Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AP0296

    P9_TA(2022)0296 Cúnamh macra-airgeadais eisceachtúil a thabhairt don Úcráin ***I Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ar fáil don Úcráin (COM(2022)0450 – C9-0221/2022 – 2022/0213(COD)) P9_TC1-COD(2022)0213 Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 7 Iúil 2022 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin

    IO C 47, 7.2.2023, p. 297–297 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 47, 7.2.2023, p. 282–282 (GA)

    7.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 47/282


    P9_TA(2022)0296

    Cúnamh macra-airgeadais eisceachtúil a thabhairt don Úcráin ***I

    Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ar fáil don Úcráin (COM(2022)0450 – C9-0221/2022 – 2022/0213(COD))

    (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

    (2023/C 47/33)

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0450),

    ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0221/2022),

    ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 6 Iúil 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

    1.

    ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

    2.

    á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

    3.

    á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

    P9_TC1-COD(2022)0213

    Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 7 Iúil 2022 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin

    (Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2022/1201.)


    Top