|
2.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 143/27 |
RIALACHÁN (AE) 2023/1068 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Meitheamh 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh ciantrainileapróil i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1), pointe (a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcás ciantrainileapróil, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (‘MRLanna’) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(2) |
A mhéid a bhaineann le ciantrainileapról, cuireadh iarratas isteach ar lamháltais allmhairiúcháin de bhun Airteagal 6(2) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 le haghaidh na substainte sin a úsáidtear i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe ar phrátaí, ar ‘ghlasraí fréimhe agus tiúbair trópaiceacha’, ar ‘ghuird a bhfuil craiceann do-ite acu’, ar chabáistí Síneacha, ar phraiseach dhuilleach eile, ar ‘leitísí agus plandaí sailéid’, ar ‘spionáistí agus duilleoga comhchosúla’ (cé is moite de spionáiste), ar pheirsil gharraí agus ar olashíolta mionaoiseacha (i.e. ros lín, síolta poipín, síolta seasamain, síolta mustaird, síolta puimcín, síolta cróch bréige, síolta borráiste, caimilín, síolta cnáibe agus pónairí ricne). Sholáthair an t-iarratasóir sonraí a léiríonn go sáraíonn na hiarmhair na MRLanna dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 nuair a úsáidtear an tsubstaint sin sa dóigh a n-údaraítear í a úsáid ar na barra sin i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe, agus maíonn sé go bhfuil MRLanna níos airde riachtanach chun bacainní trádála ar allmhairiú na mbarr sin isteach san Aontas a sheachaint. Cuireadh an dara hiarratas isteach le haghaidh aibreog de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ina n-iarrtar na MRLanna atá ann cheana a mhodhnú. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne an Ballstát lena mbaineann meastóireacht ar an dá iarratas sin agus cuireadh na tuarascálacha meastóireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
|
(4) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú ar na hiarratais agus ar na tuarascálacha meastóireachta, agus rinne sé scrúdú go háirithe ar na rioscaí áirithe atá ann do na tomhaltóirí agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe agus chuir sé tuairim eolaíoch isteach maidir leis na MRLanna atá beartaithe (2). Chuir sé an tuairim sin ar aghaidh chuig an iarratasóir, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus chuir sé ar fáil don phobal í. |
|
(5) |
A mhéid a bhaineann le ciantrainileapról in aibreoga, i bprátaí, i ‘nglasraí fréimhe agus tiúbair trópaiceacha’, i ‘nguird a bhfuil craiceann do-ite acu’, i gcabáistí Síneacha, i bpraiseach dhuilleach eile, i ‘leitísí agus plandaí sailéid’, in ‘spionáistí agus duilleoga comhchosúla’ (cé is moite de spionáiste) agus i bpeirsil gharraí, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur ghá do na bainisteoirí riosca an cheist a scrúdú a thuilleadh mar ní raibh roinnt faisnéise ar fáil maidir le tocsaineacht táirgí díghrádúcháin ciantrainileapróil i dtáirgí próiseáilte. Ós rud é gur tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go mbíonn teagmháil na dtomhaltóirí leis na táirgí díghrádúcháin sin íseal agus go bhfuil an lamháil sábháilteachta leathan, is iomchuí a mholadh na MRLanna arna ndíorthú ag an Údarás le haghaidh ciantrainileapróil i ngach ceann de na táirgí sin a leagan síos. |
|
(6) |
A mhéid a bhaineann le ciantrainileapról i leitísí, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur ghá do na bainisteoirí riosca an cheist a scrúdú a thuilleadh maidir le rogha an tacair sonraí chun na MRLanna a leagan síos. Ar bhonn na faisnéise a sholáthair an tÚdarás, is iomchuí a mholadh an MRL le haghaidh ciantrainileapróil i leitísí a leagan síos ag leibhéal 15 mg/kg ar bhonn na sonraí faoi iarmhair i ndáil le leitísí oigheargheala oscailte. |
|
(7) |
A mhéid a bhaineann le gach modhnú eile ar MRLanna a d’iarr na hiarratasóirí le haghaidh ciantrainileapróil, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur comhlíonadh na ceanglais go léir maidir le hiomláine na sonraí a cuireadh isteach agus go raibh na modhnuithe ar na MRLanna a d’iarr na hiarratasóirí inghlactha maidir le sábháilteacht an tomhaltóra ar bhonn measúnú ar theagmháil an tomhaltóra i gcás 27 ngrúpa tomhaltóirí Eorpacha shonracha. Sa mheasúnú uaidh, chuir an tÚdarás san áireamh na sonraí is déanaí ar airíonna tocsaineolaíocha na substainte. Maidir le teagmháil fhadtéarmach leis an tsubstaint sin trí chaitheamh na dtáirgí bia go léir a bhféadfadh sí a bheith iontu, agus maidir le teagmháil ghearrthéarmach trí go leor den táirge lena mbaineann a chaitheamh, níor léiríodh baol i leith ceachtar acu sin go sáraítear an iontógáil laethúil inghlactha ná an ghéardháileog thagartha. |
|
(8) |
Ar bhonn na tuairime réasúnaithe ón Údarás, agus na tosca ábhartha a liostaítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 á gcur san áireamh, comhlíonann na modhnuithe atá beartaithe ar na MRLanna ceanglais an Airteagail sin. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Meitheamh 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(2) Reasoned Opinion on the modification of the existing maximum residue level for apricots and setting of import tolerances for cyantraniliprole in various crops. [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh aibreog a mhodhnú agus maidir le lamháltais allmhairiúcháin a leagan síos le haghaidh ciantrainileapróil i mbarra éagsúla]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(3):7219.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh ciantrainileapróil:
" Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
Códuimhir |
Grúpaí agus samplaí de tháirgí aonair a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo (1) |
Ciantrainileapról |
||
|
(1) |
(2) |
(3) |
||
|
0100000 |
TORTHAÍ, iad ÚR nó REOITE; CNÓNNA CRANN |
|
||
|
0110000 |
Torthaí citris |
0,9 |
||
|
0110010 |
Seadóga |
|
||
|
0110020 |
Oráistí |
|
||
|
0110030 |
Líomóidí |
|
||
|
0110040 |
Líomaí |
|
||
|
0110050 |
Mandairíní |
|
||
|
0110990 |
Eile (2) |
|
||
|
0120000 |
Cnónna crann |
0,04 |
||
|
0120010 |
Almóinní |
|
||
|
0120020 |
Cnónna Brasaíleacha |
|
||
|
0120030 |
Cnónna caisiú |
|
||
|
0120040 |
Castáin |
|
||
|
0120050 |
Cnónna cócó |
|
||
|
0120060 |
Cnónna coill |
|
||
|
0120070 |
Macadaimia |
|
||
|
0120080 |
Cnónna peacáin |
|
||
|
0120090 |
Eithní cnónna péine |
|
||
|
0120100 |
Cnónna pistéise |
|
||
|
0120110 |
Gallchnónna |
|
||
|
0120990 |
Eile (2) |
|
||
|
0130000 |
Torthaí póma |
0,8 |
||
|
0130010 |
Úlla |
|
||
|
0130020 |
Piorraí |
|
||
|
0130030 |
Cainchí |
|
||
|
0130040 |
Torthaí ón meispeal Gearmánach |
|
||
|
0130050 |
Locuatanna |
|
||
|
0130990 |
Eile (2) |
|
||
|
0140000 |
Torthaí cloiche |
|
||
|
0140010 |
Aibreoga |
0,7 |
||
|
0140020 |
Silíní (iad milis) |
6 |
||
|
0140030 |
Péitseoga |
1,5 |
||
|
0140040 |
Plumaí |
0,7 |
||
|
0140990 |
Eile (2) |
0,01 ((*)) |
||
|
0150000 |
Caora agus torthaí beaga |
|
||
|
0151000 |
|
1,5 |
||
|
0151010 |
Fíonchaora boird |
|
||
|
0151020 |
Fíniúnacha coiteanna |
|
||
|
0152000 |
|
1,5 |
||
|
0153000 |
|
0,01 ((*)) |
||
|
0153010 |
Sméara dubha |
|
||
|
0153020 |
Eithreoga |
|
||
|
0153030 |
Sútha craobh (iad dearg agus buí) |
|
||
|
0153990 |
Eile (2) |
|
||
|
0154000 |
|
|
||
|
0154010 |
Fraocháin |
4 |
||
|
0154020 |
Mónóga |
0,08 |
||
|
0154030 |
Cuiríní (iad dubh, dearg agus bán) |
4 |
||
|
0154040 |
Spíonáin (iad glas, dearg agus buí) |
4 |
||
|
0154050 |
Mogóirí róis |
4 |
||
|
0154060 |
Maoildearga (iad dubh agus bán) |
0,01 ((*)) |
||
|
0154070 |
Torthaí ón sceach gheal asaróil |
0,8 |
||
|
0154080 |
Caora troim |
0,01 ((*)) |
||
|
0154990 |
Eile (2) |
0,01 ((*)) |
||
|
0160000 |
Torthaí ilghnéitheacha ag a bhfuil |
|
||
|
0161000 |
|
|
||
|
0161010 |
Dátaí |
0,01 ((*)) |
||
|
0161020 |
Figí |
0,01 ((*)) |
||
|
0161030 |
Ológa boird |
3 |
||
|
0161040 |
Cumcuait |
0,01 ((*)) |
||
|
0161050 |
Torthaí réaltúla |
0,01 ((*)) |
||
|
0161060 |
Dátphlumaí Seapánacha |
0,8 |
||
|
0161070 |
Plumaí láva |
0,01 ((*)) |
||
|
0161990 |
Eile (2) |
0,01 ((*)) |
||
|
0162000 |
|
0,01 ((*)) |
||
|
0162010 |
Cíobhaíonna (iad glas, dearg agus buí) |
|
||
|
0162020 |
Lítsíonna |
|
||
|
0162030 |
Páiseoga |
|
||
|
0162040 |
Piorraí deilgneacha |
|
||
|
0162050 |
Réalt-úlla |
|
||
|
0162060 |
Dátphlumaí Meiriceánacha |
|
||
|
0162990 |
Eile (2) |
|
||
|
0163000 |
|
|
||
|
0163010 |
Abhacáid |
0,01 ((*)) |
||
|
0163020 |
Bananaí |
0,01 ((*)) |
||
|
0163030 |
Mangónna |
0,7 |
||
|
0163040 |
Papánna |
0,01 ((*)) |
||
|
0163050 |
Pomagránaití |
0,01 ((*)) |
||
|
0163060 |
Céiriomoighe |
0,01 ((*)) |
||
|
0163070 |
Guábhaí |
0,01 ((*)) |
||
|
0163080 |
Anainn |
0,01 ((*)) |
||
|
0163090 |
Torthaí aráin |
0,01 ((*)) |
||
|
0163100 |
Duraígh |
0,01 ((*)) |
||
|
0163110 |
Úlla deilgneacha |
0,01 ((*)) |
||
|
0163990 |
Eile (2) |
0,01 ((*)) |
||
|
0200000 |
GLASRAÍ, iad ÚR nó REOITE |
|
||
|
0210000 |
Glasraí fréimhe agus tiúbair |
|
||
|
0211000 |
|
0,15 |
||
|
0212000 |
|
0,15 |
||
|
0212010 |
Casabhaigh |
|
||
|
0212020 |
Prátaí milse |
|
||
|
0212030 |
Ionaim |
|
||
|
0212040 |
Ararút |
|
||
|
0212990 |
Eile (2) |
|
||
|
0213000 |
|
0,05 |
||
|
0213010 |
Meacain bhiatais |
|
||
|
0213020 |
Meacain dhearga |
|
||
|
0213030 |
Soiliriac/soilire tornapa |
|
||
|
0213040 |
Meacain ragaim |
|
||
|
0213050 |
Bliosáin ghréine |
|
||
|
0213060 |
Meacain bhána |
|
||
|
0213070 |
Fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg |
|
||
|
0213080 |
Raidisí |
|
||
|
0213090 |
Salsabh |
|
||
|
0213100 |
Svaeideanna |
|
||
|
0213110 |
Tornapaí |
|
||
|
0213990 |
Eile (2) |
|
||
|
0220000 |
Glasraí bleibíní |
|
||
|
0220010 |
Gairleog |
0,05 |
||
|
0220020 |
Oinniúin |
0,05 |
||
|
0220030 |
Seallóidí |
0,05 |
||
|
0220040 |
Oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil |
8 |
||
|
0220990 |
Eile (2) |
0,05 |
||
|
0230000 |
Glasraí a thugann torthaí |
|
||
|
0231000 |
|
|
||
|
0231010 |
Trátaí |
1 |
||
|
0231020 |
Piobair |
1,5 |
||
|
0231030 |
Ubhthorthaí |
1 |
||
|
0231040 |
Ocra |
1,5 |
||
|
0231990 |
Eile (2) |
1,5 |
||
|
0232000 |
|
0,4 |
||
|
0232010 |
Cúcamair |
|
||
|
0232020 |
Gircíní |
|
||
|
0232030 |
Cúirséid |
|
||
|
0232990 |
Eile (2) |
|
||
|
0233000 |
|
0,4 |
||
|
0233010 |
Mealbhacáin |
|
||
|
0233020 |
Puimcíní |
|
||
|
0233030 |
Mealbhacáin uisce |
|
||
|
0233990 |
Eile (2) |
|
||
|
0234000 |
|
0,01 ((*)) |
||
|
0239000 |
|
0,01 ((*)) |
||
|
0240000 |
Glasraí praisí (seachas fréamhacha praisí agus barra duilleog óga praisí) |
|
||
|
0241000 |
|
2 |
||
|
0241010 |
Brocailí |
|
||
|
0241020 |
Cóilis |
|
||
|
0241990 |
Eile (2) |
|
||
|
0242000 |
|
2 |
||
|
0242010 |
Bachlóga Bruiséile |
|
||
|
0242020 |
Cabáistí cinn |
|
||
|
0242990 |
Eile (2) |
|
||
|
0243000 |
|
|
||
|
0243010 |
Cabáistí Síneacha |
30 |
||
|
0243020 |
Cáil |
0,01 ((*)) |
||
|
0243990 |
Eile (2) |
30 |
||
|
0244000 |
|
2 |
||
|
0250000 |
Glasraí duilleacha, luibheanna agus bláthanna inite |
|
||
|
0251000 |
|
15 |
||
|
0251010 |
Ceathrúna uain |
|
||
|
0251020 |
Leitísí |
|
||
|
0251030 |
Searbháin muc |
|
||
|
0251040 |
Biolair agus eascróga agus peacáin eile |
|
||
|
0251050 |
Biolair thalún |
|
||
|
0251060 |
Roicéad Rómánach/rucola |
|
||
|
0251070 |
Mustard dearg |
|
||
|
0251080 |
Barra duilleog óga (lena n-áirítear speicis phraisí) |
|
||
|
0251990 |
Eile (2) |
|
||
|
0252000 |
|
|
||
|
0252010 |
Spionáistí |
0,01 ((*)) |
||
|
0252020 |
Puirsleáin |
20 |
||
|
0252030 |
Seardas/duilleoga biatais |
20 |
||
|
0252990 |
Eile (2) |
20 |
||
|
0253000 |
|
0,01 ((*)) |
||
|
0254000 |
|
0,01 ((*)) |
||
|
0255000 |
|
0,01 ((*)) |
||
|
0256000 |
|
|
||
|
0256010 |
Costóg |
0,02 ((*)) |
||
|
0256020 |
Síobhas |
0,02 ((*)) |
||
|
0256030 |
Duilleoga soilire |
0,02 ((*)) |
||
|
0256040 |
Peirsil |
20 |
||
|
0256050 |
Sáiste |
0,02 ((*)) |
||
|
0256060 |
Marós |
0,02 ((*)) |
||
|
0256070 |
Tím |
0,02 ((*)) |
||
|
0256080 |
Basal agus bláthanna inite |
0,02 ((*)) |
||
|
0256090 |
Duilleog labhrais |
0,02 ((*)) |
||
|
0256100 |
Dragan |
0,02 ((*)) |
||
|
0256990 |
Eile (2) |
0,02 ((*)) |
||
|
0260000 |
Léagúim |
|
||
|
0260010 |
Pónairí (a bhfuil faighneoga orthu) |
1,5 |
||
|
0260020 |
Pónairí (gan faighneoga) |
0,3 |
||
|
0260030 |
Piseanna (a bhfuil faighneoga orthu) |
2 |
||
|
0260040 |
Piseanna (gan faighneoga) |
0,3 |
||
|
0260050 |
Lintilí |
0,01 ((*)) |
||
|
0260990 |
Eile (2) |
0,01 ((*)) |
||
|
0270000 |
Glasraí gais |
|
||
|
0270010 |
Lus súgach |
0,01 ((*)) |
||
|
0270020 |
Cardúin |
0,01 ((*)) |
||
|
0270030 |
Soilirí |
15 |
||
|
0270040 |
Finéal Fhlórans |
0,01 ((*)) |
||
|
0270050 |
Bliosáin chruinne |
0,1 |
||
|
0270060 |
Cainneanna |
0,01 ((*)) |
||
|
0270070 |
Biabhóg |
0,01 ((*)) |
||
|
0270080 |
Péacáin bhambú |
0,01 ((*)) |
||
|
0270090 |
Croíthe pailme |
0,01 ((*)) |
||
|
0270990 |
Eile (2) |
0,01 ((*)) |
||
|
0280000 |
Fungais, caonaigh agus léicin |
0,01 ((*)) |
||
|
0280010 |
Fungais shaothraithe |
|
||
|
0280020 |
Fungais fhiáine |
|
||
|
0280990 |
Caonaigh agus léicin |
|
||
|
0290000 |
Algaí agus orgánaigh phrócaróit |
0,01 ((*)) |
||
|
0300000 |
PISEÁNAIGH |
|
||
|
0300010 |
Pónairí |
0,3 |
||
|
0300020 |
Lintilí |
0,01 ((*)) |
||
|
0300030 |
Piseanna |
0,01 ((*)) |
||
|
0300040 |
Lúipíní/pónairí lúipíní |
0,01 ((*)) |
||
|
0300990 |
Eile (2) |
0,01 ((*)) |
||
|
0400000 |
OLASHÍOLTA AGUS OLATHORTHAÍ |
|
||
|
0401000 |
Olashíolta |
|
||
|
0401010 |
Ros lín |
1,5 |
||
|
0401020 |
Piseanna talún |
0,01 ((*)) |
||
|
0401030 |
Síolta poipín |
1,5 |
||
|
0401040 |
Síolta seasamain |
1,5 |
||
|
0401050 |
Síolta lus na gréine |
0,5 |
||
|
0401060 |
Síolta ráibe |
0,8 |
||
|
0401070 |
Pónairí soighe |
0,4 |
||
|
0401080 |
Síolta mustaird |
1,5 |
||
|
0401090 |
Síolta cadáis |
1,5 |
||
|
0401100 |
Síolta puimcín |
1,5 |
||
|
0401110 |
Síolta cróch bréige |
1,5 |
||
|
0401120 |
Síolta borráiste |
1,5 |
||
|
0401130 |
Caimilín |
1,5 |
||
|
0401140 |
Síolta cnáibe |
1,5 |
||
|
0401150 |
Pónairí ricne |
1,5 |
||
|
0401990 |
Eile (2) |
0,01 ((*)) |
||
|
0402000 |
Olathorthaí |
|
||
|
0402010 |
Ológa le haghaidh táirgeadh ola |
3 |
||
|
0402020 |
Eithní pailme ola |
0,01 ((*)) |
||
|
0402030 |
Torthaí pailme oila |
0,01 ((*)) |
||
|
0402040 |
Capac |
0,01 ((*)) |
||
|
0402990 |
Eile (2) |
0,01 ((*)) |
||
|
0500000 |
GRÁNAIGH |
0,01 ((*)) |
||
|
0500010 |
Eorna |
|
||
|
0500020 |
Ruán agus bréag-ghránaigh eile |
|
||
|
0500030 |
Arbhar Indiach/arbhar |
|
||
|
0500040 |
Muiléad coiteann |
|
||
|
0500050 |
Coirce |
|
||
|
0500060 |
Rís |
|
||
|
0500070 |
Seagal |
|
||
|
0500080 |
Sorgam |
|
||
|
0500090 |
Cruithneacht |
|
||
|
0500990 |
Eile (2) |
|
||
|
0600000 |
TAENNA, CAIFE, INSILTÍ LUIBHE, CÓCÓ AGUS CARÚIB |
|
||
|
0610000 |
Taenna |
0,05 ((*)) |
||
|
0620000 |
Pónairí caife |
0,05 |
||
|
0630000 |
Insiltí luibhe ó |
|
||
|
0631000 |
|
0,05 ((*)) |
||
|
0631010 |
Camán meall |
|
||
|
0631020 |
Roiseog |
|
||
|
0631030 |
Rós |
|
||
|
0631040 |
Seasmain |
|
||
|
0631050 |
Teile |
|
||
|
0631990 |
Eile (2) |
|
||
|
0632000 |
|
0,05 ((*)) |
||
|
0632010 |
Sú talún |
|
||
|
0632020 |
Rooibos |
|
||
|
0632030 |
Maité |
|
||
|
0632990 |
Eile (2) |
|
||
|
0633000 |
|
0,2 |
||
|
0633010 |
Caorthann corraigh |
|
||
|
0633020 |
Ginsing |
|
||
|
0633990 |
Eile (2) |
|
||
|
0639000 |
|
0,05 ((*)) |
||
|
0640000 |
Pónairí cócó |
0,05 ((*)) |
||
|
0650000 |
Carúib |
0,05 ((*)) |
||
|
0700000 |
LEANNLUSANNA |
0,05 ((*)) |
||
|
0800000 |
SPÍOSRAÍ |
|
||
|
0810000 |
Spíosraí ó shíolta |
0,05 ((*)) |
||
|
0810010 |
Ainís |
|
||
|
0810020 |
Calaindí |
|
||
|
0810030 |
Soilire |
|
||
|
0810040 |
Lus an choire |
|
||
|
0810050 |
Cuimín |
|
||
|
0810060 |
Lus mín |
|
||
|
0810070 |
Finéal |
|
||
|
0810080 |
Feinigréag |
|
||
|
0810090 |
Noitmig |
|
||
|
0810990 |
Eile (2) |
|
||
|
0820000 |
Spíosraí ó thorthaí |
0,05 ((*)) |
||
|
0820010 |
Ilspíosra/pimeantó |
|
||
|
0820020 |
Piobar Szechuan |
|
||
|
0820030 |
Cearbhas |
|
||
|
0820040 |
Cardamam |
|
||
|
0820050 |
Caor aitil |
|
||
|
0820060 |
Piobarchaor (í dubh, glas agus bán) |
|
||
|
0820070 |
Fanaile |
|
||
|
0820080 |
Tamarain |
|
||
|
0820990 |
Eile (2) |
|
||
|
0830000 |
Spíosraí ó choirt |
0,05 ((*)) |
||
|
0830010 |
Cainéal |
|
||
|
0830990 |
Eile (2) |
|
||
|
0840000 |
Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm |
|
||
|
0840010 |
Liocras |
0,2 |
||
|
0840020 |
Sinséar (10) |
|
||
|
0840030 |
Tuirmiric/curcuma |
0,2 |
||
|
0840040 |
Meacain ragaim (11) |
|
||
|
0840990 |
Eile (2) |
0,2 |
||
|
0850000 |
Spíosraí ón mbachlóg |
0,05 ((*)) |
||
|
0850010 |
Clóibh |
|
||
|
0850020 |
Caprais |
|
||
|
0850990 |
Eile (2) |
|
||
|
0860000 |
Spíosraí ó phistil bláthanna |
0,05 ((*)) |
||
|
0860010 |
Cróch |
|
||
|
0860990 |
Eile (2) |
|
||
|
0870000 |
Spíosraí arail |
0,05 ((*)) |
||
|
0870010 |
Maicis |
|
||
|
0870990 |
Eile (2) |
|
||
|
0900000 |
PLANDAÍ SIÚCRA |
|
||
|
0900010 |
Fréamhacha biatas siúcra |
0,05 |
||
|
0900020 |
Cánaí siúcra |
0,01 ((*)) |
||
|
0900030 |
Fréamhacha siocaire |
0,05 |
||
|
0900990 |
Eile (2) |
0,01 ((*)) |
||
|
1000000 |
TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - AINMHITHE TALÚN |
|
||
|
1010000 |
Tráchtearraí ó |
|
||
|
1011000 |
|
|
||
|
1011010 |
Matán |
0,2 |
||
|
1011020 |
Saill |
0,5 |
||
|
1011030 |
An t-ae |
1,5 |
||
|
1011040 |
An duán |
1,5 |
||
|
1011050 |
Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán) |
1,5 |
||
|
1011990 |
Eile (2) |
0,01 |
||
|
1012000 |
|
|
||
|
1012010 |
Matán |
0,2 |
||
|
1012020 |
Saill |
0,5 |
||
|
1012030 |
An t-ae |
1,5 |
||
|
1012040 |
An duán |
1,5 |
||
|
1012050 |
Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán) |
1,5 |
||
|
1012990 |
Eile (2) |
0,01 |
||
|
1013000 |
|
|
||
|
1013010 |
Matán |
0,2 |
||
|
1013020 |
Saill |
0,5 |
||
|
1013030 |
An t-ae |
1,5 |
||
|
1013040 |
An duán |
1,5 |
||
|
1013050 |
Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán) |
1,5 |
||
|
1013990 |
Eile (2) |
0,01 |
||
|
1014000 |
|
|
||
|
1014010 |
Matán |
0,2 |
||
|
1014020 |
Saill |
0,5 |
||
|
1014030 |
An t-ae |
1,5 |
||
|
1014040 |
An duán |
1,5 |
||
|
1014050 |
Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán) |
1,5 |
||
|
1014990 |
Eile (2) |
0,01 |
||
|
1015000 |
|
|
||
|
1015010 |
Matán |
0,2 |
||
|
1015020 |
Saill |
0,5 |
||
|
1015030 |
An t-ae |
1,5 |
||
|
1015040 |
An duán |
1,5 |
||
|
1015050 |
Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán) |
1,5 |
||
|
1015990 |
Eile (2) |
0,01 |
||
|
1016000 |
|
|
||
|
1016010 |
Matán |
0,02 |
||
|
1016020 |
Saill |
0,04 |
||
|
1016030 |
An t-ae |
0,15 |
||
|
1016040 |
An duán |
0,15 |
||
|
1016050 |
Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán) |
0,15 |
||
|
1016990 |
Eile (2) |
0,01 |
||
|
1017000 |
|
|
||
|
1017010 |
Matán |
0,2 |
||
|
1017020 |
Saill |
0,5 |
||
|
1017030 |
An t-ae |
1,5 |
||
|
1017040 |
An duán |
1,5 |
||
|
1017050 |
Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán) |
1,5 |
||
|
1017990 |
Eile (2) |
0,01 |
||
|
1020000 |
Bainne |
0,02 |
||
|
1020010 |
Eallach |
|
||
|
1020020 |
Caoirigh |
|
||
|
1020030 |
Gabhar |
|
||
|
1020040 |
Capall |
|
||
|
1020990 |
Eile (2) |
|
||
|
1030000 |
Uibheacha éan |
0,15 |
||
|
1030010 |
An chearc |
|
||
|
1030020 |
Lacha |
|
||
|
1030030 |
Géanna |
|
||
|
1030040 |
Gearg |
|
||
|
1030990 |
Eile (2) |
|
||
|
1040000 |
Mil agus táirgí beachaireacht eile (7) |
0,05 ((*)) |
||
|
1050000 |
Débheathaigh agus Reiptílí |
0,01 |
||
|
1060000 |
Ainmhithe inveirteabracha talún |
0,01 |
||
|
1070000 |
Ainmhithe veirteabracha talún fiáine |
0,01 |
||
|
1100000 |
TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - ÉISC, TÁIRGÍ ÉISC AGUS AON TÁIRGE BIA MARA NÓ FIONNUISCE ILE (8) |
|
||
|
1200000 |
TÁIRGÍ NÓ CODANNA DE THÁIRGÍ A ÚSAIDTEAR CHUN BEATHA AINMHITHE A THÁIRGEADH AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN (8) |
|
||
|
1300000 |
TÁIRGÍ BIA PRÓISEÁILTE (9) |
|
((*)) Léiríonn an íosteorainn an chinnidh anailísigh
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I"