Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32010R0067

    Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach (códú)

    IO L 27, 30.1.2010, p. 20–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2013; Arna aisghairm le 32013R1316

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/67/oj

    30.1.2010   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L NaN/20


    RIALACHÁN (CE) Uimh. 67/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 30 Samhain 2009

    lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach

    (leagan códaithe)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 156 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 2236/95 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 1995 lena leagtar síos na rialacha ginearálta a bhaineann le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach (3) a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta (4). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúnaíocht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

    (2)

    Is é a fhoráiltear le hAirteagal 155 den Chonradh go mbunóidh an Comhphobal sraith treoirlínte faoina gcumhdófar cuspóirí, tosaíochtaí agus imlínte na ngníomhaíochtaí arna mbeartú i réimse na ngréasán tras-Eorpach agus go bhféadfaidh sé tacú le tionscadail leasa choitinn lena dtacóidh na Ballstáit i réimse na ngréasán tras-Eorpach. Faoin Airteagal sin féadfar cabhair Chomhphobail a dheonú do thionscadail leasa choitinn a shonrófar faoi chuimsiú na dtreoirlínte.

    (3)

    Ba cheart rialacha ginearálta a leagan síos maidir le maoiniú Comhphobail a thabhairt i réimse na ngréasán tras-Eorpach, sa dóigh go gceadófaí Airteagal 155 a chur chun feidhme.

    (4)

    Ba cheart go méadófaí an bhaint atá ag an gcaipiteal príobháideach le maoiniú na ngréasán tras-Eorpach agus ba cheart an chomhpháirtíocht idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach a fhorbairt.

    (5)

    Féadfaidh cabhair Chomhphobail a bheith go sonrach i bhfoirm staidéar indéantachta, ráthaíochtaí iasachta nó fóirdheontas rátaí úis. Baineann na fóirdheontais agus na ráthaíochtaí sin go háirithe le tacaíocht airgeadais ón mBanc Eorpach Infheistíochta nó ó chomhlachtaí airgeadais príobháideacha nó poiblí eile. I gcásanna áirithe a mbeidh bonn cirt leo mar is cuí, féadfar deontais dhíreacha d'infheistíochtaí a mheas.

    (6)

    Ba cheart go ndeonódh an Ciste Eorpach Infheistíochta nó eagraíochtaí eile airgeadais ráthaíochtaí iasachta ar bhonn tráchtála. Féadfaidh cabhair airgeadais Chomhphobail na préimheanna go léir nó cuid díobh a chumhdach a n-íocann tairbhithe na ráthaíochtaí sin iad.

    (7)

    Is é a bheartaítear go príomha le cabhair Chomhphobail aon chonstaicí airgeadais a shárú a d'fhéadfadh tarlú le linn céim thionscnaimh tionscadail.

    (8)

    Is gá teorainn a chur le cabhair Chomhphobail i ndáil leis an gcostas iomlán infheistíochta. Mar sin féin, ba cheart ráta níos airde cabhrach Comhphobail a chur ar fáil chun cur i gcrích nasc trasteorann a chur chun cinn le haghaidh na dtionscadal tosaíochta.

    (9)

    Is gá ceangaltas airgeadais daingean ó infheisteoirí institiúideacha, atá tarraingteach go leor chun caipiteal príobháideach a chruinniú, chun comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha a bhunú (nó cineálacha eile comhoibrithe a bhunú idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach). Trí bhíthin cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú ar bhonn ilbhliantúil, cuirfear deireadh le haon éiginnteacht atá ag cur moille ar fhorbairt tionscadal. Mar sin, ba cheart bearta a dhéanamh chun cabhair airgeadais a dheonú, ar bhonn ceangaltais dhlíthiúil ilbhliantúil, do thionscadail a roghnaítear.

    (10)

    Ba cheart cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú do thionscadail i gcomhréir leis an méid a chuidíonn siad le gnóthú chuspóirí Airteagal 154 den Chonradh agus le gnóthú na gcuspóirí agus na dtosaíochtaí eile a chumhdaítear leis na treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 155 den Chonradh. Ba cheart gnéithe eile a chur san áireamh freisin, amhail an chaoi a spreagtar maoiniú poiblí agus príobháideach, na héifeachtaí socheacnamaíocha díreacha agus indíreacha atá le tionscadail, go háirithe ar an bhfostaíocht, agus na hiarmhairtí sin don chomhshaol.

    (11)

    Is iomchuí ranníocaíochtaí caipitil riosca a cheadú i gcistí infheistíochta arb é an chéad tosaíocht atá acu caipiteal riosca a sholáthar le haghaidh tionscadal gréasán tras-Eorpach go dtí 1 % den mhéid iomlán don tréimhse 2000 go 2006 chun taithí a fháil ar an gcineál maoinithe sin. Féadfar an teorainn sin a mhéadú go dtí 2 % tar éis feidhmiú na hionstraime seo a athbhreithniú. Is iomchuí freisin scrúdú a dhéanamh chun féachaint an féidir í a shíneadh amach anseo.

    (12)

    Tá sé inmhianaithe, chun an trédhearcacht a mhéadú agus chun ionchais a chomhlánú maidir le tionscadail nó grúpaí tionscadal a bhfuil riachtanais thábhachtacha airgeadais ar feadh tréimhse fada acu, go dtarraingeofar suas cláir ilbhliantúla tháscacha in earnálacha sonracha nó i réimsí sonracha. Ba cheart do na cláir sin an méid iomlán tacaíochta agus an méid bliantúil tacaíochta a léiriú a d'fhéadfaí a chionroinnt ar feadh tréimhse áirithe ar thionscadal den sórt sin nó ar ghrúpaí tionscadal den sórt sin, agus a d'úsáidfí mar thagairt le haghaidh na gcinntí bliantúla maidir le cabhair airgeadais a dheonú laistigh de na leithreasuithe buiséadacha bliantúla, nuair atá siad i gcomhréir leis na cláir ilbhliantúla tháscacha ábhartha. Mar sin féin, ní hionann na méideanna ilbhliantúla a léirítear sna cláir sin agus ceangaltais bhuiséadacha.

    (13)

    Ní foláir don Choimisiún inmharthanacht eacnamaíoch acmhainneach na dtionscadal a mheasúnú go cúramach, agus anailís costais is tairbhe á déanamh aige agus critéir iomchuí á n-úsáid freisin, chomh maith le brabúsacht airgeadais na dtionscadal sin a mheasúnú.

    (14)

    Ní foláir go mbeidh cabhair airgeadais Chomhphobail faoin tríú fleasc den chéad fhomhír d'Airteagal 155(1) den Chonradh ag luí le beartais an Chomhphobail, go háirithe maidir le gréasáin agus i ndáil le cosaint an chomhshaoil, leis an iomaíocht agus le conarthaí poiblí a dhámhachtain. Ba cheart go n-áireofaí le cosaint an chomhshaoil measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol.

    (15)

    Is gá cumhachtaí agus freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin faoi seach a shoiléiriú maidir le rialú airgeadais.

    (16)

    Ní foláir don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí uile an Chomhphobail a chomhordú i gceart, go háirithe idir maoiniú faoi na gréasáin thras-Eorpacha agus maoiniú ó na Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe, ón gCiste Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta, ar maoiniú é a bhfuil tionchar aige ar na gréasáin thras-Eorpacha.

    (17)

    Ba cheart foráil a dhéanamh do mhodhanna oiriúnacha chun cabhair Chomhphobail a mheasúnú, a scrúdú tar éis a dámhachtana agus a rialú.

    (18)

    Ba cheart gurbh oiriúnach an fhaisnéis, an phoiblíocht agus an trédhearcacht maidir leis na gníomhaíochtaí a mhaoinítear.

    (19)

    I bhfianaise a thábhachtaí atá na gréasáin thras-Eorpacha, is iomchuí a áireamh sa Rialachán seo creat airgeadais de réir bhrí phointe 33 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 6 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséideach agus maidir leis an nós imeachta buiséadach a fheabhsú (5), EUR 4 874 880 000 chun é a chur chun feidhme don tréimhse 2000 go 2006.

    (20)

    Is iomchuí go scrúdóidh an Chomhairle cibé acu ar cheart leanúint leis na bearta nó ar cheart iad a leasú faoin Rialachán seo i bhfianaise na tuarascála cuimsithí a thíolaic an Coimisiún roimh dheireadh 2006.

    (21)

    Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (6),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Sainmhíniú agus raon feidhme

    Sainmhínítear leis an Rialachán seo na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le cabhair Chomhphobail a dheonú faoin tríú fleasc den chéad fhomhír d'Airteagal 155(1) do thionscadail leasa choitinn i réimse na ngréasán tras-Eorpach le haghaidh bhonneagair teileachumarsáide agus do na tionscadail leasa choitinn i réimse na ngréasán tras-Eorpach le haghaidh an iompair agus an fhuinnimh, dá dtagraítear sa tríú mír d'Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach iompair agus fuinnimh (7).

    Airteagal 2

    Incháilitheacht

    Ní fhéadfar cabhair Chomhphobail a dheonú ach amháin do thionscadail leasa choitinn (dá ngairfear ‘tionscadail’ anseo feasta) a shonraítear faoi chuimsiú na dtreoirlínte dá dtagraítear sa chéad mhír den tríú fleasc d'Airteagal 155(1) den Chonradh.

    Beidh codanna de thionscadail incháilithe, a mhéid arb aonaid neamhspleácha iad go teicniúil agus ó thaobh an airgeadais de.

    Airteagal 3

    Cineálacha cabhrach

    1.   Féadfar ceann amháin nó níos mó de na cineálacha cabhrach seo a leanas a úsáid chun cabhair Chomhphobail a dheonú do thionscadail:

    (a)

    cómhaoiniú staidéar a bhaineann le tionscadail, lena n-áirítear staidéir ullmhúcháin, staidéir indéantachta agus staidéir mheastóireachta, agus bearta tacaíochta teicniúla eile le haghaidh na staidéar sin. De ghnáth, ní rachaidh ranníocaíocht an Chomhphobail thar 50 % de chostas iomlán staidéir. I gcásanna eisceachtúla, a bhfuil bunús cuí leo, ar thionscnamh an Choimisiúin agus le toiliú na mBallstát lena mbaineann, féadfaidh ranníocaíocht an Chomhphobail dul thar theorainn 50 %;

    (b)

    fóirdheontais an úis ar iasachtaí arna dtabhairt ag an mBanc Eorpach Infheistíochta nó ag comhlachtaí airgeadais poiblí nó príobháideacha eile. De ghnáth, ní rachaidh ré an fhóirdheontais thar thréimhse cúig bliana;

    (c)

    ranníocaíochtaí i leith préimheanna le haghaidh ráthaíochtaí iasachta arna dtabhairt ag an mBanc Eorpach Infheistíochta nó ag institiúidí eile airgeadais;

    (d)

    deontais dhíreacha d'infheistíochtaí i gcásanna a mbeidh bonn cirt leo mar is cuí;

    (e)

    ranníocaíocht chaipitil riosca le haghaidh cistí infheistíochta nó gealltanais airgeadais inchomparáide arb é an chéad tosaíocht atá acu caipiteal riosca a sholáthar le haghaidh tionscadal gréasán tras-Eorpach agus lena mbaineann infheistíocht shuntasach ón earnáil phríobháideach; ní rachaidh an ranníocaíocht chaipitil riosca sin thar 1 % de na hacmhainní buiséadacha faoi Airteagal 19. I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2), féadfar an teorainn sin a mhéadú go dtí 2 % ó 2003 ar aghaidh i bhfianaise feidhmiú na hionstraime seo a athbhreithniú agus tíolacfaidh an Coimisiún an t-athbhreithniú sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Féadfar an ranníocaíocht a chur go díreach isteach sa chiste nó sa ghealltanas airgeadais inchomparáide nó i sásra comh-infheistíochta arna bhainistiú ag na bainisteoirí ciste céanna. Tá rialacha mionsonraithe breise maidir le cur chun feidhme na ranníocaíochtaí caipitil riosca seo leagtha síos in Iarscríbhinn I.

    2.   Déanfar an chabhair Chomhphobail dá dtagraítear i mír 1 a chomhcheangal nuair is iomchuí, chun an spreagthach a sholáthraíonn na hacmhainní buiséadacha arna n-imscaradh a uasmhéadú, ar acmhainní iad a úsáidfear ar an mbealach is coigiltí.

    3.   Úsáidfear na cineálacha cabhrach Comhphobail dá dtagraítear i mír 1 go roghnach chun go dtabharfar aird ar shaintréithe na gcineálacha éagsúla gréasán lena mbaineann agus chun a áirithiú nach gcuirfidh an chabhair sin an iomaíocht idir gnóthais na hearnála lena mbaineann as a riocht.

    4.   Ba cheart go n-úsáidfí an maoiniú le haghaidh tionscadal bonneagair iompair ar feadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 19 sa chaoi go dtabharfar ar a laghad 55 % de d'iarnróid (lena n-áirítear iompar comhcheangailte) agus uasmhéid 25 % de do bhóithre.

    5.   Taobhóidh an Coimisiún go sonrach le leas a bhaint as acmhainní príobháideacha maoinithe le haghaidh tionscadal arna maoiniú faoin Rialachán seo áit ar féidir éifeacht iolraitheora ionstraimí airgeadais an Chomhphobail a uasmhéadú i gcomhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha. Scrúdóidh an Coimisiún gach cás go leithleach, ag cur san áireamh nuair is iomchuí malairt rogha a d'fhéadfadh a bheith ann agus a mhaoineofaí le hacmhainní poiblí amháin. Éileofar tacaíocht ó gach Ballstát lena mbaineann le haghaidh gach tionscadail i gcomhréir leis an gConradh.

    Airteagal 4

    Coinníollacha maidir le cabhair Chomhphobail a dheonú

    1.   Ní dheonófar cabhair Chomhphobail, i bprionsabal, ach amháin má dhéantar constaicí airgeadais ar thionscadal a chur i gcrích.

    2.   Ní rachaidh cabhair Chomhphobail thar an íosmhéid a mheastar a bheith riachtanach chun tionscadal a sheoladh.

    3.   Gan féachaint d'fhoirm na hidirghabhála a roghnófar, ní rachaidh méid iomlán na cabhrach Comhphobail faoin Rialachán seo thar 10 % den chostas iomlán infheistíochta. Mar sin féin, féadfaidh méid iomlán na cabhrach Comhphobail 20 % den chostas infheistíochta iomlán a shroicheadh ar bhonn eisceachtúil sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    tionscadail a bhaineann le córais suite agus loingseoireachta satailíte, dá bhforáiltear in Airteagal 17 de Chinneadh Uimh. 1692/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le treoirlínte Comhphobail le haghaidh an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt (8);

    (b)

    tionscadail tosaíochta maidir leis na gréasáin fuinnimh;

    (c)

    codanna de na tionscadail a bhaineann le leas na hEorpa arna sonrú in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1692/96/CE, ar an gcoinníoll go gcuirfear tús leo roimh 2010, a bhfuil sé de chuspóir acu baic a chealú, agus/nó codanna atá ar iarraidh a chur isteach, más rud é go mbeidh gné thrasteorann le feiceáil sna codanna sin nó más rud é go bhfuil gné iontu a sháróidh constaicí nádúrtha, agus go rannchuideoidh siad leis an margadh inmheánach a chomhtháthú i gComhphobal méadaithe, go dtaobhóidh siad leis an tsábháilteacht, go n-áiritheoidh siad idir-inoibritheacht na ngréasán náisiúnta agus/nó go rannchuideoidh siad go mór le neamhchothromaíochtaí idir modhanna iompair a laghdú, i bhfabhar na modhanna is fearr a oirfidh don chomhshaol. Déanfar difreáil ar an ráta seo de réir na sochar a bheidh do thíortha eile, go háirithe na Ballstáit chomharsanacha.

    I gcás tionscadal leasa choitinn atá sonraithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1336/97/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1997 maidir le sraith treoirlínte le haghaidh na ngréasán tras-Eorpach teileachumarsáide (9), féadfaidh méid iomlán na cabhrach Comhphobail arna dheonú faoin Rialachán seo 30 % de chostas iomlán na hinfheistíochta a shroicheadh.

    4.   Ní shannfar na hacmhainní airgeadais dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, i bprionsabal, do thionscadail ná do chéimeanna tionscadal a bhaineann leas as foinsí maoinithe eile Comhphobail.

    5.   I gcás tionscadal dá dtagraítear i mír 3, laistigh de theorainneacha an Rialacháin seo, is ar bhonn ilbhliantúil a bheidh an ceangaltas dlíthiúil agus comhlíonfar na ceangaltais bhuiséadacha i dtráthchodanna bliantúla.

    Airteagal 5

    Clár ilbhliantúil táscach an Chomhphobail

    1.   Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 6 agus chun éifeachtacht ghníomhaíocht an Chomhphobail a fheabhsú, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2), clár ilbhliantúil táscach a bhunú de réir earnála (dá ngairfear ‘clár’ anseo feasta) ar bhonn na dtreoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 155(1) den Chonradh. Beidh an clár bunaithe ar iarratais ar chabhair airgeadais faoi Airteagal 8 agus léireoidh sé inter alia faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit, go háirithe an fhaisnéis atá leagtha amach in Airteagal 9.

    2.   Beidh an clár comhdhéanta go heisiach as tionscadail leasa choitinn agus/nó as grúpaí comhtháite de thionscadail leasa choitinn, faoi mar a sonraíodh roimhe seo faoi chuimsiú na dtreoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 155(1) den Chonradh, i réimsí sonracha a mbeidh riachtanais airgeadais shuntasacha acu thar thréimhse fhada.

    3.   Le haghaidh gach tionscadail nó grúpa tionscadal, bunóidh an clár na méideanna táscacha maidir le cabhair airgeadais a dheonú faoi réir chinntí bliantúla an údaráis bhuiséadaigh. Ní úsáidfear níos mó ná 75 % de na hacmhainní buiséadacha faoi Airteagal 19 chun críocha clár ilbhliantúil táscach.

    4.   Úsáidfear an clár mar thagairt le haghaidh na gcinntí bliantúla lena gcionroinntear cabhair Chomhphobail ar thionscadail laistigh de na leithreasaí bliantúla buiséadacha. Cuirfidh an Coimisiún an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 18(1) ar an eolas go rialta maidir le dul chun cinn na gclár agus aon chinntí a ghlacfaidh an Coimisiún chun cabhair Chomhphobail a chionroinnt ar na tionscadail sin. Áireofar sna doiciméid tacaíochta a ghabhann le réamh-dhréachtbhuiséad an Choimisiúin tuarascáil maidir leis an dul chun cinn i gcur chun feidhme gach cláir ilbhliantúil tháscaigh i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (10).

    Caithfear athbhreithniú a dhéanamh ar an gclár, i lár téarma ar a laghad nó i bhfianaise an dul chun cinn éifeachtach sna tionscadail nó sa ghrúpa tionscadail, agus más gá, déanfar é a choigeartú, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

    Léireofar sa chlár, freisin, na foinsí eile maoinithe le haghaidh na dtionscadal lena mbaineann, go háirithe ó ionstraimí eile Comhphobail agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta.

    5.   Má dhéantar aon athruithe suntasacha i gcur chun feidhme na dtionscadal, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas gan mhoill.

    Déanfar aon mhodhnuithe, a d'fhéadfadh a bheith riachtanach tar éis na n-athruithe sin, ar na méideanna comhchruinnithe táscacha a bhunaítear leis an gclár maidir leis na tionscadail, a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

    Airteagal 6

    Critéir maidir le tionscadail a roghnú

    1.   Tabharfar cúnamh do thionscadail i gcomhréir leis an méid a chuidíonn siad le gnóthú chuspóirí Airteagal 154 den Chonradh agus na gcuspóirí agus na dtosaíochtaí eile a shainmhínítear sna treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 155(1) den Chonradh.

    2.   Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh a chinntí maidir le cabhair Chomhphobail a dheonú i gcomhréir leis na tosaíochtaí a leagtar síos sna treoirlínte do na hearnálacha éagsúla arna mbunú de bhun Airteagal 155(1) den Chonradh. Áireofar leis sin go mbeidh siad i gcomhréir le haon cheanglais a d'fhéadfaí a leagan síos sna treoirlínte sin i dtéarmaí céatadáin de chabhair iomlán Chomhphobail.

    3.   Sannfar cabhair Chomhphobail do thionscadail a d'fhéadfadh a bheith inmharthana go heacnamaíoch agus a meastar nach bhfuil a mbrabúsacht airgeadais, tráth an iarratais, leordhóthanach.

    4.   Ba cheart na nithe seo a leanas a chur san áireamh chomh maith, agus cinneadh á dhéanamh maidir le cabhair Chomhphobail a dheonú:

    (a)

    chomh haibí agus atá an tionscadal,

    (b)

    an chaoi a spreagfaidh idirghabháil an Chomhphobail maoiniú poiblí agus maoiniú príobháideach,

    (c)

    chomh fónta agus atá an pacáiste airgeadais,

    (d)

    an tionchar socheacnamaíoch go díreach nó go hindíreach, go háirithe ar an bhfostaíocht,

    (e)

    na hiarmhairtí ar an gcomhshaol.

    5.   Go háirithe i gcás tionscadal trasteorann, cuirfear san áireamh comhordú ar uainiú chodanna difriúla an tionscadail.

    Airteagal 7

    Comhoiriúnacht

    Comhlíonfaidh na tionscadail a mhaoineofar faoin Rialachán seo dlí an Chomhphobail agus beartais an Chomhphobail, go háirithe maidir le cosaint an chomhshaoil, maidir leis an iomaíocht agus maidir le conarthaí poiblí a dhámhachtain.

    Airteagal 8

    Iarratais a thíolacadh ar chabhair airgeadais Chomhphobail

    Is iad na Ballstáit lena mbaineann nó, le comhaontú an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, is iad na gnóthais nó comhlachtaí, idir phoiblí agus phríobháideach, lena mbaineann go díreach, a chuirfidh iarratais ar chabhair airgeadais faoi bhráid an Choimisiúin.

    Bunóidh an Coimisiún an comhaontú idir na Ballstáit lena mbaineann.

    Airteagal 9

    An fhaisnéis a éilítear chun iarratais a mheasúnú agus a shainaithint

    1.   Le gach iarratas ar chabhair airgeadais áireofar an fhaisnéis go léir is gá chun an tionscadal a scrúdú de réir Airteagal 4, Airteagal 6 agus Airteagal 7, agus go háirithe:

    (a)

    má bhaineann an t-iarratas le tionscadal:

    (i)

    an comhlacht atá freagrach as an tionscadal sin a chur i gcrích;

    (ii)

    tuairisc ar an tionscadal lena mbaineann agus an cineál cabhrach Comhphobail a bheartaítear;

    (iii)

    torthaí na n-anailísí costais is tairbhe, lena n-áirítear torthaí na hanailíse ar an inmharthanacht eacnamaíoch acmhainneach agus torthaí na hanailíse ar an mbrabúsacht airgeadais;

    (iv)

    suíomh an tionscadail, de réir na dtreoirlínte, i réimse an iompair, ar na haiseanna agus na nóid;

    (v)

    comhchuibheas le pleanáil réigiúnach;

    (vi)

    tuairisc achomair ar an tionchar ar an gcomhshaol, bunaithe ar na measúnuithe a cuireadh i gcrích i gcomhréir le Treoir 85/337/CEE ón gComhairle maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (11);

    (vii)

    ráiteas ina gcuirtear in iúl gur scrúdaíodh féidearthachtaí eile maoinithe phoiblí agus phríobháidigh, lena n-áirítear an Ciste Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Infheistíochta;

    (viii)

    plean airgeadais ina liostaítear, in euro nó san airgeadra náisiúnta, comhpháirteanna uile an phacáiste airgeadais, lena n-áirítear an chabhair airgeadais a iarradh ar an gComhphobal, ina gcineálacha difriúla faoi mar atá luaite in Airteagal 3(1), agus ar chomhlachtaí rialtais áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta, agus ar fhoinsí príobháideacha, agus an chabhair a deonaíodh cheana;

    (b)

    má bhaineann an t-iarratas le staidéar, le cuspóir agus le haidhm an staidéir agus na modhanna agus na teicnící a bheartaítear;

    (c)

    amchlár sealadach oibre;

    (d)

    tuairisc ar na bearta rialaithe a fheidhmeoidh an Ballstát lena mbaineann maidir leis na cistí a iarrtar a úsáid.

    2.   Soláthróidh na hiarratasóirí aon fhaisnéis bhreise ábhartha don Choimisiún ar faisnéis í a éileoidh an Coimisiún, amhail paraiméadair, treoirlínte agus hipitéisí ar a mbunófar an anailís costais is tairbhe.

    3.   Féadfaidh an Coimisiún aon sainchomhairle is gá a lorg chun an t-iarratas a mheasúnú, lena n-áirítear tuairim an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.

    Airteagal 10

    Cabhair airgeadais a dheonú

    I gcomhréir le hAirteagal 274 den Chonradh, cinnfidh an Coimisiún cabhair airgeadais a dheonú faoin Rialachán seo de réir mar a mheasfaidh sé an t-iarratas i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin. I gcás tionscadal atá sainaitheanta sa chlár ilbhliantúil táscach arna bhunú de bhun Airteagal 5, glacfaidh an Coimisiún na cinntí bliantúla chun cabhair a dheonú laistigh de na méideanna airgeadais táscacha dá bhforáiltear sa chlár sin. I gcás tionscadal eile, glacfar bearta i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2). Tabharfaidh an Coimisiún fógra maidir lena chinneadh go díreach chuig na tairbhithe agus chuig na Ballstáit.

    Airteagal 11

    Forálacha airgeadais

    1.   Ní chumhdófar faoi chabhair Chomhphobail ach an caiteachas sin a bhaineann le tionscadail agus a thabhóidh na tairbhithe nó tríú páirtithe a bheidh freagrach as tionscadal a chur chun feidhme.

    2.   Ní chumhdófar caiteachas a thabhófar roimh an dáta a bhfaighidh an Coimisiún an t-iarratas ar chabhair airgeadais.

    3.   Beidh cinntí a ghlacfaidh an Coimisiún faoi Airteagal 10 maidir le cabhair airgeadais a dheonú ina gceangal mar cheangaltais maidir le caiteachas arna údarú leis an mBuiséad a thabhú.

    4.   Go ginearálta, déanfar íocaíochtaí i bhfoirm airleacan, íocaíochtaí idirmheánacha agus íocaíochta deiridh. Íocfar an t-airleacan, nach rachaidh thar 50 % den chéad tráinse bliantúil de ghnáth, chomh luath agus a fhormheasfar an t-iarratas ar chabhair. Déanfar íocaíochtaí idirmheánacha ar an mbonn sin go n-iarrfar íocaíocht, agus an dul chun cinn arna dhéanamh i gcur chun feidhme an tionscadail nó an staidéir á chur san áireamh agus, más gá, pleananna airgeadais arna n-athbhreithniú ar bhonn dianbheacht trédhearcach á gcur san áireamh freisin.

    5.   Ní foláir go gcuirfidh na híocaíochtaí san áireamh go gcuirfear na tionscadail bonneagair chun feidhme thar thréimhse blianta agus nach mór foráil a dhéanamh mar sin do mhaoiniú ilbhliantúil.

    6.   Déanfaidh an Coimisiún an íocaíocht deiridh tar éis formheas a dhéanamh ar an tuarascáil deiridh maidir leis an tionscadal nó leis an staidéar, a chuirfidh an tairbhí isteach agus ina mionsonrófar an caiteachas go léir a thabhófar.

    7.   I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2), bunóidh an Coimisiún creat do na nósanna imeachta, amchlár agus méideanna le haghaidh íocaíochtaí fóirdheontas úis, fóirdheontas préimheanna ráthaíochta, agus do thacaíocht i bhfoirm ranníocaíochtaí caipitil riosca, do chistí infheistíochta nó gealltanais airgeadais inchomparáide arb é an chéad tosaíocht atá acu caipiteal riosca a sholáthar do thionscadail gréasán tras-Eorpach.

    Airteagal 12

    Rialú airgeadais

    1.   D'fhonn a ráthú go gcuirfear na tionscadail arna maoiniú faoin Rialachán seo i gcrích go rathúil, glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, gach aon ina réimse inniúlachta féin, na bearta is gá chun:

    (a)

    a fhíorú ar bhonn rialta gur cuireadh na tionscadail agus na staidéir arna maoiniú ag an gCoimisiún i gcrích i gceart;

    (b)

    neamhrialtachtaí a chosc agus beart a dhéanamh ina gcoinne;

    (c)

    aon mhéideanna a cailleadh de dheasca neamhrialtachta a ghnóthú, lena n-áirítear ús de bharr aisíocaíochta déanaí i gcomhréir leis na rialacha a ghlac an Coimisiún. Ach amháin sa chás sin go soláthróidh an Ballstát agus/nó an t-údarás poiblí cur chun feidhme cruthúnas nach raibh siad freagrach as an neamhrialtacht, beidh an Ballstát faoi dhliteanas, ina mhalairt de chás, aon suimeanna a íocadh go míchuí a aisíoc.

    2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta arna nglacadh chun na gcríoch sin agus, déanfaidh siad, go háirithe, fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an tuairisc ar na córais bainistithe agus rialaithe arna mbunú chun a áirithiú go gcuirfear na tionscadail agus na staidéir chun feidhme go héifeachtúil.

    3.   Cuirfidh na Ballstáit aon tuarascálacha náisiúnta iomchuí maidir le rialú tionscadal ar fáil don Choimisiún.

    4.   Gan dochar d'aon bhearta rialaithe a chuirfidh na Ballstáit i gcrích i gcomhréir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta agus gan dochar d'Airteagal 246 den Chonradh agus bearta rialaithe arna gcur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 279 den Chonradh, féadfaidh oifigigh nó gníomhairí de chuid an Choimisiúin seiceálacha a chur i gcrích ar an láthair, lena n-áirítear seiceálacha samplacha, i ndáil le tionscadail arna maoiniú faoin Rialachán seo agus féadfaidh siad na córais agus na bearta rialaithe a scrúdú arna mbunú ag na húdaráis náisiúnta, agus déanfaidh na húdaráis naisiúnta sin an Coimisiún ar an eolas maidir le bearta arna ndéanamh chuige sin.

    5.   Sula gcuirfidh sé seiceáil i gcrích ar an láthair, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát lena mbaineann d'fhonn an cúnamh riachtanach go léir a fháil. Má chuireann an Coimisiún seiceálacha i gcrích ar an láthair gan fógra a thabhairt, beidh sé faoi réir comhaontuithe ar ar thángthas i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002. Féadfaidh oifigigh nó gníomhairí de chuid an Bhallstáit lena mbaineann páirt a ghlacadh sna seiceálacha sin.

    Féadfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar an mBallstát lena mbaineann seiceálacha a chur i gcrích ar an láthair chun cruinneas iarratas íocaíochta a fhíorú. Féadfaidh oifigigh nó gníomhairí de chuid an Choimisiúin páirt a ghlacadh sna seiceálacha sin, agus ní foláir dóibh é sin a dhéanamh má iarrann an Ballstát lena mbaineann amhlaidh.

    Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar aon seiceálacha a chuirfidh sé i gcrích ar bhonn comhordaithe sa chaoi go seachnófar seiceálacha a dhéanamh an athuair i ndáil leis an ábhar céanna i rith na tréimhse céanna. Malartóidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún láithreach aon fhaisnéis ábhartha le chéile a bhaineann le torthaí na seiceálacha arna gcur i gcrích.

    6.   I gcás cabhrach Comhphobail a deonaíodh do ghnóthais phoiblí nó phríobháideacha nó do chomhlachtaí poiblí nó príobháideacha lena mbaineann go díreach, cuirfidh an Coimisiún na bearta rialaithe i gcrích i gcomhar leis an mBallstát mar is iomchuí.

    7.   Coimeádfaidh na comhlachtaí agus na húdaráis atá freagrach, agus na gnóthais phoiblí nó phríobháideacha nó comhlachtaí poiblí nó príobháideacha lena mbaineann go díreach, na doiciméid tacaíochta go léir maidir le caiteachas ar aon tionscadal, agus cuirfidh siad na doiciméid tacaíochta sin ar fáil don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis na híocaíochta deiridh i ndáil leis an tionscadal.

    Airteagal 13

    An chabhair a laghdú, a fhionraí agus a chealú

    1.   Maidir le hoibríocht a chur chun feidhme, má fheictear nár chóir go ndearnadh an chabhair airgeadais, an méid iomlán nó aon pháirt de, a leithroinnt ina leith sin, déanfaidh an Coimisiún scrúdú iomchuí ar an gcás, go háirithe nuair a iarrfaidh sé ar an mBallstát, nó ar na húdaráis nó na comhlachtaí a shannfaidh sé chun an oibríocht a chur i gcrích, a dtuairimí a chur isteach laistigh den tréimhse shonraithe.

    2.   Tar éis an scrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún an chabhair i ndáil leis an oibríocht i gceist a laghdú, a fhionraí nó a chealú má fhaightear amach ón scrúdú sin go bhfuil neamhrialtacht ann nó nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha atá leagtha síos sa chinneadh maidir leis an gcabhair a dheonú, agus má fhaightear amach ón scrúdú sin, go háirithe aon athrú suntasach a rachaidh i bhfeidhm ar chineál an tionscadail nó ar na coinníollacha chun an tionscadal a chur i gcrích, nár iarradh formheas an Choimisiúin dó.

    I gcás aon charnadh míchuí déanfar na suimeanna a íocfar go míchuí a ghnóthú.

    3.   Ach amháin i gcásanna a mbeidh bonn cirt leo os comhair an Choimisiúin, cealóidh an Coimisiún an chabhair airgeadais a dheonófar do thionscadail nach gcuirfear tús leo sa dá bhliain tar éis an dáta tosaigh a rabhthas ag súil leis, mar a léirítear sa chinneadh maidir leis an gcabhair a dheonú.

    4.   Aisíocfar leis an gCoimisiún aon suim atá le gnóthú de bharr easpa teidil chuí.

    5.   Más rud é, 10 mbliana tar éis an chabhair airgeadais a dheonú, nach bhfuil an oibríocht i gceist curtha i gcrích, féadfaidh an Coimisiún a éileamh go n-aisíocfar an chabhair airgeadais a íocadh, ag féachaint go cuí do phrionsabal na comhréireachta agus ag cur gach toisce ábhartha san áireamh.

    Airteagal 14

    Comhordú

    Beidh an Coimisiún freagrach as comhordú agus comhtháthú idir na bearta agus na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a ghabhfar de láimh faoin Rialachán seo agus tionscadail a ghabhfar de láimh le cabhair ranníocaíochtaí ó bhuiséad an Chomhphobail, ón mBanc Eorpach Infheistíochta, ón gCiste Eorpach Infheistíochta agus ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Chomhphobail.

    Airteagal 15

    Breithmheas, faireachán agus meastóireacht

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go ndéanfar faireachán agus meastóireacht éifeachtach ar na tionscadail a chur chun feidhme faoin Rialachán seo. Féadfar tionscadail a oiriúnú de réir torthaí faireacháin agus meastóireachta.

    2.   Chun a áirithiú go n-úsáidfear an chabhair Chomhphobail go héifeachtúil, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann faireachán córasach ar dhul chun cinn na dtionscadal i gcás inarb iomchuí trí chomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus le comhlachtaí iomchuí eile.

    3.   Nuair a gheobhaidh sé iarratas ar chabhair, agus sula ndéanfaidh sé é a fhormheas, cuirfidh an Coimisiún breithmheas i gcrích chun a mheasúnú go bhfuil an tionscadal i gcomhréir leis na coinníollacha agus leis na critéir atá leagtha síos in Airteagal 4 agus in Airteagal 6. I gcás inar gá sin, tabharfaidh an Coimisiún cuireadh don Bhanc Eorpach Infheistíochta nó do chomhlachtaí iomchuí eile rannchuidiú leis an mbreithmheas seo.

    4.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit measúnú ar an dóigh ina gcuirfear na tionscadail agus na cláir i gcrích agus déanfaidh siad meastóireacht ar thionchar a gcur chun feidhme, d'fhonn a mheasúnú an féidir na cuspóirí bunaidh a chur i gcrích, nó an amhlaidh gur cuireadh i gcrích iad. Cumhdófar sa mheastóireacht sin, inter alia, an tionchar a bheidh ag na tionscadail ar an gcomhshaol, ag féachaint do dhlíthe an Chomhphobail atá i bhfeidhm. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, a cheangal ar an tairbhí meastóireacht shonrach a sholáthar ar thionscadail nó ar ghrúpaí tionscadal a gheobhaidh tacaíocht faoin Rialachán seo, nó an fhaisnéis nó an cúnamh a éilítear a sholáthar chun na tionscadail sin a mheasúnú.

    5.   Déanfar faireachán, i gcás inarb iomchuí, trí thagairt a dhéanamh do tháscairí fisiceacha agus airgeadais. Bainfidh na táscairí le cáil shonrach an tionscadail agus lena chuspóirí. Socrófar iad ar shlí go léireofar na nithe seo a leanas:

    (a)

    an chéim atá bainte amach ag an tionscadal i gcoibhneas leis an bplean agus na cuspóirí oibríochta a leagadh síos i dtosach;

    (b)

    an dul chun cinn atá déanta ar thaobh na bainistíochta agus aon fhadhbanna gaolmhara.

    6.   Agus iarratais aonair ar chabhair á scagadh aige, cuirfidh an Coimisiún torthaí na mbreithmheasanna agus na meastóireachtaí a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo san áireamh.

    7.   Bunófar nósanna imeachta maidir le meastóireacht agus faireachán, dá bhforáiltear i mír 4 agus i mír 5, sna cinntí maidir leis na tionscadail a fhormheas agus/nó sna forálacha conarthacha a bhaineann le cabhair airgeadais.

    Airteagal 16

    Faisnéis agus poiblíocht

    1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle, faoi bhráid an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta agus faoi bhráid Choiste na Réigiún le go ndéanfaidh siad breithmheas maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcur i gcrích faoin Rialachán seo. Beidh sa tuarascáil seo meastóireacht ar na torthaí a baineadh amach mar gheall ar an gcabhair Chomhphobail i réimsí éagsúla cur i bhfeidhm, ag féachaint do na cuspóirí bunaidh, mar aon le caibidil maidir le substaint agus cur chun feidhme na gclár ilbhliantúil reatha, go háirithe de bharr na leasuithe dá bhforáiltear sa dara fomhír d'Airteagal 5(4).

    2.   Áiritheoidh tairbhithe go dtabharfar poiblíocht oiriúnach don chabhair a dheonófar faoin Rialachán seo chun an pobal a chur ar an eolas faoi ról an Chomhphobail maidir leis na tionscadail a chur chun feidhme.

    Rachaidh siad i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir le cén chaoi ar chóir an méid sin a chur i gcrích.

    Airteagal 17

    Cur chun feidhme

    Beidh an Coimisiún freagrach as an Rialachán seo a chur chun feidhme.

    Airteagal 18

    An Coiste

    1.   Beidh coiste (dá ngairfear ‘an Coiste’ anseo feasta) de chúnamh ag an gCoimisiún.

    Ceapfaidh an Banc Eorpach Infheistíochta ionadaí ar an gCoiste, ar ionadaí é nach mbeidh vóta aige.

    2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

    Trí mhí a bheidh sa tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

    Airteagal 19

    Maoiniú

    EUR 4 874 880 000 a bheidh sa chreat airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse 2000 go 2006.

    Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha na peirspictíochta airgeadais.

    Beidh cionroinnt na gcistí nasctha le leibhéal cáilíochtúil agus cainníochtúil an churtha chun feidhme.

    Airteagal 20

    Clásal um athbhreithniú

    Roimh dheireadh 2006, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle tuarascáil chuimsitheach ar an taithí a fuarthas ar na sásraí faoin Rialachán seo chun cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú, go háirithe na meicníochtaí agus na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 3.

    Scrúdóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear sa chéad mhír d'Airteagal 156 den Chonradh, cibé acu an leanfar leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó an leasófar iad sin tar éis dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 19 agus scrúdóidh siad na coinníollacha faoina ndéanfar amhlaidh.

    Airteagal 21

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2236/95.

    Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III.

    Airteagal 22

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    J BUSEK

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    B. ASK


    (1)  Tuairim an 10 Meitheamh 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 26 Samhain 2009.

    (3)  IO L 228, 23.9.1995, lch. 1.

    (4)  Féach Iarscríbhinn II.

    (5)  OI C 172, 18.6.1999, lch. 1.

    (6)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

    (7)  IO L 162, 22.6.2007, lch. 1.

    (8)  IO L 228, 9.9.1996, lch. 1.

    (9)  IO L 183, 11.7.1997, lch. 12.

    (10)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

    (11)  IO L 175, 5.7.1985, lch. 40.


    IARSCRÍBHINN I

    Rialacha mionsonraithe cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(e)

    1.   Coinníollacha le haghaidh ranníocaíochta Comhphobail le caipiteal riosca

    Áireofar in iarratais ar chabhair airgeadais faoi Airteagal 3(1)(e) an fhaisnéis seo a leanas, a bheidh sásúil don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 18(1), mar bhonn do chinntí maidir le cabhair a dheonú:

    meamram faisnéise ina mbeidh na príomhfhorálacha a bhaineann le doiciméadú reachtúil an chiste, lena n-áirítear a bhonneagar dlíthiúil agus bainistíochta,

    a threoirlínte infheistíochta mionsonraithe, lena n-áirítear faisnéis ar spriocthionscadail,

    faisnéis ar rannpháirtíocht infheisteoirí príobháideacha,

    faisnéis ar an limistéireacht gheografach,

    faisnéis ar inmharthanacht airgeadais an chiste,

    faisnéis ar chearta na n-infheisteoirí gníomh feabhais a ghlacadh sa chás nach gcomhlíonann an ciste na gealltanais a thugtar dóibh,

    faisnéis ar bheartais scoir an chiste agus socruithe chun an ciste a fhoirceannadh,

    cearta ionadaíochta ar choistí na n-infheisteoirí.

    Sula ndéanfar an cinneadh chun cabhair a dheonú, ní foláir don chiste infheistíochta idirmheánach nó don institiúid airgeadais inchomparáide eile a ghealladh go n-infheisteofar suim nach lú ná suim is ionann agus a dhá oiread go leith de ranníocaíocht an Chomhphobail, i dtionscadail a sainaithníodh roimh ré mar thionscadail leasa choitinn i gcomhréir leis an gcéad fhleasc den chéad fhomhír d'Airteagal 155(1) den Chonradh.

    I gcás ina ndeonófar cabhair Chomhphobail le haghaidh cistí infheistíochta nó gealltanais airgeadais inchomparáide i bhfoirm ranníocaíochta caipitil riosca, ní dheonófar í, i bprionsabal, ach amháin go rangófar ranníocaíocht an Chomhphobail pari passu i dtéarmaí riosca le hinfheistóirí eile sa chiste.

    Ní foláir go leanfaidh cistí infheistíochta faighteoirí nó gealltanais airgeadais inchomparáide faighteoirí prionsabail airgeadais fhónta.

    2.   Teorainneacha le haghaidh idirghabhála agus infheistíochta uasta

    Ní rachaidh ranníocaíochtaí faoi Airteagal 3(1)(e) thar 1 % den mhéid foriomlán le haghaidh na tréimhse dtagraítear in Airteagal 19. Féadfar an teorainn seo a mhéadú, áfach, i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(e) réamhluaite.

    Ní rachaidh cabhair Chomhphobail faoi Airteagal 3(1)(e) thar 20 % de chaipiteal iomlán ciste infheistíochta nó gealltanas airgeadais inchomparáide.

    3.   Ranníocaíocht an Chomhphobail a bhainistiú

    Áiritheoidh an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) go mbainisteofar ranníocaíocht an Chomhphobail. Leagfar síos na téarmaí agus coinníollacha mionsonraithe maidir le cabhair Chomhphobail a chur chun feidhme faoi Airteagal 3(1)(e), lena n-áirítear faireachán agus rialú uirthi, i gComhaontú Comhair idir an Coimisiún agus an CEI, agus cuirfear san áireamh na forálacha atá leagtha síos san Iarscríbhinn seo.

    4.   Forálacha eile

    Beidh feidhm iomlán ag na forálacha a bhaineann le breithmheas, le faireachán agus le meastóireacht faoi mar a shonraítear sa Rialachán seo maidir le hAirteagal 3(1)(e), lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le coinníollacha chun cabhair Chomhphobail a dheonú, rialú airgeadais agus maidir leis an gcabhair a laghdú, a fhionraí agus a chealú. Áiritheofar an méid sin, inter alia, trí bhíthin forálacha iomchuí sa Chomhaontú Comhair idir an Coimisiún agus an CEI agus comhaontuithe iomchuí le cistí infheistíochta nó le gealltanais airgeadais inchomparáide, lena leagfar síos na rialuithe is gá ar leibhéal na dtionscadal leasa choitinn ar leith. Déanfar socruithe iomchuí chun go gceadófar don Chúirt Iniúchóirí a misean a fheidhmiú go háirithe chun rialtacht na n-íocaíochtaí a dhéantar a fhíorú.

    Beidh íocaíochtaí faoi Airteagal 3(1)(e) á rialú le hAirteagal 11(7), d'ainneoin Airteagal 11(6). Tar éis dheireadh na tréimhse infheistíochta nó níos luaithe ná é sin de réir mar a bheidh, tabharfar ar ais do bhuiséad an Chomhphobail aon iarmhéideanna a thiocfaidh as toradh caipitil a infheistíodh nó dáileadh brabús agus gnóthachain chaipitiúla nó gach aon dáileadh atá dlite d'infheisteoirí.

    Cuirfear gach cinneadh chun ranníocaíochtaí caipitil riosca a sholáthar faoi Airteagal 3(1)(e) faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 18(1).

    Tuairisceoidh an Coimisiún go rialta don Choiste sin maidir le ranníocaíochtaí caipitil riosca a chur chun feidhme faoi Airteagal 3(1)(e).

    Roimh dheireadh 2006, soláthróidh an Coimisiún faoi chuimsiú Airteagal 15 meastóireacht ar ghníomhaíochtaí arna gcur i gcrích faoi Airteagal 3(1)(e), go háirithe maidir lena húsáid, a tionchar ar chur chun feidhme na dtionscadal gréasán tras-Eorpach dá dtugtar tacaíocht agus rannpháirtíocht infheisteoirí príobháideacha sna tionscadail a mhaoineofar.


    IARSCRÍBHINN II

    An Rialachán Aisghairthe mar aon leis na leasuithe a rinneadh air

    Rialachán (CE) Uimh. 2236/95 ón gComhairle

    (IO L 228, 23.9.1995, lch. 1)

     

    Rialachán (CE) Uimh. 1655/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (IO L 197, 29.7.1999, lch. 1)

     

    Rialachán (CE) Uimh. 788/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (IO L 138, 30.4.2004, lch. 17)

    Airteagal 1 amháin

    Rialachán (CE) Uimh. 807/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (IO L 143, 30.4.2004, lch. 46)

     

    Rialachán (CE) Uimh. 1159/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (IO L 191, 22.7.2005, lch. 16)

     


    IARSCRÍBHINN III

    An tábla comhghaoil

    Rialachán (CE) 2236/95

    An Rialachán seo

    Airteagal 1

    Airteagal 1

    Airteagal 2(1)

    Airteagal 2

    Airteagal 4(1)(a) go (e)

    Airteagal 3(1)(a) go (e)

    Airteagal 4(1)(f)

    Airteagal 3(2)

    Airteagal 4(2)

    Airteagal 3(3)

    Airteagal 4(3)

    Airteagal 3(4)

    Airteagal 4(4)

    Airteagal 3(5)

    Airteagal 5

    Airteagal 4

    Airteagal 5a

    Airteagal 5

    Airteagal 6(1)

    Airteagal 6(1)

    Airteagal 6(1a)

    Airteagal 6(2)

    Airteagal 6(2)

    Airteagal 6(3)

    Airteagal 6(3), na focail tosaigh

    Airteagal 6(4), na focail tosaigh

    Airteagal 6(3), an chéad fhleasc

    Airteagal 6(4)(a)

    Airteagal 6(3), an dara fleasc

    Airteagal 6(4)(b)

    Airteagal 6(3), an tríú fleasc

    Airteagal 6(4)(c)

    Airteagal 6(3), an ceathrú fleasc

    Airteagal 6(4)(d)

    Airteagal 6(3), an cúigiú fleasc

    Airteagal 6(4)(e)

    Airteagal 6(4)

    Airteagal 6(5)

    Airteagal 7

    Airteagal 7

    Airteagal 8, an chéad abairt

    Airteagal 8, an chéad mhír

    Airteagal 8, an dara habairt

    Airteagal 8, an dara mír

    Airteagal 9(1), na focail tosaigh

    Airteagal 9(1), na focail tosaigh

    Airteagal 9(1)(a), na focail tosaigh

    Airteagal 9(1)(a) na focail tosaigh

    Airteagal 9(1)(a), an chéad fhleasc

    Airteagal 9(1)(a)(i)

    Airteagal 9(1)(a), an dara fleasc

    Airteagal 9(1)(a)(ii)

    Airteagal 9(1)(a), an tríú fleasc

    Airteagal 9(1)(a)(iii)

    Airteagal 9(1)(a), an ceathrú fleasc

    Airteagal 9(1)(a)(iv)

    Airteagal 9(1)(a), an cúigiú fleasc

    Airteagal 9(1)(a)(v)

    Airteagal 9(1)(a), an séú fleasc

    Airteagal 9(1)(a)(vi)

    Airteagal 9(1)(a), an seachtú fleasc

    Airteagal 9(1)(a)(vii)

    Airteagal 9(1)(b), an t-ochtú fleasc

    Airteagal 9(1)(a)(viii)

    Airteagal 9(1), (b), (c) agus (d)

    Airteagal 9(1)(b), (c) agus (d)

    Airteagal 9(2) agus (3)

    Airteagal 9(2) agus (3)

    Airteagal 10 agus Airteagal 11

    Airteagal 10 agus Airteagal 11

    Airteagal 12(1), na focail tosaigh

    Airteagal 12(1), na focail tosaigh

    Airteagal 12(1), an chéad fhleasc

    Airteagal 12(1)(a)

    Airteagal 12(1), an dara fleasc

    Airteagal 12(1)(b)

    Airteagal 12(1), an tríú fleasc

    Airteagal 12(1)(c)

    Airteagal 12(2) go (7)

    Airteagal 12(2) go (7)

    Airteagal 13(1) agus (2)

    Airteagal 13(1) agus (2)

    Airteagal 13(2a)

    Airteagal 13(3)

    Airteagal 13(3)

    Airteagal 13(4)

    Airteagal 13(4)

    Airteagal 13(5)

    Airteagal 14

    Airteagal 14

    Airteagal 15(1) go (4)

    Airteagal 15(1) go (4)

    Airteagal 15(5), na focail tosaigh

    Airteagal 15(5), na focail tosaigh

    Airteagal 15(5), an chéad fhleasc

    Airteagal 15(5)(a)

    Airteagal 15(5) an dara fleasc

    Airteagal 15(5)(b)

    Airteagal 15(6) agus (7)

    Airteagal 15(6) agus (7)

    Airteagal 16(1)

    Airteagal 16(1)

    Airteagal 16(2), an chéad abairt

    Airteagal 16(2), an chéad fhomhír

    Airteagal 16(2), an dara habairt

    Airteagal 16(2), an dara fomhír

    Airteagal 17(1)

    Airteagal 17

    Airteagal 17(2), an chéad abairt

    Airteagal 18(1), an chéad fhomhír

    Airteagal 17(2), an dara habairt

    Airteagal 18(1), an dara fomhír

    Airteagal 17(3)

    Airteagal 18(2)

    Airteagal 17(4)

    Airteagal 18

    Airteagal 19

    Airteagal 19, an chéad abairt

    Airteagal 20, an chéad mhír

    Airteagal 19, an dara habairt

    Airteagal 20, an dara mír

    Airteagal 21

    Airteagal 20

    Airteagal 22

    Iarscríbhinn

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn II

    Iarscríbhinn III


    Top