Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha nua maidir le tráchtálú trealaimh raidió

Rialacha nua maidir le tráchtálú trealaimh raidió

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2014/53/AE lena gcomhchuibhítear dlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar amach léi rialacha maidir le trealamh raidió a chur ar mhargadh inmheánach an Aontais Eorpaigh (AE).
  • Féachtar leis na rialacha nua le coinneáil suas le líon agus le cineál na ngléasanna trealaimh raidió atá ag méadú, a áirithiú nach gcuirfidh siad isteach ar a chéile agus go gcloíonn siad le buncheanglais sláinte agus sábháilteachta.
  • Leagtar amach léi chomh maith modh breise le haghaidh faireachán margaidh chun na táirgí nach gcomhlíonann na buncheanglais (e.g. ceanglais sláinte agus sábháilteachta) a rianú agus faireachán a dhéanamh orthu.
  • Aisghairtear Treoir 1999/5/CE leis le héifeacht ón 12 Meitheamh 2016.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Cuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le trealamh a chuireann amach nó a ghlacann le radathonnta ar mhaithe le rad–aimsiú (suíomh, luas nó tréithe eile réada a fháil amach ag úsáid radathonnta) nó chun críocha cumarsáide. Áirítear leis na gléasanna seo fóin phóca, osclóirí dhoras an chairr agus móideimí.
  • Ní chlúdaítear inti trealamh raidió a úsáidtear chun críocha gníomhaíochtaí slándála poiblí agus cosanta a úsáideanna amaitéaraigh raidió.
  • Le Rialachán leasaitheach (AE) 2018/1139 maidir le rialacha eitlíochta sibhialta (féach an achoimre) eisiaitear ó raon feidhme Threoir 2014/53/AE freisin an trealamh eitlíochta seo a leanas atá ceaptha go heisiach le haghaidh úsáid aerbheirthe:
    • aerárthaí, seachas aerárthaí gan foireann, mar aon le hinnill, liáin, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte gaolmhar;
    • aerárthaí gan foireann, mar aon le hinnill, liáin, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte gaolmhar, a bhfuil a ndearadh deimhnithe i gcomhréir leis an rialachán sin agus atá beartaithe chun oibriú ar mhinicíochtaí arna leithdháileadh le rialacháin raidió an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide le haghaidh úsáid aerloingseoireachta chosanta agus ar na minicíochtaí sin amháin.

Oibleagáidí na monaróirí, na n–allmhaireoirí agus na ndáileoirí

  • Tá liosta sa treoir de na hoibleagáidí na monaróirí (Airteagal 10), na n–allmhaireoirí (Airteagal 12) agus na ndáileoirí (Airteagal 13).
  • Mar shampla, sula gcuirtear trealamh raidió ar fáil ar an mhargadh lena dhíol, ní mór do mhonaróirí a áirithiú go ndearnadh an trealamh sin a dhearadh agus a mhonarú agus roinnt buncheanglas á gcomhlíonadh. Is é ceann de na ceanglais sin sláinte agus sábháilteacht daoine agus ainmhithe clóis a chosaint.
  • Tá ceanglais eile leagtha amach in Airteagal 3 agus baineann siad le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais, cosaint ar chalaois agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála.

Luchtairí ceallra

  • Ar an 7 Nollaig 2022, rinneadh athbhreithniú ar rialacha agus ar cheanglais Threoir (AE) 2014/53/AE le Treoir leasaitheach (AE) 2022/2380. Déantar an méid seo a leanas leis:
    • bunaítear comhéadan luchtaithe comhchuibhithe le haghaidh catagóirí agus aicmí áirithe trealaimh raidió ar féidir é a athluchtú trí luchtú sreangaithe;
    • comhchuíbhítear an prótacal cumarsáide luchtaithe le haghaidh trealamh raidió den sórt sin;
    • leagtar síos an creat chun an réiteach comhchuibhithe luchtaithe a oiriúnú amach anseo agus le haghaidh comhchuibhiú féideartha amach anseo na gceanglas um luchtú do threalamh raidió ar féidir é a athluchtú trí aon mhodh seachas luchtú sreangaithe;
    • tugtar an rogha do thomhaltóirí trealamh raidió a cheannach gan a bheith orthu luchtaire a cheannach;
    • cuirtear feabhas ar an bhfaisnéis a sholáthraítear do thomhaltóirí.
  • Tiocfaidh na ceanglais nua i bhfeidhm i ndiaidh 24 mhí. Mar thoradh air sin, ó mhí na Nollag 2024 ar aghaidh, ní foláir nó go mbeidh réiteach luchtaithe comhchuibhithe (is é sin, port luchtaithe USB-C) feistithe ar gach fón póca láimhe, táibléad, ceamara digiteach, consól físchluiche láimhe, cluasán, gléas cinn, callaire iniompartha, ríomhléitheoir, méarchlár, luch, córas loingseoireachta iniompartha agus cluasán bachlóige nua. I gcás ríomhairí glúine, tiocfaidh na ceanglais i bhfeidhm ó mí Aibreáin 2026 ar aghaidh.

Gníomhartha tarmligthe

Ghlac an Coimisiún Eorpach dhá ghníomh tarmligthe.

  • Forlíontar le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/320 Treoir 2014/53/AE maidir le cur i bhfeidhm na mbunceanglas chun go n–áiritheofar suíomh an ghlaoiteora i gcumarsáid éigeandála ó ghutháin phóca láimhe lena bhfuil gnéithe cosúil le gnéithe ríomhaire i dtéarmaí cumais cóireála agus sonraí a stóráil.
  • Forlíontar le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 Treoir 2014/53/CE maidir le hoibleagáidí na mbuncheanglas. Ceanglaítear leis ar mhonaróirí breithnithe maidir le príobháideachas agus sonraí pearsanta, slándáil líonra agus cosc calaoise a chomhtháthú i ndearadh trealaimh raidió.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

B’éigean an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta an 12 Meitheamh 2016. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha ón 13 Meitheamh 2016.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n–aisghairtear Rialachán 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lgh. 62–106).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2014/53/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/320 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm na mbunceanglas dá dtagraítear in Airteagal 3(3)(g) den Treoir sin chun go n–áiritheofar suíomh an ghlaoiteora i gcumarsáid éigeandála ó ghléasanna móibíleacha a (IO L 55 25.2.2019, lgh. 1–3).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm na mbunceanglas dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointí (d), (e) agus (f) den Treoir sin (IO L 7, 12.1.2022, lgh. 6–10).

Nuashonraithe 01.10.2023

Top