Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2500

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2500 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2022 lena gcláraítear ainm i gclár um shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint “Keleméri bárányhús” (IGP)

C/2022/9617

IO L 325, 20.12.2022, p. 52–52 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2500/oj

20.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 325/52


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2500 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2022

lena gcláraítear ainm i gclár um shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint “Keleméri bárányhús” (IGP)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Ungáir ar chlárú an ainm “Keleméri bárányhús” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Keleméri bárányhús” a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm “Keleméri bárányhús” (TGFC) cláraithe leis seo.

Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.1. Feoil úr (agus scairteach) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)   IO C 315, 19.8.2022, lch. 21.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


Top