EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1068

Rialachán (AE) 2023/1068 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh ciantrainileapróil i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/3455

IO L 143, 2.6.2023, p. 27–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1068/oj

2.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 143/27


RIALACHÁN (AE) 2023/1068 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Meitheamh 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh ciantrainileapróil i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1), pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcás ciantrainileapróil, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (‘MRLanna’) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(2)

A mhéid a bhaineann le ciantrainileapról, cuireadh iarratas isteach ar lamháltais allmhairiúcháin de bhun Airteagal 6(2) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 le haghaidh na substainte sin a úsáidtear i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe ar phrátaí, ar ‘ghlasraí fréimhe agus tiúbair trópaiceacha’, ar ‘ghuird a bhfuil craiceann do-ite acu’, ar chabáistí Síneacha, ar phraiseach dhuilleach eile, ar ‘leitísí agus plandaí sailéid’, ar ‘spionáistí agus duilleoga comhchosúla’ (cé is moite de spionáiste), ar pheirsil gharraí agus ar olashíolta mionaoiseacha (i.e. ros lín, síolta poipín, síolta seasamain, síolta mustaird, síolta puimcín, síolta cróch bréige, síolta borráiste, caimilín, síolta cnáibe agus pónairí ricne). Sholáthair an t-iarratasóir sonraí a léiríonn go sáraíonn na hiarmhair na MRLanna dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 nuair a úsáidtear an tsubstaint sin sa dóigh a n-údaraítear í a úsáid ar na barra sin i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe, agus maíonn sé go bhfuil MRLanna níos airde riachtanach chun bacainní trádála ar allmhairiú na mbarr sin isteach san Aontas a sheachaint. Cuireadh an dara hiarratas isteach le haghaidh aibreog de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ina n-iarrtar na MRLanna atá ann cheana a mhodhnú.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne an Ballstát lena mbaineann meastóireacht ar an dá iarratas sin agus cuireadh na tuarascálacha meastóireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(4)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú ar na hiarratais agus ar na tuarascálacha meastóireachta, agus rinne sé scrúdú go háirithe ar na rioscaí áirithe atá ann do na tomhaltóirí agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe agus chuir sé tuairim eolaíoch isteach maidir leis na MRLanna atá beartaithe (2). Chuir sé an tuairim sin ar aghaidh chuig an iarratasóir, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus chuir sé ar fáil don phobal í.

(5)

A mhéid a bhaineann le ciantrainileapról in aibreoga, i bprátaí, i ‘nglasraí fréimhe agus tiúbair trópaiceacha’, i ‘nguird a bhfuil craiceann do-ite acu’, i gcabáistí Síneacha, i bpraiseach dhuilleach eile, i ‘leitísí agus plandaí sailéid’, in ‘spionáistí agus duilleoga comhchosúla’ (cé is moite de spionáiste) agus i bpeirsil gharraí, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur ghá do na bainisteoirí riosca an cheist a scrúdú a thuilleadh mar ní raibh roinnt faisnéise ar fáil maidir le tocsaineacht táirgí díghrádúcháin ciantrainileapróil i dtáirgí próiseáilte. Ós rud é gur tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go mbíonn teagmháil na dtomhaltóirí leis na táirgí díghrádúcháin sin íseal agus go bhfuil an lamháil sábháilteachta leathan, is iomchuí a mholadh na MRLanna arna ndíorthú ag an Údarás le haghaidh ciantrainileapróil i ngach ceann de na táirgí sin a leagan síos.

(6)

A mhéid a bhaineann le ciantrainileapról i leitísí, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur ghá do na bainisteoirí riosca an cheist a scrúdú a thuilleadh maidir le rogha an tacair sonraí chun na MRLanna a leagan síos. Ar bhonn na faisnéise a sholáthair an tÚdarás, is iomchuí a mholadh an MRL le haghaidh ciantrainileapróil i leitísí a leagan síos ag leibhéal 15 mg/kg ar bhonn na sonraí faoi iarmhair i ndáil le leitísí oigheargheala oscailte.

(7)

A mhéid a bhaineann le gach modhnú eile ar MRLanna a d’iarr na hiarratasóirí le haghaidh ciantrainileapróil, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur comhlíonadh na ceanglais go léir maidir le hiomláine na sonraí a cuireadh isteach agus go raibh na modhnuithe ar na MRLanna a d’iarr na hiarratasóirí inghlactha maidir le sábháilteacht an tomhaltóra ar bhonn measúnú ar theagmháil an tomhaltóra i gcás 27 ngrúpa tomhaltóirí Eorpacha shonracha. Sa mheasúnú uaidh, chuir an tÚdarás san áireamh na sonraí is déanaí ar airíonna tocsaineolaíocha na substainte. Maidir le teagmháil fhadtéarmach leis an tsubstaint sin trí chaitheamh na dtáirgí bia go léir a bhféadfadh sí a bheith iontu, agus maidir le teagmháil ghearrthéarmach trí go leor den táirge lena mbaineann a chaitheamh, níor léiríodh baol i leith ceachtar acu sin go sáraítear an iontógáil laethúil inghlactha ná an ghéardháileog thagartha.

(8)

Ar bhonn na tuairime réasúnaithe ón Údarás, agus na tosca ábhartha a liostaítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 á gcur san áireamh, comhlíonann na modhnuithe atá beartaithe ar na MRLanna ceanglais an Airteagail sin.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.

(2)  Reasoned Opinion on the modification of the existing maximum residue level for apricots and setting of import tolerances for cyantraniliprole in various crops. [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh aibreog a mhodhnú agus maidir le lamháltais allmhairiúcháin a leagan síos le haghaidh ciantrainileapróil i mbarra éagsúla]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(3):7219.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh ciantrainileapróil:

"Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)

Códuimhir

Grúpaí agus samplaí de tháirgí aonair a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo  (1)

Ciantrainileapról

(1)

(2)

(3)

0100000

TORTHAÍ, iad ÚR nó REOITE; CNÓNNA CRANN

 

0110000

Torthaí citris

0,9

0110010

Seadóga

 

0110020

Oráistí

 

0110030

Líomóidí

 

0110040

Líomaí

 

0110050

Mandairíní

 

0110990

Eile (2)

 

0120000

Cnónna crann

0,04

0120010

Almóinní

 

0120020

Cnónna Brasaíleacha

 

0120030

Cnónna caisiú

 

0120040

Castáin

 

0120050

Cnónna cócó

 

0120060

Cnónna coill

 

0120070

Macadaimia

 

0120080

Cnónna peacáin

 

0120090

Eithní cnónna péine

 

0120100

Cnónna pistéise

 

0120110

Gallchnónna

 

0120990

Eile (2)

 

0130000

Torthaí póma

0,8

0130010

Úlla

 

0130020

Piorraí

 

0130030

Cainchí

 

0130040

Torthaí ón meispeal Gearmánach

 

0130050

Locuatanna

 

0130990

Eile (2)

 

0140000

Torthaí cloiche

 

0140010

Aibreoga

0,7

0140020

Silíní (iad milis)

6

0140030

Péitseoga

1,5

0140040

Plumaí

0,7

0140990

Eile (2)

0,01  ((*))

0150000

Caora agus torthaí beaga

 

0151000

(a)

fíonchaora

1,5

0151010

Fíonchaora boird

 

0151020

Fíniúnacha coiteanna

 

0152000

(b)

sútha talún

1,5

0153000

(c)

torthaí cána

0,01  ((*))

0153010

Sméara dubha

 

0153020

Eithreoga

 

0153030

Sútha craobh (iad dearg agus buí)

 

0153990

Eile (2)

 

0154000

(d)

torthaí beaga eile agus caora eile

 

0154010

Fraocháin

4

0154020

Mónóga

0,08

0154030

Cuiríní (iad dubh, dearg agus bán)

4

0154040

Spíonáin (iad glas, dearg agus buí)

4

0154050

Mogóirí róis

4

0154060

Maoildearga (iad dubh agus bán)

0,01  ((*))

0154070

Torthaí ón sceach gheal asaróil

0,8

0154080

Caora troim

0,01  ((*))

0154990

Eile (2)

0,01  ((*))

0160000

Torthaí ilghnéitheacha ag a bhfuil

 

0161000

(a)

craiceann inite

 

0161010

Dátaí

0,01  ((*))

0161020

Figí

0,01  ((*))

0161030

Ológa boird

3

0161040

Cumcuait

0,01  ((*))

0161050

Torthaí réaltúla

0,01  ((*))

0161060

Dátphlumaí Seapánacha

0,8

0161070

Plumaí láva

0,01  ((*))

0161990

Eile (2)

0,01  ((*))

0162000

(b)

craiceann do-ite, é beag

0,01  ((*))

0162010

Cíobhaíonna (iad glas, dearg agus buí)

 

0162020

Lítsíonna

 

0162030

Páiseoga

 

0162040

Piorraí deilgneacha

 

0162050

Réalt-úlla

 

0162060

Dátphlumaí Meiriceánacha

 

0162990

Eile (2)

 

0163000

(c)

craiceann do-ite, é mór

 

0163010

Abhacáid

0,01  ((*))

0163020

Bananaí

0,01  ((*))

0163030

Mangónna

0,7

0163040

Papánna

0,01  ((*))

0163050

Pomagránaití

0,01  ((*))

0163060

Céiriomoighe

0,01  ((*))

0163070

Guábhaí

0,01  ((*))

0163080

Anainn

0,01  ((*))

0163090

Torthaí aráin

0,01  ((*))

0163100

Duraígh

0,01  ((*))

0163110

Úlla deilgneacha

0,01  ((*))

0163990

Eile (2)

0,01  ((*))

0200000

GLASRAÍ, iad ÚR nó REOITE

 

0210000

Glasraí fréimhe agus tiúbair

 

0211000

(a)

prátaí

0,15

0212000

(b)

glasraí fréimhe agus tiúbair trópaiceacha

0,15

0212010

Casabhaigh

 

0212020

Prátaí milse

 

0212030

Ionaim

 

0212040

Ararút

 

0212990

Eile (2)

 

0213000

(c)

glasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatas siúcra

0,05

0213010

Meacain bhiatais

 

0213020

Meacain dhearga

 

0213030

Soiliriac/soilire tornapa

 

0213040

Meacain ragaim

 

0213050

Bliosáin ghréine

 

0213060

Meacain bhána

 

0213070

Fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg

 

0213080

Raidisí

 

0213090

Salsabh

 

0213100

Svaeideanna

 

0213110

Tornapaí

 

0213990

Eile (2)

 

0220000

Glasraí bleibíní

 

0220010

Gairleog

0,05

0220020

Oinniúin

0,05

0220030

Seallóidí

0,05

0220040

Oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil

8

0220990

Eile (2)

0,05

0230000

Glasraí a thugann torthaí

 

0231000

(a)

Solanaceae agus Malvaceae

 

0231010

Trátaí

1

0231020

Piobair

1,5

0231030

Ubhthorthaí

1

0231040

Ocra

1,5

0231990

Eile (2)

1,5

0232000

(b)

guird a bhfuil craiceann inite acu

0,4

0232010

Cúcamair

 

0232020

Gircíní

 

0232030

Cúirséid

 

0232990

Eile (2)

 

0233000

(c)

guird a bhfuil craiceann do-ite acu

0,4

0233010

Mealbhacáin

 

0233020

Puimcíní

 

0233030

Mealbhacáin uisce

 

0233990

Eile (2)

 

0234000

(d)

arbhar milis

0,01  ((*))

0239000

(e)

glasraí eile a thugann torthaí

0,01  ((*))

0240000

Glasraí praisí (seachas fréamhacha praisí agus barra duilleog óga praisí)

 

0241000

(a)

praiseach bhlátha

2

0241010

Brocailí

 

0241020

Cóilis

 

0241990

Eile (2)

 

0242000

(b)

praiseach chinn

2

0242010

Bachlóga Bruiséile

 

0242020

Cabáistí cinn

 

0242990

Eile (2)

 

0243000

(c)

praiseach dhuilleach

 

0243010

Cabáistí Síneacha

30

0243020

Cáil

0,01  ((*))

0243990

Eile (2)

30

0244000

(d)

cálráibí

2

0250000

Glasraí duilleacha, luibheanna agus bláthanna inite

 

0251000

(a)

leitísí agus plandaí sailéid

15

0251010

Ceathrúna uain

 

0251020

Leitísí

 

0251030

Searbháin muc

 

0251040

Biolair agus eascróga agus peacáin eile

 

0251050

Biolair thalún

 

0251060

Roicéad Rómánach/rucola

 

0251070

Mustard dearg

 

0251080

Barra duilleog óga (lena n-áirítear speicis phraisí)

 

0251990

Eile (2)

 

0252000

(b)

spionáistí agus duilleoga comhchosúla

 

0252010

Spionáistí

0,01  ((*))

0252020

Puirsleáin

20

0252030

Seardas/duilleoga biatais

20

0252990

Eile (2)

20

0253000

(c)

duilleoga caor fíniúna agus speicis chomhchosúla

0,01  ((*))

0254000

(d)

biolair uisce

0,01  ((*))

0255000

(e)

sreabháin na Beilge

0,01  ((*))

0256000

(f)

luibheanna agus bláthanna inite

 

0256010

Costóg

0,02  ((*))

0256020

Síobhas

0,02  ((*))

0256030

Duilleoga soilire

0,02  ((*))

0256040

Peirsil

20

0256050

Sáiste

0,02  ((*))

0256060

Marós

0,02  ((*))

0256070

Tím

0,02  ((*))

0256080

Basal agus bláthanna inite

0,02  ((*))

0256090

Duilleog labhrais

0,02  ((*))

0256100

Dragan

0,02  ((*))

0256990

Eile (2)

0,02  ((*))

0260000

Léagúim

 

0260010

Pónairí (a bhfuil faighneoga orthu)

1,5

0260020

Pónairí (gan faighneoga)

0,3

0260030

Piseanna (a bhfuil faighneoga orthu)

2

0260040

Piseanna (gan faighneoga)

0,3

0260050

Lintilí

0,01  ((*))

0260990

Eile (2)

0,01  ((*))

0270000

Glasraí gais

 

0270010

Lus súgach

0,01  ((*))

0270020

Cardúin

0,01  ((*))

0270030

Soilirí

15

0270040

Finéal Fhlórans

0,01  ((*))

0270050

Bliosáin chruinne

0,1

0270060

Cainneanna

0,01  ((*))

0270070

Biabhóg

0,01  ((*))

0270080

Péacáin bhambú

0,01  ((*))

0270090

Croíthe pailme

0,01  ((*))

0270990

Eile (2)

0,01  ((*))

0280000

Fungais, caonaigh agus léicin

0,01  ((*))

0280010

Fungais shaothraithe

 

0280020

Fungais fhiáine

 

0280990

Caonaigh agus léicin

 

0290000

Algaí agus orgánaigh phrócaróit

0,01  ((*))

0300000

PISEÁNAIGH

 

0300010

Pónairí

0,3

0300020

Lintilí

0,01  ((*))

0300030

Piseanna

0,01  ((*))

0300040

Lúipíní/pónairí lúipíní

0,01  ((*))

0300990

Eile (2)

0,01  ((*))

0400000

OLASHÍOLTA AGUS OLATHORTHAÍ

 

0401000

Olashíolta

 

0401010

Ros lín

1,5

0401020

Piseanna talún

0,01  ((*))

0401030

Síolta poipín

1,5

0401040

Síolta seasamain

1,5

0401050

Síolta lus na gréine

0,5

0401060

Síolta ráibe

0,8

0401070

Pónairí soighe

0,4

0401080

Síolta mustaird

1,5

0401090

Síolta cadáis

1,5

0401100

Síolta puimcín

1,5

0401110

Síolta cróch bréige

1,5

0401120

Síolta borráiste

1,5

0401130

Caimilín

1,5

0401140

Síolta cnáibe

1,5

0401150

Pónairí ricne

1,5

0401990

Eile (2)

0,01  ((*))

0402000

Olathorthaí

 

0402010

Ológa le haghaidh táirgeadh ola

3

0402020

Eithní pailme ola

0,01  ((*))

0402030

Torthaí pailme oila

0,01  ((*))

0402040

Capac

0,01  ((*))

0402990

Eile (2)

0,01  ((*))

0500000

GRÁNAIGH

0,01  ((*))

0500010

Eorna

 

0500020

Ruán agus bréag-ghránaigh eile

 

0500030

Arbhar Indiach/arbhar

 

0500040

Muiléad coiteann

 

0500050

Coirce

 

0500060

Rís

 

0500070

Seagal

 

0500080

Sorgam

 

0500090

Cruithneacht

 

0500990

Eile (2)

 

0600000

TAENNA, CAIFE, INSILTÍ LUIBHE, CÓCÓ AGUS CARÚIB

 

0610000

Taenna

0,05  ((*))

0620000

Pónairí caife

0,05

0630000

Insiltí luibhe ó

 

0631000

(a)

bláthanna

0,05  ((*))

0631010

Camán meall

 

0631020

Roiseog

 

0631030

Rós

 

0631040

Seasmain

 

0631050

Teile

 

0631990

Eile (2)

 

0632000

(b)

duilleoga agus luibheanna

0,05  ((*))

0632010

Sú talún

 

0632020

Rooibos

 

0632030

Maité

 

0632990

Eile (2)

 

0633000

(c)

fréamhacha

0,2

0633010

Caorthann corraigh

 

0633020

Ginsing

 

0633990

Eile (2)

 

0639000

(d)

aon chuid eile den phlanda

0,05  ((*))

0640000

Pónairí cócó

0,05  ((*))

0650000

Carúib

0,05  ((*))

0700000

LEANNLUSANNA

0,05  ((*))

0800000

SPÍOSRAÍ

 

0810000

Spíosraí ó shíolta

0,05  ((*))

0810010

Ainís

 

0810020

Calaindí

 

0810030

Soilire

 

0810040

Lus an choire

 

0810050

Cuimín

 

0810060

Lus mín

 

0810070

Finéal

 

0810080

Feinigréag

 

0810090

Noitmig

 

0810990

Eile (2)

 

0820000

Spíosraí ó thorthaí

0,05  ((*))

0820010

Ilspíosra/pimeantó

 

0820020

Piobar Szechuan

 

0820030

Cearbhas

 

0820040

Cardamam

 

0820050

Caor aitil

 

0820060

Piobarchaor (í dubh, glas agus bán)

 

0820070

Fanaile

 

0820080

Tamarain

 

0820990

Eile (2)

 

0830000

Spíosraí ó choirt

0,05  ((*))

0830010

Cainéal

 

0830990

Eile (2)

 

0840000

Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm

 

0840010

Liocras

0,2

0840020

Sinséar (10)

 

0840030

Tuirmiric/curcuma

0,2

0840040

Meacain ragaim (11)

 

0840990

Eile (2)

0,2

0850000

Spíosraí ón mbachlóg

0,05  ((*))

0850010

Clóibh

 

0850020

Caprais

 

0850990

Eile (2)

 

0860000

Spíosraí ó phistil bláthanna

0,05  ((*))

0860010

Cróch

 

0860990

Eile (2)

 

0870000

Spíosraí arail

0,05  ((*))

0870010

Maicis

 

0870990

Eile (2)

 

0900000

PLANDAÍ SIÚCRA

 

0900010

Fréamhacha biatas siúcra

0,05

0900020

Cánaí siúcra

0,01  ((*))

0900030

Fréamhacha siocaire

0,05

0900990

Eile (2)

0,01  ((*))

1000000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - AINMHITHE TALÚN

 

1010000

Tráchtearraí ó

 

1011000

(a)

mucra

 

1011010

Matán

0,2

1011020

Saill

0,5

1011030

An t-ae

1,5

1011040

An duán

1,5

1011050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1,5

1011990

Eile (2)

0,01

1012000

(b)

bó-ainmhí

 

1012010

Matán

0,2

1012020

Saill

0,5

1012030

An t-ae

1,5

1012040

An duán

1,5

1012050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1,5

1012990

Eile (2)

0,01

1013000

(c)

caoraigh

 

1013010

Matán

0,2

1013020

Saill

0,5

1013030

An t-ae

1,5

1013040

An duán

1,5

1013050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1,5

1013990

Eile (2)

0,01

1014000

d)

gabhar

 

1014010

Matán

0,2

1014020

Saill

0,5

1014030

An t-ae

1,5

1014040

An duán

1,5

1014050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1,5

1014990

Eile (2)

0,01

1015000

(e)

eachaí

 

1015010

Matán

0,2

1015020

Saill

0,5

1015030

An t-ae

1,5

1015040

An duán

1,5

1015050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1,5

1015990

Eile (2)

0,01

1016000

(f)

éanlaith chlóis

 

1016010

Matán

0,02

1016020

Saill

0,04

1016030

An t-ae

0,15

1016040

An duán

0,15

1016050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,15

1016990

Eile (2)

0,01

1017000

(g)

ainmhithe talún feirme eile

 

1017010

Matán

0,2

1017020

Saill

0,5

1017030

An t-ae

1,5

1017040

An duán

1,5

1017050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1,5

1017990

Eile (2)

0,01

1020000

Bainne

0,02

1020010

Eallach

 

1020020

Caoirigh

 

1020030

Gabhar

 

1020040

Capall

 

1020990

Eile (2)

 

1030000

Uibheacha éan

0,15

1030010

An chearc

 

1030020

Lacha

 

1030030

Géanna

 

1030040

Gearg

 

1030990

Eile (2)

 

1040000

Mil agus táirgí beachaireacht eile (7)

0,05  ((*))

1050000

Débheathaigh agus Reiptílí

0,01

1060000

Ainmhithe inveirteabracha talún

0,01

1070000

Ainmhithe veirteabracha talún fiáine

0,01

1100000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - ÉISC, TÁIRGÍ ÉISC AGUS AON TÁIRGE BIA MARA NÓ FIONNUISCE ILE (8)

 

1200000

TÁIRGÍ NÓ CODANNA DE THÁIRGÍ A ÚSAIDTEAR CHUN BEATHA AINMHITHE A THÁIRGEADH AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN (8)

 

1300000

TÁIRGÍ BIA PRÓISEÁILTE (9)

 


((*))  Léiríonn an íosteorainn an chinnidh anailísigh

(1)  Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I"


Top