Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025AE0980

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí atreisiú an tionscail cosanta Eorpaigh (COM(2025) 122 final)

EESC 2025/00980

IO C, C/2025/5156, 28.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5156/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5156/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5156

28.10.2025

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí atreisiú an tionscail cosanta Eorpaigh

(COM(2025) 122 final)

(C/2025/5156)

Rapóirtéir:

Maurizio MENSI

Comhrapóirtéir:

Jan PIE

Comhairleoirí

DAL FERRO Alberto (comhairleoir don rapóirtéir, Grúpa III)

THEODOSOPOULOS Vassilis (comhairleoir don chomhrapóirtéir, catagóir 1)

Comhairliúchán

CE, 13.5.2025

Bunús dlí

(Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Doiciméid an Choimisiúin Eorpaigh

COM(2025) 122 final

Na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SFInna) lena mbaineann

SFI 9 — Tionsclaíocht, nuálaíocht, agus bonneagar

SFI 16 — Síocháin, ceartas agus institiúidí láidre

An rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)

Dáta a glactha sa rannóg

10.7.2025

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

16.7.2025

Seisiún iomlánach Uimh.

598

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

180/5/7

1.   MOLTAÍ

Seo seasamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)

1.1

Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór cur chun feidhme na hionstraime um ‘Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip’ (ionstraim SAFE) a bheith bunaithe ar na prionsabail a chumhdaítear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, trínar cheart don Aontas Eorpach rannchuidiú freisin leis an tsíocháin, an tslándáil agus cosaint a shaoránach a chur chun cinn, chomh maith le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a urramú.

1.2

Cuireann CESE i dtábhacht gur cheart d’ionstraim SAFE rannchuidiú le hinfheistíocht a mhéadú i mbonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí agus le spleáchais a laghdú, chun saoirse gníomhaíochta agus slándáil soláthair na hEorpa sa réimse sin a threisiú.

1.3

Molann CESE do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint go práinneach as ionstraim SAFE, agus sin a dhéanamh ar bhealach comhordaithe agus i gcomhréir lena staideanna airgeadais faoi seach, go háirithe ó tharla coinníollacha tarraingteacha maoiniúcháin agus éascuithe a bheith ag gabháil léi. De bhreis air sin, d’fhéadfadh infheistíochtaí faoi ionstraim SAFE (e.g. don tsoghluaisteacht mhíleata) rannchuidiú freisin le hiomaíochas agus le cuspóirí sibhialtacha a bhaint amach.

1.4

Cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhíriú ar na príomhriachtanais chumais arna sainaithint ag na Ballstáit, laistigh de chreat an Aontais, agus an infheistíocht sin a dhíriú chuig bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí.

1.5

Cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha na mBallstát agus, ag an am céanna, ullmhacht cosanta an Aontais agus iomaíochas bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí a threisiú agus saoirse gníomhaíochta na mBallstát amach anseo a chosaint.

1.6

Tacaíonn CESE go láidir le prionsabal na tosaíochta Eorpaí a chur i bhfeidhm go docht agus ionstraim SAFE á cur chun feidhme (e.g. i gcás ró-shuibscríofa). Is prionsabal é sin lena mbaineann ceanglas gurb ón Aontas a thiocfadh leibhéal suntasach de na comhpháirteanna agus, i gcás táirgí casta (catagóir 2), go mbeadh sé in ann cinneadh a dhéanamh, gan srianta arna bhforchur ag tríú tíortha, maidir le sainiú, oiriúnú agus forbairt dhearadh na dtáirgí (prionsabal an ‘údaráis deartha’). Molann sé freisin, i gcás táirgí nach bhfuil chomh casta céanna (catagóir 1), agus a mhéid a bhaineann le saincheist an údaráis deartha, go gcuirfí dreasachtaí ar fáil chun táirgí a sholáthar a bhfuil an t-údarás sin san Eoraip ina leith.

1.7

Is oth le CESE nach n-áirítear diúracáin, cosaint an bhonneagair chriticiúil agus cibearchúrsaí mar tháirgí chatagóir 2, ar cheart an t-údarás deartha a bheith san Eoraip ina leith.

1.8

Cuireann CESE i bhfáth nach mór rannpháirtíocht in ionstraim SAFE a oscailt do na tíortha sin nach bhfuil san Aontas agus dá dtionscail faoi seach (lasmuigh den Úcráin agus de thíortha CSTE LEE) más comhpháirtithe iad atá ar aon intinn leis an Aontas agus a bhfuil ‘comhpháirtíocht slándála agus chosanta’ sínithe acu leis an Aontas agus do na tíortha sin amháin, agus nár cheart do rannpháirtíocht ó aon tionscail tríú tíortha an bonn a bhaint de phríomhchuspóir na hionstraime, i.e. bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí a neartú agus spleáchais ar sholáthróirí neamh-Eorpacha a laghdú.

1.9

Is díol sásaimh do CESE cuimsiú na hIorua agus na hÚcráine araon agus a dtionscal faoi seach, i bprionsabal, i soláthairtí comhoibríocha faoi ionstraim SAFE. Is cúis áthais dó freisin síniú na Comhpháirtíochta Slándála agus Cosanta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, rud a cheadóidh don Ríocht Aontaithe a bheith páirteach i soláthar comhoibríoch faoi ionstraim SAFE.

1.10

Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart d’ionstraim SAFE a bheith ina túsphointe chun acmhainní breise a chur ar fáil agus iarrann sé ar na Ballstáit gníomhú go práinneach i ndáil leis sin.

2.   NÓTAÍ MÍNIÚCHÁIN

Argóintí ar son Mholadh 1.1

2.1.

Is iad an tsíocháin agus an tslándáil na bunchlocha a chuireann ar chumas an Aontais seasamh lena chroíluachanna, mar atá an tsaoirse, an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta agus cobhsaíocht, rathúnas agus dea-bhail a chuid saoránach á n-áirithiú san am céanna. Dá n-uireasa sin, ní fhéadfaí dul chun cinn ar bith a dhéanamh i dtaca le ceartas, an fhorbairt eacnamaíoch agus an comhtháthú sóisialta.

2.2.

Sa lá atá inniu ann, tá an tAontas ag déileáil le tírdhreach geopholaitiúil atá lagaithe go mór toisc go bhfuil ollstruchtúr slándála na mór-roinne i mbaol agus go bhfuil na leochaileachtaí sa struchtúr cosanta i bhfad níos sofheicthe mar gheall ar chogadh na Rúise san Úcráin. Ag an am céanna, tá dlús á chur ag na Stáit Aontaithe leis an bpróiseas straitéiseach imeacht ó na gealltanais thraidisiúnta thrasatlantacha, rud a chuirfidh iallach ar náisiúin na hEorpa athmhachnamh a dhéanamh ar a spleáiche atá siad ar cheannaireacht na Stát Aontaithe agus dlús a chur leis na hiarrachtaí chun neamhspleáchas straitéiseach níos fearr a bhaint amach.

2.3.

I bhfianaise an mhéid sin, ní mór do thionscnaimh an Aontais maidir leis an tionscal cosanta acmhainneacht an Aontais agus na mBallstát a neartú go práinneach chun an tsíocháin agus an tslándáil a chosaint. Ag an am céanna, ba cheart do thionscnaimh den sórt sin míleatú a sheachaint agus a bheith mar chuid de chur chuige iomlánaíoch maidir leis an tslándáil agus an athléimneacht lena gcomhtháthaítear gnéithe tionsclaíocha, teicneolaíocha agus sochaíocha mar aon le hacmhainneacht mhíleata.

Argóintí ar son Mholadh 1.2

2.4.

Cuireadh tús leis an tuairim seo ó CCMI go gairid tar éis an rialachán atá beartaithe maidir le hionstraim SAFE a tharchur chuig CESE. Tráth a tugadh an dréacht chun críche, bhí an Rialachán glactha cheana féin ag an gComhairle. Dá réir sin, tá fócas na tuairime bogtha i dtreo na chéad chéimeanna eile i gcur chun feidhme ionstraim SAFE. Tuigtear gurb é atá i gceist leis sin léiriú spéise ó na Ballstáit maidir le tairbhe a bhaint as iasachtaí faoi ionstraim SAFE (faoi dheireadh mhí Iúil 2025), iarrataí na mBallstát ar chúnamh airgeadais agus pleananna infheistíochta faoi seach a chur isteach (faoi dheireadh mhí na Samhna 2025) agus measúnú a dhéanamh orthu, comhaontuithe iasachta a shíniú, agus na hiasachtaí a eisíoc (faoi dheireadh mhí na Nollag 2030).

2.5.

Mar chuid de phacáiste Ullmhachta Cosanta 2030, ba cheart gurb é feabhsú ullmhacht cosanta an Aontais agus a Bhallstát cuspóir uileghabhálach ionstraim SAFE. Chuige sin, ní mór slándáil an tsoláthair agus saoirse gníomhaíochta a neartú, i.e. an cumas an trealamh a theastaíonn ó fhórsaí armtha na hEorpa a sholáthar go hiontaofa, go háirithe le linn cogaidh, agus a áirithiú ag an am céanna gur féidir an trealamh sin a úsáid go hiomlán de réir mar is gá.

2.6.

Ní féidir ullmhacht cosanta a theorannú do threalamh áirithe a bheith ina seilbh. Thar aon ní eile, éilíonn sé freisin an cumas trealamh den sórt sin a chothabháil, a dheisiú agus, in aimsir coinbhleachta, a tháirgeadh/a athsholáthar ar méid agus ar luas; an cumas agus an tsaoirse chun é a mhodhnú agus a uasghrádú, de réir mar is gá; agus an tsaoirse chun é a úsáid agus, nuair is iomchuí, é a aistriú chuig comhghuaillithe agus comhpháirtithe gan srianta míchuí. Ní féidir an cumas agus an tsaoirse sin a áirithiú ach amháin le tionscal cosanta dúchasach atá láidir agus nuálach, tionscal atá in ann réimse iomlán na dtáirgí riachtanacha a fhorbairt, a mhonarú agus a chothú.

2.7.

Dá bhrí sin, chun ullmhacht cosanta san Aontas a fheabhsú, ní mór d’Ionstraim SAFE tuilleadh infheistíochta a chothú i mbonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí. San am céanna ní mór di cuidiú le spleáchais ar sholáthróirí ó thríú tíortha a laghdú más rud é nach mbeidís in ann fórsaí armtha na hEorpa a sholáthar go hiontaofa, nó nach mbeidís toilteanach é sin a dhéanamh ach amháin ar théarmaí a dhéanfadh dochar do leasanna na hEorpa.

Argóintí ar son Mholadh 1.3

2.8.

Leag an Chomhairle Eorpach béim ar a riachtanaí atá sé go leanfaí de mhéadú suntasach a dhéanamh ar an gcaiteachas ar an tslándáil agus ar chosaint na hEorpa. Mar sin féin, tá srianta fioscacha ar roinnt Ballstát a chuireann teorainn lena gcumas an méid sin a dhéanamh. San am céanna, cuireann costais iasachtaíochta ardaithe agus mhíchothroma le castacht an scéil agus tá an baol ann go dtreiseofar éagothromaíochtaí struchtúracha san ullmhacht cosanta ar fud an Aontais mar gheall air sin.

2.9.

I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart do na Ballstáit lántairbhe a bhaint go práinneach as ionstraim SAFE. Leis na coinníollacha tarraingteacha maoiniúcháin agus na héascuithe a ghabhann léi, cuireann an ionstraim sásra ar fáil chun tacú leis na Ballstáit, go háirithe iad siúd a bhfuil spás fioscach níos teoranta acu, agus iad ag dul i mbun soláthar comhpháirteach cosanta. D’fhéadfadh an méid sin cur le rannchuidiú comhroinnte a mhéid a bhaineann le cumais chosanta na hEorpa, agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach na n-infheistíochtaí cosanta á háirithiú san am céanna. Ag an am céanna, ba cheart a chur i bhfios go láidir gur féidir le hinfheistíochtaí i réimsí cumais ainmnithe áirithe rannchuidiú freisin le cuspóirí sibhialta a bhaint amach (e.g. is féidir infheistíochtaí i mbonneagar iompair dé-úsáide agus i sócmhainní i réimse na soghluaisteachta míleata a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an tsoghluaisteacht trasteorann go ginearálta).

Argóintí ar son Mholadh 1.4

2.10.

Má dhírítear infheistíocht chosanta san Aontas ar na príomhriachtanais chumais arna sainaithint go comhpháirteach ag na Ballstáit, áiritheofar go leithdháilfear acmhainní tearca ar bhealach comhleanúnach, comhsheasmhach agus gan dúbailt agus neamhéifeachtúlachtaí míchuí chun aghaidh a thabhairt ar na comhriachtanais slándála agus na tosaíochtaí straitéiseacha is práinní.

2.11.

Cruthófar tairbhí suntasacha do rialtais, d’fhórsaí armtha agus do shochaithe na hEorpa, lena n-áirítear sa mheántéarma, ach an infheistíocht sin a chur i dtreo bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí. Go háirithe, cuirfidh sé le hiomaíochas, táirgeadh agus acmhainneacht nuálaíochta bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí, agus, ar an gcaoi sin, cuirfear feabhas ar shlándáil an tsoláthair, ar neamhspleáchas teicneolaíoch agus ar shaoirse gníomhaíochta. Rannchuideoidh sé freisin le cúrsaí fostaíochta, scileanna agus ioncam cánach.

Argóintí ar son Mholadh 1.5

2.12.

De dheasca na mblianta fada de thearcinfheistíocht sa chosaint, d’fhéadfadh sé nach mbeadh bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí in ann freastal go hiomlán ar riachtanais uile fhórsaí armtha na hEorpa ar an luas nó ar an méid is gá. I bhfianaise a phráinní atá sé an acmhainneacht chosanta a neartú san Aontas agus leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin ag an am céanna, d’fhéadfadh sé gur ghá cuid den ábhar atá ag teastáil a fháil thar lear sa ghearrthéarma.

2.13.

Níor cheart, áfach, dochar a dhéanamh don chuspóir comhaontaithe, is é sin ullmhacht bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí agus saoirse gníomhaíochta na hEorpa a threisiú san fhadtéarma, trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais ghearrthéarmacha. B’amhlaidh an cás go háirithe dá bhfaighfí táirgí ardfhorbartha casta (catagóir 2) thar lear, mar gheall ar a dtábhacht straitéiseach, a sofaisticiúlacht theicneolaíoch, agus a saol fada inseirbhíse. Nuair a dhéantar idirdhealú idir táirgí den sórt sin ar thaobh amháin, agus tomhaltáin nó táirgí nach bhfuil chomh casta céanna (catagóir 1) ar an taobh eile, agus nuair a chuirtear na critéir incháilitheachta in oiriúint do gach catagóir, is féidir cothromaíocht a bhaint amach idir an dá riachtanas.

Argóintí ar son Mholadh 1.6

2.14.

Chun a áirithiú go ndéanfar infheistíochtaí faoi ionstraim SAFE a dhíriú, a mhéid is féidir, ar bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí, tá sé ríthábhachtach prionsabal na tosaíochta Eorpaí atá leabaithe sa rialachán a chur i bhfeidhm go docht. Baineann sin ní hamháin leis na cuideachtaí (suíomh agus rialú) ach leis na táirgí a sholáthraítear freisin.

2.15.

Maidir leis na táirgí, is méid suntasach ábhair de dhéantús an Aontais atá mar cheanglas íosta, chun a áirithiú gur de thionscnamh bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí é sciar suntasach den luach foriomlán.

2.16.

I gcás táirgí de chatagóir 2, i bhfianaise a gcineáil straitéisigh, tá sé fíor-riachtanach go mbeadh an t-údarás deartha Eorpach mar cheanglas breise, i.e. an cumas cinneadh a dhéanamh, gan srianta arna bhforchur ag tríú tíortha nó ag eintitis tríú tír, maidir le sainiú, oiriúnú nó forbairt dhearadh an táirge. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin más uainn a áirithiú go mbeidh sé de cheart ag monaróirí Eorpacha, más gá, comhpháirteanna tríú tíortha a ionadú a d’fhéadfadh srian a chur ar shaoirse úsáideoirí Eorpacha a dtrealamh a oibriú nó a aistriú de réir mar is gá dóibh.

2.17.

A mhéid a bhaineann le táirgí de chatagóir 1, is fearr is féidir leis na Ballstáit freastal ar éileamh práinneach mura bhfuil ceanglas orthu maidir le húdarás deartha. Ag an am céanna, ba cheart gach iarracht a dhéanamh táirgí a sholáthar a bhfuil an t-údarás deartha ina leith faoi smacht na hEorpa. Is oth le CESE nach gcuireann ionstraim SAFE dreasachtaí ar fáil, amhail coinníollacha maoiniúcháin feabhsaithe, chun iarrachtaí den sórt sin a spreagadh.

Argóintí ar son Mholadh 1.7

2.18.

Cumas míleata criticiúil, a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis, atá i ndiúracáin, mar is léir ón gcogadh leanúnach san Úcráin. Baineann cosaint bonneagair chriticiúil agus cibir-réitigh le táirgí casta neamh-intomhalta atá ríthábhachtach do shlándáil agus d’athléimneacht bonneagar, córas agus sonraí míleata agus sibhialtacha. Dá bhrí sin, tá siad ríthábhachtach do chobhsaíocht agus d’athléimneacht ár sochaithe, ár ngeilleagar agus ár n-institiúidí, agus chun gníomhaíocht mhíleata éifeachtach a chumasú i ngach réimse. Dá réir sin, bhí sé de cheart iad a aicmiú faoi chatagóir 2, ionas go mbeadh an t-údarás deartha le haghaidh na dtáirgí sin san Eoraip freisin. Ar an gcaoi sin, bheifí in ann iad a oiriúnú de réir riachtanais agus teicneolaíochtaí atá ag athrú agus chun comhpháirteanna fadhbacha tríú tír a ionadú más gá.

Argóintí ar son Mholadh 1.8

2.19.

Is díol sásaimh do CESE an tsolúbthacht maidir le líon agus catagóirí na dtíortha rannpháirteacha sa soláthar comhoibríoch, chomh maith leis an oscailteacht i leith tríú tíortha. Is féidir leis an gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis an Aontas a bheith tairbheach don dá thaobh, ós rud é gur féidir leis rannchuidiú le comhiomlánú an éilimh, le hidir-inoibritheacht, le barainneacht scála agus le hinfheistíocht i mbonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí.

2.20.

San am céanna, níor cheart ach do thíortha nach sáraíonn leasanna cosanta agus slándála an Aontais nó a Bhallstát, agus atá ailínithe go dlúth le luachanna an Aontais agus lena chomhbheartas eachtrach, slándála agus cosanta, tairbhe a bhaint as páirt a ghlacadh sa tionscnamh seo.

2.21.

Cé gur féidir le rannpháirtíocht tríú tíortha atá ar aon intinn leis an Aontas sa soláthar comhpháirteach a bheith tairbheach má tá sé i gcomhréir le leasanna slándála an Aontais agus a Bhallstát, d’fhéadfadh rannpháirtíocht thionscail na dtíortha sin i ngníomhaíochtaí arna gcistiú ag ionstraim SAFE an bonn a bhaint d’iomaíochas bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí, agus, dá bhrí sin, de phríomhchuspóir na hionstraime, mura ndéantar í a bhainistiú go cúramach. Dá réir sin, ba cheart rannpháirtíocht thionsclaíoch tríú tíortha a struchtúrú ar bhealach lena gcosnaítear leasanna tionsclaíocha na hEorpa.

Argóintí ar son Mholadh 1.9

2.22.

Is comhpháirtí straitéiseach de chuid an Aontais í an Iorua, i bhfianaise a gaireachta geografaí, a tionscail ardchosanta, agus a tiomantais chomhroinnte do shlándáil na hEorpa. Is comhpháirtí iomlán í cheana féin i gcláir chosanta an Aontais agus rannchuidíonn sí leo. Tír is iarrthóir ar aontachas is ea an Úcráin a bhfuil dlúthnasc idir slándáil a tíre siúd agus slándáil an Aontais, tír a leanfaidh de bheith ar thúslíne na cosanta Eorpaí go ceann i bhfad. A bhuí le tionscal cosanta na hÚcráine atá athléimneach agus nuálach, is féidir rannchuidiú go mór freisin le hiomaíochas agus ullmhacht cosanta na hEorpa. Dá bhrí sin, tá tábhacht straitéiseach le rannpháirtíocht an dá thír agus a dtionscal faoi seach, mar réamhshocrú, sna soláthairtí comhoibríocha faoi ionstraim SAFE.

2.23.

Tá stair, luachanna agus institiúidí daonlathacha comhchosúla ag an Aontas agus an Ríocht Aontaithe, agus tá a leasanna slándála agus geopholaitiúla nasctha go dlúth. De réir mar a ghlacann an Eoraip freagracht as a cosaint féin, beidh ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe dul i gcomhar le chéile chun a n-aidhmeanna comhroinnte a bhaint amach. Áirítear leis sin bonn tionsclaíoch cosanta a thógáil a bheidh in ann réimse iomlán na gcumas a fhorbairt agus a tháirgeadh agus spleáchas ar na Stáit Aontaithe a laghdú san am céanna. Leis an gComhpháirtíocht Slándála agus Cosanta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a síníodh le déanaí, is féidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith páirteach i soláthar comhoibríoch faoi ionstraim SAFE agus tairbhí suntasacha frithpháirteacha a ghiniúint ó thaobh maoinithe, comhiomlánaithe éilimh agus idir-inoibritheachta de.

Argóintí ar son Mholadh 1.10

2.24.

Cé go bhfuil buiséad suntasach ag ionstraim SAFE, meastar go bhfuil i bhfad níos mó ag teastáil le haghaidh riachtanais ullmhachta an Aontais agus a Bhallstát. I bhfianaise na timpeallachta slándála díobhálaí, is ábhar práinne é aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin, go háirithe i gcás na mBallstát atá neamhchosanta go díreach ar bhagairtí míleata. Dá réir sin, is dócha go mbeidh gá le tuilleadh gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais i ndáil leis sin.

2.25.

Chun dlúthpháirtíocht na hEorpa a chur chun cinn agus chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht a áirithiú maidir le leithdháileadh na n-acmhainní tearca nach mór dóibh tacú le cuspóirí éagsúla uile an Aontais, ba cheart acmhainní breise a shlógtar ar leibhéal an Aontais i réimse na cosanta a fhorbairt ag tógáil ar chur chuige ionstraim SAFE agus ar na prionsabail maidir le hinfheistiú le chéile agus san Eoraip chun freastal ar na riachtanais chomhroinnte. I gcás tionscnaimh a bheidh ann amach anseo, ba cheart machnamh a dhéanamh freisin ar an bhféidearthacht cistiú a fháil trí bhíthin deontas, i gcás inarb iomchuí sin.

An Bhruiséil, an 16 Iúil 2025.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5156/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top