aistriú chuig an Rialachán sin, a luaithe a leasófar é. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá athmheastóireacht a dhéanamh ar fhorálacha Rialachán (AE) 2018/1999 i bhfianaise na n-athmheasúnú i bhfianaise na n-athruithe atá beartaithe sa Treoir seo. Níor cheart a chruthú leis na ceanglais tuairiscithe agus faireacháin bhreise a leagtar síos aon chóras nua comhthreomhar tuairiscithe, ach bheidís faoi réir an chreata faireacháin agus tuairiscithe atá ann cheana faoi Rialachán (AE) 2018/1999. |
|
(125) |
Chun cur chun feidhme praiticiúil na Treorach seo a chothú ar na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a chothú ba cheart don Choimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt do mhalartú taithí maidir le cleachtais, tagarmharcanna, gníomhaíochtaí gréasáin, mar aon le cleachtais nuálacha ag ardán ar líne. |
|
(126) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus an bealach a réiteach do thuilleadh feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh agus i dtreo na haeráidneodrachta, ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(127) |
Chun ceadú d’oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus d’athruithe ar leithdháileadh na bhfoinsí fuinnimh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith an athbhreithnithe ar na tagarluachanna éifeachtúlachta comhchuibhithe a leagtar síos ar bhonn na Treorach seo agus i leith na luachanna, na modhanna ríofa, na comhéifeachta príomhúla réamhshocraithe fuinnimh agus na gceanglas sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo. |
|
(128) |
Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (52). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(129) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (53). |
|
(130) |
Ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid leis an Treoir a bhí ann roimhe seo. Is ann don oibleagáid na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí mar thoradh ar an Treoir sin a bhí ann roimhe seo. |
|
(131) |
Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XV a thrasuí sa dlí náisiúnta, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME, SAINMHÍNITHE AGUS SPRIOCANNA ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leis an Treoir seo, bunaítear creat comhchoiteann de bhearta chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn laistigh den Aontas chun a áirithiú go gcomhlíonfar sprioc cheangailteach an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus éascaítear tuilleadh feabhsuithe fuinnimh léi, agus rannchuidiú á dhéanamh le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras agus le slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais trí laghdú a dhéanamh ar a spleáchas ar allmhairí fuinnimh, lena n-áirítear breoslaí iontaise, agus athrú ó bhonn á dhéanamh ar chaidreamh fuinnimh an Aontais le comhpháirtithe tríú tír i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach.
Leis an Treoir seo, leagtar síos rialacha atá ceaptha chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun feidhme mar thosaíocht thar gach earnáil, bacainní i margadh an fhuinnimh a bhaint agus chun clistí a shárú sa mhargadh a chuireann bac ar éifeachtúlacht i soláthar , traiseoladh, stóráil agus úsáid fuinnimh. Déantar foráil léi freisin maidir le rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta ceangailteacha do 2030.
Leis an Treoir seo, rannchuidítear le cur chun feidhme bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus, dá bhrí sin, leis an Aontas mar shochaí chuimsitheach, chóir agus rathúil, ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch agus atá tíosach ar acmhainní.
2. Is íoscheanglais iad na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo agus ní choiscfidh siad ar Bhallstát bearta níos déine a choimeád nó a thabhairt isteach. Beidh bearta den sórt sin comhoiriúnach le dlí an Aontais. I gcás ina ndéantar foráil sa reachtaíocht náisiúnta do bhearta níos déine, tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis an reachtaíocht sin.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “fuinneamh” gach cineál táirge fuinnimh, breoslaí indóite, teas, fuinneamh inathnuaite, leictreachas, nó aon fhoirm eile fuinnimh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(d) de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (54); |
|
(2) |
ciallaíonn “bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh” tús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (18) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/1999. |
|
(3) |
ciallaíonn “córas fuinnimh” córas a dearadh go príomha chun seirbhísí fuinnimh a sholáthar chun éileamh earnálacha críochúsáide le haghaidh fuinneamh i bhfoirm teasa, breoslaí agus leictreachais a shásamh. |
|
(3a) |
Ciallaíonn “éifeachtúlacht córais” réitigh atá tíosach ar fhuinneamh a roghnú i gcás ina gcumasófar leo freisin bealach dícharbónaithe costéifeachtach, solúbthacht bhreise agus úsáid éifeachtúil acmhainní; |
|
(4) |
ciallaíonn “ídiú fuinnimh phríomhúil” méid comhlán an fhuinnimh atá ar fáil, gan umair mhuirí idirnáisiúnta, ídiú deiridh neamhfhuinnimh, teas comhthimpeallachta agus fuinneamh geoiteirmeach a úsáidtear i dteaschaidéil a chur san áireamh; |
|
(5) |
ciallaíonn “ídiú críochnaitheach fuinnimh” an fuinneamh ar fad a sholáthraítear d’earnáil na tionsclaíochta, d’earnáil an iompair (lena n-airítear ídiú fuinnimh san eitlíocht idirnáisiúnta), do theaghlaigh, do sheirbhísí poiblí agus príobháideacha, d’earnáil na talmhaíochta, d’earnálacha na foraoiseachta agus na hiascaireachta agus d’úsáideoirí deiridh eile (tomhaltóirí deiridh fuinnimh). Eisiatar ídiú fuinnimh in umair mhuirí idirnáisiúnta, teas comhthimpeallachta agus fuinneamh geoiteirmeach a úsáidtear i dteaschaidéil agus seachadtaí don earnáil chlaochlaithe agus don earnáil fuinnimh agus caillteanais mar thoradh ar tharchur agus ar dháileadh (tá feidhm ag sainmhínithe in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008); |
|
(6) |
ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh” an cóimheas idir an t-aschur feidhmíochta, seirbhíse, earraí nó fuinnimh, agus an t-ionchur fuinnimh; |
|
(7) |
ciallaíonn “coigilteas fuinnimh” méid fuinnimh a coiglíodh, arna chinneadh trí ídiú fuinnimh a thomhas agus/nó a mheas sula gcuirtear beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme agus ina dhiaidh sin, agus normalú á áirithiú ag an am céanna i gcás dálaí seachtracha a dhéanann difear don ídiú fuinnimh; |
|
(8) |
ciallaíonn “feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh” méadú ar éifeachtúlacht fuinnimh mar thoradh ar athruithe teicneolaíocha, iompraíochta agus/nó eacnamaíocha; |
|
(9) |
ciallaíonn “seirbhís fuinnimh” an sochar fisiceach, an fóntas nó an t-earra a dhíorthaítear ó fhuinneamh a mheascadh le teicneolaíocht atá tíosach ar fhuinneamh nó le gníomhaíocht, lena bhféadfar na hoibríochtaí, an chothabháil agus an rialú is gá chun an tseirbhís a sheachadadh a áireamh, ar seirbhís í a sheachadtar ar bhonn conartha agus atá, i ngnáthchúinsí, tar éis feabhsú éifeachtúlachta fuinnimh infhíoraithe agus intomhaiste nó coigilteas fuinnimh phríomhúil a bheith mar thoradh air; |
|
(10) |
ciallaíonn “comhlachtaí poibl픓údaráis chonarthacha” mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (55); |
|
(10a) |
ciallaíonn “foirgnimh chun críocha sóisialta” foirgnimh nach bhfuil cónaí iontu ach ag comhlachtaí seachas comhlachtaí poiblí, a mhaoinítear go poiblí agus a sholáthraíonn seirbhísí leasa ghinearálta, amhail oideachas, sláinte, seirbhísí sóisialta nó tithíocht shóisialta; |
|
(11) |
ciallaíonn “achar urláir úsáideach iomlán” achar urláir foirgnimh nó cuid d’fhoirgneamh, ina n-úsáidtear fuinneamh chun an aeráid laistigh a chóiriú; |
|
(12) |
ciallaíonn “údaráis chonarthacha” údaráis chonarthacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 6(1), Airteagal 2(1) agus in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/23/AE, Treoir 2014/24/AE agus Treoir 2014/25/AE faoi seach; |
|
(13) |
ciallaíonn “eintitis chonarthacha” eintitis chonarthacha mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/23/AE agus 2014/25/AE faoi seach; |
|
(14) |
ciallaíonn “córas bainistíochta fuinnimh” tacar gnéithe idirghaolmhara nó idirghníomhacha de phlean ina leagtar síos cuspóir éifeachtúlachta fuinnimh agus straitéis chun an cuspóir sin a bhaint amach, lena n-áirítear faireachán ar ídiú fuinnimh iarbhír, gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus dul chun cinn a thomhas; |
|
(15) |
ciallaíonn “caighdeán Eorpach” caighdeán arna ghlacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil, Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide agus a chuirtear ar fáil le haghaidh úsáid phoiblí; |
|
(16) |
ciallaíonn “caighdeán idirnáisiúnta” caighdeán arna ghlacadh ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú agus a chuirtear ar fáil don phobal; |
|
(17) |
ciallaíonn “páirtí faoi oibleagáid” dáileoir fuinnimh nó comhlacht díolacháin fuinnimh miondíola nó oibreoir córais tarchurtha atá faoi cheangal ag na scéimeanna náisiúnta um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 9; |
|
(18) |
ciallaíonn “páirtí iontaoibhe” eintiteas dlíthiúil a bhfuil cumhacht tarmligthe aige ó rialtas nó ó chomhlacht poiblí eile chun scéim maoinithe a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú thar ceann an rialtais nó thar ceann comhlachta phoiblí eile; |
|
(19) |
ciallaíonn “páirtí rannpháirteach” fiontar nó comhlacht poiblí a bhfuil gealltanas tugtha aige cuspóirí áirithe a bhaint amach faoi chomhaontú deonach, nó a chumhdaítear le hionstraim beartais rialála náisiúnta; |
|
(20) |
ciallaíonn “údarás poiblí cur chun feidhme” comhlacht atá á rialú ag an dlí poiblí agus atá freagrach as cánachas fuinnimh nó carbóin, scéimeanna agus ionstraimí airgeadais, dreasachtaí, caighdeáin agus noirm fioscacha, scéimeanna lipéadaithe fuinnimh, oiliúint nó oideachas a dhéanamh nó faireachán a dhéanamh orthu; |
|
(21) |
ciallaíonn “gníomhaíocht beartais” ionstraim um sholáthar rialála, airgeadais, fioscach, deonach nó faisnéise arna bunú go foirmiúil agus arna cur chun feidhme i mBallstát chun creat tacaíochta, ceanglas nó dreasacht a chruthú do ghníomhaithe sa mhargadh chun seirbhísí fuinnimh a sholáthar agus a cheannach agus chun bearta eile feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh; |
|
(22) |
ciallaíonn “gníomhaíocht aonair” gníomhaíocht as a dtagann feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh atá infhíoraithe, intomhaiste nó inmheasaithe agus a dhéantar mar thoradh ar ghníomhaíocht beartais; |
|
(23) |
ciallaíonn “dáileoir fuinnimh” duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear oibreoir córais dáileacháin, atá freagrach as fuinneamh a iompar d’fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí deiridh nó ar stáisiúin dáileacháin a dhíolann fuinneamh leis na custaiméirí deiridh; |
|
(24) |
ciallaíonn “oibreoir córais dáileacháin”“oibreoir córais dáileacháin” mar a shainmhínítear in Airteagal 2(29) de Threoir (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le leictreachas, agus Airteagal 2(6) de Threoir 2009/73/CE a mhéid a bhaineann le gás, faoi seach; |
|
(25) |
ciallaíonn “cuideachta díolacháin fuinnimh miondíola” duine nádúrtha nó dlítheanach a dhíolann fuinneamh le custaiméirí deiridh; |
|
(26) |
ciallaíonn “custaiméir deiridh” duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn fuinneamh dá úsáid deiridh féin; |
|
(27) |
ciallaíonn “soláthraí seirbhíse fuinnimh” duine nádúrtha nó dlítheanach a sheachadann seirbhísí fuinnimh nó bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i saoráid nó in áitreabh an chustaiméara deiridh; |
|
(27a) |
ciallaíonn “fiontar beag nó meánmhéide” nó “FBM” fiontar mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (56); |
|
(27b) |
ciallaíonn “micrifhiontar” fiontar mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE; |
|
(28) |
ciallaíonn “iniúchadh fuinnimh” nós imeachta córasach a bhfuil sé de chuspóir leis eolas leordhóthanach a fháil ar phróifíl ídithe agus bainistíochta fuinnimh foirgnimh nó grúpa foirgneamh, oibríochta nó suiteála tráchtála nó tionsclaíche nó seirbhíse poiblí nó príobháidí, lena sainaithnítear agus lena gcainníochtaítear deiseanna chun coigilteas fuinnimh costéifeachtach a dhéanamh lena sainaithnítear an fhéidearthacht le haghaidh úsáid costéifeachtach nó chun fuinneamh inathnuaite a tháirgeadh agus na torthaí sin a thuairisciú; |
|
(29) |
ciallaíonn “conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh” socrú conarthach idir an tairbhí agus soláthraí birt feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, a fhíoraítear agus a ndéantar faireachán air le linn théarma iomlán an chonartha, i gcás ina n-íoctar as obair, soláthar nó seirbhís sa bheart sin i ndáil le leibhéal feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh arna chomhaontú de réir conartha nó critéir feidhmíochta fuinnimh eile arna chomhaontú, amhail coigilteas airgeadais; |
|
(30) |
ciallaíonn “córas méadraithe chliste”“córas méadraithe chliste” mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2019/944; |
|
(30a) |
ciallaíonn “pointe athluchtaithe” pointe athluchtaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(41) de Threoir … [AFIR – 2021/0223(COD)]; |
|
(31) |
ciallaíonn “oibreoir córais tarchurtha”“oibreoir córais tarchurtha” mar a shainmhínítear in Airteagal 2(35) de Threoir (AE) 2019/944 agus Threoir 2009/73/CE, maidir le leictreachas agus gás, faoi seach; |
|
(32) |
ciallaíonn “comhghiniúint” giniúint chomhuaineach, in aon phróiseas amháin, d’fhuinneamh teirmeach agus d’fhuinneamh leictreach nó meicniúil; |
|
(33) |
ciallaíonn “éileamh inchosanta ar bhonn eacnamaíoch” éileamh nach sáraíonn na riachtanais le haghaidh téimh ná fuaraithe agus a shásófaí ar bhealach eile ag dálaí an mhargaidh trí phróisis ghiniúna fuinnimh seachas comhghiniúint; |
|
(34) |
ciallaíonn “teas úsáideach” teas a tháirgtear i bpróiseas comhghiniúna chun éileamh ar théamh nó ar fhuarú atá inchosanta ar bhonn eacnamaíoch a shásamh; |
|
(35) |
ciallaíonn “leictreachas ó chomhghiniúint” leictreachas a ghintear i bpróiseas atá nasctha le táirgeadh teasa úsáidigh agus a ríomhtar i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos in Iarscríbhinn II; |
|
(36) |
ciallaíonn “comhghiniúint ardéifeachtach” comhghiniúint a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn III; |
|
(37) |
ciallaíonn “éifeachtúlacht fhoriomlán” suim bhliantúil an táirgthe leictreachais agus fuinnimh mheicniúil agus an aschuir teasa úsáidigh roinnte ar an ionchur breosla a úsáidtear le haghaidh teasa a tháirgtear i bpróiseas comhghiniúna agus olltáirgeadh leictreachais agus fuinnimh mheicniúil; |
|
(38) |
ciallaíonn “cóimheas idir cumhacht agus teas” an cóimheas idir leictreachas ó chomhghiniúint go teas úsáideach agus é ag feidhmiú i modh iomlán comhghiniúna agus sonraí oibríochtúla an aonaid shonraigh á n-úsáid; |
|
(39) |
ciallaíonn “aonad comhghiniúna” aonad atá in ann oibriú sa mhodh comhghiniúna; |
|
(40) |
ciallaíonn “aonad comhghiniúna ar mhionscála” aonad comhghiniúna lena ngabhann toilleadh suiteáilte faoi bhun 1 MWe; |
|
(41) |
ciallaíonn “aonad micrea-chomhghiniúna” aonad comhghiniúna lena ngabhann toilleadh uasta faoi bhun 50 kWe; |
|
(42) |
ciallaíonn “téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil” córas téimh agus fuaraithe ceantair a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 24; |
|
(43) |
ciallaíonn “téamh agus fuarú éifeachtúil” rogha téimh agus fuaraithe a dhéanann, i gcomparáid leis an gcás bunlíne lena léirítear cás “gnó mar is gnách”, an t-ionchur fuinnimh phríomhúil is gá chun aonad amháin fuinnimh arna sheachadadh a sholáthar laistigh de theorainn ábhartha córais ar bhealach costéifeachtach, arna mheasúnú san anailís costais is tairbhe dá dtagraítear sa Treoir seo, agus an fuinneamh is gá le haghaidh eastósctha, tiontaithe, iompair agus dáilte á chur san áireamh; |
|
(44) |
ciallaíonn “téamh agus fuarú aonair éifeachtúil” rogha soláthair aonair téimh agus fuaraithe lena laghdaítear ionchur an fhuinnimh phríomhúil neamh-inathnuaite is gá chun aonad amháin fuinnimh arna sheachadadh a sholáthar laistigh de theorainn ábhartha córais nó lena n-éilítear an t-ionchur céanna d’fhuinneamh príomhúil neamh-inathnuaite ach ar chostas níos ísle, i gcomparáid le téamh agus fuarú ceantair, agus an fuinneamh is gá le haghaidh eastósctha, tiontaithe, iompair agus dáilte á chur san áireamh; |
|
(45) |
ciallaíonn “lárionad sonraí” struchtúr nó grúpa de struchtúir a úsáidtear chun áit a chur ar fáil do chórais ríomhaireachta/do fhreastalaithe ríomhaireachta, chun iad a nascadh agus chun iad a oibriú , chomh maith leis an trealamh gaolmhar le haghaidh sonraí a stóráil, a phróiseáil agus /nó a dháileadh , mar aon le gníomhaíochtaí gaolmhara mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/132 ón gCoimisiún (57); |
|
(46) |
ciallaíonn “athchóiriú substaintiúil” athchóiriú ar mó a chostas ná 50 % den chostas infheistíochta d’aonad nua inchomparáide; |
|
(47) |
ciallaíonn “comhbhailitheoir” “comhbhailitheoir neamhspleách” mar a shainmhínitear in Airteagal 2(19) de Threoir (AE) 2019/944; |
|
(48) |
ciallaíonn “bochtaineacht fuinnimh” neamhábaltacht teaghlaigh, atá nasctha le neamh-acmhainneacht, chun freastal ar a riachtanais bhunúsacha soláthair fuinnimh agus easpa rochtana ar sheirbhísí riachtanacha fuinnimh chun bunleibhéil chompoird agus sláinte a ráthú , caighdeán maith maireachtála agus sláinte, lena n-áirítear téamh, uisce te , fuarú, soilsiú, agus fuinneamh leordhóthanach d’fhearais chumhachta, sa chomhthéacs náisiúnta ábhartha, an beartas sóisialta atá ann cheana agus beartais ábhartha eile , mar thoradh ar cheann amháin nó meascán de na tosca seo a leanas: ioncam indiúscartha neamhleor, caiteachas ard ar fhuinneamh agus drochéifeachtúlacht fuinnimh i dtithe ; |
|
(49) |
ciallaíonn “úsáideoir deiridh” duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn teas, fuarú nó uisce te tí dá n-úsáid deiridh féin, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a áitíonn foirgneamh aonair nó aonad i bhfoirgneamh ilárasán nó ilchuspóra a sholáthraítear téamh, fuarú nó uisce te tí dó ó fhoinse lárnach agus nach bhfuil aon chonradh díreach nó aonair acu leis an soláthróir fuinnimh; |
|
(50) |
ciallaíonn “dreasachtaí scoilte” easpa dáilte chóir agus réasúnaigh ar oibleagáidí airgeadais agus ar luaíochtaí a bhaineann le hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh i measc na ngníomhaithe lena mbaineann, mar shampla úinéirí agus tionóntaí nó úinéirí éagsúla na n-aonad foirgnimh, nó úinéirí agus tionóntaí nó úinéirí éagsúla foirgneamh ilárasán nó ilchuspóra. |
|
(50a) |
ciallaíonn “straitéis rannpháirtíochta” straitéis lena leagtar síos cuspóirí, lena bhforbraítear teicnící, agus lena mbunaítear an próiseas trína mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear ionadaithe na sochaí sibhialta amhail eagraíochtaí tomhaltóirí sa phróiseas ceaptha beartas, agus é mar aidhm leis feasacht a mhéadú, aiseolas a fháil maidir leis na beartais sin agus feabhas a chur ar a nglacadh ag an bpobal; |
|
(50b) |
ciallaíonn “ionad ilfhreastail” pointe aonair chun comhairle, treoir agus faisnéis a sholáthar. |
Airteagal 3
Bunphrionsabal na hÉifeachtúlachta Fuinnimh
1. I gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú ar réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear acmhainní ó thaobh an éilimh de agus solúbthacht córais i ndearadh agus pleanáil na gcinntí beartais ar fad chomh maith le cinntí mórinfheistíochta a bhaineann leis na hearnálacha seo a leanas:
|
(a) |
córais fuinnimh, agus |
|
(b) |
earnálacha neamhfhuinnimh, i gcás ina mbíonn tionchar ag na hearnálacha sin ar ídiú fuinnimh agus ar éifeachtúlacht fuinnimh , lena n-áirítear foirgnimh, iompar, uisce, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), talmhaíocht, agus na hearnálacha fuinnimh . |
2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfíoróidh na heintitis ábhartha cur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh , lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhtháthú earnála agus tionchair thrasearnála, i gcás ina bhfuil cinntí beartais, pleanála agus infheistíochta faoi réir ceanglas formheasa agus faireacháin.
2a. Agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm, cuirfidh na Ballstáit Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún san áireamh (58).
3. Agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur i bhfeidhm acu, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
|
(a) |
modheolaíocht costais is tairbhe a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a chur ar fáil go poiblí lenar féidir measúnú cuí a dhéanamh ar na tairbhí níos leithne a bhaineann le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh agus aird á tabhairt ar an saolré iomlán agus ar fhorbairtí intuartha, éifeachtúlacht córais agus costais, slándáil an tsoláthair fuinnimh agus ar chainníochtú ó thaobh na sochaí, na sláinte, na heacnamaíochta agus na haeráidneodrachta de; |
|
(aa) |
a áirithiú go mbeidh tionchar dearfach ag cur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh ar aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh; |
|
(b) |
eintiteas a shainaithint a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus thionchar na gcreataí rialála, lena n-áirítear rialacháin airgeadais, na gcinntí pleanála, beartais agus infheistíochta ar ídiú fuinnimh agus ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar chórais fuinnimh ; |
|
(ba) |
a áirithiú go mbeidh na hinfheistíochtaí a dhéanfar inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ag gach céim den slabhra luacha fuinnimh agus go gcuirfear prionsabail na ciorclaíochta i bhfeidhm san aistriú i dtreo na haeráidneodrachta; |
|
(c) |
tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún, mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999 maidir leis an gcaoi ar tugadh aird ar bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh sna cinntí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla maidir le pleanáil, beartas agus infheistíocht mhór a bhaineann leis na córais fuinnimh náisiúnta agus réigiúnacha agus le hearnálacha neamhfhuinnimh, i gcásanna ina bhfuil tionchar ag na hearnálacha sin ar ídiú fuinnimh agus ar éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta don mhéid seo a leanas:
|
3a. Faoin … [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena bhforlíontar an Treoir seo trí chomhchreat ginearálta a bhunú lena n-áirítear maoirseacht, an nós imeachta faireacháin agus tuairiscithe a fhéadann na Ballstáit a úsáid chun na modheolaíochtaí costais is tairbhe dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), a dhearadh, chun inchomparáideacht a áirithiú ach fós an deis a fhágáil ag na Ballstáit iad féin a oiriúnú d’imthosca náisiúnta agus áitiúla.
Airteagal 4
Spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh
1. Áiritheoidh na Ballstáit i dteannta a chéile laghdú 40 % ar a laghad ar ídiú fuinnimh in 2030 maidir le hídiú críochnaitheach fuinnimh agus 42,5 % ar ídiú fuinnimh phríomhúil i gcomparáid le réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2007 ionas nach mó ná 740 Mtoe ídiú críochnaitheach fuinnimh an Aontais agus nach mó ná 960 Mtoe ídiú fuinnimh phríomhúil an Aontais in 2030. (59)
2. Leagfaidh gach Ballstát síos rannchuidithe ceangailteacha éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta d’ídiú críochnaitheach fuinnimh agus phríomhúil chun sprioc cheangailteach an Aontais a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach go comhpháirteach. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na rannchuidithe sin, mar aon le conair le dhá phointe tagartha (clocha míle) in 2025 agus 2027 do na rannchuidithe sin, mar chuid de na nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear sa nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus i gcomhréir leis an nós imeachta sin. Agus a ranníocaíochtaí ceangailteacha náisiúnta á leagan síos, déanfaidh na Ballstáit an foirmle a sainmhíníodh in Iarscríbhinn I den Treoir seo a chur i bhfeidhm agus a mhíniú cén chaoi, agus na sonraí arb ar a mbonn a rinneadh na rannchuidithe a ríomh.
Ina theannta sin, soláthróidh na Ballstáit sciaranna ídithe fuinnimh na n-earnálacha críochúsáide fuinnimh ina rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 maidir le staidreamh fuinnimh, lena n-áirítear earnálacha tionscail, cónaithe, seirbhísí agus iompair. Tabharfar le fios freisin réamh-mheastacháin maidir le hídiú fuinnimh ó thaobh ▌TFC▌ de.
Agus na rannchuidithe sin á leagan síos, cuirfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas san áireamh:
|
(a) |
nach bhféadfaidh ídiú fuinnimh an Aontais in 2030 a bheith níos mó ná 740 Mtoe den ídiú fuinnimh deiridh nó níos mó ná 960 Mtoe den ídiú fuinnimh phríomhúil; |
|
(b) |
na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo; |
|
(c) |
bearta eile chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn laistigh de na Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais; |
|
(d) |
na tosca ábhartha seo a leanas a dhéanann difear d’iarrachtaí éifeachtúlachta a áirítear san fhoirmle a bhunaítear in Iarscríbhinn I :
|
|
(e) |
tosca náisiúnta eile a dhéanann difear d’ídiú fuinnimh, go háirithe:
|
I gcás ina gcuireann na Ballstáit na tosca náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (e) den tríú fomhír san áireamh, ní bheidh mainneachtain sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach mar thoradh air sin. Déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an leor rannchuidiú comhchoiteann na mBallstát chun sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus déanfaidh sé measúnú an bhfuil na rannchuidithe i gcomhréir le gnóthú na ngarspriocanna. I gcás ina gcinnfidh sé nach leor é, déanfaidh sé, laistigh de dhá mhí tar éis fógra a fháil ó na Ballstáit faoina rannchuidithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, rannchuidiú ceartaithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a mholadh do gach Ballstát lena n-áiritheofar go mbainfidh rannchuidiú comhchoiteann na mBallstát sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais amach. Agus an sásra sin á chur i bhfeidhm, áiritheoidh an Coimisiún nach mbeidh aon difríocht san ídiú fuinnimh príomhúil agus deiridh idir suim rannchuidithe náisiúnta na mBallstát agus sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe de bhun Airteagal 29(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1999 , measúnú ar dhul chun cinn na mBallstát maidir lena ranníocaíochtaí ceangailteacha náisiúnta agus a ngarspriocanna ceangailteacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhaint amach. I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe, nach ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach maidir leis na rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach, áiritheoidh na Ballstáit atá os cionn▌ a gconairí agus a ngarspriocanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo go gcuirfear bearta breise chun feidhme laistigh de bhliain amháin tar éis an dáta a fuarthas measúnú an Choimisiúin chun a áirithiú go mbeidh siad ar an mbóthar ceart chun a rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach. Áiritheofar sna bearta breise sin na bearta seo a leanas, ach ní bheidh siad teoranta dóibh:
|
a. |
bearta náisiúnta lena ndéanfar coigilteas breise fuinnimh, lena n-áirítear cúnamh forbartha tionscadail níos láidre chun bearta infheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme; |
|
b. |
an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 8 a mhéadú; |
|
c. |
an oibleagáid don earnáil phoiblí a choigeartú; |
|
d. |
ranníocaíocht dheonach airgeadais a dhéanamh leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 28 nó le hionstraim mhaoiniúcháin eile atá tiomnaithe d’éifeachtúlacht fuinnimh, i gcás ina mbeidh na ranníocaíochtaí airgeadais bliantúla cothrom leis na hinfheistíochtaí is gá chun an chonair ▌a bhaint amach. |
I gcás ina bhfuil Ballstát os cionn a ▌chonaire dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, áireoidh sé ina thuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, míniú ar na bearta a thógfaidh sé lena gcumhdófar an bhearna chun a áirithiú go mbainfear amach a rannchuidithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus an méid coigiltis fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis a bhainfear amach le gach beart .
Déanfaidh an Coimisiún a mheas an leor na bearta náisiúnta dá dtagraítear sa mhír seo chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach. I gcás ina meastar nach leor bearta náisiúnta, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, bearta a mholadh agus a chumhacht a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú, go háirithe, go mbainfear amach spriocanna 2030 an Aontais don éifeachtúlacht fuinnimh.
4. Faoin 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar aon athrú modheolaíochta sna sonraí arna dtuairisciú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 maidir le staidreamh fuinnimh, ar an modheolaíocht chun cothromaíocht fuinnimh a ríomh agus ar shamhlacha fuinnimh d’úsáid fuinnimh Eorpach agus, más gá, molfaidh sé coigeartuithe ríomha teicniúla ar spriocanna 2030 an Aontais d’fhonn an leibhéal uaillmhéine a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a choinneáil.
CAIBIDIL II
RÓL EISEAMLÁIREACH NA HEARNÁLA POIBLÍ
Airteagal 5
An earnáil phoiblí chun tosaigh ar éifeachtúlacht fuinnimh
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar ídiú críochnaitheach fuinnimh iomlán na gcomhlachtaí poiblí go léir le chéile a laghdú 2 % ar a laghad gach bliain, i gcomparáid leis an mbliain X-2 (agus X an bhliain a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm).
Féadfaidh na Ballstáit éagsúlachtaí aeráide laistigh den Bhallstát a chur san áireamh agus ídiú críochnaitheach fuinnimh a gcomhlachtaí poiblí á ríomh acu.
2. Áireoidh na Ballstáit, ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ina nuashonrúcháin orthu de bhun Rialachán (AE) 2018/1999, an liosta de na comhlachtaí poiblí ar fad a rannchuideoidh le comhlíonadh na hoibleagáide a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, leis an laghdú ar ídiú fuinnimh agus an coigilteas fuinnimh atá le baint amach ag gach ceann acu agus leis na bearta atá beartaithe acu chun é a bhaint amach. Mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún an laghdú ar ídiú críochnaitheach fuinnimh a baineadh amach go bliantúil.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh údaráis réigiúnacha agus áitiúla bearta sonracha éifeachtúlachta fuinnimh ina bpleananna dícharbónaithe tar éis dóibh dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, a ngníomhaireachtaí fuinnimh, i gcás inarb ábhartha, agus leis an bpobal, lena n-áirítear na grúpaí áirithe atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó na grúpaí áirithe atá níos soghabhálaí i leith éifeachtaí na bochtaineachta fuinnimh ar bhonn a n-ioncaim, inscne, déimeagrafach, reachta sláinte nó toisc gur duine de ghrúpa mionlaigh iad , amhail ▌daoine a bhfuil cúlra ciníoch nó eitneach mionlaigh acu. Áiritheoidh na Ballstáit freisin, agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh á gceapadh agus á gcur chun feidhme acu, go seachnóidh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla tionchair dhiúltacha dhíreacha nó indíreacha na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh ar theaghlaigh atá fuinneamhbhocht, ar theaghlaigh ar ioncam íseal nó ar ghrúpaí leochaileacha.
4. Soláthróidh na Ballstáit tacaíocht airgeadais agus theicniúil do chomhlachtaí poiblí agus bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu agus spreagfaidh siad iad na tairbhí níos leithne ná coigilteas fuinnimh, amhail cáilíocht fheabhsaithe aeir agus timpeallachta laistigh a chur san áireamh chomh maith le feabhas ar cháilíocht saoil daoine agus ar chompord foirgneamh poiblí athchóirithe, go háirithe scoileanna, lárionaid cúraim lae, tithe altranais do dhaoine scothaosta, sciath-thithíocht, ospidéil agus tithíocht shóisialta, lena n-áirítear ar leibhéil réigiúnacha agus áitiúla . Déanfaidh na Ballstáit treoir a sholáthar , deiseanna oiliúna agus forbartha inniúlachta a chur chun cinn , lena n-áirítear maidir le hathchóiriú fuinnimh trí chonarthaí Feidhmíochta Fuinnimh agus comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a úsáid agus déanfaidh siad comhar i measc comhlachtaí poiblí a spreagadh . Tacóidh na Ballstáit le comhlachtaí poiblí chun aghaidh a thabhairt ar an easpa acmhainní daonna, a bhfuil gá leo ag gach céim den aistriú glas, lena n-áirítear ceardaithe mar aon le saineolaithe ardoilte ar an teicneolaíocht ghlas, eolaithe feidhmeacha agus nuálaithe.
5. Spreagfaidh Ballstáit comhlachtaí poiblí chun breithniú a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin saolré chomh maith le tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus slándála fuinnimh a mbaineann le gníomhaíochtaí infheistíochta agus beartais a gcomhlachtaí poiblí agus soláthróidh siad treoir shonrach ina leith sin .
5a. Spreagfaidh na Ballstáit comhlachtaí poiblí chun bearta leormhaithe a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar ghné théamh na bhfoirgneamh atá faoi úinéireacht nó ar áitiú comhlachtaí poiblí, go háirithe trí ionadú a dhéanamh ar shean-théitheoirí neamhéifeachtúla agus breoslaí iontaise a chéimniú amach de réir a chéile.
5b. Déanfaidh na Ballstáit úsáid an iompair phoiblí agus modhanna soghluaisteachta eile nach bhfuil chomh truaillitheach agus atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn, amhail iompar d’iarnród, rothaíocht, siúl nó soghluaisteacht chomhroinnte, trí fhlíteanna a athnuachan agus a dhícharbónú, aistriú módach a spreagadh agus na modhanna sin a áireamh i bpleanáil soghluaisteachta uirbí.
Airteagal 6
Ról eiseamláireach fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí
1. Gan dochar d’Airteagal 7 de Threoir 2010/31/AE, déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go ndéantar athchóiriú ar 3 % ar a laghad den achar urláir iomlán sna foirgnimh théite agus/nó fuaraithe ar le comhlachtaí poiblí iad de na catagóirí seo a leanas agus d’fhoirgnimh chun críocha sóisialta gach bliain chun ar a laghad iad a athrú ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2010/31/AE agus aird chuí á tabhairt ar an gcostéifeachtúlacht agus ar an indéantacht theicniúil:
|
(a) |
foirgnimh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí; |
|
(b) |
foirgnimh atá áitithe le déanaí ag comhlachtaí poiblí, ón … dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo; |
|
(c) |
foirgnimh atá áitithe ag comhlachtaí poiblí nuair a shroicheann siad pointe truiceartha (athnuachan cíosa, díolachán, athrú úsáide, mórdheisiú nó obair chothabhála). |
Féadfaidh na Ballstáit an tithíocht shóisialta a dhíolmhú ón oibleagáid athchóiriú a dhéanamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás nach mbeadh na hathchóirithe sin neodrach ó thaobh costais de nó ina mbeadh méaduithe cíosa mar thoradh orthu do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta nach féidir a theorannú do choibhéis na gcoigilteas eacnamaíoch ar an mbille fuinnimh ar bhealach ar bith.
I gcás ina n-áitíonn comhlachtaí poiblí foirgneamh nach leis na comhlachtaí poiblí é, feidhmeoidh siad a gcearta conarthacha a mhéid is féidir agus spreagfaidh siad úinéir an fhoirgnimh chun an foirgneamh a athchóiriú ina fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2010/31/AE nó córas bainistíochta fuinnimh nó conradh feidhmíochta fuinnimh a chur chun feidhme chun an fheidhmíocht fuinnimh a chothabháil agus a fheabhsú le himeacht ama . Agus conradh nua á thabhairt i gcrích acu chun foirgneamh a áitiú nach leo é, áiritheoidh comhlachtaí poiblí go dtiocfaidh an foirgneamh faoin dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is fearr ar an deimhniú feidhmíochta fuinnimh nó bunóidh siad clásail chonarthacha lena gcuirfear de cheangal ar úinéir an fhoirgnimh athchóiriú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh chun gur foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de a bheidh ann sula n-áiteoidh an comhlacht poiblí é .
Déanfar an ráta de 3 % ar a laghad a ríomh ar achar urláir iomlán na bhfoirgneamh ag a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán os cionn 250 m2 ar le comhlachtaí poiblí ▌agus foirgneamh chun críoch sóisialta , ar an 1 Eanáir 2024, nach foirgnimh iad atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh.
Féadfaidh na Ballstáit ceanglais a leagan síos chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, go mbeidh foirgnimh atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa tríú fomhír den mhír seo agus foirgnimh chun críocha sóisialta os cionn 250 m2 feistithe le córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh nó le réitigh eile chun sreafaí fuinnimh a bhainistiú go gníomhach, i gcomhréir le hAirteagal 14(4) de Threoir 2010/31/AE.
I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus costéifeachtach, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall líon pointí athluchtaithe a shuiteáil i bhfoirgnimh atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí a sháraíonn na híoscheanglais dá bhforáiltear in Airteagal [12] de Threoir … [athmhúnlú EPBD – 2021/0426 (COD)].
1a. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit ceanglais nach bhfuil chomh dian sin a chur i bhfeidhm lena mbunaítear ceanglais éagsúla éifeachtúlachta fuinnimh do na catagóirí foirgneamh seo a leanas:
|
(a) |
foirgnimh atá faoi chosaint oifigiúil mar chuid de thimpeallacht ainmnithe, nó mar gheall ar a sainbhuanna ailtireachta nó staire, sa mhéid go n-athródh comhlíonadh ceanglas áirithe maidir le feidhmíocht fuinnimh a sainghné nó a gcuma ar shlí nach mbeadh glacadh léi; |
|
(b) |
foirgnimh atá faoi úinéireacht na bhfórsaí armtha nó an rialtais láir agus a fhónann do chríocha cosanta náisiúnta, seachas áit chónaithe aonair nó foirgnimh oifige do na fórsaí armtha agus do bhaill foirne eile arna bhfostú ag údaráis náisiúnta cosanta; |
|
(c) |
foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí creidimh. |
1b. Chun tús áite a thabhairt do choigilteas fuinnimh agus chun dreasacht a sholáthar le haghaidh luathghníomhaíochta, féadfaidh Ballstát a dhéanann athchóiriú ar níos mó ná 3 % d’achar urláir iomlán a chuid foirgneamh i gcomhréir le mír 1 in aon bhliain go dtí an 31 Nollaig 2026 an barrachas a áireamh i dtreo an ráta athchóirithe bhliantúil d’aon cheann de na 3 bliana ina dhiaidh sin. Féadfaidh Ballstát a dhéanann athchóiriú ar níos mó ná 3 % d’achar urláir iomlán a fhoirgneamh ón 1 Eanáir 2027 an barrachas a áireamh i dtreo ráta athchóirithe bliantúil an dá bhliain ina dhiaidh sin.
2. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh Ballstáit a chur san áireamh sa ráta athchóirithe foirgneamh bliantúil na foirgnimh nua sin a bhfuil úinéireacht orthu mar fhoirgnimh athsholáthair d’fhoirgnimh comhlachtaí poiblí a scartáladh in aon bhliain le dhá bhliain anuas. Ní bheidh feidhm ag na heisceachtaí sin ach amháin i gcás ina mbeidís níos costéifeachtaí agus níos inbhuanaithe ó thaobh astaíochtaí fuinnimh agus saolré CO2 a bhaintear amach i gcomparáid le hathchóiriú na bhfoirgneamh sin. Déanfaidh gach Ballstát na critéir ghinearálta, na modheolaíochtaí ginearálta agus na nósanna imeachta ginearálta chun na cásanna eisceachtúla sin a shainaithint a leagan amach go soiléir agus a fhoilsiú.
3. Chun críoch an Airteagail seo, cuirfidh Ballstáit ar fáil don phobal fardal d’fhoirgnimh théite agus/nó fuaraithe atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa tríú fomhír de mhír 1 agus d’fhoirgnimh chun críoch sóisialta ag a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán de níos mó ná 250 m2. Déanfar an fardal seo a chur ar bun faoin 30 Meitheamh 2024, agus déanfar é a uasdátú uair amháin sa bhliain ar a laghad. Beidh sé comhthiomsaithe i mbunachar sonraí soláimhsithe agus nasctha leis an bhforléargas ar stoc foirgneamh a rinneadh faoi chuimsiú na straitéisí náisiúnta athchóirithe fadtéarmacha i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE agus leis na bunachair sonraí arna mbunú de bhun Airteagal [19] den Treoir sin [athmhúnlú EPBD – 2021/0426 (COD)].
I gcás ina bhfuil fardail den sórt sin ann cheana ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal réigiúnach, déanfaidh gach Ballstát bearta iomchuí chun na gníomhaíochtaí bailithe agus próiseála sonraí a bhaineann lena fhardal a éascú. Leis an bhfardal, cuirfear ar chumas gníomhaithe príobháideacha, lena n-áirítear ESCOnna, páirt a ghlacadh i réitigh athchóirithe. Féadfaidh Faireachlann AE um Stoc Foirgneamh sonraí maidir le saintréithe stoic foirgneamh, feidhmíocht bhlaosc foirgneamh, córais theicniúla foirgneamh, athchóiriú foirgneamh agus feidhmíocht fuinnimh a chomhiomlánú chun tuiscint níos fearr ar fheidhmíocht fuinnimh na hearnála foirgneamh a áirithiú trí shonraí inchomparáide.
Beidh san fhardal ar a laghad na sonraí seo a leanas:
|
(a) |
an t-achar urláir i m2; |
|
(ab) |
ídiú fuinnimh bliantúil teasa, fuaraithe, leictreachais agus uisce the nuair a bheidh na sonraí sin ar fáil; |
|
(b) |
deimhniú feidhmíochta fuinnimh gach foirgnimh a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir … [athmhúnlú EPBD – 2021/0426 (COD)] nó, i gcás nach ann do theastas feidhmíochta fuinnimh don fhoirgneamh, cuirfear faisnéis ar fáil faoi fhoinse teasa an fhoirgnimh, déine fuinnimh an fhoirgnimh in kWh/(m2*bliain), suiteálacha aeraithe agus fuaraithe agus suiteálacha teicniúla eile; |
|
(ba) |
an coigilteas fuinnimh tomhaiste a eascraíonn as athchóiriú foirgneamh atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí agus as athchóiriú foirgneamh chun críoch sóisialta agus as gníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh eile ar na foirgnimh sin; |
|
(bb) |
aois, cineál úsáide, tíopeolaíocht agus suíomh (uirbeach nó tuaithe) na bhfoirgneamh. |
I dteannta na sonraí dá dtagraítear sa tríú fomhír, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall chun go mbeidh gnéithe cáilíochtúla ag baint lena bhfardail. Go háirithe, féadfaidh siad tuairisc ar na bearta a bhaineann lena straitéisí rannpháirtíochta a chur i gceangal lena bhfardail chun a áirithiú go gcuirfidh úinéirí agus áititheoirí na bhfoirgneamh a n-iompar in oiriúint do choigilteas fuinnimh agus do riachtanais oibríochtúla foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de. Cuirfear na hiarscríbhinní sin ar fáil i bhfoirm lárionaid acmhainní atá ann cheana, nó cuirfear leo iad, ar lárionaid iad arna mbainistiú ag údaráis áitiúla, agus a mbeidh rochtain ag geallsealbhóirí éagsúla orthu, lena n-áirítear lucht déanta beartas, tiarnaí talún sóisialta príobháideacha agus comhlachais tionóntaí, agus bainisteoirí oifigí príobháideacha.
Airteagal 7
Soláthar poiblí
1. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú nach gceannaíonn údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, agus conarthaí poiblí agus lamháltais lena ngabhann luach atá cothrom leis na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE ach táirgí, seirbhísí, foirgnimh agus saothair ag a bhfuil ardfheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh, agus bainistiú éifeachtúil acmhainní airgeadais á chur san áireamh go cuí , i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo .
Agus na conarthaí poiblí agus na lamháltais ag a bhfuil luach atá cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó níos mó á dtabhairt i gcrích, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 3 den Treoir seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir leis na conarthaí poiblí agus lamháltais sin nach bhforáiltear do cheanglais shonracha ina leith in Iarscríbhinn IV.
2. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 maidir le conarthaí na bhfórsaí armtha ach amháin sa mhéid nach mbeidh a feidhmiú ar neamhréir le cineál agus príomhaidhm ghníomhaíochtaí na bhfórsaí armtha. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid maidir le conarthaí chun trealamh míleata a sholáthar mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (60).
3. D’ainneoin mhír 4 d’Airteagal 26 den Treoir seo, déanfaidh Ballstáit a áirithiú go ndéanann údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha measúnú ar an indéantacht a bhaineann le conarthaí feidhmíochta fuinnimh fadtéarmacha a sholáthraíonn coigilteas fuinnimh fadtéarmach a chríochnú agus conarthaí seirbhíse lena ngabhann ábhar sonrach fuinnimh á soláthar acu.
4. Gan dochar do mhír 1, agus pacáiste táirgí atá iomlán clúdaithe ag gníomh tarmligthe a glacadh faoi Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (61) á cheannach acu, féadfaidh Ballstáit a chur de cheangal go mbeidh tosaíocht ag an éifeachtúlacht fuinnimh charnach thar éifeachtúlacht fuinnimh táirgí aonair laistigh den phacáiste sin, tríd an bpacáiste táirgí a cheannach a chomhlíonann na critéir maidir leis an aicme is airde éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ;
5. Ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha san áireamh, i gcás inarb iomchuí, gnéithe níos leithne den inbhuanaitheacht, den gheilleagar sóisialta, comhshaoil agus ciorclach i gcleachtais soláthair , go háirithe d’earnáil an iompair, d’fhonn cuspóirí an Aontais maidir le dícharbónú agus truailliú nialasach a bhaint amach. I gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, ceanglóidh na Ballstáit ar údaráis chonarthacha agus ar eintitis chonarthacha critéir an Aontais maidir le soláthar poiblí glas a chur san áireamh.
Chun trédhearcacht a áirithiú agus ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh á gcur i bhfeidhm sa phróiseas soláthair, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go poiblí maidir le tionchar éifeachtúlachta fuinnimh conarthaí lena ngabhann luach atá cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 nó níos mó. Ceanglóidh na húdaráis chonarthacha go nochtfaidh tairgeoirí faisnéis maidir le poitéinseal téimh dhomhanda saolré foirgnimh nua agus maidir le foirgneamh atá le hathchóiriú, lena n-áirítear úsáid ábhar ísealcharbóin agus ciorclaíocht na n-ábhar a úsáidtear, agus déanfaidh siad an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí le haghaidh na gconarthaí, go háirithe i gcás foirgneamh nua a bhfuil achar urláir níos mó ná 2 000 méadar cearnach acu.
Tacóidh na Ballstáit le húdaráis chonarthacha agus le heintitis chonarthacha maidir le glacadh ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, trí rialacha agus treoirlínte soiléire a sholáthar lena n-áirítear modheolaíochtaí maidir le measúnú a dhéanamh ar chostais saolré agus ar thionchair agus costais ar an gcomhshaol, lárionaid tacaíochta inniúlachta a chur ar bun, comhar a spreagadh i measc údaráis chonarthacha lena n-áirítear thar theorainneacha agus soláthar comhiomlánaithe agus soláthar digiteach a úsáid i gcás inar féidir.
5a. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún tuilleadh treorach agus uirlisí a thabhairt do na húdaráis náisiúnta agus d’oifigigh sholáthair chun ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm sa phróiseas soláthair. Féadfaidh tacaíocht den sórt sin fóraim thacaíochta atá ann cheana (e.g. gníomhaíocht chomhbheartaithe) a neartú do na Ballstáit agus cabhrú leo na critéir don soláthar poiblí glas a chur san áireamh.
6. Bunóidh na Ballstáit forálacha dlíthiúla agus rialála, mar aon le cleachtais riaracháin, maidir le ceannach poiblí agus buiséadú bliantúil agus cuntasaíocht bhliantúil, ar forálacha iad atá riachtanach lena áirithiú nach ndéantar údaráis chonarthacha aonair a dhíspreagadh ó infheistíochtaí a dhéanamh i bhfeabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh agus ó úsáid a bhaint as sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh agus sásraí maoiniúcháin tríú páirtí ar bhonn conarthach, fadtéarmach.
7. Bainfidh Ballstáit aon bhac rialála nó neamhrialála ar an éifeachtúlacht fuinnimh, go háirithe a mhéid a bhaineann le forálacha dlí agus rialála, agus cleachtais riaracháin, maidir le ceannach poiblí agus cuntasaíocht agus buiséadú bliantúil, d’fhonn a áirithiú nach ndéantar comhlachtaí poiblí aonair a dhíspreagadh ó infheistíocht a dhéanamh i bhfeabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh agus ó shásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh agus tríú páirtí a úsáid ar bhonn conarthach, fadtéarmach.
Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir leis na bearta a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní ar ghlacadh feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.
CAIBIDIL III
AN ÉIFEACHTÚLACHT SAN ÚSÁID FUINNIMH
Airteagal 8
Oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh
-1. D’fhonn rannchuidiú cobhsaí agus intuartha a áirithiú maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus maidir le cuspóir neodracht aeráide an Aontais do 2050 a bhaint amach, bainfidh na Ballstáit amach coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide le linn na dtréimhsí oibleagáide. Ó 2014 go 2020 a bhí an chéad tréimhse oibleagáide, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a). Beidh feidhm ag an gcéad tréimhse oibleagáide, dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c), ó 2021 go 2030.
1. Bainfidh na Ballstáit coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide amach a bheidh comhionann ar a laghad:
|
(a) |
le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 de 1,5 % de dhíolacháin fuinnimh bhliantúla le custaiméirí deiridh de réir toirte, a mheánaítear thar an tréimhse is déanaí 3 bliana roimh an 1 Eanáir 2013. Féadfar díolacháin fuinnimh, de réir toirte, a úsáidtear san iompar a eisiamh ón ríomh sin, go hiomlán nó go páirteach; |
|
(b) |
le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023 de 0,8 % d’ídiú críochnaitheach fuinnimh bliantúil, a mheánaítear thar an tréimhse is déanaí 3 bliana roimh an 1 Eanáir 2019. De mhaolú ar an gceanglas sin, bainfidh an Chipir agus Málta coigilteas nua amach gach bliain, ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023 , arb ionann iad agus 0,24 % d’ídiú críochnaitheach fuinnimh bliantúil, a mheánaítear thar an tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019. |
|
(c) |
le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2030 de 2 % d’ídiú críochnaitheach fuinnimh bliantúil, a mheánaítear thar an tréimhse 3 bliana roimh an 1 Eanáir 2020. |
Cinnfidh na Ballstáit conas méid ríofa an choigiltis nua a chéimniú thar gach tréimhse dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír, ar choinníoll go mbeidh an coigilteas carnach iomlán fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear bainte amach faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide.
Leanfaidh na Ballstáit de choigilteas nua bliantúil a bhaint amach i gcomhréir leis an ráta coigiltis dá bhforáiltear i bpointe (c) den chéad fhomhír ar feadh tréimhsí 10 mbliana tar éis 2030.
2. Déanfaidh na Ballstáit an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 1 den Airteagal seo a bhaint amach trí scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 9 a bhunú nó trí ghníomhaíochtaí beartais malartacha dá dtagraítear in Airteagal 10 a ghlacadh. Féadfaidh na Ballstáit scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh a chumasc le gníomhaíochtaí beartais malartacha. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó bhearta beartais dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 agus in Airteagal 28(11) a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn V.
3. Déanfaidh na Ballstáit scéimeanna oibleagáide éifeachtúlachta fuinnimh, bearta beartais malartacha, nó meascán den dá rud, nó cláir nó bearta a mhaoinítear faoi Chiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh, a chur chun feidhme mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, teaghlaigh ar ioncam íseal, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ag bearta beartais a chuirfear chun feidhme de bhun an Airteagail seo ar na daoine sin. I gcás inarb infheidhme, bainfidh na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir as cistiú, lena n-áirítear cistiú poiblí, saoráidí cistiúcháin atá bunaithe ar leibhéal an Aontais, agus ioncam ó liúntais de bhun Airteagal 22(3)(b) d’fhonn éifeachtaí díobhálacha a bhaint agus an t-aistriú chuig fuinneamh cóir agus cuimsitheach a áirithiú.
Chun an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 1 a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit ról na gcomhphobal fuinnimh in-athnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach a mheas agus a chur chun cinn maidir leis an méid a rannchuidíonn siad leis an gcur chun feidhme i dtreo na mbeart beartais sin.
Bunóidh na Ballstáit agus bainfidh siad amach sciar íosta den mhéid is gá maidir leis an gcoigilteas carnach fuinnimh críochúsáide i measc daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, teaghlaigh ar ioncam íseal, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Beidh an sciar sin ar a laghad comhionann le cion na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh, arna mheasúnú ina bPlean Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3(3)(d) de Rialachán Rialachais (AE) 2018/1999. Measfaidh na Ballstáit ina measúnú ar sciar na bochtaineachta fuinnimh ina bPleananna Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid na táscairí dá dtagraítear i bpointí (a) go (bb) den fhomhír seo . Más rud é nach bhfuil fógra tugtha ag Ballstát maidir le sciar na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh, mar a measadh ina bPlean Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide é, beidh an sciar den choigilteas carnach fuinnimh críochúsáide i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, teaghlaigh ar ioncam íseal, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, cothrom, ar a laghad, leis an meánsciar uimhríochtúil de na táscairí seo a leanas don bhliain 2019 nó, mura bhfuil sé ar fáil do 2019, le haghaidh eachtarshuíomh líneach a gcuid luachanna do na 3 bliana deireanacha atá ar fáil:
|
(a) |
Gan bheith in ann an baile a choinneáil te go leor (Eurostat, SILC [ilc_mdes01]); |
|
(b) |
Riaráistí ar bhillí fóntais (Eurostat, SILC, [ilc_mdes07]); agus |
|
(ba) |
daonra iomlán ina bhfuil díon sceitheadh, ballaí taise, urláir nó bunús, nó lobhadh i bhfrámaí fuinneoige nó urlár (Eurostat, SILC [ilc_mdho01]); |
|
(bb) |
an ráta baol bochtaineachta (suirbhéanna Eurostat, SILC agus ECHP [ilc_li02]) (pointe scoite: 60 % den mheánioncam tar éis aistrithe sóisialta. |
▌
4. Áireoidh na Ballstáit faisnéis faoi na táscairí arna gcur i bhfeidhm, faoin meánsciar uimhríochtúil agus faoi thoradh na mbeart beartais a bhunófar i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo sna nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus sna tuarascálacha ar dhul chun cinn faoi seach i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán sin.
5. Féadfaidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó bhearta beartais, cibé acu a thugtar isteach iad faoin 31 Nollaig 2020 nó ina dhiaidh sin, a chomhaireamh, ar choinníoll go mbíonn gníomhaíochtaí aonair nua, a ghabhtar de láimh tar éis an 31 Nollaig 2020, mar thoradh ar na bearta sin. Ní bheidh coigilteas fuinnimh a bhaintear amach le linn aon tréimhse oibleagáide san áireamh sa mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear do na tréimhsí oibleagáide roimhe sin a leagtar amach i mír 1.
6. Ar choinníoll go mbaineann na Ballstáit amach, ar a laghad, a n-oibleagáid maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, féadfaidh siad an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 a ríomh trí cheann amháin nó níos mó de na modhanna seo a leanas:
|
(a) |
ráta bliantúil coigiltis a chur i bhfeidhm ar dhíolacháin fuinnimh do chustaiméirí deiridh nó ar ídiú críochnaitheach fuinnimh, a mheánaítear thar an tréimhse is déanaí 3 bliana go dtí an 1 Eanáir 2019; |
|
(b) |
fuinneamh a úsáidtear in iompar a fhágáil ar lár, go hiomlán nó go páirteach, ón mbonnlíne ríomha; |
|
(c) |
úsáid a bhaint as aon cheann de na roghanna a leagtar amach i mír 8. |
7. I gcás go n-úsáideann Ballstáit aon cheann de na féidearthachtaí dá bhforáiltear i mír 6 a mhéid a bhaineann leis an gcoigilteas fuinnimh a cheanglaítear dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, bunóidh siad an méid seo a leanas:
|
(a) |
a ráta coigiltis bhliantúil féin a chuirfear i bhfeidhm chun an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide atá acu a ríomh, lena n-áiritheofar nach ísle an méid deiridh dá nglan-choigilteas fuinnimh ná an coigilteas a cheanglaítear faoi phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1; |
|
(b) |
a mbonnlíne ríomha féin a fhéadfaidh an fuinnimh a úsáidtear in iompar a fhágáil ar lár go hiomlán nó go páirteach. |
8. Faoi réir mhír 9, féadfaidh gach Ballstát:
|
(a) |
an ríomh a cheanglaítear faoi phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 a dhéanamh ag úsáid luachanna 1 % in 2014 agus in 2015; 1,25 % in 2016 agus 2017; agus 1,5 % in 2018, 2019 agus 2020; |
|
(b) |
na díolacháin fuinnimh go léir nó cuid díobh a úsáidtear, de réir toirte, i dtaca leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1, nó fuinneamh deiridh arna thomhailt, i dtaca leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin, i ngníomhaíochtaí tionscail a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, a eisiamh ón ríomh; |
|
(c) |
coigilteas fuinnimh i bpointe (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 , coigilteas fuinnimh a baineadh amach sna hearnálacha trasfhoirmithe, dáilte agus tarchurtha fuinnimh, lena n-áirítear bonneagar téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil, mar thoradh ar chur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 23(4), pointe (a) d’Airteagal 24(4), agus Airteagal 25(1), (5) go (9) agus (11). a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta beartais atá beartaithe acu faoin bpointe seo don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid. Ríomhfar tionchar na mbeart sin i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus áireofar sna pleananna sin é; |
|
(d) |
coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó ghníomhaíochtaí aonair a cuireadh i bhfeidhm go nua ón 31 Nollaig 2008 agus a leanfaidh de thionchar a bheith acu in 2020 i ndáil leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 agus tar éis 2020 i ndáil leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, agus is féidir a thomhas agus a fhíorú, a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear; |
|
(e) |
coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó ghníomhaíochtaí beartais a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear, ar choinníoll gur féidir a léiriú go mbíonn gníomhaíochtaí aonair, a dhéantar le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus lena dtugtar coigilteas tar éis an 31 Nollaig 2020, mar thoradh ar na bearta sin; |
|
(f) |
30 % den mhéid infhíoraithe fuinnimh, a ghintear dá n-úsáid féin ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh mar thoradh ar bhearta beartais a chuireann suiteáil nua teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite chun cinn, a eisiamh ó ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear de bhun phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1; |
|
(g) |
an coigilteas fuinnimh sin a sháraíonn an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear de bhun phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 don tréimhse oibleagáide ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear ar choinníoll go n-eascraíonn an coigilteas sin ó ghníomhaíochtaí aonair a dhéantar faoi na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 a bhfuil fógra tugtha ag na Ballstáit ina leith ina gcuid Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh agus atá tuairiscithe acu ina dtuarascálacha ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 24. |
9. Déanfaidh na Ballstáit éifeacht na roghanna a roghnaítear faoi mhír 4 8 don tréimhse dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 a chur i bhfeidhm agus a ríomh ar leithligh:
|
(a) |
agus méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 á ríomh, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as pointí (a) go (d) de mhír 8. Ní mó na roghanna uile a roghnaítear faoi mhír 8 i dteannta a chéile ná 25 % den mhéid coigiltis fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1; |
|
(b) |
i gcás ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as pointí (b) go (g) de mhír 8 ar choinníoll go leanfaidh gníomhaíochtaí aonair dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 8 de thionchar infhíoraithe agus intomhaiste a bheith acu i ndiaidh an 31 Nollaig 2020. Agus na roghanna uile a roghnaítear faoi mhír 8 á gcur le chéile, ní thiocfaidh laghdú níos mó ná 35 % den mhéid coigiltis fuinnimh a ríomhtar i gcomhréir le míreanna 6 agus 7 mar thoradh orthu. |
Beag beann ar cibé a dhéanann nó nach ndéanann Ballstáit fuinneamh a úsáidtear in iompar a eisiamh, go hiomlán nó go páirteach, óna mbonnlíne ríomha nó an mbaineann siad úsáid as na roghanna a liostaítear i mír 8, áiritheoidh siad nach ísle an glanmhéid ríofa den choigilteas nua a bhainfear amach san ídiú críochnaitheach fuinnimh le linn na tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023 ná an méid a thiocfaidh as an ráta bliantúil coigiltis dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 a chur i bhfeidhm.
10. Tabharfaidh Ballstáit tuairisc sna nuashonraithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir leis an Iarscríbhinn sin, agus i dtuarascálacha ar dhul chun cinn ina dhiaidh sin ríomh mhéid na gcoigilteas fuinnimh atá le baint amach le linn na tréimhse idir 1 Eanáir 2021 agus 31 Nollaig 2030 agus, más ábhartha, a mhíniú conas a bunaíodh an ráta coigilteas bliantúil agus an bunlíne ríomha, agus cén dóigh agus a mhéid a cuireadh na roghanna dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo i bhfeidhm.
11. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin méid coigiltis fuinnimh is gá a bhaint amach dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhíreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, tuairisc ar na gníomhaíochtaí beartais atá le cur chun feidhme chun an méid iomlán is gá den choigilteas carnach fuinnimh críochúsáide agus dá modheolaíochtaí ríomha a bhaint amach de bhun Iarscríbhinn V den Treoir seo, mar chuid de na nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear sa nós imeachta de bhun Airteagail 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus i gcomhréir leis an nós imeachta sin. Úsáidfidh Ballstáit an teimpléad tuairiscithe arna sholáthar do na Ballstáit ag an gCoimisiún.
12. I gcás, ar bhonn an mheasúnaithe ar na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1999, nó ar bhonn an dréachta nó an uasdátaithe dheiridh den phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí ar tugadh fógra faoi de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, nó ar bhonn an mheasúnaithe ar na dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide deireanacha ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999, go measann an Coimisiún nach n-áirithíonn gníomhaíochtaí beartais go mbaintear amach an méid is gá maidir leis an gcoigilteas fuinnimh críochúsáide carnach faoi dheireadh na tréimhse oibleagáide, féadfaidh an Coimisiún moltaí a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999, do na Ballstáit sin ar leo na gníomhaíochtaí beartais a mheasann sé a bheith neamh-leordhóthanach chun a áirithiú go gcomhlíontar a n-oibleagáidí maidir le coigilteas fuinnimh.
13. I gcás nach bhfuil an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide is gá bainte amach ag Ballstát faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh sé an coigilteas fuinnimh atá gan íoc a bhaint amach de bhreis ar an gcoigilteas carnach fuinnimh críochúsáide is gá faoi dheireadh na tréimhse oibleagáide ina dhiaidh sin.
14. Mar chuid dá n-uasdátú faoina gcuid pleananna i leith fuinneamh náisiúnta agus na haeráide, agus na tuarascálacha ar dhul chun cinn ina dhiaidh sin a bhaineann leis na pleananna sin agus a dtugtar fógra fúthu de bhun Rialachán (AE) 2018/1999, léireoidh na Ballstáit, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, fianaise agus ríomhanna:
|
(a) |
i gcás ina mbeidh forluí i dtionchar na ngníomhaíochtaí beartais nó na ngníomhaíochtaí aonair, nach mbeidh aon ríomh dúbailte coigiltis fuinnimh; |
|
(b) |
conas a rannchuidíonn an coigilteas fuinnimh a bhaintear amach de bhun phointí (b) agus (c) de mhír 1, an chéad fhomhír, lena rannchuidiú náisiúnta de bhun Airteagal 4 a bhaint amach; |
|
(c) |
go mbunaítear na gníomhaíochtaí beartais sin chun a n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh, ar gníomhaíochtaí iad a cheaptar i gcomhréir le ceanglais an Airteagail seo agus go bhfuil na gníomhaíochtaí beartais sin incháilithe agus iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach an méid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide. |
Airteagal 9
Scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh
1. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh chun an méid coigiltis a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a bhaint amach trí scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh na páirtithe faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo atá ag feidhmiú i gcríoch gach Ballstáit, gan dochar d’Airteagal 8(8) agus (9), a gceanglas maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a leagtar amach in Airteagal 8(1).
I gcás inarb infheidhme, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go gcomhlíonfaidh páirtithe faoi oibleagáid an coigilteas sin, go hiomlán nó go páirteach, mar rannchuidiú leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 28(11).
2. Ainmneoidh na Ballstáit, ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, páirtithe faoi oibleagáid i measc oibreoirí córais tarchurtha , oibreoirí córais dáileacháin , dáileoirí fuinnimh, cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola agus dáileoirí breosla iompair nó miondíoltóirí breosla iompair a oibríonn ina gcríoch. Déanfaidh na páirtithe faoi oibleagáid i measc custaiméirí deiridh, arna n-ainmniú ag an mBallstát, an méid coigiltis fuinnimh is gá a bhaint amach chun an oibleagáid a chomhlíonadh, go neamhspleách ar an ríomh de bhun Airteagal 8(1) nó, má chinneann na Ballstáit amhlaidh, trí choigilteas deimhnithe a eascraíonn ó pháirtithe eile de réir mar a thuairiscítear i bpointe (a) de mhír 10 den Airteagal seo.
3. I gcás ina n-ainmnítear cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola mar pháirtithe faoi oibleagáid faoi mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit, agus a n-oibleagáid á comhlíonadh acu, nach gcruthóidh cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola aon bhacainní a chuireann bac ar thomhaltóirí aistriú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile.
4. Déanfaidh na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid a spreagadh chun sciar dá n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach i measc daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus teaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal freisin ar pháirtithe faoi oibleagáid spriocanna laghdaithe costas fuinnimh a bhaint amach agus coigilteas fuinnimh a bhaint amach trí bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn, lena n-áirítear bearta tacaíochta airgeadais lena maolófar éifeachtaí praghsanna carbóin ar FBManna agus ar mhicrifhiontair .
5. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar pháirtithe faoi oibleagáid oibriú le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla nó le bardais , agus teagmháil a dhéanamh le seirbhísí sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun ardán rannpháirtíochta a bhunú a bheidh tiomnaithe do mhaolú na bochtaineachta fuinnimh, chun bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn i measc daoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu, i measc custaiméirí leochaileacha agus teaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, i measc daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Áirítear leis sin riachtanais shonracha grúpaí ar leith atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó atá níos so-ghabhálaí i leith éifeachtaí na bochtaineachta fuinnimh a shainaithint agus aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin na ngrúpaí sin. Chun cosaint a thabhairt do chustaiméirí atá leochaileach maidir le bochtaineacht fuinnimh agus, i gcás inarb infheidhme, do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, spreagfaidh na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid chun gníomhaíochtaí a dhéanamh amhail athchóiriú foirgneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta, athsholáthar fearas, tacaíocht airgeadais agus dreasachtaí do bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir le scéimeanna náisiúnta maoinithe agus tacaíochta, nó iniúchtaí fuinnimh.
6. Ceanglóidh na Ballstáit ar pháirtithe faoi oibleagáid tuairisciú ar bhonn bliantúil ar an gcoigilteas fuinnimh a bhaineann na páirtithe faoi oibleagáid amach ó ghníomhaíochtaí a chuirtear chun cinn i measc daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, agus iarrfaidh siad faisnéis chomhiomlánaithe staidrimh ar a gcustaiméirí deiridh (agus athruithe ar choigilteas fuinnimh a shainaithint san fhaisnéis a cuireadh isteach roimhe sin) agus maidir leis an tacaíocht theicniúil agus airgeadais a sholáthraítear.
7. Déanfaidh na Ballstáit an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear ar gach páirtí faoi oibleagáid a shloinneadh i dtéarmaí tomhaltas fuinnimh deiridh nó tomhaltas fuinnimh phríomhúil. An modh a roghnaítear chun an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear a shloinneadh, úsáidfear é freisin chun an coigilteas a éileoidh páirtithe faoi oibleagáid a ríomh. Agus an méid coigiltis fuinnimh á, thiontú, beidh feidhm ag na glanluachanna calracha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 (62) ón gCoimisiún agus ag an bhfachtóir fuinnimh phríomhúil de bhun Airteagal 29 ach amháin má bhíonn údar maith le fachtóirí coinbhéartachta eile a úsáid.
8. Cuirfidh na Ballstáit córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe ar bun chun fíorú doiciméadaithe a dhéanamh ar sciar atá suntasach ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ar a laghad, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chuir na páirtithe faoi oibleagáid i bhfeidhm. Déanfar an tomhas, an rialú agus an fíorú go neamhspleách ar na páirtithe faoi oibleagáid. [I gcás gur páirtí faoi oibleagáid atá san eintiteas, faoi scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh faoi Airteagal 9 agus faoi Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí maidir le foirgnimh agus iompar bóthair [(2021) 551 final, 2021/0211 (COD) (63)], áiritheofar leis an gcóras fíoraithe agus faireacháin go gcuirfear an praghas carbóin a chuirtear tríd agus breosla á scaoileadh le haghaidh ídithe [de réir Airteagal 1(21)de COM (2021) final 2021/0211 (COD)] san áireamh i ríomh agus i dtuairisciú choigilteas fuinnimh bhearta coigiltis fuinnimh an eintitis.]
9. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, maidir leis na córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe a cuireadh i bhfeidhm, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do na modhanna a úsáideadh, na saincheisteanna a sainaithníodh agus an chaoi ar tugadh aghaidh orthu.
10. Laistigh den scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, féadfaidh na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
coigilteas fuinnimh deimhnithe a áireamh faoi chomhair a n-oibleagáide, ar coigilteas é a bhaineann soláthraithe seirbhíse fuinnimh nó tríú páirtithe eile amach, lena n-áirítear nuair a chuireann páirtithe faoi oibleagáid bearta chun cinn trí chomhlachtaí formheasta eile ag an Stát nó trí údaráis phoiblí a fhéadfaidh baint a bheith acu le comhpháirtíochtaí foirmiúla agus a fhéadfaidh a bheith in éineacht le foinsí eile airgeadais. I gcás ina gceadóidh na Ballstáit amhlaidh, áiritheoidh siad go leanfaidh deimhniúchán coigiltis fuinnimh próiseas formheasa a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit, agus a bheidh soiléir, trédhearcach agus oscailte do gach rannpháirtí margaidh, agus arb é is aidhm dó na costais a bhaineann le deimhniúchán a laghdú; |
|
(b) |
coigilteas a fhaightear i mbliain ar leith a chomhaireamh amhail is dá mbeidís faighte ina ionad in aon cheann de na 4 bliana roimhe sin nó le linn na 3 bliana dá éis fad is nach bhfuil sé seo thar dheireadh na dtréimhsí oibleagáide a leagtar amach in Airteagal 7 8(1). |
Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an tionchar atá ag costais dhíreacha agus neamhdhíreacha na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh ar iomaíochas tionscal dianfhuinnimh a thagann faoi thionchar iomaíochais idirnáisiúnta agus, más iomchuí, glacfaidh siad bearta chun an tionchar sin a íoslaghdú.
11. Is ar bhonn bliantúil a fhoilseoidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh a bheidh bainte amach ag gach páirtí faoi oibleagáid, nó ag gach fochatagóir de pháirtí faoi oibleagáid, agus san iomlán faoin scéim.
Airteagal 10
Gníomhaíochtaí beartais malartacha
1. I gcás ina gcinnfidh Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir leis an gcoigilteas a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a bhaint amach trí bhíthin gníomhaíochtaí beartais malartacha, áiritheoidh siad, gan dochar d’Airteagal 8(8) agus (9), go mbainfear amach an coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) i measc na gcustaiméirí deiridh.
2. I gcás gach birt eile seachas na cinn sin a bhaineann le cánachas, cuirfidh na Ballstáit córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe i bhfeidhm faoina ndéanfar fíorú doiciméadaithe ar sciar atá suntasach ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ar a laghad, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chuir na páirtithe rannpháirteacha nó na páirtithe ar cuireadh cúram orthu i bhfeidhm. Déanfar an tomhas, an rialú agus an fíorú go neamhspleách ar na páirtithe rannpháirteacha nó ar na páirtithe iontaoibhe.
3. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, maidir leis na córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe a cuireadh i bhfeidhm, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do na modhanna a úsáideadh, na saincheisteanna a sainaithníodh agus an chaoi ar tugadh aghaidh orthu.
4. Agus beart cánachais á thuairisciú, lena n-áirítear muirir nó táillí paraifhioscacha, léireoidh na Ballstáit gur dearadh iad leis an gcuspóir coigilteas fuinnimh a ghiniúint agus an chaoi a ndearnadh éifeachtacht an chomhartha praghais, amhail ráta cánach agus infheictheacht le himeacht ama, a áirithiú agus an beart cánachais á cheapadh. I gcás ina mbeidh laghdú ar an ráta cánach, tabharfaidh na Ballstáit bonn cirt faoin gcaoi a mbeidh coigilteas fuinnimh nua fós mar thoradh ar na bearta cánachais.
Airteagal 11
Córais bhainistíochta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh fiontair córas bainistíochta fuinnimh chun feidhme, i gcás inar mar seo a leanas a bheidh a meántomhaltas bliantúil fuinnimh sna 3 bliana roimhe sin, agus na hiompróirí fuinnimh uile á gcur le chéile acu:
|
(a) |
níos airde ná 100 TJ, ón 1 Eanáir 2024; |
|
(b) |
níos airde ná 70 TJ, ón 1 Eanáir 2027. |
Déanfaidh comhlacht neamhspleách an córas bainistíochta fuinnimh a dheimhniú de réir na gCaighdeán Eorpach nó Idirnáisiúnta ábhartha.
2. Áiritheoidh na Ballstáit ▌ go mbeidh fiontair nach gcuireann córas bainistíochta fuinnimh chun feidhme faoi réir iniúchadh fuinnimh, i gcás inar mar seo a leanas a bheidh a meántomhaltas bliantúil fuinnimh sna 3 bliana roimhe sin, agus na hiompróirí fuinnimh uile á gcur le chéile acu:
|
(a) |
níos airde ná 10 TJ, ón 1 Eanáir 2024; |
|
(b) |
níos airde ná 6 TJ, ón 1 Eanáir 2027. |
Déanfaidh saineolaithe cáilithe nó creidiúnaithe earnáilsonracha nó comhlachtaí neamhspleácha creidiúnaithe na hiniúchtaí fuinnimh i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha Eorpacha nó idirnáisiúnta ar bhealach neamhspleách agus costéifeachtach i gcomhréir leis na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 26 nó déanfaidh údaráis neamhspleácha iad a chur chun feidhme agus a mhaoirsiú faoin reachtaíocht náisiúnta. Déanfar iniúchtaí fuinnimh gach 4 bliana ar a laghad ó dháta na hiniúchta fuinnimh roimhe sin.
Mar thoradh ar thorthaí na n-iniúchtaí fuinnimh, lena n-áirítear na moltaí ó na hiniúchtaí sin, beidh pleananna cur chun feidhme nithiúla agus indéanta ina léireofar an costas agus an tréimhse aisíoca do gach gníomhaíocht éifeachtúlachta fuinnimh a mholtar agus tarchuirfear chuig bainistíocht an fhiontair iad. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cur chun feidhme na moltaí éigeantach, cé is moite díobh siúd ina bhfuil an tréimhse aisíoca níos faide ná 3 bliana. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar na torthaí agus na moltaí a chuirfear chun feidhme i dtuarascáil bhliantúil an fhiontair, agus go gcuirfear ar fáil go poiblí iad, seachas faisnéis atá faoi réir dlíthe náisiúnta lena gcosnaítear rúin trádála agus ghnó agus rúndacht .
2a. Féadfaidh na Ballstáit na cuideachtaí incháilithe uile a spreagadh chun an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil ina dtuarascáil bhliantúil:
|
(a) |
faisnéis maidir leis an tomhaltas bliantúil fuinnimh in kWh; |
|
(b) |
faisnéis maidir le toirt bhliantúil an uisce a ídítear i méadair chiúbacha; |
|
(c) |
comparáidí idir tomhaltas bliantúil fuinnimh agus uisce na saoráide céanna agus na blianta roimhe sin. |
3. Cuirfidh na Ballstáit iniúchtaí fuinnimh ardcháilíochta chun cinn a mbeidh fáil ag na custaiméirí deiridh go léir orthu agus ar iniúchtaí iad a bheidh cost-éifeachtach agus:
|
(a) |
déanta ag saineolaithe cáilithe agus/nó creidiúnaithe ar bhealach neamhspleách de réir critéir cháilithe; nó |
|
(b) |
curtha chun feidhme agus maoirsithe ag údaráis neamhspleácha faoin reachtaíocht náisiúnta. |
Féadfaidh saineolaithe inmheánacha nó iniúchóirí fuinnimh na hiniúchtaí fuinnimh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil coimircí curtha i bhfeidhm ag an mBallstát lena mbaineann chun a áirithiú go mbeidh siad in ann iniúchtaí a dhéanamh ar bhealach neamhspleách chomh maith le scéim chun a gcáilíocht a áirithiú agus a sheiceáil, lena n-áirítear, más iomchuí, roghnú randamach bliantúil de chéatadán atá suntasach ó thaobh staidrimh de, ar a laghad, de na hiniúchtaí fuinnimh uile a dhéanann siad.
Chun críche ardcháilíocht na n-iniúchtaí fuinnimh agus na gcóras bainistíochta fuinnimh a ráthú, cuirfidh Ballstáit critéir íosta thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha ar bun do na hiniúchtaí fuinnimh bunaithe ar Iarscríbhinn VI agus a shonraítear i gcaighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta . Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar na seiceálacha cáilíochta chun bailíocht agus cruinneas na n-iniúchtaí fuinnimh a áirithiú.
Ní bheidh san áireamh in iniúchóireachtaí fuinnimh clásail lena gcuirtear cosc ar aistriú thorthaí na hiniúchóireachta chuig aon soláthraí seirbhíse fuinnimh cáilithe/creidiúnaithe, ar choinníoll nach gcuirfidh an custaiméir ina choinne.
4. Forbróidh na Ballstáit cláir a mbeidh sé mar aidhm leo FBManna nach bhfuil faoi réir mhír 1 nó mhír 2 a spreagadh dul faoi iniúchtaí fuinnimh agus cur chun feidhme na moltaí ó na hiniúchtaí sin ina dhiaidh sin agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil dóibh , agus na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI á gcomhlíonadh .
Ar bhonn critéar trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus gan dochar do dhlí an Aontais maidir le státchabhair, cuirfidh na Ballstáit sásraí ar bun amhail lárionaid iniúchóireachta fuinnimh do FBManna agus do mhicirfhiontair, i gcás nach bhfuil siad in iomaíocht le hiniúchóirí príobháideacha, mar aon le scéimeanna tacaíochta eile do FBManna, lena n-áirítear má tá comhaontuithe deonacha tugtha i gcrích acu, chun costais iniúchta fuinnimh a chumhdach agus chun moltaí atá iontach costéifeachtach ó na hiniúchtaí fuinnimh a chur chun feidhme, má chuirtear na bearta atá beartaithe chun feidhme.
Tacóidh na Ballstáit le cur chun feidhme na moltaí trí bhíthin tacaíocht theicniúil agus airgeadais agus soláthróidh siad dreasachtaí chun na moltaí sin a chur chun feidhme, ar tacaíocht í nach gcuirfear san áireamh faoin uasmhéid cabhrach de minimis d’fhiontair, rochtain níos éasca ar mhaoiniú, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna agus ar na cuideachtaí sin a chuireann moltaí chun feidhme a mbeidh an tionchar is mó acu ar dhícharbónú ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de.
Tarraingeoidh na Ballstáit aird FBManna, lena n-áirítear trína n-eagraíochtaí idirmheánacha ionadaíocha faoi seach, ar shamplaí nithiúla den chaoi a bhféadfadh córais bhainistithe fuinnimh cabhrú lena ngnólachtaí. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit trí thacú le malartú dea-chleachtas sa réimse seo.
4a. Chun críche mhír 4, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an méid seo a leanas ar áireamh sna cláir:
|
(a) |
córais bainistíochta fuinnimh lena mbaineann bainistiú an fhiontair a chomhtháthú, lena n-áirítear dreasachtaí airgeadais le tiomantas an fhiontair do ghlacadh leis na bearta éifeachtúlachta fuinnimh a bheidh sainaitheanta; |
|
(b) |
tacaíocht do FBManna maidir leis na tairbhí iomadúla a bhaineann le bearta éifeachtúlachta fuinnimh laistigh dá n-oibríochtaí a chainníochtú; |
|
(c) |
treochláir éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt a bhaineann go sonrach le cuideachtaí, a forbraíodh i bpróiseas idirghníomhach, agus spriocanna, bearta agus roghanna airgeadais agus teicneolaíochta á gcur in ord tosaíochta; |
|
(d) |
forbairt líonraí aistrithe fuinnimh FBManna, arna n-éascú ag éascaitheoirí neamhspleácha; |
|
(e) |
sásraí tacaíochta le haghaidh líonraí den sórt sin chun iniúchtaí fuinnimh nó córais bhainistíochta fuinnimh a chur in úsáid. |
5. Forbróidh na Ballstáit cláir chun FBManna nach bhfuil faoi réir mhír 1 nó mhír 2 a spreagadh dul faoi iniúchtaí fuinnimh agus cur chun feidhme na moltaí ó na hiniúchtaí sin ina dhiaidh sin, agus na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI á gcomhlíonadh .
6. Measfar go gcomhlíonann iniúchtaí fuinnimh ceanglais mhír 2 nuair a dhéantar ar bhealach neamhspleách iad, ar bhonn íoschritéir bunaithe ar Iarscríbhinn VI, agus arna gcur chun feidhme faoi chomhaontuithe deonacha arna dtabhairt i gcrích idir eagraíochtaí geallsealbhóirí agus comhlacht ceaptha arna maoirsiú ag an mBallstát lena mbaineann, nó ag comhlachtaí eile a bhfuil an fhreagracht lena mbaineann tarmligthe chucu ag na húdaráis inniúla, nó ag an gCoimisiún.
Beidh an rochtain atá ag rannpháirtithe sa mhargadh a thairgeann seirbhísí fuinnimh bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
7. Measfar go gcomhlíonann fiontair a chuireann conradh feidhmíochta fuinnimh chun feidhme ceanglais mhír 1 agus mhír 2 ar choinníoll go gcumhdaíonn an conradh feidhmíochta fuinnimh na gnéithe riachtanacha den chóras bainistíochta agus go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV.
8. Measfar go gcomhlíonann fiontair a chuireann córas bainistíochta comhshaoil i bhfeidhm – atá deimhnithe ag comhlacht neamhspleách de réir caighdeán ábhartha idirnáisiúnta nó Eorpacha – ceanglais mhíreanna 1 agus 2 , ar choinníoll go n-áirítear leis an gcóras bainistíochta comhshaoil iniúchadh fuinnimh ar bhonn na gcritéar íosta bunaithe ar Iarscríbhinn IV.
9. Féadfaidh iniúchtaí fuinnimh seasamh a bheith neamhspleách nó déanta mar chuid d’iniúchadh comhshaoil níos leithne. Féadfaidh na Ballstáit a éileamh go mbeidh measúnú ar indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch nascadh le líonra téimh nó fuaraithe ceantair atá ann cheana nó atá beartaithe mar chuid den iniúchadh fuinnimh.
Gan dochar do dhlí an Aontais maidir le státchabhair, féadfaidh na Ballstáit scéimeanna dreasachta agus tacaíochta a chur chun feidhme chun moltaí ó iniúchtaí fuinnimh agus ó bhearta comhchosúla a chur chun feidhme.
9a. Déanfaidh na Ballstáit cur chun feidhme córas bainistithe fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh a chur chun cinn laistigh den riarachán poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.
▌
Airteagal 11 a
Lárionaid sonraí
1. Faoin 15 Márta 2024 agus go bliantúil ina dhiaidh sin, ceanglóidh na Ballstáit ar úinéirí agus ar oibreoirí gach lárionaid sonraí ina gcríoch a bhfuil éileamh suiteáilte ar chumhacht TF de 100 kW ar a laghad acu, go háirithe in earnáil TFC, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VIa a chur ar fáil go poiblí ar bhonn formáid chomhchuibhithe.
2. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a chomhthiomsaigh siad de bhun mhír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill. Déanfar an fhaisnéis a phoibliú trí bhunachar sonraí arna bhunú agus arna oibriú ag an gCoimisiún.
3. Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte maidir le faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht fuinnimh lárionad sonraí agus í a fhoilsiú i gcomhréir le hIarscríbhinn VIa. Beidh sainmhínithe comhchuibhithe sna treoirlínte sin le haghaidh gach míre faisnéise chomh maith le modheolaíocht aonfhoirmeach tomhais, treoirlínte tuairiscithe agus teimpléad comhchuibhithe le haghaidh aistriú na faisnéise ionas gur féidir tuairisciú comhsheasmhach a dhéanamh ar fud na mBallstát uile.
4. Spreagfaidh na Ballstáit úinéirí agus oibreoirí gach lárionaid sonraí ina gcríoch a bhfuil éileamh suiteáilte ar chumhacht TF acu arb ionann é agus 1 MW nó ar mó ná sin é chun na cleachtais is fearr dá dtagraítear sa leagan is déanaí den Chód Iompair Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí, nó i ndoiciméad CLC TR50600-99-1 ón gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ó Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil dar teideal Data centre facilities and infrastructures – Part 99-1: Recommended practices for energy management [Saoráidí agus bonneagair lárionad sonraí – Cuid 99-1: Cleachtais mholta don bhainistiú fuinnimh], go dtí go dtiocfaidh an gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 31(3) den Treoir seo i bhfeidhm.
5. Faoin 15 Márta 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na sonraí atá ar fáil maidir le héifeachtúlacht fuinnimh lárionad sonraí arna gcur faoina bhráid ag na Ballstáit de bhun mhír 2 agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh togra maidir le bearta breise chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí, lena n-áirítear maidir le híoschaighdeáin feidhmíochta a bhunú agus measúnú ar indéantacht an aistrithe chuig lárionaid astaíochtaí glan-nialasacha, i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha. Féadfaidh togra den sórt sin creat ama a bhunú ina mbeidh ar lárionaid sonraí atá ann cheana íoschaighdeáin feidhmíochta a chomhlíonadh.
Airteagal 12
Méadrú i gcomhair gás nádúrtha
1. Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid is féidir go teicniúil, réasúnach agus comhréireach ó thaobh airgeadais de i ndáil leis an gcoigilteas fuinnimh fhéideartha, go gcuirfear ar fáil méadair aonair ar phraghas iomaíoch do chustaiméirí deiridh gáis nádúrtha a léireoidh ídiú fuinnimh iarbhír an chustaiméara deiridh go cruinn agus a chuirfidh faisnéis faoin am úsáide iarbhír ar fáil.
Soláthrófar méadar aonair den sórt sin ar phraghas iomaíoch i gcónaí sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
nuair a dhéantar méadar atá ann cheana a ionadú, ach amháin má tá sé sin dodhéanta go teicniúil nó mura bhfuil sé cost-éifeachtach i ndáil leis an gcoigilteas a d’fhéadfadh a bheith ann san fhadtéarma; |
|
(b) |
nuair a dhéantar nascadh nua i bhfoirgneamh nua nó nuair a dhéantar athchóiriú mór ar fhoirgneamh, mar a leagtar amach i dTreoir 2010/31/AE. |
2. I gcás ina ndéanfaidh, agus a mhéid a dhéanfaidh, na Ballstáit córais méadraithe chliste a chur chun feidhme agus méadair chliste i gcomhair gáis nádúrtha a leathadh amach i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE:
|
(a) |
áiritheoidh siad go dtabharfaidh na córais méadrúcháin faisnéis do na custaiméirí deiridh maidir leis an am úsáide iarbhír agus go gcuirfear san áireamh go hiomlán cuspóirí na héifeachtúlachta fuinnimh agus na sochar do chustaiméirí deiridh agus feidhmiúlachtaí íosta na méadair agus na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar rannpháirtithe sa mhargadh á mbunú; |
|
(b) |
áiritheoidh siad slándáil na méadar cliste agus na cumarsáide sonraí, agus príobháideacht na gcustaiméirí deiridh, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas; |
|
(c) |
éileoidh siad go dtabharfar comhairle agus faisnéis iomchuí do na custaiméirí deiridh tráth a shuiteálfar na méadair chliste, go háirithe maidir lena bpoitéinseal iomlán i ndáil le bainistiú léimh an mhéadair agus faireachán ar ídiú fuinnimh. |
Airteagal 13
Méadrú i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear méadair ar phraghas iomaíoch ar fáil do chustaiméirí deiridh i gcomhair téamh ceantair, fuarú ceantair agus uisce te tí a léireoidh go cruinn a dtomhaltas fuinnimh iarbhír.
2. I gcás ina soláthraítear téamh, fuarú nó uisce te tí d'fhoirgneamh ó fhoinse lárnach a sheirbhísíonn foirgnimh iolracha nó ó chóras téimh ceantair nó fuaraithe ceantair, suiteálfar méadar ag an malartóir teasa nó ag an bpointe seachadta.
Airteagal 14
Fomhéadrú agus leithdháileadh na gcostas i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí
1. I bhfoirgnimh ilárasán agus ilchuspóra a bhfuil foinse téimh lárnaigh nó fuaraithe lárnaigh acu nó a sholáthraítear as córas téimh ceantair nó fuaraithe ceantair, suiteálfar méadair aonair chun tomhaltas an teasa, an fhuaraithe nó an uisce the tí do gach aonad foirgnimh a thomhas, i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil agus go costéifeachtach i dtéarmaí an méid sin a bheith comhréireach i ndáil leis an gcoigilteas fuinnimh féideartha.
I gcás nach mbeidh úsáid méadar aonair indéanta go teicniúil nó i gcás nach mbeidh sé costéifeachtúil ídiú teasa i ngach aonad foirgnimh a thomhas, úsáidfear leithdháileoirí costais teasa aonair chun ídiú teasa a thomhas ag gach radaitheoir mura suífidh an Ballstát atá i gceist nach mbeadh suiteáil na leithdháileoirí costais teasa sin costéifeachtúil. Sna cásanna sin, féadfar modhanna malartacha costéifeachtúla chun ídiú teasa a thomhas a mheas. Déanfaidh gach Ballstát na critéir ghinearálta, na modheolaíochtaí ginearálta agus/nó na nósanna imeachta ginearálta chun an neamh-indéantacht theicniúil agus an neamh-chostéifeachtúlacht a chinneadh a leagan amach agus a fhoilsiú go soiléir.
2. I bhfoirgnimh ilárasán nua agus i gcodanna cónaithe d'fhoirgnimh ilchuspóra nua ina bhfuil foinse lárnach téimh le haghaidh uisce te tí nó ina bhfaightear an soláthar ó chórais téimh ceantair, soláthrófar méadair aonair le haghaidh uisce te tí, d'ainneoin na chéad fhomhíre de mhír 1.
3. I gcás gur as téamh ceantair nó fuarú ceantair a dhéantar soláthar d'fhoirgnimh ilárasán nó ilchuspóra, nó i gcás córais dhílse téimh nó fuaraithe d'fhoirgnimh den sórt sin a bheith leitheadúil, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rialacha trédhearcacha náisiúnta i bhfeidhm acu a bhfuil teacht ag an bpobal orthu maidir le leithdháileadh costas tomhaltais téimh, fuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh den sórt sin chun trédhearcacht agus cruinneas na cuntasaíochta i gcás tomhaltas aonair a áirithiú. I gcás inarb iomchuí, áireofar i rialacha den sórt sin treoirlínte maidir leis an mbealach is ceart an costas a leithdháileadh i dtaobh fuinneamh a úsáidtear mar a leanas:
|
(a) |
uisce te tí; |
|
(b) |
teas a radaítear ón tsuiteáil foirgnimh agus chun na limistéir chomhchoiteanna a théamh, i gcás ina mbeidh staighrí agus dorchlaí feistithe le radaitheoirí; |
|
(c) |
chun árasáin a théamh nó a fhuarú. |
Airteagal 15
Ceanglas cianléimh
1. Chun críocha Airteagail 13 agus 14, is feistí atá inléite go cianda a bheidh sna méadair agus sna leithdháileoirí costais teasa atá nua-shuiteáilte . Beidh feidhm ag coinníollacha na hindéantachta teicniúla agus na costéifeachtúlachta, a leagtar amach in Airteagal 14(1).
2. Tabharfar an cumas do mhéadair agus do leithdháileoirí costais teasa nach bhfuil inléite go cianda ach atá suiteáilte cheana féin a bheith inléite go cianda nó cuirfear feistí atá inléite go cianda ina n-ionad faoin 1 Eanáir 2027, ach amháin i gcás ina léiríonn an Ballstát i dtrácht nach bhfuil sin costéifeachtúil.
Airteagal 16
Faisnéis bhilleála don ghás nádúrtha
1. I gcás nach mbeidh méadair chliste dá dtagraítear i dTreoir 2009/73/CE ag custaiméirí deiridh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis bhilleála iontaofa don ghás nádúrtha cruinn agus bunaithe ar ídiú iarbhír, i gcomhréir le pointe 1.1 d’Iarscríbhinn VII más rud é go bhfuil sé sin indéanta go teicniúil agus go mbeidh bonn eacnamaíoch leis.
Féadfar an oibleagáid sin a chomhlíonadh trí chóras féinléite rialta ag na custaiméirí deiridh faoina gcuirfidh siad na léamha óna méadar chuig an soláthróir fuinnimh. Sa chás nár thug an custaiméir deiridh léamh méadair maidir le tréimhse billeála ar leith, agus sa chás sin amháin, bunófar an bhilleáil ar an ídiú measta nó ar ráta comhréidh.
2. Méadair a shuiteáiltear i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE, beidh siad in ann faisnéis bhilleála chruinn a sholáthar bunaithe ar thomhaltas iarbhír. Áiritheoidh an Ballstáit go mbeidh an fhéidearthacht ag custaiméirí deiridh rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis chomhlántach faoin ídiú stairiúil a chuirfidh ar a gcumas féinseiceálacha mionsonraithe a dhéanamh.
Cuimseofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis chomhlántach faoin ídiú stairiúil:
|
(a) |
sonraí carnacha do na 3 bliana roimhe sin ar a laghad nó don tréimhse ó thús an chonartha soláthair más giorra sin. Comhfhreagróidh na sonraí do na tréimhsí dar táirgeadh faisnéis rialta billeála; |
|
(b) |
sonraí mionsonraithe de réir am na húsáide do gach lá, seachtain, mí agus bliain. Cuirfear na sonraí sin ar fáil don chustaiméir deiridh tríd an idirlíon nó tríd an gcomhéadan méadrúcháin do na 24 mhí roimh sin ar a laghad nó don tréimhse ó thús an chonartha soláthair más giorra sin. |
3. Go neamhspleách ar cé acu a suiteáladh méadair chliste nó nár suiteáladh, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
|
(a) |
a chur de cheangal, sa mhéid go bhfuil fáil ar fhaisnéis maidir le billeáil fuinnimh agus ídiú stairiúil na gcustaiméirí deiridh, go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do sholáthraí seirbhíse fuinnimh arna ainmniú ag an gcustaiméir deiridh; |
|
(b) |
a áirithiú go dtabharfar an rogha do na custaiméirí deiridh faisnéis billeála leictreonach agus billí leictreonacha a fháil agus go bhfaighidh siad míniú soiléir sothuigthe, arna iarraidh sin dóibh, ar an gcaoi a ríomhadh a mbille, go háirithe i gcás nach bhfuil an bille bunaithe ar an ídiú iarbhír; |
|
(c) |
a áirithiú go gcuirfear faisnéis iomchuí ar fáil leis an mbille chun cuntas cuimsitheach ar na costais fuinnimh reatha a chur ar fáil do chustaiméirí deiridh, i gcomhréir le hIarscríbhinn VII; |
|
(d) |
a leagan síos nach measfar gur iarraidh ar íocaíocht atá san fhaisnéis atá sna billí sin, arna iarraidh sin don chustaiméir deiridh. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtáirgeann soláthróirí foinsí fuinnimh socruithe solúbtha le haghaidh íocaíochtaí iarbhír |
|
(e) |
a chur de cheangal go gcuirfear faisnéis agus meastacháin le haghaidh costas fuinnimh ar fáil do thomhaltóirí ar éileamh agus go tráthúil, agus i bhformáid atá intuigthe go héasca lena gcuirfear ar chumas na dtomhaltóirí comparáid a dhéanamh idir idirbhearta ar bhonn “macasamhail le macasamhail”. |
Airteagal 17
Faisnéis bhilleála agus ídithe i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí
1. I gcás ina suiteáiltear méadair nó leithdháileoirí costais teasa, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis bhilleála agus ídithe iontaofa, cruinn agus bunaithe ar ídiú iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa, i gcomhréir le pointí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn VIII i gcás gach úsáideora deiridh.
I gcás ina bhforálann Ballstát dá leithéid, seachas i gcás ídiú fomhéadraithe bunaithe ar leithdháileoirí costais teasa faoi Airteagal 14, féadfar an oibleagáid sin a chomhlíonadh trí chóras féinléimh rialta ina gcuirfidh an custaiméir deiridh nó an t-úsáideoir deiridh léamha óna méadar in iúl don soláthróir fuinnimh. Ní bhunófar an bhilleáil ar ídiú measta nó ar chothrom-ráta ach amháin i gcás nach mbeidh léamh méadair curtha ar fáil ag an gcustaiméir deiridh nó ag an úsáideoir deiridh le haghaidh eatramh billeála ar leith.
2. Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
|
(a) |
a cheangal, má tá faisnéis faoi bhilleáil fuinnimh agus ídiú stairiúil nó léamha leithdháileoirí costais teasa na n-úsáideoirí deiridh ar fáil, go gcuirfear ar fáil í, arna iarraidh sin ag an úsáideoir deiridh, do sholáthraí seirbhíse fuinnimh arna ainmniú ag an úsáideoir deiridh; |
|
(b) |
a áirithiú go dtairgfear do chustaiméirí deiridh rogha na faisnéise billeála leictreonaí agus billí; |
|
(c) |
a áirithiú siad go gcuirfear faisnéis shoiléir intuigthe ar fáil leis an mbille do gach úsáideoir deiridh i gcomhréir le pointe 3 d'Iarscríbhinn VIII; |
|
(d) |
an chibearshlándáil a chur chun cinn agus príobháideachas agus cosaint sonraí na n-úsáideoirí deiridh a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme. |
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, ar iarraidh ón gcustaiméir deiridh, nach measfar gur iarraidh ar íocaíocht atá i soláthar faisnéise billeála. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar socruithe solúbtha le haghaidh íocaíocht iarbhír a thairgeadh.
3. Cinnfidh na Ballstáit cé a bheidh freagrach as an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a sholáthar do na húsáideoirí deiridh nach bhfuil aon chonradh díreach nó aonair le soláthróir fuinnimh acu.
Airteagal 18
Costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála don ghás nádúrtha
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh custaiméirí deiridh a mbillí agus a bhfaisnéis bhilleála go léir i gcomhair ídiú fuinnimh saor in aisce agus go mbeidh rochtain ag custaiméirí deiridh freisin ar a sonraí ídithe ar shlí iomchuí agus saor in aisce.
Airteagal 19
Costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála agus ídithe i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húsáideoirí deiridh a mbillí agus a bhfaisnéis bhilleála go léir i gcomhair tomhaltas fuinnimh saor in aisce agus go mbeidh rochtain ag na húsáideoirí deiridh freisin ar a sonraí tomhaltais ar shlí iomchuí agus saor in aisce.
2. D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, is ar bhonn neamhbhrabúsach a dhéanfar costais na faisnéise billeála d’ídiú aonair téimh, fuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh ilárasán agus i bhfoirgnimh ilchuspóra a dháileadh de bhun Airteagal 14. Féadfar costais a eascraíonn ó shannadh an chúraim sin do thríú páirtí, amhail soláthraí seirbhíse nó an soláthróir fuinnimh áitiúil, ina gcumhdaítear an tomhas, an leithdháileadh agus an chuntasaíocht d’ídiú aonair iarbhír i bhfoirgnimh den sórt sin, a chur ar aghaidh chun na n-úsáideoirí deiridh a mhéid a bheidh costais den sórt sin réasúnach.
3. Chun a áirithiú go mbeidh costais réasúnacha ar na seirbhísí fomhéadraithe dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh na Ballstáit an t-iomaíochas a spreagadh san earnáil seirbhíse sin trí bhearta iomchuí a ghlacadh, amhail úsáid na tairisceana a mholadh nó a chur chun cinn ar shlí eile nó trí úsáid a bhaint as feistí agus córais idir-inoibritheacha a éascaíonn an t-aistriú ó sholáthraí seirbhíse amháin go ceann eile.
CAIBIDIL IV
FAISNÉIS DO THOMHALTÓIRÍ AGUS CUMASÚ
Airteagal 20
Cearta conarthacha bunúsacha i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí
1. Gan dochar do rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, go háirithe Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (64) agus Treoir 93/13/CEE (65), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cearta dá bhforáiltear i míreanna 2 go 8 den Airteagal seo ag custaiméirí deiridh agus, i gcás go ndéantar tagairt shainráite ina leith, d’úsáideoirí deiridh.
2. Beidh ag custaiméirí deiridh an ceart chun conradh a bheith acu lena soláthróir ina sonraítear an méid seo a leanas:
|
(a) |
céannacht agus seoladh an tsoláthróra; |
|
(b) |
na seirbhísí a sholáthraítear, leibhéil cáilíochta na seirbhísí a thairgtear; |
|
(c) |
na cineálacha seirbhíse cothabhála a thairgtear; |
|
(d) |
na bealaí inar féidir faisnéis chothrom le dáta a fháil faoi na taraifí, na muirir chothabhála uile is infheidhme agus faoi na táirgí nó seirbhísí cuachta; |
|
(e) |
ré an chonartha, na coinníollacha chun an conradh agus na seirbhísí a athnuachan agus a scor, lena n-áirítear táirgí nó seirbhísí atá cuachta leis na seirbhísí sin, agus cibé an gceadaítear foirceannadh an chonartha gan aon mhuirear a íoc; |
|
(f) |
aon chúiteamh agus na socruithe aisíocaíochta is infheidhme mura gcomhlíonfar na leibhéil cáilíochta seirbhíse arna gconrú, lena n-áirítear billeáil mhíchruinn nó dhéanach; |
|
(g) |
an modh chun tús a chur le nós imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt i gcomhréir le hAirteagal 21; |
|
(h) |
faisnéis maidir le cearta tomhaltóirí, lena n-áirítear faisnéis faoi láimhseáil gearán agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa mhír seo, a chuirtear in iúl go soiléir ar an mbille nó ar shuíomh gréasáin an ghnóthais agus a bhfuil ar áireamh ann sonraí teagmhála nó nasc chuig suíomh gréasáin an phointe aonair teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 21 . |
Beidh na coinníollacha cóir agus beidh siad ar eolas roimh ré. In aon chás, soláthrófar an fhaisnéis sin sula ndéanfar an conradh a thabhairt i gcrích nó a dhearbhú. I gcás ina dtabharfar conarthaí i gcrích trí idirghabhálaithe, tabharfar an fhaisnéis a bhaineann leis na hábhair a leagtar amach sa mhír seo freisin sula dtabharfar an conradh i gcrích.
Tabharfar achoimre ar na príomhchoinníollacha conarthacha do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh ar shlí intuigthe agus i bhfriotal a bheidh beacht agus simplí.
2a. Soláthróidh soláthraithe cóip den chonradh do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh, faisnéis thrédhearcach maidir leis na praghsanna agus na taraifí is infheidhme agus maidir le téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha i ndáil le rochtain ar sheirbhísí téimh, fuaraithe agus uisce the tí agus le húsáid na seirbhísí sin.
3. Tabharfar fógra iomchuí do chustaiméirí deiridh faoi aon intinn athrú a dhéanamh ar choinníollacha conarthacha. Déanfaidh soláthróirí, ar bhealach trédhearcach agus sothuigthe, fógra a thabhairt go díreach dá gcustaiméirí faoi aon choigeartú ar an bpraghas soláthair agus faoi na cúiseanna leis an gcoigeartú, na réamhchoinníollacha a ghabhann leis, agus a scóip, ag tráth iomchuí nach déanaí ná dhá sheachtain, nó tráth nach déanaí ná mí amháin i gcás custaiméirí teaghlaigh, roimh theacht i bhfeidhm an choigeartaithe. Cuirfear custaiméirí deiridh ar an eolas faoina gceart conradh a fhoirceannadh mura nglacfaidh siad leis na coinníollacha nua conarthacha nó leis na coigeartuithe ar an bpraghas ar thug a soláthróir fógra dóibh ina leith i gcomhréir leis an gconradh. Cuirfidh custaiméirí deiridh na hathruithe conarthacha atá beartaithe in iúl do na húsáideoirí deiridh gan mhoill.
4. Déanfaidh soláthróirí rogha leathan modhanna íocaíochta a thairiscint do chustaiméirí deiridh. Ní dhéanfaidh modhanna íocaíochta den sórt sin idirdhealú míchuí idir custaiméirí. Aon difríocht sna muirir a bhaineann le modhanna íocaíochta nó le córais réamhíocaíochta, beidh sí oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus ní rachaidh sí thar na costais dhíreacha atá le seasamh ag an íocaí as modh íocaíochta sonrach nó as córas réamhíocaíochta a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 62 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (66).
5. De bhun mhír 6, ní dhéanfar custaiméirí teaghlaigh, a bhfuil rochtain acu ar chórais réamhíocaíochta, a chur faoi mhíbhuntáiste de thairbhe na gcóras réamhíocaíochta.
6. Déanfaidh soláthróirí téarmaí agus coinníollacha ginearálta atá cóir agus trédhearcach a thairiscint do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh , i gcás inarb infheidhme . Na téarmaí agus coinníollacha ginearálta, is i dteanga shoiléir agus shothuigthe a thabharfar iad agus ní bheidh bacainní neamhchonarthacha ar fheidhmiú chearta na gcustaiméirí iontu, mar shampla doiciméadú conarthach iomarcach. Tabharfar rochtain do na húsáideoirí deiridh ar na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta sin arna iarraidh sin dóibh. Déanfar custaiméirí deiridh agus úsáideoirí deiridh a chosaint ar mhodhanna díolacháin atá éagórach nó míthreorach. Déanfar an fhaisnéis ábhartha uile maidir lena gconradh a sholáthar do chustaiméirí deiridh atá faoi mhíchumas i bhformáidí inrochtana.
7. Beidh ag custaiméirí deiridh agus ag úsáideoirí deiridh an ceart ar chaighdeán maith seirbhíse agus ar láimhseáil gearán ag a soláthróirí. Déanfaidh soláthróirí gearáin a láimhseáil ar bhealach simplí, cóir agus pras.
7a. Beidh na húdaráis inniúla atá freagrach as forfheidhmiú na mbeart cosanta tomhaltóirí a leagtar síos sa Treoir seo neamhspleách ar leasanna an mhargaidh agus beidh siad in ann cinntí riaracháin a dhéanamh.
Airteagal 21
Faisnéis agus ardú feasachta
1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, go mbeidh faisnéis maidir leis na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil, gníomhaíochtaí aonair agus creataí airgeadais agus dlíthiúla trédhearcach, inrochtana agus scaipthe go forleathan ar na gníomhaithe ábhartha margaidh go léir, amhail custaiméirí deiridh, úsáideoirí deiridh, eagraíochtaí tomhaltóirí, ionadaithe na sochaí sibhialta, comhphobail fuinnimh inathnuaite, pobail fuinnimh saoránach, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, gníomhaireachtaí fuinnimh, soláthraithe seirbhísí sóisialta, tógálaithe, ailtirí, innealtóirí, iniúchóirí comhshaoil agus fuinnimh, agus suiteálaithe gnéithe foirgníochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(9) de Threoir 2010/31/AE.
2. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun úsáid éifeachtúil fuinnimh ag custaiméirí deiridh agus ag úsáideoirí deiridh a chur chun cinn agus a éascú. Beidh na bearta sin mar chuid de straitéis náisiúnta amhail an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, nó leis an straitéis athchóirithe fhadtéarmach mar a shainmhínítear i dTreoir … [athmhúnlú EPBD – 2021/0426 (COD)] .
Chun críoch an Airteagail seo, áireofar ar na bearta sin raon ionstraimí agus beartas chun athrú iompraíochta a chur chun cinn, amhail:
|
(i) |
dreasachtaí fioscacha; |
|
(ii) |
rochtain ar mhaoiniú, dearbháin, deontais nó fóirdheontais; |
|
(ii a) |
infhaighteacht iniúchtaí fuinnimh a fhaigheann tacaíocht phoiblí agus seirbhísí saincheaptha comhairleacha agus tacaíocht do thomhaltóirí teaghlaigh, go háirithe custaiméirí leochaileacha, daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta; |
|
(ii b) |
seirbhísí saincheaptha comhairleacha do FBManna agus do mhicrifhiontair; |
|
(iii) |
soláthar faisnéise ar bhealach atá inrochtana do dhaoine a bhfuil míchumas orthu; |
|
(iv) |
tionscadail eiseamláireacha; |
|
(v) |
gníomhaíochtaí san ionad oibre; |
|
(vi) |
gníomhaíochtaí oiliúna; |
|
(vii) |
uirlisí digiteacha; |
|
(vii a) |
straitéisí rannpháirtíochta. |
Chun críocha an Airteagail seo, áireofar leis na bearta sin freisin, gan a bheith teoranta dóibh, na bealaí agus na modhanna seo a leanas chun dul i mbun plé leis na gníomhaithe margaidh amhail iad siúd dá dtagraítear i mír 1:
|
(i) |
ionaid ilfhreastail nó sásraí comhchosúla, a chruthú chun comhairle agus cúnamh teicniúil, riaracháin agus airgeadais a sholáthar maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear seiceálacha fuinnimh ar an láthair do theaghlaigh , athchóiriú fuinnimh ar fhoirgnimh, faisnéis maidir le fearais nua-aimseartha agus níos éifeachtúla a chur in ionad seanchórais téimh agus córais téimh neamhéifeachtúla agus glacadh fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh le haghaidh foirgneamh do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh, go háirithe teaghlaigh agus úsáideoirí beaga neamhtheaghlaigh, lena n-áirítear FBManna agus micrifhiontair . |
|
(i a) |
comhar le gníomhaithe príobháideacha a sholáthraíonn seirbhísí amhail iniúchtaí fuinnimh, réitigh mhaoiniúcháin agus cur i gcrích athchóirithe fuinnimh agus cur chun cinn na seirbhísí sin; |
|
(ii) |
cur in iúl athruithe in úsáid fuinnimh atá cost-éifeachtach agus éasca le baint amach; |
|
(iii) |
scaipeadh faisnéise maidir le bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus ionstraimí maoinithe; |
|
(iv) |
soláthar pointí teagmhála aonair, chun an fhaisnéis uile is gá a thabhairt do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh maidir lena gcearta, an dlí is infheidhme agus sásraí um réiteach díospóide a bheidh ar fáil dóibh i gcás díospóide. Féadfaidh pointí teagmhála aonair den sórt sin a bheith ina gcuid de phointí faisnéise tomhaltóra ginearálta. |
2a. Chun críche an Airteagail seo, rachaidh na Ballstáit i dteagmháil leis na húdaráis ábhartha agus le geallsealbhóirí príobháideacha chun ionaid ilfhreastail thiomnaithe áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta a fhorbairt don éifeachtúlacht fuinnimh. Beidh na hionaid ilfhreastail sin trasearnálach agus idirdhisciplíneach agus tiocfaidh tionscadail arna bhforbairt go háitiúil díobh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
comhairle agus faisnéis chuíchóirithe a chur ar fáil do theaghlaigh, FBManna, micrifhiontair agus comhlachtaí poiblí maidir le féidearthachtaí agus réitigh theicniúla agus airgeadais, |
|
(b) |
tionscadail fhéideartha a nascadh le gníomhaithe sa mhargadh, go háirithe tionscadail ar scála níos lú; |
|
(c) |
comhairle a thabhairt maidir le hiompar tomhaltais fuinnimh d’fhonn teagmháil ghníomhach a dhéanamh leis na tomhaltóirí; |
|
(d) |
faisnéis a sholáthar maidir le cláir oiliúna agus oideachas chun cur le líon na ngairmithe i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh chomh maith leis na gairmithe sin a athsciliú agus a uas-sciliú d’fhonn freastal ar riachtanais an mhargaidh; |
|
(e) |
sonraí comhiomlánaithe tíopeolaíochta ó thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh arna n-éascú ag na hionaid ilfhreastail a bhailiú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar sonraí iad a fhoilseoidh an Coimisiún i dtuarascáil gach dara bliain chun taithí a roinnt agus chun comhar trasteorann idir na Ballstáit a fheabhsú d’fhonn samplaí dea-chleachtais ó thíopeolaíochtaí éagsúla foirgneamh, tithíochta agus fiontar a chur chun cinn; |
|
(f) |
tacaíocht iomlánaíoch a chur ar fáil do gach teaghlach, agus tabharfar aird ar leith ar theaghlaigh atá i mbochtaineacht fuinnimh agus sna foirgnimh is neamhfheidhmiúla, agus do chuideachtaí creidiúnaithe agus do shuiteálaithe creidiúnaithe a sholáthraíonn seirbhísí iarfheistithe, agus iad a chur in oiriúint do thíopeolaíochtaí éagsúla tithíochta agus don raon feidhme geografach agus tacaíocht a thabhairt dóibh lena gcumhdaítear céimeanna éagsúla an tionscadail iarfheistithe, go háirithe chun cur chun feidhme na nÍoschaigheán Feidhmíochta Fuinnimh dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Threoir … a éascú [athmhúnlú EPBD – 2021/0426 (COD)]. |
|
(g) |
seirbhísí a fhorbairt do thomhaltóirí fuinneamhbhochta, do thomhaltóirí leochaileacha agus do theaghlaigh ar ioncam íseal. |
Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun comhar a spreagadh i measc comhlachtaí poiblí, gníomhaireachtaí fuinnimh agus tionscnamh faoi stiúir an phobail agus chun ionaid ilfhreastail a chur chun cinn, a fhorbairt agus a mhéadú trí phróiseas comhtháite. Cuirfidh an Coimisiún treoirlínte ar fáil do na Ballstáit chun na hionaid ilfhreastail sin a fhorbairt agus é mar aidhm aige cur chuige comhchuibhithe a chruthú ar fud an Aontais.
3. Bunóidh Ballstáit coinníollacha iomchuí do ghníomhaithe chun faisnéis agus comhairle leordhóthanach agus spriocdhírithe faoin éifeachtúlacht fuinnimh a sholáthar do thomaltóirí deiridh, lena n-áirítear custaiméirí leochaileacha, daoine a n-imríonn an bhochtaineacht fuinnimh tionchar orthu agus, i gcás inarb iomchuí, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, FBManna agus micrifhiontair .
4. Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh rochtain ag custaiméirí deiridh, úsáideoirí deiridh, custaiméirí leochaileacha, daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a chónaíonn i dtithíocht shóisialta, ar shásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil chun díospóidí a réiteach i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhunaítear faoin Treoir seo, agus go mbeidh sé sin acu trí shásra neamhspleách amhail ombudsman fuinnimh nó comhlacht tomhaltóirí, nó trí údarás rialála. I gcás inar tomhaltóir an custaiméir deiridh, mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (67), comhlíonfaidh na sásraí sin um réiteach díospóide lasmuigh den chúirt na ceanglais a leagtar amach ann.
I gcás inar gá sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh eintitis um réiteach malartach díospóidí le chéile chun sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar i gcás aon díospóid a eascraíonn as táirgí nó seirbhísí atá ceangailte nó cuachta le haon táirge nó seirbhís a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.
Beidh rannpháirtíocht gnóthas i sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt do chustaiméirí teaghlaigh éigeantach mura rud é go léiríonn an Ballstát don Choimisiún go bhfuil sásraí eile ann atá chomh héifeachtach céanna.
5. Gan dochar do bhunphrionsabail dhlí na maoine agus dlí na tionóntachta sna Ballstáit, glacfaidh siad na bearta is gá chun bacainní rialála agus neamhrialála ar an éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint, a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas: roinnt dreasachtaí idir úinéirí agus tionóntaí nó i measc úinéirí foirgnimh nó aonaid foirgnimh, d’fhonn a áirithiú nach ndíspreagtar na páirtithe sin ó infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht a dhéanamh, ar infheistíochtaí iad a dhéanfadh siad murach sin toisc nach bhfaighidh siad na buntáistí iomlána nó nach bhfuil rialacha ann chun na costais agus na sochair a roinnt eatarthu;
D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta chun deireadh a chur le bacainní den sórt sin dreasachtaí a sholáthar , lena n-áirítear maidir le maoiniú agus an fhéidearthacht dul i muinín réitigh mhaoiniúcháin tríú páirtí , forálacha dlíthiúla nó rialála a aisghairm nó a leasú, nó treoirlínte agus cumarsáid léirmhínitheach a ghlacadh, nó nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, lena n-áirítear rialacha náisiúnta agus bearta lena rialaítear próisis chinnteoireachta i maoin ilúinéirí. Féadfar na bearta a chomhcheangal le soláthar oideachais, oiliúna agus faisnéise sonraí agus cúnaimh theicniúil maidir le héifeachtúlacht fuinnimh do ghníomhaithe margaidh amhail na gníomhaithe dá dtagraítear i mír 1.
Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun tacú le hidirphlé iltaobhach le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ábhartha agus na gcomhpháirtithe poiblí agus sóisialta ábhartha amhail úinéirí agus eagraíochtaí tionóntaí, eagraíochtaí tomhaltóirí , dáileoirí fuinnimh nó cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola, ESCOnna , pobail fuinnimh inathnuaite, pobail fuinnimh saoránach, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, údaráis phoiblí agus gníomhaireachtaí ábhartha agus é d’aidhm aige tograí a leagan amach maidir le bearta, dreasachtaí agus treoirlínte a nglactar leo go comhpháirteach agus a bhaineann le dreasachtaí roinnte idir na húinéirí agus na tionóntaí nó idir úinéirí foirgnimh nó úinéirí aonaid foirgnimh.
Déanfaidh gach Ballstát na bacainní sin agus na bearta arna nglacadh ina straitéis athchóirithe fhadtéarmach de bhun Airteagal 2a de Threoir 2010/31/AE agus Rialachán (AE) 2018/1999 a thuairisciú.
6. Spreagfaidh an Coimisiún malartú agus scaipeadh forleathan faisnéise maidir le dea-chleachtais agus modheolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus cuirfidh sé cúnamh teicniúil ar fáil chun roinnt na ndreasachtaí a mhaolú sna Ballstáit.
Airteagal 21a
Comhpháirtíochtaí don éifeachtúlacht fuinnimh
1. Faoin … [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], bunóidh an Coimisiún comhpháirtíochtaí Eorpacha earnáilsonracha um éifeachtúlacht fuinnimh trí príomh-gheallsealbhóirí, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, a thabhairt le chéile in earnálacha amhail TFC, earnáil an iompair, earnáil an airgeadais agus earnáil na tógála, ar bhealach cuimsitheach agus ionadaíoch. Ceapfaidh an Coimisiún cathaoirleach do gach comhpháirtíocht Eorpach earnáilsonrach maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.
2. Leis na comhpháirtíochtaí dá dtagraítear i mír 1, éascófar idirphlé maidir leis an aeráid agus spreagfar earnálacha chun treochláir don éifeachtúlacht fuinnimh a tharraingt suas chun mapáil a dhéanamh ar bhearta atá ar fáil agus ar roghanna teicneolaíochta chun coigilteas éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach, ullmhú d’fhuinneamh in-athnuaite agus na hearnálacha i gceist a dhícharbónú. Rannchuideoidh na treochláir sin go mór le hearnálacha chun pleanáil a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí is gá chun cuspóirí na Treorach seo agus cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach chomh maith le comhar trasteorann a éascú idir gníomhaithe d’fhonn margadh inmheánach an Aontais a neartú.
Airteagal 22
Custaiméirí leochaileacha a chumasú agus a chosaint agus an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú
1. Déanfaidh na Ballstáit straitéis láidir fhadtéarmach a fhorbairt agus déanfaidh siad bearta iomchuí chun daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh, custaiméirí leochaileacha agus teaghlaigh ar ioncam íseal agus , i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta a chumhachtú agus a chosaint.
Agus coincheap na gcustaiméirí leochaileacha á shainmhíniú acu de bhun Airteagal 28(1) agus Airteagal 29 de Threoir (AE) 2019/944 agus Airteagal 3(3) de Threoir 2009/73/CE, cuirfidh na Ballstáit úsáideoirí deiridh san áireamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta gaolmhara cosanta tomhaltóirí nó faisnéise a chur chun feidhme, go háirithe iad siúd a leagtar amach in Airteagal 21 agus in Airteagal 8(3), mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha , teaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú. Tabharfaidh na Ballstáit isteach ionstraimí cuí faireacháin agus meastóireachta chun a áirithiú go dtacófar le daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh le bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh.
3. Chun tacú le custaiméirí leochaileacha, daoine a n-imríonn an bhochtaineacht fuinnimh tionchar orthu , teaghlaigh ar ioncam íseal , agus, i gcás inarb iomchuí, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
|
(a) |
bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme chun éifeachtaí dáileacháin a mhaolú ó bheartais agus ó bhearta eile, amhail bearta cánachais arna gcur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir seo, nó trádáil astaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí [COM(2021)0551, 2021/0211(COD)]; |
|
(aa) |
a áirithiú nach dtiocfaidh méadú díréireach ar chostas na seirbhísí sin ná eisiamh sóisialta níos mó as bearta chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn nó a éascú, go háirithe na bearta siúd a bhaineann le foirgnimh agus leis an tsoghluaisteacht; |
|
(b) |
an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an gcistiú poiblí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an Ballstát ranníocaíochta airgeadais arna fháil ón gCiste Sóisialta ar son na hAeráide de bhun [Airteagal 9 agus Airteagal 14 de Rialachán an Chiste Shóisialta ar son na hAeráide, COM(2021)568 final], agus ioncam ó cheantanna lamháltas ó thrádáil astaíochtaí de bhun CTA AE, [COM (2021) final, 2021/0211(COD)], le haghaidh infheistíochtaí i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh mar ghníomhaíochtaí tosaíochta; |
|
(c) |
i gcás inarb infheidhme, infheistíochtaí luatha réamhbhreathnaitheacha a dhéanamh ar bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, amhail iarfheistiú córas téimh, fuaraithe agus aerála, sula léireofar éifeacht ag tionchair dháilte ó bheartais agus ó bhearta eile; |
|
(d) |
cúnamh teicniúil lena n-éascófar malartú dea-chleachtas maidir le hathchóirithe ar chreataí rialála amhail dlíthe maoine agus cíosa i ndáil le bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus leathadh amach maoinithe chumasúcháin agus uirlisí airgeadais a chothú, amhail scéimeanna inbhille, cúlchiste áitiúil lamháltais caillteanais, cistí ráthaíochta, cistí atá dírithe ar athchóiriú domhain agus athchóiriú lena mbaineann gnóthachain íosta fuinnimh; |
|
(e) |
cúnamh teicniúil a chothú do ghníomhaithe sóisialta chun rannpháirtíocht ghníomhach na gcustaiméirí leochaileacha sa mhargadh fuinnimh, agus athruithe dearfacha ar a n-ídiú a fuinnimh a chur chun cinn; |
|
(f) |
rochtain a áirithiú ar airgeadas, ar dheontais nó ar fhóirdheontais atá faoi cheangal ag gnóthachain íosta fuinnimh agus rochtain ar iasachtaí bainc inacmhainne nó línte creidmheasa tiomnaithe a éascú. |
3a. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, teaghlaigh ar ioncam íseal, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta a chosaint ar shocrú praghsanna éagóracha agus ar mhéaduithe praghais i soláthar an téimh, an fhuaraithe agus an uisce the tí.
4. Bunóidh na Ballstáit líonra saineolaithe ó earnálacha éagsúla amhail an earnáil sláinte, earnáil an fhuinnimh, an earnáil tógála, earnáil an téimh agus an fhuaraithe agus an earnáil shóisialta, lena n-áirítear gníomhaireachtaí fuinnimh áitiúla agus réigiúnacha i gcás inarb infheidhme, chun straitéisí a fhorbairt chun tacú le cinnteoirí áitiúla agus náisiúnta maidir le bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme lena maolófar an bhochtaineacht fuinnimh, bearta chun réitigh fhadtéarmacha láidre a ghiniúint chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú agus cúnamh teicniúil agus uirlisí airgeadais iomchuí a fhorbairt. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall líonra de chomhdhéanamh saineolaithe a áirithiú lena n-áirithítear cothromaíocht inscne agus peirspictíochtaí na ndaoine agus a gcuid éagsúlachtaí.
Tacóidh an líonra céanna saineolaithe leis na Ballstáit chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
sainmhínithe, táscairí agus critéir náisiúnta a bhunú maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh, fuinneamhbhocht agus coincheapa custaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh; |
|
(b) |
táscairí agus tacair sonraí iomchuí a fhorbairt nó a fheabhsú, a bhaineann le saincheist na bochtaineachta fuinnimh, ar cheart iad a úsáid agus a thuairisciú |
|
c) |
modhanna agus bearta a bhunú chun an inacmhainneacht a áirithiú, cur chun cinn na neodrachta ó thaobh costais tithíochta de a áirithiú, nó chun a áirithiú go rachaidh an cistiú poiblí a infheistítear i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh chun tairbhe d’úinéirí agus do thionóntaí araon, d’fhoirgnimh agus d’aonaid tógála, go háirithe maidir le custaiméirí leochaileacha, daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. |
|
d) |
measúnú a dhéanamh agus, i gcás inarb infheidhme, bearta a mholadh chun cásanna a chosc nó a leigheas ina bhfuil grúpaí áirithe i mbaol níos mó nó níos mó go ndéanfaidh an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh nó go bhfuil siad níos so-ghabhálach do dhrochthionchair na bochtaineachta fuinnimh, amhail mná, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, leanaí, agus daoine a bhfuil cúlra ciníoch nó eitneach mionlaigh acu. |
CAIBIDIL V
AN ÉIFEACHTÚLACHT I SOLÁTHAR AN FHUINNIMH
Airteagal 23
Measúnú agus pleanáil an téimh agus an fhuaraithe
1. Mar chuid dá phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin agus na tuarascálacha ar dhul chun cinn a ghabhann leo agus ar tugadh fógra fúthu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún measúnú cuimsitheach ar théamh agus ar fhuarú , lena n-áirítear mapáil na limistéar arna sainaithint le haghaidh líonra nua téimh agus fuaraithe . Beidh sa mheasúnú cuimsitheach sin an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IX agus beidh ag gabháil leis an measúnú a rinneadh de bhun Airteagal 15(7) de Threoir (AE) 2018/2001.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an deis do na páirtithe ábhartha uile, lena n-áirítear geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, páirt a ghlacadh in ullmhú na bpleananna téimh agus fuaraithe, an measúnú cuimsitheach agus na beartais agus na bearta.
3. Chun críche an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh Ballstáit anailís costais is tairbhe a chlúdaíonn a gcríoch agus a bheidh bunaithe ar choinníollacha a bhaineann leis an aeráid, le hindéantacht eacnamaíocht agus le hoiriúnacht theicniúil . Beidh sé de chumas ag an anailís costais is tairbhe na réitigh is éifeachtúla ó thaobh acmhainní agus costais de a shainaithint chun riachtanais téimh agus fuaraithe a chomhlíonadh, agus éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais, leordhóthanacht agus athléimneacht an chórais agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á gcur san áireamh . D’fhéadfadh sé go mbeidh an anailís costais is tairbhe mar chuid de mheasúnú comhshaoil faoi Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (68).
Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as na hanailísí costais is tairbhe a dhéanamh, soláthróidh siad na modheolaíochtaí agus toimhdí mionsonraithe i gcomhréir le hIarscríbhinn X agus bunóidh siad na nósanna imeachta don anailís eacnamaíoch agus iad a phoibliú.
4. I gcás ina sainaithneofar leis an measúnú dá dtagraítear i mír 1 agus leis an anailís dá dtagraítear i mír 3 acmhainneacht maidir le comhghiniúint ardéifeachtach agus/nó téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil agus/nó giniúint cumhachta ó dhramhtheas le haghaidh féintomhaltais a chur i bhfeidhm ar mó a dtairbhí ná na costais, déanfaidh na Ballstáit, nó na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá freagrach, bearta leordhóthanacha maidir le bonneagar éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair a bheidh le forbairt agus/nó forbairt suiteálacha a spreagadh chun an barrachas teasa dramhaíola a thiontú go cumhacht le haghaidh féintomhaltais agus/nó chun freastal ar fhorbairt na comhghiniúna ardéifeachtúlachta agus ar úsáid téimh agus fuaraithe ó dhramhtheas agus ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh i gcomhréir le mír 1 agus Airteagal 24(4) agus (6).
I gcás nach sainaithnítear sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1 agus san anailís dá dtagraítear i mír 3 aon acmhainneacht ar mó a tairbhí ná na costais, lena n-áirítear na costais riaracháin a bhaineann leis an anailís costais is tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 24(4), féadfaidh an Ballstát, in éineacht leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lena mbaineann, suiteálacha a eisiamh ó na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin.
5. Glacfaidh na Ballstáit beartais agus bearta, lena n-áiritheofar go mbaintear amach an acmhainneacht a sainaithníodh sna measúnuithe cuimsitheacha a dhéanfar de bhun mhír 1. Áireofar sna beartais agus sna bearta sin ar a laghad na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IX. Tabharfaidh gach Ballstát fógra faoi na bearta agus na beartais sin mar chuid den nuashonrú ar a phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin agus na tuarascálacha ar dhul chun cinn a ghabhann leo agus ar tugadh fógra fúthu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999.
Agus a gcuid beartas agus beart á n-ullmhú acu, baileoidh na Ballstáit faisnéis maidir le gléasraí comhghiniúna agus aonaid chomhghiniúna sna líonraí téimh agus fuaraithe ceantair atá ann cheana agus déanfaidh siad measúnú ar an acmhainneacht maidir le coigilteas fuinnimh. Áireofar san fhaisnéis sin ar a laghad na sonraí maidir le héifeachtúlacht an chórais, caillteanais córais, dlús nasctha, caillteanas agus raon teochta an ghréasáin, fuinneamh príomhúil agus tomhaltas deiridh fuinnimh, fachtóirí astaíochtaí agus slabhraí réamhtheachtacha na bhfoinsí fuinnimh. Foilseofar na sonraí sin agus cuirfidh na Ballstáit na sonraí sin ar fáil go poiblí.
6. Áiritheoidh na Ballstáit go n-ullmhóidh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla pleananna téimh agus fuaraithe áitiúla ar a laghad i mbardais ina bhfuil daonra iomlán 35 000 ar a laghad agus molfaidh do bhardais a bhfuil daonra níos ísle iontu pleananna den sórt sin a ullmhú . Maidir leis na pleananna sin:
|
(a) |
beidh siad bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí arna soláthar sna measúnuithe cuimsitheacha arna ndéanamh de bhun mhír 1 lena soláthrófar meastachán agus mapáil ar an acmhainneacht chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, lena n-áirítear trí ullmhacht téimh ceantair ar theocht íseal, comhghiniúint ardéifeachtúlachta, aisghabháil dramhaíola teasa, agus fuinneamh in-athnuaite i dtéamh agus i bhfuarú sa réimse áirithe sin; ina theannta sin, beidh anailís i gceist leo ar na fearais téimh agus fuaraithe i stoic áitiúla foirgneamh ina gcuirfear san áireamh na féidearthachtaí a bhaineann go sonrach le limistéar le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus lena bhforbrófar teimpléid don treochlár athchóirithe le haghaidh cineálacha comhchosúla foirgneamh a mbeidh sé mar aidhm leo claochlú foirgneamh agus bonneagair a dhéanamh a bheidh tapa, costéifeachtúil agus comhordaithe go frithpháirteach; |
|
(aa) |
beidh siad i gcomhréir go hiomlán le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh; |
|
(b) |
beidh straitéis san áireamh iontu chun an acmhainneacht a sainaithníodh de bhun mhír 6(a) a úsáid; |
|
(c) |
ullmhófar iad le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí réigiúnacha nó áitiúla ábhartha uile agus áiritheoidh siad rannpháirtíocht an phobail i gcoitinne , lena n-áirítear oibreoirí bonneagair áitiúil fuinnimh ag céim luath ; |
|
(ca) |
cuirfear san áireamh leo an bonneagar fuinnimh atá ann cheana le haghaidh gáis, teasa agus leictreachais; |
|
(d) |
déanfar machnamh iontu ar chomhriachtanais na bpobal áitiúil agus an iliomad aonad nó réigiún áitiúil nó réigiúnach riaracháin; |
|
(da) |
déanfar measúnú leo ar an ról atá ag comhphobail fuinnimh agus ag tionscnaimh eile thomhaltóirthreoraithe ar féidir leo rannchuidiú go gníomhach le tionscadail áitiúla téimh agus fuaraithe a chur chun feidhme; |
|
(db) |
áireofar straitéis leo chun tosaíocht a thabhairt do dhaoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh, do theaghlaigh ar ioncam íseal, do thomhaltóirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta amhail dá dtagraítear in Airteagal 22, lena n-áirítear anailís mhargaidh chun riachtanais spriocghrúpaí a shainaithint agus a thuiscint agus cláir shaincheaptha a mholadh; |
|
(dc) |
déanfar measúnú leo ar conas cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a shainaithnítear a mhaoiniú agus foráil a dhéanamh maidir le sásraí airgeadais lena gceadaítear do thomhaltóirí aistriú chuig téamh agus fuarú in-athnuaite; |
|
(dd) |
cuirfear inacmhainneacht fuinnimh, cinnteacht an tsoláthair, leordhóthanacht an chórais cumhachta agus athléimneacht san áireamh leo; |
|
(e) |
déanfar conair chun spriocanna na bpleananna a bhaint amach i gcomhréir le neodracht aeráide agus faireachán ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a sainaithníodh a áireamh leo; |
|
(ea) |
déanfar straitéis a fhorbairt leo chun pleanáil a dhéanamh maidir le seanfhearais téimh agus fuaraithe i gcomhlachtaí poiblí a athsholáthar le roghanna malartacha an-éifeachtúil agus é mar aidhm leis sin deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise; |
|
(eb) |
déanfar measúnú leo ar shineirgí féideartha le pleananna na n-údarás réigiúnach nó áitiúil comharsanachta chun infheistíochtaí comhpháirteacha agus costéifeachtúlacht a spreagadh; |
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an deis do na páirtithe ábhartha uile, lena n-áirítear geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, páirt a ghlacadh in ullmhú na bpleananna téimh agus fuaraithe, an measúnú cuimsitheach agus na beartais agus na bearta.
Chun na críche sin, forbróidh na Ballstáit moltaí lena dtacófar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chun beartais agus bearta a chur chun feidhme maidir le téamh agus fuarú fuinnimh éifeachtúil agus fuinnimh inathnuaite ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus leas á bhaint as an acmhainneacht a shainaithnítear. Tacóidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla trí aon mhodh lena n-áirítear tacaíocht airgeadais agus scéimeanna tacaíochta teicniúla. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na pleananna téimh agus fuaraithe a ailíniú le ceanglais pleanála áitiúla eile i réimsí na haeráide, an fhuinnimh agus an chomhshaoil, chun ualach riaracháin ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a sheachaint agus chun cur chun feidhme éifeachtach na bpleananna a spreagadh.
6a. Féadfaidh grúpa d’údaráis áitiúla comharsanachta éagsúla pleananna téimh agus fuaraithe áitiúla a chur i gcrích i gcomhar le chéile ar choinníoll gurb iomchuí an comhthéacs geografach agus riaracháin mar aon leis an mbonneagar téimh agus fuaraithe.
6b. Is údarás inniúil a dhéanfaidh cur chun feidhme na bpleananna téimh agus fuaraithe áitiúla a fhíorú agus a mheasúnú. I gcás ina measfar nach leor an cur chun feidhme, bunaithe ar an gconair agus ar an bhfaireachán de bhun mhír 6, pointe (e), molfaidh an t-údarás inniúil bearta chun an bhearna cur chun feidhme a dhúnadh.
Airteagal 24
Soláthar téimh agus fuaraithe
1. Chun éifeachtúlacht fuinnimh phríomhúil agus sciar an fhuinnimh in-athnuaite i soláthar téimh agus fuaraithe a mhéadú, is córas éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair é córas a chomhlíonann na critéir seo a leanas:
|
a. |
go dtí an 31 Nollaig 2027 , córas a úsáideann 50 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 % de dhramhtheas, 75 % de theas comhghinte nó 50 % de theaglaim d’fhuinneamh agus teas den sórt sin a théann isteach sa líonra ; |
|
b. |
ón 1 Eanáir 2028 , córas a úsáideann ar a laghad 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 % de dhramhtheas, 80 % de theas ardéifeachtach arna ghiniúint nó ar a laghad teaglaim d’fhuinneamh teirmeach den sórt sin a théann isteach sa líonra inarb ionann sciar an fhuinnimh in-athnuaite agus 5 % ar a laghad agus inarb ionann sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite, na dramhaíolathe teasa nó an teasa ardéifeachtúlachta comhghiniúna agus 50 % ar a laghad; |
|
c. |
ón 1 Eanáir 2035, córas a úsáideann ar a laghad 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, i gcás inarb ionann sciar an fhuinnimh in-athnuaite agus 20 % ar a laghad; |
|
d. |
ón 1 Eanáir 2045, córas a úsáideann ar a laghad 75 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, i gcás inarb ionann sciar an fhuinnimh in-athnuaite agus 40 % ar a laghad; |
|
e. |
ón 1 Eanáir 2050, córas nach n-úsáideann ach fuinneamh in-athnuaite agus dramhtheas, i gcás inarb ionann sciar an fhuinnimh in-athnuaite agus 60 % ar a laghad; |
|
f. |
i gcomhréir le céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, i gcás ina sáraíonn sciar an dramhtheasa na critéir i bpointí (c), (d) agus (e), agus i gcás ina gcaillfí an dramhtheas ar shlí eile, féadfar dramhtheas a chur in ionad aon cheann de na foinsí fuinnimh eile; |
|
g. |
rinneadh measúnú ar na huasteochtaí is gá in eangach dáileacháin. |
2. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina dtógtar córas téimh agus fuaraithe ceantair nó ina ndéantar athchóiriú substaintiúil air, go gcomhlíonfaidh sé na critéir a leagtar amach i mír 1 is infheidhme tráth a thosaíonn sé nó a leanann sé dá oibriú tar éis an athchóirithe. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina dtógtar córas téimh agus fuaraithe ceantair nó ina ndéantar athchóiriú substaintiúil air, nach dtiocfaidh méadú ar an úsáid a bhaintear as breoslaí iontaise seachas gás nádúrtha i bhfoinsí teasa atá ann cheana i gcomparáid leis an meánídiú bliantúil le linn na 3 bliana féilire roimhe sin de lánoibríocht roimh an athchóiriú, agus nach n-úsáidfear breoslaí iontaise ▌ in aon fhoinsí teasa nua sa chóras sin. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndéanfar ródú geografach na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair atá ann cheana a mhapáil agus a fhoilsiú.
3. Áiritheoidh na Ballstáit, amhail ón 1 Eanáir 2025, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, go n-ullmhóidh oibreoirí na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair go léir atá ann cheana a bhfuil aschur iomlán fuinnimh acu is mó ná 5 MW agus nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 1(b) go (e), plean chun éifeachtúlacht fuinnimh phríomhúil agus fuinneamh in-athnuaite a mhéadú agus chun caillteanais dáileacháin a laghdú . Áireofar sa phlean bearta chun na critéir a leagtar amach i mír 1(b) go (e) a chomhlíonadh agus déanfaidh agus déanfaidh an t-údarás inniúil iad a fhormheas.
3a. Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfidh lárionad sonraí a bhfuil ionchur fuinnimh rátaithe iomlán os cionn 100 kW aige úsáid as an dramhtheas nó as feidhmeanna eile aisghabhála dramhtheasa mura féidir leis a thaispeáint nach bhfuil sé indéanta go teicniúil ná go heacnamaíoch i gcomhréir leis an measúnú dá dtagraítear i mír 4.
4. Chun measúnú a dhéanamh ar indéantacht eacnamaíoch éifeachtúlacht fuinnimh an tsoláthair teasa agus fuaraithe a mhéadú, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar anailís costais is tairbhe ar leibhéal suiteála i gcomhréir le hIarscríbhinn X i gcás, ina ndéanfar na suiteálacha seo a leanas a phleanáil nó a athchóiriú go substaintiúil agus nár tabhaíodh a gcostais ábhar go fóill :
|
(a) |
tá suiteáil giniúna leictreachais theirmigh a bhfuil ionchur fuinnimh iomlán bliantúil ar an meán aici atá níos mó ná 5 MW, chun measúnú a dhéanamh ar an gcostas agus ar na tairbhí a bhaineann le foráil a dhéanamh d’oibriú na suiteála mar shuiteáil chomhghiniúna ardéifeachtúlachta; |
|
(b) |
suiteáil thionsclaíoch a bhfuil meán-ionchur fuinnimh iomlán bliantúil aici ar mó é ná 5 MW d’fhonn úsáid an dramhtheasa ar an láthair agus lasmuigh den láthair a mheasúnú; |
|
(c) |
saoráid seirbhíse a bhfuil meán-ionchur fuinnimh bliantúil iomlán aici ar mó é ná 5 MW, amhail saoráidí cóireála dramhuisce agus saoráidí GNL chun measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as dramhtheas ar an láthair agus lasmuigh den láthair. |
|
(d) |
lárionad sonraí ag a bhfuil ionchur iomlán fuinnimh rátaithe ar mó é ná leibhéal 100 kW , chun measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht theicniúil, ar an gcost-éifeachtúlacht agus ar an tionchar ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar éileamh teasa áitiúil, lena n-áirítear athruithe séasúracha, a bhaineann le leas a bhaint as an dramhtheas chun éileamh a bhfuil údar eacnamaíoch leis a shásamh, agus le nascadh na suiteála sin le líonra téimh ceantair nó le córas fuaraithe ceantair éifeachtúil/RES-bhunaithe nó le feidhmeanna eile aisghabhála dramhtheasa . Measfar san anailís réitigh chórais fuaraithe lenar féidir an dramhtheas a bhaint nó a ghabháil ar leibhéal teochta úsáidí le híos-ionchuir choimhdeacha fuinnimh. |
Áiritheoidh naBallstáit go mbainfear bacainní rialála d’úsáid dramhtheasa agus go gcuirfear tacaíocht leordhóthanach ar fáil do ghlacadh dramhtheasa i gcás ina ndéanfar na suiteálacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) a phleanáil as an nua nó a athchóiriú. Chun críocha measúnú a dhéanamh ar dhramhtheas ar an láthair chun críche phointí (b) go (d), féadfar iniúchtaí fuinnimh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a dhéanamh in ionad na hanailíse costais is tairbhe a leagtar amach sa mhír seo.
Ní mheasfar gur athfheistiú chun críche phointí ((b) agus (c) den mhír seo é trealamh a fheistiú chun dé-ocsaíd charbóin arna táirgeadh ag suiteáil dócháin a ghabháil d’fhonn í a stóráil go geolaíoch de réir mar a fhoráiltear i dTreoir 2009/31/CE.
Éileoidh Ballstáit go ndéanfar an anailís costais is tairbhe i gcomhar leis na cuideachtaí atá freagrach as an tsaoráid a oibriú.
5. Féadfaidh Ballstáit an méid seo a leanas a dhíolmhú ó mhír 4:
|
(a) |
na suiteálacha giniúna leictreachais cúltaca agus buaiclóid sin a bhfuil sé beartaithe iad a oibriú faoi bhun 1 500 uair oibríochta in aghaidh na bliana mar mheán rollach thar thréimhse 5 bliana, bunaithe ar nós imeachta fíoraithe arna bhunú ag na Ballstáit lena n-áirithítear go gcomhlíonfar an critéar díolúine sin; |
|
(b) |
suiteálacha ar gá iad a lonnú gar do láithreán stórála geolaíoch arna fhormheas faoi Threoir 2009/31/CE; |
|
(c) |
ionaid sonraí a bhfuil nó a bheidh a ndramhtheas á úsáid i líonra téimh ceantair nó go díreach i gcomhair téamh spáis, ullmhú uisce te tí nó le haghaidh úsáidí eile san fhoirgneamh nó sa ghrúpa foirgneamh ina bhfuil sé suite nó úsáidí eile i limistéar ábhartha timpeall na lárionad sonraí . |
Féadfaidh na Ballstáit tairseacha a leagan síos freisin, arna sloinneadh i dtéarmaí mhéid an dramhtheasa úsáidigh atá ar fáil, an éilimh ar theas nó na hachair idir suiteálacha tionsclaíocha agus líonra téimh ceantair, chun suiteálacha aonair a dhíolmhú ó fhorálacha phointí (c) agus (d) de mhír 4.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi dhíolúintí a ghlacfar faoin mír seo.
6. Glacfaidh na Ballstáit critéir údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir (AE) 2019/944, nó critéir cheadúcháin, chun:
|
(a) |
toradh an mheasúnaithe chuimsithigh dá dtagraítear i n Airteagal 23.1 a chur san áireamh; |
|
(b) |
a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais mhír 4; |
|
(c) |
toradh na hanailíse costais is tairbhe dá dtagraítear i mír 4 a chur san áireamh. |
7. Féadfaidh na Ballstáit suiteálacha aonair a dhíolmhú ón gceanglas a bheith orthu, de réir na gcritéar údaraithe agus ceada dá dtagraítear i mír 6, roghanna a chur chun feidhme ar mó a dtairbhí ná a gcostais, má tá mórchúiseanna dlí, úinéireachta nó airgeadais ann chun é sin a dhéanamh. Sna cásanna sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann fógra réasúnaithe faoina chinneadh faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí ón dáta a rinneadh é. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint ar an bhfógra laistigh de 3 mhí ón bhfógra sin a fháil.
8. Beidh feidhm ag míreanna 4, 5, 6 agus 7 den Airteagal seo maidir leis na suiteálacha atá cumhdaithe ag Treoir 2010/75/AE gan dochar do cheanglais na Treorach sin.
9. Baileoidh na Ballstáit faisnéis maidir le hanailísí costais is tairbhe arna ndéanamh i gcomhréir le pointí (a), (b), (c) agus (d) de mhír 4 den Airteagal seo. Ba cheart go mbeadh, ar a laghad, na sonraí maidir leis na méideanna soláthair teasa agus paraiméadair teasa, líon na n-uaireanta oibríochta atá beartaithe in aghaidh na bliana agus suíomh geografach na láithreán san fhaisnéis sin. Foilseofar na sonraí sin agus aird chuí á tabhairt ar a n-íogaireacht ionchasach.
10. Ar bhonn na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe dá dtagraítear i bpointe (f) d’Iarscríbhinn III, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir tionscnamh an leictreachais arna tháirgeadh ó chomhghiniúint ardéifeachtach a ráthú de réir critéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha arna leagan síos ag gach Ballstát. Áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh an ráthaíocht tionscnaimh sin na ceanglais agus go mbeidh, ar a laghad, an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XI inti. Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas frithpháirteach dá ráthaíochtaí tionscnaimh, go heisiach mar chruthúnas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo. Aon diúltú ráthaíocht tionscnaimh a aithint mar chruthúnas den sórt sin, go háirithe ar chúiseanna a bhaineann le calaois a chosc, ní mór é a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoi dhiúltú den sórt sin agus faoi chúis an diúltaithe. I gcás ina ndiúltófar ráthaíocht tionscnaimh a aithint, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh chun iallach a chur ar an bpáirtí diúltaithe aitheantas a thabhairt di, go háirithe maidir le critéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha a bhfuil an t-aitheantas sin bunaithe orthu.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 319 den Treoir seo, na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2402 ón gCoimisiún (69).
11. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon tacaíocht atá ar fáil do chomhghiniúint faoi réir an leictreachais arna tháirgeadh de thionscnamh comhghiniúna ardéifeachtúlachta agus an dramhtheasa atá á úsáid go héifeachtach chun coigilteas fuinnimh phríomhúil a bhaint amach. Beidh tacaíocht phoiblí don chomhghiniúint agus do ghiniúint agus do líonraí téimh ceantair faoi réir rialacha maidir le Státchabhair, i gcás inarb infheidhme.
Airteagal 25
Trasfhoirmiú, tarchuir agus dáileadh fuinnimh
1. Cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta prionsabal “an éifeachtúlacht fuinnimh ar dtús” i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir seo agus na cúraimí rialála a shonraítear i dTreoracha (AE) 2019/944 agus 2009/73/CE á ndéanamh acu i ndáil lena gcinntí maidir le feidhmiú an bhonneagair gáis agus leictreachais, lena n-áirítear a gcinntí maidir le taraifí líonra , gan dochar do phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na cost-éifeachtúlachta . Sa bhreis ar bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta san áireamh cost-éifeachtúlacht, éifeachtúlacht córais agus slándáil an tsoláthair agus déanfaidh siad oiriúnú ar chur chuige saolré lena ndeanfar spriocanna aeráide agus inbhuanaitheacht an Aontais a choimirciú .
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin gáis agus leictreachais an bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir seo agus i gcomhréir le spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta an Aontais ina gcuid cinntí pleanála líonra, forbartha líonra agus infheistíochta. Beidh solúbthacht ar thaobh an éilimh ina cuid lárnach den mheasúnú ar phleanáil agus oibriú an líonra. Agus cinnteacht an tsoláthair agus comhtháthú an mhargaidh á gcur san áireamh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin infheistíocht i sócmhainní a sheasfaidh an aimsir chun rannchuidiú le maolú ar an athrú aeráide. Féadfar na húdaráis rialála náisiúnta modheolaíochtaí agus treoir a sholáthar maidir le conas roghanna malartacha a mheas san anailís costais is tairbhe, agus sochair níos leithne á gcur san áireamh i ndlúthchomhar leis na hoibreoirí córas tarchurtha agus leis na hoibreoirí córas dáileacháin, ar féidir leo saineolas teicniúil lárnach a chomhroinnt , agus a fhíorú go bhfuil bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur chun feidhme ag na hoibreoirí córas tarchurtha nó oibreoirí córas dáileacháin nuair atá na tionscadail arna gcur isteach ag na hoibreoirí córas tarchurtha nó oibreoir córas dáileacháin á bhformheas nó á bhfíorú nó nuair atá faireachán á dhéanamh orthu.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin faireachán agus cainníochtú ar mhéid foriomlán na gcaillteanas líonra a bhaineann leis an líonra a oibríonn siad agus go ndéanfaidh siad bearta costéifeachtacha chun éifeachtúlacht an líonra a mhéadú agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais forbairtí bonneagair agus ar na caillteanais a eascraíonn as leictriú méadaithe ar thaobh an éilimh agus an táirgthe araon . Déanfaidh na hoibreoirí córais tharchurtha agus dáileacháin na bearta sin a thuairisciú ▌don údarás náisiúnta rialála fuinnimh. ▌Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí líonra tharchurtha agus dáileacháin measúnú ar bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i ndáil leis na córais tarchurtha nó dáileacháin gáis nó leictreachais atá acu cheana agus go bhfeabhsóidh siad an éifeachtúlacht fuinnimh sa dearadh bonneagair agus i bhfeidhmiú an bhonneagair , go háirithe ó thaobh imscaradh eangaí cliste de . Spreagfaidh na Ballstáit oibreoirí córais tharchurtha agus dáileacháin chun réitigh nuálacha a fhorbairt chun éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh na gcóras atá ann cheana agus na gceann a bheidh ann amach anseo a fheabhsú trí rialacháin atá bunaithe ar dhreasachtaí.
4. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta rialála fuinnimh roinn shonrach san áireamh faoin dul chun cinn a baineadh amach i dtaobh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh i ndáil le feidhmiú an bhonneagair gáis agus leictreachais sa tuarascáil bhliantúil arna tarraingt suas de bhun Airteagal 59(l) de Threoir (AE) 2019/944 agus de bhun Airteagal 41 de Threoir 2009/73/CE. Sna tuarascálacha sin, soláthróidh na húdaráis náisiúnta rialála fuinnimh measúnú ar an éifeachtúlacht fhoriomlán in oibriú an bhonneagair gáis agus leictreachais, na bearta arna ndéanamh ag oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin, agus, i gcás inarb infheidhme, soláthróidh siad moltaí le haghaidh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh , lena n-áirítear roghanna malartacha costéifeachtúla a laghdaíonn buaic-ualaí agus úsáid fhoriomlán .
5. I gcás an leictreachais, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh an rialáil líonra agus na taraifí líonra na critéir in Iarscríbhinn XII, agus treoirlínte agus cóid arna bhforbairt de bhun Rialachán (AE) 2019/943 á gcur san áireamh.
6. Féadfaidh na Ballstáit comhpháirteanna scéimeanna agus struchtúir taraifí a bhfuil aidhm shóisialta acu a cheadú le haghaidh tarchur agus dáileachán fuinnimh eangach-cheangailte, ar choinníoll go ndéantar aon éifeacht shuaiteach ar an gcóras tarchurtha agus dáileacháin a choinneáil ag an leibhéal is ísle is gá ach nach bhfuil siad díréireach leis an aidhm shóisialta.
7. Áiritheoidh na húdaráis rialála náisiúnta go mbainfear na dreasachtaí sin sna taraifí tarchurtha agus dáileacháin a dhéanann dochar don éifeachtúlacht fuinnimh agus don fhreagairt don éileamh i nginiúint, tarchur, dáileadh agus soláthar an leictreachais agus an gháis. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bonneagair a dhearadh go héifeachtúil agus go ndéanfar an bonneagar atá ann cheana a oibriú go héifeachtúil agus, faoi chuimsiú Threoir (AE) 2019/944, go gcuirfidh taraifí ar chumas soláthróirí feabhas a chur ar rannpháirtíocht tomhaltóirí maidir le héifeachtúlacht an chórais.
8. Comhlíonfaidh oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XII.
9. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a chur de cheangal ar oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin spreagadh a thabhairt don chomhghiniúint ardéifeachtúlachta a bheith suite gar do limistéir ina bhfuil éileamh teasa trí mhuirir nascachta agus úsáid an chórais a laghdú.
10. Féadfaidh na Ballstáit ceadú do tháirgeoirí leictreachais ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta ar mian leo a nascadh leis an eangach glao ar thairiscintí a eisiúint don obair nasctha.
11. Agus tuairisciú á dhéanamh faoi Threoir 2010/75/AE, agus gan dochar d’Airteagal 9(2) den Treoir sin, déanfaidh na Ballstáit a meas ar fhaisnéis a chur san áireamh faoi leibhéil éifeachtúlachta fuinnimh suiteálacha a dhéanann breoslaí a bhfuil ionchur teirmeach rátáilte iomlán 50 MW nó níos mó acu a dhó i bhfianaise na teicnící is fearr atá ar fáil arna bhforbairt i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA COTHROMÁNACHA
Airteagal 26
Fáil ar scéimeanna cáilíochta, creidiúnúcháin agus deimhniúcháin
1. Áiritheoidh na Ballstáit an leibhéal iomchuí inniúlachtaí le haghaidh gairmeacha éifeachtúlachta fuinnimh a fhreagraíonn do riachtanais an mhargaidh. Áiritheoidh na Ballstáit, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, go mbeidh scéimeanna deimhniúcháin agus/nó scéimeanna cáilíochta coibhéiseacha, lena n-áirítear, i gcás inar gá, cláir oiliúna oiriúnacha, ar fáil do ghairmeacha éifeachtúlachta fuinnimh lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí fuinnimh, soláthraithe iniúchtaí fuinnimh, bainisteoirí fuinnimh, saineolaithe neamhspleácha agus suiteálaithe gnéithe tógála de bhun Threoir 2010/31/AE, agus go mbeidh siad iontaofa agus go rannchuideoidh siad le cuspóirí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus le cuspóirí foriomlána an Aontais maidir leis an dícharbónú.
Soláthraithe scéimeanna deimhniúcháin, agus/nó scéimeanna cáilíochta coibhéiseacha, lena n-áirítear, i gcás inar gá, cláir oiliúna oiriúnacha, beidh siad creidiúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 (70).
1a. Cuirfidh na Ballstáit cláir deimhniúcháin, oiliúna agus oideachais chun cinn chun an leibhéal iomchuí inniúlachtaí a áirithiú do ghairmeacha éifeachtúlachta fuinnimh a fhreagraíonn do riachtanais an mhargaidh. Cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm chun rannpháirtíocht i gcláir oiliúna den sórt a chur chun cinn, go háirithe ag FBManna agus ag daoine atá féinfhostaithe. Faoin… [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], cuirfidh an Coimisiún feachtas uile-Aontais ar bun chun níos mó daoine a mhealladh chuig gairmeacha éifeachtúlachta fuinnimh agus chun rochtain chomhionann do mhná a áirithiú.
1b. Faoin… [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], bunóidh an Coimisiún ardán aonair pointe rochtana lena gcuirfear tacaíocht agus comhroinnt eolais ar fáil chun an leibhéal iomchuí gairmithe cáilithe a áirithiú chun spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach. Baileoidh an t-ardán Ballstáit, comhpháirtithe sóisialta, institiúidí oideachais, lucht acadúil agus geallsealbhóirí ábhartha eile le chéile chun dea-chleachtais a chothú agus a chur chun cinn chun a áirithiú go mbeidh níos mó gairmithe éifeachtúlachta fuinnimh ann agus chun gairmithe atá ann cheana a athsciliú nó a uas-sciliú chun freastal ar riachtanais an mhargaidh.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an deimhniúchán náisiúnta, nó scéimeanna coibhéiseacha cáilíochta, lena n-áirítear, i gcás inar gá, cláir oiliúna, bunaithe ar chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta atá ann cheana.
3. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil go poiblí na scéimeanna deimhniúcháin, nó scéimeanna cáilíochta coibhéiseacha, nó scéimeanna oiliúna oiriúnacha dá dtagraítear i mír 1 agus comhoibreoidh siad eatarthu féin agus leis an gCoimisiún ar na comparáidí idir na scéimeanna, agus maidir le haitheantas a thabhairt dóibh.
Glacfaidh na Ballstáit bearta oiriúnacha chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin bhfáil ar na scéimeanna i gcomhréir le hAirteagal 27(1).
4. Déanfaidh na Ballstáit measúnú faoin 31 Nollaig 2024 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin ar cé acu an áiritheofar leis na scéimeanna an leibhéal riachtanach inniúlachtaí agus cothromaíocht inscne le haghaidh soláthraithe seirbhísí fuinnimh, soláthraithe iniúchtaí fuinnimh, bainisteoirí fuinnimh, saineolaithe neamhspleácha agus suiteálaithe gnéithe tógála de bhun Threoir 2010/31/AE . Déanfaidh siad measúnú freisin ar an mbearna idir gairmithe atá ar fáil agus gairmithe is gá. Cuirfidh siad an measúnú agus moltaí an mheasúnaithe ar fáil go poiblí.
Airteagal 27
Seirbhísí fuinnimh
1. Déanfaidh na Ballstáit margadh na seirbhísí fuinnimh agus rochtain air do FBManna a chur chun cinn trí fhaisnéis shoiléir atá inrochtana go héasca a scaipeadh maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
conarthaí seirbhísí fuinnimh atá ar fáil agus clásail is ceart a bheith san áireamh i gconarthaí den sórt sin chun coigilteas fuinnimh agus cearta na gcustaiméirí deiridh a ráthú; |
|
(b) |
ionstraimí airgeadais, dreasachtaí, deontais, cistí imrothlacha, ráthaíochtaí, scéimeanna árachais, agus cistí chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh; |
|
(c) |
soláthraithe seirbhísí fuinnimh atá ar fáil agus atá cáilithe agus/nó deimhnithe agus a gcáilíochtaí agus/nó a ndeimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 26. |
|
(d) |
modheolaíochtaí faireacháin agus fíoraithe atá ar fáil agus scéimeanna rialaithe cáilíochta. |
2. spreagfaidh na Ballstáit forbairt lipéad cáilíochta, inter alia, trí chomhlachais trádála, bunaithe ar chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta i gcás inarb ábhartha;
3. cuirfidh na Ballstáit liosta de na soláthraithe seirbhísí fuinnimh atá cáilithe agus/nó deimhnithe agus na cáilíochtaí agus/nó deimhnithe atá acu i gcomhréir le hAirteagal 26 ar fáil go poiblí agus déanfaidh siad nuashonrú rialta air, nó soláthróidh siad comhéadan ina mbeidh soláthraithe seirbhísí fuinnimh in ann faisnéis a sholáthar.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfidh comhlachtaí poiblí úsáid as conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh le haghaidh athchóirithe ar fhoirgnimh mhóra. Le haghaidh athchóiriú ar fhoirgnimh mhóra neamhchónaithe agus ar fhoirgnimh mhóra chónaithe phoiblí a bhfuil achar urláir úsáideach os cionn 500 m2 acu , agus ar fhoirgnimh chun críocha sóisialta , áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí measúnú ar a indéanta atá sé conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh agus seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe eile a úsáid.
Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí poiblí a spreagadh chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a chur le chéile le seirbhísí fuinnimh leathnaithe lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil chun coigilteas fuinnimh a áirithiú agus na torthaí a bhainfear amach a choinneáil le himeacht ama trí fhaireachán leanúnach, oibriú éifeachtach agus cothabháil éifeachtach .
5. Tabharfaidh na Ballstáit tacaíocht don earnáil phoiblí maidir le tairiscintí seirbhísí fuinnimh a ghlacadh chucu féin, go háirithe le haghaidh athchóiriú foirgneamh, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
samhailchonarthaí a sholáthar maidir le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh lena n-áirítear ar a laghad na hítimí a liostaítear in Iarscríbhinn XIII agus na caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta atá ann cheana, na treoirlínte tairisceana atá ar fáil agus treoir Eurostat maidir le láimhseáil staidrimh na gconarthaí feidhmíochta fuinnimh i gcuntais rialtais a chur san áireamh; |
|
(b) |
faisnéis a sholáthar maidir leis na cleachtais is fearr i dtaca le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, lena n-áirítear, más ann di, anailís costais is tairbhe agus leas á bhaint as cur chuige saolré; |
|
(c) |
bunachar sonraí a chur chun cinn agus a chur ar fáil go poiblí de na tionscadail conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh atá curtha chun feidhme agus leanúnach ina n-áirítear an coigilteas fuinnimh réamh-mheasta agus a baineadh amach. |
6. Tacóidh na Ballstáit le feidhmiú cuí an mhargaidh seirbhísí fuinnimh trí na bearta seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
pointe teagmhála nó pointí teagmhála a shainaithint agus a phoibliú ina mbeidh custaiméirí deiridh in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil; |
|
(b) |
deireadh a chur leis na bacainní rialála agus neamhrialála a chuireann bac ar níos mó úsáide a bhaint as an gconraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh agus as samhlacha seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh eile chun bearta coigiltis fuinnimh a shainaithint agus/nó a chur chun feidhme; |
|
(c) |
ról na gcomhlachtaí comhairleacha , na ESCOnna agus na n-idirghabhálaithe margaidh neamhspleácha a bhunú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear ionaid ilfhreastail nó sásraí tacaíochta comhchosúla chun forbairt an mhargaidh a spreagadh ar thaobh an éilimh agus an tsoláthair, agus faisnéis faoi na sásraí tacaíochta sin a chur ar fáil go poiblí agus rochtain a bheith ag gníomhaithe sa mhargadh uirthi. |
7. Chun tacú le feidhmiú cuí an mhargaidh seirbhísí fuinnimh, féadfaidh na Ballstáit sásra aonair a bhunú nó ombudsman a ainmniú chun a áirithiú go ndéanfar gearáin agus réitigh lasmuigh den chúirt ar dhíospóidí a eascraíonn as conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh agus feidhmíochta fuinnimh a láimhseáil go héifeachtúil.
8. Áiritheoidh na Ballstáit go staonfaidh dáileoirí fuinnimh, oibreoirí córais dáileacháin agus cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola ó aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh bac a chur ar éileamh agus seachadadh seirbhísí fuinnimh nó ar bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, nó a chuirfeadh bac ar fhorbairt na margaí i gcomhair na seirbhísí nó na mbeart sin, lena n-áirítear an margadh a dhúnadh d’iomaitheoirí nó leas a bhaint as seasaimh cheannasacha.
Airteagal 28
Ciste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh, Maoiniú agus Tacaíocht Theicniúil
1. Gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, éascóidh na Ballstáit bunú saoráidí maoinithe, nó úsáid a bhaint a cinn atá ann cheana, le haghaidh bearta feabhsaithe ar éifeachtúlacht fuinnimh chun na tairbhí a bhaineann le ilsreafaí maoinithe a uasmhéadú agus deontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh teicniúil a chur le chéile .
2. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, go díreach nó trí na hinstitiúidí Eorpacha airgeadais, cúnamh a thabhairt do na Ballstáit chun saoráidí maoinithe agus saoráidí forbartha cúnaimh theicniúil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil arb é is aidhm dóibh infheistíochtaí s an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú in earnálacha éagsúla, agus custaiméirí leochaileacha, daoine a n-imríonn an bhochtaineacht fuinnimh tionchar orthu agus, i gcás inarb iomchuí, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta a chosaint agus a chumhachtú lena n-áirítear trí ghné an chomhionannais a chomhtháthú ionas nach bhfágfar aon duine ar lár.
3. Glacfaidh na Ballstáit bearta lena n-áiritheofar go ndéanfaidh institiúidí airgeadais táirgí iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh, amhail morgáistí glasa agus iasachtaí glasa, urraithe agus neamhurraithe, a thairiscint go forleathan agus go neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh siad infheicthe ag tomhaltóirí agus go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí orthu. Glacfaidh na Ballstáit bearta chun cur chun feidhme scéimeanna maoinithe inbhille agus inchánach a éascú. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh bainc agus institiúidí airgeadais eile faisnéis faoi dheiseanna chun a bheith rannpháirteach i maoiniú na mbeart um fheabhsú ar éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí phríobháideacha/phoiblí a chruthú.
3a. Gan dochar d’Airteagal 107 agus d’Airteagal 108 CFAE, glacfaidh na Ballstáit scéimeanna tacaíochta airgeadais chun glacadh beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú le haghaidh córais téimh agus fuaraithe aonair agus ceantair a thógáil as an nua, nó athchóiriú substaintiúil a dhéanamh orthu, agus le haghaidh seanfhearais neamhéifeachtúla téimh agus fuaraithe a athsholáthar le roghanna malartacha ardéifeachtúla.
Éascóidh na Ballstáit bunú saineolais áitiúil agus cúnaimh theicniúil chun comhairle a thabhairt maidir le dea-chleachtais i ndáil le dícharbónú an téimh agus an fhuaraithe ceantair áitiúil a bhaint amach, amhail rochtain ar thionscadail atá ar fáil go háitiúil agus tacaíocht thiomnaithe airgeadais.
4. Éascóidh an Coimisiún malartú dea-chleachtais idir na húdaráis nó comhlachtaí inniúla náisiúnta nó réigiúnacha, e.g. trí bhíthin cruinnithe bliantúla na gcomhlachtaí rialála, bunachair sonraí poiblí ina mbeidh faisnéis maidir le cur chun feidhme beart ag na Ballstáit, agus comparáidí idir tíortha.
5. Chun maoiniú príobháideach a shlógadh i gcomhar bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóiriú fuinnimh, chun rannchuidiú le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais agus na rannchuidithe náisiúnta de bhun Airteagal 4 den Treoir seo agus na cuspóirí i ▌dTreoir 2010/31/AE a bhaint amach , beidh idirphlé ag an gCoimisiún le hinstitiúidí airgeadais poiblí agus príobháideacha araon , chomh maith le hearnálacha sonracha amhail iompar, TFC agus foirgnimh, chun riachtanais agus gníomhaíochtaí a bhféadfaidh sé dul ina mbun a leagan amach.
6. Áireofar na heilimintí seo a leanas sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 5:
|
(a) |
infheistíocht chaipitil a shlógadh in éifeachtúlacht fuinnimh trí thionchair níos leithne coigiltis fuinnimh a chur san áireamh; |
|
(aa) |
cur chun feidhme ionstraimí airgeadais agus scéimeanna maoiniúcháin atá tiomnaithe don éifeachtúlacht fuinnimh a éascú ar scála arna chur ar bun ag institiúidí airgeadais; |
|
(b) |
sonraí feidhmíochta fuinnimh agus airgeadais níos fearr a áirithiú tríd an méid seo a leanas:
|
7. Chun maoiniú príobháideach na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus an athchóirithe fuinnimh a shlógadh, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu:
|
(a) |
breithneoidh siad bealaí chun úsáid níos fearr a bhaint as córais bainistithe fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh faoi Airteagal 11 chun tionchar a imirt ar chinnteoireacht; |
|
(b) |
bainfidh siad an úsáid is fearr is féidir as na féidearthachtaí agus na huirlisí atá ar fáil as buiséad an Aontais, agus a mholtar sa tionscnamh dar teideal airgeadas cliste d’fhoirgnimh chliste agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Rabharta Athchóiriúcháin”. |
8. Faoin 31 Nollaig 2024 , cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil do na Ballstáit agus do ghníomhaithe sa mhargadh i ndáil leis an mbealach chun leas a bhaint as infheistíocht phríobháideach.
Is é an cuspóir a bheidh ag an treoir cabhrú leis na Ballstáit agus le gníomhaithe sa mhargadh a gcuid infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme sna cláir éagsúla de chuid an Aontais, agus molfaidh siad sásraí agus réitigh airgeadais leordhóthanacha, ina mbeidh meascán de dheontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh um fhorbairt tionscadal, chun tionscadail atá ann cheana a mhéadú agus an maoiniú ón Aontas a úsáid mar chatalaíoch chun maoiniú príobháideach a ghiaráil agus a spreagadh.
9. Faoin… [dáta trasuí], féadfaidh na Ballstáit Ciste Náisiúnta Éifeachtúlachta ▌ Fuinnimh a bhunú. Is é is cuspóir don Chiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme chun tacú le rannchuidithe náisiúnta na mBallstát de bhun Airteagal 4(2). Féadfar an Ciste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh a bhunú mar chiste tiomnaithe laistigh de shaoráid náisiúnta atá ann cheana agus a chuireann infheistíochtaí caipitil chun cinn.
Bunóidh na Ballstáit ionstraimí maoinithe lena n-áirítear ráthaíochtaí poiblí ina gCistí Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh chun glacadh na n-infheistíochtaí príobháideacha in éifeachtúlacht fuinnimh agus i dtáirgí iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus scéimeanna nuálacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a mhéadú . De bhun Airteagail 8(3) agus 22 , tacóidh an Ciste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh le cur chun feidhme na mbeart mar thosaíocht i measc custaiméirí leochaileacha, daoine a n-imríonn an bhochtaineacht fuinnimh tionchar orthu agus, i gcás inarb iomchuí, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Áireofar sa tacaíocht sin maoiniú le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh do FBManna chun maoiniú príobháideach a ghiaráil agus a spreagadh do FBManna, agus ar an gcaoi sin, tacú le cur chun feidhme beart náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit a rannchuidithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus a gconairí táscacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a chomhlíonadh. [Féadfar an Ciste Náisiúnta Éifeachtúlachta ▌Fuinnimh a mhaoiniú le hioncam ó cheantanna liúntais de bhun Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais ar fhoirgnimh agus ar earnálacha iompair]
10. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chomhlachtaí poiblí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6(1) a chomhlíonadh trí bhíthin ranníocaíochtaí bliantúla a dhéanamh leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh atá coibhéiseach le méid na n-infheistíochtaí atá de dhíth chun na hoibleagáidí sin a bhaint amach.
11. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le páirtithe faoi oibleagáid a n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 8(1) agus in Airteagal 4 a chomhlíonadh trí ranníocaíocht a dhéanamh go bliantúil leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh, ar méid é atá cothrom leis na hinfheistíochtaí a theastaíonn chun na hoibleagáidí sin a bhaint amach.
12. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as a n-ioncam ó na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE chun maoiniú nuálach a fhorbairt le haghaidh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh.
12a. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart infheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh arna gcur chun feidhme sna Ballstáit agus ar a gcumas glacadh infheistíochtaí príobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, agus riachtanais maoinithe phoiblí a chuirtear in iúl sna Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide á gcur san áireamh. Measúnóidh an Coimisiún an bhféadfadh sásra éifeachtúlachta fuinnimh ar leibhéal an Aontais, a bhfuil sé mar chuspóir leis go soláthróidh sé ráthaíocht AE, cúnamh teicniúil, lena n-áirítear ionaid ilfhreastail, agus deontais ghaolmhara chun cur chun feidhme ionstraimí airgeadais a chumasú, agus scéimeanna maoinithe agus tacaíochta ar an leibhéal náisiúnta, tacú ar bhealach costéifeachtach le baint amach spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus aeráide an Aontais, agus, más iomchuí, molfaidh sé go mbunófaí sásra den sórt sin.
Chuige sin, tíolacfaidh an Coimisiún faoin… [30 Márta 2024] tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, a mbeidh togra reachtach ag gabháil léi, más iomchuí.
12b. Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiúin faoin … [15 Márta 2025] agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 21 de Rialachán (AE) 2018/1999, ina mbeidh na sonraí seo a leanas:
|
(a) |
meastachán ar mhéid na n-infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha ar éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear infheistíochtaí trí chonraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh agus an fachtóir giarála a bhaintear amach le cistiú poiblí a thacaíonn le bearta éifeachtúlachta fuinnimh; |
|
(b) |
méid na dtáirgí iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh, agus idirdhealú á dhéanamh idir táirgí iasachtaithe urraithe agus neamhurraithe; |
|
(c) |
cláir maoiniúcháin náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm chun méadú a dhéanamh ar ghlacadh na héifeachtúlachta fuinnimh agus na ndea-chleachtas, agus scéimeanna maoinithe nuálacha don éifeachtúlacht fuinnimh. |
Chun ullmhú na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a éascú, soláthróidh an Coimisiún teimpléad coiteann do na Ballstáit faoin… [15 Márta 2024]. Áireoidh na Ballstáit iarscríbhinn a ghabhfadh lena dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, arna dtarraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad sin.
Airteagal 29
Fachtóirí coinbhéartachta agus fachtóirí fuinnimh phríomhúil
1. Chun an coigilteas fuinnimh a chur i gcomparáid agus a thiontú go haonad inchomparáide, beidh feidhm ag glanluachanna calracha atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 (71) ón gCoimisiún agus na fachtóirí fuinnimh phríomhúil a leagtar amach i mír 2 ach amháin más féidir bonn cirt a thabhairt d’úsáid luachanna nó fachtóirí eile.
2. Beidh fachtóir fuinnimh phríomhúil infheidhme nuair a dhéantar coigilteas fuinnimh a ríomh i dtéarmaí fuinnimh phríomhúil trí úsáid a bhaint as cur chuige ón mbun aníos bunaithe ar ídiú fuinnimh deiridh.
3. I gcás coigilteas i leictreachas kWh, cuirfidh na Ballstáit comhéifeacht i bhfeidhm chun an coigilteas in ídiú fuinnimh phríomhúil a eascraíonn as a ríomh go cruinn. Cuirfidh na Ballstáit comhéifeacht réamhshocraithe 2,1 i bhfeidhm ach amháin má úsáideann siad a ndiscréid chun comhéifeacht éagsúil a shainiú bunaithe ar imthosca náisiúnta a bhfuil bonn cirt leo.
4. Le haghaidh coigilteas in kWh a dhéanfaidh iompróirí fuinnimh eile, cuirfidh na Ballstáit comhéifeacht i bhfeidhm chun an coigilteas in ídiú fuinnimh phríomhúil a eascraíonn as a ríomh go cruinn.
5. I gcás ina mbunóidh na Ballstáit a gcomhéifeacht réamhshocraithe ag luach réamhshocraithe dá bhforáiltear de bhun na Treorach seo, déanfaidh na Ballstáit í sin a bhunú trí bhíthin modheolaíocht thrédhearcach ar bhonn na n-imthosca náisiúnta nó áitiúla a dhéanann difear d’ídiú fuinnimh phríomhúil. Beidh bunús leis na himthosca, agus beidh siad infhíoraithe agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha.
6. I gcás ina ndéanfaidh siad a gcomhéifeacht féin a bhunú, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an meascán fuinnimh a chuimsítear ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ina Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide comhtháite ina dhiaidh sin a bhfuil fógra le tabhairt ina leith don Choimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999. I gcás ina n-imíonn siad ón luach réamhshocraithe tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gcomhéifeacht a úsáideann siad i dteannta na modheolaíochta ríofa agus na bunsonraí sa nuashonrú ar a bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide comhtháite agus a bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide comhtháite ina dhiaidh sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999.
7. Faoin 25 Nollaig 2022 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún an chomhéifeacht réamhshocraithe a athscrúdú ar bhonn na sonraí iarbhír a fuarthas. Déanfar an t-athbhreithniú sin agus a thionchair ar dhlí eile de chuid an Aontais, amhail Treoir 2009/125/CE agus Rialachán (AE) 2017/1369, á gcur san áireamh. Déanfar measúnú rialta ar an modheolaíocht chun a áirithiú go mbeidh an leibhéal is airde laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh ar choigiltí fuinnimh agus go gcuirfear deireadh de réir a chéile le breoslaí iontaise ag an am céanna.
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 30
Pionóis
Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás neamhchomhlíonadh na bhforálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad na bearta is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin [dáta an trasuite] agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Airteagal 31
Gníomhartha tarmligthe
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 a bhaineann le h athbhreithniú a dhéanamh ar na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 24(10).
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Treoir seo a leasú nó a fhorlíonadh trí na luachanna, na modhanna ríomha, na comhéifeachtaí réamhshocraithe fuinnimh phríomhúil agus na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 29, in Iarscríbhinní II, III, V, VII go XI, agus XIII a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Treoir seo a leasú nó a fhorlíonadh trí scéim chomhchoiteann an Aontais chun inbhuanaitheacht na lárionad sonraí atá lonnaithe ar a chríoch a rátáil a bhunú, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, laistigh de mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach . Bunófar leis an scéim sainmhíniú ar tháscairí inbhuanaitheachta lárionaid sonraí agus, de bhun Airteagal 11a den Treoir seo, saineofar na híostairseacha le haghaidh ídiú suntasach fuinnimh agus leagfar amach na príomhtháscairí agus an mhodheolaíocht chun iad a thomhas.
Airteagal 32
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 31 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón [dáta an fhoilsithe san IO]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 31 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 31 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 33
Athbhreithniú agus faireachán ar an gcur chun feidhme
1. I gcomhthéacs na tuarascála ar Staid an Aontais Fuinnimh, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar fheidhmiú an mhargaidh carbóin i gcomhréir le hAirteagal 35(1) agus le pointe (c) d'Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, agus an tionchar a bhíonn ag cur chun feidhme na Treorach sin á chur san áireamh.
2. Faoin 31 Deireadh Fómhair 2025 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na bearta atá ann cheana chun méadú ar éifeachtúlacht fuinnimh agus dícharbónú i dtéamh agus i bhfuarú a bhaint amach. Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sa mheastóireacht:
|
(a) |
Éifeachtúlacht fuinnimh agus treochtaí astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtéamh agus i bhfuarú, lena n-áirítear i dtéamh agus i bhfuarú ceantair; |
|
(b) |
Idirnaisc idir na bearta a rinneadh; |
|
(c) |
Athruithe ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtéamh agus i bhfuarú; |
|
(d) |
Beartais agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh atá ann cheana agus atá beartaithe agus beartais agus bearta maidir le gás ceaptha teasa a laghdú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus |
|
(e) |
Bearta a rinne na Ballstáit a sholáthar ina measúnuithe cuimsitheacha de bhun Airteagal 23(1) den Treoir seo agus a dtugtar fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2018/1999. |
Faoi na dátaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an meastóireacht sin agus molfaidh sé, más iomchuí, bearta chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna fuinnimh aeráide an Aontais.
3. Roimh an 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh na Ballstáit staidreamh maidir leis an táirgeadh náisiúnta leictreachais agus teasa ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta agus ísealéifeachtúlachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir leis an modheolaíocht a léirítear in Iarscríbhinn II, maidir leis an táirgeadh iomlán teasa agus leictreachais. Ina theannta sin, cuirfidh siad staidreamh bliantúil maidir le hacmhainneachtaí teasa agus leictreachais comhghiniúna agus breoslaí le haghaidh comhghiniúna, agus maidir le téamh agus fuarú ceantair a tháirgeadh agus a acmhainní, faoina bhráid i ndáil le táirgeadh agus acmhainneacht iomlán teasa agus leictreachais. Tíolacfaidh na Ballstáit staidreamh maidir leis an gcoigilteas fuinnimh phríomhúil a bhaintear amach trí chomhghiniúint a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an modheolaíocht a léirítear in Iarscríbhinn III.
4. Faoin 1 Eanáir 2021, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar acmhainneacht éifeachtúlachta fuinnimh ó thaobh tiontú, claochlú, tarchur, iompar agus stóráil fuinnimh, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí.
5. Faoi réir ag aon athruithe ar na forálacha margaidh miondíola atá i dTreoir 2009/73/CE, Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún measúnú maidir leis na forálacha a bhaineann le méadrú, faisnéis bhilleála agus faisnéis do thomhaltóirí i gcomhair gás nádúrtha, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an méid sin, agus é mar aidhm iad a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, leis na forálacha ábhartha maidir leis an leictreachas i dTreoir (AE) 2019/944, ionas gur féidir cosaint tomhaltóirí a neartú agus custaiméirí deiridh i gcomhair gás nádúrtha a chumasú le go bhfaighfear faisnéis níos minice, níos soiléire, cothrom le dáta faoina n-ídiú gáis nádúrtha agus chun go bhféadfaidh siad a n-úsáid fuinnimh a rialú. A luaithe is féidir tar éis an tuarascáil sin a thíolacadh, glacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha.
6. Faoin 31 Deireadh Fómhair 2022, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu a d’éirigh nó nár éirigh leis an Aontas príomhsprioc 2020 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach.
7. Faoin 28 Feabhra 2027, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Áireofar sa mheastóireacht sin:
|
(a) |
measúnú ar a éifeachtaí atá an Treoir seo i gcoitinne agus ar a riachtanaí atá sé beartas an Aontais a choigeartú a thuilleadh i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras 2015 agus i bhfianaise forbairtí eacnamaíocha agus nuálaíochta; |
|
(aa) |
measúnú cuimsitheach ar thionchar maicreacnamaíoch comhiomlánaithe na Treorach seo, agus béim á leagan ar na héifeachtaí ar shlándáil fuinnimh, praghsanna fuinnimh, bochtaineacht fuinnimh a íoslaghdú, fás eacnamaíoch, iomaíochas, cruthú post, costas soghluaisteachta agus cumhacht ceannaigh teaghlaigh san Aontais; |
|
(b) |
príomhspriocanna 2030 an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a leagtar síos in Airteagal 4(1) a mheas d'fhonn na spriocanna sin a choigeartú suas i gcás laghduithe suntasacha costais mar thoradh ar fhorbairtí eacnamaíocha nó teicniúla, nó i gcás inar gá chun spriocanna an Aontais don bhliain 2040 nó 2050 le haghaidh dícharbónú, nó a ghealltanais idirnáisiúnta le haghaidh dícharbónú, a chomhlíonadh; |
|
(c) |
má leanann na Ballstáit de choigilteas nua bliantúil a bhaint amach i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 8 ar feadh tréimhsí 10 mbliana tar éis 2030; |
|
(d) |
má leanann na Ballstáit dá áirithiú go ndéanfar athchóiriú gach bliain ar 3 % ar a laghad d’achar urláir iomlán foirgneamh téite agus/nó fuaraithe atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí i gcomhréir le mír 1 d’Airteagal 6 d’fhonn an ráta athchóirithe san Airteagal sin a athbhreithniú; |
|
(e) |
má leanann na Ballstáit de choigilteas fuinnimh a bhaint amach i measc custaiméirí leochaileacha, daoine a n-imríonn an bhochtaineacht fuinnimh tionchar orthu, agus, i gcás inarb infheidhme, i measc daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le mír 3 d’Airteagal 8 le haghaidh na dtréimhsí 10 mbliana tar éis 2030; |
|
(f) |
má leanann na Ballstáit de laghdú ar ídiú fuinnimh deiridh a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 5(1). |
Ag gabháil leis an tuarascáil sin beidh measúnú cuimsitheach i dtaobh an gá an Treoir seo a athbhreithniú ar mhaithe le simpliú rialála agus , i gcás inarb iomchuí, beidh tograí le haghaidh bearta breise ag gabháil léi freisin. Cuirfidh an Coimisiún é féin in oiriúint go leanúnach do dhea-chleachtais riaracháin nós imeachta agus déanfaidh sé gach beart chun cur chun feidhme na Treorach seo a shimpliú, agus na hualaí riaracháin á gcoinneáil chomh híseal agus is féidir.
Airteagal 34
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 35
Trasuí
1. Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagail[…] agus Iarscríbhinní […] a chomhlíonadh [airteagail agus iarscríbhinní a ndearna leasú substaintiúil orthu i gcomparáid leis an Treoir aisghairthe] a thabhairt i bhfeidhm faoin […] .
Cuirfidh siad téacs na bearta sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 36
Aisghairm
Asghairtear Treoir 2012/27/AE, arna leasú leis na gníomhartha a liostaítear in Iarscríbhinn XV, Cuid A, le héifeacht ón […] [an lá tar éis an dáta atá sa chéad fhomhír d’Airteagal 35(1)] , gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama le haghaidh thrasuí na dTreoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XV, Cuid B sa dlí náisiúnta.
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn XVI.
Airteagal 37
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagail […] agus Iarscríbhinní […][airteagail agus iarscríbhinní nach bhfuil athraithe le hais na Treorach aisghairthe] ón […] [an lá tar éis an dáta atá sa chéad fhomhír d'Airteagal 35(1)].
Airteagal 38
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
IARSCRÍBHINN I
RANNÍOCAÍOCHTAÍ NÁISIÚNTA LE SPRIOCANNA ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH AN AONTAIS IN 2030 IN ÍDIÚ FUINNIMH DEIRIDH AGUS/NÓ IN ÍDIÚ FUINNIMH PHRÍOMHÚIL
|
1. |
Ríomhtar leibhéal na ranníocaíochtaí náisiúnta bunaithe ar an ▌bhfoirmle:
Inarb é is CEU ann ná fachtóir ceartúcháin arna shocrú ag an gCoimisiún tar éis do na Ballstáit an sprioc a thuairisciú , inarb é is Target ann ná leibhéal na huaillmhéine sonrach náisiúnta agus inarb é is FECB2030 PECB2030 ann ná Cás Tagartha 2020 a úsáidtear mar bhonnlíne do 2030. |
|
2. |
Is éard atá san fhoirmle ▌seo a leanas na critéir oibiachtúla a léiríonn na fachtóirí a liostaítear i bpointí (d) (i) go (iv) d’Airteagal 4(2), gach ceann á úsáid chun leibhéal uaillmhéine sonrach na tíre a shainiú in % (Target) agus ag a bhfuil an t-ualach céanna san fhoirmle (0,25):
|
|
3. |
Léiríonn Fflat sprioc 2030 an Aontais lena n-áirítear na hiarrachtaí breise a bhfuil gá leo chun spriocanna fuinnimh an Aontais in FEC agus PEC a bhaint amach i gcomparáid le réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2007 le haghaidh 2030. |
|
4. |
Ríomhfar Fwealth le haghaidh gach Ballstáit bunaithe ar a innéacs meán-fhíor-OTI per capita 3 bliana ó Eurostat i gcoibhneas le meán-fhíor-OTI per capita an Aontais thar an tréimhse 2017-2019, arna shloinneadh i bpaireachtaí cumhachta ceannaigh (PCCanna). |
|
5. |
Ríomhfar Fintensity le haghaidh gach Ballstáit bunaithe ar a innéacs meándéine fuinnimh deiridh 3 bliana (FEC nó PEC in aghaidh OTI iarbhír in PCCanna) i leith mheán trí bliana an Aontais thar an tréimhse 2017-2019. |
|
6. |
Ríomhfar Fpotential le haghaidh gach Ballstáit bunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh deiridh nó phríomhúil faoi chás PRIMES MIX 55 % le haghaidh 2030. Sloinntear an coigilteas i leith réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2007 le haghaidh 2030. |
|
7. |
I gcás gach critéir dá bhforáiltear i bpointe 2(a) go (d), cuirfear i bhfeidhm teorainn íosta agus teorainn uasta. Cuirfear uasteorainn leis an leibhéal uaillmhéine le haghaidh gach fachtóra ag 50 % agus 150 % de mheánleibhéal uaillmhéine an Aontais faoi fhachtóir ar leith. |
|
8. |
Is é Eurostat foinse na sonraí ionchuir a úsáidtear chun na fachtóirí a ríomh mura sonraítear a mhalairt. |
|
9. |
Ríomhfartotal F mar shuim ualaithe na gceithre fhachtóir uile (Fflat. Fwealth Fintensity agus Fpotential). Ríomhfar an sprioc mar an toradh ar an bhfachtóir iomlán Ftotal agus sprioc an Aontais. |
|
10. |
Cinnfidh an Coimisiún fachtóir ceartúcháin fuinnimh phríomhúil agus deiridh CEU , fachtóir a chuirfear i bhfeidhm i gcás leithdháileadh sprice gach Ballstáit chun suim na ranníocaíochtaí náisiúnta uile le spriocanna ídithe fuinnimh phríomhúil agus deiridh an Aontais in 2030 a chalabrú. Tá an fachtóir CEU comhionann i gcás na mBallstát uile. |
IARSCRÍBHINN II
PRIONSABAIL GHINEARÁLTA CHUN AN LEICTREACHAS Ó CHOMHGHINIÚINT A RÍOMH
Cuid I
Prionsabail ghinearálta
Socrófar na luachanna a úsáidfear chun an leictreachas ó chomhghiniúint a ríomh ar bhonn oibriú an aonaid a mheastar a bheidh ann nó ar bhonn oibriú iarbhír an aonaid faoi ghnáthdhálaí úsáide. I gcás aonaid mhicrea-chomhghiniúna féadfar an ríomh a bheith bunaithe ar luachanna deimhnithe.
|
(a) |
Measfar táirgeadh leictreachais ó chomhghiniúint a bheith ar comhchéim le táirgeadh leictreachais iomláin bliantúil an aonaid a thomhaistear ag asraoin na bpríomhghineadóirí má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
|
(b) |
In aonaid chomhghiniúna ag a bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán bhliantúil faoin luach dá dtagraítear i bpointe (a)(i) (aonaid chomhghiniúna de chineálacha (b), (d), (e), (f), (g), agus (h) dá dtagraítear i gCuid II) nó ag a bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán bhliantúil faoin luach dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) (aonaid chomhghiniúna de chineálacha (a) agus (c) dá dtagraítear i gCuid II) ríomhtar leictreachas ó chomhghiniúint de réir na foirmle a leanas: ECHP=HCHP*C inarb é: is E CHP ann ná méid an leictreachais ó chomhghiniúint; is C ann ná an cóimheas idir cumhacht agus teas; is HCHP ann ná an méid teasa úsáidigh ó chomhghiniúint (a ríomhtar chun na críche sin mar tháirgeadh teasa iomlán lúide aon teas a tháirgtear i gcoirí leithleacha nó trí eastóscadh gaile beo ón ngineadóir gaile roimh an tuirbín). Ní mór ríomh an leictreachais ó chomhghiniúint a bheith bunaithe ar an gcóimheas iarbhír idir cumhacht agus teas. Mura bhfios an cóimheas iarbhír idir cumhacht agus teas aonaid comhghiniúna, féadfar na luachanna réamhshocraithe seo a leanas a úsáid, go háirithe chun críocha staidrimh, le haghaidh aonaid de chineálacha (a), (b), (c), (d) agus (e) dá dtagraítear i gCuid II ar choinníoll go bhfuil an leictreachas comhghiniúna arna ríomh níos lú ná táirgeadh leictreachais iomláin an aonaid nó cothrom leis an méid sin:
Má thugann Ballstáit luachanna réamhshocraithe isteach le haghaidh cóimheasa idir cumhacht agus teas le haghaidh aonaid de chineálacha (f), (g), (h), (i), (j) agus (k) dá dtagraítear i gCuid II, foilseofar na luachanna réamhshocraithe sin agus cuirfear in iúl don Choimisiún iad. |
|
(c) |
Má aisghabhtar scair ábhar fuinnimh an ionchuir breosla i leith an phróisis comhghiniúna i gceimiceáin agus má athchúrsáiltear an scair sin agus is féidir an scair sin a dhealú ón ionchur breosla sula ríomhtar an éifeachtúlacht fhoriomlán a úsáidtear i bpointí (a) agus (b). |
|
(d) |
Féadfaidh na Ballstáit an cóimheas idir cumhacht agus teas a chinneadh mar an cóimheas idir leictreachas agus teas úsáideach nuair atáthar ag oibriú i mód comhghiniúna ag acmhainneacht is ísle agus sonraí oibríochtúla an aonaid shonraigh á n-úsáid. |
|
(e) |
Féadfaidh na Ballstáit tréimhsí tuairiscithe eile seachas bliain amháin a úsáid chun críche ríomhaireachtaí de réir phointí (a) agus (b). |
Cuid II
Teicneolaíochtaí comhghiniúna a chumhdaítear leis an Treoir seo
|
(a) |
Gástuirbín comh-thimthrialla le haisghabháil teasa |
|
(b) |
Tuirbín cúlbhrú |
|
(c) |
Galtuirbín comhdhlúthúcháin eastósctha |
|
(d) |
Gástuirbín le haisghabháil teasa |
|
(e) |
Inneall dócháin inmheánaigh |
|
(f) |
Micreatuirbíní |
|
(g) |
Innill den chineál Stirling |
|
(h) |
Breosla-chealla |
|
(i) |
Innill ghaile |
|
(j) |
Timthriallta orgánacha den chineál Rankine |
|
(k) |
Aon chineál teicneolaíochta eile nó teaglaim díobh sin a thagann faoin sainiú a leagtar amach i bpointe (32) d’Airteagal 2. |
Agus prionsabail ghinearálta maidir le leictreachas ó chomhghiniúint a ríomh á gcur chun feidhme agus á gcur i bhfeidhm, úsáidfidh na Ballstáit na Treoirlínte mionsonraithe a bhunaítear le Cinneadh 2008/952/CE ón gCoimisiún (72).
IARSCRÍBHINN III
MODHEOLAÍOCHT CHUN ÉIFEACHTÚLACHT AN PHRÓISIS COMHGHINIÚNA A CHINNEADH
Cinnfear na luachanna a úsáidfear chun éifeachtúlacht an chomhghiniúna agus an choigiltis fuinnimh phríomhúil a ríomh ar bhonn oibriú an aonaid a mheastar a bheidh ann nó ar bhonn oibriú iarbhír an aonaid faoi ghnáthdhálaí úsáide.
(a) Comhghiniúint ardéifeachtach
Chun críoch na Treorach seo comhlíonfaidh comhghiniúint ardéifeachtach na critéir a leanas:
|
— |
soláthróidh táirgeadh comhghiniúna ó aonaid chomhghiniúna an coigilteas fuinnimh phríomhúil a ríomhtar de réir phointe (b), mar atá ar a laghad 10 % i gcomparáid leis na tagairtí le haghaidh táirgeadh leithleach teasa agus leictreachais; |
|
— |
féadfar táirgeadh ó aonaid ar scála beag agus ó aonaid micrea-chomhghiniúna lena soláthraítear coigilteas fuinnimh phríomhúil a cháiliú mar chomhghiniúint ardéifeachtach; |
|
— |
is lú ná ná 270 gCO2 in aghaidh 1 kWh d’aschur fuinnimh ón gcomhghiniúint astaíochtaí díreacha na dé-ocsaíde carbóin ó tháirgeadh comhghiniúna a bhreoslaítear le breoslaí iontaise (lena n-áirítear fuinneamh teasa/fuaraithe, fuinneamh cumhachta, agus fuinneamh meicniúil). |
|
— |
Nuair a thógtar aonad comhghiniúna nó nuair a athchóirítear aonad comhghiniúna go substaintiúil, áiritheoidh na Ballstáit nach dtiocfaidh méadú ar úsáid breoslaí iontaise seachas gás nádúrtha i bhfoinsí teasa atá ann cheana i gcomparáid leis an ídiú bliantúil a mheánaítear thar na 3 bliana féilire oibríochta iomláine roimhe sin roimh athchóiriú agus nach n-úsáideann aon fhoinse nua teasa sa chóras sin breoslaí iontaise seachas gás nádúrtha. |
(b) An coigilteas fuinnimh phríomhúil a ríomh
Ríomhfar méid an choigiltis fuinnimh phríomhúil a sholáthraítear trí tháirgeadh comhghiniúna a shainítear i gcomhréir le hIarscríbhinn II ar bhonn na foirmle seo a leanas:
C1252023GA14310120220913GA0016.000114321431P9_TC1-COD(2021)0275Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú)(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1999)C1252023GA14810120220913GA0020.000114821481P9_TC1-COD(2021)0343Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modhanna le haghaidh ionstraimí a shuibscríobh go hindíreach atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2036)C1252023GA27010120220913GA0023.000127022701P9_TC1-COD(2021)0035Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2037)C1252023GA27110120220913GA0024.000127122711P9_TC1-COD(2021)0103Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme i Limistéar an Choinbhinsiúin Iascaigh san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2056)C1252023GA37410120220914GA0026.000137423741P9_TC1-COD(2020)0310Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2022/2041.)C1252023GA43910120220915GA0028.000143924391P9_TC1-COD(2022)0281Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 15 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann le ráthaíochtaí ó Bhallstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2022/1628.)
Inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
is é PES ann ná an coigilteas fuinnimh phríomhúil;
is é CHP Hη ann ná éifeachtúlacht teasa ó tháirgeadh comhghiniúna a shainmhínítear mar aschur teasa úsáidigh bliantúil arna roinnt ar ionchur breosla a úsáidtear chun suim an ionchuir teasa úsáidigh agus ó chomhghiniúint a tháirgeadh;
is é is Ref Hη ann ná an luach tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach teasa;
is é is CHP Hη ann ná an éifeachtúlacht leictreachais ón táirgeadh comhghiniúna a shainmhínítear mar aschur teasa úsáidigh bliantúil arna roinnt ar ionchur breosla a úsáidtear chun suim an ionchuir teasa úsáidigh agus ó chomhghiniúint a tháirgeadh. I gcás ina ngintear fuinneamh meicniúil le haonad comhghiniúna, féadfar an leictreachas bliantúil ó chomhghiniúint a mhéadú le gné bhreise a léiríonn méid an leictreachais atá comhionann le méid an leictreachais mheicniúil. Ní chruthaítear ceart ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint leis an ngné bhreise i gcomhréir le hAirteagal 24(10).
inarb é Ref Eη an luach tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach leictreachais.
(c) Ríomhaireachtaí an choigiltis fuinnimh trí úsáid ríomha mhalartaigh
Féadfaidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh phríomhúil ó tháirgeadh teasa agus leictreachais agus leictreachais mheicniúil mar a chuirtear in iúl thíos a ríomh gan Iarscríbhinn II a chur i bhfeidhm chun codanna teasa agus leictreachais neamh-chomhghinte an phróisis chéanna a eisiamh. Féadfar táirgeadh den sórt sin a mheas mar chomhghiniúint ardéifeachtach ar choinníoll go gcomhlíonann sé na critéir éifeachtúlachta i bpointe (a) den Iarscríbhinn seo agus, i gcás aonaid chomhghiniúna ag a bhfuil acmhainn leictreachais is mó ná 25 MW, má tá an éifeachtúlacht fhoriomlán os cionn 70 %. Mar sin féin, maidir le sonraíocht chainníocht an leictreachais ó chomhghiniúint a tháirgtear sa táirgeadh sin, chun ráthaíocht tionscnaimh a eisiúint agus chun críche staidrimh, cinnfear í i gcomhréir le hIarscríbhinn II.
Má ríomhtar an coigilteas fuinnimh phríomhúil le haghaidh próisis trí úsáid ríomha malartaigh mar a chuirtear in iúl thuas, ríomhfar an coigilteas fuinnimh phríomhúil tríd an bhfoirmle i bpointe (b) den Iarscríbhinn seo a úsáid agus: ag cur “CHP Hη” in ionad “Hη” agus “CHP Eη” in ionad “Eη”, i gcás:
ina gciallóidh Hη éifeachtúlacht teasa an phróisis, a shainmhínítear mar an t-aschur teasa bliantúil arna roinnt ar an ionchur breosla a úsáideadh chun suim an aschuir teasa agus an aschuir leictreachais a tháirgeadh.
agus ina gciallóidh Eη éifeachtúlacht leictreachais an phróisis, a shainmhínítear mar an t-aschur leictreachais úsáidigh bliantúil arna roinnt ar ionchur breosla arna úsáid chun suim an aschuir teasa agus an aschuir leictreachais a tháirgeadh. I gcás ina ngintear fuinneamh meicniúil le haonad comhghiniúna, féadfar an leictreachas bliantúil ó chomhghiniúint a mhéadú le gné bhreise a léiríonn méid an leictreachais atá comhionann le méid an leictreachais mheicniúil. Ní chruthófar leis an ngné bhreise sin ceart ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 24(10).
|
(d) |
Féadfaidh na Ballstáit tréimhsí tuairiscithe eile seachas bliain amháin a úsáid chun críche ríomhaireachtaí de réir phointí (b) agus (c) den Iarscríbhinn seo. |
|
(e) |
I gcás aonaid mhicrea-chomhghiniúna d’fhéadfadh ríomh an choigiltis fuinnimh phríomhúil a bheith bunaithe ar shonraí deimhnithe. |
(f) Luachanna tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach teasa agus leictreachais
Is éard a bheidh sna luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe maitrís luachanna arna difreáil de réir fachtóirí ábhartha, lena n-áirítear bliain thógála agus cineálacha breosla, agus ní mór iad a bheith bunaithe ar anailís dhea-dhoiciméadaithe agus inter alia sonraí ó úsáid oibríochtúil faoi dhálaí réalaíocha, meascán breosla agus dálaí aeráide á gcur san áireamh chomh maith le teicneolaíochtaí comhghiniúna feidhmeacha.
Leis na luachanna tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach teasa agus leictreachais i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach i bpointe (b) bunófar éifeachtúlacht oibriúcháin an táirgthe leithligh teasa agus leictreachais a raibh an chomhghiniúint beartaithe a ionadú.
Ríomhfar na luachanna tagartha éifeachtúlachta de réir na bprionsabal seo a leanas:
|
(i) |
i gcás aonaid chomhghiniúna beidh an chomparáid le táirgeadh leithleach leictreachais bunaithe ar an bprionsabal go gcuirtear na catagóirí breosla céanna i gcomparáid lena chéile; |
|
(ii) |
cuirfear gach aonad comhghiniúna i gcomparáid leis an aonad comhghiniúna is fearr atá ar fáil agus teicneolaíocht inchosanta ar bhonn eacnamaíoch le haghaidh táirgeadh leithleach teasa agus leictreachais ar an margadh i mbliain thógáil an aonaid comhghiniúna; |
|
(iii) |
déanfar luachanna tagartha éifeachtúlachta le haghaidh aonaid chomhghiniúna atá níos sine ná 10 mbliana d’aois a shocrú ar na luachanna tagartha de 10 bliana d’aois; |
|
(iv) |
léireoidh luachanna tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach leictreachais agus teasa na difríochtaí aeráide idir Ballstáit. |
IARSCRÍBHINN IV
CEANGLAIS MAIDIR LE hÉIFEACHTÚLACHT FUINNIMH LE hAGHAIDH SOLÁTHAR POIBLÍ,
I nósanna imeachta dámhachtana le haghaidh conarthaí poiblí agus lamháltas, údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a cheannaíonn táirgí, seirbhísí, foirgnimh agus oibreacha, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina gcumhdaítear táirge le gníomh tarmligthe arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) 2017/1369 nó le treoir cur chun feidhme ghaolmhar de chuid an Choimisiún, ní cheannóidh siad ach na táirgí a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 7(2) den Rialachán sin; |
|
(b) |
i gcás ina bhfuil táirge nach gcumhdaítear faoi phointe (a) cumhdaithe le beart cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE arna ghlacadh tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach, ní cheannóidh siad ach táirgí a chomhlíonann tagarmharcanna éifeachtúlachta fuinnimh a shonraítear sa bheart cur chun feidhme sin; |
|
(c) |
i gcás ina gcumhdaítear táirge nó seirbhís le critéir maidir le soláthar poiblí glas an Aontais, le hábharthacht maidir le héifeachtúlacht fuinnimh an táirge nó na seirbhíse, déanfaidh siad a ndícheall gan ach táirgí agus seirbhísí a cheannach, táirgí agus seirbhísí a urramaíonn ar a laghad na sonraíochtaí teicniúla a shonraítear ag an leibhéal “lárnach” i gcritéir maidir le soláthar poiblí glas an Aontais lena n-áirítear i measc aonaid sonraí, seomraí freastalaí agus néalseirbhísí, i gcritéir maidir le soláthar poiblí glas an Aontais le haghaidh soilsiú bóithre agus soilse tráchta, i gcritéir maidir le soláthar poiblí glas an Aontais le haghaidh ríomhairí, monatóirí, táibléad agus fóin chliste; |
|
(d) |
ní cheannóidh siad ach na boinn a chomhlíonann an critéar an aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde ó thaobh breosla de a bheith acu, mar a shainítear le Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (73). Ní chuirfear bac ar chomhlachtaí poiblí leis an gceanglas sin boinn a cheannach ag a bhfuil an aicme fliuchghreime nó aicme torainn rollta sheachtraigh is airde acu i gcás ina bhfuil bonn cirt leis sin de bharr cúiseanna sábháilteachta nó sláinte poiblí. |
|
(e) |
ceanglóidh siad ina dtairiscintí le haghaidh conarthaí seirbhíse, chun na seirbhísí atá i gceist a sholáthar, nach n-úsáidfidh soláthraithe seirbhíse ach na táirgí a chomhlíonann na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) (d), nuair a sholáthraíonn siad na seirbhísí atá i gceist. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin ach maidir le táirgí nua a cheannaíonn soláthraithe seirbhíse i bpáirt nó go hiomlán chun an tseirbhís atá i gceist a sholáthar; |
|
(f) |
ceannóidh siad foirgnimh a chomhlíonann ar a laghad na híoscheanglais maidir le feidhmíocht fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2010/31/AE, nó déanfaidh siad comhaontuithe cíosa nua lena n-aghaidh, murab é ceann de na nithe seo a leanas cuspóir an cheannacháin:
|
Fíorófar comhlíonadh na gceanglas trí bhíthin teastais feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir 2010/31/AE.
IARSCRÍBHINN V
MODHANNA COMHCHOITEANNA AGUS PRIONSABAIL CHOMHCHOITEANNA CHUN TIONCHAR SCÉIMEANNA UM OIBLEAGÁID ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH NÓ BEART BEARTAIS EILE FAOI AIRTEAGAIL 8, 9 AGUS 10 AGUS AIRTEAGAL 28(11) A RÍOMH
|
1. |
Modhanna chun an coigilteas fuinnimh seachas an coigilteas a eascraíonn ó bhearta cánachais chun críocha Airteagail 8, 9 agus 10 agus Airteagal 28(11) a ríomh.
Féadfaidh páirtithe faoi oibleagáid, páirtithe rannpháirteacha nó páirtithe ar cuireadh cúram orthu, nó údaráis phoiblí cur chun feidhme, feidhm a bhaint as na modhanna seo a leanas chun coigilteas fuinnimh a ríomh:
|
|
2. |
Nuair a bheidh an coigilteas fuinnimh do bheart éifeachtúlachta fuinnimh á chinneadh chun críocha Airteagail 8, 9 agus 10 agus Airteagal 28(11), beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:
|
|
3. |
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas na bearta beartais arna nglacadh de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 28(11):
|
|
4. |
Agus an coigilteas fuinnimh ó bhearta beartais atá bainteach le cánachas
agus táillí paraifhioscacha
a tugadh isteach faoi Airteagal 10 á chinneadh, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:
|
|
5. |
Fógra i dtaobh na modheolaíochta
Tabharfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, fógra don Choimisiún faoin modheolaíocht mhionsonraithe atá molta acu chun na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus na bearta malartacha dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 agus Airteagal 28(11) a fheidhmiú. Ach amháin i gcás cánachais, beidh sonraí faoi na nithe seo a leanas i bhfógra den sórt sin:
|
IARSCRÍBHINN VI
CRITÉIR ÍOSTA LE HAGHAIDH INIÚCHTAÍ FUINNIMH LENA N-ÁIRÍTEAR NA HINIÚCHTAÍ FUINNIMH A DHÉANTAR MAR CHUID DE CHÓRAIS BAINISTITHE FUINNIMH
Beidh na hiniúchtaí fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 11 bunaithe ar na critéir seo a leanas:
|
(a) |
a bheith bunaithe ar shonraí oibríochtúla atá cothrom le dáta, tomhaiste, inrianaithe maidir le hídiú fuinnimh agus lódphróifílí (le haghaidh leictreachais); |
|
(b) |
a bheith comhdhéanta d’athbhreithniú mionsonraithe ar phróifíl ídithe fuinnimh foirgneamh nó grúpaí foirgneamh, oibríochtaí tionsclaíochta nó suiteálacha, lena n-áirítear in earnáil an iompair; |
|
(c) |
bearta éifeachtúlachta fuinnimh a shainaithint chun ídiú fuinnimh a laghdú; |
|
(d) |
an acmhainn atá le húsáid chostéifeachtach nó táirgeadh costéifeachtach fuinnimh in-athnuaite a shainaithint; |
|
(e) |
a thógáil, nuair is féidir, ar anailís costais saolré (LCCA) seachas ar Thréimhsí Aisíoca Simplí (SPPanna) chun an coigilteas fadtéarmach, luachanna iarmharacha infheistíochtaí fadtéarmacha agus rátaí lascaine a chur san áireamh; |
|
(f) |
a bheith comhréireach, agus sách ionadaíoch ionas gur féidir léargas iontaofa na feidhmíochta fuinnimh foriomláine a tharraingt agus na deiseanna feabhais is suntasaí a shainaithint go hiontaofa. |
Le hiniúchtaí fuinnimh ceadófar ríomhanna mionsonraithe agus bailíochtaithe le haghaidh na mbeart atá beartaithe chun faisnéis shoiléir maidir leis an gcoigilteas a d’fhéadfadh a bheith ann a chur ar fáil.
Beifear in ann na sonraí a úsáidfear in iniúchtaí fuinnimh a stóráil le haghaidh anailís stairiúil agus feidhmíocht rianaithe.
▌
IARSCRÍBHINN VIA
NA CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE FAIREACHÁN A DHÉANAMH AR FHEIDHMÍOCHT FUINNIMH IONAD SONRAÍ AGUS MAIDIR LEIS AN BHFEIDHMÍOCHT SIN A FHOILSIÚ
Déanfar faireachán ar an bhfaisnéis íosta seo a leanas agus foilseofar í a mhéid a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh ionad sonraí dá dtagraítear in Airteagal 11a(1):
|
(a) |
ainm an ionaid sonraí, ainm an úinéara agus oibreoirí an ionaid sonraí, an bardas ina bhfuil an t-ionad sonraí lonnaithe, ach amháin i gcás lárionaid sonraí a bhaineann a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta agus leis an gcosaint náisiúnta; |
|
(b) |
achar urláir an ionaid sonraí; an toilleadh suiteáilte; na pointí socraithe teochta; an trácht sonraí bliantúil isteach agus amach má tá sé ar fáil d’oibreoir an lárionaid sonraí agus an tsamhail ghnó agus an cineál custaiméara á gcur san áireamh; agus an méid sonraí a stóráiltear agus a phróiseáiltear laistigh den lárionad sonraí nuair a dhéanann sin difear do thomhaltas fuinnimh an lárionaid sonraí; |
|
(c) |
feidhmíocht an lárionaid sonraí, le linn na bliana iomláine féilire deiridh, i gcomhréir leis na heochairtháscairí feidhmíochta seo a leanas ó CEN/CENELEC EN 50600-4 “Teicneolaíocht faisnéise – saoráidí agus bonneagair lárionaid sonraí”, agus aird chuí á tabhairt ar shuíomh geografach an lárionaid sonraí, ar an éileamh ar athúsáid teasa agus ar na bonneagair teasa atá ar fáil, go dtí go dtiocfaidh an gníomh tarmligthe de bhun Airteagal 31 den Treoir seo i bhfeidhm:
|
IARSCRÍBHINN VII
NA CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE BILLEÁIL AGUS MAIDIR LE FAISNÉIS BHILLEÁLA BUNAITHE AR ÍDIÚ IARBHÍR GÁIS NÁDÚRTHA
1. Na ceanglais íosta maidir le billeáil
1.1. An bhilleáil bunaithe ar ídiú iarbhír
Chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí deiridh a n-ídiú fuinnimh féin a rialú, ba cheart billeáil a dhéanamh ar bhonn an ídithe iarbhír uair sa bhliain ar a laghad, agus ba cheart faisnéis bhilleála a chur ar fáil gach ráithe ar a laghad, arna iarraidh sin nó i gcás inár roghnaigh tomhaltóirí billeáil leictreonach a fháil nó seachas sin faoi dhó sa bhliain. Is féidir gás nach n-úsáidtear ach chun críche cócaireachta amháin a dhíolmhú ón gceanglas sin.
1.2. An fhaisnéis íosta a bheidh sa bhille
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, go gcuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil do na custaiméirí deiridh i dtéarmaí soiléire agus sothuigthe ina mbillí, ina gconarthaí, ina n-idirbhearta, agus ina bhfáltais ag stáisiúin dáileacháin nó lena mbillí, lena gconarthaí, lena n-idirbhearta, agus lena bhfáltais ag stáisiúin dáileacháin:
|
(a) |
praghsanna iarbhír reatha agus ídiú iarbhír fuinnimh; |
|
(b) |
comparáidí idir ídiú fuinnimh reatha an chustaiméara deiridh agus ídiú na tréimhse chéanna sa bhliain roimhe sin, i bhfoirm ghrafach más féidir; |
|
(c) |
faisnéis teagmhála d’eagraíochtaí úsáideoirí deiridh, gníomhaireachtaí fuinnimh nó comhlachtaí comhchosúla, lena n-áirítear seoltaí gréasáin, óna bhféadfar faisnéis a fháil faoi na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá le fáil, faoi phróifílí comparáideacha úsáideoirí deiridh agus faoi shonraíochtaí teicniúla oibiachtúla do threalamh a úsáideann fuinneamh. |
Sa bhreis air sin, i gcás inar féidir agus ina bhfuil sin úsáideach, áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar comparáidí le meánchustaiméir normalaithe nó tagarmharcáilte sa chatagóir úsáideora chéanna do na custaiméirí deiridh i dtéarmaí soiléire agus sothuigthe ina mbillí, ina gconarthaí, ina n-idirbhearta, agus ina n-admhálacha ag stáisiúin dáileacháin nó déanfar na comparáidí sin a chur leo nó comhartha ina leith sin a chur iontu.
1.3. Comhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a ghabhann le billí agus aiseolas eile do na custaiméirí deiridh
Agus conarthaí agus athruithe ar chonarthaí á seoladh, agus i mbillí a fhaigheann custaiméirí nó trí shuíomhanna gréasáin lena dtugtar aghaidh ar chustaiméirí aonair, cuirfidh dáileoirí fuinnimh, oibreoirí córas dáileacháin agus cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola a gcustaiméirí ar an eolas ar bhealach soiléir agus intuigthe maidir le faisnéis teagmhála le haghaidh aonaid comhairle tomhaltóirí aonair, gníomhaireachtaí fuinnimh nó institiúidí comhchosúla, lena n-áirítear a seoltaí idirlíne, áit ar féidir leo comhairle faoi bhearta éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil a fháil, próifílí tagarmhairc dá n-ídiú fuinnimh agus sonraíochtaí teicniúla fearas a úsáideann fuinneamh lenar féidir ídiú na bhfearas sin a laghdú.
IARSCRÍBHINN VIII
NA CEANGLAIS ÍOSTA D'FHAISNÉIS BHILLEÁLA AGUS TOMHALTAIS I GCÁS TÉIMH, FUARÚ AGUS UISCE TE TÍ
1. An bhilleáil bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó léamha leithdháileoirí costais teasa
D'fhonn úsáideoirí deiridh a chumasú chun a dtomhaltas fuinnimh féin a rialú, déanfar billeáil ar bhonn tomhaltas iarbhír nó léamha leithdháileoirí costais teasa uair sa bhliain ar a laghad.
2. Minicíocht íosta na faisnéise billeála nó tomhaltais
Go dtí an 31 Nollaig 2021 , i gcás inar suiteáladh méadair nó leithdháileoirí costais teasa atá inléite go cianda, cuirfear faisnéis bhilleála nó ídithe bunaithe ar ídiú iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa ar fáil do na húsáideoirí deiridh ar a laghad gach ráithe arna iarraidh sin nó i gcás inar roghnaigh na custaiméirí deiridh billeáil leictreonach a fháil, nó faoi dhó sa bhliain murach sin.
Ón 1 Eanáir 2022, i gcás inar suiteáladh méadair nó leithdháileoirí costais teasa atá inléite go cianda, cuirfear faisnéis bhilleála nó tomhaltais bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa ar fáil do na húsáideoirí deiridh gach mí ar a laghad. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil tríd an idirlíon freisin agus í a thabhairt cothrom le dáta a mhinice is incheadaithe leis na feistí agus na córais tomhais a úsáidtear. Féadfar téamh agus fuarú a dhíolmhú ón gceanglas sin lasmuigh de na séasúir téimh/fuaraithe.
3. An fhaisnéis íosta a bheidh sa bhille
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear ar fáil an fhaisnéis seo a leanas do na húsáideoirí deiridh i dtéarmaí soiléire sothuigthe ina mbillí nó lena mbillí i gcás ina bhfuil siad bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa:
|
(a) |
praghsanna iarbhír reatha agus tomhaltas iarbhír fuinnimh nó costas teasa iomlán agus léamha leithdháileoirí costais teasa; |
|
(b) |
faisnéis faoin meascán breosla a úsáidtear agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa bliantúla gaolmhara, lena n-áirítear d'úsáideoirí deiridh arna soláthar ag téamh ceantair nó fuarú ceantair, agus cur síos ar na cánacha, tobhaigh agus taraifí éagsúla a cuireadh i bhfeidhm. Féadfaidh na Ballstáit raon feidhme an cheanglais a theorannú maidir le faisnéis faoi astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur ar fáil chun nach n-áireofar ach soláthairtí ó chórais téimh ceantair ar mó a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán ná 20 MW; |
|
(c) |
comparáidí do thomhaltas fuinnimh reatha na n-úsáideoirí deiridh le tomhaltas don tréimhse chéanna sa bhliain roimhe, i bhfoirm ghrafaic, arna ceartú ó thaobh na haeráide de le haghaidh téimh agus fuarú; |
|
(d) |
faisnéis teagmhála d'eagraíochtaí úsáideoirí deiridh, gníomhaireachtaí fuinnimh nó comhlachtaí comhchosúla, lena n-áirítear seoltaí gréasáin, óna bhféadfar faisnéis a fháil faoi na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá le fáil, faoi phróifílí comparáideacha úsáideoirí deiridh agus faoi shonraíochtaí teicniúla oibiachtúla do threalamh a úsáideann fuinneamh. |
|
(e) |
faisnéis faoi nósanna imeachta gaolmhara gearáin, seirbhísí ombudsman nó sásraí um réiteach malartach díospóidí, de réir mar is infheidhme sna Ballstáit; |
|
(f) |
comparáidí le meán-úsáideoir deiridh normalaithe nó tagarmharcáilte sa chatagóir úsáideora chéanna. I gcás billí leictreonacha, féadfar, de rogha air sin, comparáidí den sórt sin a chur ar fáil ar líne agus a bheith marcáilte sna billí. |
I gcás billí nach bhfuil bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais, beidh míniú soiléir sothuigthe iontu ar conas a ríomhadh an méid a leagtar amach sa bhille, agus ar a laghad, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e).
IARSCRÍBHINN IX
ACMHAINNEACHT MAIDIR LE HÉIFEACHTÚLACHT I DTÉAMH AGUS I BHFUARÚ
Áireofar sa mheasúnú cuimsitheach ar an acmhainneacht náisiúnta téimh agus fuaraithe dá dtagraítear in Airteagal 23(1) na nithe seo a leanas agus bunófar orthu sin é:
Cuid I
FORBHREATHNÚ AR THÉAMH AGUS AR FHUARÚ
|
1. |
éileamh ar théamh agus ar fhuarú i dtéarmaí fuinneamh úsáideach a ndéantar measúnú air agus ídiú deiridh cainníochtaithe fuinnimh (77) in GWh in aghaidh na bliana (78) de réir na n-earnálacha seo a leanas:
|
|
2. |
sainaithint, nó i gcás phointe 2(a)(i), sainaithint nó meastachán an tsoláthair téimh agus fuaraithe atá ann faoi láthair:
|
|
3. |
léarscáil lena gcumhdaítear an chríoch náisiúnta iomlán lena sainaithnítear na nithe seo a leanas (agus an fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de á caomhnú san am céanna):
|
|
4. |
réamhaisnéis ar threochtaí maidir leis an éileamh ar théamh agus ar fhuarú chun peirspictíocht an 30 bliain atá amach romhainn in GWh a choinneáil ar bun agus aird á tabhairt go háirithe ar réamh-mheastacháin do na 10 bliana atá amach romhainn, an t-athrú ar an éileamh i bhfoirgnimh agus in earnálacha difriúla den tionscal, agus tionchar na mbeartas agus na straitéisí a bhaineann le bainistiú éilimh, amhail straitéisí athchóirithe fadtéarmacha i bhfoirgnimh faoi Threoir (AE) 2018/844; |
Cuid II
CUSPÓIRÍ, STRAITÉISÍ AGUS BEARTA BEARTAIS
|
5. |
rannchuidiú beartaithe an Bhallstáit maidir lena chuspóirí náisiúnta, lena spriocanna náisiúnta agus lena rannchuidithe náisiúnta a bhaineann leis na cúig ghné den Aontas Fuinnimh, mar a leagtar amach in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (AE) 2018/1999, a bhainfear amach trí éifeachtúlacht i dtéamh agus i bhfuarú, go háirithe maidir le pointí 1 go 4 d’Airteagal 4(b) agus mír (4)(b) d’Airteagal 15, ina sainaithnítear cé acu de na gnéithe sin atá sa bhreis ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide; |
|
6. |
forbhreathnú ginearálta ar na beartais agus na bearta atá ann cheana mar a thuairiscítear iad sa tuarascáil is déanaí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagail 3, 20, 21 agus 27(a) de Rialachán (AE) 2018/1999; |
Cuid III
ANAILÍS AR AN ACMHAINNEACHT EACNAMAÍOCH MAIDIR LE hÉIFEACHTÚLACHT I dTÉAMH AGUS I bhFUARÚ
|
7. |
déanfar anailís ar acmhainneacht eacnamaíoch (81) teicneolaíochtaí difriúla téimh agus fuaraithe don chríoch náisiúnta iomlán trí úsáid a bhaint as an measúnú costais is tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 23(3) agus sainaithneofar inti cásanna malartacha le haghaidh teicneolaíochtaí téimh agus fuaraithe níos éifeachtúla agus in-athnuaite, agus idirdhealú á dhéanamh idir an fuinneamh a fhaightear ó fhoinsí iontaise agus ó fhoinsí in-athnuaite i gcás inarb infheidhme.
Ba cheart na teicneolaíochtaí seo a leanas a mheas:
|
|
8. |
áireofar san anailís sin ar acmhainneacht eacnamaíoch na céimeanna agus na breithnithe seo a leanas:
|
CUID IV
CUSPÓIRÍ, STRAITÉISÍ AGUS BEARTA BEARTAIS NUA FÉIDEARTHA
|
9. |
forbhreathnú ar bhearta beartais reachtacha agus neamhreachtacha nua (84) chun an acmhainneacht eacnamaíoch arna sainaithint i gcomhréir le pointí 7 agus 8 a bhaint amach, agus réamhaisnéisí maidir leis na nithe seo a leanas á gcur san áireamh:
|
IARSCRÍBHINN X
MEASÚNÚ COSTAIS IS TAIRBHE
Prionsabail chun críche Airteagal 244 agus (6)
Cuirfear faisnéis ar fáil sa mheasúnú costais is tairbhe chun críche na mbeart in Airteagal 24(4) agus Airteagal (6):
Má tá suiteáil leictreachais amháin nó suiteáil gan aisghabháil teasa beartaithe, déanfar comparáid idir na suiteálacha atá beartaithe nó an t-athfheistiú atá beartaithe agus suiteáil choibhéiseach a tháirgeann an méid céanna leictreachais nó teasa próisis, ach an dramhtheas a aisghabháil agus teas a sholáthar trí bhíthin líonraí comhghiniúna ardéifeachtacha agus/nó líonraí téimh agus fuaraithe ceantair.
Laistigh de theorainn gheografach ar leith, cuirfear san áireamh sa mheasúnú an tsuiteáil atá beartaithe agus aon phointe éilimh téimh nó fuaraithe iomchuí atá inti cheana nó a d’fhéadfadh a bheith inti a d’fhéadfaí a sholáthar uaithi, agus aird á tabhairt ar na féidearthachtaí réasúnacha (mar shampla, an indéantacht theicniúil agus fad).
Beidh teorainn an chórais socraithe chun an tsuiteáil agus na lóid théite agus fuaraithe atá beartaithe, amhail foirgneamh/foirgnimh agus an próiseas tionsclaíoch a chur san áireamh. Laistigh de theorainn an chórais sin, cinnfear an costas iomlán a bhaineann le teas agus cumhacht a sholáthar don dá chás agus cuirfear i gcomparáid é.
Cuimseofar sna lóid théite nó fuaraithe na lóid théite nó fuaraithe atá ann cheana, amhail suiteáil thionsclaíoch nó córas téimh nó fuaraithe ceantair atá ann cheana, agus chomh maith leis sin, i limistéir uirbeacha, an lód téite nó fuaraithe agus na costais a bheadh ann dá gcuirfí líonra téimh nó fuaraithe ceantair nua ar fáil do ghrúpa foirgneamh nó do chuid de chathair agus/nó dá nascfaí grúpa foirgneamh nó cuid de chathair le líonra téimh nó fuaraithe ceantair nua.
Beidh an measúnú costais is tairbhe bunaithe ar thuairisc ar an tsuiteáil atá beartaithe agus ar an tsuiteáil comparáide nó ar na suiteálacha comparáide, lena gcumhdaítear acmhainn leictreach agus theirmeach, de réir mar is infheidhme, cineál breosla, an úsáid atá beartaithe agus líon na n-uaireanta oibríochta atá beartaithe in aghaidh na bliana, suíomh agus leictreachas agus éileamh teirmeach.
Cuirfear na teicneolaíochtaí atá ann faoi láthair san áireamh sa mheasúnú ar an úsáid a bhaintear as dramhtheas. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú úsáid dhíreach dramhtheasa nó a uasghrádú go leibhéil teochta níos airde, nó iad araon. I gcás aisghabháil dramhtheasa ar an láthair, déanfar measúnú ar úsáid malartóirí teasa, teaschaidéal, agus teicneolaíochtaí teasa agus cumhachta ar a laghad. I gcás aisghabháil dramhtheasa lasmuigh den láthair, déanfar ar a laghad suiteálacha tionsclaíocha, láithreáin talmhaíochta agus líonraí le haghaidh téamh ceantair a mheasúnú mar phointí éilimh féideartha.
Chun críche na comparáide, cuirfear san áireamh an t-éileamh ar fhuinneamh teirmeach agus na cineálacha téimh agus fuaraithe arna n-úsáid ag na pointí éilimh téimh nó fuaraithe in aice láimhe. Cumhdóidh an chomparáid costais a bhaineann le bonneagar don tsuiteáil bheartaithe agus comparáide.
Áireofar sa mheasúnú costais is tairbhe chun críocha Airteagal 24(4) anailís eacnamaíoch lena gcumhdófar anailís airgeadais a léireoidh idirbhearta sreafa airgid iarbhír ó infheistiú i suiteálacha aonair agus ó oibriú suiteálacha aonair.
Is iad na tionscadail a bhfuil toradh dearfach costais is tairbhe orthu na tionscadail sin ina sáraíonn suim na sochar lascainithe san anailís eacnamaíoch agus airgeadais suim na gcostas lascainithe (barrachas costais is tairbhe).
Socróidh na Ballstáit prionsabail threoracha le haghaidh na modheolaíochta, na dtoimhdí agus na tréimhse ama don anailís eacnamaíoch.
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na cuideachtaí atá freagrach as suiteálacha giniúna leictreachais theirmigh, cuideachtaí tionsclaíocha, líonraí téimh agus fuaraithe ceantair a oibriú, nó ar pháirtithe eile a bhfuil tionchar ag teorainn shainithe an chórais agus ag teorainn gheografach shainithe orthu sonraí a chur ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar chostais agus ar thairbhí suiteála aonair.
IARSCRÍBHINN XI
RÁTHAÍOCHT TIONSCNAIMH LE HAGHAIDH LEICTREACHAS ARNA THÁIRGEADH Ó CHOMHGHINIÚINT ARDÉIFEACHTACH
|
(a) |
Déanfaidh na Ballstáit bearta chun an méid seo a leanas a áirithiú:
|
|
(b) |
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa ráthaíocht tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 24(10):
An méid caighdeánach 1 MWh a bheidh sa ráthaíocht tionscnaimh. Bainfidh sé leis an nglanaschur leictreachais arna thomhas ag teorainn an stáisiúin agus arna onnmhairiú chuig an eangach. |
IARSCRÍBHINN XII
CRITÉIR ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH LE HAGHAIDH RIALÁIL AN LÍONRA FUINNIMH AGUS LE HAGHAIDH TARAIFÍ LÍONRA LEICTREACHAIS
|
1. |
Beidh na taraifí líonra costas-léiritheach maidir le coigilteas a bhaineann le costas i líonraí a bhainfear amach ó bhearta ar thaobh an éilimh agus ó bhearta mar fhreagairt don éileamh agus ó ghiniúint dháilte, lena n-áirítear an coigilteas a eascraíonn as an gcostas seachadta nó na hinfheistíochta a ísliú agus as feidhmiú barrmhaith an líonra. |
|
2. |
Ní chuirfidh rialáil líonra ná taraifí cosc ar oibreoirí líonraí ná ar mhiondíoltóirí fuinnimh seirbhísí córais a chur ar fáil do bhearta freagartha don éileamh, do bhainistiú éilimh agus do ghiniúint dháilte ar mhargaí leictreachais eagraithe, go háirithe an méid seo a leanas:
Chun críocha na forála seo, áireofar leis an téarma “margaí leictreachais eagraithe” margaí thar an gcuntar agus malartuithe leictreachais chun fuinneamh, acmhainn, cothromú agus seirbhísí coimhdeacha a thrádáil i ngach creat ama, lena n-áirítear réamh-mhargaí, margaí lá roimh ré agus margaí ionlae. |
|
3. |
Féadfaidh taraifí líonra nó miondíola tacú leis an bpraghsáil dhinimiciúil don éileamh maidir le bearta freagartha na gcustaiméirí deiridh, amhail:
|
IARSCRÍBHINN XIII
CEANGLAIS ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH D’OIBREOIRÍ CÓRAIS TARCHURTHA AGUS D’OIBREOIRÍ CÓRAIS DÁILEACHÁIN
Déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin an méid seo a leanas:
|
(a) |
a rialacha caighdeánacha a bhunú agus a chur ar fáil don phobal, ar rialacha iad a bhaineann le costais maidir le hoiriúnuithe teicniúla a iompar agus a roinnt, amhail nascadh leis an eangach, atreisiú na heangaí agus tabhairt isteach eangach nua, feabhas a chur ar fheidhmiú na heangaí agus ar na rialacha maidir le cur chun feidhme neamh-idirdhealaitheach na gcód eangaí, rud atá riachtanach d'fhonn táirgeoirí nua a chuireann leictreachas a ghintear as comhghiniúint ardéifeachtach leis an eangach idirnasctha a lánpháirtiú; |
|
(b) |
an fhaisnéis chuimsitheach agus riachtanach is gá a sholáthar d’aon táirgeoir nua leictreachais, leictreachas arna tháirgeadh ó chomhghiniúint ardéifeachtach, ar mian leis a bheith nasctha leis an gcóras, lena n-áirítear:
|
|
(c) |
nósanna imeachta caighdeánaithe agus simplithe a sholáthar chun táirgeoirí comhghiniúna dáilte ardéifeachtacha a nascadh chun a nasc leis an eangach a éascú. |
Beidh na rialacha caighdeánacha dá dtagraítear i bpointe (a) bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha, agus aird ar leith á tabhairt ar na costais agus ar na sochair uile a bhaineann le nascadh na dtáirgeoirí sin leis an eangach. Féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le cineálacha éagsúla naisc.
IARSCRÍBHINN XIV
ÍTIMÍ ÍOSTA ATÁ LE HÁIREAMH I GCONARTHAÍ FEIDHMÍOCHTA FUINNIMH NÓ SNA SONRAÍOCHTAÍ TAIRISCEANA GAOLMHARA
|
— |
Torthaí/moltaí ar anailís/iniúchadh a rinneadh sular tugadh an conradh i gcrích a chumhdaíonn úsáid fuinnimh an fhoirgnimh d’fhonn bearta feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm. |
|
— |
Liosta soiléir trédhearcach de na bearta éifeachtúlachta atá le cur chun feidhme nó de na torthaí éifeachtúlachta atá le fáil. |
|
— |
An coigilteas ráthaithe atá le baint amach trí bhearta an chonartha a chur chun feidhme. |
|
— |
Fad agus garspriocanna an chonartha, na téarmaí agus an tréimhse fógra. |
|
— |
Liosta soiléir trédhearcach d’oibleagáidí gach páirtí chonarthaigh. |
|
— |
Dáta(í) tagartha chun an coigilteas a baineadh amach a shuíomh. |
|
— |
Liosta soiléir trédhearcach de na bearta atá le déanamh chun beart nó pacáiste beart a chur chun feidhme agus, i gcás inarb ábhartha, na costais ghaolmhara. |
|
— |
Oibleagáid chun na bearta sa chonradh agus doiciméadacht na n-athruithe uile a rinneadh le linn an tionscadail a chur chun feidhme go hiomlán. |
|
— |
Rialacháin lena sonraítear cuimsiú na gceanglas coibhéiseach in aon fhochonraitheoireacht le tríú páirtithe. |
|
— |
Léiriú soiléir trédhearcach ar impleachtaí airgeadais an tionscadail agus dáileadh sciar an dá pháirtí sa choigilteas airgid a baineadh amach (i.e. luach saothair an tsoláthraí seirbhíse). |
|
— |
Forálacha soiléire trédhearcacha maidir le tomhas agus fíorú an choigiltis ráthaithe a bhaintear amach, na seiceálacha cáilíochta agus na ráthaíochtaí. |
|
— |
Forálacha lena soiléirítear an nós imeachta chun déileáil le coinníollacha creata athraitheacha a dhéanann difear d’ábhar agus do thoradh an chonartha (i.e. praghsanna athraitheacha fuinnimh, déine úsáide suiteála). |
|
— |
Faisnéis mhionsonraithe faoi oibleagáidí gach páirtí chonarthaigh agus faoi na pionóis i leith a sáraithe. |
IARSCRÍBHINN XV
Cuid A
Treoir aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh uirthi
(dá dtagraítear in Airteagal 36)
|
Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus agus ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1) |
|
|
Treoir 2013/12/AE ón gComhairle (IO L 141, 28.5.2013, lch. 28) |
|
|
Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 156, 19.6.2018, lch. 75) |
Airteagal 2 agus an tAirteagal sin amháin |
|
Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210) |
|
|
Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1) |
Airteagal 54 agus an tAirteagal sin amháin |
|
Cinneadh (AE) 2019/504 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 85 I , 27.3.2019, lch. 66) |
Airteagal 1 agus an tAirteagal sin amháin |
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/826 ón gCoimisiún, (IO L 137, 23.5.2019, lch. 3) |
|
|
Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125) |
Airteagal 70 agus an tAirteagal sin amháin |
Cuid B
Teorainneacha ama do thrasuí sa dlí náisiúnta
(dá dtagraíear in Airteagal 36)
|
Treoir |
Teorainn ama don trasuí |
|
2012/27/AE (oiriúnaithe) |
5 Meitheamh 2014 |
|
(AE) 2018/844 |
10 Márta 2020 |
|
(AE) 2018/2002 |
An 25 Meitheamh 2020, seachas pointí 5 go 10 d’Airteagal 1 agus pointí 3 agus 4 den Iarscríbhinn An 25 Deireadh Fómhair 2020 a mhéid a bhaineann le pointí 5 go 10 d’Airteagal 1 agus pointí 3 agus 4 den Iarscríbhinn |
|
(AE) 2019/944 |
An 31 Nollaig 2019 a mhéid a bhaineann le pointe 5(a) d’Airteagal 70 An 25 Deireadh Fómhair 2020 a mhéid a bhaineann le pointe (4) d’Airteagal 70 An 31 Nollaig 2020 a mhéid a bhaineann le pointí (1) go (3), (5)(b) agus (6) d’Airteagal 70 |
IARSCRÍBHINN XVI
TÁBLA COMHGHAOIL
|
Treoir 2012/27/AE |
An Treoir seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
|
Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh |
|
Airteagal 2, pointe 1 |
Airteagal 2, pointe 1 |
|
— |
Airteagal 2, pointí 2 agus 3 |
|
Airteagal 2, pointe 2 |
Airteagal 2, pointe 4 |
|
Airteagal 2, pointe 3 |
Airteagal 2, pointe 5 |
|
Airteagal 2, pointe 4 |
Airteagal 2, pointe 6 |
|
Airteagal 2, pointe 5 |
Airteagal 2, pointe 7 |
|
Airteagal 2, pointe 6 |
Airteagal 2, pointe 8 |
|
Airteagal 2, pointe 7 |
Airteagal 2, pointe 9 |
|
Airteagal 2, pointe 8 |
Airteagal 2, pointe 10 |
|
Airteagal 2, pointe 9 |
— |
|
Airteagal 2, pointe 10 |
Airteagal 2, pointe 11 |
|
|
Airteagal 2, pointí 12 agus 13 |
|
Airteagal 2, pointe 11 |
Airteagal 2, pointe 14 |
|
Airteagal 2, pointe 12 |
Airteagal 2, pointe 15 |
|
Airteagal 2, pointe 13 |
Airteagal 2, pointe 16 |
|
Airteagal 2, pointe 14 |
Airteagal 2, pointe 17 |
|
Airteagal 2, pointe 15 |
Airteagal 2, pointe 18 |
|
Airteagal 2, pointe 16 |
Airteagal 2, pointe 19 |
|
Airteagal 2, pointe 17 |
Airteagal 2, pointe 20 |
|
Airteagal 2, pointe 18 |
Airteagal 2, pointe 21 |
|
Airteagal 2, pointe 19 |
Airteagal 2, pointe 22 |
|
Airteagal 2, pointe 20 |
Airteagal 2, pointe 23 |
|
Airteagal 2, pointe 21 |
Airteagal 2, pointe 24 |
|
Airteagal 2, pointe 22 |
Airteagal 2, pointe 25 |
|
Airteagal 2, pointe 23 |
Airteagal 2, pointe 26 |
|
Airteagal 2, pointe 24 |
Airteagal 2, pointe 27 |
|
Airteagal 2, pointe 25 |
Airteagal 2, pointe 28 |
|
Airteagal 2, pointe 26 |
— |
|
Airteagal 2, pointe 27 |
Airteagal 2, pointe 29 |
|
Airteagal 2, pointe 28 |
Airteagal 2, pointe 30 |
|
Airteagal 2, pointe 29 |
Airteagal 2, pointe 31 |
|
Airteagal 2, pointe 30 |
Airteagal 2, pointe 32 |
|
Airteagal 2, pointe 31 |
Airteagal 2, pointe 33 |
|
Airteagal 2, pointe 32 |
Airteagal 2, pointe 34 |
|
Airteagal 2, pointe 33 |
Airteagal 2, pointe 35 |
|
Airteagal 2, pointe 34 |
Airteagal 2, pointe 36 |
|
Airteagal 2, pointe 35 |
Airteagal 2, pointe 37 |
|
Airteagal 2, pointe 36 |
Airteagal 2, pointe 38 |
|
Airteagal 2, pointe 37 |
Airteagal 2, pointe 39 |
|
Airteagal 2, pointe 38 |
Airteagal 2, pointe 40 |
|
Airteagal 2, pointe 39 |
Airteagal 2, pointe 41 |
|
Airteagal 2, pointe 40 |
— |
|
Airteagal 2, pointe 41 |
Airteagal 2, pointe 42 |
|
Airteagal 2, pointe 42 |
Airteagal 2, pointe 43 |
|
Airteagal 2, pointe 43 |
Airteagal 2, pointe 44 |
|
— |
Airteagal 2, pointe 45 |
|
Airteagal 2, pointí 44 agus 45 |
Airteagal 2, pointí 46 agus 47 |
|
— |
Airteagal 2, pointí 48, 2 agus 50 |
|
— |
Airteagal 3 |
|
— |
Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 3(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 4(2), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 3(1), an dara fomhír, an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 4(2), an dara fomhír, an fhoclaíocht tosaigh |
|
Airteagal 3(1), an dara fomhír, pointí (a) agus (b) |
Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointí (a) agus (b) |
|
Airteagal 3(1), an dara fomhír, pointe (c) |
— |
|
Airteagal 3(1), an dara fomhír, pointe (d) |
Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (c) |
|
Airteagal 3(1), an tríú fomhír, an fhoclaíocht tosaigh |
— |
|
— |
Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (d), an fhoclaíocht tosaigh |
|
— |
Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointí (d)(i), (ii) agus (iii) |
|
Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (a) |
Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (d)(iv) |
|
— |
Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (e), an fhoclaíocht tosaigh |
|
Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (b) |
Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (e)(i) |
|
Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (c) |
Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (e)(ii) |
|
Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (d) |
Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (e)(iii) |
|
Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (e) |
— |
|
Airteagal 3(2) agus (3) |
— |
|
Airteagal 3(4) |
Airteagal 33(6) |
|
Airteagal 3(5) agus (6) |
— |
|
— |
Airteagal 4(3) |
|
— |
Airteagal 4(4) |
|
— |
Airteagal 5 |
|
Airteagal 5(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 6(1), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 5(1), an dara fomhír |
— |
|
Airteagal 5(1), an tríú fomhír |
Airteagal 6(1), an dara fomhír |
|
Airteagal 5(1), an ceathrú agus an cúigiú fomhír |
— |
|
Airteagal 5(2) agus (3) |
— |
|
Airteagal 5(4) |
Airteagal 6(2) |
|
Airteagal 5(5) |
Airteagal 6(3) |
|
Airteagal 5(6) agus (7) |
— |
|
Airteagal 6(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 7(1), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 6(1), an dara fomhír |
— |
|
— |
Airteagal 7(1), an dara fomhír |
|
Airteagal 6(1), an tríú fomhír |
— |
|
Airteagal 6(2), (3) agus (4) |
Airteagal 7(2), (3) agus (4) |
|
— |
Airteagal 7(5) agus (6) |
|
— |
Airteagal 7(7), an dara fomhír |
|
Airteagal 7(1), an fhoclaíocht tosaigh, pointí (a) agus (b) |
Airteagal 8(1), an fhoclaíocht tosaigh, pointí (a) agus (b) |
|
— |
Airteagal 8(1), pointe (c) |
|
Airteagal 7(1), an dara fomhír |
Airteagal 8(5) |
|
Airteagal 7(1), an tríú fomhír |
Airteagal 8(1), an dara fomhír |
|
Airteagal 7(1), an ceathrú fomhír |
Airteagal 8(1), an tríú fomhír |
|
— |
Airteagal 8(2), (3) agus (4) |
|
Airteagal 7(2) |
Airteagal 8(6) |
|
Airteagal 7(3) |
Airteagal 8(7) |
|
Airteagal 7(4) |
Airteagal 8(8) |
|
Airteagal 7(5) |
Airteagal 8(9) |
|
Airteagal 7(6) |
Airteagal 8(10) |
|
Airteagal 7(7) |
— |
|
Airteagal 7(8) |
— |
|
Airteagal 7(9) |
— |
|
Airteagal 7(10) |
— |
|
Airteagal 7(11) |
— |
|
|
Airteagal 8(11), (12) agus (13) |
|
Airteagal 7(12) |
Airteagal 8(14) |
|
Airteagail 7a (1), (2) agus (3) |
Airteagal 9(1), (2) agus (3) |
|
— |
Airteagal 9(4), (5) agus (6) |
|
Airteagail 7a (4) agus (5) |
Airteagal 9(7) agus (8) |
|
— |
Airteagal 9(9) |
|
Airteagail 7a (6) agus (7) |
Airteagal 9(10) agus (11) |
|
Airteagal 7b (1) agus (2) |
Airteagal 10(1) agus (2) |
|
— |
Airteagal 10(3) agus (4) |
|
— |
Airteagal 11(1) agus (2) |
|
Airteagal 8(1) agus (2) |
Airteagal 11(3) agus (4) |
|
Airteagal 8(3) agus (4) |
— |
|
— |
Airteagal 11(5) |
|
Airteagal 8(5) |
Airteagal 11(6) |
|
— |
Airteagal 11(7) |
|
Airteagal 8(6) |
Airteagal 11(8) |
|
Airteagal 8(7) |
Airteagal 11(9) |
|
— |
Airteagal 11(10) |
|
Airteagal 9 |
Airteagal 12 |
|
Airteagal 9a |
Airteagal 13 |
|
Airteagal 9b |
Airteagal 14 |
|
Airteagal 9c |
Airteagal 15 |
|
Airteagal 10 |
Airteagal 16 |
|
Airteagal 10a |
Airteagal 17 |
|
Airteagal 11 |
Airteagal 18 |
|
Airteagal 11a |
Airteagal 19 |
|
— |
Airteagal 20 |
|
— |
Airteagal 21(1) |
|
Airteagal 12(1) |
Airteagal 21(2) |
|
Airteagal 12(2), an fhoclaíocht tosaigh agus pointe (a), fophointí (i) go (v) |
Airteagal 21(2), an dara fomhír, fophointí (i) go (v) Airteagal 21(2), an dara fomhír, fophointe (vi) |
|
Airteagal 12(2), pointe (b) |
Airteagal 21(2), an tríú fomhír |
|
— |
Airteagal 21(2), an tríú fomhír, pointe (i) |
|
Airteagal 12(2), pointe (b), fophointí (i) agus (ii) |
Airteagal 21(2), an tríú fomhír, pointí (ii) agus (iii) |
|
— |
Airteagal 21(2), an tríú fomhír, pointe (iv) |
|
— |
Airteagal 21(4) |
|
— |
Airteagal 21(5), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír |
|
— |
Airteagal 22 |
|
Airteagal 13 |
Airteagal 30 |
|
Airteagal 14(1) agus (2) |
— |
|
— |
Airteagal 23(1) agus (2) |
|
Airteagal 14(3) |
Airteagal 23(3), an chéad fhomhír |
|
— |
Airteagal 23(3), an dara fomhír |
|
Airteagal 14(4) |
Airteagal 23(4) |
|
— |
Airteagal 23(5) agus (6) |
|
— |
Airteagal 24(1), (2) agus (3) |
|
Airteagal 14(5), an fhoclaíocht tosaigh agus pointe (a) |
Airteagal 24(4), an fhoclaíocht tosaigh agus pointe (a) |
|
Airteagal 14(5) pointí (b), (c) agus (d) |
— |
|
— |
Airteagal 24(4) pointí (b), (c) agus (d) agus an dara fomhír |
|
Airteagal 14(5), an dara agus an tríú fomhír |
Airteagal 24(4), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír |
|
Airteagal 14(6), pointe (a) |
Airteagal 24(5), pointe (a) |
|
Airteagal 14(6), pointe (b) |
— |
|
Airteagal 14(6), pointe (c) |
Airteagal 24(5), pointe (b) |
|
— |
Airteagal 24(5), pointe (c) |
|
Airteagal 14(6), an dara agus an tríú fomhír |
Airteagal 24(5), an dara agus an tríú fomhír |
|
Airteagal 14(7), (8) agus (9) |
Airteagal 24(6), (7) agus (8) |
|
— |
Airteagal 24(9) |
|
Airteagal 14(10) agus (11) |
Airteagal 24(10) agus (11) |
|
Airteagal 15(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 25(1) |
|
Airteagal 15(1), an dara agus an tríú fomhír |
— |
|
— |
Airteagal 25(2), (3) agus (4) |
|
Airteagal 15(1), an ceathrú fomhír |
Airteagal 25(5) |
|
Airteagal 15(2) agus (2 a) |
— |
|
Airteagal 15(3), (4) agus (5), an chéad fhomhír |
Airteagal 25(6), (7) agus (8) |
|
Airteagal 15(5), an dara fomhír |
— |
|
Airteagal 15(6), an chéad fhomhír |
— |
|
Airteagal 15(6), an dara fomhír |
Airteagal 25(9) |
|
Airteagal 15(7) |
Airteagal 25(10) |
|
Airteagal 15(9), an chéad fhomhír |
Airteagal 25(11) |
|
Airteagal 15(9), an dara fomhír |
— |
|
Airteagal 16(1) agus (2) |
— |
|
— |
Airteagal 26(1) agus (2) |
|
Airteagal 16(3) |
Airteagal 26(3) |
|
— |
Airteagal 26(4) |
|
Airteagal 17(1), an chéad fhomhír |
— |
|
Airteagal 17(1), an dara fomhír |
Airteagal 28(3) |
|
Airteagal 17(2) |
Airteagal 21(3) |
|
Airteagal 17(3) |
— |
|
Airteagal 17(4) |
— |
|
Airteagal 17(5) |
Airteagal 21(6) |
|
Airteagal 18(1), an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 27(1), an fhoclaíocht tosaigh |
|
Airteagal 18(1), pointe (a), fophointí (i) agus (ii) |
Airteagal 27(1), pointí (a) agus (b) |
|
— |
Airteagal 27(1) pointí (c) agus (d) |
|
Airteagal 18(1), pointe (b) |
Airteagal 27(2) |
|
Airteagal 18(1), pointe (c) |
Airteagal 27(3) |
|
— |
Airteagal 27(4) |
|
Airteagal 18(1), pointe (d), fophointí (i) agus (ii) |
Airteagal 27(5), pointí (a) agus (b) |
|
— |
Airteagal 27(5), pointe (c) |
|
Airteagal 18(2), pointí (a) agus (b) |
Airteagal 27(6), pointí (a) agus (b) |
|
Airteagal 18(2) pointí (c) agus (d) |
— |
|
— |
Airteagal 27(6), pointe (c) |
|
— |
Airteagal 27(7) |
|
Airteagal 18(3) |
Airteagal 27(8) |
|
Airteagal 19(1), pointe (a) |
Airteagal 21(5), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 19(1), pointe (b) |
Airteagal 7(7), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 19(1), an dara fomhír |
Airteagal 21(5), an dara fomhír |
|
Airteagal 19(2) |
— |
|
Airteagal 20(1) agus (2) |
Airteagal 28(1) agus (2) |
|
— |
Airteagal 28(3) |
|
Airteagail 20(3), (3a), (3b) agus (3c) |
Airteagal 28(4), (5), (6) agus (7) |
|
Airteagal 20(3d) |
Airteagal 28(8), an chéad fhomhír |
|
— |
Airteagal 28(8), an dara fomhír |
|
Airteagal 20(4), (5), (6) agus (7) |
Airteagal 28(9), (10), (11) agus (12) |
|
Airteagal 21 |
Airteagal 29(1) |
|
— |
Airteagal 29(2), (3), (4), (5), (6) agus (7) |
|
Airteagal 22(1) agus (2) |
Airteagal 31(1) agus (2) |
|
— |
Airteagal 31(3) |
|
Airteagal 23 |
Airteagal 32 |
|
Airteagail 24(4a), (5) agus (6) |
Airteagal 33(1), (2) agus (3) |
|
Airteagal 24(7),(8), (9), (10), (12) |
— |
|
Airteagal 24(13) agus (14) |
Airteagal 33(4) agus (5) |
|
Airteagal 24(15), an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 33(7), an fhoclaíocht tosaigh |
|
Airteagal 24(15), pointe (a) |
— |
|
Airteagal 24(15), pointe (b) |
Airteagal 33(7), pointe (a) |
|
|
Airteagal 33(7), pointí (c), (d), (e) agus (f) |
|
Airteagal 24(15), an dara fomhír |
Airteagal 33(7), an dara fomhír |
|
Airteagal 25 |
— |
|
Airteagal 26 |
Airteagal 34 |
|
Airteagal 27, an chéad fhomhír |
Airteagal 36, an chéad fhomhír |
|
Airteagal 27, an dara fomhír |
— |
|
Airteagal 27, an tríú fomhír |
Airteagal 36, an dara fomhír |
|
Airteagal 27(2) agus (3) |
— |
|
Airteagal 28(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 35(1), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 28(1), an dara fomhír |
— |
|
Airteagal 28(1), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír |
Airteagal 35(1), an dara agus an tríú fomhír |
|
Airteagal 28(2) |
Airteagal 35(2) |
|
Airteagal 29 |
Airteagal 37 |
|
Airteagal 30 |
Airteagal 38 |
|
— |
Iarscríbhinn I |
|
Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn II |
|
Iarscríbhinn II |
Iarscríbhinn III |
|
Iarscríbhinn III |
Iarscríbhinn IV |
|
Iarscríbhinn IV |
— |
|
Iarscríbhinn V |
Iarscríbhinn V |
|
Iarscríbhinn VI |
Iarscríbhinn VI |
|
Iarscríbhinn VII |
Iarscríbhinn VII |
|
Iarscríbhinn VIIa |
Iarscríbhinn VIII |
|
Iarscríbhinn VIII |
Iarscríbhinn IX |
|
Iarscríbhinn IX |
Iarscríbhinn X |
|
Iarscríbhinn X |
Iarscríbhinn XI |
|
Iarscríbhinn XI |
Iarscríbhinn XII |
|
Iarscríbhinn XII |
Iarscríbhinn XIII |
|
Iarscríbhinn XIII |
Iarscríbhinn XIV |
|
Iarscríbhinn XV |
— |
|
— |
Iarscríbhinn XV |
|
— |
Iarscríbhinn XVI |
(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0221/2022).
(*1) Leasuithe: léirítear téacs nua nó leasaithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.
(2) IO C 152, 6.4.2022, lch. 134.
(3) IO C […], […], lch. […].
(4) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).
(5) Féach Iarscríbhinn XV, Cuid A.
(6) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa maidir leis an aeráid – Infheistiú i dtodhchaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de chun leas an phobail, COM(2020)0562.
(7) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún An Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019)0640.
(8) https://www.consilium.europa.eu/media/47296/1011-12-20-euco-conclusions-en.pdf.
(9) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Clár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2021 – Aontas beoga i ndomhan leochaileach COM(2020)0690.
(10) Pláinéad Glan do Chách – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach le haghaidh geilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de (COM(2018)0773), fís ina ndéanfar measúnú ar ról na héifeachtúlachta fuinnimh mar choinníoll sine qua non le haghaidh gach cás dícharbónaithe.
(11) Féach freisin An Coimisiún Eorpach, Tuarascáil staidéir deiridh, Teicneolaíochtaí Néalríomhaireachta atá tíosach ar Fhuinneamh agus Beartais le haghaidh Néalríomahireachta atá neamhdíobhálach don chomhshaol, https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/energy-efficient-cloud-computing-technologies-and-policies-eco-friendly-cloud-market.
(12) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú, COM(2020)0067.
(13) IO L 198, 22.6.2020, lch. 13.
(14) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, PE/55/2018/REV/1, IO L 328, 21.12.2018, lch. 1.
(15) Straitéis de chuid an Aontais maidir le Comhtháthú Córais Fuinnimh COM(2020)0299.
(16) Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).
(17) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
(18) Moladh ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh, C(2020) 9600 final.
(19) Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).
(20) Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).
(21) Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú; Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat maidir le lipéadú fuinnimh agus Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn i ndáil le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile faoi seach.
(22) Ina theannta sin, beidh cur chun feidhme na n-athbhreithnithe táirge faoin bPlean Oibre Éicidhearthóireachta 2020-2024 agus faoin bplean gníomhaíochta “Rabharta Athchóiriúcháin”, in éineacht leis an athbhreithniú ar EPBD, ina rannchuidiú tábhachtach chun sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 2030 a bhaint amach.
(23) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta – Pláinéad Glan do Chách – fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach chun geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch agus aeráidneodrach a bhaint amach (COM(2018)0773).
(24) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(25) COM(2020)0562.
(26) Féach IRP, Éifeachtúlacht Acmhainní agus an tAthrú Aeráide, 2020, agus Tuarascáil Bhearna Astaíochtaí 2019 na Náisiún Aontaithe. Tagraíonn na figiúirí sin d’úsáid agus d’oibriú foirgneamh, lena n-áirítear astaíochtaí indíreacha san earnáil cumhachta agus teasa, ní dá saolré iomlán. Meastar gurb ionann an carbón corpraithe i dtáirgí foirgníochta agus thart ar 10 % d’iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an domhain.
(27) COM(2020)0662.
(28) Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).
(29) https://www.unfpa.org/world-population-trends
(30) https://www.un.org/en/ecosoc/integration/pdf/fact_sheet.pdf
(31) Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
(32) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(33) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(34) Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).
(35) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(36) IEA (an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh) (2021), Net Zero by 2050 A Roadmap for the Global Energy Sector [Neodracht Charbóin faoi 2050: Treochlár don Earnáil Fuinnimh Dhomhanda], https://www.iea.org/reports/net-zero-by-2050
(37) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
(38) MOLADH ÓN gCOIMISIÚN an 14.10.2020 maidir le bochtaineacht fuinnimh, C(2020) 9600 final.
(39) https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/energy-efficient-cloud-computing-technologies-and-policies-eco-friendly-cloud-market
(40) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(41) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(42) Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíd charbóin (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).
(43) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(44) Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).
(45) Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtain ar na líonraí tarchurtha gáis nádúrtha (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36).
(46) CECS, Prionsabal 20 “Rochtain ar sheirbhísí riachtanacha”: https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/economy-works-people/jobs-growth-and-investment/european-pillar-social-rights/european-pillar-social-rights-20-principles_ga
(47) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, COM(2021)0568.
(48) https://ec.europa.eu/eurostat/documents/1015035/8885635/guide_to_statistical_treatment_of_epcs_en.pdf/f74b474b-8778-41a9-9978-8f4fe8548ab1
(49) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(50) Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun gealltanais an Chomhphobail a chomhlíonadh go dtí 2020 maidir lena n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 136).
(51) Cinneadh 2014/746/AE ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2014 lena gcinntear, de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, liosta earnálacha agus fo-earnálacha a mheastar a bheith i mbaol suntasach sceite carbóin, don tréimhse 2015 go dtí 2019 (IO L 308, 29.10.2014, lch. 114).
(52) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(53) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(54) Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 304, 14.11.2008, lch. 1).
(55) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(56) Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(57) Rialachán (AE) 2022/132 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh fuinnimh, a mhéid a bhaineann le nuashonraithe a chur chun feidhme ar an staidreamh fuinnimh bliantúil agus gearrthéarmach míosúil (IO L 20, 31.1.2022, lch. 208).
(58) Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 dar teideal Tús áite don Éifeachtúlacht Fuinnimh: ó phrionsabail go cleachtas — Treoirlínte agus samplaí dá chur chun feidhme sa chinnteoireacht san earnáil fuinnimh agus níos faide i gcéin.
(59) Socraíodh agus ríomhadh sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais ar dtús agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2007 do 2030 mar bhunlíne. Leis an athrú ar mhodheolaíocht Eurostat chun cothromaíocht fuinnimh a ríomh agus feabhsuithe ar réamh-mheastacháin samhaltaithe ina dhiaidh sin, is gá an bunlíne a athrú. Dá bhrí sin, agus an cur chuige céanna á úsáid chun an sprioc a shainiú, is é sin le rá é a chur i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin bhunlíne amach anseo, leagtar síos uaillmhian sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2030 i gcomparáid le réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2020 do 2030 a léiríonn rannchuidithe náisiúnta ó NECPanna. Leis an mbunlíne nuashonraithe sin, beidh ar an Aontas a uaillmhian maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú 9 % ar a laghad in 2030 i gcomparáid le leibhéal na n-iarrachtaí a rinneadh faoi Chás Tagartha 2020. Ní dhéanann an bealach nua chun leibhéal uaillmhéine spriocanna an Aontais a chur in iúl difear don leibhéal iarrachta atá ag teastáil.
(60) Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha, soláthair agus seirbhíse áirithe ag údaráis nó eintitis chonarthacha i réimsí na cosanta agus na slándála, (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).
(61) Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an Dé Máirt 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).
(62) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún, IO L 334, 31.12.2018, lch. 1–93.
(63) Togra le haghaidh treoir ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN Gcomhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear córas maidir le lámháltais astaíochtaí i gcás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus Rialachán (AE) 2015/757, (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) {SEC(2021) 551 final}-{SWD(2021) 557 final}-{SWD(2021) 601 final}-{SWD(2021) 602 final.
(64) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le ceart tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
(65) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).
(66) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(67) Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).
(68) Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).
(69) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2402 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2015 lena n-athbhreithnítear luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe do tháirgeadh ar leithligh leictreachais agus teasa agus Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á chur chun feidhme agus lena n-aistarraingítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/877/AE ón gCoimisiún (IO L 333, 19.12.2015, lch. 54).
(70) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93, (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30–47).
(71) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).
(72) Cinneadh 2008/952/CE ón gCoimisiún an 19 Samhain 2008 lena mbunaítear treoirlínte mionsonraithe chun Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm (IO L 338, 17.12.2008, lch. 55).
(73) Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (IO L 177, 5.6.2020, lch. 1).
(74) 25 Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí nua tráchtála éadroma, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).
(75) Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).
(76) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
(77) An méid fuinnimh theirmigh atá ag teastáil chun éileamh na n-úsáideoirí deiridh ar théamh agus ar fhuarú a shásamh.
(78) Ba cheart na sonraí is déanaí atá ar fáil a úsáid.
(79) Ba cheart na sonraí is déanaí atá ar fáil a úsáid.
(80) I ndiaidh na modheolaíochta chun cainníocht an fhuinnimh in-athnuaite arna úsáid le haghaidh fuarú agus fuarú ceantair a ríomh a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 35 de Threoir (AE) 2018/2001, déanfar an “fuarú in-athnuaite” a shainaithint, i gcomhréir leis an Treoir sin. Go dtí sin, cuirfear i gcrích é i gcomhréir le modheolaíocht iomchuí náisiúnta.
(81) Ba cheart don anailís ar an acmhainneacht eacnamaíoch an méid fuinnimh (in GWh) a fhéadann gach teicneolaíocht a ndearnadh anailís uirthi a ghiniúint in aghaidh na bliana a chur i láthair. Ba cheart na teorainneacha agus na hidirghaolta laistigh den chóras fuinnimh a chur san áireamh freisin. Féadfar samhlacha atá bunaithe ar thoimhdí a léiríonn feidhmiú cineálacha coiteanna teicneolaíochtaí nó córas a úsáid san anailís.
(82) Lena n-áirítear an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 15, mír 7 de Threoir (AE) 2018/2001.
(83) Is é deireadh na bliana roimh an mbliain a mbeidh an measúnú cuimsitheach dlite roimh dheireadh na bliana an scoithdháta chun beartais a chur san áireamh don chás bunlíne. Is é sin le rá, ní gá beartais a chur san áireamh ar beartais iad a achtaítear laistigh de bhliain roimh an spriocdháta leis an measúnú cuimsitheach a chur isteach.
(84) Áireofar san fhorbhreathnú sin bearta maoiniúcháin agus cláir a fhéadfar a ghlacadh thar thréimhse an mheasúnaithe chuimsithigh, gan dochar d’fhógra ar leithligh maidir leis na scéimeanna tacaíochta poiblí le haghaidh measúnú Státchabhrach.