AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.5.2025
COM(2025) 232 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhar i dtaca le cur i bhfeidhm a ndlíthe iomaíochta
IARSCRÍBHINN
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhar i dtaca le cur i bhfeidhm a ndlíthe iomaíochta
AN tAONTAS EORPACH (‘an tAontas’), de pháirt, agus
RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, (‘An Ríocht Aontaithe’) den pháirt eile,
dá ngairtear ‘Comhpháirtí’ ar bhonn aonair nó ‘Comhpháirtithe’ le chéile,
Á aithint dóibh na tairbhí a bhaineann le bheith ag obair le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo maidir le saincheisteanna comhleasa,
I bhfianaise an ghá atá le hiomaíocht éifeachtach a bheith ann sna margaí lena mbaineann mar bhonn taca le comhpháirtíocht eacnamaíoch chothrom,
Á thabhairt dá n-aire dóibh go bhfuil na Comhpháirtithe den tuairim go bhfuil forfheidhmiú fónta agus éifeachtach a ndlíthe iomaíochta féin tábhachtach d’oibriú éifeachtúil a margaí féin agus don trádáil eatarthu,
Á admháil dóibh go leagtar amach comhar atá ann cheana leis an gComhaontú seo, d’fhonn caidreamh an Aontais agus Bhallstáit an Aontais leis an Ríocht Aontaithe a threisiú,
Á aithint dóibh gur féidir le comhar agus comhordú, lena n-áirítear comhroinnt na faisnéise, rannchuidiú le forfheidhmiú fónta agus éifeachtach dhlíthe iomaíochta gach Comhpháirtí,
Á admháil dóibh nach féidir leis an gCoimisiún Eorpach agus le húdaráis iomaíochta Bhallstáit an Aontais ach an fhaisnéis a fhaightear trína modhanna imscrúdaithe féin a chomhroinnt le húdarás iomaíochta na Ríochta Aontaithe,
Ag féachaint d’Airteagal 361(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, an 30 Nollaig 2020 (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), ina luaitear go bhféadfaidh na Páirtithe comhaontú ar leithligh a dhéanamh maidir le comhar agus comhordú in ábhair iomaíochta,
Á admháil dóibh gur comhaontú forlíontach ar an gComhaontú Trádála agus Comhair é an Comhaontú seo.
Ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1772 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta ag an Ríocht Aontaithe, agus de bhun Sceideal 21 a ghabhann leis an Acht um Chosaint Sonraí 2018, arna chur isteach le Rialacháin na Ríochta Aontaithe maidir le Cosaint Sonraí, Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach (Leasuithe etc.) (Imeacht ón Aontas), 2019, a bhaineann le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta ag an Aontas,
Á thabhairt dá n-aire dóibh go bhfuil sé beartaithe an sásra comhair agus comhordúcháin a bhunaítear leis an gComhaontú seo lena gceadaítear comhar agus comhordú idir údaráis iomaíochta an Aontais nó a Bhallstát, de pháirt amháin, agus údaráis iomaíochta na Ríochta Aontaithe, den pháirt eile, a bheith uileghabhálach a mhéid a bhaineann le dlíthe iomaíochta an Aontais a chur i bhfeidhm,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
Airteagal 1 – Cuspóir
Is é is cuspóir don Chomhaontú seo comhar agus comhordú in ábhair iomaíochta a chur chun cinn idir údaráis iomaíochta an Aontais agus a Bhallstát, de pháirt, agus údaráis iomaíochta na Ríochta Aontaithe, den pháirt eile, chun forfheidhmiú éifeachtach dhlíthe iomaíochta an Aontais agus na Ríochta Aontaithe a fheabhsú.
Airteagal 2 – Sainmhínithe agus léirmhíniú gaolmhar
1.Sa Chomhaontú seo:
a.ciallaíonn ‘údaráis iomaíochta’ nó, de réir mar a bheidh, ‘údarás iomaíochta’, gan dochar do mhír 3,
(i)ar thaobh amháin, i gcás an Aontais, de réir mar is gá sa chomhthéacs, an Coimisiún Eorpach, ceann amháin nó níos mó d’údaráis iomaíochta náisiúnta Bhallstáit an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo, nó ceann amháin nó níos mó díobh sin in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach, a mhéid a fheidhmíonn siad feidhmeanna faoi dhlíthe iomaíochta an Aontais, agus
(ii)ar an taobh eile, i gcás na Ríochta Aontaithe, an tÚdarás Iomaíochta agus Margaí, a mhéid a fheidhmíonn sé feidhmeanna faoi dhlíthe iomaíochta na Ríochta Aontaithe,
b.ciallaíonn ‘dlíthe iomaíochta’, de réir mar is gá sa chomhthéacs,
(i)i gcás an Aontais, ceann amháin nó níos mó d’Airteagail 101, 102 agus 106 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais, agus a rialacháin cur chun feidhme, lena n-áirítear aon leasú atá ann cheana nó aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin nó aon ionadú ar aon ítim a liostaítear san fhomhír b.(i) seo, agus
(ii)i gcás na Ríochta Aontaithe, ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
i.an tAcht Iomaíochta 1998 (caibidil 41);
ii.Cuid 3 (Cumaisc) den Acht Fiontraíochta 2002 (caibidil 40) cé is moite d’aon fhoráil den Chuid sin a mhéid a bhaineann sí le gnéithe leasa phoiblí d’imscrúdú ar chumasc atá faoi réir idirghabháil ar fhorais a bhaineann le leas an phobail nó faoi réir Chaibidil 3A den Chuid sin (Cumaisc a bhaineann le fiontair nuachtáin agus cumhachtaí eachtracha);
iii.Cuid 4 (Staidéir Mhargaidh agus Imscrúduithe Margaidh) den Acht Fiontraíochta 2002 cé is moite d’aon fhoráil den Chuid sin a mhéid a bhaineann sí le gnéithe leasa phoiblí de thagairt imscrúdaithe margaidh nó de thagairt imscrúdaithe margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann agus atá faoi réir idirghabháil ar fhorais leasa phoiblí;
iv.Cuid 6 (Cion cairtéil) den Acht Fiontraíochta 2002;
v.ranna 9A go 9E den Acht um Stiúrthóirí Cuideachtaí a Dhícháiliú 1986 (caibidil 46);
vi.Airteagail 13A go 13E den Ordú um Dhícháiliú Stiúrthóirí Cuideachtaí (Tuaisceart Éireann) 2002 (S.I. 2002/3150 (N.I. 4)); agus
vii.aon fho-reachtaíocht arna déanamh faoi na forálacha atá liostaithe in i go vi,
lena n-áirítear aon leasú atá ann cheana nó aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na dlíthe nó ar na rialacháin sin nó aon ionadú orthu,
c.i gcás an Aontais, ciallaíonn ‘dlí náisiúnta’ dlí agus rialáil iomlán, lena n-áirítear cásdlí, an Aontais agus a Bhallstát,
d.ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin’ aon chur i bhfeidhm dlíthe iomaíochta trí bhíthin imscrúdaithe nó imeachtaí arna seoladh ag údarás iomaíochta.
2.I gcás ina n-athraíonn údarás iomaíochta a ainm, nó ina n-aistrítear feidhmeanna údaráis iomaíochta chuig údarás eile, déileálfar le tagairt don údarás iomaíochta sin sa Chomhaontú seo mar thagairt don údarás faoina ainm nua nó don údarás comharba, a mhéid a leanann an t‑údarás athainmnithe nó an t‑údarás comharba (de réir mar a bheidh) d’fheidhmeanna a fheidhmiú nó a mhéid a fheidhmíonn sé iad faoi dhlíthe iomaíochta an Chomhpháirtí ábhartha.
3.Tá feidhm ag an gComhaontú seo maidir le comhar agus comhordú idir údaráis iomaíochta an dá Chomhpháirtí agus níl sé beartaithe feidhm a bheith aige, lasmuigh den chomhthéacs sin, maidir le comhar agus comhordú idir údaráis iomaíochta aon Chomhpháirtí amháin. Tagairtí sa Chomhaontú seo d’údaráis iomaíochta a dhéileálann le chéile nó dá gcomhar nó dá gcomhordú le húdaráis iomaíochta eile faoin gComhaontú seo, tá siad le léirmhíniú dá réir sin.
Airteagal 3 – Fógra
1.Má mheasann údarás iomaíochta gur dócha go ndéanfaidh aon cheann dá ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin difear do leasanna tábhachtacha an Chomhpháirtí eile, tabharfaidh sé fógra do na húdaráis iomaíochta eile lena mbaineann faoin ngníomhaíocht forfheidhmiúcháin sin.
2.Tabharfar an fógra a luaitear i mír 1 go pras tar éis céim imscrúdaitheach sa ghníomhaíocht ábhartha forfheidhmiúcháin a fhoilsiú den chéad uair.
Airteagal 4 – Gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a chomhordú
1.Má shaothraíonn údaráis iomaíochta na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin céanna nó gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin gaolmhara, nó má tá sé beartaithe acu iad a shaothrú, féadfaidh siad a chomhaontú gur chun a leasa choitinn é a ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a chomhordú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le soláthar deonach faisnéise ag gnóthais nó ag daoine nádúrtha.
2.Féadfaidh údarás iomaíochta a bhfuil baint aige le haon chomhordú den sórt sin na húdaráis iomaíochta eile lena mbaineann a chur ar an eolas tráth ar bith go bhfuil sé beartaithe aige an comhordú a theorannú nó a fhoirceannadh agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a shaothrú go neamhspleách agus sin a dhéanamh gan dochar d’fhorálacha eile an Chomhaontaithe seo.
Airteagal 5 – Cúirtéis dhiúltach
1.Faoi chuimsiú an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leo agus a mhéid atá sé comhoiriúnach lena leasanna tábhachtacha féin, tabharfaidh údaráis iomaíochta aird chúramach ar leasanna tábhachtacha a chéile le linn gach céime dá ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin.
2.Más cosúil go bhféadfadh gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin de chuid údaráis iomaíochta dochar a dhéanamh do leasanna tábhachtacha aon cheann de na húdaráis iomaíochta eile, déanfaidh na húdaráis iomaíochta lena mbaineann gach iarracht réasúnta freastal iomchuí a dhéanamh ar leasanna tábhachtacha a chéile.
Airteagal 6 – Faisnéis a chomhroinnt
1.Féadfaidh na húdaráis iomaíochta faisnéis a chomhroinnt eatarthu féin, a mhéid atá comhroinnt na faisnéise sin dleathach faoin dlí náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear faisnéis maidir le rúndacht agus cosaint sonraí.
2.Má tá dhá údarás iomaíochta nó níos mó ag saothrú gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a bhaineann leis na hábhair chéanna nó ábhair ghaolmhara, nó ábhair leasa choitinn, déanfaidh na húdaráis iomaíochta lena mbaineann, arna iarraidh sin d’aon cheann acu, breithniú ar fhiosrú a dhéanamh, a mhéid is féidir agus i gcomhréir lena leasanna tábhachtacha féin agus lena n-acmhainní atá ar fáil go réasúnta, cé acu a thoilíonn daoine dlítheanacha nó nádúrtha inaitheanta a chuir faisnéis rúnda ar fáil i ndáil leis na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin sin i scríbhinn le comhroinnt na faisnéise sin idir na húdaráis iomaíochta lena mbaineann. Ní gá d’údarás iomaíochta an toiliú sin a lorg a mhéid a cheadaítear leis an dlí náisiúnta is infheidhme an fhaisnéis sin a chomhroinnt gan toiliú.
3.Aon fhaisnéis a chomhroinntear faoin gComhaontú seo agus an fíoras go bhfuil iarraidh ar chomhroinnt faisnéise seolta, faighte nó freagra tugtha uirthi, chomh maith le comhar a bheith ann de bhun an Chomhaontaithe seo, féadfar na nithe sin a nochtadh i measc údaráis iomaíochta an Aontais a mhéid atá nochtadh den sórt sin dleathach faoin dlí náisiúnta is infheidhme maidir leo. Féadfaidh an Coimisiún Eorpach faisnéis a nochtadh freisin arna tarchur ag údarás iomaíochta na Ríochta Aontaithe faoin gComhaontú seo chuig Údarás Faireacháin CSTE chun oibleagáidí an Choimisiúin Eorpaigh faoi Airteagail 6 agus 7 de Phrótacal 23 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch an 2 Márta 1992 a bhaineann leis an gcomhar idir na húdaráis faireachais a chur chun cinn.
4.Ní fhéadfar faisnéis a chomhroinntear faoin gComhaontú seo a nochtadh a thuilleadh d’údaráis náisiúnta eile nó d’údaráis dlí iomaíochta tríú tíortha ach amháin le formheas i scríbhinn roimh ré ón údarás iomaíochta a tharchuir an fhaisnéis an chéad uair, formheas maidir le nochtadh na faisnéise lena mbaineann don údarás sonrach lena mbaineann. Ní fhéadfar aon fhaisnéis a chomhroinntear faoin gComhaontú seo a nochtadh a thuilleadh d’údarás i dtríú tír nach údarás dlí iomaíochta í.
5.Níl sé d’oibleagáid ar aon údarás iomaíochta faisnéis a chomhroinnt de bhun an Chomhaontaithe seo. Faoi réir an dlí náisiúnta is infheidhme, tá cead ag gach údarás iomaíochta go fóill aon fhaisnéis atá le comhroinnt a roghnú.
6.Ní fhéadfar sonraí pearsanta a chomhroinnt faoin gComhaontú seo ach amháin má bhí nó má tá na húdaráis iomaíochta tarchuir agus is faighteoirí ag déanamh imscrúdú ar an ábhar a bhfuarthas na sonraí pearsanta ina leith ar dtús, nó má tá sé beartaithe acu imscrúdú a dhéanamh air.
Airteagal 7 – Úsáid faisnéise comhroinnte
1.Gan dochar d’Airteagal 6(4), ní úsáidfear faisnéis a chomhroinntear faoin gComhaontú seo ach amháin chun dlíthe iomaíochta a fhorfheidhmiú. Faisnéis, seachas faisnéis atá ar fáil go poiblí, a nochtar d’Údarás Faireacháin CSTE de bhun Airteagal 6(3), ní úsáidfear í chun aon chríche seachas chun dlíthe iomaíochta an Aontais a fhorfheidhmiú ag an gCoimisiún Eorpach.
2.D’ainneoin mhír 1, féadfaidh údaráis iomaíochta, le toiliú an údaráis iomaíochta tarchuir, úsáid a bhaint as faisnéis arna comhroinnt faoin gComhaontú seo chun críoch seachas dlíthe iomaíochta a fhorfheidhmiú má tá an úsáid sin i gcomhréir le téarmaí an toilithe sin.
3.Ní fhéadfaidh na húdaráis iomaíochta is faighteoirí faisnéis a chomhroinntear faoin gComhaontú seo a úsáid i bhfianaise ach amháin chun dlíthe iomaíochta a fhorfheidhmiú maidir leis an ábhar ar ina leith a fuair an t‑údarás iomaíochta tarchuir an fhaisnéis sin ar dtús.
4.Ní fhéadfar faisnéis a tharchuirtear faoin gComhaontú seo a úsáid i bhfianaise chun smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine nádúrtha ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)i dtaca leis an dlí is infheidhme maidir leis an údarás iomaíochta a fuair an fhaisnéis ar dtús, go ndéantar foráil leis maidir le smachtbhannaí den chineál céanna i ndáil le sárú ar dhlíthe iomaíochta,
nó, in éagmais smachtbhannaí den sórt sin,
(b)go bhfuarthas an fhaisnéis lena mbaineann ar dtús ar bhealach a urramaíonn an leibhéal céanna cosanta do chearta cosanta daoine nádúrtha dá bhforáiltear faoi rialacha an údaráis is faighteoir, ar choinníoll nach n-úsáideann an t‑údarás is faighteoir an fhaisnéis lena mbaineann chun smachtbhannaí coimeádta a fhorchur.
5.Féadfaidh údarás iomaíochta tarchuir téarmaí agus coinníollacha a shonrú faoina bhféadfar an fhaisnéis a tharchuirtear a úsáid. Ní úsáidfidh údarás iomaíochta is faighteoir an fhaisnéis sin ar bhealach atá contrártha leis na téarmaí agus na coinníollacha sin gan toiliú sainráite i scríbhinn a fháil roimh ré ón údarás iomaíochta tarchuir.
Airteagal 8 – Rúndacht
1.Coinneoidh údarás iomaíochta aon fhaisnéis neamhphoiblí a chomhroinntear faoin gComhaontú seo faoi rún, lena n-áirítear, mura gcomhaontóidh an t‑údarás iomaíochta tarchuir a mhalairt, gur ann d’iarraidh ar chomhroinnt faisnéise.
2.Má iarrtar nó má cheanglaítear nochtadh faoin dlí náisiúnta is infheidhme maidir le húdarás iomaíochta a fhaigheann faisnéis a tharchuirtear faoin gComhaontú seo, cuirfidh an t‑údarás iomaíochta sin an t‑údarás iomaíochta tarchuir ar an eolas go pras agus, i ndlúthchomhar leis an údarás sin, déanfaidh sé bearta chun aon nochtadh faisnéise a chomhroinntear faoin gComhaontú seo a theorannú don mhéid is gá chun an dlí náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh, chun a áirithiú go gcosnófar rúndacht a mhéid is féidir faoin dlí náisiúnta sin.
3.Ní chuireann aon ní san Airteagal seo cosc ar aon fhaisnéis a nochtadh más rud é gur nochtadh an fhaisnéis sin don phobal tráth níos luaithe in imthosca nach sáraíonn an Comhaontú seo.
Airteagal 9 – Úsáid de thaisme nó nochtadh de thaisme
Maidir le húdarás iomaíochta a fhaigheann faisnéis a chomhroinntear faoin gComhaontú seo, má fhaigheann sé amach gur úsáideadh nó gur nochtadh an fhaisnéis sin de thaisme ar bhealach atá contrártha leis an gComhaontú seo, cuirfidh sé an t‑údarás iomaíochta tarchuir ar an eolas go pras. Na húdaráis iomaíochta a bhfuil baint acu leis an bhfaisnéis sin a chomhroinnt, pléifidh siad céimeanna iomchuí go pras chun aon díobháil a eascraíonn as úsáid nó nochtadh den sórt sin a íoslaghdú, agus an riosca sonrach do na gnóthais nó do na daoine nádúrtha lena mbaineann agus cineál an riosca sin á gcur san áireamh.
Airteagal 10 – Idirphlé ar ábhair theicniúla a bhaineann le feidhmiú an Chomhaontaithe
Féadfaidh an Coimisiún Eorpach agus an tÚdarás Iomaíochta agus Margaí idirphlé a lorg le chéile chun ábhair theicniúla a bhaineann le feidhmiú an Chomhaontaithe seo a phlé. Féadfaidh an Coimisiún Eorpach aon idirphlé den sórt sin a leathnú chun ceann amháin nó níos mó de na húdaráis iomaíochta náisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn a chur san áireamh.
Airteagal 11 – Athbhreithniú
Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus arna iarraidh sin do cheachtar Comhpháirtí, tionscnóidh na Comhpháirtithe athbhreithniú comhpháirteach ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo d’fhonn a gcomhar a fhorbairt a thuilleadh i gcur i bhfeidhm a ndlíthe iomaíochta.
Airteagal 12 – An dlí atá ann cheana
Ní cheanglófar le haon ní sa Chomhaontú seo athrú ar an dlí náisiúnta atá ann cheana, ná ní cheanglófar ar údarás iomaíochta aon ghníomhaíocht a dhéanamh atá ar neamhréir leis an dlí náisiúnta atá ann cheana, ná ní chuirfidh sé cosc ar údarás iomaíochta aon ghníomhaíocht a dhéanamh a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta atá ann cheana.
Airteagal 13 – Cumarsáid faoin gComhaontú seo
1.Féadfar cumarsáid faoin gComhaontú seo a dhéanamh trí mhodhanna simplí, amhail ríomhphost, mura gcomhaontaíonn na húdaráis iomaíochta lena mbaineann a mhalairt ag féachaint, go háirithe, don ghá a d’fhéadfadh a bheith ann modhanna níos sláine a úsáid chun faisnéis a chomhroinnt.
2.Déanfar aon iarraidh ar athbhreithniú faoi Airteagal 11 i scríbhinn trí bhealaí taidhleoireachta idir na Páirtithe.
Airteagal 14 – Forálacha críochnaitheacha
1.Formheasfaidh gach Comhpháirtí an Comhaontú seo i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh gach Comhpháirtí fógra dá chéile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta lena mbaineann.
2.Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis na míosa ar lena linn a bheidh an fógra deiridh dá bhforáiltear i mír 1 tugtha.'
3.Fanfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm go dtí 60 lá tar éis an dáta a thabharfaidh ceachtar Comhpháirtí fógra i scríbhinn don Pháirtí eile gur mian leis an Comhaontú seo a fhoirceannadh.
4.Níl an Comhaontú seo faoi réir réiteach díospóidí faoi Theideal I de Chuid a Sé den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
5.De bhun Airteagal 779 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, déantar an Comhaontú seo a fhoirceannadh tráth fhoirceannadh an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair.
6.Tar éis foirceannadh, leanfar den fhaisnéis uile a chomhroinntear faoin gComhaontú seo a chosaint i gcomhréir leis an gcosaint agus leis na coimircí a leagtar amach in Airteagail 6 go 9.
Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos‑sínithe, ar iad a bheith údaraithe go cuí, a lámh leis an gComhaontú seo.
ARNA DHÉANAMH ag/in/i [suíomh] i ndúblach, sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris, agus comhúdarás ag gach téacs.
THAR CEANN AN AONTAIS EORPAIGH:
THAR CEANN RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE
AGUS TUAISCEART ÉIREANN:
Iarscríbhinn
|
Ballstát an Aontais
|
Údarás
|
|
An Bheilg
|
Údarás Iomaíochta na Beilge
Belgische Mededingingsautoriteit / Autorité belge de la Concurrence
|
|
An Bhulgáir
|
An Coimisiún um Chosaint na Iomaíochta
Комисия за защита на конкуренцията
|
|
An tSeicia
|
An Oifig um Chosaint na hIomaíochta:
Úřad pro ochranu hospodářské soutěže
|
|
An Danmhairg
|
Údarás Iomaíochta agus Tomhaltóirí na Danmhairge
Konkurrence- og Forbrugerstyrelsen
|
|
An Ghearmáin
|
Údarás Iomaíochta na Gearmáine
Bundeskartellamt
|
|
An Eastóin
|
Údarás Iomaíochta na hEastóine
Konkurentsiamet
|
|
Éire
|
An Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí
Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí
|
|
An Ghréig
|
An Coimisiún Heilléanach um Iomaíocht
Επιτροπή Ανταγωνισμού
|
|
An Spáinn
|
An Coimisiún Náisiúnta um Margaí agus Iomaíocht
Comisión Nacional de los Mercados y la Competencia
|
|
An Fhrainc
|
Údarás Iomaíochta na Fraince
Autorité de la Concurrence
|
|
An Chróit
|
Gníomhaireacht Iomaíochta na Cróite
Agencija za zaštitu tržišnog natjecanja
|
|
An Iodáil
|
Údarás Iomaíochta na hIodáile
Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato
|
|
An Chipir
|
An Coimisiún um Chosaint na hIomaíochta
Επιτροπή Προστασίας του Ανταγωνισμού
|
|
An Laitvia
|
An Chomhairle Iomaíochta
Konkurences padome
|
|
An Liotuáin
|
Comhairle Iomaíochta Phoblacht na Liotuáine
Lietuvos Respublikos konkurencijos taryba
|
|
Lucsamburg
|
Údarás Iomaíochta Lucsamburg
Autorité de la Concurrence
|
|
An Ungáir
|
Údarás Iomaíochta na hUngáire
Gazdasági Versenyhivatal
|
|
Málta
|
Údarás Gnóthaí Iomaíochta agus Tomhaltóirí Málta
Awtorita ta' Malta għall-Kompetizzjoni u għall-Affarijet tal-Konsumatur
|
|
An Ísiltír
|
An tÚdarás um Thomhaltóirí agus Margaí
Autoriteit Consument en Markt
|
|
An Ostair
|
Údarás Iomaíochta na hOstaire
Bundeswettbewerbsbehörde
|
|
An Pholainn
|
An Oifig um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí
Urzad Ochrony Konkurencji i Konsumentów
|
|
An Phortaingéil
|
Údarás Iomaíochta na Portaingéile
Autoridade da Concorrência
|
|
An Rómáin
|
Comhairle Iomaíochta na Rómáine
Consiliul Concurenţei
|
|
An tSlóivéin
|
Gníomhaireacht na Slóivéine um Chosaint Iomaíochta
Javna Agencija Republike Slovenije za Varstvo Konkurence
|
|
An tSlóvaic
|
Oifig Frithmhonaplachta Phoblacht na Slóvaice
Protimonopolný úrad Slovenskej republiky
|
|
An Fhionlainn
|
Údarás Iomaíochta agus Tomhaltóirí na Fionlainne
Kilpailu- ja kuluttajavirasto
|
|
An tSualainn
|
Údarás Iomaíochta na Sualainne
Konkurrensverket
|