This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Is éard is treoir ann ná gníomh dlíthiúil a ghlacann institiúidí AE agus a dhírítear ar Bhallstáit AE agus, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá sí ina ceangal maidir leis an toradh atá le gnóthú. Tá treoir ina cuid de dhlí tánaisteach an Aontais Eorpaigh, an corpas dlí a thagann as na prionsabail agus na cuspóirí atá leagtha amach i gconarthaí AE (dlí príomha).
Socraíonn údaráis náisiúnta gach tíre de chuid AE ar a ndírítear an treoir an fhoirm agus na modhanna a úsáidtear chun an treoir a chorprú ina ndlí náisiúnta (rud a thugtar “trasuí” air go foirmiúla). Go ginearálta, ní mór é seo a dhéanamh laistigh de 2 bhliain ó ghlacadh na treorach.
Chun go mbeidh éifeacht léi, ní mór na cuspóirí arna leagan amach leis an treoir a bhaint amach le bearta náisiúnta. Ní mór do na húdaráis náisiúnta an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas faoi na bearta a ghlacfaidh siad.
Féadfar íoschaighdeáin a leagan síos i dtreoir, ionas go n–aithneofar, go minic, go bhfuil caighdeáin níos airde leagtha amach sna córais dlí i roinnt Ballstát cheana. Sa chás sin, tá an ceart ag na Ballstáit caighdeáin níos airde ná na cinn atá leagtha amach sa treoir a leagan amach.
I gcásanna eile leagtar amach sna treoracha teorainneacha aonfhoirmeacha um chomhchuibhiú. Ciallaíonn sé sin nach féidir leis na Ballstáit rialacha atá níos doichte ná na cinn atá leagtha amach sa treoir a thabhairt isteach.
I gcás nach ndéanann Ballstát treoir a thrasuí ina dhlí náisiúnta, féadfaidh an Coimisiún tús a chur le himeachtaí um shárú agus imeachtaí a thionscnamh i gcoinne na tíre sin os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
FÉACH FREISIN