Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0438

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/438 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2023 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Ballstáit áirithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leas a bhaint as bealaí eile seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil i ndáil le hEisiúint 2 de Chóras Rialaithe Allmhairí 2 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1174) (Is iad na téacsanna Cróitise, Danmhairgise, Eastóinise, Fraincise, Gearmáinise, Gréigise, Ollainnise, Polainnise, Rómáinise agus Sualainnise amháin atá barántúil)

    C/2023/1174

    IO L 63, 28.2.2023, p. 56–58 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 30/06/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/438/oj

    28.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 63/56


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/438 ÓN gCOIMISIÚN

    an 24 Feabhra 2023

    lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Ballstáit áirithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leas a bhaint as bealaí eile seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil i ndáil le hEisiúint 2 de Chóras Rialaithe Allmhairí 2

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1174)

    (Is iad na téacsanna Cróitise, Danmhairgise, Eastóinise, Fraincise, Gearmáinise, Gréigise, Ollainnise, Polainnise, Rómáinise agus Sualainnise amháin atá barántúil)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 6(4) i gcomhar le hAirteagal 8(2) de,

    Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCód Custaim,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    In Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, ceanglaítear gur trí leas a bhaint as teicnící leictreonacha próiseála sonraí a dhéanfar na malartuithe go léir ar fhaisnéis idir údaráis chustaim agus idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim, agus stóráil faisnéise den sórt sin, mar a éilítear faoin reachtaíocht chustaim. Chun na críche sin agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, dréachtaíonn an Coimisiún comhcheanglais maidir le sonraí.

    (2)

    Foráiltear in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go bhféadfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh i gcásanna eisceachtúla chun ligean do Bhallstát amháin nó do roinnt Ballstát maolú ó úsáid teicnící próiseála sonraí leictreonacha chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil, má tá bonn cirt leis an maolú sin de bharr staid shonrach an Bhallstáit iarrthaigh agus má dheonaítear é ar feadh tréimhse shonrach.

    (3)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún (2) bunaítear an clár oibre a bhaineann le forbairt agus imscaradh na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais (“an clár oibre”). Liostaítear sa chlár oibre na córais leictreonacha atá le forbairt agus na dátaí óna meastar go mbeidh na córais sin oibríochtúil. Chomh maith le nithe eile, sonraítear sa chlár oibre sin an tréimhse cur chun feidhme agus imscartha le haghaidh Chóras Rialaithe Allmhairí 2 i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus Airteagail 16, 46, 47 agus 127 go 132 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

    (4)

    Thairis sin, sonraítear in Airteagal 278(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 an sprioc-am a bhféadfar, go dtí é, leas a bhaint, ar bhonn idirthréimhseach, as bealaí eile seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha chun na forálacha a chur chun feidhme a bhaineann le dearbhuithe iontrála achoimre agus le hanailís riosca i ndáil le teacht isteach earraí i gcríoch chustaim an Aontais.

    (5)

    I gcomhréir leis an gclár oibre, tá na Ballstáit le bheith réidh ón 1 Márta 2023 chun an córas iontrála náisiúnta a imscaradh mar chomhpháirt náisiúnta d’Eisiúint 2 de Chóras Rialaithe Allmhairí 2 chun dearbhuithe iontrála achoimre arna mbailiú ó oibreoirí eacnamaíocha le haghaidh earraí arna n-iompar d’aer a mhalartú agus a stóráil agus tá siad le deis a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha nascadh leis an gcóras laistigh de thréimhse an imscartha a mhairfidh go dtí an 2 Deireadh Fómhair 2023 agus, ó dháta a nasctha ar aghaidh, dearbhuithe iontrála achoimre a thaisceadh trí leas a bhaint as an gcóras sin.

    (6)

    Tháinig trí cinn de chora móra chun cinn, áfach, de chora nach raibh coinne leo ach go páirteach, a raibh tionchar nach beag acu uile ar acmhainní na mBallstát agus a bhfuil dúshláin chomhlántacha ag baint leo uile a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní sin: bhí paindéim COVID-19 ina cúis le moilleanna móra ar fhorbairtí TF san Ostair, sa Fhrainc, sa Ghréig agus san Ísiltír. I ngeall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus an méadú a tháinig dá bharr sin ar líon na ndearbhuithe custaim, bhí ar an bhFrainc agus ar an Ísiltír atheagar a chur ar acmhainní agus ar thosaíochtaí. De bharr iarmhairtí airgeadais ionradh na Rúise ar an Úcráin ar ghníomhaíochtaí custaim na dtíortha comharsanachta nó na dtíortha sa chóngar geografach, géaraíodh ar an staid agus bhí gá le hacmhainní breise san Ostair. Go háirithe, deacrachtaí soláthair agus tairisceana, chomh maith le saincheisteanna buiséadacha agus foirne, a d’eascair as na cúinsí thuasluaite, bhí tionchar nach beag acu sin ar chumas na mBallstát na sprioc-amanna a chomhlíonadh, mar a luaigh an Bheilg, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhrainc, an Ghréig, Lucsamburg, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin agus an tSualainn.

    (7)

    Bhí na cúinsí sonracha sin ina gcúis le moilleanna móra ar na forbairtí leanúnacha TF agus ba iad ba chúis le gan Ballstáit áirithe bheith in ann imscaradh na modhanna TF a chur i gcrích le haghaidh chomhpháirt an chórais iontrála náisiúnta d’Eisiúint 2 de Chóras Rialaithe Allmhairí 2 faoin 1 Márta 2023. Dá bhrí sin, an 16 Bealtaine 2022 i gcas na hEastóine, an 19 Bealtaine 2022 i gcás na hÍsiltíre, an 25 Bealtaine 2022 i gcás na Rómáine, an 3 Meitheamh 2022 i gcás na Gréige, an 7 Meitheamh 2022 i gcás na Fraince, an 23 Meán Fómhair 2022 i gcás na Danmhairge, an 28 Deireadh Fómhair 2022 i gcás na hOstaire, an 15 Nollaig 2022 i gcás na Sualainne, an 19 Nollaig 2022 i gcás na Beilge, an 22 Nollaig 2022 i gcás Lucsamburg, an 23 Nollaig 2022 i gcás na Cróite agus an 23 Eanáir i gcás na Polainne, d’iarr na Ballstáit sin leas a bhaint as bealaí eile le faisnéis a mhalartú agus a stóráil seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha i gcomhréir le hAirteagal 6(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

    (8)

    I gcomhréir le hAirteagal 6(4), an tríú fomhír, den rialachán thuasluaite, níor cheart é a theacht de na maoluithe sin go ndéanfaí difear don mhalartú faisnéise idir an Ballstát chuig a ndírítear í agus Ballstáit eile ná do mhalartú agus stóráil faisnéise i mBallstáit eile chun an reachtaíocht chustaim a fheidhmiú. Tá an Bheilg, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhrainc, an Ghréig, an Ísiltír, Lucsamburg, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin agus an tSualainn le fógra a thabhairt don Choimisiún faoin dul chun cinn atá déanta maidir le himscaradh chóras iontrála náisiúnta Eisiúint 2 de Chóras Rialaithe Allmhairí 2 i ndáil le hearraí a iompraítear d’aer mar chuid den phróiseas tuairiscithe ar dhul chun cinn a leagtar síos in Airteagal 278a de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Tá cumarsáid agus comhroinnt na faisnéise pleanála náisiúnta mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 le háirithiú.

    (9)

    Mar gheall ar thábhacht Chóras Rialaithe Allmhairí 2 maidir le cur chuige comhtháite AE a bhunú chun an bhainistíocht riosca custaim a threisiú agus maidir leis an tslándáil réamhtheachta agus an tsábháilteacht réamhtheachta a áirithiú, agus saorshreabhadh na trádála dlisteanaí á éascú ag an am céanna, agus mar gheall ar chineál agus ar chastacht Chóras Rialaithe Allmhairí 2, beidh iarmhairtí, i dtaca le córais TF ghaolmhara nó spleácha eile, ag na hathruithe is gá a dhéanamh chun ceanglais Chód Custaim an Aontais a ailíniú. Dá bhrí sin, ba cheart fad tréimhse an mhaolaithe a choinneáil chomh gearr agus is féidir. I bhfianaise an mhéid sin agus ag féachaint do thionchair na n-imthosca eisceachtúla ba chúis le moilleanna ar fhorbairtí leanúnacha TF Eisiúint 2 de Chóras Rialaithe Allmhairí 2 sna Ballstáit agus do staid reatha na bhforbairtí sin, ba cheart an maolú a bheith ann go ceann tréimhse nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2023,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as bealaí eile chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha faoin gcomhpháirt choiteann d’Eisiúint 2 den chóras leictreonach dá bhforáiltear in Airteagal 182 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (3) (Córas Rialaithe Allmhairí 2) go dtí an 30 Meitheamh 2023, ar choinníoll nach ndéanfaidh úsáid bealaí eile seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha difear don mhalartú faisnéise idir an Ballstát agus Ballstáit eile ná don mhalartú agus stóráil faisnéise i mBallstáit eile chun an reachtaíocht chustaim a chur i bhfeidhm.

    2.   Chun an coinníoll dá bhforáiltear i mír 1 a chomhlíonadh, bainfidh na Ballstáit leas as an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 36(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2015/2447 (an córas bainistíochta riosca custaim (“CBRC”)) chun faisnéis a mhalartú mar a leanas:

    (a)

    na húdaráis chustaim na mBallstát ar cuireadh sonraí an dearbhaithe iontrála achomair in iúl dóibh trí Chóras Rialaithe Allmhairí 2, dá dtagraítear in Airteagal 186(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2015/2447, cuirfidh siad torthaí a n-anailíse riosca in iúl d’oifig custaim na céadiontrála sa Bhallstát dá ndeonaítear maolú a leagtar síos i mír 1;

    (b)

    oifig custaim na céadiontrála, dá dtagraítear in Airteagal 186(7), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2015/2447, cuirfidh sí an moladh i leith na hearraí a rialú in iúl d’oifig custaim, dá dtagraítear in Airteagal 186(7), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2015/2447, de chuid Ballstát dá ndeonaítear an maolú a leagtar síos i mír 1;

    (c)

    an oifig custaim, dá dtagraítear in Airteagal 186(7), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2015/2447, de chuid Ballstát dá ndeonaítear maolú a leagtar síos i mír 1, déanfaidh sí an cinneadh maidir le rialú na n-earraí dá dtagraítear i bpointe (b) a chur in iúl do na hoifigí custaim uile a bhféadfadh an ghluaiseacht earraí baint dóibh;

    (d)

    an oifig custaim de chuid Ballstát dár deonaíodh maolú a leagtar síos i mír 1, déanfaidh sí torthaí an rialaithe a rinne sí a chur in iúl d’údaráis chustaim eile na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 186(7a) de Rialachán (AE) 2015/2447.

    Airteagal 2

    Beidh feidhm ag an gcinneadh seo ón 1 Márta 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2023.

    Airteagal 3

    Is chuig Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, an Rómáin agus Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Paolo GENTILONI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2019 lena mbunaítear an clár oibre a bhaineann le forbairt agus imscaradh na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais (IO L 325, 16.12.2019, lch. 168).

    (3)  IO L 343, 29.12.2015, lch. 558.


    Top