Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AE1164

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Responding to state-sponsored instrumentalisation of migrants at the EU external border [Aghaidh a thabhairt ar ionstraimiú státurraithe imirceach ag teorainn sheachtrach an Aontais] (JOIN(2021) 32 final) (níl leagan Gaeilge ann)

    EESC 2022/01164

    IO C 365, 23.9.2022, p. 60–65 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    23.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 365/60


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Responding to state-sponsored instrumentalisation of migrants at the EU external border [Aghaidh a thabhairt ar ionstraimiú státurraithe imirceach ag teorainn sheachtrach an Aontais]

    (JOIN(2021) 32 final) (níl leagan Gaeilge ann)

    (2022/C 365/12)

    Rapóirtéir:

    Stefano PALMIERI

    Comhrapóirtéir:

    Pietro Vittorio BARBIERI

    Comhairliúchán

    An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022

    Bunús dlí

    Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Cinneadh ón Tionól Iomlánach

    18.1.2022

    Rannóg atá freagrach

    Caidreamh Seachtrach

    Dáta a glactha sa rannóg

    12.5.2022

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    15.6.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    570

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    142/2/5

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Creideann CESE gur cheart do fhreagairt an Aontais d’ionstraimiú na n-imirceach a bheith bunaithe ar bheartas imirce coiteann, comhroinnte agus comhleanúnach. I bhfianaise na géarchéime ag teorainn na Bealarúise agus ionsaí na Rúise ar an Úcráin, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar a oiriúnaí atá an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann lena áirithiú nach ndéanfar an beartas imirce a dheighilt le linn éigeandálaí, ach, ina ionad sin, go ndéanfar na beartais agus an chosaint a thugtar do na daoine lena mbaineann a chuimsiú faoi chreat amháin gníomhaíochta agus dlí.

    1.2.

    Creideann CESE nach bagairt do na Ballstáit lena mbaineann amháin é ionstraimiú na n-imirceach ach go bhféadfadh sé a bheith fós ina bhagairt don Aontas Eorpach ina iomláine. Ar an ábhar sin, tá CESE á chur chun suntais nach mbeidh éifeacht leis na freagairtí ar an dúshlán sin, ná nach mbeidh siad inchurtha le méid an dúshláin féin, mura mbeidh an leibhéal ar a dtarlóidh siad (cibé acu leibhéal polaitiúil, reachtach, riaracháin nó daonnúil é sin) ag teacht le raon feidhme na gníomhaíochta (pé acu raon feidhme Comhphobail, náisiúnta, áitiúil nó idirnáisiúnta atá i gceist) agus leis na gníomhaithe lena mbaineann (institiúidí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhpháirtithe sóisialta, na saoránaigh, etc.), bunaithe ar na caighdeáin is airde de dhlí an Aontais agus den dlí idirnáisiúnta.

    1.3.

    Measann CESE go bhfuil sé riachtanach don Aontas Eorpach tacaíocht thráthúil chomhordaithe éifeachtach a chur ar fáil do na Ballstáit, ó thaobh cúnamh praiticiúil de (acmhainní buiséadacha agus foireann ghníomhaireachtaí an Aontais) agus ó thaobh cúnamh riaracháin, reachtach agus polaitiúil de araon. Chuige sin, beidh gá le gníomhaíocht chomhpháirteach ar an láthair agus ar an leibhéal idirinstitiúideach, caithfidh tionscnaimh a bheith lán-trédhearcach agus, ina theannta sin, ní mór saoirse gníomhaíochta a áirithiú d’eagraíochtaí daonnúla agus do na meáin neamhspleácha a bhíonn ag feidhmiú sna háiteanna sin ina bhfuil na himircigh á n-ionstraimiú.

    1.4.

    Go háirithe, is ríthábhachtach le CESE go mbunófaí creat comhtháite don ghníomhaíocht dhaonnúil lena gcomhthiomsófaí acmhainní agus struchtúir na n-institiúidí agus na ngníomhaireachtaí náisiúnta agus AE, agus lena n-áiritheofaí rannpháirtíocht na ngníomhaireachtaí idirnáisiúnta, amhail Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, chomh maith le rannchuidiú na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha agus na sochaí sibhialta. Ar an gcaoi sin, dhéanfaí comhordú rathúil na hoibre sin a chur chun cinn agus an t-aitheantas is dlite do ghníomhaíochtaí daonnúla a áirithiú mar bhealach chun prionsabail an Aontais a threisiú.

    1.5.

    I ndáil leis an méid sin, measann CESE gur den ghéar-riachtanas é aitheantas iomlán a thabhairt láithreach do chearta na n-imirceach ar a ndéantar ionstraimiú — d’fhonn doiléireachtaí nó cásanna éiginnteachta ó thaobh riaracháin de a sheachaint — má táthar chun an bhagairt ar shlándáil agus ar chobhsaíocht an Aontais agus na mBallstát atá thíos leis seo a lagú agus a mhaolú ar an láthair, rud a chuirfidh ó rath aon iarrachtaí chun ionstraimiú a dhéanamh ar imircigh.

    1.6.

    Ní mór freagairt an Aontais a bheith dírithe go háirithe ar fhoinsí na sreabh imirceach ar a bhfuil ionstraimiú á dhéanamh agus ní mór ról a thabhairt do thríú tíortha sa fhreagairt sin agus tacú lena n-iarrachtaí an pobal a chur ar an eolas ina thaobh de mheon comhair arna spreagadh ag prionsabail an daonlathais agus chosaint chearta an duine. Ar an gcuma sin, beifear in ann acmhainní a bhaint de ghníomhaithe stáit a chuireann ionstraimiú imirceach chun cinn.

    1.7.

    Maidir le stáit a chuireann ionstraimiú imirceach chun cinn nó a thacaíonn leis an gcleachtas sin, tá CESE i bhfách le gníomhaíocht iltaobhach arna déanamh ag an Aontas, ag na hinstitiúidí idirnáisiúnta agus ag na tíortha comhpháirtíochta, a d’fhágfadh iad i riocht na gníomhaíochtaí sin a cháineadh agus a leithlisiú, lena n-áirítear trí dhul ar iontaoibh smachtbhannaí oiriúnacha eacnamaíocha agus taidhleoireachta.

    1.8.

    De thoradh an chogaidh atá á chur ag Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin faoi láthair, tá ar a laghad 3,9 milliún dídeanaí (1) anois ann, agus cóiríocht á cur ar fáil go príomha ag tíortha comharsanacha dóibh, agus ag Ballstáit de chuid an Aontais nach iad, gan trácht ar na milliúin daoine atá easáitithe ina dtír féin dá dheasca sin. Ní fhacthas sreabh dídeanaithe chomh mór leis sin, san Eoraip ar a laghad, fiú sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Thug an tAontas aghaidh air sin go mear, go háirithe trí Threoir 2001 maidir le Cosaint Shealadach (2) agus an togra maidir le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip (CARE). Creideann CESE go bhfuil tábhacht nach beag le hionstraimí den sórt sin, atá fothaithe ar an gcomhtháthú, ar an dlúthpháirtíocht agus ar fhreagracht chomhroinnte idir na Ballstáit, chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim ionstraimiú na n-imirceach.

    1.9.

    Meastar faoi láthair gur áit shábháilte é an tAontas Eorpach ina gcuirtear tearmann agus cosaint ar fáil do na milliúin saoránach Úcránach. Mar sin féin, déantar an t-ualach a leanann as fáilte a chur roimh imircigh agus cúnamh a thabhairt dóibh ó thaobh acmhainneachtaí agus acmhainní de a dháileadh go míchothrom ar na Ballstáit lena mbaineann. Go nuige seo, le hoscailt theorainneacha inmheánacha an Aontais, bhí na dídeanaithe in ann gluaiseacht gan bhac ón Úcráin chuig na cinn scríbe a bhí uathu. Mar sin féin, is léir go bhfuil an t-ualach atá ar thíortha comharsanachta díréireach le Ballstáit eile AE. Cé nach bhfuil ar tharla ansin ar scála inchomparáide, is intuigthe, áfach, as an ionstraimiú a rinneadh ar imircigh ar theorainn na Bealarúise, agus i gcásanna roimhe sin, gur gá athbhreithniú ó bhonn a dhéanamh ar shásraí na dlúthpháirtíochta agus an chomhair idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit, go háirithe maidir le hathdháileadh na n-imirceach atá ag fáil cuidiú, rud a bhfuil gá leis ar ndóigh le linn géarchéimeanna.

    1.10.

    Is mian le CESE trácht a dhéanamh freisin ar mheon an “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn” (3). Creidimid go bhfuil an sásra casta lena sainítear an creat dlíthiúil agus na nósanna imeachta riaracháin i gcás ionstraimiú na n-imirceach faillíoch maidir le scála na géarchéime idirstáit a d’fhéadfadh tarlú sa chomhthéacs sin agus nach féidir a scaradh ón gcur chuige atá le glacadh i leith na n-imirceach féin.

    1.11.

    Cé go bhfuil gá le hionstraimí ad hoc chun ionstraimiú imirceach a bhainistiú, dar le CESE go bhfuil sé riachtanach freisin bearta a chur san áireamh atá dírithe ar imircigh a chosaint go tráthúil agus go hiomlán bunaithe ar an Treoir maidir le cosaint shealadach, go háirithe i gcásanna ina mbíonn bainistiú na n-iontrálacha cois teorainneacha, faireachán ar ghluaiseachtaí tánaisteacha agus na moilleanna nó maoluithe a mheastar a bheith ann maidir le gnáthnósanna imeachta tearmainn neamhéifeachtúil agus fritorthúil i dtaca le himircigh ar a ndéantar ionstraimiú a chosaint. Ar aon chuma, ní mór an leibhéal cosanta d’imircigh a mhéadú i ndáil le leibhéal na géarchéime idirstáit a thugtar faoi deara i gcomhthéacs ionstraimiú na n-imirceach.

    2.   Togra

    2.1.

    Cuirtear in iúl sa Teachtaireacht gur iarracht d’aon ghnó í géarchéim na himirce ag teorainn sheachtrach an Aontais leis an mBealarúis (an Liotuáin, an Laitvia agus an Pholainn) chun géarchéim leanúnach righin a chothú mar chuid d’iarracht chomhbheartaithe níos leithne chun an tAontas Eorpach a dhíchobhsú agus chun féachaint a chur ar aontacht agus diongbháilteacht an Aontais. Is “bagairt hibrideach” é sin arna déanamh trí imircigh a ionstraimiú ag tríú tír.

    2.2.

    In ionad cur síos a dhéanamh ar an bhfeiniméan imirce sonrach casta seo, úsáidtear na téarmaí “géarchéim” agus “bagairt” atá sa dréacht-tuairim seo d’fhonn béim a leagan ar a ábhartha atá an teannas polaitiúil agus na cúinsí éagobhsaíochta a eascraíonn as an gcomhthéacs geopholaitiúil sin.

    2.3.

    Ní hamháin gur bagairt atá ann do shlándáil an Aontais Eorpaigh, ach is é is cúis, ina cheann sin, le staid thromchúiseach ar an láthair, go háirithe i gcás na n-imirceach lena mbaineann, rud a fhágann iarmhairtí tromchúiseacha daonnúla ann ar thaobh na Bealarúise agus ar thaobh an Aontais den teorainn. Is iomaí scéal atá ann faoi íde mhídhaonna tháireach a bheith á tabhairt d’imircigh ar thaobh na Bealarúise den teorainn, i bpáirt mar bhealach chun brú a chur ar an Aontas. Is móide an riosca atá ann mar gheall ar fhanacht fada na n-imirceach sa cheantar agus gan rochtain acu ar theorainn an Aontais.

    2.4.

    Cháin an tAontas ionstraimiú na n-imirceach agus na ndídeanaithe leochaileacha go pras agus go géar ar na fóraim institiúideacha uile atá aige. Toradh amháin ar an ngníomhaíocht idirnáisiúnta a tháinig de sin is ea rannpháirtíocht an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta, go háirithe tíortha tionscnaimh na n-imirceach, agus an comhar a rinne siad le chéile.

    2.5.

    I bhfianaise na géarchéime nua, tá bearta déanta ag an Aontas chun tacú leis na Ballstáit atá thíos leis seo, agus freagairtí sonracha na rialtas náisiúnta agus na bparlaimintí náisiúnta á gcur san áireamh, go háirithe an staid éigeandála atá fógartha ag na réigiúin cois teorann. Chuige sin, tá beart déanta ag an gCoimisiún chun cúnamh a chur ar fáil go cuí d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú idir an reachtaíocht náisiúnta agus dlí an Aontais.

    2.6.

    Tugtar cuntas sa Teachtaireacht ar na bearta polaitiúla, teicniúla agus lóistíochtúla a rinneadh chun tacú leis na Ballstáit lena mbaineann. De thoradh na gcuairteanna a thug an Coimisinéir Johansson agus na gcruinnithe a reáchtáladh ina dhiaidh sin idir an Coimisiún agus na Ballstáit, tháinig de na naisc pholaitiúla sin tacaíocht theicniúil á cur ar fáil ag gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (Frontex, Europol, EASO, agus cúnamh éigeandála a chuirtear ar fáil tríd an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht).

    2.7.

    Maidir le gníomhaíocht idirnáisiúnta, tá an Coimisiún tar éis gníomhaíocht a dhéanamh ar an leibhéal is airde, go háirithe maidir le tíortha tionscnaimh agus tíortha idirthurais na n-imirceach, agus tá sé tar éis feabhas a chur ar an gcomhar leis an Iaráic, leis an Liobáin, leis an Tuirc, le hAontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus leis an Úisbéiceastáin. Tá sé sin ríthábhachtach chun cur i gcoinne an bhonneagair choiriúil um smuigleáil imirceach, rud a bhuanaíonn an t-ionstraimiú atá ar siúl sa Bhealarúis.

    2.8.

    I ngéarchéim idirstáit mar sin, tá baol mór ann go leathfaidh “ceo cogaidh” anuas, rud a chuirfidh le bréagaisnéis, bréagnuacht agus saobhadh fíricí chomh maith le hionstraimiú polaitiúil na n-imirceach. Tarraingítear aird sa Teachtaireacht ar an mbaol sin ar thaobh na Bealarúise den teorainn, go háirithe an riosca a bhaineann le meáin státrialaithe na Bealarúise agus na Rúise. Cuirtear béim inti ar thábhacht agus, go mór mór, ar ról an tsaorphreasa, cé nach leagtar béim air sin maidir leis na limistéir ghéarchéime atá ar thaobh an Aontais den teorainn.

    2.9.

    Cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir gur féidir tuilleadh maoinithe a chur ar fáil i gcás géarchéime, trí leas a bhaint as an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) agus as an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV) chuige sin. Maidir le daoine a fhilleadh (filleadh deonach cuidithe agus filleadh neamhdheonach), tagraítear sa Teachtaireacht don chomhar idir an Coimisiún, Frontex agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (EII) agus béim á leagan ar an gcomhar is gá ó thíortha tionscnaimh na n-imirceach.

    3.   Nótaí

    Ionstraimiú imirceach agus bainistiú na mbeartas imirce

    3.1.

    Creideann CESE gur cheart don fhreagairt d’ionstraimiú na n-imirceach a bheith bunaithe ar bheartas imirce coiteann, comhroinnte agus comhleanúnach de chuid an Aontais.

    3.1.1.

    D’fhonn an imirce a bhainistiú mar is ceart, ní mór don Aontas a thuiscint nach iad na bearta a dhéantar i dtír áirithe, agus é sin amháin, a spreagann na próisis imirce, fiú má dhéanann tír imircigh a ionstraimiú chun críoch polaitiúil (d’fhéadfadh, ar ndóigh, tionchar, nach beag in amanna, a bheith aige sin ar mhéid na sreabh imirce).

    3.1.2.

    Agus é ag tabhairt aghaidh ar na géarchéimeanna is tromchúisí (ina bhfuil páirt ghníomhach ag tríú tír, nó mar thoradh ar chogadh nó idirghabháil mhíleata), ní mór don Aontas leas a bhaint as cur chuige dlúthpháirteach, go mór mór maidir leis na daoine sin atá buailte.

    3.1.3.

    Gan dochar don ghá atá ann cúnamh a thabhairt dóibh siúd go léir a bhfuil a mbeatha i mbaol láithreach (dídeanaithe agus íospartaigh chogaidh), níor cheart idirdhealú a dhéanamh bunaithe ar stádas dlíthiúil — mar shampla idir daoine a d’fhéadfadh a bheith i dteideal cosaint áirithe agus imircigh eile — go dtí go gcomhlíonfar nósanna imeachta tearmainn trédhearcacha atá faoi réir dhlí an Aontais agus caighdeáin idirnáisiúnta. Níor cheart d’idirdhealú den chineál sin a bheith ann de thoradh sainmhíniú roimh ré ar an bhfeiniméan nó ar an ngéarchéim atá i gceist (“bagairt hibrideach”, “ionstraimiú imirceach”, “imirce eacnamaíoch”, etc.).

    Ionsaithe hibrideacha agus ionstraimiú imirceach

    3.2.

    Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún faoi chineál agus leibhéal na bagartha a thagann as ionstraimiú na n-imirceach arna dhéanamh ag an mBealarúis. Aithníonn CESE an bhagairt don Aontas Eorpach de dheasca cineálacha “bagairtí hibrideacha”, i.e. “ionstraimiú stát-urraithe daoine chun críoch polaitíochta”.

    3.2.1.

    Sa sainmhíniú a thugtar ar an rud is bagairt hibrideach ann, baintear leas freisin as foclaíocht dá malairt: bagairtí a bhfuil “gníomhaí stáit nó neamhstáit” taobh thiar díobh. Is féidir le gníomhaithe éagsúla bagairtí hibrideacha a dhéanamh agus is féidir leo díriú ar spriocanna éagsúla (eintitis stáit, institiúidí, eagraíochtaí sóisialta nó daoine aonair). Ní mór idirdhealú a dhéanamh, áfach, idir an léirléamh leathan seo, a thugann míniú ginearálta dúinn, agus sainaithint na gcásanna atá ábhartha do na beartais atá i gceist. Dá bhrí sin, cuireann CESE i bhfios go láidir, chun críche bearta dlíthiúla a thabhairt isteach ina dhiaidh sin agus go háirithe chun caitheamh go dleathach le himircigh agus tacaíocht dhaonnúil a thabhairt dóibh i gcásanna éigeandála, nach mór gníomhaire stáit amháin, ar a laghad, a bheith páirteach ionas gur féidir gníomhaíochtaí a aicmiú mar ionstraimiú imirceach.

    3.2.2.

    I bhfianaise a bhailí atá an sainmhíniú ar an rud is “bagairt hibrideach” ann a thugtar sa Teachtaireacht, tá súil ag CESE le freagairt iltoiseach chomhtháite, i.e. freagairt nach mbeidh dírithe go hiomlán ar an gcaidreamh idirnáisiúnta (idir na Ballstáit, an tAontas Eorpach agus Stáit chomhpháirtíochta) ach atá ag teacht freisin le beartais agus le hiarrachtaí an Aontais chun cearta an duine, cosaint imirceach agus an ceart chun tearmainn a chur chun cinn. Dar le CESE, ní mór gach ionstraim um chomhar idir na Ballstáit agus institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh a neartú ionas go ndéanfar géarchéimeanna a bhainistiú ar bhonn comhpháirteach.

    Dlúthpháirtíocht, comhordú agus comhbhainistiú géarchéime

    3.3.

    Aontaíonn CESE leis nach bagairt do na Ballstáit lena mbaineann amháin na gníomhaíochtaí sin ach gur fíorbhagairt don Aontas Eorpach ina iomláine iad. I bhfianaise na bhfíricí a chuirtear i láthair sa Teachtaireacht agus na géarchéime tromchúisí san Úcráin, is mó fós a chreideann CESE gur gá creat polaitiúil, dlíthiúil agus nós imeachta a bhunú do na Ballstáit agus d’institiúidí an Aontais Eorpaigh d’fhonn is gur féidir freagairt choiteann ar ghéarchéimeanna a ghlacadh agus d’fhonn iad sin a bhainistiú go comhpháirteach.

    3.3.1.

    Dá bhrí sin, agus ag tógáil dó ar an tuairim a d’eisigh sé cheana maidir leis na tograí a bhí dírithe ar leasú a dhéanamh ar na rialacháin maidir le bainistiú imirce agus tearmainn (4), measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach leanúint de chur chuige atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus comhar idir na Ballstáit. Is éard is cúis leis sin nach í an staid atá i gceist an t-aon cheann amháin atá ag cruthú ualaigh mhéadaithe freagrachtaí agus deacrachtaí do thíortha na céadiontrála, ar an ábhar go leagtar béim sa Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann ar rialú teorann agus ar chosc a chur ar ghluaiseachtaí tánaisteacha.

    3.3.2.

    Sa rialachán sonrach inmhianaithe chun ionstraimiú imirceach arna dhéanamh ag stát a chomhrac, ba cheart foráil a dhéanamh do chórais le haghaidh cineál comhroinnte freagrachta atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, lena n-áirítear an fhéidearthacht nósanna imeachta tapa athlonnaithe a chur ar bun a bheadh comhréireach le déine na géarchéime féin.

    3.3.3.

    Léiríonn tréithe na géarchéime ag teorainn an Aontais leis an mBealarúis difríochtaí agus cosúlachtaí le straitéisí stáit eile a fhéachann le gluaiseachtaí imirce a ionstraimiú: an Mheánmhuir Láir, an teorainn idir an Ghréig agus an Tuirc, an teorainn idir an Spáinn agus Maracó, an teorainn idir an Bhoisnia agus an Chróit, an teorainn idir an tSeirbia agus an Ungáir (gan ach 2021 amháin a bhacadh). Creideann CESE go gcaithfidh freagairt an Aontais a bheith níos cuimsithí ná na gníomhaíochtaí a rinne sé le linn géarchéimeanna a tharla roimhe seo. Go háirithe, ní mór dó a chinntiú nach mbeidh sé ag brath ar bheartais straitéiseacha tríú tíortha nach bhfuil comhoiriúnach do bheartais agus prionsabail an Aontais Eorpaigh.

    Coimirciú agus cosaint na n-imirceach i gcás an ionstraimithe

    3.4.

    Agus a fhreagairt á leagan síos ag an Aontas, creideann CESE gur cheart gníomhaíochtaí chun cur i gcoinne na bagartha a dhéanamh ar an tuiscint shoiléir go mbíonn na himircigh ar a ndéantar ionstraimiú an-leochaileach agus go mbíonn cosaint de dhíth orthu, go mór mór nuair is géarchéim idirstáit a bhíonn i gceist.

    3.4.1.

    Tá an imní chéanna ar CESE agus a cuireadh in iúl sa Teachtaireacht faoin ngéarchéim dhaonnúil ag teorainneacha na mBallstát leis an mBealarúis. Cé go léiríonn a dheacra atá sé gníomhú ar thaobh na Bealarúise den teorainn go bhfuil bac oibiachtúil orainn tabhairt faoi ghníomhaíochtaí daonnúla i gcás géarchéimeanna agus coinbhleachtaí idirstáit, ba cheart cuimhneamh air sin mar dhreasacht chun dlús a chur leis na hiarrachtaí atá ar siúl chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an cúnamh daonnúil a chuirtear ar fáil d’imircigh laistigh de theorainneacha na mBallstát na caighdeáin a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais agus go bhfuil sé de réir na gcleachtas seanbhunaithe chun tacú le daoine leochaileacha.

    3.4.2.

    Tá CESE ag súil leis gur mó an rochtain ar an dá thaobh den teorainn idir an tAontas Eorpach agus an Bhealarúis a bheidh ag eagraíochtaí daonnúla na sochaí sibhialta d’fhonn cabhair dhaonnúil a chur ar fáil (tacaíocht leighis, cúnamh bia agus cúnamh dlí).

    3.4.3.

    I ndáil leis sin, ní mór d’institiúidí an Aontais cur in éadan aon ghníomhaíochtaí nó ionadaíochtaí lena ndéantar gníomhartha dlúthpháirtíochta arna ndéanamh ag an tsochaí shibhialta náisiúnta agus idirnáisiúnta a choiriúlú, mar a chuir CESE chun suntais i dtuairimí uaidh roimhe seo (5).

    3.4.4.

    Dírítear aird sa Teachtaireacht ar mhórghluaiseachtaí tánaisteacha imirceach a bheith ann (ar a laghad a fhad a bhaineann le líon na n-imirceach a shroich teorainneacha an Aontais Eorpaigh le linn na géarchéime), agus luaitear inti go bhfuil patróil chomhpháirteacha á ndéanamh ag fórsaí póilíneachta teorann na mBallstát sin arb iad an chéad phointe iontrála d’imircigh iad agus a ndéanann gluaiseachtaí tánaisteacha imirceach difear dóibh. Creideann CESE, i gcás ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, nach mór aghaidh a thabhairt ar shaincheist na ngluaiseachtaí tánaisteacha i gcomhar leis na Ballstáit cinn scríbe. Ag an am céanna, ní mór aird chuí a thabhairt ar na himircigh is leochailí, go háirithe nuair is measa atá an ghéarchéim, d’fhonn tuilleadh rioscaí maidir lena sábháilteacht a chosc.

    3.4.5.

    Tá CESE á thabhairt chun suntais freisin na rioscaí a bhaineann le cosaint dhíniteach chóir iomlán a thabhairt d’imircigh leochaileacha trí stádais dhlíthiúla agus nósanna imeachta díolúine a úsáid go forleathan sna Ballstáit agus san Aontas Eorpach féin, fiú amháin i gcás géarchéim a éilíonn freagairtí sonracha. Ba cheart, dá bhrí sin, bearta sonracha coimirce agus cosanta a bheith ag dul le haon mhaoluithe ar na nósanna imeachta caighdeánacha maidir le glacadh agus tearmann i ngeall ar an riosca tromchúiseach atá ann, chomh maith le prionsabal an non-refoulement a chaomhnú.

    Dul i ngleic leis an mbréagaisnéis, daoine leochaileacha a chosaint agus ról na meán

    3.5.

    Is díol sásaimh do CESE an bhéim a leagtar sa Teachtaireacht ar chur in éadan na bréagaisnéise, na bréagnuachta agus saobhadh fíricí, lena n-áirítear trí fheachtais spriocdhírithe faisnéise sna tíortha sin ina dtionscnaíonn na sreabha imirce agus trí úsáid éifeachtach a bhaint as uirlisí leictreonacha faisnéise agus cumarsáide arb é is cuspóir dóibh faisnéis chruinn infhíoraithe a chur ar fáil d’imircigh (e.g. Infomigrants).

    3.5.1.

    San am céanna, is eol do CESE an tábhacht, i gcomhréir le luachanna an Aontais, a bhaineann le saortháirgeadh faisnéise agus le saor-rochtain ar fhíricí agus ar shonraí atá ábhartha don phobal. Dá bhrí sin, nuair a chuirtear bearta éigeandála chun feidhme, ní mór do na Ballstáit agus do ghníomhaireachtaí an Aontais a ráthú i gcónaí go mbeidh an tsaoirse gníomhaíochta agus cumarsáide is fearr is féidir ann do na meáin neamhspleácha atá ar an láthair i limistéir ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, agus ag an am céanna, rialacha soiléire agus trédhearcacha a leagan síos maidir le rochtain a fháil ar shaoráidí ina ndéantar imircigh a óstáil agus a mbíonn teagmháil ag imircigh leo.

    3.5.2.

    Maidir le cur i gcoinne líonraí lóistíochta don smuigleáil imirceach atá gníomhach ar ardáin leictreonacha agus ar na meáin shóisialta, ní mór don Choimisiún, le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí AE (ENISA), uirlisí a úsáideann gáinneálaithe ar imircigh a dhealú ó uirlisí cumarsáide a úsáideann imircigh eatarthu féin; is é is aidhm dó sin féachaint cé atá freagrach i ngach cás agus gan cearta príobháideachais sonraí a shárú ná sábháilteacht na n-imirceach sin a bhfuil ionstraimiú á dhéanamh orthu a chur i gcontúirt, cibé acu go hindíreach nó de neamh-aistear é sin.

    Comhar idirnáisiúnta chun ionstraimiú imirceach a chomhrac

    3.6.

    Is díol sásaimh do CESE na bearta a ghlac institiúidí an Aontais chun an comhar a neartú le tíortha tionscnaimh na n-imirceach a bhfuil ionstraimiú á dhéanamh orthu, agus é mar aidhm acu léiriú a thabhairt ar na rioscaí a bhíonn le sárú acu agus an comhar idirnáisiúnta maidir leis an imirce a fheabhsú.

    3.6.1.

    Ba cheart an comhar sin a bheith fite fuaite leis an sásra um chomhar idirnáisiúnta forbraíochta agus le comhaontuithe maidir le rialáil imirce. Déantar an méid sin freisin d’fhonn comhghníomhaíocht dhearfach idir an tAontas agus na tríú tíortha lena mbaineann a áirithiú.

    3.6.2.

    Nuair a bhíonn comhaontuithe agus nósanna imeachta le tríú tíortha á gcur ar bun, ní mór comhsheasmhacht an chaidrimh sin leis an urraim is gá a thabhairt do chearta an duine agus do ghealltanais dhlíthiúla idirnáisiúnta na dtíortha sin a chur san áireamh.

    3.6.3.

    Leis an gcomhar sin, chuirfí dlús le hiarrachtaí na seirbhísí póilíneachta agus faisnéise chun eagraíochtaí coiriúla a bhfuil baint acu leis an smuigleáil a chosc agus a chomhrac agus lánurraim á tabhairt do chearta tearmainn agus cosanta imirceach i gcásanna a bhaineann le hionstraimiú imirceach agus i gcoitinne (6).

    Tacaíocht do na Ballstáit

    3.7.

    Is díol sásaimh do CESE an tacaíocht a tugadh do na Ballstáit atá i mbaol, go háirithe trí ghníomhaireachtaí gnóthaí baile an Aontais Eorpaigh (Frontex, EUAA, an sásra um chosaint shibhialta); creideann sé nach mór do na gníomhaireachtaí sin feidhmiú i ngach cás ina n-aithnítear staid éigeandála a bheith ann, de réir nós imeachta cothrom trédhearcach (7).

    3.7.1.

    Creideann CESE nach mór leibhéal iomchuí cúnaimh a chur ar fáil amach anseo do na Ballstáit sin a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar bhagairtí den sórt sin. Ní mór leibhéal cosanta agus cúnaimh atá chomh hard céanna a thabhairt do na himircigh sin a bhfuil ionstraimiú á dhéanamh orthu, agus, thar aon duine eile, dóibh siúd is leochailí.

    3.7.2.

    I dtaca leis na bearta a chuir na Ballstáit i bhfeidhm maidir le himircigh, nach dtugtar an ceart chun tearmainn dóibh, a chur ar ais go deonach agus go neamhdheonach, dearbhaíonn CESE nach mór iad a chur chun feidhme i gcásanna éigeandála freisin, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta agus le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí an Aontais.

    Uirlisí agus rialacháin chun géarchéimeanna a bhainistiú amach anseo

    3.8.

    Tá CESE á chur chun suntais go gcuirtear san áireamh sa tuairim seo na bearta atá á bplé agus á bpróiseáil tráth dréachtaithe na tuairime, go háirithe an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn. Leagtar amach sa togra rialacha maidir le stádas na n-imirceach agus na nósanna imeachta chun tearmann agus cosaint idirnáisiúnta a iarraidh i gcásanna den sórt sin.

    3.8.1.

    I ndáil leis sin, tá súil ag CESE go gcuirfear san áireamh sa rialachán riachtanais slándála na mBallstát agus go leagfar amach in éineacht leo gealltanais dhlíthiúla chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil agus chun cearta cosanta imirceach a ráthú bunaithe ar oibleagáidí idirnáisiúnta agus ar dhlí an Aontais Eorpaigh.

    3.8.2.

    Go sonrach, ní mór don Choimisiún agus do na comhlachtaí tarmligthe a sheiceáil ar glacadh dlíthe sna Ballstáit nó an bhfuil siad á nglacadh iontu chun dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair, chun géarchéimeanna amach anseo a chosc agus chun cearta bunúsacha agus cearta AE a urramú.

    3.8.3.

    Agus é ag scrúdú an rialacháin sin, déanfaidh CESE dianmheasúnú ar na díolúintí agus na maoluithe ó na nósanna imeachta caighdeánacha maidir le dul isteach agus tearmann, ar an gceart achomharc a dhéanamh i gcoinne diúltú, ar nósanna imeachta maidir le filleadh, agus ar an lán-trédhearcacht agus comhar idir na Ballstáit atá i staid éigeandála agus institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

    An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  5 317 219 ndídeanaí i dtíortha comharsanacha agus i dtíortha an Aontais Eorpaigh (figiúr mar atá an 26 Aibreán 2022, foinse: UNHCR https://data2.unhcr.org/en/situations/ukraine).

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1) (Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta le cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú isteach de dhaoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht chun cinn idir iarrachtaí idir Bhallstáit i dtaca leis na daoine sin a ghlacadh agus le hiarmhairtí an ghlactha sin a iompar (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

    (3)  Féach COM(2021) 890 final — 2021/0427 (COD) “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn”.

    (4)  IO C 123, 9.4.2021, lch. 15 agus IO C 155, 30.4.2021, lch. 58.

    (5)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 24.

    (6)  Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — A renewed EU action plan against migrant smuggling (2021-2025) [Plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais in aghaidh smuigleáil imirceach (2021-2025)] [COM(2021) 591 final] (níl leagan Gaeilge ann).

    (7)  Arna iarraidh sin do Bhallstát, arna fhormhuiniú le togra ón gCoimisiún ina dhiaidh sin agus le plé ón gComhairle Eorpach, agus trí shásraí a ghlacadh chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar an staid agus chun tuairisciú a dhéanamh uirthi. Féach COM(2021) 890 final — 2021/0427 (COD) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn.


    Top