Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AP0273

    P9_TA(2022)0273 Bearta sealadacha léirscaoilte trádála don Mholdóiv***I Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile (COM(2022)0288 – C9-0198/2022 – 2022/0188(COD)) P9_TC1-COD(2022)0188 Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 5 Iúil 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile

    IO C 47, 7.2.2023, p. 293–293 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 47, 7.2.2023, p. 278–278 (GA)

    7.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 47/278


    P9_TA(2022)0273

    Bearta sealadacha léirscaoilte trádála don Mholdóiv***I

    Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile (COM(2022)0288 – C9-0198/2022 – 2022/0188(COD))

    (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

    (2023/C 47/29)

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0288),

    ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa (C9-0198/2022),

    ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 29 Meitheamh 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0201/2022),

    1.

    ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

    2.

    á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

    3.

    á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

    P9_TC1-COD(2022)0188

    Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 5 Iúil 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile

    (Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1279.)


    Top