This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022AE0101
Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council amending Regulation (EU) 2017/2107 laying down management, conservation and control measures applicable in the Convention area of the International Commission for the Conservation of Atlantic Tunas (ICCAT) and Regulation (EU) …/2022 establishing a multiannual management plan for bluefin tuna in the eastern Atlantic and the Mediterranean’ (COM(2022) 171 final — 2022/0111(COD))
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2107 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) agus Rialachán (AE) …/2022 lena mbunaítear plean ilbhliantúil bainistíochta don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (COM(2022) 171 final — 2022/0111(COD))
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2107 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) agus Rialachán (AE) …/2022 lena mbunaítear plean ilbhliantúil bainistíochta don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (COM(2022) 171 final — 2022/0111(COD))
EESC 2022/00101
IO C 365, 23.9.2022, p. 55–56
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
23.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 365/55 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2107 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) agus Rialachán (AE) …/2022 lena mbunaítear plean ilbhliantúil bainistíochta don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir
(COM(2022) 171 final — 2022/0111(COD))
(2022/C 365/10)
Rapóirtéir aonair: |
Javier GARAT PÉREZ |
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 2.5.2022 An Chomhairle, 23.5.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 43(2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
Dáta a glactha sa rannóg |
31.5.2022 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
63/0/0 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
15.6.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
570 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
211/1/4 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Measann CESE gur iomchuí agus gur gá na moltaí a ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) a thrasuí i ndlí an Aontais, ós rud é gur páirtí conarthach é an tAontas Eorpach sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh, agus chun na bearta caomhnaithe agus rialaithe a glacadh ag a chruinnithe bliantúla in 2006, 2016, 2017, 2018, 2019 agus 2021 a chomhlíonadh. |
1.2. |
Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go gcomhlíonfadh na páirtithe conarthacha uile na moltaí a ghlac ICCAT d’fhonn dálaí cothroma a áirithiú do na hoibreoirí go léir. |
2. Éirim an togra ón gCoimisiún
2.1. |
Is é príomhchuspóir an togra na bearta nua caomhnaithe agus rialaithe a ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (dá ngairtear ICCAT anseo feasta) ag a chruinnithe bliantúla in 2006, 2016, 2017, 2018, 2019 agus 2021, a thrasuí i ndlí an Aontais, mar pháirtí conarthach sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (dá ngairtear Coinbhinsiún ICCAT anseo feasta) ón 14 Samhain 1997. |
2.2. |
Le Coinbhinsiún ICCAT bunaítear creat réigiúnach maidir le caomhnú agus bainistiú tuinníní agus speiceas atá cosúil le tuinnín san Aigéan Atlantach agus sna farraigí máguaird agus ceadaítear moltaí a ghlacadh atá ceangailteach ar na páirtithe conarthacha. |
2.3. |
Leasaítear leis an togra Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), lenar ionchorpraíodh bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe ICCAT cheana féin, maidir le bearta a bhaineann leis na speicis seo a leanas: tuinníní trópaiceacha, tuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas, colgán na ndealg, an mairlín gorm agus geal. |
2.4. |
Déantar athbhreithniú freisin ar an tuairisciú ar shonraí mairlíní, an mácó biorshrónach, chomh maith le sláinte agus sábháilteacht na mbreathnóirí i gcláir breathnóirí réigiúnacha ICCAT, freagrachtaí na mbreathnóirí eolaíocha, agus nuashonrú ar liosta speicis ICCAT. |
2.5. |
Thairis sin, leasaítear leis an togra Rialachán (AE) …/2022 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir maidir le dearbhú an Bhallstáit feirme i dtaca le tabhairt anonn bhliantúil agus oibleagáidí áirithe maidir le cur i gcaighean. |
2.6. |
D’fhonn moltaí ICCAT amach anseo a thrasuí gan mhoill i ndlí an Aontais, déantar foráil maidir le cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún chun cinntí a ghlacadh maidir leis na saincheisteanna seo a leanas: acmhainn teoranta an phlean bhliantúil/an phlean iascaireachta maidir le tuinníní trópaiceacha agus an plean sin a chur in iúl, cuóta bliantúil le haghaidh tuinníní mórshúileacha, tuinníní colgacha an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas agus colgáin an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas a thabhairt anonn, pleananna bainistíochta i ndáil le feistí um chomhbhailiú éisc (FAD), an líon baoithe gléasta, ceanglais agus toirmeasc ar thréimhsí FAD, srianta ar an líon soithí a dhéanann iascaireacht ar thuinníní colgacha an Atlantaigh Thuaidh, coinníollacha chun gabháil a údarú agus chun mácónna biorshrónacha a choinneáil, ceanglais chun go dtiocfaidh a oiread turtar mara agus is féidir slán, céatadán íosta an chumhdaigh breathnóra agus tomhas chéatadán an chumhdaigh, agus liosta speicis ICCAT. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Measann CESE gur iomchuí agus gur gá moltaí ICCAT a glacadh ag a chruinnithe bliantúla in 2006, 2016, 2017, 2018, 2019 agus 2021, a ionchorprú i ndlí an Aontais, mar pháirtí conarthach i gCoinbhinsiún ICCAT agus, dá bhrí sin, mar fhreagairt ar raon feidhme a inniúlachta agus ar chineál ceangailteach na moltaí sin. |
3.2. |
Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go gcomhlíonfadh na páirtithe conarthacha uile na moltaí a ghlac ICCAT d’fhonn dálaí cothroma a áirithiú do na hoibreoirí go léir. |
An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 1).