Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0628

    Cás C-628/21, Castorama Polska agus Knor: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 27 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Warszawie — an Pholainn) — TB (Tarchur chun réamhrialú – Maoin Intleachtúil – Treoir 2004/48/CE – Bearta, nósanna imeachta agus leigheasanna is gá chun forfheidhmiú cearta maoine intleachtúla a áirithiú – Ceart chun faisnéise – Locus standi – An riachtanas chun a shuíomh roimh ré gurb ann do cheart maoine intleachtúla)

    IO C 216, 19.6.2023, p. 13–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    19.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 216/13


    Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 27 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Warszawie — an Pholainn) — TB

    (Cás C-628/21 (1), Castorama Polska agus Knor)

    (Tarchur chun réamhrialú - Maoin Intleachtúil - Treoir 2004/48/CE - Bearta, nósanna imeachta agus leigheasanna is gá chun forfheidhmiú cearta maoine intleachtúla a áirithiú - Ceart chun faisnéise - Locus standi - An riachtanas chun a shuíomh roimh ré gurb ann do cheart maoine intleachtúla)

    (2023/C 216/17)

    Teanga an cháis: an Pholainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Sąd Okręgowy w Warszawie

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: TB

    Páirtithe eile sna himeachtaí: Castorama Polska sp. z o.o., “Knor” sp. z o.o.

    An chuid oibríochtúil

    Maidir le hAirteagal 8(1) de Threoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú,

    ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas:

    i gcomhthéacs caingean a bhaineann le sárú ar cheart maoine intleachtúla faoin bhforáil sin, ní mór don iarratasóir, chun críocha iarraidh ar fhaisnéis de bhonn Airteagal 8, aon fhianaise a bhfuil rochtain réasúnta uirthi a chur ar fáil lena bhféadfaidh an chúirt a éistfidh an t-iarratas sin a bheith sásta, agus í cinnte a dóthain, gurb é an t-iarratasóir sealbhóir an chirt sin, trí fhianaise iomchuí a thíolacadh ag féachaint do chineál an chirt sin agus d’aon fhoirmiúlachtaí speisialta atá infheidhme.


    (1)  IO C 95, 28.2.2022


    Top