This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62019TA0552(01)
Case T-552/19 OP: Judgment of the General Court of 28 September 2022 — Malacalza Investimenti v ECB (Access to documents — Decision 2004/258/EC — ECB’s decision to place Banca Carige under temporary administration — Refusal of access — Exception relating to the protection of the confidentiality of information protected as such under EU law — General presumption of confidentiality — Exception relating to the protection of the commercial interests of a particular natural or legal person, including intellectual property — Meaning of confidential information — Obligation to state reasons — Opposition)
Cás T-552/19 OP: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Meán Fómhair 2022 – Malacalza Investimenti v BCE (Rochtain ar dhoiciméid – Cinneadh 2004/258/CE – Cinneadh BCE lena gcuirtear Banca Carige faoi riarachán sealadach – Diúltú rochtana – Eisceacht maidir le cosaint rúndacht faisnéise atá faoi phribhléid de bhua dhlí an Aontais – Toimhde ghinearálta rúndachta – Eisceacht maidir le leasanna tráchtála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh a chosaint, lena n-áirítear maoin intleachtúil – An coincheap “faisnéis rúnda” – Oibleagáid cúiseanna a lua – Cur i gcoinne)
Cás T-552/19 OP: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Meán Fómhair 2022 – Malacalza Investimenti v BCE (Rochtain ar dhoiciméid – Cinneadh 2004/258/CE – Cinneadh BCE lena gcuirtear Banca Carige faoi riarachán sealadach – Diúltú rochtana – Eisceacht maidir le cosaint rúndacht faisnéise atá faoi phribhléid de bhua dhlí an Aontais – Toimhde ghinearálta rúndachta – Eisceacht maidir le leasanna tráchtála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh a chosaint, lena n-áirítear maoin intleachtúil – An coincheap “faisnéis rúnda” – Oibleagáid cúiseanna a lua – Cur i gcoinne)
IO C 463, 5.12.2022, p. 23–24
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
5.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 463/23 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Meán Fómhair 2022 – Malacalza Investimenti v BCE
(Cás T-552/19 OP) (1)
(Rochtain ar dhoiciméid - Cinneadh 2004/258/CE - Cinneadh BCE lena gcuirtear Banca Carige faoi riarachán sealadach - Diúltú rochtana - Eisceacht maidir le cosaint rúndacht faisnéise atá faoi phribhléid de bhua dhlí an Aontais - Toimhde ghinearálta rúndachta - Eisceacht maidir le leasanna tráchtála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh a chosaint, lena n-áirítear maoin intleachtúil - An coincheap “faisnéis rúnda” - Oibleagáid cúiseanna a lua - Cur i gcoinne)
(2022/C 463/31)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir sna príomhimeachtaí: Malacalza Investimenti Srl (Genova, an Iodáil) (ionadaithe: P. Ghiglione, E. De Giorgi, L. Amicarelli agus S. Casini, Dlíodóirí)
Cosantóir sna príomhimeachtaí: An Banc Ceannais Eorpach (ionadaithe: A. Riso, F. von Lindeiner agus M. Van Hoecke, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó D. Sarmiento Ramírez-Escudero agus O. Pollicino, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 166(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, cuireann an Banc Ceannais Eorpach (BCE) i gcoinne bhreithiúnas an 25 Meitheamh 2020, Malacalza Investimenti v BCE (T-552/19, EU:T:2020:294), lena n-iarrtar go gcuirfear ar neamhní Cinneadh LS/LdG/19/185 ó BCE an 12 Meitheamh 2019 lena ndiúltaítear rochtain ar chinneadh ó Chomhairle Rialaithe BCE an 1 Eanáir 2019 lena gcuirtear Banca Carige SpA faoi riarachán sealadach, agus ar dhoiciméid ghaolmhara eile.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chur i gcoinne bhreithiúnas an 25 Meitheamh 2020, Malacalza Investimenti v BCE, T-552/19, EU:T:2020:294, arna thabhairt trí mhainneachtain, lena gcuirtear ar neamhní cinneadh BCE an 12 Meitheamh 2019 lena ndiúltaítear rochtain ar a chinneadh an 1 Eanáir 2019 lena gcuirtear Banca Carige SpA faoi riarachán sealadach agus ar dhoiciméid ghaolmhara eile agus, dá bhrí sin, seastar le neamhniú chinneadh BCE an 12 Meitheamh 2019 arna fhógairt leis an mbreithiúnas mainneachtana. |
2) |
Ordaítear do BCE na costais a íoc. |