Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AP0317

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2022 maidir leis an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (COM(2021)0557 – C9-0329/2021 – 2021/0218(COD)) [Leasú 1, mura léirítear a mhalairt]

IO C 125, 5.4.2023, pp. 398–461 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 125, 5.4.2023, pp. 375–438 (GA)

5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/375


P9_TA(2022)0317

An Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite ***I

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2022 maidir leis an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (COM(2021)0557 – C9-0329/2021 – 2021/0218(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

[Leasú 1, mura léirítear a mhalairt]

(2023/C 125/26)

LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA (*1)

ar an togra ón gCoimisiún

2021/0218 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle


Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaítear leis an gComhaontú Glas don Eoraip (4) an cuspóir Aontas aeráidneodrach a bhaint amach in 2050 ar bhealach a chuirfidh le geilleagar na hEorpa, le fás agus le poist a chruthú. Leis an gcuspóir sin a bhaint amach, agus an cuspóir de ▌laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 mar a leagtar amach i  Rialachán (AE) 2021/1119 (an Dlí Aeráide Eorpach) , tá gá le haistriú fuinnimh agus le sciar i bhfad níos airde d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite i gcóras fuinnimh comhtháite.

(1a)

Leis an aistriú fuinnimh, déantar difear do Bhallstáit, réigiúin, earnálacha eacnamaíocha agus saoránaigh ar bhealaí éagsúla agus ag brath ar a staid ar leith. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú go gcuirfear an Comhaontú Glas chun feidhme ar bhealach lena gcuirfear comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach chun cinn san Aontas agus go mbeidh an t-aistriú fuinnimh cóir agus cuimsitheach. Go háirithe, ní mór a áirithiú go seachnófar suaitheadh in earnálacha ríthábhachtacha a chomhlíonann bunriachtanais an gheilleagair agus na sochaí, amhail an tsoghluaisteacht.

(1b)

Is toisc bhunriachtanach táirgeachta é an fuinneamh a bhfuil éileamh leanúnach air agus atá ríthábhachtach ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de. Braitheann gach gníomhaíocht dhaonna, lena n-áirítear iompar, ar fhuinneamh leordhóthanach agus inacmhainne a bheith ar fáil nuair is gá.

(1c)

I gClár Gníomhaíochta Comhshaoil Ginearálta an Aontais go dtí 2030 (an 8ú CGC) leagtar amach cuspóirí tosaíochta téamacha do 2030 i réimsí an mhaolaithe ar an athrú aeráide, an oiriúnaithe don athrú aeráide, an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú, geilleagar ciorclach neamhthocsaineach, comhshaol truaillithe nialasaigh agus íoslaghdú a dhéanamh ar bhrúnna comhshaoil ó tháirgeadh agus ó thomhaltas ar fud earnálacha uile an gheilleagair agus aithnítear go bhfuil na cuspóirí sin, lena dtugtar aghaidh ar thiománaithe agus ar thionchair an damáiste don chomhshaol araon, idirnasctha go bunúsach. Tá sé mar chuspóir tosaíochta fadtéarmach freisin ag an 8ú CGC gurb amhlaidh, faoi 2050 ar a dhéanaí, a bheidh daoine ag maireachtáil go maith, laistigh de na teorainneacha pláinéadacha i ngeilleagar na dea-bhaile nach gcuirfear aon ní amú ann, ina mbeidh an fás ina fhás athghiniúnach, ina mbeidh aeráidneodracht san Aontas bainte amach agus ina mbeidh an neamhionannas laghdaithe go suntasach. Tá timpeallacht shláintiúil mar bhonn agus mar thaca le dea-bhail an uile dhuine agus is timpeallacht í ina gcaomhnaítear an bhithéagsúlacht, ina mbíonn rath ar éiceachórais, agus ina gcosnaítear agus ina n-athbhunaítear an dúlra, rud a fhágann athléimneacht mhéadaithe a bheith ann i leith an athraithe aeráide, i leith tubaistí a bhaineann leis an aimsir agus leis an aeráid agus i leith rioscaí eile comhshaoil.

(1d)

Is é is aidhm do Chlár Ginearálta Gníomhaíochta an Aontais don Chomhshaol go dtí 2030 (“an 8ú CGC”), an creat do ghníomhaíocht an Aontais i réimse an chomhshaoil agus na haeráide, dlús a chur leis an aistriú glas chuig geilleagar ciorclach a bheidh aeráidneodrach, inbhuanaithe, neamhthocsaineach, tíosach ar acmhainní, bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite, athléimneach agus iomaíoch ar bhealach cóir, cothrom agus cuimsitheach, agus staid an chomhshaoil a chosaint, a athchóiriú agus a fheabhsú trí, inter alia, stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus í a aisiompú. Tacaítear leis le cur chuige comhtháite i leith beartais agus i leith cur chun feidhme, agus neartaítear leis an cur chuige sin, ag tógáil ar an gComhaontú Glas don Eoraip. Aithnítear leis an 8ú CGC go mbeidh gá le hathrú córasach chun an t-aistriú seo a bhaint amach, arb é a bheidh i gceist, de réir an GCE, athrú bunúsach, trasfhoirmeach agus trasghearrtha lena dtugtar le tuiscint athruithe móra agus athdhíriú ar spriocanna córas, dreasachtaí, teicneolaíochtaí, cleachtais agus noirm shóisialta, agus ar chórais eolais agus cur chuige rialachais.

(1e)

Chun go mbainfear amach na cuspóirí, is gá a áirithiú go bhfuil tionscnaimh reachtacha, cláir, infheistíochtaí, tionscadail agus a gcur chun feidhme comhsheasmhach, go rannchuidíonn siad, i gcás inarb ábhartha, agus nach ndéanann siad dochar d’aon cheann de chuspóirí an 8ú CGC. Ina theannta sin, chun go n-áiritheofaí go n-íoslaghdófar neamhionannais shóisialta a eascraíonn as tionchair agus beartais a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus go ndéanfar bearta a ghlactar chun go gcosnófaí an comhshaol agus an aeráid a chur i gcrích ar bhealach atá cothrom agus cuimsitheach go sóisialta, agus go ndéanfar príomhshruthú inscne ar fud na mbeartas aeráide agus comhshaoil, lena n-áirítear trí ghné inscne a ionchorprú ag gach céim den phróiseas ceaptha beartais, beidh gá leo chun cuspóirí an 8ú CGC a bhaint amach agus, dá réir sin, leagfar síos mar choinníollacha cumasúcháin sa 8ú CGC iad.

(1f)

Is é cuspóir maolaithe aeráide 2030 an 8ú EAP laghdú tapa agus intuartha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus, ag an am céanna, feabhsú ar aistriú linnte nádúrtha san Aontas chun go mbainfí amach sprioc 2030 maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119, i gcomhréir le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais, agus fós aistriú cothrom nach bhfágfar aon duine ar lár ann a áirithiú; Chun cuidiú lena chuspóirí a bhaint amach, leagtar síos leis an 8ú CGC an coinníoll cumasúcháin maidir le fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol a chéimniú amach, lena n-áirítear trí spriocdháta a leagan síos chun deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breoslaí iontaise i gcomhréir leis an uaillmhian an téamh domhanda a theorannú go 1,5 oC, chomh maith le creat ceangailteach de chuid an Aontais chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise, bunaithe ar mhodheolaíocht chomhaontaithe.

(1g)

Tá sé mar aidhm leis an Treoir seo a áirithiú, mar chuid de bheartas fuinnimh AE, go spreagfar infheistíochtaí i dtáirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus ceannasacht fuinnimh gach Ballstáit á caomhnú ag an am céanna.

(1h)

Tá an Treoir maidir le fuinneamh in-athnuaite mar chuid den phacáiste “Oiriúnach do 55”, pacáiste a mbeidh éifeachtaí iomadúla aige ar an Aontas freisin, lena n-áirítear ar iomaíochas, ar chruthú post, ar chumhacht ceannaigh teaghlaigh, ar spriocanna aeráide a bhaint amach agus ar mhéid an sceite carbóin. Dá bhrí sin, ba cheart meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar bhonn rialta ar thionchar maicreacnamaíoch comhiomlán na Rialachán atá sa phacáiste “Oiriúnach do 55”.

(2)

Tá ról bunúsach ag fuinneamh in-athnuaite chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích agus chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, ós rud é gurb í earnáil an fhuinnimh is cúis le breis agus 75 % d’astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa an Aontais. Trí na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a laghdú, is cuidiú é fuinneamh in-athnuaite freisin chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid amhail cailliúint na bithéagsúlachta, truailliú talún, uisce agus aeir, fad is nach gcuireann úsáid na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite féin leis na dúshláin sin . I ngeall ar na costais ísle oibriúcháin a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus an laghdú ar an nochtadh do shuaitheadh praghsanna i gcomparáid le breoslaí iontaise, tá ról tábhachtach ag fuinneamh in-athnuaite chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh.

(2a)

Agus gealltanas á thabhairt ag níos mó tíortha maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi lár an chéid, meastar go dtiocfaidh méadú ar an éileamh intíre agus domhanda ar theicneolaíochtaí in-athnuaite agus go mbeidh deiseanna suntasacha ar fáil maidir le poist a chruthú, bonn tionsclaíoch Eorpach d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a leathnú agus ceannaireacht leanúnach na hEorpa i dtaighde agus i bhforbairt teicneolaíochtaí nuálacha in-athnuaite, rud a chuireann feabhas ar an mbuntáiste iomaíoch atá ag cuideachtaí Eorpacha agus ar neamhspleáchas fuinnimh an Aontais ar allmhairí breoslaí iontaise.

(2b)

B’ionann sciar an olltomhaltais deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san Aontas agus 22 % in 2020  (5) , 2 phointe céatadáin (pp) os cionn na sprice maidir le sciar an fhuinnimh in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh le haghaidh 2020, mar a leagtar amach i dTreoir 2009/28/CE maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn .

(2c)

Is cumasóir tábhachtach d’fhorbairt inbhuanaithe é an fuinneamh in-athnuaite, ar rud é a rannchuidíonn go díreach agus go hindíreach le go leor Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), lena n-áirítear laghdú na bochtaineachta, oideachas, uisce agus sláintíocht. Baineann tairbhí socheacnamaíocha leathana le foinsí in-athnuaite fuinnimh freisin, lena gcruthaítear poist nua agus lena gcothaítear tionscail áitiúla.

(2d)

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, ag Comhdháil 2021 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP 26), gheall an Coimisiún, in éineacht le comhpháirtithe domhanda, deireadh a chur le tacaíocht dhíreach d’fhuinneamh breosla iontaise idirnáisiúnta neamh-mhaolaithe, agus na cistí sin a úsáid chun fuinneamh in-athnuaite a úsáid.

(2e)

Ag COP26, d’ardaigh an Coimisiún, i gcomhar le ceannairí domhanda, leibhéal domhanda na huaillmhéine chun foraoisí domhanda a chaomhnú agus a athshlánú, agus chun an t-aistriú chuig iompar gan astaíochtaí a bhrostú.

(2f)

Is minic a dhéantar fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh ar an leibhéal áitiúil agus is minic a bhraitheann sé ar FBManna réigiúnacha; Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit páirt iomlán a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus iad ag leagan síos spriocanna agus ag tacú le bearta beartais.

(2g)

Ós rud é go bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh ar thart ar 35 mhilliún Eorpach  (6) , tá ról tábhachtach ag beartais fuinnimh in-athnuaite in aon straitéis chun dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh agus leochaileacht tomhaltóirí.

(3)

Leagtar síos le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) sprioc cheangailteach Aontais gur ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a thiocfaidh 32 % ar a laghad d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais faoi 2030. Faoin bPlean um Sprioc Aeráide, ba ghá an sciar fuinnimh in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh a mhéadú go 45  % faoi 2030 chun sprioc laghdaithe an Aontais i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach (8). Dá bhrí sin, is gá an sprioc a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir sin a mhéadú.

(3a)

I gcomhréir leis an moladh ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 dar teideal On Energy Efficiency First: from principles to practice. Guidelines and examples for its implementation in decision-making in the energy sector and beyond [Bunphrionsabal na hÉifeachtúlachta Fuinnimh: ó phrionsabail go cleachtas. Treoirlínte agus samplaí dá cur chun feidhme sa chinnteoireacht san earnáil fuinnimh agus níos faide i gcéin], ba cheart cur chuige comhtháite a ghlacadh leis an Treoir seo tríd an bhfoinse in-athnuaite is éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn d’aon earnáil ar leith agus d’aon fheidhm, agus trí éifeachtúlacht córais a chur chun cinn, ionas go mbeidh gá leis an bhfuinneamh is lú le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha éagsúla .

(3b)

I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal “an Plean REPowerEU”, is conair chostéifeachtúil é borradh a chur faoi tháirgeadh bithmheatáin inbhuanaithe go 35 bcm ar a laghad faoi 2030 chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú agus soláthar gáis an Aontais a éagsúlú, rud a thacóidh le cinnteacht an tsoláthair agus le huaillmhianta aeráide an Aontais. Ba cheart don Choimisiún straitéis AE a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní rialála maidir le táirgeadh agus comhtháthú bithmheatáin a uas-scálú i margadh inmheánach gáis an Aontais.

(3c)

Chun tacú leis an sprioc fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach agus le leictriú na n-earnálacha críochúsáide, agus teaghlaigh agus tionscail á gcumhachtú ag an am céanna chun páirt ghníomhach a ghlacadh i gcóras fuinnimh an Aontais a dhaingniú agus a dhícharbónú agus chun iad a chúiteamh as an méid sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcumasófar leis an gcreat rialála náisiúnta an buaicéileamh leictreachais a laghdú trí sholúbthacht ar thaobh an éilimh a ghníomhachtú i ngach earnáil críochúsáide. Chuige sin, d’fhéadfadh na Ballstáit sprioc íosta a thabhairt isteach ina bpleananna comhtháite fuinnimh agus aeráide chun buaicéileamh leictreachais a laghdú 5 % ar a laghad faoi 2030, chun solúbthacht an chórais a mhéadú, i gcomhréir le hAirteagal 4(d)(3) de Rialachán (AE) 2018/1999.

(3d)

Ceann de na cúig chuspóir beartais comhtháthaithe don tréimhse 2021-2027 is ea Eoraip níos glaise a bheith ann trí infheistíocht san fhuinneamh glan, sa gheilleagar ciorclach, i maolú ar an athrú aeráide agus in iompar inbhuanaithe a chur chun cinn. Ba cheart, dá bhrí sin, go ndíreofaí le cistí an bheartais comhtháthaithe ar aon mhéadú ar éagothromaíochtaí a chosc, cabhrú leis na réigiúin sin a bhfuil an t-ualach aistrithe is troime acu, infheistíocht i mbonneagar a spreagadh, agus oiliúint a chur ar oibreoirí maidir le teicneolaíochtaí nua chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár.

(3e)

Beidh ar CFRE tacú le héifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú; an fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn; córais agus gréasáin fuinnimh chliste a fhorbairt, agus soghluaisteacht uirbeach, ilmhódach, inbhuanaithe a chur chun cinn, i gcomhthéacs an aistrithe chuig geilleagar carbóin glan-nialasach; ní mór do CSE+ rannchuidiú le feabhsuithe i gcórais oideachais agus oiliúna is gá chun scileanna agus cáilíochtaí a oiriúnú, gach duine a uas-sciliú, lena n-áirítear an lucht saothair, poist nua a chruthú in earnálacha a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an aeráid, le fuinneamh, leis an ngeilleagar ciorclach agus leis an mbithgheilleagar (Airteagal 4 den Rialachán maidir le CSE+).

(3f)

Baineann gné áitiúil láidir le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go dtabharfadh na Ballstáit páirt iomlán do na húdaráis áitiúla agus do na húdaráis réigiúnacha i bpleanáil agus i gcur chun feidhme beart náisiúnta maidir leis an aeráid, rochtain dhíreach ar mhaoiniú a sholáthar agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na mbeart a glacadh. I gcás inarb infheidhme, ba cheart do na Ballstáit rannchuidithe áitiúla agus réigiúnacha a chomhtháthú i bpleananna náisiúnta maidir leis an bhfuinneamh agus an aeráid.

(3g)

ag aithint an róil thábhachtaigh atá ag an mbeartas comhtháthaithe i dtaobh rannchuidiú le cúnamh a thabhairt do na réigiúin oileánacha spriocanna aeráidneodrachta a bhaint amach, agus na costais bhreise a bhaineann le hearnálacha amhail earnáil an fhuinnimh agus an iompair á gcur san áireamh, chomh maith leis an tionchar atá ag an teicneolaíocht mhóibíleach ar a gcórais fuinnimh, lena n-éilítear leibhéal infheistíochta atá an-ard, ó thaobh comhréire de, chun foinsí fuinnimh in-athnuaite eadrannacha a bhainistiú.

(3h)

á chur i bhfios, mar gheall ar a mbeagmhéid agus a gcórais fuinnimh leithlisithe, go bhfuil dúshlán mór roimh na réigiúin oileánacha is iargúlta, díreach cosúil leis na réigiúin is forimeallaí, a mhéid a bhaineann leis an soláthar fuinnimh ós rud é go mbíonn siad ag brath go ginearálta ar allmhairí breosla iontaise le haghaidh giniúint leictreachais, iompair agus téimh.

(3i)

á mheas gur cheart tús áite a thabhairt d’úsáid fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear cumhacht taoide, agus á chreidiúint go bhféadfadh sé dul chun tairbhe na n-oileán go mór, agus aird á tabhairt ar riachtanais na bpobal áitiúil, lena n-áirítear caomhnú ailtireacht thraidisiúnta na n-oileán agus gnáthóg áitiúil na n-oileán; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtacófaí le réimse leathan foinsí fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt bunaithe ar a ngnéithe geografacha; á chur in iúl gur geal léi na cláir hidrigine glasa atá seolta ag na hoileáin.

(4)

Tá méadú ag teacht ar an aitheantas gur gá beartais bhithfhuinnimh a ailíniú le prionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise (9), d’fhonn rochtain chothrom ar mhargadh na n-amhábhar bithmhaise a áirithiú chun réitigh bhithbhunaithe nuálacha, ard-bhreisluacha agus bithgheilleagar inbhuanaithe ciorclach a fhorbairt. Agus scéimeanna tacaíochta bithfhuinnimh á bhforbairt, ba cheart do Bhallstáit an soláthar bithmhaise inbhuanaithe atá ar fáil le haghaidh úsáidí fuinnimh agus neamhfhuinnimh agus neartú na linnte carbóin foraoise náisiúnta agus na n-éiceachóras , cosaint na bithéagsúlachta a chur san áireamh chomh maith le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus prionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise, agus ord na réiteach dramhaíola a bhunaítear i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Mar sin féin, ba cheart dóibh a bheith in ann tacaíocht a dheonú do tháirgeadh fuinnimh ó stumpaí nó ó fhréamhacha i gcás dramhaíl agus iarmhair a dhíorthaítear ó chur chun feidhme oibreacha a dhéantar leis an bpríomhchuspóir an dúlra a chaomhnú agus tírdhreach a bhainistiú, amhail ar thaobh an bhóthair. In aon chás, ba cheart do na Ballstáit cur chun cinn úsáid na lomán cruinn ardchaighdeáin le haghaidh fuinnimh a sheachaint seachas i gcúinsí dea-shainithe , mar shampla falscaí a chosc agus lománaíocht tarrthála . I gcomhréir le prionsabal na húsáide cascáidí, ba cheart bithmhais adhmaid a úsáid de réir an bhreisluacha eacnamaíoch agus comhshaoil is airde atá aici san ord tosaíochtaí seo a leanas: 1) táirgí adhmadbhunaithe, 2) síneadh a chur leis na blianta seirbhíse atá iontu, 3) athúsáid, 4) athchúrsáil, 5) bithfhuinneamh agus 6) diúscairt. I gcás nach bhfuil úsáid ar bith eile le haghaidh bithmhais adhmaid inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de nó iomchuí ó thaobh an chomhshaoil de, is cuidiú aisghabháil fuinnimh chun giniúint fuinnimh ó fhoinsí neamh-inathnuaite a laghdú. Ba cheart, mar sin, scéimeanna tacaíochta Ballstát le haghaidh bithfhuinnimh a dhíriú ar amhábhair den sórt sin nach bhfuil mórán iomaíocht mhargaidh lena n-aghaidh leis na hearnálacha ábhair, agus ar rud dearfach don aeráid agus don bhithéagsúlacht araon a bhfoinsiú, chun dreasachtaí diúltacha le haghaidh conairí bithfhuinnimh neamh-inbhuanaithe a sheachaint, mar a shainaithnítear i dtuarascáil JRC The use of woody biomass for energy production in the EU [Bithmhais adhmaid a úsáid le haghaidh táirgeadh fuinnimh san Aontas Eorpach] (11). Os a choinne sin, agus impleachtaí breise phrionsabal na húsáide cascáidí á sainiú, is gá na sainiúlachtaí náisiúnta a aithint atá mar threoir do na Ballstáit agus a scéimeanna tacaíochta á ndearadh acu. Ba cheart tús áite a thabhairt do dhramhaíl a chosc, a athúsáid, agus a athchúrsáil. Ba cheart do na Ballstáit féachaint chuige nach gcruthófaí scéimeanna tacaíochta a thiocfadh salach ar spriocanna maidir le dramhaíl a chóireáil agus a d’fhágfadh go mbeadh úsáid neamhéifeachtach á baint as dramhaíl in-athchúrsáilte. Thairis sin, chun úsáid níos éifeachtúla bithfhuinnimh a áirithiú, ó 2026 ar aghaidh níor cheart do Bhallstáit tacaíocht a thabhairt a thuilleadh do ghléasraí leictreachais amháin, ach amháin má tá na suiteálacha i réigiúin a bhfuil stádas sonrach acu a mhéid a bhaineann leis an aistriú atá ar bun acu ó bhreoslaí iontaise nó má úsáideann siad gabháil agus stóráil carbóin nó mura féidir na suiteálacha a mhodhnú i dtreo comhghiniúna i gcásanna eisceachtúla a bhfuil bonn cirt leo ar fhormheas an Choimisiúin .

(5)

Is féidir úsáid a bhaint as fás tapa agus as iomaíochas costais méadaitheach i dtáirgeadh leictreachais in-athnuaite chun sciar méadaitheach den éileamh ar fhuinneamh a chomhlíonadh, mar shampla teaschaidéil a úsáid le haghaidh téamh spáis nó próisis thionsclaíocha ísealteochta, feithiclí leictreacha a úsáid le haghaidh iompair, nó foirnéisí leictreacha a úsáid i dtionscail áirithe. Is féidir leictreachas in-athnuaite a úsáid freisin chun breoslaí sintéiseacha a tháirgeadh i gcomhair tomhaltais in earnálacha iompair ar deacair iad a dhícharbónú amhail eitlíocht agus iompar muirí. Ba cheart teicneolaíochtaí nuálacha i ndáil le sprioc thiomnaithe a fhorbairt, mar d’fhéadfaidís rannchuidiú le spriocanna aeráide 2030 chomh maith le spriocanna aeráide 2050. Ní mór do chreat leictriúcháin comhordú láidir agus éifeachtúil a chumasú agus sásraí margaidh a leathnú chun soláthar agus éileamh a mheaitseáil de réir spáis agus ama, infheistíochtaí i solúbthacht, stóráil fuinnimh, freagairt don éileamh agus sásraí eile solúbthachta a spreagadh, agus cuidiú le sciartha móra de ghiniúint athraitheach fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú, mar sin , i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, go leanfar den mhéadú ar imscaradh leictreachais in-athnuaite ar luas atá leormhaith chun freastal ar an méadú san éileamh , lena n-áirítear trí straitéisí allmhairiúcháin a chomhordú ar leibhéal an Aontais agus é á áirithiú ag an am céanna go gcuirtear freagairt don éileamh in oiriúint go solúbtha do ghiniúint fuinnimh in-athnuaite. Chuige sin, ba cheart do Bhallstáit creat a bhunú lena n-áirítear sásraí atá comhoiriúnach don mhargadh chun dul i ngleic le bacainní atá fós ann chun go mbeidh córais leictreachais shlána agus leormhaithe acu a bheidh oiriúnach le haghaidh ardleibhéal fuinnimh in-athnuaite atá solúbtha , chomh maith le saoráidí stórála a bheidh ina ndlúthchuid den chóras leictreachais. Leis an gcreat seo, rachfar i ngleic, go háirithe, le bacainní atá fós ann, lena n-áirítear bacainní neamhairgeadais mar shampla acmhainní digiteacha agus daonna údarás nach leor iad chun an líon méadaitheach iarratais cheadaithe a phróiseáil.

(5a)

Is gá teicneolaíochtaí nuálacha, amhail teaschaidéil hibrideacha, a fhorbairt agus a úsáid laistigh de chritéir Threoir (AE) 2018/2001, ós rud é gur féidir iad a úsáid mar theicneolaíocht aistrithe i dtreo spriocanna aeráide 2030 chomh maith le rannchuidiú le spriocanna aeráide 2050 a bhaint amach.

(5b)

Le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais amach anseo, ba cheart go spreagfaí na Ballstáit na hathchóirithe is gá a chur chun feidhme chun dlús a chur leis an aistriú glas, agus chun infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí a bhfuil gá leo a chumasú.

(6)

Agus an sciar foinsí in-athnuaite i mBallstát á ríomh, ba cheart breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a áireamh san earnáil ina n-ídítear iad (leictreachas, téamh agus fuarú, nó iompar). I gcás ina n-ídítear breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch i mBallstát nach ionann é agus an Ballstát inar táirgeadh iad, fuinneamh a ghintear trí úsáid a bhaint as breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, ba cheart 80 % dá dtoirt a áireamh sa tír agus san earnáil ina n-ídítear é agus 20 % dá dtoirt sa tír ina dtáirgtear é, mura gcomhaontaítear a mhalairt idir na Ballstáit lena mbaineann. Is féidir comhaontuithe idir na Ballstáit a bheith i bhfoirm comhaontú sonrach comhair arna dhéanamh trí Ardán an Aontais um Fhorbairt In-athnuaite (URDP). Ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon chomhaontuithe den sórt sin agus faisnéis a bhaineann leo a chur ar fáil, lena n-áirítear méideanna beachta an tsoláthair agus an éilimh, tráthanna an aistrithe agus an dáta faoina gcuirfear an socrú i bhfeidhm. I gcás na bhfospriocanna, na breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch cuirfear 100 % dá dtoirt san áireamh sa tír ina n-ídítear iad . Chun áireamh dúbailte a sheachaint, níor cheart áireamh a dhéanamh ar an bhfuinneamh in-athnuaite a úsáidtear chun na breoslaí sin a tháirgeadh. Is éard a bheadh mar thoradh air sin comhchuibhiú na rialacha cuntasaíochta i gcás na mbreoslaí sin ar fud na Treorach, bídís á n-áireamh don sprioc fhoriomlán i dtaca le fuinnimh in-athnuaite nó d’aon fhosprioc nó ná bíodh. D’fhágfadh sé freisin go bhféadfaí an fíorfhuinneamh a ídítear a áireamh, agus na caillteanais fuinnimh a tharlaíonn i bpróiseas táirgthe na mbreoslaí sin á gcur san áireamh. Thairis sin, d’fhágfadh sé go bhféadfaí cuntasaíocht a dhéanamh ar bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a allmhairítear isteach san Aontas agus a ídítear ann.

(6a)

Ós rud é nach bhfuil an sruth luchtaithe inbhuanaithe ach amháin má tháirgtear ó fhuinneamh glan é, ba cheart go gcuirfí san áireamh i gcónaí san anailís saolré ar tháirgí leictrithe teasa, iompair agus tionsclaíocha fuílleach na sciartha iontaise ón nginiúint leictreachais roimhe sin .

(7)

D’fhéadfadh aistrithe staidreamhacha, scéimeanna tacaíochta nó tionscadail chomhpháirteacha a bheith i gceist le comhar na mBallstát chun fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn. Fágann sé gur féidir fuinneamh in-athnuaite a úsáid ar bhealach costéifeachtúil ar fud na hEorpa agus cuireann sé le comhtháthú margaidh. In ainneoin na bhféidearthachtaí a bhaineann leis, ní raibh ach comhar an-teoranta ann, agus dá bhrí sin baineadh torthaí fo-optamacha amach i dtéarmaí éifeachtúlacht chun fuinneamh in-athnuaite a mhéadú. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit an comhar a thástáil trí ▌threoirthionscadail a chur chun feidhme faoi mhí na Nollag 2025 agus, faoi 2030, tríd an tríú tionscadal a chur chun feidhme, i gcás na mBallstát a bhfuil tomhaltas bliantúil leictreachais de níos mó ná 100 TWh acu . Tionscadail atá maoinithe ag rannchuidithe náisiúnta faoi shásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite arna bhunú ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún (12), chomhlíonfaidís an oibleagáid sin ar son na mBallstát lena mbaineann.

(7a)

Ní mór gach réimse de bheartais AE a dhíriú ar na spriocanna nuabhunaithe i leith na haeráide agus aeráidneodracht a bhaint amach. Is amhlaidh atá i gcás an Bheartais Comhtháthaithe, a rannchuidigh, le breis agus fiche bliain, leis an ngeilleagar a dhícharbónú, agus ag an am céanna samplaí agus dea-chleachtais a sholáthar ar féidir iad a léiriú i ngnéithe beartais eile, amhail an Treoir seo a leasú. Ní hamháin go gcuirtear, leis an mbeartas comhtháthaithe, deiseanna infheistíochta ar fáil chun freagairt do riachtanais áitiúla agus réigiúnacha trí Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (SIE), ach cuirtear creat beartais comhtháite ar fáil freisin chun éagothromaíochtaí forbartha idir réigiúin na hEorpa a laghdú agus cuidítear leo aghaidh a thabhairt ar na dúshláin iomadúla a bhaineann lena bhforbairt, lena n-áirítear trí chosaint an chomhshaoil, trí fhostaíocht ardcháilíochta agus trí fhorbairt chóir, chuimsitheach agus inbhuanaithe.

(7b)

Tá ról fíorthábhachtach ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcórais fuinnimh chomhtháite agus dhíláraithe. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit tacú leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla oibriú thar theorainneacha trí chabhrú leo sásraí comhair a chruthú, lena n-áirítear an ghrúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC).

(7c)

Leis an mbeartas comhtháthaithe, áirithítear comhleanúnachas agus comhordú níos fearr idir an beartas comhtháthaithe agus réimsí reachtacha eile de chuid an Aontais, rud a chuireann feabhas ar chomhtháthú na ngnéithe aeráide sna beartais, beartais foinsebhunaithe níos éifeachtaí a cheapadh, cistiú spriocdhírithe ón Aontas a sholáthar agus, dá bharr sin, cur chun feidhme beartas aeráide ar an láthair a fheabhsú.

(7d)

Tá sé fíorthábhachtach seasamh go hiomlán le prionsabail rialachais il-leibhéil agus comhpháirtíochta san aistriú go geilleagar aeráidneodrach, ós rud é go bhfuil inniúlachtaí díreacha ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an gcomhshaol agus maidir leis an athrú aeráide, a chuireann 90 % de ghníomhaíochtaí maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus 70 % de ghníomhaíochtaí maidir le maolú ar an athrú aeráide chun feidhme. Thairis sin, déanann na húdaráis sin gníomhaíochtaí a fhorbairt freisin a bhfuil sé mar aidhm leo iompraíocht atá neamhdhíobhálach don aeráid a chur chun cinn i measc saoránach, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le bainistiú dramhaíola, soghluaisteacht chliste, tithíocht inbhuanaithe agus tomhaltas fuinnimh.

(8)

Tugtar isteach leis an Straitéis um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta cuspóir uaillmhianach 300 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta agus 40 GW d’fhuinneamh aigéin thar imchuacha farraige uile an Aontais a bhaint amach faoi 2050. Chun an mórathrú sin a áirithiú, ní mór do Bhallstáit oibriú lena chéile thar theorainneacha ar leibhéal imchuach na farraige. Dá bhrí sin, ba cheart do Bhallstáit méid na giniúna in-athnuaite amach ón gcósta a úsáidfear laistigh de gach imchuach farraige faoi 2050 a shainiú go comhpháirteach, le céimeanna idirmheánacha in 2030 agus in 2040, agus spás leormhaith a shannadh ina bplean spásúil muirí ina leith sin . Más rud é go bhféadfadh bearna a bheith ann idir an méid féideartha d’acmhainní fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá ag na Ballstáit agus an méid fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá beartaithe, ba cheart don Choimisiún bearta breise a ghlacadh chun an bhearna sin a laghdú . Ba cheart na cuspóirí sin a léiriú sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe a chuirfear isteach in 2023 agus in 2024 de bhun Rialachán (AE) 2018/1999. Agus an méid á shainiú, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta gach imchuach farraige, féidearthacht theicniúil agus eacnamaíoch bhonneagar na heangaí tarchurtha, cosaint comhshaoil , an bhithéagsúlacht , oiriúnú don athrú aeráide agus úsáidí eile na farraige , go háirithe na gníomhaíochtaí atá ar siúl cheana sna limistéir a ndéantar difear dóibh, agus an díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhshaol , mar aon le spriocanna dícharbónaithe an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart do Bhallstáit níos mó breithnithe a dhéanamh ar an bhféidearthacht giniúint fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chomhcheangal le línte tarchuir a dhéanfadh roinnt Ballstát a idirnascadh, i bhfoirm tionscadail hibrideacha nó, níos déanaí, in eangach níos comhcheangailte. D’fhágfadh sé sin go bhféadfadh leictreachas sreabhadh i dtreonna difriúla, rud a dhéanfadh uasmhéadú ar leas socheacnamaíoch, a dhéanfadh optamú ar chaiteachas bonneagair agus a chumasódh úsáid níos inbhuanaithe den fharraige. Ba cheart Ballstáit a bhfuil teorainn acu le himchuach farraige an próiseas pleanála spásúla muirí a úsáid chun cur chuige láidir rannpháirtíochta an phobail a áirithiú ionas go gcuirfear tuairimí na ngeallsealbhóirí agus na bpobal cósta go léir san áireamh.

(8a)

Tá éagsúlacht ann maidir leis na dálaí a mheastar a bheith riachtanach chun leas a bhaint as acmhainneacht an fhuinnimh in-athnuaite i bhfarraigí agus in aigéin na hEorpa, lena n-áirítear i bhfarraigí agus in aigéin na n-oileán agus na réigiún is forimeallaí. Dá bhrí sin, gabhann an tAontas air féin teicneolaíochtaí malartacha a bhunú, nach mbeidh tionchar díobhálach acu ar an muirthimpeallacht, do na limistéar sin a bhfuil spéis ar leith ag baint leo.

(8b)

Ní mór éagsúlacht gheografach agus úsáidí malartacha na muirthimpeallachta a chur san áireamh chun leas a bhaint as acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite fharraigí agus aigéin uile na hEorpa, agus éilítear leis sin tacar réiteach teicneolaíoch atá i bhfad níos leithne. Áirítear ar na réitigh sin feirmeacha gaoithe agus gréine ar snámh amach ón gcósta, fuinneamh ó thonnta, ó shruthanna agus ó thaoidí, ón difreálach maidir le grádáin theirmeacha nó salainn, fuarú muirí, téamh agus fuinneamh geoiteirmeach agus bithmhais mhuirí (algaí).

(8c)

Ba cheart suiteáil tionscadal fuinnimh in-athnuaite ar thalamh tuaithe agus ar thalamh talmhaíochta i gcoitinne a rialú le prionsabail na comhréireachta, na comhlántachta agus an chúitimh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-úsáidfear tionscadail in-athnuaite ar bhealach ordúil ionas nach gcaillfear talamh talmhaíochta, agus ba cheart dóibh forbairt agus úsáid teicneolaíochtaí iomchuí a spreagadh lena ndéanfaí táirgeadh fuinnimh in-athnuaite comhoiriúnach le táirgeadh talmhaíochta agus beostoic.

(9)

Tá fás tapa ag teacht ar an margadh le haghaidh comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite agus soláthraítear leis sin bealach comhlántach chuig margadh na giniúna fuinnimh in-athnuaite anuas ar scéimeanna tacaíochta Ballstát nó díol díreach ar an margadh mórdhíola leictreachais. Ag an am céanna , tugann na comhaontuithe sin slándáil ioncaim áirithe don táirgeoir agus is féidir leis an úsáideoir tairbhe a bhaint as praghas cobhsaí leictreachais . Tá an margadh le haghaidh comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite fós teoranta do líon beag Ballstát agus cuideachtaí móra, agus tá bacainní móra riaracháin, bacainní móra teicniúla agus bacainní móra airgeadais fós ann i gcodanna móra de mhargadh an Aontais. Chomh maith le comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhacainní ar leathadh amach na gcomhaontuithe ceannacháin téimh agus fuaraithe in-athnuaite, a mbeidh ról níos mó acu maidir le spriocanna aeráide agus fuinnimh in-athnuaite an Aontais a bhaint amach . Ba cheart, mar sin, neartú breise a dhéanamh ar na bearta atá ann in Airteagal 15 chun glacadh comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite a chur chun cinn a spreagadh, trí fhéachaint ar úsáid ráthaíochtaí creidmheasa chun rioscaí airgeadais na gcomhaontuithe sin a laghdú, agus é á chur san áireamh nár cheart do na ráthaíochtaí sin, sa chás gur ráthaíochtaí poiblí iad, maoiniú príobháideach a bhrú amach.

(10)

Is bacainn mhór ar úsáid fuinnimh in-athnuaite iad nósanna imeachta riaracháin atá róchasta agus rófhada. Tá gá le nósanna imeachta riaracháin agus ceadaithe a chuíchóiriú tuilleadh chun an t-ualach riaracháin a laghdú do thionscadail fuinnimh in-athnuaite agus do na tionscadail bonneagair eangaí gaolmhara araon. Laistigh de bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar threoirlínte maidir le deonú ceadanna chun próisis a ghiorrú agus a shimpliú maidir le tionscadail in-athnuaite nua, athchumhachtaithe agus uasghrádaithe. Ba cheart príomhtháscairí feidhmíochta a fhorbairt i gcomhthéacs na dtreoirlínte sin .

(10a)

Is príomhghníomhaithe iad údaráis áitiúla agus réigiúnacha a mhéid a bhaineann leis an Eoraip a thabhairt níos gaire dá cuspóirí fuinnimh agus aeráide a bhaint amach. Tá táirgeadh fuinnimh ar an leibhéal áitiúil ríthábhachtach chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a chothú, chun spleáchas seachtrach ar fhuinneamh a laghdú agus chun rátaí bochtaineachta fuinnimh a laghdú.

(11)

Tá acmhainneacht mhór neamhshaothraithe i bhfoirgnimh cur go héifeachtach le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas. Beidh gá le dícharbónú ar théamh agus ar fhuarú san earnáil seo trí sciar méadaithe i dtáirgeadh agus in úsáid fuinnimh in-athnuaite , go háirithe sa chomhthéacs áitiúil, chun an uaillmhian a leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach a chomhlíonadh agus chun cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach. Níl aon dul chun cinn in úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh le haghaidh téimh agus fuaraithe le 10 mbliana anuas, agus tá sé ag brath go mór ar úsáid mhéadaithe bithmhaise. Mura mbunaítear spriocanna táscacha chun táirgeadh agus úsáid fuinnimh in-athnuaite a mhéadú i bhfoirgnimh, ní bheifear in ann dul chun cinn a rianú agus scrogaill a shainaithint i nglacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann dramhtheas agus dramhfhuacht a áireamh sa sprioc tháscach maidir le fuinneamh in-athnuaite i bhfoirgnimh, suas le teorainn 20 %, ag a bhfuil uasteorainn 54 %. Thairis sin, tabharfaidh cruthú spriocanna comhartha fadtéarmach d’infheisteoirí, lena n-áirítear don tréimhse díreach i ndiaidh 2030. Déanfaidh sé sin comhlánú ar oibleagáidí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus comhlíonadh ar bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh . Mar sin, ba cheart spriocanna táscacha i dtaobh úsáid fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh a shocrú chun treorú agus dreasú a dhéanamh ar iarrachtaí Ballstát leas a bhaint as an bhféidearthacht fuinneamh in-athnuaite a úsáid agus a tháirgeadh i bhfoirgnimh, ar an láthair nó in aice láimhe , agus forbairt ▌teicneolaíochtaí a tháirgeann fuinneamh in-athnuaite a spreagadh agus cuidiú lena gcomhtháthú éifeachtúil sa chóras fuinnimh, agus ag an am céanna cinnteacht a thabhairt d’infheisteoirí agus do rannpháirtíocht ar an leibhéal áitiúil , mar aon le rannchuidiú le héifeachtúlacht an chórais . Tá scéimeanna trádála astaíochtaí ceaptha chun costais fuinnimh iontaise a mhéadú agus go mbeidh mar thoradh orthu infheistíochtaí coigilte fuinnimh atá faoi thionchar an mhargaidh nó aistriú go fuinneamh in-athnuaite. Ba cheart ualaí dúbailte ar thomhaltóirí trí scéimeanna trádála astaíochtaí agus spriocanna eile a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais a sheachaint.

(11a)

Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, is láidre agus is soiléire ná riamh cás an aistrithe thapa fuinnimh. Soláthraíonn an Rúis níos mó ná 40 % de thomhaltas gáis iomlán AE, a úsáidtear den chuid is mó in earnáil na tógála, arb í is cúis le 40 % de thomhaltas fuinnimh iomlán AE. Trí dhlús a chur le leathadh amach griandhíonta agus teaschaidéal, d’fhéadfadh an tAontas méideanna suntasacha allmhairí breosla iontaise a shábháil. Trí infheistíochtaí den sórt sin a thús-ualú, cuirfear dlús breise leis an laghdú ar spleáchas an Aontais ar sholáthróirí seachtracha. De réir REPowerEU, in 2022 amháin d’fhéadfaí 2,5 bcm breise gáis a shábháil trí suas le 15 TWh de chórais PV griandhíonta a shuiteáil, agus d’fhéadfaí 12bcm breise a shábháil le gach 10 milliún teaschaidéil a shuiteáiltear. Ag an am céanna thabharfadh sé spreagadh mór do mhargaí fostaíochta áitiúla, d’fhéadfadh borradh suiteála faoi ghriandhíonta suas le 225 000 post áitiúla a chruthú san earnáil suiteála  (13).

(12)

Cuireann an líon neamhleor oibrithe oilte, go háirithe suiteálaithe agus dearthóirí córais téimh agus fuaraithe a úsáideann foinsí in-athnuaite, moill ar chórais atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite a chur in ionad córais téimh ina n-úsáidtear breoslaí iontaise, agus bacainn mhór atá ann ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú i bhfoirgnimh, in earnáil na tionsclaíochta agus in earnáil na talmhaíochta. Ba cheart do Bhallstáit oibriú i gcomhar le comhpháirtithe sóisialta agus le pobail fuinnimh in-athnuaite chun na scileanna a bheidh de dhíth a réamh-mheas. Ba cheart líon leordhóthanach straitéisí éifeachtacha uas-scilithe agus athscilithe agus clár oiliúna agus deiseanna deimhniúcháin ardchaighdeáin a chur ar fáil chun suiteáil cheart agus oibriú iontaofa raon leathan córas téimh agus fuaraithe a úsáideann foinsí in-athnuaite a áirithiú agus teicneolaíochtaí stórála, chomh maith le pointí luchtaithe feithiclí leictreacha, agus ba cheart iad a dhearadh ar bhealach a mheallfadh rannpháirtíocht i gcláir oiliúna agus i ndeiseanna deimhniúcháin den sórt sin. Ba cheart do Bhallstáit a bhreithniú cé na bearta ba cheart a dhéanamh chun grúpaí a mhealladh atá faoi thearcionadaíocht faoi láthair sna réimsí gairme i gceist. Ba cheart liosta suiteálaithe oilte agus creidiúnaithe a chur ar fáil go poiblí chun iontaoibh tomhaltóirí agus rochtain éasca ar scileanna saincheaptha dearthóra agus suiteálaí a áirithiú, rud a ráthódh suiteáil cheart agus oibriú ceart córas téimh agus fuaraithe a úsáideann foinsí in-athnuaite.

(12a)

Tá spás agus achar dín ag gnólachtaí talmhaíochta agus gairneoireachta agus táirgeann siad bithmhais. Is sócmhainní iad sin a ligeann dóibh ról lárnach a bheith acu in aistriú fuinnimh na gceantar tuaithe agus laistigh de phobail tuaithe, go háirithe i bhfianaise an táirgthe dhíláraithe. Is úsáideoir measartha beag fuinnimh í an earnáil agus is féidir léi i bhfad níos mó fuinnimh in-athnuaite a tháirgeadh ná mar atá de dhíth uirthi. Sin é an fáth gur cheart tuilleadh spreagadh agus tacaíochta a thabhairt do chur i bhfeidhm na comhroinnte fuinnimh agus na bpobal fuinnimh.

(13)

Uirlis fhíorthábhachtach iad ráthaíochtaí tionscnaimh mar fhaisnéis do thomhaltóirí agus chun glacadh comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite a fhairsingiú. Chun bonn comhleanúnach Aontais a bhunú chun ráthaíochtaí tionscnaimh a úsáid agus chun rochtain a thabhairt ar fhianaise thacaíochta iomchuí do dhaoine atá ag tabhairt comhaontaithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite i gcrích, ba cheart go mbeadh gach táirgeoir fuinnimh in-athnuaite in ann ráthaíocht tionscnaimh a fháil gan dochar d’oibleagáid na mBallstát luach margaidh ráthaíochtaí tionscnaimh a chur san áireamh má fhaigheann na táirgeoirí fuinnimh tacaíocht airgeadais. Ba cheart an córas ráthaíochtaí tionscnaimh a sholáthraíonn na Ballstáit a bheith ina chóras comhchuibhithe is infheidhme ar fud an Aontais. Le córas fuinnimh níos solúbtha agus éilimh tomhaltóirí atá ag méadú, is gá uirlis níos nuálaí, níos digití, níos forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de agus níos iontaofa a bheith ann chun tacú le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite atá ag méadú agus chun doiciméadú a dhéanamh air. Go háirithe, féadfaidh teicneolaíochtaí nuálacha gráinneacht spásúil agus ama níos airde a áirithiú maidir le ráthaíochtaí tionscnaimh. Chun an nuálaíocht dhigiteach sa réimse sin a éascú, ba cheart do na Ballstáit an ghráinneacht bhreise méide sin a thabhairt isteach ina gcuid scéimeanna le haghaidh ráthaíochtaí tionscnaimh.

(13a)

I gcomhréir leis an nGníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach maidir le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2022, i gcás inarb ábhartha, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le bonneagar an ghréasáin gáis atá ann cheana a leathnú chun comhtháthú gáis ó fhoinsí in-athnuaite a éascú agus chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, go háirithe má chuireann an bonneagar sin go mór leis an idirnasc idir dhá Bhallstát ar a laghad nó idir Ballstát agus tríú tír.

(14)

Ba cheart dlús a chur le forbairt bonneagair le haghaidh gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair agus ba cheart an fhorbairt a threorú chun leas a bhaint as raon níos leithne foinsí in-athnuaite téimh agus fuaraithe ar bhealach éifeachtúil agus solúbtha chun úsáid fuinnimh in-athnuaite a mhéadú agus chun comhtháthú an chórais fuinnimh a dhoimhniú. Is iomchuí, mar sin, an liosta foinsí fuinnimh in-athnuaite a thabhairt cothrom le dáta ar foinsí iad ar cheart do ghréasáin téimh agus fuaraithe ceantair iad féin a chur in oiriúint dá n-úsáid de réir a chéile agus a éileamh go ndéanfar stóráil fuinnimh theirmigh a chomhtháthú mar fhoinse lena mbainfidh solúbthacht, éifeachtúlacht níos fearr fuinnimh agus oibriú níos costéifeachtaí.

(14a)

Maidir le gníomhaíochtaí na mBallstát chun leictreachas in-athnuaite eadrannach a chomhtháthú san eangach, agus cobhsaíocht agus cinnteacht soláthair na heangaí a áirithiú ag an am céanna, féadfaidh baint a bheith acu le forbairt réiteach amhail saoráidí stórála, bainistiú ar éileamh agus gléasraí cumhachta um chothromú eangaí agus gléasraí comhghiniúna ardéifeachtúla atá rannpháirteach i gcothromú eangaí chun tacú le leictreachas in-athnuaite eadrannach.

(15)

Ceaptar go mbeidh breis agus 30 milliún feithicil leictreach san Aontas faoi 2030 mar sin is gá a áirithiú go mbeidh siad in ann rannchuidiú go hiomlán le comhtháthú córais leictreachais in-athnuaite, agus go mbeifear in ann, mar sin, sciar níos airde leictreachais in-athnuaite a bhaint amach ar bhealach atá barrmhaith ó thaobh costais de. Caithfear gach leas a bhaint as cumas feithiclí leictreacha chun leictreachas in-athnuaite a ghlacadh nuair atá flúirse ann agus é a thabhairt ar ais don eangach nuair atá ganntanas ann , lena rannchuidítear le comhtháthú córais an leictreachais in-athnuaite athraithigh, agus soláthar slán iontaofa leictreachais á áirithiú ag an am céanna. Is iomchuí, mar sin, bearta sonracha a thabhairt isteach maidir le feithiclí leictreacha agus faisnéis faoi fhuinneamh in-athnuaite agus faoin dóigh agus faoin am le teacht air a dhéanfaidh comhlánú ar na cinn i dTreoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus an [Rialachán atá beartaithe maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020]. Ina theannta sin, is féidir le feithiclí grianleictreacha rannchuidiú go mór le dícharbónú earnáil iompair na hEorpa. Tá siad i bhfad níos tíosaí ar fhuinneamh i gcomparáid le feithiclí ceallra-leictreacha traidisiúnta, ní bhraitheann siad go forleathan ar an eangach leictreachais le haghaidh luchtaithe, agus is féidir leo fuinneamh glan breise a ghiniúint a d’fhéadfaí a chur isteach san eangach trí luchtú déthreoch, rud a chuireann le neamhspleáchas fuinnimh na hEorpa agus le giniúint fuinnimh in-athnuaite [Leasú 26].

(15a)

Ba cheart leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na ngléasraí cumhachta um chothromú eangaí agus na ngléasraí comhghiniúna atá rannpháirteach i gcothromú eangaí chun tacú le leictreachas in-athnuaite eadrannach, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an leictreachas in-athnuaite sin a leathnú.

(16)

Chun seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin ó chomhbhailiú na sócmhainní stórála dáilte a fhorbairt ar bhealach iomaíoch, ba cheart rochtain fhíor-ama ar fhaisnéis bhunúsach faoi cheallraí, mar shampla staid sláinte, staid luchtaithe, toilleadh agus pointe socraithe cumhachta, a sholáthar faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha , agus forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) á gcomhlíonadh go hiomlán  (15), agus saor in aisce d’úinéirí nó d’úsáideorí na gceallraí agus do na heintitis atá ag gníomhú thar a gceann le toiliú sainráite , mar shampla bainisteoirí córais fuinnimh i bhfoirgnimh, soláthraithe seirbhísí soghluaisteachta agus rannpháirtithe eile sa mhargadh leictreachais , amhail úsáideoirí feithiclí leictreacha . Is iomchuí, mar sin, bearta áirithe a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar an ngá le rochtain ar shonraí den sórt sin chun éascú a dhéanamh ar oibríochtaí ceallraí baile agus feithiclí leictreacha , córais chliste téimh agus fuaraithe, agus gléasanna cliste eile , a bhaineann le comhtháthú, ar bearta iad a chomhlánóidh na forálacha a bhaineann le rochtain ar shonraí ceallraí maidir le hathrú cuspóra ceallraí a éascú sa [Rialachán atá beartaithe maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020]. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le rochtain ar shonraí ceallraí feithiclí leictreacha chomh maith le haon fhoráil a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le cineálcheadú feithiclí.

(17)

Toisc go bhfuil an líon feithiclí leictreacha ar bóthar, ar iarnród, ar muir agus i modhanna eile iompair ag méadú, beidh gá le hoibríochtaí athluchtaithe a bharrfheabhsú agus a bhainistiú ar bhealach nach gcruthóidh plódú agus lena mbainfear an leas is mó is féidir as infhaighteacht leictreachais in-athnuaite agus praghsanna ísle leictreachais sa chóras. I gcásanna ina dtabharfadh luchtú cliste agus déthreoch cúnamh do fhlíteanna feithiclí leictreacha dul i bhfód breise a dhéanamh ó thaobh leictreachas in-athnuaite de in earnáil an iompair agus sa chóras leictreachais i gcoitinne, ba cheart go gcuirfí feidhmiúlacht den sórt sin ar fáil freisin. I bhfianaise shaolré fhada pointí athluchtaithe, ba cheart ceanglais a bhaineann le bonneagar luchtaithe a choimeád cothrom le dáta ar bhealach a d’fhreastalódh ar riachtanais a bheidh ann amach anseo agus ar bhealach nach mbeadh éifeachtaí glasála diúltacha aige ar fhorbairt teicneolaíochta agus seirbhísí.

(18)

Ba cheart é a bheith de cheart ag úsáideoirí feithiclí leictreacha a dhéanann comhaontuithe conarthacha le soláthraithe seirbhísí leictrea-shoghluaisteachta agus le rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais faisnéis agus míniúcháin a fháil ar an difear a dhéanfaidh téarmaí an chomhaontaithe d’úsáid a bhfeithicle agus do staid sláinte an cheallra. Ba cheart go dtabharfadh soláthraithe seirbhísí leictrea-shoghluaisteachta agus rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais míniú soiléir d’úsáideoirí feithiclí leictreacha faoin dóigh a n-íocfar iad as na seirbhísí solúbthachta, cothromúcháin agus stórála a sholáthrófar don chóras leictreachais agus don mhargadh leictreachais a bhuí le húsáid a bhfeithicle leictrí. Is gá freisin cearta tomhaltóirí úsáideoirí feithiclí leictreacha a chosaint nuair a dhéanann siad comhaontuithe den sórt sin, go háirithe maidir le cosaint a sonraí pearsanta, mar shampla suíomh agus nósanna tiomána, i dtaca le húsáid a bhfeithicle. Féadfaidh rogha úsáideoirí feithiclí leictreacha maidir leis an gcineál leictreachais a cheannaítear le húsáid ina bhfeithicil leictreach, chomh maith le roghanna eile, a bheith san áireamh i gcomhaontuithe den sórt sin. Ar na cúiseanna thuas, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtaí as an mbonneagar luchtaithe atá le himscaradh . Chun feabhas a chur ar mhuinín na dtomhaltóirí sa leictrea-shoghluaisteacht, tá sé bunriachtanach, go mbeidh úsáideoirí feithiclí leictreacha in ann a síntiús a úsáid ag pointí athluchtaithe éagsúla. Fágfaidh sé sin, freisin, go mbeidh céadrogha soláthraí seirbhíse an úsáideora feithicle leictrí in ann an fheithicil leictreach a chomhtháthú go barrmhaith sa chóras leictreachais, trí phleanáil intuartha agus trí dhreasachtaí atá bunaithe ar roghanna úsáideoir na feithicle leictrí. Tá sé seo i gcomhréir freisin le prionsabail córais fuinnimh atá dírithe ar thomhaltóirí agus atá bunaithe ar tháirgeoir is tomhaltóir, agus leis an gceart chun rogha soláthróra atá ag úsáideoirí feithiclí leictreacha mar chustaiméirí deiridh de réir fhorálacha Threoir (AE) 2019/944.

(18a)

Lasmuigh de cheallraí baile agus ceallraí feithiclí leictreacha, tá acmhainneacht shuntasach freagartha don éileamh ag fearais éagsúla eile amhail gléasanna cliste téimh agus fuaraithe, umair uisce the, aonaid stórála fuinnimh theirmigh agus gléasanna cliste eile, rud ba cheart a úsáid go práinneach chun cur ar chumas tomhaltóirí cur le solúbthacht an chórais fuinnimh. Is gá, dá bhrí sin, bearta a thabhairt isteach lena gcumasófar rochtain fíor-ama ar shonraí atá ábhartha don fhreagairt don éileamh d’úsáideoirí, agus do thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar ceann na n-úinéirí agus na n-úsáideoirí, amhail rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais, faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha agus saor in aisce, i gcomhréir iomlán le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2016/679.

(19)

Dá réir sin, d’fhéadfadh giniúint dháilte agus dhíláraithe, freagairt don éileamh agus sócmhainní stórála, amhail ceallraí baile agus ceallraí feithiclí leictreacha, córais chliste téimh agus fuaraithe, agus feistí cliste eile agus stóráil fuinnimh theirmigh go leor seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin a chur ar fáil don eangach trí chomhbhailiú. Chun forbairt feistí agus seirbhísí gaolmhara den sórt sin a éascú, ba cheart na forálacha rialála a bhaineann le nascadh agus oibriú na giniúna díláraithe agus sócmhainní stórála, amhail taraifí, amanna gealltanais agus sonraíochtaí nasctha, a dhearadh ar bhealach nach gcuireann isteach ar acmhainneacht na sócmhainní stórála go léir, lena n-áirítear cinn bheaga agus shoghluaiste, chun seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin a chur ar fáil don chóras agus chun cur le dul i bhfód breise an leictreachais in-athnuaite, i gcomparáid le sócmhainní stórála do-aistrithe níos mó. Ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit cothroime iomaíochta ar fáil do ghníomhaithe margaidh beaga, go háirithe comhphobail fuinnimh in-athnuaite, ionas go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach sa mhargadh gan ualach díréireach riaracháin nó rialála a bheith orthu.

(20)

Pointí athluchtaithe áit a mbíonn feithiclí leictreacha páirceáilte de ghnáth ar feadh tréimhsí fada ama, mar shampla áit a mbíonn daoine páirceáilte ar chúiseanna cónaithe nó fostaíochta, is pointí iad sin atá an-ábhartha do chomhtháthú an chórais fuinnimh, mar sin is gá feidhmiúlachtaí luchtaithe chliste agus dhéthreoch a áirithiú. Ba cheart tionscnaimh shonracha a dhéanamh chun líon na bpointí athluchtaithe i limistéir thuaithe agus i limistéir inar tearc an daonra a mhéadú agus chun dáileadh leormhaith a áirithiú sna limistéir is iargúlta agus sna limistéir shléibhtiúla. I ndáil leis sin, tá tábhacht faoi leith ag baint le hoibriú gnáth-bhonneagair luchtaithe nach bhfuil ar fáil don phobal, mar shampla trí chórais méadraithe cliste, tábhacht faoi leith ó thaobh feithiclí leictreacha a chomhtháthú sa chóras leictreachais toisc é a bheith suite áit a mbíonn feithiclí leictreacha páirceáilte arís agus arís eile ar feadh tréimhsí fada ama, amhail i bhfoirgnimh ar a bhfuil rochtain theoranta, i bpáirceáil d’fhostaithe nó i saoráidí páirceála a ligtear ar cíos do dhaoine nádúrtha nó do dhaoine dlítheanacha.

(21)

Is in earnáil na tionsclaíochta a dhéantar 25 % den ídiú fuinnimh san Aontas, agus is tomhaltóir mór téimh agus fuaraithe í – téamh agus fuarú atá ag brath 91 % ar bhreoslaí iontaise faoi láthair. Teocht íseal (<200 oC) atá i gceist le 50 % den éileamh téimh agus fuaraithe, áfach, agus tá roghanna costéifeachtacha fuinnimh in-athnuaite ann dó sin, lena n-áirítear trí leictriú in-athnuaite díreach , teaschaidéil tionsclaíochta agus réitigh gheoiteirmeacha . Ina theannta sin, úsáideann earnáil na tionsclaíochta foinsí neamh-inathnuaite mar amhábhair chun táirgí, amhail cruach agus ceimiceáin, a tháirgeadh. Cinnfidh na cinntí maidir le hinfheistíocht tionsclaíochta a dhéantar inniu na próisis tionsclaíochta agus na roghanna fuinnimh ar féidir leis an earnáil tionsclaíochta iad a chur san áireamh amach anseo, mar sin tá sé tábhachtach go mbeadh na cinntí infheistíochta sin slán i bhfad na haimsire agus go seachnófaí leo sócmhainní tréigthe a chruthú . Ba cheart, mar sin, tagarmharcanna a chur i bhfeidhm chun earnáil na tionsclaíochta a dhreasú chun athrú a dhéanamh go próisis táirgeachta atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, ar phróisis iad a  bhreoslaítear le fuinnimh in-athnuaite agus a n-úsáidtear amhábhair atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, amhail hidrigin in-athnuaite, lena n-aghaidh freisin. ▌

(21a)

Ba cheart do na Ballstáit na hionstraimí pleanála spásúlachta is gá a chur chun cinn lena n-aicmítear ithreacha talmhaíochta agus lena sainaithnítear ithreacha a bhfuil ardluach talmhaíochta acu ar bhonn a saintréithe edifeolaíocha. Ina mbeartais maidir le fuinneamh in-athnuaite a fhorbairt agus a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcaomhnófar críoch na n-ithreacha sin d’úsáid talmhaíochta agus beostoic.

(22)

Agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur i bhfeidhm, is féidir breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a úsáid chun críoch fuinnimh, ach is féidir iad a úsáid freisin chun críoch neamhfhuinnimh mar bhunábhar nó mar amhábhar i dtionscail amhail cruach nó ceimiceáin. Le húsáid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch chun an dá chríoch, baintear lánleas astu chun cur in ionad breoslaí iontaise a úsáid mar bhunábhar agus chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i  bpróisis tionsclaíochta ar deacair iad a leictriú agus ba cheart, mar sin, iad a chur san áireamh i sprioc a bhaineann le húsáid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch. Níor cheart go mbeadh de thoradh ar bhearta náisiúnta a thacaíonn le glacadh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch sna hearnálacha tionsclaíochta sin glanmhéadú ar thruailliú mar gheall ar éileamh méadaithe ar ghiniúint leictreachais a shásaítear leis na breoslaí iontaise is mó a dhéanann truailliú, amhail gual, díosal, lignít, ola, móin agus scealla ola.

(22a)

Mar a thagraítear i Straitéis Hidrigine an Aontais, is féidir ról a bheith ag breoslaí ísealcharbóin agus ag hidrigin ísealcharbóin san aistriú fuinnimh chun astaíochtaí breoslaí atá ann cheana a laghdú. Ós rud é nach breoslaí in-athnuaite iad breoslaí ísealcharbóin agus hidrigin ísealcharbóin, ba cheart go sainmhíneofaí san t-athbhreithniú ar Threoir (AE)…/… [Treoir maidir le gás agus hidrigin] na forálacha comhlántacha maidir le ról na mbreoslaí ísealcharbóin agus na hidrigine ísealcharbóin chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

(23)

Tá an-tábhacht ag baint le huaillmhian a mhéadú in earnáil an téimh agus an fhuaraithe chun an sprioc fhoriomlán fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach ós rud é gur téamh agus fuarú a ídíonn thart ar leath d’fhuinneamh an Aontais, lena gcumhdaítear raon leathan úsáidí deiridh agus teicneolaíochtaí i bhfoirgnimh, in earnáil na tionsclaíochta agus i dtéamh agus fuarú ceantair. Chun dlús a chur leis an méadú ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh i dtéamh agus i bhfuarú, ba cheart 1,1 ▌ar a laghad a bheith ina cheangal ar gach Ballstát , agus sprioc tháscach ag dul suas go 2,3, de réir leibhéal REPowerEU . I gcás na mBallstát sin a bhfuil sciar foinsí fuinnimh in-athnuaite os cionn 50 % acu cheana féin in earnáil an téimh agus an fhuaraithe, ba cheart go mbeadh féidearthacht ann fós gan ach leath den ráta méadaithe ceangailteach bliantúil a chur i bhfeidhm, agus féadfaidh Ballstáit a bhfuil 60 % nó os a chionn sin acu sciar den sórt sin a áireamh mar chomhlíonadh ar an meánráta méadaithe bliantúil i gcomhréir le pointí (b) agus (c) de mhír 2 d’Airteagal 23. Ba cheart do na Ballstáit, le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, measúnú a dhéanamh ar a n-acmhainneacht fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil an téimh agus an fhuaraithe agus ar úsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta. Ina theannta sin, ba cheart breisithe Ballstát-sonracha a shocrú, lena n-athdháilfí iarrachtaí breise ar an leibhéal inmhianaithe foinsí in-athnuaite fuinnimh in 2030 i measc Ballstát bunaithe ar OTI agus ar chostéifeachtúlacht. Ba cheart liosta níos faide de bhearta difriúla a chur san áireamh freisin i dTreoir (AE) 2018/2001 chun an méadú ar sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh i dtéamh agus fuarú a éascú. Ba cheart do na Ballstáit trí bheart ón liosta beart a chur chun feidhme. Agus na bearta sin á nglacadh agus á gcur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh siad inrochtana do gach tomhaltóir, go háirithe iad siúd i dteaghlaigh ísealioncaim nó i dteaghlaigh leochaileacha, agus ba cheart dóibh a éileamh go gcuirfí sciar suntasach de na bearta chun feidhme mar thosaíocht i dteaghlaigh ísealioncaim atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh agus atá i dtithíocht shóisialta [Leasú 38].

(24)

Chun a áirithiú go ngabhann faisnéis níos fearr do thomhaltóirí le ról méadaithe téimh agus fuaraithe ceantair, is iomchuí soiléiriú agus neartú a dhéanamh ar nochtadh i dtaca le sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa gaolmhara, chomh maith le héifeachtúlacht fuinnimh na gcóras sin.

(24a)

D’fhéadfadh an earnáil talmhaíochta leictreachas in-athnuaite breise a tháirgeadh. Déantar an leictreachas in-athnuaite sin a tháirgeadh ar bhealach díláraithe, rud atá ina dheis san aistriú fuinnimh. Chun an leictreachas sin a chur ar an eangach, ní mór acmhainneacht leordhóthanach a bheith ag an eangach sin. Mar sin féin, is minic a chríochnaíonn an eangach i gceantair thuaithe agus dá bhrí sin níl cumas leordhóthanach inti chun freastal ar leictreachas breise. Ba cheart treisiú na n-eangach i gceantair thuaithe a spreagadh go láidir ionas gur féidir le feirmeacha an rannchuidiú a d’fhéadfadh siad a dhéanamh leis an aistriú fuinnimh a bhaint amach trí tháirgeadh leictreachais dhíláraithe.

(24b)

Tá acmhainneacht ollmhór ag suiteálacha táirgthe fuinnimh ar mhionscála ar an bhfeirm cur leis an gciorclaíocht ar an bhfeirm trí shruthanna dramhaíola agus sruthanna iarmharacha na feirme, aoileach i measc nithe eile, a athrú ina dteas agus ina leictreachas. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur le gach bacainn chun feirmeoirí a spreagadh infheistíocht a dhéanamh sna teicneolaíochtaí sin i dtreo feirm chiorclach, amhail díleáiteoirí póca. Ar cheann de na bacainní sin tá luacháil iarmhair an phróisis, mar shampla RENURE, chomh maith le sulfáit amóiniam, ar cheart go mbeifí in ann é a aicmiú agus a úsáid mar leasacháin.

(25)

Córais téimh agus fuaraithe ceantair, ar córais iad atá nua-aimseartha, éifeachtúil agus bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, tá acmhainn léirithe acu chun réitigh chostéifeachtacha a sholáthar chun fuinneamh in-athnuaite, éifeachtúlacht mhéadaithe fuinnimh agus comhtháthú an chórais fuinnimh a chomhtháthú, lena n-éascaítear dícharbónú foriomlán earnáil an téimh agus an fhuaraithe. Chun a áirithiú go mbaintear leas as an acmhainn sin, ba cheart an méadú bliantúil ar fhuinneamh in-athnuaite agus/nó dramhtheas i dtéamh agus fuarú ceantair a ardú ó 1 phointe céatadáin go 2,3 gan cineál táscach an mhéadaithe sin a athrú, rud a léiríonn forbairt mhíchothrom gréasáin den chineál sin ar fud an Aontais.

(26)

Mar gheall ar an tábhacht mhéadaithe a bhaineann le téamh agus fuarú ceantair agus mar gheall ar an ngá atá ann le forbairt na ngréasán sin a stiúradh chun níos mó fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú, is iomchuí ceanglais a leagan síos chun an ceangal a áirithiú idir soláthróirí tríú páirtí d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas agus dramhfhuacht agus córais líonraí téimh agus fuaraithe ceantair os cionn 25MW.

(27)

Baintear tearcúsáid as dramhtheas agus dramhfhuacht, d’ainneoin iad a bheith ar fáil go forleathan, rud is cúis le cur amú acmhainní, éifeachtúlacht fuinnimh níos ísle i gcórais náisiúnta fuinnimh agus ídiú fuinnimh níos airde ná mar is gá san Aontas. D’fhéadfadh ceanglais le haghaidh comhordú níos dlúithe idir oibreoirí téimh agus fuaraithe ceantair, earnálacha tionsclaíochta agus treasacha, agus údaráis áitiúla éascú a dhéanamh ar an idirphlé agus ar an gcomhar atá riachtanach chun leas a bhaint as acmhainn chostéifeachtach dramhtheasa agus dramhfhuachta trí chórais téimh agus fuaraithe ceantair.

(28)

Chun a áirithiú go nglacfaidh téamh agus fuarú ceantair páirt iomlán i gcomhtháthú earnáil an fhuinnimh, is gá an comhar le hoibreoirí córas dáileacháin leictreachais a leathnú chun oibreoirí córas tarchurtha leictreachais a chumhdach agus raon feidhme an chomhair a leathnú go pleanáil infheistíochtaí eangaí agus margaí chun úsáid níos fearr a bhaint as acmhainn téimh agus fuaraithe ceantair ó thaobh seirbhísí solúbthachta a sholáthar i margaí leictreachais. Ba cheart deiseanna a bheith ann le haghaidh comhar breise le hoibreoirí gréasán gáis, lena n-áirítear gréasáin hidrigine agus gréasáin fuinnimh eile, chun comhtháthú níos leithne sna hiompróirí fuinnimh agus an úsáid is costéifeachtaí a áirithiú.

(29)

Is féidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus leictreachas in-athnuaite in earnáil an iompair cur le dícharbónú earnáil iompair an Aontais ar bhealach costéifeachtach, agus feabhas a chur ar éagsúlú fuinnimh san earnáil sin, i measc rudaí eile, agus san am céanna, nuálaíocht, fás agus poist a chur chun cinn i ngeilleagar an Aontais agus an spleáchas ar allmhairí fuinnimh a laghdú. D’fhonn an sprioc mhéadaithe le haghaidh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá sainithe ag an Aontas a bhaint amach, ba cheart an leibhéal fuinnimh in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair san Aontas a mhéadú. Tríd an sprioc iompair a léiriú mar sprioc chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, spreagfaí úsáid mhéadaithe na mbreoslaí is costéifeachtaí agus is fearr ó thaobh feidhmiúlachta de, i dtéarmaí gás ceaptha teasa a laghdú, in earnáil an iompair. Ina theannta sin, le sprioc chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, spreagfaí nuálaíocht agus leagfaí amach tagarmharc soiléir chun comparáid a dhéanamh idir cineálacha breoslaí agus leictreachas in-athnuaite, bunaithe ar dhéine a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa. Sa bhreis air sin, trí leibhéal na sprice fuinneamh-bhunaithe ar bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus ar bhithghás a mhéadú, agus trí sprioc le haghaidh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a thabhairt isteach, d’áiritheofaí úsáid mhéadaithe breoslaí in-athnuaite chomh maith leis an tionchar comhshaoil is lú i modhanna iompair ar deacair iad a leictriú. Ba cheart a áirithiú go mbainfí amach na spriocanna sin trí oibleagáidí ar sholáthróirí breoslaí chomh maith le bearta eile a áirítear i [Rialachán (AE) 2021/XXX maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar – FuelEU Maritime agus Rialachán (AE) 2021/XXX maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú don aeriompar inbhuanaithe]. Níor cheart oibleagáidí tiomnaithe a leagan síos ar sholáthróirí breoslaí eitlíochta ach amháin de bhun [Rialachán (AE) 2021/XXX maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú don aeriompar inbhuanaithe].

(29a)

Léirigh paindéim COVID-19 an tábhacht straitéiseach a bhaineann le hearnáil an iompair. Ba dhea-chleachtas é na lánaí glasa a chur chun feidhme, lenar soláthraíodh slabhraí soláthair slána do sheirbhísí cúraim sláinte agus éigeandála, soláthar riachtanach bia agus táirgí cógaisíochta agus ba cheart tosaíocht a bheith aige sin amach anseo ar astaíochtaí a laghdú aimsir géarchéime.

(29b)

Meastar gur foinse fuinnimh in-athnuaite é cur chun feidhme nó suiteáil córas tiomána gaothchuidithe agus tiomána gaoithe agus gurb é ceann de na réitigh dhícharbónaithe don mhuiriompair.

(30)

Beidh ról fíor-riachtanach ag an leictrea-shoghluaisteacht ó thaobh earnáil an iompair a dhícharbónú. Chun forbairt bhreise na leictrea-shoghluaiseachta a chothú, ba cheart do na Ballstáit sásra creidmheasa a bhunú a chuirfeadh ar a gcumas d’oibreoirí pointí luchtaithe atá inrochtana don phobal rannchuidiú leis an oibleagáid a leag Ballstáit ar sholáthróirí breoslaí a shásamh, trí leictreachas in-athnuaite nó fuinneamh in-athnuaite a sholáthar. Is féidir leis na Ballstáit stáisiúin athluchtaithe phríobháideacha a áireamh sa sásra sin, más féidir a léiriú gur d’fheithiclí leictreacha amháin a sholáthraítear an leictreachas in-athnuaite a sholáthraítear do na stáisiúin athluchtaithe sin. Agus tacaíocht á cur ar fáil trí shásra den sórt sin do leictreachas in earnáil an iompair, tá sé tábhachtach go gcoinneodh na Ballstáit orthu le hardleibhéal uaillmhéine a leagan síos i dtaca lena meascán breosla leachtaigh a dhícharbónú, go háirithe in earnálacha iompair ar deacair dícharbónú a dhéanamh iontu, amhail na hearnálacha muirí agus eitlíochta , ina bhfuil leictriú díreach i bhfad níos deacra.

(30a)

Is féidir hidrigin a úsáid mar bhunábhar nó mar fhoinse fuinnimh i bpróisis tionsclaíochta agus cheimiceacha agus in aeriompar agus in iompar muirí chun earnálacha a dhícharbónú, arb earnálacha iad nach mbeadh sé indéanta, ó thaobh na teicneolaíochta de, ná iomaíoch, leictriú díreach a dhéanamh orthu, agus le haghaidh stóráil fuinnimh chun an córas fuinnimh a chothromú, i gcás inar gá, rud a d’fhágfadh go mbeadh ról suntasach ag an hidrigin i gcomhtháthú córas fuinnimh.

(30b)

Ba cheart do chreat rialála an Aontais agus do thionscnaimh atá dírithe ar na spriocanna maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú tacú leis an tionscal chun aistriú i dtreo córas fuinnimh Eorpach níos inbhuanaithe, go háirithe agus spriocanna nua agus tairseacha táirgeachta á mbunú.

(31)

Tá sé d’aidhm ag beartas fuinnimh in-athnuaite an Aontais rannchuidiú i spriocanna an Aontais Eorpaigh i dtaca le maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Agus an sprioc sin á saothrú, tá sé fíor-riachtanach rannchuidiú freisin le cuspóirí níos leithne comhshaoil, agus go háirithe le cailliúint na bithéagsúlachta a chosc, rud atá faoi thionchar diúltach mar gheall ar an athrú indíreach ar an talamhúsáid a bhaineann le táirgeadh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise áirithe. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh tionchar míchuibhiúil a bheith ag pleanáil neamhleor suiteálacha na dtionscadal mór gaoithe nó fótavoltach ar bhithéagsúlacht, ar thírdhreacha, agus ar phobail áitiúla. Ba cheart na héifeachtaí indíreacha a bhíonn ag an dífhoraoisiú agus ag an mbalcadh ithreach, na héifeachtaí a bhíonn ag tuirbíní gaoithe agus coinbhleachtaí úsáide talún maidir le páirceanna gréine a chur san áireamh freisin. Is seanchúram tábhachtach idirghlúine do shaoránaigh an Aontais agus do reachtóir an Aontais é rannchuidiú sna cuspóirí aeráide agus comhshaoil sin . Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas breoslaí a chur chun cinn i gcainníochtaí lena gcothromaítear an uaillmhian is gá agus an gá atá ann gan rannchuidiú le hathrú díreach agus indíreach ar thalamhúsáid. Mar thoradh air sin, níor cheart do na hathruithe sa bhealach a ríomhtar an sprioc iompair difear a dhéanamh do na teorainneacha a bunaíodh i dtaobh breoslaí áirithe a tháirgtear ó bharra bia agus beatha a áireamh i dtreo na sprice sin de pháirt amháin, agus breoslaí lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar an talamhúsáid den pháirt eile. Ina theannta sin, chun nach gcruthófaí dreasacht chun bithbhreoslaí agus bithghás a tháirgtear ó bharra bia agus beatha a úsáid in earnáil an iompair agus an cogadh in aghaidh na hÚcráine a chur san áireamh , ba cheart rogha a bheith ag Ballstáit fós iad a áireamh i dtreo na sprice iompair, nó gan iad a áireamh. Mura ndéanann siad iad a áireamh, féadfaidh siad laghdú dá réir a dhéanamh ar an sprioc chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, ar an tuiscint go bhfuil laghdú 50 % ann ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le bithbhreoslaí atá bunaithe ar bharra bia agus beatha, rud atá ag freagairt do na gnáthluachanna a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis na conairí táirgthe is ábhartha i gcás bithbhreoslaí atá bunaithe ar bharra bia agus beatha, chomh maith leis an íostairseach laghduithe a bhfuil feidhm aici i gcás fhormhór na suiteálacha a tháirgeann bithbhreoslaí den sórt sin. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit machnamh a dhéanamh freisin ar sholáthar breise bia a dhaingniú chun margaí domhanda tráchtearraí bia a chobhsú.

(31a)

Ba cheart aird a thabhairt ar Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena n-aithnítear leochaileacht ar leith na réigiún is forimeallaí mar gheall ar a n-iargúltacht ó réigiúin na mórthíre, oileánachas, beagmhéid, topagrafaíocht agus aeráid dhian agus spleáchas eacnamaíoch ar líon beag táirgí, ar meascán é lena gcuirtear teorainn lena bhforbairt agus lena ngintear costais bhreise shuntasacha i roinnt mhaith réimsí, go háirithe don iompar. Na hiarrachtaí a dhéantar agus na spriocanna a leagtar síos ar leibhéal na hEorpa chun gáis ceaptha teasa a laghdú, ní mór dóibh a bheith oiriúnaithe don staid dhian sin, trí chothromaíocht a bhaint amach idir cuspóirí comhshaoil agus costais shóisialta arda do na réigiúin sin.

(32)

Nuair a léirítear an sprioc iompair mar sprioc chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, ní gá iolraitheoirí a úsáid chun foinsí in-athnuaite fuinnimh áirithe a chur chun cinn. An chúis atá leis sin ná go laghdaíonn foinsí in-athnuaite fuinnimh difriúla méideanna difriúla astaíochtaí gás ceaptha teasa agus, dá bhrí sin, ní mar an gcéanna an rannchuidiú a dhéanann siad le sprioc. Ba cheart a mheas go bhfuil astaíochtaí nialasacha ag fuinneamh in-athnuaite, rud a chiallaíonn go laghdaíonn sé astaíochtaí 100 % i gcomparáid le leictreachas a ghintear as breoslaí iontaise. Cruthóidh sé sin dreasacht chun fuinneamh in-athnuaite a úsáid ós rud é nach dócha go mbainfear céatadán chomh hard céanna laghduithe amach le breoslaí in-athnuaite agus le breoslaí carbóin athchúrsáilte. Mar sin, an bealach ab éifeachtúla chun iompar de bhóthar a dhícharbónú ná leictriú atá ag brath ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh. Ina theannta sin, chun úsáid bithbhreoslaí ardfhorbartha agus bithgháis agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a chur chun cinn i modhanna na heitlíochta agus na mara, ar modhanna iad atá deacair a leictriú, is iomchuí an t-iolraitheoir a choimeád do na breoslaí sin a soláthraíodh sna modhanna sin, agus iad á n-áireamh i dtreo na spriocanna sonracha a leagtar amach le haghaidh na mbreoslaí sin.

(33)

Cuireann leictriú díreach earnálacha críochúsáide, lena n-áirítear earnáil an iompair, le éifeachtúlacht an chórais , agus éascaíonn sé an t-aistriú go córas fuinnimh atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite. Is meán éifeachtach ann féin é, mar sin, chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Ní gá, mar sin, creat maidir le breisíocht a chruthú a bhainfeadh go sonrach le leictreachas in-athnuaite a sholáthraítear d’fheithiclí leictreacha in earnáil an iompair [Leasú 10].

(34)

Ós rud é gur mar fhuinneamh in-athnuaite a dhéanfar breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a áireamh, gan beann ar an earnáil ina n-ídítear iad, ba cheart leathnú a dhéanamh ar na rialacha lena gcinntear a nádúr in-athnuaite nuair is ó leictreachas a tháirgtear iad, ar rialacha iad nár bhain leis na breoslaí sin ach amháin nuair a ídítear in earnáil an iompair iad, chun gach breosla in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a chumhdach, gan beann ar an earnáil ina n-ídítear iad.

(34a)

Féadfar leictreachas a fhaightear ó cheangal díreach le suiteáil amháin nó roinnt suiteálacha lena ngintear leictreachas inathnuaite a áireamh go hiomlán mar leictreachas inathnuaite i gcás ina n-úsáidtear é chun na breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh. Léiríonn suiteálacha gur soláthraíodh an leictreachas lena mbaineann gan leictreachas a thógáil ón eangach. Féadfar leictreachas a tógadh ón eangach a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite ar an gcoinníoll go ndearnadh é a tháirgeadh go heisiach ó fhoinsí inathnuaite agus gur léiríodh na hairíonna inathnuaite agus aon chritéir iomchuí eile trí chomhaontú ceannaigh cumhachta a thabhairt i gcrích. Ionas go mbeidh sé láncháilithe mar bhreosla inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, ba cheart go mbeadh an comhchoibhneas geografach ar leibhéal náisiúnta seachas ar leibhéal creasa tairisceana agus ba cheart go mbeadh cásanna amach ón gcósta curtha san áireamh freisin. Ní éileofar airíonna inathnuaite an leictreachais sin ach aon uair amháin agus in aon earnáil chríochúsáide amháin. Ba cheart go ndeanfaí amhlaidh maidir le breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch arna n-allmhairiú san Aontas. [Leasú 11].

(35)

Chun éifeachtacht comhshaoil níos airde a áirithiú i dtaobh chritéir an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh breoslaí bithmhaise soladaí i suiteálacha ina dtáirgtear téamh, leictreachas agus fuarú, ba cheart an íostairseach chun critéir den sórt sin a chur i bhfeidhm a ísliú ón tairseach reatha de 20 MW go 7,5 MW .

(36)

Le Treoir (AE) 2018/2001, neartaíodh an creat maidir le hinbhuanaitheacht bithfhuinnimh agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa trí chritéir a leagan síos do gach earnáil chríochúsáide. Leagadh amach rialacha inti le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise, rialacha lenar éilíodh inbhuanaitheacht na n-oibríochtaí buainte agus áireamh astaíochtaí ón athrú ar an talamhúsáid. Chun cosaint feabhsaithe a bhaint amach do ghnáthóga ar mhórán carbóin a bhfuil an-bhithéagsúlacht iontu, amhail foraoisí príomhúla agus cianaosta , foraoisí atá ar mhórán bithéagsúlachta, féarthailte, tailte portaigh agus fraochmhánna , ba cheart eisceachtaí agus teorainneacha ar bhithmhais foraoise a fhoinsiú ó na ceantair sin a thabhairt isteach, i gcomhréir leis an gcur chuige atá ann i dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta. Ina theannta sin, ba cheart na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur i bhfeidhm freisin maidir le suiteálacha bithmhais-bhunaithe atá ann cheana chun a áirithiú gur laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheidh mar thoradh ar tháirgeadh bithfhuinnimh i ngach suiteáil den sórt sin i gcomparáid le fuinneamh a ghintear as breoslaí iontaise. Tá ardluach bithéagsúlachta agus aeráide ag foraoisí leathnádúrtha mar fhoraoisí nó talamh eile coille nach foraois phríomhúil ná fáschoill iad agus atá comhdhéanta den chuid is mó de chrainn dhúchasacha agus de speicis toir nár cuireadh agus níor cheart iad a chlaochlú ina bhfáschoillte ná ina bhforaoisí díghrádaithe ar bhealach eile. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar eolaíocht foraoise chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna oscailte agus chun sonraí a chur ar fáil, mar go bhfuil siad ríthábhachtach chun tuiscint níos fearr a fháil ar ról ár gcrann don aeráid, don chomhshaol, don gheilleagar agus don tsochaí. Ba cheart bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta agus foraoise agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a fháil ó thailte nó ó fhoraoisí a n-urramaítear cearta tríú páirtithe maidir le húsáid agus tionacht na talún nó na foraoise ina leith trí thoiliú saor, roimh ré agus feasach a fháil ó na tríú páirtithe sin, le rannpháirtíocht institiúidí ionadaíocha agus eagraíochtaí ionadaíocha, fad a urramaítear cearta an duine agus cearta saothair na dtríú páirtithe agus nach bhfuil fáil ar bhia agus ar bheatha do thríú páirtithe i mbaol.

(37)

Chun an t-ualach riaracháin ar tháirgeoirí breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte agus ar Bhallstáit a laghdú, i gcás ina n-aithníonn an Coimisiún trí ghníomh cur chun feidhme go dtugtar fianaise le scéimeanna deonacha nó náisiúnta nó go soláthraítear sonraí cruinne leo maidir le comhlíontacht chritéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa chomh maith le ceanglais eile a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart do Bhallstáit glacadh le torthaí an deimhnithe a eisítear le scéimeanna den sórt sin, laistigh de raon feidhme aitheantas an Choimisiúin. Chun an t-ualach ar shuiteálacha beaga a laghdú, ba cheart do Bhallstáit sásra simplithe fíorúcháin a bhunú le haghaidh suiteálacha idir 5 agus 20 MW .

(38)

Tá sé d’aidhm ag bunachar sonraí an Aontais atá le cur ar bun ag an gCoimisiún rianú breoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a chumasú. Ba cheart a raon feidhme a leathnú ó iompar chun gach earnáil chríochúsáide eile ina n-ídítear breoslaí a chumhdach. Is ríthábhachtach an tacaíocht a bheidh ansin don fhaireachán cuimsitheach ar tháirgeadh agus ar ídiú na mbreoslaí sin, agus maolóidh sé na rioscaí a bhaineann le háireamh dúbailte nó neamhrialtachtaí feadh na slabhraí soláthair atá cumhdaithe ag bunachar sonraí an Aontais. Ina theannta sin, chun aon riosca a bhaineann le héilimh dhúbailte ar an ngás in-athnuaite céanna a sheachaint, ba cheart ráthaíocht tionscnaimh a eisítear i dtaca le haon choinsíneacht gáis in-athnuaite atá cláraithe sa bhunachar sonraí a chur ar ceal. Ba cheart an bunachar sonraí sin a chur ar fáil go poiblí ar bhealach oscailte, trédhearcach agus soláimhsithe. Ba cheart don Choimisiún tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú don phobal i gcoitinne faoin bhfaisnéis a thuairiscítear i mbunachar sonraí an Aontais, lena n-áirítear cainníochtaí, tionscnamh geografach agus cineál bunábhair na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise.

(38a)

Chun na hualaí rialála ar shaoránaigh, ar riaracháin agus ar ghnólachtaí a thugtar isteach leis an Treoir seo a fhritháireamh, ba cheart don Choimisiún, faoi chuimsiú a shuirbhé bhliantúil maidir le hualaí arna dhéanamh de bhun mhír 48 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat rialála sna hearnálacha lena mbaineann i gcomhréir leis an bprionsabal “ceann amháin isteach, ceann amháin amach”, mar a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2021 dar teideal Better Regulation: Joining forces to make better laws [Rialáil níos fearr: Oibriú as lámha a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh], agus, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha a thíolacadh chun forálacha i ngníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais lena ngintear costais chomhlíontachta sna hearnálacha sin a leasú nó a scriosadh.

(38b)

Ní mór forálacha leormhaithe frithchalaoise a leagan síos, go háirithe maidir le hola chócaireachta úsáidte, ós rud é go mbíonn ola phailme measctha léi go forleathan. Ós rud é go bhfuil sé bunriachtanach calaois a bhrath agus a chosc chun iomaíocht éagórach agus dífhoraoisiú rábach i dtríú tíortha a sheachaint, ba cheart inrianaitheacht iomlán agus dheimhnithe na n-amhábhar sin a chur chun feidhme.

(39)

Déantar roinnt tagairtí i roinnt áiteanna sa Rialachán Rialachais (AE) 2018/1999 don sprioc cheangailteach ar leibhéal an Aontais gur ó fhuinneamh in-athnuaite a thiocfaidh 32 % ar a laghad d’olltomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030. Ós rud é gur gá an sprioc sin a mhéadú chun cur go héifeachtach leis an uaillmhian go laghdófaí astaíochtaí gás ceaptha teasa 55 % ar a laghad faoi 2030, ba cheart na tagairtí sin a leasú. Ní chruthóidh aon cheanglais phleanála nó tuairiscithe bhreise a leagtar síos córas nua pleanála agus tuairiscithe, ach ba cheart dóibh a bheith faoi réir an chreata pleanála agus tuairiscithe atá ann cheana faoi Rialachán (AE) 2018/1999.

(40)

Ba cheart raon feidhme Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) a leasú chun ceanglais rialála dhúbailte a sheachaint maidir le cuspóirí dícharbónaithe breoslaí iompair agus chun ailíniú le Treoir (AE) 2018/2001.

(40a)

Tá sé tábhachtach freisin taighde agus nuálaíocht a spreagadh i réimse an fhuinnimh ghlain, amhail hidrigin, chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar bhreoslaí malartacha agus, thar aon ní eile, fuinneamh a chur ar fáil ar an margadh atá níos saoire ná breoslaí iontaise amhail díosal, ola bhreosla agus peitreal, a bhfuil na praghsanna atá orthu ag ardú as cuimse faoi láthair.

(41)

Ba cheart sainmhínithe Threoir 98/70/CE a leasú chun iad a ailíniú le Treoir (AE) 2018/2001 agus ar an gcaoi sin, sainmhínithe difriúla a bheith á gcur i bhfeidhm sa dá ghníomh sin a sheachaint.

(42)

Ba cheart na hoibleagáidí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus bithbhreoslaí a úsáid i dTreoir 98/70/CE a scriosadh chun cuíchóiriú a dhéanamh agus chun rialáil dhúbailte a sheachaint maidir leis na cuspóirí dícharbónaithe breoslaí iompair neartaithe dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2018/2001.

(43)

Ba cheart na hoibleagáidí maidir le faireachán agus tuairisciú ar laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach i dTreoir 98/70/CE a scriosadh chun rialáil dhúbailte ar oibleagáidí tuairiscithe a sheachaint.

(44)

Ba cheart Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle, lena soláthraítear rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme aonfhoirmeach Airteagal 7a de Threoir 98/70/CE, a aisghairm mar beidh sí as feidhm le haisghairm Airteagal 7a de Threoir 98/70/CE leis an Treoir seo.

(45)

A mhéid a bhaineann le comhpháirteanna bithbhunaithe i mbreosla díosail, leis an tagairt i dTreoir 98/70/CE do bhreosla díosail B7, is é sin breosla díosail ina bhfuil suas le 7 % d’eistir mheitile aigéid shailligh (FAME), cuirtear teorainn leis na roghanna atá ar fáil chun spriocanna ionchorpraithe bithbhreoslaí níos airde a bhaint amach mar a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001. An chúis atá leis sin ná gur B7 atá i gceist le soláthar iomlán breosla díosail an Aontais, nach mór. Mar gheall air sin, ba cheart sciar uasta na gcomhpháirteanna bithbhunaithe a mhéadú ó 7 % go 10 %. Chun glacadh B10 sa mhargadh a chothú, is é sin breosla díosail ina bhfuil suas le 10 % d’eistir mheitile aigéid shailligh (FAME), tá gá le grád cosanta B7 ar fud an Aontais le haghaidh 7 % FAME i mbreosla díosail mar gheall ar an gcion suntasach feithiclí nach bhfuil comhoiriúnach le B10 a mheastar a bheith sa fhlít faoi 2030. Ba cheart é sin a chur san áireamh in Airteagal 4, mír 1, an dara fomhír de Threoir 98/70/CE arna leasú leis an ngníomh seo.

(45a)

Trí úsáid níos mó a bhaint as fuinneamh in-athnuaite, is féidir slándáil fuinnimh agus neamhthuilleamaíocht a mhéadú freisin tríd an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, i measc nithe eile. Mar sin féin, tá neartú agus idirnascadh breise an chórais tarchurtha riachtanach chun an t-aistriú sin a úsáid go cothrom agus go héifeachtúil ionas go leathnófar na tairbhí go cothrom ar fud dhaonra an Aontais agus nach mbeidh bochtaineacht fuinnimh mar thoradh orthu.

(46)

Ba cheart a bheith in ann, mar thoradh ar na forálacha idirthréimhseacha, leanúint ar aghaidh le bailiú ordúil sonraí agus leis na hoibleagáidí tuairiscithe a shásamh maidir leis na hairteagail de Threoir 98/70/CE a scriostar leis an Treoir seo.

(47)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (17), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. Maidir leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur, go háirithe tar éis bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa chás An Coimisiún v An Bheilg (18) (cás C-543/17).

(47a)

Tá acmhainneacht ollmhór ann don Aontas agus dá thíortha comhpháirtíochta i mbéal forbartha maidir le comhar teicneolaíochta, tionscadail fuinnimh inathnuaite agus onnmhairí fuinnimh ghlain agus maidir le hidirnascacht níos mó d’eangacha fuinnimh ghlain a fhorbairt. D’ainneoin an fháis leanúnaigh atá ag teacht orthu ar an iomlán, tá infheistíochtaí fuinnimh inathnuaite fós dírithe ar dhornán réigiún agus tíortha. Tá réigiúin, a bhfuil an lámh in uachtar ag tíortha i mbéal forbartha agus tíortha atá ag teacht chun cinn orthu, fós faoi ghannionadaíocht ar bhonn seasta, ar réigiúin iad nach meallann ach thart ar 15 % d’infheistíochtaí domhanda i bhfoinsí inathnuaite fuinnimh  (19) . Ba cheart do chomhpháirtíochtaí fuinnimh an Aontais díriú ar thionscadail giniúna fuinnimh inathnuaite, chomh maith le tacú le tionscadail fuinnimh inathnuaite a fhorbairt agus creataí dlíthiúla agus airgeadais a leagan síos agus ba cheart a áireamh iontu soláthar an chúnaimh theicniúil agus an aistrithe eolais is gá i ndlúthchomhar leis an earnáil phríobháideach. Ba cheart go mbeadh gealltanais maidir le dea-rialachas agus peirspictíocht an chomhair chobhsaí, fhadtéarmaigh coinníollach le haghaidh chomhar an Aontais. Ba cheart go mbeadh an comhar maidir le fuinneamh inbhuanaithe mar phríomhthosaíocht do thíortha oiriúnacha faoin tionscnamh “Global Gateway” [Leasú 12].

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir (AE) 2018/2001

Leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, leasaítear an dara mír mar a leanas:

(-a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

“(1)

ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite’ nó ‘fuinneamh in-athnuaite’ fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite neamh-iontaise, eadhon fuinneamh gaoithe, gréine (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach) agus geoiteirmeach, fuinneamh osmóiseach, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh taoide, fuinneamh toinne agus fuinneamh eile aigéin, hidreachumhacht, bithmhais, gás ó líonadh talún, gás ó ionad cóireála camrais, agus bithghás;”;

(-aa)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) de phointe 16:

“(c)

ar príomhchuspóir dó sochair chomhshaoil, eacnamaíocha nó shóisialta — seachas brabús airgeadais — a sholáthar dá scairshealbhóirí nó dá bhallraíocht nó do na ceantair áitiúla ina bhfeidhmíonn sé, i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh;”;

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (36):

“(36)

ciallaíonn ‘breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’ breoslaí leachtacha agus gásacha a ndíorthaítear a luach fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite seachas ó bhithmhais;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (47):

“(47)

ciallaíonn ‘luach réamhshocraithe’ luach a dhíorthaítear as luach tipiciúil trí fhachtóirí réamhchinntithe a chur i bhfeidhm agus ar féidir, in imthosca a shonraítear sa Treoir seo, é a úsáid seachas luach iarbhír;”;

(c)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“( 47a )

‘ciallaíonn ‘lomán cruinn ardchaighdeáin’ lomán cruinn a leagadh nó a buaineadh ar shlí eile agus a aistríodh amach, atá oiriúnach le haghaidh úsáid thionsclaíoch de bharr a shaintréithe amhail speiceas, toisí, díríocht agus dlús nóid, arna shainmhíniú agus arna údarú go cuí ag na Ballstáit i gcomhréir leis na dálaí foraoise ábhartha. Ní áirítear leis seo oibríochtaí tanúcháin réamhthráchtála nó crainn a bhaintear as foraoisí a ndearnadh tinte, lotnaidí, galair nó damáiste de bharr tosca aibhitheacha difear dóibh;

(47b)

ciallaíonn ‘teicneolaíocht nuálach fuinnimh in-athnuaite’ teicneolaíocht giniúna fuinnimh in-athnuaite a fheabhsaíonn ar bhealach amháin ar a laghad teicneolaíochtaí úrscothacha fuinnimh in-athnuaite atá inchomparáide nó a dhéanann acmhainn fuinnimh in-athnuaite nach mbaintear leas aisti den chuid is mó a shaothrú agus lena mbaineann leibhéal soiléir riosca, ó thaobh na teicneolaíochta, an mhargaidh nó an airgeadais de, atá níos airde ná an riosca a bhaineann go ginearálta le teicneolaíochtaí nó gníomhaíochtaí neamh-nuálacha inchomparáide;

( 47c )

ciallaíonn ‘crios tairisceana’ crios tairisceana mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (65) de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20);

( 47d )

ciallaíonn ‘córas méadraithe cliste’ córas méadraithe cliste mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23) de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

( 47e )

ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe’ pointe athluchtaithe mar a shainítear in ▌ Airteagal 2, pointe (33) de Threoir (AE) 2019/944;

( 47f )

ciallaíonn ‘rannpháirtí sa mhargadh’ rannpháirtí sa mhargadh mar a shainítear in ▌ Airteagal 2, pointe (25) de Rialachán (AE) 2019/943;

( 47g )

ciallaíonn ‘margadh leictreachais’ margadh leictreachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9) de Threoir 2019/944;

( 47h )

ciallaíonn ‘ceallra baile’ ceallra in-athluchtaithe neamhspleách de thoilleadh ainmniúil ar mó é ná 2 kWh, atá oiriúnach lena shuiteáil agus lena úsáid i dtimpeallacht bhaile;

( 47i )

ciallaíonn ‘ceallra feithicle leictrí’ ceallra feithicle leictrí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12) den [Rialachán atá beartaithe maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 (22)];

( 47j )

ciallaíonn ‘ceallra tionsclaíoch’ ceallra tionsclaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11) den [Rialachán atá beartaithe maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020];

( 47k )

ciallaíonn ‘staid sláinte’ staid sláinte mar a shainmhínítear ▌in Airteagal 2, pointe (25) den [Rialachán atá beartaithe maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 (23)];

( 47l )

ciallaíonn ‘staid luchtaithe’ staid luchtaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24) den [togra le haghaidh Rialachán maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020];

( 47m )

ciallaíonn ‘pointe socraithe cumhachta’ an fhaisnéis a choinnítear i gcóras bainistíochta an cheallra lena fhorordaítear na socruithe cumhachta leictrí ag a n-oibríonn an ceallra le linn oibríocht athluchtaithe nó sceite, sa mhéid go bhfuil a staid sláinte agus a úsáid oibríochtúil barrfheabhsaithe;

( 47n )

ciallaíonn ‘luchtú cliste’ oibríocht athluchtaithe ina modhnaítear an déine leictreachais arna sholáthar don cheallra i bhfíor-am, bunaithe ar fhaisnéis arna fáil trí chumarsáid leictreonach agus ar féidir a bhaint amach ag gnáthluasanna luchtaithe chomh maith le linn mearluchtaithe trí fhreagairt ar chomharthaí praghais dinimiciúla nó barrfheabhsú an tsreafa cumhachta;

( 47o )

ciallaíonn ‘údarás rialála’ údarás rialála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2) de Rialachán (AE) 2019/943;

( 47p )

ciallaíonn ‘luchtú déthreoch’ oibríocht chliste luchtaithe inar féidir treo an sreabhaidh a aisiompú, ag lamháil don leictreachas sreabhadh ón gceallra chuig an bpointe athluchtaithe lena bhfuil sé nasctha;

( 47q )

ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe gnáthchumhachta’ pointe athluchtaithe gnáthchumhachta ▌ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (31) den [togra le haghaidh Rialachán maidir le leas a bhaint as bonneagar breoslaí ionadúil, lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE];

(47r)

ciallaíonn ‘ceallra pobail’ ceallra in-athluchtaithe neamhspleách ag a bhfuil toilleadh ainmniúil níos mó ná 50 kWh, atá oiriúnach do shuiteáil agus d’úsáid i dtimpeallacht chónaithe, tráchtála nó thionsclaíoch agus atá faoi úinéireacht táirgeoirí is tomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite, ag gníomhú i gcomhpháirt le chéile, nó comhphobal fuinnimh in-athnuaite;

(47s)

ciallaíonn ‘comhaontú ceannacháin fuinnimh in-athnuaite’ conradh faoina gcomhaontaíonn duine nádúrtha nó dlítheanach fuinneamh in-athnuaite a cheannach go díreach ó tháirgeoir, lena gcuimsítear comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite, comhaontuithe ceannacháin hidrigine in-athnuaite agus comhaontuithe ceannacháin téimh agus fuaraithe in-athnuaite, ach níl sé teoranta dóibh sin amháin;

(47t)

ciallaíonn ‘comhaontú ceannacháin téimh agus fuaraithe in-athnuaite’ conradh faoina gcomhaontaíonn duine nádúrtha nó dlítheanach téamh agus fuarú in-athnuaite a cheannach go díreach ó tháirgeoir;

(47u)

ciallaíonn ‘comhaontú ceannacháin hidrigine in-athnuaite’ conradh faoina gcomhaontaíonn duine nádúrtha nó dlítheanach breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a cheannach go díreach ó tháirgeoir;

( 47v )

ciallaíonn ‘tionscal’ cuideachtaí agus táirgí a thagann faoi réim ailt B, C, F agus J, roinn (63) den aicmiú staidrimh gníomhaíochta eacnamaíocha (NACE ATH.2) (24);

( 47w )

ciallaíonn ‘cuspóir neamhfhuinnimh’ úsáid breoslaí mar amhábhair i bpróiseas tionsclaíoch, seachas iad a úsáid chun fuinneamh a tháirgeadh;

( 47x )

ciallaíonn ‘breoslaí in-athnuaite’ bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch;

(47y)

ciallaíonn ‘bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh’ bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2018/1999;

(47z)

ciallaíonn ‘sócmhainn hibrideach in-athnuaite amach ón gcósta’ sócmhainn tarchurtha a bhfuil an dá chuspóir aici giniúint fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a nascadh agus dhá chrios tairisceana nó níos mó a nascadh;

(47aa)

ciallaíonn ‘téamh agus fuarú ceantair atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite’ córais téimh agus fuaraithe ceantair atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus a fheidhmíonn go heisiach trí bhíthin foinsí fuinnimh in-athnuaite;

(47ab)

ciallaíonn ‘bithmhais adhmadach phríomhúil’ an lomán cruinn uile a leagtar nó a bhuantar nó a bhaintear ar shlí eile. Is éard atá ann ná an t-adhmad go léir a fhaightear ó aistrithe, i.e. na cainníochtaí a bhaintear as foraoisí, lena n-áirítear adhmad a aisghabhtar de bharr mortlaíocht nádúrtha agus de bharr leagain agus lománaíochta. Áirítear leis an t-adhmad go léir a bhaintear le coirt nó gan choirt, lena n-áirítear adhmad a bhaintear ina chruth cruinn, nó scoilte, cearnaithe go garbh nó i bhfoirm eile, e.g. brainsí, fréamhacha, stumpaí agus burlaí (i gcás ina mbuantar iad) agus adhmad atá múnlaithe go garbh nó biorach. Ní áirítear leis sin bithmhais adhmadach a fhaightear ó bhearta inbhuanaithe um chosc falscaithe i limistéir ardriosca atá i mbaol dóiteáin, bithmhais adhmadach a fhaightear ó bhearta um shábháilteacht ar bhóithre, agus bithmhais adhmadach a eastósctar ó fhoraoisí atá buailte le tubaistí nádúrtha, lotnaidí gníomhacha nó galair chun a leathadh a chosc, agus ag an am céanna eastóscadh adhmaid a íoslaghdú agus bithéagsúlacht a chosaint, rud a mbeidh foraoisí níos éagsúla agus níos athléimní mar thoradh air, agus beidh sé bunaithe ar threoirlínte ón gCoimisiún [Leasú 42];

(47ac)

ciallaíonn ‘hidrigin in-athnuaite’ hidrigin a tháirgtear trí leictrealú uisce (i leictrealóir, a chumhachtaítear le leictreachas a eascraíonn as foinsí in-athnuaite), nó trí athchóiriú bithgháis nó trí thiontú bithcheimiceach bithmhaise, má tá sé i gcomhréir le critéir inbhuanaitheachta a leagtar amach in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

( 47ad )

ciallaíonn ‘foraois plandála’ foraois a cuireadh a ndéantar dianbhainistiú uirthi agus a chomhlíonann na critéir seo a leanas go léir tráth a bplandála agus tráth aibithe na gclampaí: speiceas amháin nó dhá speiceas, cothrom i dtaca le haicme aoise, agus spásáil rialta eatarthu. Áirítear ann fáschoillte gearruainíochta le haghaidh adhmaid, snáithín agus fuinnimh, agus ní áirítear ann foraoisí a cuireadh le haghaidh cumhdaigh nó athbhunú éiceachórais, chomh maith le foraoisí a bhunaítear trí phlandáil nó síolú atá, tráth a bplandála agus tráth aibithe na gclampaí, nó a bheidh, tráth a bplandála nó tráth aibithe na gclampaí, cosúil le foraoisí a athghineann go nádúrtha;

( 47ae )

ciallaíonn ‘foraois a cuireadh’ foraois arb é atá ann go príomha crainn arna mbunú trí phlandáil agus/nó síolú toiliúil ar choinníoll go measfar go mbeidh na crainn arna bplandú nó arna síolú níos mó ná caoga faoin gcéad den stoc fáis tráth a n-aibithe; áirítear ann roschoill ó chrainn a plandáladh nó a síoladh ar dtús; ▌

(47af)

ciallaíonn ‘fuinneamh osmóiseach’ fuinneamh arna chruthú go nádúrtha ón éagsúlacht i dtiúchan salainn idir dhá shreabhán, uisce úr agus sáile de ghnáth;

(47ag)

ciallaíonn ‘éifeachtúlacht córais’ córas fuinnimh lena gcomhtháthaítear foinsí fuinnimh in-athnuaite athraitheacha ar bhealach costéifeachtach agus lena ndéantar luach na solúbthachta ó thaobh an éilimh de a uasmhéadú chun an t-aistriú chuig aeráidneodracht a bharrfheabhsú, arna thomhas i laghduithe ar infheistíocht an chórais agus ar chostais oibríochtúla, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar úsáidí breoslaí iontaise i ngach meascán fuinnimh náisiúnta;

(47ah)

ciallaíonn ‘gléasra cumhachta hibrideach in-athnuaite’ teaglaim de dhá theicneolaíochtaí giniúna in-athnuaite nó níos mó a bhfuil an nasc eangaí céanna acu, agus ar féidir leo acmhainneacht stórála a chomhtháthú freisin;

(47ai)

ciallaíonn ‘tionscadal stórála fuinnimh comhshuite’ tionscadal lena gcuimsítear saoráid stórála fuinnimh agus saoráid lena dtáirgtear fuinneamh in-athnuaite atá nasctha taobh thiar den phointe rochtana eangaí céanna;

(47aj)

ciallaíonn ‘feithicil ghrianleictreach’ mótarfheithicil atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá feistithe le gléasra cumhachta nach bhfuil ann ach meaisíní leictreacha neamh-fhorimeallacha mar thiontaire fuinnimh ag a bhfuil córas stórála fuinnimh in-athluchtaithe leictreach, ar féidir é a athluchtú go seachtrach, agus ar a bhfuil painéil fhótavoltacha atá comhtháite ag feithiclí freisin [Leasú 29].”;

(2)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile gur ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a thiocfaidh 45  %, ar a laghad de sciar iomlán d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais faoi 2030.

Chun táirgeadh agus úsáid fuinnimh in-athnuaite ó theicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn agus chun iomaíochas tionsclaíoch an Aontais a choimirciú, leagfaidh gach Ballstát síos sprioc tháscach de 5 % ar a laghad d’acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite nua suiteáilte idir… [teacht i bhfeidhm na treorach] agus 2030 mar theicneolaíocht nuálach fuinnimh in-athnuaite.

Chun dul i bhfód breise an leictreachais in-athnuaite a éascú agus chun na seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin a mhéadú, leagfaidh na Ballstáit síos sprioc tháscach do theicneolaíochtaí stórála.

Chun tacú leis an sprioc dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach agus éifeachtúlacht an chórais a bhaint amach, leagfaidh na Ballstáit síos sprioc náisiúnta tháscach íosta do sholúbthacht ó thaobh an éilimh de a chomhfhreagraíonn do laghdú 5 % ar an mbuaicéileamh leictreachais faoi 2030. Bainfear amach an sprioc sin tríd an tsolúbthacht ó thaobh an éilimh de i ngach earnáil chríochúsáide a ghníomhachtú, lena n-áirítear trí athchóiriú foirgneamh agus éifeachtúlacht fuinnimh i gcomhréir le Treoir (AE) …/… [treoir athbhreithnithe (AE) 2018/844] agus Treoir (AE) …/… [treoir athbhreithnithe (AE) 2018/2002].

Sonróidh na Ballstáit a sprioc solúbthachta náisiúnta ó thaobh an éilimh de, lena n-áirítear garspriocanna idirmheánacha, sna cuspóirí náisiúnta a leagtar amach ina bpleananna comhtháite fuinnimh agus aeráide chun solúbthacht an chórais a mhéadú, i gcomhréir le hAirteagal 4, pointe (d), pointe (3) de Rialachán (AE) 2018/1999. Nuair is gá, féadfaidh an Coimisiún bearta comhlántacha a dhéanamh chun tacú leis na Ballstáit a sprioc a chomhlíonadh.

Sainaithneoidh gach Ballstát ina phlean comhtháite fuinnimh agus aeráide, i gcomhréir le hAirteagal 4, pointe (d), pointe (3), de Rialachán (AE) 2018/1999, na bearta is gá chun na spriocanna dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo a bhaint amach.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go dtáirgfear fuinneamh ó bhithmhais ar bhealach ina n-íoslaghdófar iarmhairtí saobhacha míchuí ar mhargadh na n-amhábhar bithmhaise agus tionchair dhíobhálacha ar an mbithéagsúlacht, ar an gcomhshaol agus ar an aeráid . Chuige sin, cuirfidh siad san áireamh ord na réiteach dramhaíola mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE agus prionsabal na húsáide cascáidí dá dtagraítear sa tríú fomhír.

Seo a leanas cuid de na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

Ní thabharfaidh na Ballstáit tacaíocht ar bith maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

lomáin sáibh, lomáin veiníre, stumpaí nó fréamhacha a úsáid chun fuinneamh a tháirgeadh;

(ii)

táirgeacht fuinnimh in-athnuaite arna tháirgeadh ó dhramhaíl a loscadh mura gcomhlíontar na hoibleagáidí um bhailiú ar leithligh agus um ord na réiteach dramhaíola a leagtar síos le Treoir 2008/98/CE;

(iii)

cleachtais nach bhfuil i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa tríú fomhír.

(b)

Ón 31 Nollaig 2026, agus gan dochar do na forálacha a leagtar amach in Airteagal 6 agus na hoibleagáidí sa chéad fomhír, ní thabharfaidh na Ballstáit tacaíocht ar bith maidir le leictreachas a tháirgeadh ó bhithmhais foraoise i suiteálacha leictreachais amháin, mura gcomhlíonfaidh an leictreachas sin ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

táirgtear é i réigiún a shainaithnítear i bplean críochach um aistriú cóir arna fhormheasadh ag an gCoimisiún ▌, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/ . . . ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir i ngeall ar a spleáchas ar bhreoslaí iontaise soladacha, agus comhlíonann sé na ceanglais iomchuí a leagtar amach in Airteagal 29 , pointe (11);

(ii)

táirgtear é trí Ghabháil agus Stóráil CO2 Bithmhaise a chur i bhfeidhm, agus comhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 29 , pointe (11), an dara fomhír.

(ii a)

táirgtear é trí ghléasraí atá i bhfeidhm cheana féin an… [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], nach féidir modhnuithe a dhéanamh ina leith i dtreo na comhghiniúna ós rud é nach ann do na dálaí bonneagair agus éilimh agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 29, pointe (11), ar choinníoll go dtabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi úsáid díolúine den sórt sin agus go dtabharfaidh siad údar cuí dó trí bhíthin faisnéis eolaíoch agus theicniúil atá fíoraithe agus cothrom le dáta agus go bhformheasfaidh an Coimisiún an díolúine.

Tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis [theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ▌ maidir le conas prionsabal na húsáide cascáidí a chur i bhfeidhm le haghaidh bithmhaise foraoise, go háirithe maidir le conas úsáid na lomán cruinn ardchaighdeáin i dtáirgeadh an fhuinnimh a íoslaghdú, le béim ar scéimeanna tacaíochta agus aird chuí á tabhairt ar an mbreisluach eacnamaíoch agus comhshaoil is airde agus ar shonraíochtaí náisiúnta lena n-áirítear cosc ar fhalscaí agus lománaíocht tarrthála.

Faoi 2026 cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i láthair maidir le tionchar scéimeanna tacaíochta na mBallstát le haghaidh bithmhaise, lena n-áirítear an tionchar ar bhithéagsúlacht , ar an aeráid, ar an gcomhshaol agus ar shaobhadh margaidh féideartha, agus déanfaidh sé measúnú ar ▌scéimeanna tacaíochta um an mbithmhais foraoise.”;

(c)

cuirtear an mhír 4 a seo a leanas isteach:

“4a.   Déanfaidh na Ballstáit creat a bhunú, a bhféadfaidh scéimeanna tacaíochta a áireamh ann agus lena n-éascófar tionscadail stórála fuinnimh in-athnuaite agus comhshuite a ghlacadh chomh maith le comhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite agus comhaontuithe ceannacháin téimh agus fuaraithe in-athnuaite , lena gcumasófar fuinneamh in-athnuaite a imscaradh go leibhéal atá comhsheasmhach le ranníocaíocht náisiúnta an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 2 agus ar luas atá comhsheasmhach leis na conairí táscacha dá dtagraítear in Airteagal 4(a)(2) de Rialachán (AE) 2018/1999. Go háirithe, rachaidh an creat i ngleic leis na bacainní atá fós ann, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le nósanna imeachta ceadaithe, tionscnaimh comhphobail fuinnimh a bhunú agus na gréasáin iompair fuinnimh is gá a fhorbairt, chun tacú le hardleibhéal soláthair fuinnimh in-athnuaite. Le linn dóibh an creat sin a dhearadh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an leictreachas in-athnuaite breise agus na bonneagair stórála is gá chun freastal ar an éileamh sna hearnálacha iompair, tionsclaíochta, tógála, agus téimh agus fuaraithe agus maidir le táirgeacht breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch.’;

I gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, áiritheoidh na Ballstáit tomhaltas, trádáil agus stóráil sholúbtha leictreachais in-athnuaite sna hearnálacha críochúsáide sin chun cabhrú lena dhul i bhfód ar bhealach costéifeachtach.

Féadfaidh na Ballstáit achoimre ar na beartais agus ar na bearta faoin gcreat cumasúcháin agus measúnú ar chur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart sin faoi seach a áireamh ina bpleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide agus sna tuarascálacha ar dhul chun cinn a ghabhfaidh leo, de bhun Rialachán (AE) 2018/1999.”;

(3)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(-a)

sa chéad fhomhír de mhír 1, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad phointe (c):

“(c)

tomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí agus breoslaí in-athnuaite in earnáil an iompair. ”;

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (a), (b) nó (c), ní mheasfar gás nó leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite ach aon uair amháin chun críocha sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh a ríomh. Cuirfear fuinneamh a tháirgtear ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch san áireamh san earnáil – leictreachas, téamh agus fuarú nó iompar – ina ndéanfar é a thomhailt. I gcás ina n-ídítear breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch i mBallstát nach ionann é agus an Ballstát inar táirgeadh iad, fuinneamh a ghintear trí úsáid a bhaint as breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, déanfar 80 % dá dtoirt a áireamh sa tír agus san earnáil ina n-ídítear é agus 20 % dá dtoirt sa tír ina dtáirgtear é, mura gcomhaontaítear a mhalairt idir na Ballstáit lena mbaineann. Chun faireachán a dhéanamh ar chomhaontuithe den sórt sin agus chun aon chomhaireamh dúbailte a sheachaint, tabharfar fógra don Choimisiún faoi aon chomhaontú den sórt sin, lena n-áirítear méideanna beachta an tsoláthair agus an éilimh, tráthanna an aistrithe agus an dáta faoina mbeidh an socrú oibríochtúil. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil maidir leis na comhaontuithe a tugadh i gcrích, lena n-áirítear uainiú, toirt, praghas agus aon choinníollacha breise.”;

(aa)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:

“Chun críocha na spriocanna dá dtagraítear in Airteagail 15a, 22a, 23(1), 24(4) agus 25(1), maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, tabharfar 100 % dá dtoirt i gcuntas sa tír ina dtomhlaítear iad.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), déanfar olltomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a ríomh mar an chainníocht de leictreachas a tháirgtear i mBallstát ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear táirgeacht leictreachais ó athnuaiteáin, ó tháirgeoirí is tomhaltóirí agus ó chomhphobail fuinnimh in-athnuaite agus leictreachas ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus lena n-eisiafar táirgeacht leictreachais in aonaid taisce pumpála ó uisce a pumpáladh in aghaidh fána chomh maith le leictreachas a úsáidtear chun breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a tháirgeadh.”;

(c)

i mír 4, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

Déanfar tomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san earnáil iompair a ríomh mar shuim gach bithbhreosla, bithgháis agus breosla in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a thomhlaítear san earnáil iompair.”;

(4)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

“1a.    Déanfaidh gach Ballstát comhaontuithe comhair chun tionscadail comhpháirteacha a bhunú le Ballstát amháin eile nó níos mó chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh, lena n-áirítear sócmhainní hibrideacha in-athnuaite amach ón gcósta, mar seo a leanas:

(a)

faoin 31 Nollaig 2025, bunóidh Ballstáit a bhfuil tomhaltas leictreachais bliantúil de 100 TWh nó níos lú acu dhá tionscadal chomhpháirteacha ar a laghad;

(b)

faoin 2030, bunóidh Ballstáit a bhfuil tomhaltas leictreachais bliantúil de níos mó ná 100 TWh acu triú tionscadal comhpháirteach . ▌;

Ní bheidh tionscadail chomhpháirteacha den sórt sin ag comhfhreagairt do na tionscadail leasa choitinn a glacadh cheana féin faoi Rialachán (AE) 2022/869  (1a) . Beidh sainaithint na dtionscadal comhpháirteach bunaithe ar na riachtanais arna sainaithint sna pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta le haghaidh gach imchuach farraige agus an plean forbartha gréasáin deich mbliana ach féadfaidh siad dul thar na riachtanais sin agus féadfaidh údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus oibreoirí príobháideacha a bheith páirteach ann.

Tionscadail a mhaoinítear le ranníocaíochtaí náisiúnta faoi shásra maoiniúcháin an Aontais a bhunaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún (25), cuirfear san áireamh iad chun na ceanglais den chéad fhomhír a chomhlíonadh le haghaidh na mBallstát lena mbaineann sna tionscadail sin.

Oibreoidh na Ballstáit i dtreo leithdháileadh cothrom na gcostas agus na dtairbhí a bhaineann le comhthionscadail. Chuige sin, cuirfear costais agus tairbhí ábhartha uile an chomhthionscadail san áireamh sa chomhaontú ábhartha comhair.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na comhaontuithe comhair sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear an dáta a mheasfar go mbeidh an tionscadal ag feidhmiú.

(25)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite (IO L 303, 17.9.2020, lch. 1)."

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“7a.   Comhoibreoidh na Ballstáit a bhfuil teorainn acu le himchuach farraige chun a shuí go comhpháirteach , tar éis dóibh dul i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí, méid an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a bhfuil sé i gceist acu a tháirgeadh san imchuach farraige sin faoi 2050, leis na céimeanna agus na conairí idirmheánacha in aghaidh an imchuach farraige in 2030 agus in 2040 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/869 . Léireoidh gach Ballstát na méideanna atá pleanáilte aige a bhaint amach trí thairiscintí rialtais, le béim ar an bhféidearthacht theicniúil agus eacnamaíoch do bhonneagar na heangaí.

Ina gcuid comhaontuithe comhair, áiritheoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile go bhfuil na pleananna sin i gcomhréir le comhlíonadh na gcuspóirí a leagtar síos i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Samhain 2020 dar teideal An EU Strategy to harness the potential of offshore renewable energy for a climate neutral future [Straitéis AE chun leas a bhaint as acmhainneacht an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta do thodhchaí a bheidh neodrach ó thaobh aeráide de], agus urraim á tabhairt do dhlí comhshaoil an Aontais agus do chosaint na bithéagsúlachta, na sainiúlachtaí agus an fhorbairt i ngach réigiún, go háirithe na gníomhaíochtaí a bhí ar siúl cheana sna limistéir a ndéantar difear dóibh, an díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhshaol, acmhainneacht in-athnuaite an imchuach farraige agus an tábhacht pleanáil eangacha comhlachaithe comhtháite amach ón gcósta a áirithiú. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin méid sin agus an eangach phleanáilte sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide uathu arna gcur isteach de bhua Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. Féadfaidh an Coimisiún bearta comhlántacha a dhéanamh chun tacú le Ballstáit ina gcuid iarrachtaí ailíniú leis na conairí in aghaidh an imchuach farraige.

Tar éis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bheith curtha in iúl, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar aon bhearna a d’fhéadfadh a bheith ann idir an méid féideartha d’acmhainní fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá ag na Ballstáit agus an méid fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá pleanáilte do 2030, 2040 agus 2050. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún bearta breise chun an bhearna sin a laghdú.

Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil teorainn acu le himchuach farraige spás leormhaith do thionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a shainiú go comhpháirteach agus leithdháilfidh siad an spás sin ina gcuid pleananna spásúla muirí agus cur chuige láidir rannpháirtíocht an phobail á áirithiú ionas go gcuirfear tuairimí na ngeallsealbhóirí agus na bpobal cósta go léir san áireamh, chomh maith leis na gníomhaíochtaí atá ar siúl cheana féin sna limistéir a ndéantar difear dóibh.

Chun deonú ceadanna le haghaidh tionscadail chomhpháirteacha fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a éascú, laghdóidh na Ballstáit castacht an phróisis deonaithe ceadanna agus méadóidh siad éifeachtúlacht agus trédhearcacht an phróisis sin agus cuirfidh siad feabhas ar an gcomhar eatarthu féin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí phointe teagmhála aonair (‘ionad ilfhreastail’) a bhunú in aghaidh gach conaire tosaíochta eangaí amach ón gcósta.

Chun go nglacfaidh an pobal leis sin ar bonn níos leithne, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhféadfaí comhphobail fuinnimh in-athnuaite a áireamh i dtionscadail chomhpháirteacha chomhair maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta. ”;

(5)

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(-a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Aon rialacha náisiúnta i ndáil le nósanna imeachta údarúcháin, deimhniúcháin agus ceadúnúcháin a chuirtear i bhfeidhm ar ghléasraí, lena n-áirítear gléasraí cumhachta hibrideacha in-athnuaite, agus ar ghréasáin ghaolmhara tarchurtha agus dáileacháin lena dtáirgtear leictreachas, téamh nó fuarú ó fhoinsí in-athnuaite, agus a chuirtear i bhfeidhm ar an bpróiseas a bhaineann le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise nó táirgí eile fuinnimh a dhéanamh as bithmhais, agus a chuirtear i bhfeidhm ar bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad comhréireach agus riachtanach agus go gcuideofar leo leis an bprionsabal faoina dtugtar tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun feidhme.”;

(-aa)

leasaítear an dara mír mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

go mbeidh nósanna imeachta riaracháin cuíchóirithe, lena n-áirítear próisis réigiúnacha agus bhardasacha, agus go gcuirfear dlús leo ar an leibhéal riaracháin iomchuí agus go mbunófar amchláir intuartha do na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

“(c)

go mbeidh na muirir riaracháin a ghearrfar ar thomhaltóirí, pleanálaithe, ailtirí, tógálaithe, agus ar lucht suiteála agus soláthar trealaimh agus córais, go mbeidh siad trédhearcach agus i gcomhréir leis an gcostas a bhaineann leo; and

(d)

go mbunófar nósanna imeachta údarúcháin simplithe a mbeidh ualach níos lú ag baint leo, lena n-áirítear nós imeachta fógra simplí agus pointí teagmhála aonair a thabhairt i dtaca le feistí díláraithe, agus lena dtáirgtear agus lena stóráiltear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite.”;

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Aon sonraíochtaí teicniúla nach mór do threalamh agus do chórais fuinnimh in-athnuaite a chomhlíonadh chun leas a fháil ó scéimeanna tacaíochta agus chun bheith incháilithe faoi na rialacha maidir le soláthar poiblí , déanfaidh na Ballstáit iad a shonrú go soiléir. I gcás inarb ann do chaighdeáin rialála nó chomhchuibhithe nó caighdeáin Eorpacha, lena n-áirítear córais tagartha teicniúla arna mbunú ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, déanfar na sonraíochtaí teicniúla sin a shloinneadh de réir na gcaighdeán sin. Tabharfar tosaíocht do chaighdeáin rialála agus chomhchuibhithe, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun tacú le reachtaíocht Eorpach , lena n-áirítear, mar shampla, Rialachán (AE) 2017/1369 nó 2009/125/CE . Murab ann dóibh, úsáidfear caighdeáin chomhchuibhithe agus caighdeáin Eorpacha eile, san ord sin. Ní thoirmiscfear leis na caighdeáin teicniúla sin an áit a gcaithfear an trealamh agus na córais sin a dhearbhú, ná ní dhéanfar leis na caighdeáin sin bacainn a chur ar fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh”;

(aa)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.     Agus pleanáil, lena n-áirítear luathphleanáil spásúil, dearadh, tógáil agus athfheistiú á ndéanamh acu maidir le bonneagar uirbeach, ceantair thionsclaíocha, thráchtála nó chónaithe agus maidir le bonneagar fuinnimh agus iompair, lena n-áiritear leictreachas, téamh agus fuarú ceantair, gás nádúrtha agus gréasáin breoslaí malartacha, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis inniúla acu, ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, foráil do chomhtháthú agus do imscaradh an fhuinnimh in-athnuaite lena n-áirítear d’fhéintomhaltas fuinnimh in-athnuaite agus do chomhphobail fuinnimh in-athnuaite agus d’úsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta dosheachanta. Go sonrach, spreagfaidh na Ballstáit comhlachtaí riaracháin áitiúla agus réigiúnacha téamh agus fuarú ó fhoinsí in-athnuaite a áireamh i bpleanáil bonneagair cathrach, i gcás inarb iomchuí, agus rachaidh siad i gcomhairle leis na hoibreoirí gréasáin chun tionchar na gclár éifeachtúlachta fuinnimh agus freagartha ar éileamh a léiriú mar aon le forálacha sonracha maidir le féintomhaltais fuinnimh in-athnuaite agus comhphobail fuinnimh in-athnuaite, i ndáil le pleananna forbartha bonneagair na n-oibreoirí.”;

(b)

scriostar míreanna 4, 5, 6 agus 7:

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar na bacainní rialaitheacha agus riaracháin maidir le comhaontaithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite fadtéarmacha , lena n-áirítear comhaontaithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite, comhaontuithe ceannaigh téimh agus fuaraithe in-athnuaite agus comhaontuithe ceannacháin hidrigine, tionscadail stórála fuinnimh chomhshuite chomh maith le cinn trasteorann.

Bainfidh siad bacainní ▌ar an leibhéal náisiúnta agus trasteorann maidir lena bhforbairt, amhail bacainní maidir le cead a thabhairt, mar shampla do thionscail agus FBManna atá dian ar fhuinneamh, mar aon le gníomhaithe agus bardais níos lú, agus cuirfidh siad glacadh na gcomhaontuithe sin chun cinn, lena n-áirítear trí iniúchadh a dhéanamh ar conas na rioscaí airgeadais a bhaineann leo a laghdú, go háirithe trí ráthaíochtaí creidmheasa a úsáid. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na comhaontuithe sin faoi réir aon nósanna imeachta ná aon mhuirir ná aon mhuirir ná táillí a bheidh díréireach nó idirdhealaitheach, agus go bhféadfar aon ráthaíochtaí tionscnaimh lena mbaineann a aistriú chuig ceannaitheoir an fhuinnimh ▌faoin gcomhaontú ceannacháin fuinnimh in-athnuaite .

Déanfaidh na Ballstáit cur síos maidir le polasaithe agus bearta na mBallstát lena gcuirtear glacadh comhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite chun cinn ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus maidir leis na tuarascálacha ar dhul chun cinn arna gcur isteach de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin. Soláthróidh siad léiriú sna tuarascálacha sin freisin maidir le méid na giniúna leictreachais in-athnuaite arna dtacú ag na cineálacha éagsúla comhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cead ag iarratasóirí na doiciméid ábhartha go léir a thíolacadh i bhfoirm dhigiteach. Má bhaineann iarratasóir úsáid as rogha an iarratais dhitigigh, ní mór an próiseas ceadaithe ina iomláine, lena n-áirítear na próisis inmheánacha, riaracháin a dhéanamh go digiteach. Áiritheoidh na Ballstáit anuas air sin go ndéanfar na héisteachtaí poiblí agus na nósanna imeachta rannpháirtíochta a dhigitiú. ”;

(d)

cuirtear an mhír 9 seo a leanas leis:

“9.   Faoi … [bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na treoirlínte do na Ballstáit maidir le cleachtais a cheadú chun an próiseas do thionscadail nua agus do thionscadail athchumhachtaithe a luathú agus a shimpliú. Áireofar sna treoirlínte sin moltaí maidir le conas na rialacha maidir le nósanna imeachta riaracháin a leagtar amach in Airteagal 15 agus in Airteagal 17 a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm, mar aon lena gcur chun feidhme i leith téamh, fuarú agus cumhacht in-athnuaite agus comhghiniúint in-athnuaite agus sraith príomhtháscairí feidhmíochta próisis chun measúnú trédhearcach agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar éifeachtacht araon.

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí, lena n-áirítear le geallsealbhóirí ábhartha. Áireofar sa treoir sin freisin faisnéis maidir le hacmhainní digiteacha agus daonna na n-údarás ceadaithe, pointí teagmhála aonair éifeachtacha, pleanáil spásúlachta, srianta míleata agus eitlíochta sibhialta, imeachtaí cúirte agus cásanna réitigh shibhialta agus idirghabhála, mar aon le dlíthe maidir le mianadóireacht agus oibreacha geolaíocha a choigeartú agus a iarfheistiú chomh maith le hacmhainn theicniúil leormhaith a áirithiú chun na cúraimí sin a dhéanamh.

Déanfaidh na Ballstáit measúnú a thíolacadh ar a bpróiseas ceadaithe agus na bearta feabhsúcháin a bheidh le glacadh i gcomhréir leis na treoirlínte sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/199 i gcomhréir leis an nós imeachta agus leis an amlíne a leagtar síos san Airteagal sin.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na bearta ceartaitheacha atá sna pleananna agus as scóráil gach Ballstát sna príomhtháscairí feidhmíochta. Cuirfear an measúnú ar fáil go poiblí.

I gcás easpa dul chun cinn, féadfaidh an Coimisiún bearta breise a dhéanamh chun tacú leis na Ballstáit maidir lena gcur chun feidhme ag cuidiú leo a gcuid nósanna imeachta ceadaithe a athchóiriú agus a chuíchóiriú .”;

(6)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 15a

Príomhshruthú an fhuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh

1.   Chun táirgeacht agus úsáid fuinnimh in-athnuaite agus dramhtheas agus dramhfhuacht san earnáil tógála a chur chun cinn, leagfaidh na Ballstáit amach sprioc tháscach maidir leis an sciar d’fhoinsí in-athnuaite a tháirgtear ar an láthair nó in aice láimhe lena n-áirítear ón eangach san ídiú fuinnimh deiridh ina n-earnálacha tógála in 2030 a bheidh comhsheasmhach le sprioc tháscach de sciar fuinnimh 49 % ar a laghad ó fhoinsí in-athnuaite agus dramhtheas agus dramhfhuacht dosheachanta san earnáil tógála i dtomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais in 2030. Ballstáit nach gcuireann praghas sainráite ar charbón san earnáil tógála trí scéim trádála cánach nó astaíochtaí nó Ballstáit a chinneann gan a bheith páirteach go sealadach sa scéim nua Eorpach trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus an chórais iompair, socróidh siad sciar táscach níos airde d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh. Déanfar an sprioc náisiúnta tháscach a shloinneadh i dtéarmaí sciar an tomhaltais deiridh fuinnimh náisiúnta agus a ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 7 , lena bhféadfar an leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite, eadhon féintomhaltas, comhphobail fuinnimh agus sciar an fhuinnimh in-athnuaite sa mheascán leictreachais, agus dramhtheas agus dramhfhuacht dosheachanta a bheith san áireamh i ríomh sciar an tomhaltais deiridh . Áireoidh na Ballstáit a sprioc sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur isteach de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 chomh maith le faisnéis maidir le conas a bheartaíonn siad é a bhaint amach.

Féadfaidh na Ballstáit dramhtheas agus dramhfhuacht a áireamh sa sprioc dá dtagraítear sa chéad fhomhír, suas le teorainn 20 %. Má chineann siad déanamh amhlaidh, méadóidh an sprioc faoi leath chéatadán na dramhtheasa agus an dramhfhuachta arna úsáid go huasteorainn 54 %.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit isteach bearta ina rialacháin agus cóid tógála agus, i gcás inarb infheidhme, ina scéimeanna tacaíochta, chun an sciar leictreachais agus téimh agus fuaraithe ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgtear ar an láthair nó in aice láimhe, araon, lena n-áirítear ón eangach, sa stoc foirgneamh a mhéadú, lena n-áirítear bearta náisiúnta a bhaineann le méaduithe suntasacha i bhféintomhaltas athnuaiteáin, comhphobail fuinnimh in-athnuaite , comhroinnt áitiúil fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh áitiúil, luchtú cliste agus déthreoch, seirbhísí solúbthachta eile amhail freagairt ar éileamh, agus i gcomhar le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le comhghiniúint ardéifeachtúlachta agus foirgnimh éighníomhacha, foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh agus foirgnimh atá neodrach ó thaobh fuinnimh agus teicneolaíochtaí nuálacha á gcur san áireamh .

Chun an sciar tháscach d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, ceanglóidh na Ballstáit úsáid íosta leibhéil fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgtear ar an láthair nó in aice láimhe, araon, lena n-áirítear ón eangach, i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh atá ann cheana atá á n-athchóiriú ina rialacháin agus cóid tógála agus, i gcás inarb infheidhme, ina scéimeanna tacaíochta nó ar mhodhanna eile le héifeacht choibhéiseach, i gcomhréir le forálacha Threoir 2010/31/AE agus i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go heacnamaíoch, go teicniúil agus go feidhmiúil . Ceadóidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na leibhéil íosta seo, i measc nithe eile, trí théamh agus fhuarú ceantair éifeachtúil.

Maidir le foirgnimh reatha, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na fórsaí armtha, ach amháin sa mhéid nach mbeidh a fheidhmiú ar neamhréir le nádúr ná le príomhchuspóir ghníomhaíochtaí na bhfórsaí armtha cé is moite d’ábhar a bhíonn in úsáid go heisiach chun críoch míleata.

3.   Maidir le foirgnimh phoiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh siad ról eiseamláireach maidir leis an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite a úsáidtear, i gcomhréir le forálacha Airteagal 9 de Threoir 2010/31/AE agus i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2012/27/AE. Féadfaidh na Ballstáit, i measc nithe eile, a cheadú go gcomhlíonfaí an oibleagáid sin trí fhoráil a dhéanamh do na tríú páirtithe díonta nó dromchlaí agus fo-dhromchlaí comhoiriúnacha eile i bhfoirgneamh poiblí nó díonta nó dromchlaí agus fo-dhromchlaí comhoiriúnacha eile foirgneamh príobháideach poiblí a úsáid i gcomhair suiteálacha lena dtáirgtear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite.

Déanfaidh na Ballstáit comhar idir na húdaráis áitiúla agus na comhphobail fuinnimh in-athnuaite san earnáil tógála a chur chun cinn, go háirithe trí úsáid soláthair phoiblí. Léireofar tacaíocht den sórt sin i bPleananna Athchóirithe Náisiúnta Foirgneamh na mBallstát faoi Airteagal 3 de Threoir … [EPBD].

4.   Chun an sciar tháscach d’fhuinneamh in-athnuaite a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit úsáid córas agus trealaimh téimh agus fuaraithe a chur chun cinn , lena n-áirítear teicneolaíochtaí nuálacha don chomhthéacs áitiúil lena mbaineann, amhail córais agus trealamh cliste leictrithe téimh agus fuaraithe atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite, arna gcomhlánú, i gcás inarb infheidhme, le bainistiú cliste ar na hacmhainní díláraithe fuinnimh i bhfoirgnimh, trí Chórais Bhainistíochta Fuinnimh Foirgneamh atá in ann idirghníomhú leis an eangach fuinnimh . Chuige sin, úsáidfidh na Ballstáit gach beart, uirlis agus dreasacht is iomchuí, lena n-áirítear, i measc nithe eile, lipéid fuinnimh a fhorbraítear faoi Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), teastais feidhmíochta fuinnimh de bhun Threoir 2010/31/AE, nó teastais nó caighdeáin iomchuí eile a fhorbraítear ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, agus áiritheoidh siad go gcuirfear go leor faisnéise agus comhairle ar fáil , lena n-áirítear trí shiopaí ilfhreastail, maidir le breoslaí ionadúla in-athnuaite an-éifeachtúil chomh maith le maidir leis na hionstraimí airgeadais agus dreasachtaí atá ar fáil chun ráta athsholáthair méadaithe a chur chun cinn maidir le seanchórais téimh agus fuaraithe agus maidir le hathrú chuig réitigh atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite.”;

(26)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1)."

(7)

leasaítear ▌Airteagal 18 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

“3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh scéimeanna deimhniúcháin nó scéimeanna cáilithe náisiúnta comhionanna ar fáil do shuiteálaithe agus dearthóirí de gach cineál córas téimh agus fuaraithe in-athnuaite i bhfoirgnimh, in earnáil na tionsclaíochta agus sa talmhaíocht, agus do shuiteálaithe teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite eile, teicneolaíochtaí stórála agus freagartha éilimh, lena n-áirítear stáitiúin luchtaithe . Féadfar a thabhairt san áireamh sna scéimeanna sin, nuair is iomchuí, scéimeanna agus struchtúir ar ann dóibh cheana, agus is ar na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a bhunófar na scéimeanna sin. Deimhneoidh gach Ballstát an t-aitheantas atá tugtha don deimhniúchán arna dheonú ag Ballstáit eile i gcomhréir leis na critéir sin.

Faoin 31 Nollaig 2023 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na mBallstáit measúnú ar an mbearna idir na gairmithe suiteálacha oilte agus cáilithe a theastaíonn, agus i gcás inarb iomchuí, moltaí a dhéanamh ar conas fáil réidh le haon bhearnaí . Déanfar na measúnuithe agus aon mholtaí arna ndéanamh ar fáil go poiblí.

Bunóidh na Ballstáit coinníollacha, lena n-áirítear trí straitéisí uas-scilithe agus athscilithe, chun a áirithiú go bhfuil líon leordhóthanach suiteálaithe atá oilte agus cáilithe , dá dtagraítear i mír 3, ar fáil ▌chun freastal ar an mborradh i dtéamh agus fuarú in-athnuaite atá ag teastáil chun rannchuidiú leis an méadú bliantúil sa sciar d’fhuinneamh in-athnuaite san earnáil téimh agus fuaraithe mar a leagtar amach in Airteagal 23 agus leis na spriocanna fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh a leagtar amach in Airteagal 15a, in earnáil an tionscail a leagtar amach in Airteagal 22a agus in earnáil an iompair a leagtar amach in Airteagal 25, agus chun rannchuidiú le baint amach na sprice foriomláine a leagtar amach in Airteagal 3 .

Chun líon leordhóthanach suiteálaithe agus dearthóirí a bhaint amach, áiritheoidh na Ballstáit , ar choinníoll go bhfuil siad i gcomhoiriúint leis na scéimeanna náisiúnta cáilithe agus deimhniúcháin, go gcuirfear cláir oiliúna leordhóthanacha ar fáil a mbeidh cáiliú nó deimhniú lena gcuimseofar teicneolaíochtaí téimh agus fuaraithe in-athnuaite mar thoradh orthu, mar aon leis na réitigh nuálacha is déanaí a bhaineann leo. Cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm chun rannpháirtíocht i gcláir den sórt a chur chun cinn, go háirithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide agus iad siúd atá féinfhostaithe , mar aon leis an gcothromaíocht inscne agus spriocdhíriú ar mionlaigh áirithe atá faoi ghannionadaíocht a áirithiú. Má tá siad i gcomhoiriúint leis na scéimeanna oiliúna agus cáilithe atá ann cheana féin, féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe deonacha a chur i bhfeidhm leis na soláthróirí agus na díoltóirí teicneolaíochta iomchuí chun líon leordhóthanach suiteálaithe a chur faoi oiliúint, a fhéadfar a bhunú ar mheastacháin díolacháin, sna réitigh agus teicneolaíochtaí nuálacha is déanaí atá ar fáil ar an margadh.

Ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus sna tuarascálacha ar dhul chun cinn arna gcur isteach de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin, déanfaidh na Ballstáit cur síos ar a gcuid beartas agus beart lena gcuirfear chun cinn oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú oibrithe i réimse an fhuinnimh in-athnuaite a bheidh cuimsitheach agus ar ardchaighdeán.

4.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis maidir leis na scéimeanna deimhniúcháin nó na scéimeanna cáilíochta coibhéiseacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 3 ar fáil don phobal. Déanfaidh na Ballstáit liosta a thabharfar cothrom le dáta go rialta de na suiteálaithe atá cáilithe nó deimhnithe i gcomhréir le mír 3 ▌ a chur ar fáil don phobal freisin, ar bhealach trédhearcach agus inrochtana go héasca. ”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“6a.     Aon bhearta a dhéantar faoin Airteagal seo, beidh siad gan dochar do na bearta a dhéantar faoi Threoracha (AE) …/… [Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh] agus (AE) …/… [EPBD].”;

(8)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(-a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.     Ar mhaithe lena léiriú do chustaiméirí deiridh tionscnamh an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a bhíonn i meascán fuinnimh soláthróra fuinnimh agus san fhuinneamh arna sholáthar do thomhaltóirí faoi chonarthaí arna margú maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a thomhailt, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir tionscnamh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a ráthú mar fhuinneamh in-athnuaite de réir bhrí na Treorach seo, i gcomhréir le critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha.”;

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseofar ráthaíocht tionscnaimh má iarrann táirgeoir fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a leithéid. Déanfaidh na Ballstáit foráil do chóras aonfhoirmeach ráthaíochtaí tionscnaimh a bheidh le heisiúint i gcás na hidrigine in-athnuaite .

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, chun críocha luach margaidh na ráthaíochta tionscnaimh a chur san áireamh, gan ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint do tháirgeoir a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó scéim tacaíochta.

Tabharfaidh na Ballstáit faisnéis forlíontach isteach le haghaidh ráthaíochtaí tionscnaimh, agus comháireamh dúbailte á sheachaint.

Féadfar eisiúint ráthaíochta tionscnaimh a chur faoi réir teorainn íosacmhainne. ▌ 1 MW h a bheidh sa ráthaíocht tionscnaimh , leis an bhféidearthacht codanna di a eisiúint. Déanfar caighdeánú cuí orthu trí chaighdeán Eorpach CEN-EN16325 agus eiseofar iad arna iarraidh sin ag tairgeoir fuinnimh, ar choinníoll nach mbeidh comháireamh dúbailte mar thoradh air. Tabharfar próisis shimplithe chláraithe agus táillí cláraithe laghdaithe isteach le haghaidh suiteálacha beaga atá níos lú ná 50 kW agus le haghaidh comhphobail fuinnimh. Féadfar ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint i gcás roinnt suiteálacha beaga a chomhthiomsaítear le chéile .

Ní eiseofar níos mó ná ráthaíocht tionscnaimh amháin i dtaca le gach aonad fuinnimh a tháirgfear agus ní chuirfear san áireamh ach uair amháin é an t-aonad céanna fuinnimh sin .”;

(i a )

scriostar an dara fomhír ;

(ib)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) den cheathrú fomhír:

“(c)

i gcás nach n-eisítear na ráthaíochtaí tionscnaimh go díreach chuig an táirgeoir ach chuig an soláthróir nó tomhaltóir a cheannaíonn an fuinneamh i dtimpeallacht iomaíoch nó i gcomhaontú ceannacháin cumhachta fuinnimh in-athnuaite fadtéarmach corparáideach.”;

(ii)

scriostar an cúigiú fomhír;

(aa)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.     Chun críocha mhír 1, beidh na ráthaíochtaí tionscnaimh bailí d’idirbhearta ar feadh 12 mhí tar éis an t-aonad ábhartha fuinnimh a tháirgeadh. Áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh gach ráthaíocht tionscnaimh nár cealaíodh in éag faoi 18 mí ar a dhéanaí tar éis an t-aonad ábhartha fuinnimh a tháirgeadh. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na ráthaíochtaí tionscnaimh sin a chuaigh in éag agus an meascán fuinnimh iarmhair á ríomh acu.”;

(ab)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.     Chun críocha an nochta dá dtagraítear i mír 8 agus i mír 13, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh cuideachta fuinnimh na ráthaíochtaí tionscnaimh ar ceal sé mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh bhailíocht na ráthaíochta tionscnaimh. Thairis sin, faoin… [bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar na sonraí maidir lena meascán iarmharach ar bhonn bliantúil.”;

(ac)

leasaítear an chéad fhomhír de mhír 7 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

foinse an fhuinnimh ónar táirgeadh an fuinneamh agus na dátaí tosaithe agus deiridh chomh gar d’fhíor-am is féidir, agus é mar chuspóir leis eatraimh ama nach mó ná uair amháin de tháirgeadh;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

céannacht, suíomh, crois tairisceana don leictreachas, cineál agus toilleadh na suiteála inar táirgeadh an fuinneamh;”;

(iii)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(g)

astaíochtaí gás ceaptha teasa thar shaolré an fhuinnimh ráthaithe i gcomhréir le caighdeán ISO 14067:2018;

(h)

gráinneacht bheacht ama;

(i)

meaitseáil suíomhanna.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ▌mhír 8 ▌:

“I gcás ina gceanglaítear ar sholáthróir fuinnimh an tionscnamh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite ina mheascán fuinnimh a léiriú chun críocha Airteagal 3(9), pointe (a) de Threoir 2009/72/CE, déanfaidh sé sin trí ráthaíochtaí tionscnaimh seachas i gcás an sciar de mheascán fuinnimh a chomhfhreagraíonn do thairiscintí tráchtála neamhrianaithe, más ann dóibh, a bhféadfaí an soláthróir an meascán iarmhair a úsáid ina leith.

I gcás ina gceanglaítear ar sholáthróir fuinnimh an tionscnamh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite ina mheascán fuinnimh a léiriú chun críocha Iarscríbhinn 1, roinn 5 de Threoir (AE) …/… [maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh margaí inmheánacha in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus hidrigin a mholtar le COM(2021)0803, déanfaidh sé sin trí ráthaíochtaí tionscnaimh seachas i gcás an sciar de mheascán fuinnimh a chomhfhreagraíonn do thairiscintí tráchtála neamhrianaithe, más ann dóibh, a bhféadfaí an soláthróir an meascán iarmhair a úsáid ina leith.

I gcás ina bhfuil ráthaíochtaí tionscnaimh socraithe ag na Ballstáit do chineálacha eile fuinnimh, bainfidh soláthróirí leas, maidir leis an nochtadh sin, as an cineál céanna ráthaíochtaí tionscnaimh as ar bhain sé leas i gcás an fhuinnimh a soláthraíodh. Thairis sin, nuair a ídíonn an custaiméir gás ó ghréasán hidrigine nó gáis nádúrtha, féadfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcomhfhreagraíonn na ráthaíochtaí tionscnaimh a chuirtear ar ceal do shaintréithe ábhartha an ghréasáin. Ar an gcuma chéanna, is féidir ráthaíochtaí tionscnaimh arna gceapadh de bhun Airteagal 14(10) de Threoir 2012/27/AE a úsáid chun cainníocht an leictreachais arna tháirgeadh ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta a léiriú, i gcás ina gceanglaítear an cruthú sin. Chun críocha mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina ngintear leictreachas ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta trí fhoinsí in-athnuaite a úsáid, ní féidir ach ráthaíocht tionscnaimh amháin ina sonrófar an dá shaintréith a eisiúint.”;

(ba)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9.     Aithneoidh na Ballstáit ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint ag Ballstáit eile i gcomhréir leis an Treoir seo, agus leis an Treoir seo amháin, mar fhianaise i gcás na n-eilimintí dá dtagraítear i mír 1 agus i bpointí (a) go (i) den chéad fhomhír de mhír 7. Ní fhéadfaidh Ballstát diúltú ráthaíocht tionscnaimh a aithint ach amháin i gcás ina bhfuil amhras air, agus bunús maith leis, i dtaobh chruinneas, iontaofacht nó fhírinneacht na ráthaíochta. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún faoi dhiúltú den sórt sin agus faoi chúis an diúltaithe.”;

(bb)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

“11.     Ní aithneoidh na Ballstáit ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint ag tríú tír ach amháin i gcás ina bhfuil an tAontas tar éis comhaontú a thabhairt chun críche leis an tríú tír sin i dtaobh aitheantas frithpháirteach a thabhairt ar ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint san Aontas agus ar chórais um ráthaíochtaí comhoiriúnacha tionscnaimh arna mbunú sa tríú tír sin, i gcás ina mbíonn onnmhairiú nó allmhairiú fuinnimh á dhéanamh go díreach, agus sa chás sin amháin. Eiseoidh an Coimisiún treoirlínte lena soiléirítear ceanglais an Aontais maidir le haitheantas a thabhairt do ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint ag tríú tír, lena n-áirítear na coinníollacha rialachais foluiteacha gaolmhara, ar mhaithe le baint amach comhaontuithe den sórt sin le tríú tíortha a chuíchóiriú agus dlús a chur leo.

Faoi … [aon bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], eiseoidh an Coimisiún treoir maidir le coimircí ábhartha d’aistrithe trasteorann.”;

(bc)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 13:

“13.     Glacfaidh an Coimisiún tuarascáil faoin 30 Meitheamh 2025 ina ndéanfar measúnú ar na roghanna atá ann maidir le lipéad glas uile-Aontais a bhunú d’fhonn úsáid an fhuinnimh in-athnuaite a thagann ó shuiteálacha nua a chur chun cinn. Úsáidfidh soláthróirí an fhaisnéis atá sna ráthaíochtaí tionscnaimh lena léiriú go gcomhlíontar ceanglais an lipéid sin.”;

(bd)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“13a.     Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú an chórais ráthaíochtaí tionscnaimh agus déanfaidh sé measúnú faoin 30 Meitheamh 2025 ar an gcothromaíocht idir soláthar agus éileamh na ráthaíochtaí tionscnaimh sa mhargadh agus i gcás míchothromaíochtaí, sainaithneoidh sé cúinsí ábhartha a dhéanann difear don soláthar agus don éileamh agus molfaidh sé bearta lena gceartaítear aon mhíchothromaíochtaí struchtúracha a d’fhéadfadh a bheith ann d’fhonn tacú le margaí díriú ar shuiteálacha nua in-athnuaite.”;

(9)

in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Faoi réir an mheasúnaithe a dhéanfaidh siad a bheidh ina chuid de na pleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 maidir leis an ngá go dtógfaí bonneagar nua nó go ndéanfaí nuachóiriú ar bhonneagar atá ann cheana don téamh agus fuarú ceantair ó fhoinsí in-athnuaite chun cuspóir an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir seo a bhaint amach, glacfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, i gcás inarb ábhartha, na céimeanna is gá d’fhonn bonneagar a fhorbairt don téamh agus don fhuarú ceantair ar mhaithe le forbairt téimh agus fuaraithe ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn, ▌ i gcomhar le stóráil fuinnimh theirmigh , córais freagartha éilimh agus suiteálacha cumhachta chun teasa .

3a.     I gcomhréir leis an dlí ábhartha maidir leis an margadh leictreachais, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, na gníomhaíochtaí is gá chun leictreachas eadrannach in-athnuaite a chomhtháthú san eangach agus cobhsaíocht na heangaí agus slándáil an tsoláthair á n-áirithiú ag an am céanna. ”;

(10)

cuirtear an tAirteagal 20a seo a leanas leis:

“Airteagal 20a

Comhtháthú córais de leictreachas in-athnuaite a éascú

‘1.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na hoibreoirí córais tarchurtha agus, má tá siar ar fáil go teicniúil, oibreoirí córais dáileacháin ina gcríoch faisnéis a chur ar fáil maidir leis an sciar de leictreachas in-athnuaite agus an cion astaíochtaí gás ceaptha teasa den leictreachas arna sholáthar i ngach crios tairisceana, a chruinne is féidir agus chomh gar d’fhíor-am is féidir ach in eatraimh ama nach mó ná uair amháin, le réamhaisnéis i gcás inar féidir. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rochtain ag oibreoirí córais dáileacháin ar na sonraí is gá. Mura bhfuil rochtain acu, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, ar na sonraí uile is á, cuirfidh siad an córas tuairiscithe sonraí atá ann cheana faoi ENTSO-E i bhfeidhm, i gcomhréir le forálacha Threoir 2019/944. Ní bheidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin faoi dhliteanas i leith earráidí réamhaisnéisithe, meastúcháin nó ríomha de bharr cúinsí seachtracha. Dreasóidh na Ballstáit uasgráduithe ar eangacha cliste chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar chothromaíocht na heangaí agus chun faisnéis fíor-ama a chur ar fáil.

Má tá siad ar fáil go teicniúil, ba cheart go gcuirfeadh oibreoirí córais dáileacháin sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe ar fáil freisin maidir leis an acmhainneacht freagartha don éileamh agus maidir leis an leictreachas in-athnuaite arna ghiniúint ag féintomhaltóirí agus ag comhphobail fuinnimh in-athnuaite agus arna instealladh isteach san eangach .

1 a.    Cuirfear an fhaisnéis agus na sonraí dá dtagraítear i mír 1 ar fáil go digiteach ar bhealach lena n-áiritheofar idir-inoibritheacht bunaithe ar fhormáidí comhchuibhithe sonraí agus tacair chaighdeánaithe sonraí ionas gur féidir le rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais, comhbhailitheoirí, tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh iad a úsáid ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus gur féidir iad a léamh le gléasanna cumarsáide leictreonaí ▌.

2.   I dteannta na gceanglas sa [togra le haghaidh Rialachán maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020], glacfaidh na Ballstáit bearta lena gceanglófar ar mhonaróirí de cheallraí baile agus tionsclaíocha rochtain fíor-ama ar fhaisnéis maidir leis an gcóras bainistíochta ceallra bunúsaigh a chumasú , lena n-áirítear toilleadh ceallra, staid sláinte, staid luchtaithe agus pointe socraithe cumhachta, chuig úinéirí agus úsáideoirí ceallraí chomh maith le tríú páirtithe ag feidhmiú ar a son , le toiliú sainráite agus i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679, amhail cuideachtaí bainistíochta cumhachta foirgneamh agus rannpháirtí sa mhargadh leictreachais, faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha agus gan aon chostas .

Faoi … [6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaitheach seo], glacfaidh na Ballstáit bearta lena gceanglófar ar mhonaróirí feithicle sonraí infheithicle a chur ar fáil i bhfíor-am, sonraí infheithicle a bhaineann le staid sláinte ceallra, staid luchtaithe ceallra, pointe socraithe cumhachta ceallra agus toilleadh ceallra ▌chuig úinéirí agus úsáideoirí feithiclí leictreacha, chomh maith le tríú páirtithe ag gníomhú thar ceann na n-úinéirí agus na n-úsáideoirí le toiliú sainráite , amhail rannpháirtí sa mhargadh leictreachais agus soláthróirí seirbhíse leictrea-shoghluaisteachta, faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha agus saor in aisce d’úinéirí nó úsáideoirí ceallraí agus do na heintitis ag gníomhú ar a son, anuas ar cheanglais bhreise maidir leis na rialacháin um chineálcheadú agus faireachas margaidh agus i gcomhréir iomlán leis na forálacha ábhartha i Rialachán (AE) 2016/679 . I gcomhréir leis an Rialachán maidir le Ceallraí, roinnfear sonraí mar shonraí “inléite amháin”, agus ar gcaoi sin cuirfear cosc ar thríú páirtithe paraiméadair na sonraí a mhodhnú.

Áiritheoidh na Ballstáit ▌go ndéanfaidh monaróirí córas cliste téimh agus fuaraithe, aonad stórála fuinnimh theirmigh agus gléasanna cliste eile lena n-éascaítear do thomhaltóirí freagairt don éileamh a sholáthar don chóras fuinnimh, chun rochtain fíor-ama a thabhairt d’úsáideoirí ar shonraí atá ábhartha chun fhreagairt don éileamh faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha saor in aisce, agus do thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar ceann na n-úinéirí agus na n-úsáideoirí le thoiliú sainráite agus i gcomhréir iomlán leis na forálacha ábhartha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 .

3.   Chomh maith leis na ceanglais sa [togra le haghaidh Rialacháin maidir le leas a bhaint as bonneagar breosla ionadúil, lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE], áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfadh pointí athluchtaithe gnáthchumhachta nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu a shuiteálfar ina ndlínse ó [sprioc-am iompair na Treorach leasaithí seo] tacú le feidhmiúlachtaí luchtaithe cliste agus comhéadan a dhéanamh le córais méadraithe cliste, nuair atá siad in úsáid ag Ballstáit agus , i gcás inarb iomchuí bunaithe ar an údarás rialála, feidhmiúlachtaí luchtaithe déthreocha a leagtar amach in Airteagal 14(4) de Rialachán … [Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha] agus arna measúnú ag údaráis rialála maidir leis an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith acu .

4.    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh baint ag gach modh giniúna leictreachais, lena n-áirítear aonaid táirgthe leictreachais in-athnuaite, le seirbhísí córais agus cothromúcháin a sholáthar. Áiritheoidh na Ballstáit freisin nach ndéanfaidh an creat rialála náisiúnta idirdhealú i gcoinne rannpháirtíocht sna margaí leictreachais, lena n-áirítear bainistiú ar phlódú agus seirbhísí solúbthachta agus seirbhísí cothromúcháin do na gréasáin leictreachais agus do na gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair, soláthraithe stórála agus solúbthachta fuinnimh mar aon le seirbhísí cothromúcháin córas beag nó móibíleach amhail ceallraí baile agus comhphobail agus feithiclí leictreacha a sholáthar, mar aon le hacmhainní fuinnimh díláraithe a bhfuil toilleadh faoi bhun 1MW acu a bheith rannpháirteach sa chóras, aonaid stórála fuinnimh theirmigh, cumhacht go gás, teaschaidéil agus teicneolaíochtaí eile atá in ann solúbthacht a thabhairt , go díreach agus trí chomhiomlánú.’; Cuirfidh na Ballstáit cothrom iomaíochta ar fáil do ghníomhaithe margaidh beaga, go háirithe comhphobail fuinnimh in-athnuaite, ionas go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach sa mhargadh gan ualach díréireach riaracháin nó rialála a bheith orthu. ’;

4a.     Áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar leis an gcreat rialála náisiúnta do chustaiméirí deiridh comhaontuithe conarthacha a dhéanamh le rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais agus le soláthraithe seirbhíse leictrea-shoghluaisteachta chun faisnéis a fháil maidir le téarmaí an chomhaontaithe, lena n-áirítear a gcosaint sonraí pearsanta, agus a impleachtaí do na tomhaltóirí, lena n-áirítear an luach saothair don tsolúbthacht.”;

(11)

cuirtear an tAirteagal 22a seo a leanas leis:

“Airteagal 22a

Príomhshruthú an fhuinnimh in-athnuaite sa tionsclaíocht

1.   Féachfaidh na Ballstáit le sciar na bhfoinsí in-athnuaite i méid na bhfoinsí fuinnimh a úsáidtear chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh san earnáil tionsclaíochta a mhéadú trí mheánmhéadú bliantúil táscach 1,9 pointe céatadáin faoi 2030. Déanfar an méadú sin a ríomh mar mheán thar thréimhsí trí bliana, i.e. 2024 go 2027 agus 2027 go 2030.

Áireoidh na Ballstáit na beartais agus na bearta a bheartaítear agus a glacadh chun an méadú táscach sin a bhaint amach ina bpleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide agus ina dtuarascálacha ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3, 14 agus 17 de Rialachán (AE) 2018/1999. Cuirfear san áireamh sna bearta sin leictriú bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite ar phróisis thionsclaíocha nuair a mheastar gur rogha chostéifeachtach é. Agus bearta á nglacadh chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite sa tionscal a mhéadú, comhlíonfaidh na Ballstáit bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh.

Bunóidh na Ballstáit creat rialála lena bhféadfar bearta tacaíochta don tionscal a áireamh i gcomhréir le hAirteagal 3(4a) agus cuirfidh siad glacadh foinsí in-athnuaite agus hidrigine in-athnuaite arna dtomhailt ag an tionscal chun cinn, agus éifeachtacht agus iomaíochas idirnáisiúnta á gcur san áireamh go hiomlán, de réamhchoinníollacha riachtanacha maidir le húsáid fuinnimh in-athnuaite a ghlacadh sa tionscal. Go háirithe, ba cheart don chreat sin dul i ngleic le bacainní rialála, riaracháin agus eacnamaíocha i gcomhréir le hAirteagal 3(4a) agus Airteagal 15(8).

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh , faoi 2030, 50 % den hidrigin a úsáidfear chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh san earnáil tionsclaíochta ag teacht ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch arna n-úsáid chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh. Áiritheoidh na Ballstáit go dtiocfaidh, faoi 2035, 70 % ar a laghad den hidrigin a úsáidfear chun críoch fuinnimh deiridh agus chun críoch neamhfhuinnimh in earnáil na tionsclaíochta ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch arna n-úsáid chun críoch fuinnimh deiridh agus chun críoch neamhfhuinnimh. Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfáil atá ar bhreoslaí de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch in 2026 agus gach bliain ina dhiaidh sin . Chun an céatadán a ríomh, cuirfear na rialacha seo a leanas i bhfeidhm [Leasú 34]:

(a)

Chun an t-ainmneoir a ríomh, cuirfear san áireamh luach fuinnimh hidrigine chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh, seachas hidrigin a úsáidtear mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí iompair a tháirgeadh agus hidrigin a tháirgtear mar fhotháirge nó a dhíorthaítear ó fhotháirgí in suiteálacha tionsclaíocha;

(b)

Chun an t-uimhreoir a ríomh, cuirfear san áireamh luach fuinnimh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a ídítear san earnáil tionsclaíochta chun críocha fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh, seachas breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáidtear mar tháirgí idirmheánacha chun breoslaí iompair a tháirgeadh.

(c)

Chun an t-uimhreoir agus an t-ainmneoir araon a ríomh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Faoin 31 Eanáir 2026, tar éis na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a bhunú, déanfaidh an Coimisiún measúnú, i bhfianaise forbairtí rialála, teicniúla agus eolaíocha, an bhfuil sé iomchuí agus an bhfuil údar maith ann fosprioc RFNBOnna do 2030 a oiriúnú, agus, i gcás inarb iomchuí, leasóidh sé an t-airteagal sin chun na críche sin, agus beidh measúnú tionchair ag gabháil leis. Chun úsáid réiteach fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn le haghaidh teas tionsclaíoch ísealteochta agus meánteochta, féachfaidh na Ballstáit le hinfhaighteacht roghanna malartacha in-athnuaite atá inmharthana go heacnamaíoch agus indéanta go teicniúil ar úsáid fuinnimh atá bunaithe ar bhreosla iontaise le haghaidh feidhmeanna teasa tionsclaíocha a mhéadú agus é mar chuspóir leis deireadh a chur le húsáid breosla iontaise le haghaidh feidhmeanna a éilíonn uasteochtaí téimh suas le 200 céim Celsius faoi 2027 ar a dhéanaí.

1a.     Faoin… [bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], forbróidh an Coimisiún straitéis dhomhanda maidir le hallmhairiú hidrigine chun margadh hidrigine Eorpach a chur chun cinn. Comhlánófar leis an straitéis sin tionscnaimh chun táirgeadh hidrigine intíre laistigh den Aontas a chur chun cinn, lena dtacófar le cur chun feidhme na Treorach seo agus le baint amach na spriocanna a leagtar amach inti, agus aird chuí á tabhairt ar shlándáil an tsoláthair agus ar neamhspleáchas straitéiseach an Aontais maidir le fuinneamh. Beidh sé d’aidhm ag na bearta a áireofar sa straitéis cothrom iomaíochta a chur chun cinn, bunaithe ar rialacha nó caighdeáin choibhéiseacha i dtríú tíortha ó thaobh chosaint an chomhshaoil agus na hinbhuanaitheachta de agus an t-athrú aeráide a mhaolú. Áireofar sa straitéis garspriocanna agus bearta táscacha le haghaidh allmhairí. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh chun an straitéis a chur chun feidhme ina bpleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide agus ina dtuarascálacha ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3, 14 agus 17 de Rialachán (AE) 2018/1999. Thairis sin, cuirfear san áireamh sa straitéis freisin an gá atá le forbairt a dhéanamh ar an rochtain atá ag pobail áitiúla ar fhuinneamh.”;

(12)

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Chun úsáid fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn in earnáil an téimh agus an fhuaraithe, féachfaidh gach Ballstát leis an sciar fuinnimh in-athnuaite arna sholáthar don earnáil sin a ardú 2,3 pointe céatadáin táscach , ar meán bliantúil é sin, arna ríomh don tréimhse 2021 go 2025 agus don tréimhse 2026 go 2030, ag tosú ó sciar an fhuinnimh in-athnuaite in earnáil an téimh agus an fhuaraithe in 2020, méadú a shloinntear i dtéarmaí an sciar náisiúnta den olltomhaltas deiridh fuinnimh agus a ríomhtar de réir na modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 7.

Beidh an méadú sin cothrom le 2,8 pointe céatadáin i gcás na mBallstát ina n-úsáidtear dramhtheas agus dramhfhuacht. Sa chás sin, féadfaidh na Ballstáit dramhtheas agus dramhfhuacht a chomhaireamh suas le 40 % den mheánardú bliantúil.”;

(b)

cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

“1a.    Chun tuairisc iomlán a thabhairt don Choimisiún ar na héagsúlachtaí suntasacha atá ann i leibhéal an éilimh ar theas tionsclaíoch ar fud an Aontais, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar a n-acmhainneacht fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ar an úsáid a bhaintear as dramhtheas agus dramhfhuacht san earnáil téimh agus fuaraithe lena n-áirítear anailís chostas is tairbhe lena gcumhdaítear na seachtrachtaí dearfacha uile , i gcás inarb iomchuí, anailís ar limistéir atá oiriúnach lena n-úsáid gan ach riosca íseal éiceolaíoch agus ar an acmhainneacht atá ann le haghaidh tionscadail teaghlaigh ar scála beag. Fiontair bheaga agus mheánmhéide, siombóisí tionsclaíocha agus a d’fhoirgnimh thráchtála, leagfaidh siad amach aon cheanglais bhonneagair le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach . Sa mheasúnú , breithneofar ar na teicneolaíochtaí atá ar fáil agus indéanta go heacnamaíoch le haghaidh úsáidí tionsclaíocha agus baile chun garspriocanna agus bearta a leagan amach chun ▌ foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú i dtéamh agus i bhfuarú agus, i gcás inarb iomchuí, úsáid na dramhtheasa agus na dramhfhuachta a mhéadú trí théamh agus fuarú ceantair agus teaghlaigh mhionscála agus FBManna d’fhonn straitéis náisiúnta fhadtéarmach a bhunú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus an truailliú aeir a thagann ó théamh agus fuarú a laghdú . Cuirfear san áireamh sa straitéis sin an leibhéal éagsúil cáilíochta teasa (ardteocht, meánteocht, ísealteocht) a bhaineann go sonrach le próisis agus úsáidí éagsúla . Beidh an measúnú i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus mar chuid de na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, measúnú a ghabhfaidh leis an measúnú cuimsitheach ar théamh agus ar fhuarú a cheanglaítear le hAirteagal 14(1) de Threoir 2012/27/AE.”;

(c)

i mír 2, scriostar an chéad fhomhír, pointe (a).

(ca)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go háirithe d’úinéirí nó do thionóntaí foirgneamh agus do FBManna maidir le bearta cost-éifeachtúla, agus ionstraimí airgeadais, chun feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as fuinneamh in-athnuaite sna córais téimh agus fuaraithe. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ar fáil trí uirlisí comhairleacha inrochtana agus trédhearcacha a bheidh bunaithe in ionaid ilfhreastail.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Chun an meánardú bliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit ar a laghad trí cinn de na bearta seo a leanas a chur chun feidhme:

(a)

fuinneamh in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht a ionchorpú go fisiciúil sna foinsí fuinnimh agus sna breoslaí arna soláthar i gcomhar téimh agus fuaraithe;

(b)

córais téimh agus fuaraithe fuinnimh in-athnuaite ardéifeachtúla a shuiteáil i bhfoirgnimh, foirgnimh a nascadh le córais téimh agus fuaraithe ceantair ardéifeachtúla, nó fuinneamh in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht a úsáid sna próisis téimh agus fuaraithe thionsclaíocha;

(c)

bearta arna gcumhdach ag teastais intrádála lena bhfianaítear comhlíonadh na hoibleagáide arna leagan síos i mír 1, an chéad fhomhír, trí thacú le bearta suiteála faoi phointe (b) den mhír seo, arna ndéanamh ag oibreoir eacnamaíoch eile amhail suiteálaí neamhspleách teicneolaíochta in-athnuaite nó ag cuideachta seirbhíse fuinnimh a sholáthraíonn seirbhísí suiteála i leith fuinneamh in-athnuaite;

(d)

fothú acmhainní d’údaráis náisiúnta , réigiúnacha agus áitiúla chun acmhainneacht áitiúil téimh agus fuaraithe in-athnuaite a mhapáil agus chun tionscadail agus bonneagair in-athnuaite a phleanáil, ▌a chur chun feidhme agus chun comhairle a thabhairt ina leith ;

(e)

creataí maolaithe riosca a chruthú chun costas an chaipitil do thionscadail in-athnuaite teasa agus fuaraithe agus tionscadail dramhtheasa agus dramhfhuachta a laghdú , inter alia tionscadail níos lú a chuachadh chomh maith le tionscadail den sórt sin a nascadh ar bhealach níos iomlánaíche le bearta eile éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóirithe foirgneamh ;

(f)

comhaontuithe ceannacháin téimh agus fuaraithe in-athnuaite a chur chun cinn do thomhaltóirí corparáideacha agus do thomhaltóirí beaga comhchoiteanna;

(g)

scéimeanna athsholáthair atá beartaithe maidir le foinsí iontaise téimh, córais téimh nach bhfuil comhoiriúnach le foinsí in-athnuaite nó scéimeanna chun deireadh a chur le céimniú amach iontaise lena ngabhann garspriocanna;

(h)

pleanáil teasa in-athnuaite, lena gcuimsítear fuarú, ceanglais ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach;

(i)

bearta beartais eile, a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu, lena n-áirítear bearta fioscacha, scéimeanna tacaíochta nó dreasachtaí airgeadais eile a rannchuidíonn le trealamh in-athnuaite téimh agus fuaraithe a shuiteáil agus gréasáin fuinnimh a sholáthraíonn fuinneamh in-athnuaite don téamh agus don fhuarú i bhfoirgnimh agus sa tionscal a fhorbairt;

(j)

táirgeadh bithgháis agus a hinstealladh isteach san eangach gháis a chur chun cinn, seachas é a úsáid chun leictreachas a tháirgeadh;

(k)

bearta lena gcuirtear chun cinn comhtháthú na dteicneolaíochtaí stórála fuinnimh theirmigh i gcórais téimh agus fuaraithe;

(l)

gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair in-athnuaite atá faoi úinéireacht tomhaltóirí a chur chun cinn, go háirithe ag comhphobail fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear trí bhearta rialála, socruithe maoiniúcháin agus tacaíocht.

Agus na bearta sin á nglacadh agus á gcur chun feidhme acu, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag na tomhaltóirí go léir orthu, lena n-áirítear iad siúd ar tionóntaí iad, go háirithe iad siúd atá i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha agus ceanglóidh siad go gcuirfear chun feidhme sciar suntasach beart mar thosaíocht i dteaghlaigh atá ina gcónaí faoi bhochtaineacht fuinnimh mar a shainmhínítear i dTreoir … [Treoir Athmhúnlaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh] agus i dtithíocht shóisialta, nach mbeadh dóthain caipitil tosaigh acu chun tairbhe a bhaint as murach sin.;”

(13)

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.    Tacóidh na Ballstáit le gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair inathnuaite 4ú agus 5ú glúin atá ann cheana a athchóiriú agus a fhorbairt atá an-éifeachtúil agus a chothaítear go heisiach le foinsí inathnuaite fuinnimh agus le dramhtheas nó dramhfhuacht dosheachanta, tar éis anailís dhearfach eacnamaíoch agus chomhshaoil sochair a dhéanamh arna déanamh i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis áitiúla lena mbaineann’; Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis faoin bhfeidhmíocht fuinnimh, faoi na hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus faoin sciar fuinnimh in-athnuaite atá ina ngréasáin téimh agus fuaraithe ceantair ar fáil do na tomhaltóirí deiridh, ar bhealach ina mbeidh rochtain éasca uirthi, amhail faisnéis ar bhillí nó ar shuíomhanna gréasáin soláthróirí agus ar iarratas. Déanfar an fhaisnéis maidir leis an sciar fuinnimh in-athnuaite a shloinneadh ar a laghad mar chéatadán d’olltomhaltas deiridh téimh agus fuaraithe arna shannadh do chustaiméirí córais téimh agus fuaraithe ceantair ar leith, lena n-áirítear faisnéis faoin méid fuinnimh a úsáideadh chun aonad amháin téimh a sholáthar don chustaiméir nó don úsáideoir deiridh.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4   Déanfaidh na Ballstáit iarracht sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear an teas a ghintear ó leictreachas ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite, agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht ó théamh agus fuarú ceantair a mhéadú 2,3 pointe céatadáin ar a laghad, ar meán bliantúil é, arna ríomh don tréimhse 2021 go 2025 agus don tréimhse 2026 go 2030, ag tosú le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear teas a ghintear ó leictreachas ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite, agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht ó théamh agus fuarú ceantair in 2020, agus leagfaidh siad síos na bearta is gá chun na críche sin. Déanfar an sciar fuinnimh inathnuaite sin a shloinneadh i dtéarmaí sciar olltomhaltais deiridh fuinnimh i dtéamh agus fuarú ceantair arna gcoigeartú i gcomhréir le gnáth-mheánchoinníollacha aeráide.

Na Ballstáit a bhfuil sciar fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó dhramhtheas agus ó dhramhfhuacht san earnáil teasa agus fuaraithe ceantair acu atá os cionn 60 %, féadfaidh siad aon sciar mar sin a áireamh mar chomhlíonadh ar an meánardú bliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun an meánardú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo a chur chun feidhme ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2018/1999.”;

(c)

cuirtear an mhír 4 a seo a leanas isteach:

“4a.   Áiritheoidh na Ballstáit go molfar d’oibreoirí na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair os cionn acmhainn 25 MWth ceangal le soláthróirí tríú páirtí fuinnimh a sholáthraíonn fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, ó dhramhtheas agus ó dhramhfhuacht nó go molfar dóibh tairiscint a dhéanamh ceangal a dhéanamh leo agus teas nó fuacht a cheannach ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht ó sholáthróirí tríú páirtí bunaithe ar chritéir neamh-idirdhealaitheacha a bheidh le leagan amach ag an mBallstát lena mbaineann má tá an ceangal sin indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch agus i gcás inar gá do na hoibreoirí sin ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a)

freastal ar an éileamh ó chustaiméirí nua;

(b)

acmhainneacht eile a chur in ionad na hacmhainneachta giniúna teasa nó fuachta atá ann cheana;

(c)

an acmhainneacht giniúna teasa nó fuachta atá ann cheana a mhéadú.”;

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh leictreachas inathnuaite a úsáidtear do théamh agus fuarú ceantair a áireamh sa mheánmhéadú bliantúil a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo. Ní chuirfear san áireamh leictreachas inathnuaite a áirítear i bpointe (b) d’Airteagal 7(1) chun na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 7(1), pointe (a) a bhaint amach.

I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit leictreachas inathnuaite a úsáidtear i dtéamh agus i bhfuarú ceantair a áireamh, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi sula dtabharfar an sásra sin isteach. Déanfaidh na Ballstáit an méid leictreachais inathnuaite arna úsáid i dtéamh agus fuarú ceantair a áireamh ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus mhír 6:

“5.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’oibreoir córais téimh nó fuaraithe ceantair diúltú é a cheangal agus teas nó fuacht a cheannach ó sholáthróir tríú páirtí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

níl an acmhainn riachtanach sa chóras de dheasca soláthairtí eile teasa nó fuachta ó fhoinsí in-athnuaite nó de dheasca dramhtheasa agus dramhfhuachta;

(b)

ní chomhlíonann an teas nó an fuacht ón soláthróir tríú páirtí na paraiméadair theicniúla atá riachtanach chun ceangal leis an gcóras agus chun oibríocht iontaofa, shábháilte an chórais téimh agus fuaraithe ceantair a áirithiú;

(c)

féadfaidh an t-oibreoir a léiriú, trí rochtain a sholáthar, go mbeadh ardú iomarcach ar an gcostas teasa nó fuachta do thomhaltóirí deiridh i gcomparáid leis an gcostas a bhaineann leis an bpríomhsholáthair áitiúil teasa nó fuachta a úsáid, an ceann lena mbeadh an fhoinse in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht ag dul in iomaíocht.

(d)

comhlíonann córas an oibreora an sainmhíniú ar théamh agus ar fhuarú éifeachtúil ceantair atá leagtha amach in [Airteagal x den athmhúnlú atá beartaithe ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh].

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndiúltaíonn oibreoir córais téimh agus fuaraithe ceantair soláthróir téimh nó fuaraithe a cheangal leis an gcóras de bhun na chéad fhomhíre, go gcuirfidh an t-oibreoir sin faisnéis ar na cúiseanna leis an diúltú, chomh maith leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh agus bearta le glacadh sa chóras chun go bhféadfaí an ceangal a chumasú, ar fáil don údarás inniúil. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh próiseas iomchuí i bhfeidhm chun diúltú nach bhfuil bonn cirt leis a leigheas.

6.   I gcás inar gá, cuirfidh na Ballstáit creat comhordúcháin i bhfeidhm idir oibreoirí an chórais téimh agus fuaraithe ceantair agus na foinsí dramhtheasa agus dramhfhuachta a d’fhéadfadh a bheith ann sna hearnálacha tionsclaíocha agus treasacha chun úsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta a éascú. Áiritheofar leis an gcreat comhordúcháin go gcuirfear i bhfeidhm bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus go n-éascófar idirphlé maidir le húsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta lena mbaineann an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

oibritheoirí córais téimh agus fuaraithe ceantair;

(b)

fiontair san earnáil thionsclaíoch agus threasach a ghineann dramhtheas agus dramhfhuacht is féidir a aisghabháil go heacnamaíoch trí chórais téimh agus fuaraithe ceantair, amhail lárionaid sonraí, gléasraí tionsclaíocha, foirgnimh mhóra tráchtála, saoráidí stórála fuinnimh, agus iompar poiblí; ▌

(c)

údaráis áitiúla atá freagrach as bonneagair fuinnimh a phleanáil agus a fhormheas;

(d)

saineolaithe eolaíocha atá ag obair ar na córais úrscothacha téimh agus fuaraithe ceantair is déanaí atá lán-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus bunaithe go hiomlán ar fhoinsí inathnuaite;

(e)

comhphobail fuinnimh inathnuaite a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú.”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 8, 9 agus 10:

“8.   Gach 4 bliana ar a laghad, bunóidh na Ballstáit creat faoina ndéanfaidh na hoibreoirí córas dáileacháin leictreachais, i gcomhar le hoibreoirí na gcóras téimh nó fuaraithe ceantair ina réigiún féin, measúnú ar an acmhainn is féidir a bhaint as córais téimh agus fuaraithe ceantair chun seirbhísí cothromúcháin agus seirbhísí córais eile, lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil farasbarr leictreachais arna tháirgeadh ó fhoinsí láraithe agus díláraithe in-athnuaite agus measúnú a dhéanamh freisin ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé níos acmhainn-éifeachtúla agus níos costéifeachtúla, le hais réitigh mhalartacha, úsáid a bhaint as an acmhainn a sainaithníodh sa mheasúnú sin, i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin leictreachais aird chuí ar thorthaí an mheasúnaithe a cheanglaítear faoin gcéad fhomhír i bpleanáil na heangaí, in infheistíocht san eangach agus i bhforbairt bonneagair ina gcríocha faoi seach.

Éascóidh na Ballstáit comhordú idir oibreoirí córas téimh agus fuaraithe ceantair agus oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin leictreachais chun a áirithiú gur féidir le seirbhísí cothromúcháin, stórála agus solúbthachta eile, amhail freagairt don éileamh, a chuireann oibreoirí córais téimh ceantair agus oibreoirí córas fuaraithe ceantair ar fáil páirt a ghlacadh ina margaí leictreachais ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.

Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais maidir le measúnú agus comhordú faoin gcéad fhomhír agus faoin tríú fomhír a leathnú chuig oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin gáis, lena n-áirítear gréasáin hidrigine agus gréasáin eile fuinnimh.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás inniúil cearta na dtomhaltóirí agus na rialacha maidir le córais téimh agus fuaraithe ceantair i gcomhréir leis an Airteagal seo a shainmhíniú go soiléir, a chur ar fáil go poiblí agus a fhorfheidhmiú.

10.

Ní cheanglófar ar Bhallstát mír 2 a chur i bhfeidhm má chomhlíontar ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás inarb ionann a sciar de théamh agus fuarú ceantair agus 2 % den olltomhaltas deiridh nó inar lú é ná 2 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh i leith téimh agus fuaraithe an 24 Nollaig 2018;

(b)

i gcás ina méadaítear a sciar de théamh agus fuarú ceantair os cionn 2 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh i dtéamh agus i bhfuarú an 24 Nollaig 2018 trí théamh agus fuarú ceantair éifeachtach nua a fhorbairt bunaithe ar a phlean comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 agus ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 23(1a) den Treoir seo;

(c)

i gcás ina dtarlaíonn 90 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair ar córais téimh agus fuaraithe ceantair iad a chomhlíonann an sainmhíniú atá leagtha síos in [Airteagal x den athmhúnlú atá beartaithe ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh].”;

(14)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

“Airteagal 25

Laghdú ar dhéine na ngás ceaptha teasa san earnáil iompair ó úsáid fuinnimh in-athnuaite

1.   Leagfaidh gach Ballstát oibleagáid ar sholáthróirí breosla an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go dtiocfaidh laghdú 16 % ar a laghad ar dhéine gás ceaptha teasa mar thoradh ar mhéid na mbreoslaí inathnuaite agus an leictreachais inathnuaite arna soláthar don earnáil iompair faoi 2030, i gcomparáid leis an mbonnlíne a leagtar amach in Airteagal 27(1), pointe (b), i gcomhréir le conair arna leagan síos ag an mBallstát;

(b)

gurb é ▌0,5 % in 2025 agus ar a laghad 2,2 % in 2030 an sciar de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX san fhuinneamh a sholáthraítear don earnáil iompair, agus is fiú 2,6 % ar a laghad in 2028 agus ar a laghad 5,7 % in 2030 sciar na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch;

(ba)

as 2030 amach, déanfaidh soláthraithe breosla 1,2 % ar a laghad de bhreoslaí inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus hidrigin inathnuaite a sholáthar le haghaidh modhanna muirí a bhfuil sé deacair a n-astaíochtaí a laghdú. Féadfaidh Ballstát nach bhfuil aon chalafoirt mhuirí ina chríoch a roghnú gan an fhoráil seo a chur i bhfeidhm. Aon Bhallstát a bheartaíonn leas a bhaint as an maolú sin, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis … [theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo]. Maidir le haon athrú eile a dhéanfar ina dhiaidh sin, cuirfear in iúl don Choimisiún é freisin.

Má leasaítear liosta an bhunábhair a leagtar amach i gCuid A agus in Iarscríbhinn IX i gcomhréir le hAirteagal 28(6), méadófar an sciar íosta de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar san fhuinneamh a sholáthraítear don earnáil iompair dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo dá réir agus beidh sé bunaithe ar mheasúnú tionchair ón gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 d’fhonn togra reachtach a thíolacadh faoi 2025 chun é a mhéadú i gcás ina bhfuil tuilleadh laghduithe suntasacha ar na costais i dtáirgeadh fuinnimh inathnuaite, i gcás inar gá chun gealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir le dícharbónú a chomhlíonadh nó i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an méadú sin mar gheall ar laghdú suntasach ar thomhaltas fuinnimh san Aontas.

Chun an laghdú dá dtagraítear i bpointe (a) agus an sciar dá dtagraítear i bpointe (b) a ríomh, cuirfidh na Ballstáit breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch san áireamh freisin nuair a úsáidtear iad mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí iompair a tháirgeadh. Chun an laghdú dá dtagraítear i bpointe (a) a ríomh, féadfaidh na Ballstáit breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh.

Soláthróirí breoslaí a sholáthraíonn leictreachas nó breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, féadfaidh na Ballstáit, agus an oibleagáid ar sholáthróirí breosla á socrú, na soláthróirí sin a dhíolmhú ón gceanglas an sciar íosta de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a chomhlíonadh maidir leis na breoslaí sin.

2.   Bunóidh na Ballstáit sásra lena gceadófar do sholáthróirí breosla ina gcríoch creidmheasanna a mhalartú chun fuinneamh in-athnuaite a sholáthar d’earnáil an iompair. Oibreoirí eacnamaíocha a sholáthraíonn leictreachas in-athnuaite d’fheithiclí leictreacha éadroma agus d’fheithiclí leictreacha tromshaothair trí stáisiúin athluchtaithe phoiblí nó trí fhuinneamh in-athnuaite, gheobhaidh siad creidmheasanna, beag beann ar cé acu a bhfuil nó nach bhfuil na hoibreoirí eacnamaíocha faoi réir na hoibleagáide atá leagtha síos ag an mBallstát ar sholáthróirí breosla, agus féadfaidh siad na creidmheasanna sin a dhíol le soláthróirí breosla, ar féidir leo na creidmheasanna a úsáid chun an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 1 a chomhlíonadh.’; Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh stáisiúin athluchtaithe phríobháideacha a áireamh sa sásra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar choinníoll gur féidir a léiriú gur d’fheithiclí leictreacha amháin a sholáthraítear an leictreachas in-athnuaite arna sholáthar do na stáisiúin athluchtaithe phríobháideacha sin.”

(15)

leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Chun ríomh a dhéanamh ar olltomhaltas deiridh fuinnimh Ballstáit ó fhoinsí in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar an sprioc laghdaithe déine gás ceaptha teasa dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1), ní mó a bheidh an sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear san iompar, i gcás ina dtáirgtear ó bharra bia agus beatha iad, ná pointe céatadán amháin níos airde ná an sciar de bhreoslaí den sórt sin i dtomhaltas deiridh fuinnimh san earnáil iompair sa Bhallstát sin in 2020, agus is 7 % den tomhaltas deiridh fuinnimh uasmhéid an tomhaltais a bheidh san earnáil iompair sa Bhallstát sin.’;

Arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún maolú ar an gcéad fhomhír a cheadú, lena gcumasófar do na Ballstáit bithleachtanna a úsáidtear le haghaidh táirgeadh leictreachais sna réigiúin is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE a eisiamh ó ríomh na huasteorann 7 % de thomhaltas deiridh fuinnimh san earnáil iompair de bhóthar agus d’iarnród dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar choinníoll go bhfuil bonn cirt leis an maolú sin de bharr sainiúlachtaí áitiúla. Déanfaidh na Ballstáit an iarraidh ar mhaolú a sheoladh chuig an gCoimisiún faoi … [dáta thrasuí na Treorach leasaithí seo] agus soláthróidh siad réasúnuithe leis an maolú sin atá eolaíoch, teicniúil agus cothrom le dáta. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le hiarraidh an Bhallstáit laistigh de thrí mhí ón iarraidh sin a fháil.”;

(i a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

I gcás ina bhfuil sciar na mbithbhreoslaí agus na mbithleachtanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír níos lú ná 1 % i mBallstát, féadfar é a mhéadú go huasmhéid 2 % den tomhaltas deiridh fuinnimh in earnálacha an iompair de bhóthar agus d'iarnród.;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

“I gcás ina bhfuil sciar na mbithbhreoslaí agus na mbithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear in earnáil an iompair, a tháirgtear ó bharra bia agus beatha i mBallstát teoranta do sciar níos ísle ná 7 % nó i gcás ina gcinneann Ballstát an sciar a theorannú tuilleadh, féadfaidh an Ballstát sin an sprioc laghdaithe déine gás ceaptha teasa dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1) a laghdú dá réir sin, ag féachaint don rannchuidiú a bheadh déanta ag na breoslaí sin ó thaobh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Chun na críche sin, measfaidh na Ballstáit go sábhálfaidh na breoslaí sin 50 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa.”;

(b)

▌leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír agus sa chúigiú fomhír, cuirtear “an sprioc maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1)” in ionad “an sciar íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 25(1)”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Faoin … [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí sin], laghdóidh an teorainn sin go 0 %.”

(iii)

cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas tar éis an cheathrú fomhír:

“Faoin 30 Meitheamh 2023, cuirfidh an Coimisiún nuashonrú ar an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an méadú a tháinig ar tháirgeadh domhanda na mbarr bia agus beatha ábhartha. Beidh na sonraí is déanaí ón dá bhliain dheireanacha maidir le dífhoraoisiú agus bunábhair lena ngabhann riosca ard indíreach um athrú ar an talamhúsáid san áireamh sa nuashonrú sin, agus tabharfar aghaidh ar thráchtearraí ardriosca eile sa chatagóir bunábhair lena ngabhann riosca ard indíreach um athrú ar an talamhúsáid. Chun críocha na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa séú fomhír, is é 7,9 % a bheidh i sciar uasta na forbartha bliantúla ar an limistéar táirgeachta domhanda i stoic ardcharbóin.”;

(16)

leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Rialacha maidir le ríomh san earnáil iompair agus maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch beag beann ar a n-úsáid deiridh”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Chun an laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa a ríomh dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1), beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

déanfar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh mar a leanas:

(i)

i gcás bithbhreosla agus bithgháis, trí mhéid na mbreoslaí sin arna soláthar do na modhanna iompair go léir a iolrú faoina gcoigilteas i leith astaíochtaí arna gcinneadh de réir Airteagal 31;

(ii)

i gcás breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, trí mhéid na mbreoslaí sin a sholáthraítear do gach modh iompair a iolrú faoina gcoigilteas astaíochtaí arna chinneadh i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 29a(3);

(iii)

i gcás leictreachas in-athnuaite, tríd an méid leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear do na modhanna iompair go léir a iolrú faoi tháirge comparáide breoslaí iontaise.

Úsáidfear an táirge comparáide ECF(e) a leagtar amach in Iarscríbhinn V go dtí an 31 Nollaig 2029. Ón 1 Eanáir 2030 ar aghaidh, úsáidfear an táirge comparáide EF(t) a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Mar sin féin, is éard a bheidh sa laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa arna bhaint amach in 2030 trí úsáid a bhaint as leictreachas in-athnuaite san iompar, arna ríomh i gcur i bhfeidhm an táirge comparáide E F(t), ná rannchuidiú breise leictreachais inathnuaite leis an méid a baineadh amach cheana suas go dtí an 31 Nollaig 2029 tríd an táirge comparáide ECF(e) chun an laghdú ar astaíochtaí a ríomh ó 2030 ar aghaidh.

(b)

ríomhfar an bhonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 25(1) trí mhéid an fhuinnimh a sholáthraítear d’earnáil an iompair a iolrú faoin táirge comparáide breoslaí iontaise EF(t) a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(c)

chun na méideanna iomchuí fuinnimh a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(i)

chun méid an fhuinnimh arna sholáthar d’earnáil an iompair a chinneadh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí iompair, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III iad;

(ii)

chun an luach fuinnimh a ríomh i gcás breoslaí iompair nach gcuimsítear in Iarscríbhinn III, úsáidfidh na Ballstáit caighdeáin Eorpacha ábhartha chun luachanna calracha breoslaí a chinneadh. I gcás nár glacadh aon chaighdeán Eorpach chun na críche sin, úsáidfear caighdeáin ábhartha ISO;

(iii)

cinntear méid an leictreachais in-athnuaite arna sholáthar don earnáil iompair trí mhéid an leictreachais arna sholáthar don earnáil sin a iolrú faoi mheánsciar an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear i gcríoch an Bhallstáit sa dá bhliain roimhe sin. Mar eisceacht air sin, i gcás ina bhfaightear leictreachas ó cheangal díreach le suiteáil a ghineann leictreachas in-athnuaite agus ina soláthraítear é d’earnáil an iompair, áireofar an leictreachas sin go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite;

(iv)

beidh sciar na mbithbhreoslaí agus an bhithgháis a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX i luach fuinnimh breoslaí agus leictreachais a sholáthraítear don earnáil iompair teoranta do 1,7 %, seachas sa Chipir agus i Málta;

Má leasaítear liosta an bhunábhair a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn IX i gcomhréir le hAirteagal 28(6), méadófar an uasteorainn ar na bithbhreoslaí agus ar na bithgháis dá réir agus beidh sé bunaithe ar mheasúnú tionchair ón gCoimisiún.

(d)

cinntear an laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa ó úsáid fuinnimh in-athnuaite tríd an gcoigilteas ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid bithbhreoslaí, bithgháis agus leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair a roinnt ar an mbonnlíne.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí luach fuinnimh breoslaí iompair, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, a oiriúnú i gcomhréir le dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil;”;

(c)

cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

“1a.   Chun na spriocanna dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1) a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

chun an t-ainmneoir a ríomh, arb é sin an méid fuinnimh arna thomhailt san earnáil iompair, cuirfear na breoslaí agus an leictreachas go léir a sholáthraítear don earnáil iompair san áireamh;

(b)

chun an t-uimhreoir a ríomh, cuirfear san áireamh luach fuinnimh bithbhreoslaí ardfhorbartha agus bithgháis a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch arna soláthar do gach modh iompair i gcríoch an Aontais;

(c)

maidir le sciar na mbithbhreoslaí ardfhorbartha agus an bhithgháis a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX agus sciar na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch arna soláthar sna modhanna eitlíochta agus muirí, measfar gur 1,2 oiread a luach fuinnimh iad.”;

(d)

scriostar mír 2;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.     Agus leictreachas á úsáid chun breoslaí iompair inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh, go díreach nó chun táirgí eatramhacha a tháirgeadh, féadfar úsáid a bhaint as an meánsciar leictreachais ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh i dtír an táirgthe, faoi mar a tomhaiseadh dhá bhliain roimh an am atá i gceist, chun sciar an fhuinnimh inathnuaite a chinneadh.

Féadfar leictreachas a fhaightear ó nasc díreach le suiteáil nó roinnt suiteálacha lena ngintear leictreachas inathnuaite a áireamh go hiomlán mar leictreachas inathnuaite i gcás ina n-úsáidtear é chun na breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a tháirgeadh ar choinníoll go léiríonn an tsuiteáil gur soláthraíodh an leictreachas lena mbaineann gan leictreachas a thógáil ón eangach.

Féadfar leictreachas a tógadh ón eangach a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite ar an gcoinníoll go ndearnadh é a tháirgeadh go heisiach ó fhoinsí inathnuaite agus gur léiríodh na hairíonna inathnuaite agus aon chritéir iomchuí eile, agus é á áirithiú nach ndéantar airíonna inathnuaite an leictreachais sin a mhaíomh ach an t-aon uair amháin agus in aon earnáil chríochúsáide amháin.

Is féidir é sin a chomhlíonadh trí na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

chun na hairíonna inathnuaite a léiriú, ba cheart é a bheith de cheangal ar tháirgeoirí breoslaí ceann amháin nó níos mó de chomhaontuithe ceannaigh cumhachta inathnuaite a thabhairt i gcrích agus méid leictreachais atá comhionann ar a laghad leis an méid leictreachais a mhaítear a bheith go hiomlán inathnuaite á ghiniúint ag suiteálacha.

(b)

bainfear amach ar bhonn ráithiúil an chothromaíocht idir an leictreachas inathnuaite a cheannaítear trí cheann amháin nó níos mó de chomhaontuithe ceannaigh cumhachta agus an méid leictreachais a thógtar ón eangach chun breosla a tháirgeadh ionas go mbeidh an táirgeadh láncháilithe mar bhreosla inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch.

Ón 1 Eanáir 2030, bainfear amach ar bhonn míosúil, ráithiúil nó bliantúil an chothromaíocht idir an leictreachas inathnuaite a cheannaítear trí cheann amháin nó níos mó de chomhaontuithe ceannaigh cumhachta agus an méid leictreachais a thógtar ón eangach chun breosla a tháirgeadh ionas go mbeidh an táirgeadh láncháilithe mar bhreosla inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch. Beidh an comhchoibhneas ama ag brath ar mheasúnú a dhéanfaidh an Coimisiún. Bainfidh an ceanglas sin le gléasraí atá ann cheana, lena n-áirítear na cinn arna gcoimisiúnú roimh 2030.

I ndáil le suíomh an leictrealóra, déanfar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

tá an tsuiteáil a ghineann leictreachas inathnuaite faoin gcomhaontú ceannaigh cumhachta lonnaithe sa tír chéanna ina bhfuil an leictrealóir nó i dtír chomharsanach; nó

(b)

tá an tsuiteáil a ghineann leictreachas inathnuaite faoin gcomhaontú ceannaigh cumhachta lonnaithe i gcrios tairsceana amach ón gcósta atá tadhlach leis an tír ina bhfuil an leictrealóir nó i dtír chomharsanach;

Féadfar leictreachas a tógadh ó nó a cuireadh ar ais isteach i saoráid stórála fuinnimh ón eangach a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite ar an gcoinníoll go ndearnadh é a tháirgeadh go heisiach ó fhoinsí inathnuaite agus gur léiríodh na hairíonna inathnuaite agus aon chritéir iomchuí eile, agus é á áirithiú nach ndéantar airíonna inathnuaite an leictreachais sin a mhaíomh ach an t-aon uair amháin agus in aon earnáil chríochúsáide amháin. [Leasú 13]

Féadfar leictreachas arna ghiniúint ag feithicil ghrianleictreach agus a úsáidtear le haghaidh ghluaiseacht na feithicle féin a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán in-athnuaite.”; [Leasú 31]

(17)

leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 2, mír 3 agus mír 4.

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a shonrú chun sciar an bhithbhreosla agus an bhithgháis le haghaidh iompair atá mar thoradh ar bhithmhais a phróiseáil le breoslaí iontaise i bpróiseas comhchoiteann.”;

(ba)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

“(c)

an gá atá ann iarmhairtí suntasacha saobhacha ar mhargaí do (fo)tháirgí, dramhaíola nó iarmhar a sheachaint, agus infhaighteacht amhábhar amach anseo á cur san áireamh agus an gá atá le saobhadh margaidh a sheachaint a mbeadh allmhairí ollmhóra amhábhar mar thoradh air;

(d)

an acmhainneacht atá ann astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go suntasach i gcomparáid le breoslaí iontaise bunaithe ar mheasúnú saolré ar astaíochtaí, agus na méideanna bunábhair atá ar fáil agus an sciar d’úsáidí tionsclaíocha atá in iomaíocht le chéile cheana á gcur san áireamh agus aird chuí á tabhairt ar shainiúlachtaí náisiúnta;”;

(c)

i mír 7, cuirtear “a leagtar síos i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1)” in ionad “a leagtar síos sa cheathrú fomhír d’Airteagal 25(1)”;

(18)

leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(-i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“Ní chuirfear san áireamh fuinneamh ó bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna ná ó bhreoslaí bithmhaise chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den fhomhír seo ach amháin má chomhlíonann siad na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach i míreanna 2 go 7 agus mír 10 den Airteagal seo, agus má chuireann siad i gcuntas an t-ordlathas dramhaíola mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE agus prionsabal na húsáide cascáidí dá dtagraítear in Airteagal 3;” [Leasú 43]

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

rannchuidiú le sciartha fuinnimh inathnuaite na mBallstát agus leis na spriocanna dá dtagraítear in Airteagail 3(1), 15a(1), 22a(1), 23(1), 24(4), agus 25(1) den Treoir seo;”;

(ia)

cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas i ndiaidh na chéad fhomhíre:

“Ní dhéanfar fuinneamh ó bhreoslaí bithmhaise soladacha a chur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír má dhíorthaítear iad ó bhithmhais adhmaid phríomhúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Treoir seo. Chun rannchuidiú leis an sprioc maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 3(1), ní bheidh an sciar fuinnimh ó bhreoslaí bithmhaise soladacha arna ndíorthú ó bhithmhais adhmadach phríomhúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Treoir seo níos mó ná an sciar ídithe fuinnimh foriomlán de mheán an bhreosla sin in 2017-2022 bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil.” [Leasú 44]

(ib)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Mar sin féin, maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó dhramhaíl agus ó iarmhair nach iarmhair talmhaíochta, dhobharshaothaithe, iascaigh ná foraoiseachta iad, ní gá dóibh sin ach na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i mír 10 a chomhlíonadh chun go gcuirfí san áireamh iad chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír. I gcás dramhaíl mheasctha a úsáid, áfach, tá sé de cheangal ar na hoibreoirí córais sórtála dramhaíola measctha atá sainithe a chur i bhfeidhm arb é is aidhm leo ábhair iontaise a bhaint. Beidh feidhm ag an bhfomhír seo freisin maidir le dramhaíl agus le hiarmhair a ndéantar iad a phróiseáil ar dtús chun táirge a dhéanamh díobh sula ndéantar tuilleadh próiseála orthu chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a dhéanamh díobh.”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

“Comhlíonfaidh breoslaí bithmhaise na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i mír 2 go mír 7 agus i mír 10 má úsáidtear iad,

(a) i gcás breoslaí bithmhaise soladaí, i suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú arb ionann iomlán a n-ionchur teirmeach rátaithe agus 7,5 nó ar mó ná sin é,

(b) i gcás breoslaí bithmhaise gásacha, i suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú arb ionann iomlán a n-ionchur teirmeach rátaithe agus 2 MW nó ar mó ná sin é,

(c) i gcás suiteálacha a tháirgeann breoslaí bithmhaise gásacha ag a bhfuil an meánráta sreafa bithmheatáin seo a leanas:

(i)

os cionn 500 m3 meatán coibhéiseach/h arna thomhas ag coinníollacha caighdeánacha teochta agus brú (i.e. 0 oC agus 1 bhar de bhrú atmaisféarach);

(ii)

i gcás bithghás ina bhfuil meascán de mheatán agus de gháis neamhdhócháin eile, i gcás an ráta sreafa bithmheatáin, an tairseach a leagtar amach i bpointe (i), athríomhfar é i gcomhréireacht leis an sciar toirtmhéadrach meatáin atá sa mheascán;”

(iii)

cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas tar éis an cheathrú fomhír:

“Féadfaidh na Ballstáit na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghduithe astaíochtaí gáis cheaptha teasa a chur i bhfeidhm maidir le suiteálacha a bhfuil ionchur teirmeach rátáilte iomlán nó ráta sreafa bithmheatáin níos ísle acu.”;

(aa)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní dhéanfar iad as amhábhar a fuarthas as talamh a bhfuil ardluach bithéagsúlachta aige, mar atá talamh a raibh aon cheann de na stádais seo a leanas aige in Eanáir 2008 nó dá éis, is cuma cé acu a choinnigh nó nár choinnigh an talamh an stádas sin:

(a)

foraois phríomhúil agus chianaosta agus coillearnach eile, mar atá foraois agus coillearnach ina bhfuil speicis dúchais, agus gan aon fhianaise shoiléir infheicthe ann ar láimh an duine agus nach bhfuil aon chur isteach ar fiú trácht air tarlaithe do na próisis éiceolaíocha;

(b)

foraois agus coillearnach eile an-bhithéagsúil ar mhórán speiceas nach bhfuil díghrádaithe, agus atá sainaitheanta mar fhoraois nó coillearnach an-bhithéagsúil ag an údarás inniúil ábhartha, ach amháin má chuirtear fianaise ar fáil lena léireofar nár chuir táirgeadh an bhunábhair sin as do na críocha cosanta dúlra sin;

(c)

limistéir arna n-ainmniú:

(i)

ag an dlí nó ag na húdaráis ábhartha inniúla chun críocha cosanta dúlra; nó

(ii)

chun cosaint a thabhairt d'éiceachórais nó speicis atá neamhchoitianta, faoi bhagairt nó i mbaol, agus a aithnítear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta nó a chuirtear ar liostaí arna gcur i dtoll a chéile ag eagraíochtaí idir-rialtasacha nó ag an Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra, faoi réir a n-aithinte i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 30(4), mura gcuirtear fianaise ar fáil nár chuir táirgeadh an amhábhair sin isteach ar na críocha sin um chosaint an dúlra;

(d)

féarthalamh an-bhithéagsúil is fairsinge ná heicteáir amháin atá ina:

(i)

fhéarthalamh nádúrtha, mar atá féarthalamh a d'fhanfadh ina fhéarthalamh in éagmais lámh an duine agus a choinníonn slán comhdhéanamh na speiceas nádúrtha, maille lena chuid próiseas agus saintréithe éiceolaíocha; nó

(ii)

féarthalamh neamhnádúrtha, mar atá féarthalamh nach bhfanfadh ina fhéarthalamh in éagmais lámh an duine, agus atá saibhir ó thaobh speiceas de agus nach bhfuil díghrádaithe arna aithint ag an údarás ábhartha inniúil mar ard-bhithéagsúil, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léireofar nach mór an bunábhar a bhuaint chun a stádas mar fhéarthalamh ard-bhithéagsúil a chaomhnú.

(iii)

fraochmhánna a choinníonn comhdhéanamh nádúrtha speiceas agus tréithe agus próisis éiceolaíocha.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:

“Tá feidhm ag an mír seo, cé is moite den chéad fhomhír, pointe (c), freisin maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise.”;

(c)

▌cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

4.     ‘I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta a cuireadh san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní dhéanfar iad as bunábhar a fuarthas as talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige, eadhon talamh a raibh aon cheann de na stádais seo a leanas aige i mí Eanáir 2008 agus nár choinnigh an stádas sin:

(a)

bogach, eadhon talamh a bhíonn faoi uisce nó báite, go buan nó ar feadh cuid mhaith den bhliain;

(b)

limistéir foraoise gan bhriseadh, eadhon talamh ar fairsinge é ná heicteáir amháin ag a bhfuil crainn atá níos airde ná cúig mhéadar agus clúdach téastair níos mó ná 30 %, nó crainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ;

(c)

talamh níos fairsinge ná heicteáir amháin agus é faoi chrainn is airde ná cúig mhéadar agus clúdach téastair aige idir 10 % agus 30 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ; mura bhfuil fianaise ar fáil lena léireofar go bhfágann stoc carbóin an limistéir roimh a thiontú nó ina dhiaidh go sásaítear na coinníollach a leagtar síos i mír 10 den Airteagal seo ach an mhodheolaíocht a leagtar síos i gCuid C d'Iarscríbhinn V a chur i bhfeidhm.

(ca)

fraochmhánna a choinníonn comhdhéanamh nádúrtha speiceas agus tréithe agus próisis éiceolaíocha.

Ní bheidh feidhm ag forálacha na míre seo i gcás ina raibh ag an talamh, tráth a bhfuarthas an bunábhar, an stádas céanna a bhí aige i mí Eanáir 2008.

‘Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír, cé is moite de phointí (b) agus (c), agus an dara fomhír freisin maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais talmhaíochta nó foraoise arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), ní dhéanfar iad as bunábhar a fuarthas as talamh a bhí ina thalamh portaigh i mí Eanáir 2008, mura gcuirtear fianaise ar fáil nach mbaineann draenáil ithreach nár draenáladh roimhe sin le saothrú agus le buaint an bhunábhair sin agus le comhlíonadh ar an leibhéal náisiúnta nó fonáisiúnta, i gcomhréir leis na critéir chun an riosca a bhaineann le bithmhais foraoise a dhíorthaítear ó tháirgeadh neamh-inbhuanaithe dá dtagraítear i mír 6 a úsáid a íoslaghdú, féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta é a thuairisciú.;”

(da)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“5a.     I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta a cuireadh san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní bheidh siad déanta as amhábhar arna fháil i dtír nach bhfuil ina Páirtí i gComhaontú Pháras.”

(e)

i mír 6, leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

“I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise agus arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní bheidh siad díorthaithe ó bhithmhais adhmadach phríomhúil, cuirfidh siad i gcuntas go hiomlán an t-ordlathas dramhaíola mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE agus prionsabal na húsáide cascáidí dá dtagraítear in Airteagal 3, agus comhlíonfaidh siad na critéir seo a leanas chun an riosca go n-úsáidfí bithmhais foraoise ó tháirgeadh neamh-inbhuanaitheach a laghdú. Chun rannchuidiú leis na spriocanna in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 3(1), ní bheidh an sciar fuinnimh ó bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna agus ó bhreoslaí bithmhaise a dhíorthaítear ó bhithmhais adhmadach phríomhúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Treoir seo níos mó ná an sciar ídithe fuinnimh foriomlán de mheán na mbreoslaí sin in 2017-2022 bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil.” [Leasú 45]

(ii)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

“(iii)

go ndéanfar limistéir arna n-ainmniú ag an dlí idirnáisiúnta nó ag an dlí náisiúnta nó ag an údarás inniúil ábhartha chun críocha cosanta dúlra, lena n-áirítear bogaigh, talamh féaraigh, fraochmhánna agus tailte portaigh, a chosaint agus é mar aidhm leis bithéagsúlacht a chaomhnú agus díothú gnáthóg a chosc mar a leagtar amach i dTreoracha 2009/147/CE agus 92/43/CEE, stádas comhshaoil na n-aigéan mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE chomh maith le stádas éiceolaíoch na n-aibhneacha mar a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE;”;

(iii)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):

“(iv)

déantar an bhuaint agus cáilíocht agus bithéagsúlacht na hithreach á n-áirithiú agus é mar aidhm tionchair dhiúltacha a chosc, ar bhealach a choscann saothrú stumpaí agus fréamhacha nach bhfuil oiriúnach le húsáid ábhar e.g. trí chleachtais bhainistíochta foraoise inbhuanaithe a úsáid, díghrádú foraoisí príomhúla agus cianaosta nó iad a thiontú ina bhforaoisí plandála, agus saothrú ar ithreacha leochaileacha; déantar glanleagan crann a chosc, mura rud é go dtagann dálaí éiceachórais fabhracha agus iomchuí as sin, agus áirithítear leis tairseacha atá oiriúnach go háitiúil agus ó thaobh na héiceolaíochta le haghaidh eastóscadh adhmaid mhairbh, agus áirithítear leis ceanglais chun úsáid a bhaint as córais logála lena n-íoslaghdaítear an tionchar ar cháilíocht na hithreach, balcadh ithreach san áireamh, agus ar ghnéithe agus ar ghnáthóga bithéagsúlachta:”; ’;

(v)

i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):

“(iv)

déantar an bhuaint agus cáilíocht agus bithéagsúlacht na hithreach á n-áirithiú agus é mar aidhm tionchair dhiúltacha a chosc, ar bhealach a choscann saothrú stumpaí agus fréamhacha nach bhfuil oiriúnach le húsáid ábhar e.g. trí chleachtais bhainistíochta foraoise inbhuanaithe a úsáid, díghrádú foraoisí príomhúla agus cianaosta nó iad a thiontú ina bhforaoisí plandála, agus saothrú ar ithreacha leochaileacha; déantar glanleagan crann a chosc, mura rud é go dtagann dálaí éiceachórais fabhracha agus iomchuí as sin, agus áirithítear leis tairseacha atá oiriúnach go háitiúil agus ó thaobh na héiceolaíochta le haghaidh eastóscadh adhmaid mhairbh, agus áirithítear leis ceanglais chun úsáid a bhaint as córais logála lena n-íoslaghdaítear an tionchar ar cháilíocht na hithreach, balcadh ithreach san áireamh, agus ar ghnéithe agus ar ghnáthóga bithéagsúlachta:”;

(fa)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“7a.     Ní sháróidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise an uasteorainn a shainmhínítear ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh úsáid bithmhais foraoise atá comhsheasmhach le spriocanna na mBallstát maidir le fás linn carbóin mar a shainmhínítear i Rialachán … [Rialachán 2018/841] athbhreithnithe.”;

(g)

i mír 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, pointe (d):

“(d)

70 % ar a laghad don leictreachas, téamh agus fuarú a tháirgtear ó bhreoslaí bithmhaise a úsáidtear i suiteálacha a dtosaíonn a n-oibríochtaí ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2025, agus 85 % le haghaidh suiteálacha a dtosaíonn a n-oibríochtaí ón 1 Eanáir 2026.”[Leasú 46]

(ga)

i mír 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“11.     Ní dhéanfar leictreachas ó bhreoslaí bithmhaise a chur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 ach amháin mura n-áirítear leis na breoslaí atá in úsáid bithmhais adhmadach phríomhúil agus go gcomhlíontar leis ceann amháin nó níos mó de na ceanglais seo a leanas. Chun rannchuidiú leis na spriocanna in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 3(1), ní bheidh an sciar leictreachais ó bhreoslaí bithmhaise arna ndíorthú ó bhithmhais adhmadach phríomhúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Treoir seo níos mó ná an sciar ídithe leictreachais foriomlán de mheán na mbreoslaí sin in 2017-2022 bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil.” [Leasú 47]

(gb)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 13:

“13.   Chun na críocha dá dtagraítear ▌sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit maolú, ar feadh tréimhse theoranta, ó na critéir a leagtar síos i míreanna 2 go 7 agus míreanna 10 agus mír 11 den Airteagal seo trí chritéir éagsúla a ghlacadh a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

suiteálacha atá suite i réigiún is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE a mhéid a tháirgeann na saoráidí sin leictreachas nó téamh nó fuarú ó bhreoslaí bithmhaise agus ó bhithleachtanna, agus do bhithbhreoslaí go háirithe d’earnáil an spáis agus do ghníomhaíochtaí réaltfhisiceacha gaolmhara; agus

(b)

breoslaí bithmhaise agus bithleachtanna a úsáidtear sna suiteálacha agus bithbhreoslaí a úsáidtear go háirithe in earnáil an spáis agus gníomhaíochtaí réaltfhisice gaolmhara dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo, gan beann ar áit tionscnaimh na bithmhaise sin, ar choinníoll go bhfuil údar oibiachtúil leis na critéir sin ar an bhforas gurb é  an aidhm atá leo rochtain ar fhuinneamh sábháilte agus slán a áirithiú don réigiún sin agus an t-aistriú ó bhreoslaí iontaise go breoslaí bithmhaise inbhuanaithe agus bithleachtanna a dhreasú .

Cuirfear san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 29 bithleachtanna, bithbhreoslaí agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais adhmaid phríomhúil arna heastóscadh ar bhealach inbhuanaithe agus a eascraíonn as pleanáil úsáide talún i réigiún forimeallach ina gcumhdaíonn foraoisí 90 % ar a laghad de chríoch an réigiúin is forimeallaí.

Chun slándáil fuinnimh a áirithiú sna réigiúin is forimeallaí, féadfaidh na Ballstáit leanúint de thacaíocht a dheonú do tháirgeadh leictreachais ó bhithmhais foraoise i suiteálacha leictreachais amháin sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE.” [Leasú 33]

(gc)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 14:

“14.   Chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, féadfaidh na Ballstáit critéir inbhuanaitheachta bhreise a bhunú le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise.”

(19)

cuirtear isteach an tAirteagal 29a seo a leanas:

“Airteagal 29a

Critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte

1.   Ní dhéanfar fuinneamh ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a áireamh i leith sciartha fuinnimh in-athnuaite na mBallstát agus i leith na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), Airteagal 15a(1), Airteagal 22a(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(4) agus in Airteagal 25(1) ach amháin más 70 % ar a laghad na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa as siocair na breoslaí sin a úsáid.

2.   Ní fhéadfar fuinneamh ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a áireamh sa chuspóir laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), ach amháin más 70 % ar a laghad na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa as siocair na breoslaí sin a úsáid.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte. Áiritheofar leis an modheolaíocht nach dtabharfar creidmheas as astaíochtaí a sheachaint i gcás CO2 ar tugadh creidmheas astaíochta as í a ghabháil cheana faoi fhorálacha eile dlí. Beidh cion carbóin na dramhaíola agus a scaoileadh isteach san atmaisféar san áireamh sa mhodheolaíocht.

In aon chás, leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte, i gcur chuige saolré, déanfar an carbón leabaithe a bhreithniú.

(19a)

cuirtear an tAirteagal 29b seo a leanas isteach:

“Airteagal 29b

Critéir inbhuanaitheachta do ghléasraí hidreachumhachta

Déanfar fuinneamh a ghintear le hidreachumhacht a tháirgeadh i ngléasra a rinne, i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE agus go háirithe Airteagal 4 agus Airteagal 11 den Treoir sin, gach beart maolaithe atá indéanta go teicniúil agus atá ábhartha ó thaobh na héiceolaíochta de a chur chun feidhme chun tionchair dhíobhálacha ar uisce a laghdú chomh maith le bearta chun gnáthóga cosanta agus speicis atá ag brath go díreach ar uisce a fheabhsú.”;

(20)

leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(a)

i mír 1, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“I gcás ina bhfuil breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte le háireamh sna cuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 3(1), 15a(1), 22a(1), 23(1), 24(4) agus 25(1), ceanglóidh na Ballstáit ar oibreoirí eacnamaíocha a chruthú trí iniúchtaí éigeantacha neamhspleácha atá ar fáil go poiblí gur comhlíonadh na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2) i leith breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte. Chun na críche sin, ceanglóidh siad ar oibreoirí eacnamaíocha úsáid a bhaint as córas cothromúcháin maise:”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

“Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha faisnéis iontaofa isteach faoi chomhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a (1) agus (2), go ndéanfaidh siad spriocanna bithéagsúlachta AE a chur san áireamh, agus chun a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha ar fáil don Bhallstát ábhartha, arna iarraidh sin dó, agus don phobal na sonraí a úsáideadh chun an fhaisnéis sin a dhéanamh amach. Déanfaidh na Ballstáit soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha a chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 chun tuairim a thabhairt faoin bhfaisnéis a cuireadh isteach, agus chun fianaise a sholáthar go ndearnadh é sin. Chun pointí (a), (b) agus (d) d’Airteagal 29(3), pointe (a) d’Airteagal 29(4), Airteagal 29(5), pointe (a) d’Airteagal 29(6), agus pointe (a) d’Airteagal 29(7) a chomhlíonadh, féadfar iniúchóireacht chéad pháirtí nó iniúchóireacht dara páirtí a úsáid suas go dtí an chéad phointe bailithe den bhithmhais foraoise. Fíorófar leis an iniúchóireacht sin go bhfuil na córais atá á n-úsáid ag na hoibreoirí eacnamaíocha cruinn, iontaofa agus slán ar chalaois, lena n-áirítear fíorúcháin lena n-áirithítear nach ndéantar aon ábhar a mhodhnú nó a dhiúscairt d'aon ghnó ionas go bhféadfaí an choinsíneacht nó cuid den choinsíneacht a bheith ina dramhaíl nó ina iarmhar. Leis an iniúchóireacht sin, déanfar minicíocht agus modheolaíocht na samplála, mar aon le stóinseacht na sonraí, a mheasúnú.

Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos sa mhír seo gan beann ar cibé acu a tháirgtear na breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte laistigh den Aontas nó a dhéantar iad a allmhairiú. Déanfar faisnéis faoi thionscnamh geografach agus cineál bunábhair na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise in aghaidh an tsoláthróra breosla a chur ar fáil do thomhaltóirí ar bhealach cothrom le dáta, inrochtana go héasca agus so-úsáidte ar shuíomhanna gréasáin na n-oibreoirí, na soláthróirí agus na n-údarás ábhartha inniúil chomh maith leis na stáisiúin athbhreoslaithe agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil.;”

(c)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“I dtaca le scéimeanna deonacha náisiúnta nó idirnáisiúnta lena leagtar síos caighdeáin maidir le táirgeadh breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go soláthrófar sonraí cruinne maidir le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa chun críocha Airteagal 29(10) agus Airteagal 29a(1) agus (2), go léireofar comhlíonadh Airteagal 27(3) agus Airteagal 31a(5), nó go léireofar go bhfuil na critéir inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) á gcomhlíonadh i gcás coinsíneachtaí bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise. Le linn a léiriú go gcomhlíontar na critéir a leagtar síos in Airteagal 29(6) agus (7), féadfaidh na hoibreoirí an fhianaise is gá a sholáthar go díreach ar leibhéal an limistéir fhoinsithe. Chun críocha Airteagal 29(3), an chéad fhomhír, pointe (c)(ii), féadfaidh an Coimisiún limistéir a aithint chun éiceachórais nó speicis atá neamhchoitianta, atá faoi bhagairt nó atá i mbaol, nó chun speicis a aithnítear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta nó a áirítear i liostaí arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idir-rialtasacha nó ag an Aontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra a chosaint.”;

(ca)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go mbeidh sna scéimeanna sin faisnéis chruinn faoi na bearta a glacadh chun ithir, uisce agus aer a chosaint, chun talamh díghrádaithe a athchóiriú agus chun ró-thomhaltas uisce a sheachaint i limistéir ina mbíonn ganntanas uisce ▌.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna náisiúnta a chur ar bun ina bhfíorófar comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2), i gcomhréir leis an modheolaíocht a forbraíodh faoi Airteagal 29a(3), ó cheann ceann na líne cúraim. Féadfar na scéimeanna sin a úsáid freisin chun cruinneas agus iomláine na faisnéise arna háireamh ag oibreoirí eacnamaíocha i mbunachar sonraí an Aontais a fhíorú, chun comhlíonadh Airteagal 27(3) a léiriú agus chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a bhfuil riosca íseal athraithe indírigh ar úsáid talún ag baint leo a dheimhniú.

Féadfaidh Ballstát fógra faoi scéim náisiúnta den sórt sin a thabhairt don Choimisiún. Tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht don mheasúnú ar scéim den sórt sin chun aitheantas frithpháirteach déthaobhach agus iltaobhach na scéimeanna sin a éascú. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an gcomhlíonann scéim náisiúnta den sórt sin ar tugadh fógra ina leith na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).

I gcás gur cinneadh dearfach é, ní dhiúltóidh scéimeanna eile arna n-aithint ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Airteagal seo aitheantas frithpháirteach a thabhairt do scéim náisiúnta an Bhallstáit sin a mhéid a bhaineann le fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar as a bhfuil sí aitheanta ag an gCoimisiún.

Maidir le suiteálacha ina dtáirgtear téamh agus fuarú leictreach lena ngabhann idir 5 agus 20 MW d’ionchur teirmeach rátáilte iomlán, bunóidh na Ballstáit scéimeanna fíoraithe náisiúnta simplithe chun comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta agus na gcritéar maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach i mír (2) go (7) agus (10) d’Airteagal 29 a áirithiú.”

(e)

i mír 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

9.    ‘I gcás ina soláthróidh oibreoir eacnamaíoch fianaise nó sonraí a fuarthas i gcomhréir le scéim a bhí faoi réir cinneadh de bhun mhír 4 nó mhír 6, ní cheanglóidh Ballstát ar an oibreoir eacnamaíoch tuilleadh fianaise a sholáthar maidir le comhlíonadh na ngnéithe a chumhdaítear leis an scéim as a bhfuil an scéim aitheanta ag an gCoimisiún.”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

10.    ‘Ar iarraidh ó Bhallstát, arb iarraidh í a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar iarraidh ó oibreoir eacnamaíoch, scrúdóidh an Coimisiún, ar bhonn na fianaise uile atá ar fáil, ar comhlíonadh na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2) i ndáil le foinse breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte.

Laistigh de shé mhí tar éis iarraidh den sórt sin a fháil agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3), déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a chinneadh an bhféadfaidh an Ballstát lena mbaineann:

(a)

na breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte arna dtáirgeadh ón bhfoinse sin a chur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 29(1); nó

(b)

de mhaolú ar mhír 9 den Airteagal seo, a cheangal ar sholáthróirí fhoinse na mbreoslaí in-athnuaite agus na mbreoslaí carbóin athchúrsáilte tuilleadh fianaise a sholáthar faoi chomhlíonadh na gcritéar sin maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus na dtairseach sin maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.”;

(22)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 31a

Bunachar sonraí an Aontais

1.   Faoi … [trí mhí tar éis don Treoir leasaitheach seo teacht i bhfeidhm], áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear ar bun bunachar sonraí de chuid an Aontais chun go bhféadfar breoslaí bithmhaise, breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a rianú ( ‘Bunachar Sonraí an Aontais)’ ).

2.   Ceanglóidh na Ballstáit ar na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha faisnéis chruinn a iontráil go tráthúil sa bhunachar sonraí sin maidir leis na hidirbhearta a rinneadh agus maidir le critéir inbhuanaitheachta na mbreoslaí atá faoi réir na n-idirbheart sin, lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa a saolré, ag tosú ó phointe a dtáirgthe go dtí tráth a n-ídithe san Aontas. Measfar gur córas aonair cothromúcháin maise é an córas idirnasctha gáis. Soláthrófar faisnéis maidir le hinstealladh agus tarraingt siar i mBunachar sonraí an Aontais le haghaidh breoslaí gásacha. Cuirfear san áireamh freisin sa bhunachar sonraí faisnéis i dtaobh ar cuireadh tacaíocht ar fáil chun coinsíneacht shonrach bhreosla a tháirgeadh, agus má cuireadh, áireofar freisin faisnéis maidir leis an gcineál scéime tacaíochta.

I gcás inarb iomchuí chun inrianaitheacht sonraí ó cheann ceann an tslabhra soláthair a fheabhsú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun raon feidhme na faisnéise atá le háireamh i mbunachar sonraí an Aontais a leathnú tuilleadh chun sonraí ábhartha a chumhdach ó phointe táirgthe nó bailithe an amhábhair a úsáidtear le haghaidh tháirgeadh an bhreosla.

Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthróirí breosla an fhaisnéis is gá a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais chun a fhíorú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír.

D’ainneoin fhomhíreanna 1 go 3, le haghaidh breoslaí gásacha in-athnuaite agus breoslaí gásacha a instealltar sa chóras gáis Eorpach, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a chur isteach maidir leis na hidirbhearta a rinneadh agus maidir leis na critéir inbhuanaitheachta agus faisnéis ábhartha eile amhail astaíochtaí GCT na mbreoslaí suas go dtí an pointe insteallta chuig an gcóras gáis idirnasctha, i gcás ina gcomhlánaítear an córas inrianaitheachta maischothromaithe le ráthaíochtaí tionscnaimh.

3.   Beidh rochtain ag na Ballstáit ar bhunachar sonraí an Aontais chun faireachán a dhéanamh agus sonraí a fhíorú.

4.    I gcás inar eisíodh ráthaíochtaí tionscnaimh i leith coinsíneacht gás in-athnuaite a tháirgeadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na ráthaíochtaí tionscnaimh sin a chur ar ceal tar éis choinsíneacht na ngás in-athnuaite a tharraingt siar ón gcóras idirnasctha Eorpach don ghás .

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfíorófar cruinneas agus iomláine na faisnéise arna cur ag oibreoirí eacnamaíocha sa bhunachar sonraí, trí úsáid a bhaint as scéimeanna deonacha nó náisiúnta mar shampla , agus a fhéadfar a chomhlánú le córas ráthaíochtaí tionscnaimh .

5a.     Cuirfear an bunachar sonraí ar fáil go poiblí ar bhealach oscailte, trédhearcach agus soláimhsithe agus coinneofar cothrom le dáta é.

Déanfaidh an Coimisiún tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú don phobal i gcoitinne faoin bhfaisnéis a thuairiscítear i mbunachar sonraí an Aontais, lena n-áirítear cainníochtaí, tionscnamh geografach agus cineál bunábhair na mbreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin.”;

(22a)

leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.     In 2025, tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach maidir leis an gcreat rialála maidir le cur chun cinn an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite don tréimhse tar éis 2030.”

(b)

i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Agus an togra reachtach dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

comhairle ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide arna bhunú faoi Airteagal 10ú de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009;

(b)

buiséad táscach réamh-mheasta an Aontais maidir le gás ceaptha teasa mar a leagtar amach in Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2021/1119;

(c)

na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur isteach ag na Ballstáit faoin 30 Meitheamh 2024 de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999;

(d)

an taithí a fuarthas trí chur chun feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear a hinbhuanaitheacht agus a critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; agus

(e)

forbairtí teicneolaíochta i leictreachas ó fhoinsí inathnuaite.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4a.     Faoi … [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme na Treorach seo agus foilseoidh sé tuarascáil ina leagfar amach conclúidí a hathbhreithnithe. Déanfar scrúdú san athbhreithniú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

na héifeachtaí seachtracha a bhaineann le himscaradh an fhuinnimh in-athnuaite agus an tionchar atá aige ar an gcomhshaol.

(b)

na buntáistí socheacnamaíocha a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo;

(c)

stádas chur chun feidhme na dtionscnamh gaolmhar fuinnimh in-athnuaite faoi RepowerEU;

(d)

cibé an gcomhlíontar an méadú ar an éileamh ar leictreachas in earnálacha an iompair, an tionscail, na tógála agus an téimh agus an fhuaraithe agus RFNBOnna le méideanna coibhéiseacha d’acmhainní giniúna in-athnuaite;

(e)

deireadh a chur de réir a chéile, faoi 2030, le sciar na mbreoslaí a dhíorthaítear ó bhithmhais adhmadach phríomhúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Treoir seo, chun é a áireamh i dtreo na spriocanna in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 3(1), bunaithe ar mheasúnú tionchair ón gCoimisiún. Déanfar an t-athbhreithniú sin le haghaidh céimniú síos a chur i láthair ar a dhéanaí faoin … [3 bliana tar éis thrasuí na Treorach leasaithí seo]. [Leasú 48]

Déanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla sna Ballstáit nósanna imeachta riaracháin a oiriúnú go leanúnach do dhea-chleachtais agus déanfaidh siad gach beart chun cur chun feidhme na Treorach seo a shimpliú, agus na costais chomhlíontacha ar na gníomhaithe atá rannpháirteach agus ar na hearnálacha a ndéantar difear dóibh a choinneáil chomh híseal agus is féidir.”;

(23)

leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(3), an dara fomhír, Airteagal 29a(3), Airteagal 26(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 26(2), an cúigiú fomhír, Airteagal 27(1), an dara fomhír, Airteagal 27(3), an ceathrú fomhír, Airteagal 28(5), Airteagal 28(6), an dara fomhír, Airteagal 31(5) an dara fomhír, agus Airteagal 31a(2), an dara fomhír a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ó [theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(3), an cúigiú fomhír, Airteagal 8(3), an dara fomhír, Airteagal 29a(3), Airteagal 26(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 26(2), an cúigiú fomhír, Airteagal 27(1), an dara fomhír, Airteagal 27(3), an ceathrú fomhír, Airteagal 28(5), Airteagal 28(6), an dara fomhír, Airteagal 31(5), agus Airteagal 31a(2), an dara fomhír a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 7(3), an cúigiú fomhír, Airteagal 8(3), an dara fomhír, Airteagal 29a(3), Airteagal 26(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 26(2), an cúigiú fomhír, Airteagal 27(1), an dara fomhír, Airteagal 27(3), an ceathrú fomhír, Airteagal 28(5), Airteagal 28(6), an dara fomhír, Airteagal 31(5), agus Airteagal 31a(2) an dara fomhír, i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(24)

leasaítear na hIarscríbhinní i gcomhréir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1999

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11:

“11)

ciallaíonn ‘spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais’ an sprioc cheangailteach ar fud an Aontais laghdú intíre 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair i gcomparáid le 1990, ar sprioc í atá le baint amach faoi 2030, sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001, an phríomhsprioc ar leibhéal an Aontais 32,5 % ar a laghad d’fheabhsú ar éifeachtúlacht fuinnimh in 2030, agus sprioc 15 % d’idirnascadh leictreachais faoi 2030 nó aon sprioc ina dhiaidh sin i ndáil leis sin arna comhaontú ag an gComhairle Eorpach nó ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i leith 2030.”;

(b)

i bpointe 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“b)

i gcomhthéacs moltaí ón gCoimisiún arna mbunú ar an measúnú de bhun phointe (b) d’Airteagal 29(1) maidir le fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, Ballstát a bheith ag cur chun feidhme go luath a rannchuidiú le sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001 arna thomhas in aghaidh a phointí tagartha náisiúnta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite;”;

(2)

In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(2):

“(2)

maidir le fuinneamh in-athnuaite:

D’fhonn sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite in 2030 a ghnóthú, sprioc dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001, rannchuidiú leis an sprioc sin ó thaobh sciar an Bhallstáit d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh in 2030, maille le conair tháscach an rannchuidithe sin ó 2021 ar aghaidh. Faoi 2022, sroichfear, leis an gconair tháscach, pointe tagartha 18 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta 2020 an Bhallstáit sin agus a rannchuidiú le sprioc 2030. Faoi 2025, sroichfear, leis an gconair tháscach, pointe tagartha 43 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta 2020 an Bhallstáit sin agus a rannchuidiú le sprioc 2030. Faoi 2027, sroichfidh an chonair tháscach pointe tagartha dar luach 65 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta do 2020 an Bhallstáit sin agus a rannchuidiú leis an sprioc do 2030.

Faoi 2030, sroichfear, leis an gconair tháscach, ar a laghad rannchuidiú beartaithe an Bhallstáit. I gcás ina síleann Ballstát go sáróidh sé sprioc cheangailteach náisiúnta 2020, féadfar tús a chur ar an gconair tháscach ar pé leibhéal is réamh-mheasta di. Maidir le conairí táscacha na mBallstát, i dteannta a chéile, ní mór gurb ionann iad agus pointí tagartha an Aontais in 2022, 2025 agus 2027 agus sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001. Ar leithligh óna rannchuidiú le sprioc an Aontais agus óna chonair tháscach chun críocha an Rialacháin seo, beidh Ballstát saor chun uaillmhianta níos mó a shonrú chun críocha an bheartais náisiúnta.”;

(3)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Áiritheoidh na Ballstáit i dteannta a chéile gurb ionann suim a ranníocaíochtaí agus leibhéal sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001.”;

(4)

In Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I réimse an fhuinnimh in-athnuaite, mar chuid dá mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh an Aontais ar bhonn conair tháscach Aontais a thosóidh ag 20 % in 2020, a shroichfidh pointí tagartha dar luach 18 % ar a laghad in 2022, 43 % in 2025 agus 65 % in 2027 den mhéadú foriomlán i sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc 2020 an Aontais agus sprioc 2030 an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite, agus a shroichfidh sprioc 2030 an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001.”;

Airteagal 3

Leasuithe ar Threoir 98/70/CE

Leasaítear Treoir 98/70/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Raon feidhme

Leagtar síos sa Treoir seo, i leith feithiclí bóthair, agus innealra soghluaiste nach innealra bóthair é (lena n-áirítear soithí uiscebhealaí intíre nuair nach mbíonn siad ar muir), tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta, agus árthaí áineasa nuair nach mbíonn siad ar muir, sonraíochtaí teicniúla ar fhorais sláinte agus chomhshaoil le haghaidh breoslaí a úsáid le hinnill adhainte deimhní agus innill adhainte comhbhrú, agus ceanglais theicniúla na n-inneall sin á gcur san áireamh.”;

(2)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1, 2 agus 3:

“1.

ciallaíonn ‘peitreal’ aon ola mhianra sho-ghalaithe atá ceaptha chun innill adhainte dheimhní dócháin inmheánaigh a oibriú chun feithiclí a thiomáint agus a thagann faoi réim chóid AC 2710 12 41, 2710 12 45 agus 2710 12 49;

2.

ciallaíonn ‘breoslaí díosail’ olaí gáis a thagann faoi réim chód AC 2710 19 43 (27) dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) agus Rialachán (CE) 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) agus a úsáidtear le haghaidh feithiclí féinghluaiste;

‘3.

ciallaíonn ‘olaí gáis atá beartaithe lena n-úsáid ag innealra soghluaiste nach innealra bóthair é (lena n-áirítear soithí uiscebhealaí intíre), tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta, agus árthaí áineasa’ aon bhreosla leachtach a dhíorthaítear ó pheitriliam, a thagann faoi réim chóid AC 27101943 (30), dá dtagraítear i dTreoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), Rialachán (AE) 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) agus Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) agus atá beartaithe lena úsáid in innill adhainte chomhbhrú.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 8 agus 9:

“8.

ciallaíonn ‘soláthróir’‘soláthróir breosla’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (38) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34);

‘9.

ciallaíonn ‘bithbhreoslaí’‘bithbhreoslaí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (33) de Threoir (AE) 2018/2001;”;

(3)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

I mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthróirí a áirithiú go gcuirfear díosal a bhfuil suas le 7 % d’eistear meitile aigéid shailligh (FAME) ann ar an margadh.”

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Áiritheoidh na Ballstáit gurb é 10 mg/kg an cion sulfair uasta is incheadaithe in olaí gáis atá beartaithe lena n-úsáid ag innealra soghluaiste nach innealra bóthair é (lena n-áirítear soithí uiscebhealaí intíre), tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta agus árthaí áineasa. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar breoslaí leachtacha seachas na holaí gáis sin a úsáid in árthaí uiscebhealaí intíre agus in árthaí áineasa ach amháin mura sárófar an cion uasta sulfair incheadaithe le cion sulfair na mbreoslaí leachtacha sin.”;

(4)

Scriostar Airteagal 7a go 7e.

(5)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

i mír 1, scriostar pointí (g), (h), (i) agus (k);

(b)

scriostar mír 2;

(6)

Leasaítear Iarscríbhinní, I, II, IV agus V i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 4

Forálacha idirthréimhseacha

(1)

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin na sonraí a bhaileofar agus a thuairisceofar don údarás arna ainmniú ag an mBallstát maidir leis an mbliain [IO: cuirtear isteach an bhliain féilire a ghabhfaidh éifeacht leis an aisghairm] nó maidir le cuid díobh i gcomhréir le hAirteagal 7a(1), an tríú fomhír, agus Airteagal 7a(7) de Threoir 98/70/CE, a scriostar le hAirteagal 3(4) den Treoir seo.

(2)

Áireoidh an Coimisiún na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in aon tuarascáil a mbeidh sé d’oibleagáid air a chur isteach faoi Threoir 98/70/CE.

Airteagal 5

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig  2023 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 6

Aisghairm

Aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 (35) ón gComhairle le héifeacht ó [IO: cuirtear isteach an bhliain féilire a ghabhfaidh éifeacht leis an aisghairm].

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Faoi mhí na Nollag 2024, tíolacfaidh an Coimisiún Eorpach measúnú tionchair cuimsitheach ar éifeachtaí comhcheangailte agus carnacha an phacáiste “oiriúnach do 55”, lena n-áirítear an Treoir seo.

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, scriostar an ró deiridh sa tábla;

 

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:

LUACH FUINNIMH BREOSLAÍ

Breosla

Luach fuinnimh de réir meáchain (luach calrach íochtarach, MJ/kg)

Luach fuinnimh de réir toirte (luach calrach íochtarach, MJ/l)

BREOSLAÍ Ó BHITHMHAIS AGUS/NÓ Ó OIBRÍOCHTAÍ PRÓISEÁLA BITHMHAISE

 

 

Bithphrópán

46

24

Ola glasraí íon (ola arna tháirgeadh ó phlandaí ola trí fháisceadh, eastóscadh nó nósanna imeachta inchomparáide, amh nó scagtha ach gan aon athrú ceimiceach)

37

34

Bithdhíosal – eistear meitile aigéid shailligh (eistear meitile arna tháirgeadh ó ola de tionscnamh bithmhaise)

37

33

Bithdhíosal – eistear eitile aigéid shailligh (eistear eitile arna tháirgeadh ó ola de tionscnamh bithmhaise)

38

34

Bithghás is féidir a íonú go cáilíocht gáis nádúrtha

50

Ola de thionscnamh bithmhaise arna hidreachóireáil (arna chóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin), le húsáid in ionad díosail

44

34

Ola de thionscnamh bithmhaise arna hidreachóireáil (arna chóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin), le húsáid in ionad díosail

45

30

Ola de thionscnamh bithmhaise arna hidreachóireáil (arna chóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin), le húsáid in ionad scairdbhreosla

44

34

Ola de thionscnamh bithmhaise arna hidreachóireaíl (arna chóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin), le húsáid in ionad gás peitriliam leachtaithe

46

24

Ola comhphróiseáilte (próiseáilte i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad díosail

43

36

Ola comhphróiseáilte (próiseáilte i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad peitril

44

32

Ola comhphróiseáilte (próiseáilte i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad scairdbhreosla

43

33

Ola comhphróiseáilte (próiseáilte i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad gás peitriliam leachtaithe

46

23

BREOSLAÍ INATHNUAITE IS FÉIDIR A THÁIRGEADH Ó FHOINSÍ ÉAGSÚLA INATHNUAITE LENA nÁIRÍTEAR BITHMHAIS

 

 

Meatánól ó fhoinsí inathnuaite

20

16

Eatánól ó fhoinsí inathnuaite

27

21

Própánól ó fhoinsí inathnuaite

31

25

Bútanól ó fhoinsí inathnuaite

33

27

Díosal Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid in ionad díosail)

44

34

Peitreal Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid in ionad peitril)

44

33

Scairdbhreosla Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid i scairdbhreosla)

44

33

Gás peitriliam leachtaithe Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid in ionad gás peitriliam leachtaithe)

46

24

DME (éitear démheitile)

28

19

Hidrigin ó fhoinsí inathnuaite

120

ETBE (éitear búitileach treasach eitileach arna tháirgeadh ar bhonn eatánóil)

36 (lena n-áirítear 37 % ó fhoinsí inathnuaite)

27 (lena n-áirítear 37 % ó fhoinsí inathnuaite)

MTBE (éitear búitileach treasach meitileach arna tháirgeadh ar bhonn meatánóil)

35 (lena n-áirítear 22 % ó fhoinsí inathnuaite)

26 (lena n-áirítear 22 % ó fhoinsí inathnuaite)

TAEE (éitear eitileach treasach aimileach arna tháirgeadh ar bhonn eatánóil)

38 (lena n-áirítear 29 % ó fhoinsí inathnuaite)

29 (lena n-áirítear 29 % ó fhoinsí inathnuaite)

TAME (éitear eitileach treasach meitileach aimileach arna tháirgeadh ar bhonn meatánóil)

36 (lena n-áirítear 18 % ó fhoinsí inathnuaite)

28 (lena n-áirítear 18 % ó fhoinsí inathnuaite)

THxEE (éitear eitileach treasach heicsealach arna tháirgeadh ar bhonn eatánóil)

38 (lena n-áirítear 25 % ó fhoinsí inathnuaite)

30 (lena n-áirítear 25 % ó fhoinsí inathnuaite)

THxME (éitear meitileach treasach heicsealach arna tháirgeadh ar bhonn meatánóil)

38 (lena n-áirítear 14 % ó fhoinsí inathnuaite san áireamh)

30 (lena n-áirítear 14 % ó fhoinsí inathnuaite)

BREOSLAÍ NEAMH-INATHNUAITE

 

 

Peitreal

43

32

Díosal

43

36

Hidrigin ó fhoinsí neamh-inathnuaite

120

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

OILIÚINT AGUS DEIMHNIÚ SUITEÁLAITHE AGUS DEARTHÓIRÍ SUITEÁLACHA INATHNUAITE”

b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh agus na chéad mhíre

“Beidh na scéimeanna deimhniúcháin agus na cláir oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 18 (3) bunaithe ar na critéir seo a leanas:

1.

Beidh an próiseas deimhniúcháin trédhearcach agus sainithe go soiléir ag na Ballstáit nó ag an gcomhlacht riaracháin a cheapfaidh siad.”;

c)

cuirtear na pointí 1a agus 1b seo a leanas isteach:

“1a.

Déanfar na deimhnithe a eiseoidh comhlachtaí deimhniúcháin a shainiú go soiléir agus beidh siad éasca le sainaithint d’oibrithe agus do ghairmithe atá ag lorg deimhniúcháin.

1b.

Cuirfidh an próiseas deimhniúcháin ar chumas suiteálaithe suiteálacha ardcháilíochta a oibríonn go hiontaofa a chur i bhfeidhm.”;

d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 2 agus 3:

“2.

Déanfaidh clár oiliúna creidiúnaithe nó soláthraí oiliúna creidiúnaithe nó scéimeanna foirmiúla cáilíochta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta , suiteálaithe bithmhaise, teaschaidéil, suiteálacha geoiteirmeacha éadoimhne, grianfhuinnimh ▌theirmigh agus teicneolaíochtaí stórála agus freagartha éilimh, lena n-áirítear stáisiúin luchtaithe, a dheimhniú,”

3.

Is iad na Ballstáit nó an comhlacht riaracháin a cheapfaidh siad a dhéanfaidh creidiúnú ar an gclár nó soláthraí oiliúna. Áiritheoidh an comhlacht creidiúnaithe go mbeidh cuimsitheacht agus leanúnachas agus clúdach réigiúnach nó náisiúnta ag baint leis na cláir oiliúna, uas-scilithe agus athscilithe arna dtairiscint ag an soláthraí oiliúna.

Beidh saoráidí teicniúla leormhaithe ag an soláthraí oiliúna chun oiliúint phraiticiúil a sholáthar, lena n-áirítear trealamh leordhóthanach saotharlainne nó saoráidí comhfhreagracha chun oiliúint phraiticiúil a sholáthar.

I dteannta na bunoiliúna, déanfaidh an soláthraí oiliúna cúrsaí oiliúna athnuachana agus uas-scilithe níos giorra arna n-eagrú i modúil oiliúna a thairiscint lena gcuirfear ar chumas suiteálaithe agus dearthóirí inniúlachtaí nua a fhoghlaim, agus a gcuid scileanna a leathnú agus a éagsúlú i roinnt teicneolaíochtaí agus ina réimsí féin. Áiritheoidh an soláthraí oiliúna go gcuirfear oiliúint in oiriúint do theicneolaíochtaí nua in-athnuaite i gcomhthéacs foirgneamh, tionscail agus talmhaíochta. Aithneoidh soláthraithe oiliúna na scileanna ábhartha a sealbhaíodh.

Ceapfar na cláir agus na modúil oiliúna i gcaoi go mbeifear in ann foghlaim ar feadh an tsaoil a dhéanamh i suiteálacha inathnuaite agus go mbeidh siad ag luí leis an ngairmoiliúint do chuardaitheoirí poist céaduaire agus do dhaoine fásta atá ag lorg athoiliúna nó fostaíocht nua.

Ceapfar na cláir oiliúna chun gur fusa cáilíocht a fháil i dteicneolaíochtaí agus i réitigh éagsúla agus chun speisialtóireacht theoranta i mbranda nó i dteicneolaíocht ar leith a sheachaint. Féadfaidh monaróir an trealaimh nó an chórais, institiúidí nó cumainn a bheith ina soláthraí oiliúna.”

da)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:

“5.

Críochnóidh an cúrsa oiliúna le scrúdú a mbeidh deimhniú nó cáilíocht mar thoradh air. Beidh measúnú praiticiúil ar choirí bithmhaise nó soirn bhithmhaise, teaschaidéil, suiteálacha geoiteirmeacha éadoimhne, suiteálacha teirmeacha gréine teicneolaíochtaí stórála agus freagartha éilimh, lena n-áirítear stáisiúin luchtaithe.”

e)

I bpointe 6(c), cuirtear na pointí (iv) agus (v) leis:

“(iv)

tuiscint ar staidéir féidearthachta agus dearaidh;

(v)

tuiscint ar dhruileáil, i gcás teaschaidéil geoiteirmeacha.”;

(5)

In Iarscríbhinn V, leasaítear cuid C mar a leanas:

a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 5 agus 6:

“5.

Áireofar le hastaíochtaí ó eastóscadh nó saothrú amhábhar, eec, astaíochtaí ón bpróiseas eastósctha nó saothraithe é féin; ó bhailiú, triomú agus stóráil na n-amhábhar; ó dhramhaíl agus ó sceitheadh; agus ó tháirgeadh ceimiceán nó táirgí a úsáidtear san eastóscadh nó sa saothrú. Cuirfear gabháil CO2 i saothrú na n-amhábhar as an áireamh. Má tá siad ar fáil, déanfar na luachanna réamhshocraithe dí-chomhiomlánaithe d’astaíochtaí N2O ithreach a leagtar amach i gCuid D a chur i bhfeidhm sa ríomh. Is ceadmhach meáin a ríomh bunaithe ar chleachtais feirmeoireachta áitiúla atá bunaithe ar shonraí grúpa feirmeacha mar rogha mhalartach ar luachanna iarbhír a úsáid.

6.

Chun críocha an ríomha dá dtagraítear i bpointe 1(a), ní chuirfear san áireamh laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhainistíocht fheabhsaithe talmhaíochta, esca, amhail aistriú chuig síolú díreach nó curaíocht laghdaithe, feabhsú ar bhairr/uainíocht na mbarr, úsáid barr cumhdaigh, lena n-áirítear bainistiú iarmhar barr, agus úsáid feabhsaitheora orgánaigh ithreach (e.g. múirín, díleáiteán coipthe aoiligh), mura bhfuil an baol ann go ndéanfaidh siad dochar don bhithéagsúlacht. Ina theannta sin, cuirfear fianaise dhaingean infhíoraithe ar fáil go bhfuil méadú tagtha ar chion carbóin na hithreach nó gur réasúnach a bheith ag súil go dtiocfadh méadú air thar an tréimhse inar saothraítear na hamhábhair lena mbaineann agus aird á tabhairt ar na hastaíochtaí i gcás ina dtagann méadú ar úsáid leasacháin agus luibhicídí mar thoradh ar chleachtais den sórt sin (36).”;

b)

scriostar pointe 15;

c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 18:

“18.

Chun críocha na ríomhanna dá dtagraítear i bpointe 17, is iad na hastaíochtaí a bheidh le roinnt eec + el + esca + na codáin sin de ep, etd, eccs agus eccr a tharlaíonn suas go dtí an chéim den phróiseas ina dtáirgtear comhtháirge, an chéim sin san áireamh. Más rud é go ndearnadh aon chionroinnt ar chomhtháirgí ag céim níos luaithe den phróiseas sa saolré, úsáidfear an codán de na hastaíochtaí sin a sannadh don táirge breosla eatramhach sa chéim dheireanach sin den phróiseas chun na gcríoch sin seachas iomlán na n-astaíochtaí sin. I gcás bithgháis agus bithmheatáin, cuirfear gach comhtháirge nach dtagann faoi raon feidhme phointe 7 san áireamh chun críocha an ríofa sin. Ní dhéanfar aon astaíochtaí a chionroinnt ar dhramhaíl agus iarmhair. Measfar luach fuinnimh nialasach a bheith ag comhtháirgí a bhfuil luach fuinnimh diúltach acu chun críocha an ríofa. Measfar astaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha sa saolré a bheith ag dramhaíl agus iarmhair, lena n-áirítear an dramhaíl agus iarmhair uile atá in Iarscríbhinn IX, suas go dtí próiseas bailithe na n-ábhar sin beag beann orthu a bheith próiseáilte ina dtáirgí eatramhacha sula ndéantar iad a thiontú chuig an táirge deiridh. ▌I gcás breoslaí bithmhaise a tháirgtear i scaglanna, seachas an teaglaim d’ionaid phróiseála ina bhfuil coirí nó aonaid chomhghiniúna a sholáthraíonn teas agus/nó leictreachas don ionad próiseála, is é an scaglann a úsáidfear mar aonad anailíse chun críocha an ríofa dá dtagraítear i bpointe 17”;

(6)

In Iarscríbhinn VI, leasaítear cuid B mar a leanas:

a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 5 agus 6:

“5.

Áireofar le hastaíochtaí ó eastóscadh nó saothrú amhábhar, eec, astaíochtaí ón bpróiseas eastósctha nó saothraithe é féin; ó bhailiú, triomú agus stóráil na n-amhábhar; ó dhramhaíl agus ó sceitheadh; agus ó tháirgeadh ceimiceán nó táirgí a úsáidtear san eastóscadh nó sa saothrú. Cuirfear gabháil CO2 i saothrú na n-amhábhar as an áireamh. Má tá siad ar fáil, déanfar na luachanna réamhshocraithe dí-chomhiomlánaithe d’astaíochtaí N2O ithreach a leagtar amach i gCuid D a chur i bhfeidhm sa ríomh. Is ceadmhach meáin a ríomh bunaithe ar chleachtais feirmeoireachta áitiúla atá bunaithe ar shonraí grúpa feirmeacha mar rogha mhalartach ar luachanna iarbhír a úsáid.’

6.

Chun críocha an ríomha dá dtagraítear i bpointe 1(a), ní chuirfear san áireamh laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhainistíocht fheabhsaithe talmhaíochta, esca, amhail aistriú chuig síolú díreach nó curaíocht laghdaithe, feabhsú ar bhairr/uainíocht na mbarr, úsáid barr cumhdaigh, lena n-áirítear bainistiú iarmhar barr, agus úsáid feabhsaitheora orgánaigh ithreach (e.g. múirín, díleáiteán coipthe aoiligh), mura bhfuil an baol ann go ndéanfaidh siad dochar don bhithéagsúlacht. Ina theannta sin, cuirfear fianaise dhaingean infhíoraithe ar fáil go bhfuil méadú tagtha ar chion carbóin na hithreach nó gur réasúnach a bheith ag súil go dtiocfadh méadú air thar an tréimhse inar saothraítear na hamhábhair lena mbaineann agus aird á tabhairt ar na hastaíochtaí i gcás ina dtagann méadú ar úsáid leasacháin agus luibhicídí mar thoradh ar chleachtais den sórt sin (37).”;

b)

scriostar pointe 15;

c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 18:

“18.

Chun críocha na ríomhanna dá dtagraítear i bpointe 17, is iad na hastaíochtaí a bheidh le roinnt eec + el + esca + na codáin sin de ep, etd, eccs agus eccr a tharlaíonn suas go dtí an chéim den phróiseas ina dtáirgtear comhtháirge, an chéim sin san áireamh. Más rud é go ndearnadh aon chionroinnt ar chomhtháirgí ag céim níos luaithe den phróiseas sa saolré, úsáidfear an codán de na hastaíochtaí sin a sannadh don táirge breosla eatramhach sa chéim dheireanach sin den phróiseas chun na gcríoch sin seachas iomlán na n-astaíochtaí sin.

I gcás bithgháis agus bithmheatáin, cuirfear gach comhtháirge nach dtagann faoi raon feidhme phointe 7 san áireamh chun críocha an ríofa sin. Ní dhéanfar aon astaíochtaí a chionroinnt ar dhramhaíl agus iarmhair. Measfar luach fuinnimh nialasach a bheith ag comhtháirgí a bhfuil luach fuinnimh diúltach acu chun críocha an ríofa.

Measfar astaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha sa saolré a bheith ag dramhaíl agus iarmhair, lena n-áirítear an dramhaíl agus iarmhair uile atá in Iarscríbhinn IX, suas go dtí próiseas bailithe na n-ábhar sin beag beann orthu a bheith próiseáilte ina dtáirgí eatramhacha sula ndéantar iad a thiontú chuig an táirge deiridh. ▌

I gcás breoslaí bithmhaise a tháirgtear i scaglanna, seachas an teaglaim de mhonarchana próiseála ina bhfuil coirí nó aonaid chomhghiniúna a thugann teas agus/nó leictreachas don mhonarcha próiseála, is é an scaglann a bheidh san aonad anailíse chun críocha an ríofa dá dtagraítear i bpointe 17.”

(6a)

in Iarscríbhinn VI, cuirtear isteach cuid Ba seo a leanas:

“Ba.

Bunábhair breosla bithmhaise le húsáid i suiteálacha do-aistrithe lasmuigh den earnáil iompair, lena n-áirítear na pointí seo a leanas:

1.

An codán bithmhaise d’iarmhair agus de dhramhaíl sa phríomhthionscal próiseála bia:

(a)

laíon biatais (féinúsáid inmheánach amháin san earnáil)

(b)

luibheanna agus duilleoga ó níochán biatais

(c)

crotail arbhair agus sliogáin torthaí

(d)

an codán bithmhaise de dhramhaíl tionscail nach bhfuil oiriúnach lena úsáid sa slabhra bia agus beatha

(e)

an codán snáithíneach de bhiatas siúcra tar éis úscadh an tsú, na nduilleog agus na n-eireaball idirleata agus na licéar eile a fhaightear tar éis úscadh siúcra;

2.

An codán bithmhaise sloda ó chóireáil dramhuisce sa tionscal próiseála bia príomhúil;”;

(7)

in Iarscríbhinn VII, sa sainmhíniú ar Qin-úsáidte, cuirtear tagairt d’Airteagal 7(3) in ionad na tagartha d’Airteagal 7(4).

(8)

leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leanas:

(a)

i gCuid A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Bunábhair chun bithghás don iompar agus bithbhreoslaí ardfhorbartha a tháirgeadh:”

(b)

i gCuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Bunábhair chun bithbhreoslaí agus bithghás don iompar a tháirgeadh, a mbeidh a rannchuidiú teoranta i dtreo na sprice maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú arna bunú i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1):”;

IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinní I, II, IV agus V a ghabhann le Treoir 98/70/CE mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i bhfonóta 1:

“(1)

Is iad na modhanna a shonraítear in EN 228:2012+A1:2017 a bheidh sna modhanna tástála. Féadfaidh na Ballstáit an modh anailíseach a shonraítear i gcaighdeán ionadach EN 228:2012+A1:2017 a ghlacadh más féidir a thaispeáint go mbaineann an cruinneas céanna ar a laghad agus an leibhéal beachtais céanna ar a laghad is a bhaineann leis an modh anailíseach a mbeidh sé á chur ina ionad.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs fhonóta 2:

“(2)

is ‘fíorluachanna’ iad na luachanna a luaitear sa tsonraíocht. Agus a luachanna teorann á socrú, cuireadh i bhfeidhm téarmaí EN ISO 4259-1:2017/A1:2021 ‘Peitriliam agus táirgí gaolmhara — Beachtas modhanna tomhais agus torthaí – Cuid 1: Na sonraí beachtais a chinneadh maidir le modhanna tástála’ agus trí íosluach a shocrú, cuireadh difríocht íosta 2R os cionn náid san áireamh (R = in-atáirgtheacht). Déanfar na torthaí ó thomhais aonair a léirmhíniú ar bhonn na gcritéar a bhfuil tuairisc orthu in EN ISO 4259-2:2017/A1:2019.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i bhfonóta 6:

“(6)

Mona-alcóil agus éitir eile nach airde a bhfiuchphointe deiridh ná an fiuchphointe deiridh a luaitear in EN 228:2012 +A1:2017.”

(2)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

sa líne dheireanach den tábla, “cion FAME – EN 14078”, san iontráil sa cholún deireanach “Teorainneacha”“Uasmhéid”, cuirtear “10,0” in ionad “7,0”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i bhfonóta 1:

“(1)

Is iad na modhanna a shonraítear in EN 590:2013+A1:2017 a bheidh sna modhanna tástála. Féadfaidh na Ballstáit an modh anailíseach a shonraítear i gcaighdeán ionadach EN 590:2013+A1:2017 a ghlacadh más féidir a thaispeáint go mbaineann an cruinneas céanna ar a laghad agus an leibhéal beachtais céanna ar a laghad leis is a bhaineann leis an modh anailíseach a mbeidh sé á chur ina ionad.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs fhonóta 2:

“(2)

Is ‘fíorluachanna’ iad na luachanna a luaitear sa tsonraíocht. Agus a luachanna teorann á socrú, cuireadh i bhfeidhm téarmaí EN ISO 4259-1:2017/A1:2021 ‘Peitriliam agus táirgí gaolmhara — Beachtas modhanna tomhais agus torthaí – Cuid 1: Na sonraí beachtais a chinneadh maidir le modhanna tástála’ agus trí íosluach a shocrú, cuireadh difríocht íosta 2R os cionn náid san áireamh (R = in-atáirgtheacht). Déanfar na torthaí ó thomhais aonair a léirmhíniú ar bhonn na gcritéar a bhfuil tuairisc orthu in EN ISO 4259-2:2017/A1:2019.”;

(3)

Scriostar Iarscríbhinní IV agus V.


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0208/2022).

(*1)  Leasuithe: léirítear téacs nua nó leasaithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.

(2)  IO C , , lch. .

(3)  IO C , , lch. .

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún COM(2019) 640 final an 11.12.2019, An Comhaontú Glas don Eoraip.

(5)   https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/ddn-20220119-1

(6)   Moladh (AE) 2020/1563 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh.

(7)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, IO L 328, 21.12.2018, lch. 82-209.

(8)  Pointe 3 den Teachtaireacht ón gCoimisiún COM(2020) 562 final an 17.9.2020, Stepping up Europe’s 2030 climate ambition Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa do 2030 Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas an phobail].

(9)  Is é is aidhm do phrionsabal na húsáide cascáidí éifeachtúlacht acmhainne úsáid bithmhaise a bhaint amach trí thús áite a thabhairt d’úsáid ábhar bithmhaise thar úsáid fuinnimh pé uair is féidir, rud a mhéadódh méid na bithmhaise atá ar fáil laistigh den chóras. I gcomhréir le prionsabal na húsáide cascáidí, ba cheart bithmhais adhmaid a úsáid de réir an bhreisluacha eacnamaíoch agus comhshaoil is airde atá aici san ord tosaíochtaí seo a leanas: 1) táirgí adhmadbhunaithe, 2) síneadh a chur leis na blianta seirbhíse atá iontu, 3) athúsáid, 4) athchúrsáil, 5) bithfhuinneamh agus 6) diúscairt.

(10)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(11)  https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC122719

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite (IO L 303, 17.9.2020, lch. 1).

(13)   An Coimisiún Eorpach, An tAirmheán Comhpháirteach Taighde (2020), Arnulf Jäger-Waldau: The Untapped Area Potential for Photovoltaic Power in the European Union [Acmhainneacht Limistéir Neamhshaothraithe do Chumhacht Fhótavoltach san Aontas Eorpach.

(14)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

(15)   Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(16)  Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58).

(17)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(18)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 8 Iúil 2019, An Coimisiún v An Bheilg, C-543/17, ECLI: EU: C:2019:573.

(19)   An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh Inathnuaite (Irena)- tuarascáil maidir le tírdhreach domhanda an airgeadais fuinnimh inathnuaite 2020, leathanach 9.

(20)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

(21)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(22)  COM(2020) 798 final

(23)  Togra le haghaidh Rialachán ón gCoimisiún maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 (xxxx).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear an t-aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).’;

(1a)   Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45). ”;

(27)  Tá uimhriú na gcód AC sin mar a shonraítear sa Chomhtharaif Chustaim, Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(28)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).

(29)  Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/1269/CEE, 2005/55/CE agus 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1);

(30)  Tá uimhriú na gcód AC sin mar a shonraítear sa Chomhtharaif Chustaim, Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(31)  Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus árthaí pearsanta uisce agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, lch. 90).

(32)  Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta, (IO L 060, 2.3.2013, lch. 1).

(33)  Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú inneall dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 agus (AE) Uimh. 167/2013 agus lena leasaítear, agus lena n-aisghairtear Treoir 97/68/CE, (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53).

(34)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.).

(35)  Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle an 20 Aibreán 2015 lena leagtar síos modhanna áirimh agus ceanglais tuairiscithe de bhun Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail, (IO L 107, 25.4.2015, lch. 26).

(36)  D’fhéadfadh tomhais ar chion carbóin na hithreach a bheith i gceist le fianaise den sórt sin, mar shampla tríd an gcéad tomhas roimh an saothrú agus tomhais go tráthrialta ina dhiaidh sin cúpla bliain óna chéile. Sa chás sin, sula mbeadh teacht ar an dara tomhas, dhéanfaí méadú i gcion carbóin na hithreach a mheasúnú ar bhonn turgnaimh ionadaíocha nó samhlacha ithreach. Ón dara tomhas ar aghaidh, bheadh na tomhais ina mbunús lena chinneadh an ann do mhéadú ar chion charbóin na hithreach agus ar a mhéid.

(37)  D'fhéadfadh tomhais ar chion carbóin na hithreach a bheith i gceist le fianaise den sórt sin, mar shampla tríd an gcéad tomhas roimh an saothrú agus tomhais go tráthrialta ina dhiaidh sin cúpla bliain óna chéile. Sa chás sin, sula mbeadh teacht ar an dara tomhas, dhéanfaí méadú i gcion carbóin na hithreach a mheasúnú ar bhonn turgnaimh ionadaíocha nó samhlacha ithreach. Ón dara tomhas ar aghaidh, bheadh na tomhais ina mbunús lena chinneadh an ann do mhéadú ar chion charbóin na hithreach agus ar a mhéid.


Top