This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2495
Regulation (EU) 2022/2495 of the European Parliament and of the Council of 14 December 2022 amending Regulation (EU) No 1380/2013 as regards restrictions to the access to Union waters
Rialachán (AE) 2022/2495 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a mhéid a bhaineann le srianta ar an rochtain ar uiscí an Aontais
Rialachán (AE) 2022/2495 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a mhéid a bhaineann le srianta ar an rochtain ar uiscí an Aontais
PE/56/2022/REV/1
IO L 325, 20.12.2022, p. 1–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32013R1380 | Athchur | iarscríbhinn I | 01/01/2023 | |
Modifies | 32013R1380 | Athchur | airteagal 5 mír 2 Téacs | 01/01/2023 | |
Modifies | 32013R1380 | Athchur | airteagal 5 mír 3 Téacs | 01/01/2023 | |
Modifies | 32013R1380 | Athchur | airteagal 5 mír 4 Téacs | 01/01/2023 | |
Modifies | 32013R1380 | Cur le | airteagal 5 mír 5 | 01/01/2023 |
20.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 325/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/2495 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Nollaig 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a mhéid a bhaineann le srianta ar an rochtain ar uiscí an Aontais
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá rochtain chomhionann ag soithí iascaireachta an Aontais ar uiscí agus ar acmhainní an Aontais, faoi réir rialacha an Chomhbheartais Iascaigh (CBI). |
(2) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) foráiltear i ndáil le maoluithe ar an riail maidir le rochtain chomhionann. |
(3) |
I gcomhréir leis an Rialachán sin, údaraítear do na Ballstáit an iascaireacht a shrianadh do shoithí iascaireachta a bhíonn ag iascaireacht de ghnáth sna huiscí sin ó chalafoirt ar an gcósta cóngarach in uiscí suas le 12 mhuirmhíle óna mbonnlínte. |
(4) |
Sna huiscí suas le 100 muirmhíle ó bhonnlínte na réigiún is forimeallaí den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349, an chéad mhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), údarófar do na Ballstáit freisin an rochtain a shrianadh do shoithí iascaireachta atá cláraithe i gcalafoirt na réigiún sin. |
(5) |
Chuaigh na rialacha atá ann cheana lena gcuirtear srian ar rochtain ar acmhainní laistigh de chriosanna 12 mhuirmhíle na mBallstát chun sochair do chúrsaí caomhnaithe trí iarracht iascaireachta a shrianadh sa chuid is íogaire d’uiscí an Aontais. Caomhnaíodh leis na rialacha sin gníomhaíochtaí iascaireachta traidisiúnta a bhfuil forbairt shóisialta agus eacnamaíoch roinnt pobal cósta ag brath go mór orthu. |
(6) |
Maidir leis na rialacha atá ann cheana lena gcuirtear srianta ar rochtain ar acmhainní bitheolaíocha na mara timpeall na réigiún is forimeallaí den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, an chéad mhír, chuir siad le caomhnú gheilleagar áitiúil na réigiún sin, ag féachaint don staid struchtúrach, shóisialta agus eacnamaíoch ina bhfuil siad. |
(7) |
Rachaidh na maoluithe atá ann cheana a bhaineann le srianta ar rochtain ar uiscí an Aontais in éag an 31 Nollaig 2022. Ba cheart síneadh ama deich mbliana i ndiaidh an dáta sin a chur leis na maoluithe sin, chun leanúnachas na mbeart cosanta atá ann faoi láthair a áirithiú agus chun nach gcuirfear isteach ar an gcothromaíocht a baineadh amach ó tugadh isteach an córas speisialta sin. Is dlúthchuid de CBI iad na maoluithe sin, agus féadfar fad agus raon feidhme an tsínidh sin a athbhreithniú faoi chuimsiú aon athbhreithnithe ar CBI. |
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 510 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (4), tá athbhreithniú le déanamh ar chur chun feidhme Cheannteideal a Cúig den Chomhaontú sin, lena n-áirítear ar na forálacha maidir le rochtain ar uiscí, ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartaithe, dar críoch an 30 Meitheamh 2026. |
(9) |
Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na rialacha ginearálta i ndáil le rochtain ar uiscí dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 sula rachaidh na maoluithe in éag. Ba cheart an tuarascáil sin a chur isteach faoin 30 Meitheamh 2031. |
(10) |
Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a leasú tar éis tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach. Ba cheart an Iarscríbhinn sin a leasú tar éis don Iodáil agus don Ghréig iarraidh chomhpháirteach a dhéanamh maidir le rochtain soithí iascaireachta na hIodáile ar an limistéar 6-12 n.m. d’uiscí teorann na Gréige sa Mhuir Iónach, agus togra ón nGréig maidir le rochtain do shoithí iascaireachta na hIodáile ar limistéar 6-12 n.m. de limistéar eacnamaíoch eisiach na Gréige, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
(2) |
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát ón 1 Eanáir 2023.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2022.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) IO C 517, 22.12.2021, lch. 123.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN I
ROCHTAIN AR UISCÍ CÓSTA DE RÉIR BHRÍ AIRTEAGAL 5(2)
1. Uiscí cósta na hÉireann
(a) ROCHTAIN DON FHRAINC
Limistéar geografach |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
||
Cósta na hÉireann (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
||
|
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
||
Gliomach na hIorua |
Gan teorainn |
|||
|
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
||
Gliomach na hIorua |
Gan teorainn |
|||
Ronnach |
Gan teorainn |
|||
|
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
||
Gliomach na hIorua |
Gan teorainn |
|||
Ronnach |
Gan teorainn |
|||
Scadán |
Gan teorainn |
|||
|
Gach speiceas |
Gan teorainn |
||
|
Gach speiceas, seachas sliogéisc |
Gan teorainn |
(b) ROCHTAIN DON ÍSILTÍR
Limistéar geografach |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
||
Cósta na hÉireann (6 go 12 mhíle) |
|
|
||
|
Scadán |
Gan teorainn |
||
Ronnach |
Gan teorainn |
(c) ROCHTAIN DON GHEARMÁIN
Limistéar geografach |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
||
Cósta na hÉireann (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
||
|
Scadán |
Gan teorainn |
||
|
Ronnach |
Gan teorainn |
(d) ROCHTAIN DON BHEILG
Limistéar geografach |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
||
Cósta na hÉireann (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
||
|
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
||
|
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
2. Uiscí cósta na Beilge
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
3 go 12 mhuirmhíle |
an Ísiltír |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
|
an Fhrainc |
Scadán |
Gan teorainn |
3. Uiscí cósta na Danmhairge
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
Cósta na Mara Thuaidh (ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí Hanstholm) (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
|
|
|
||
Ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí Blåvands Huk |
an Ghearmáin |
Iasc leathógach |
Gan teorainn |
Séaclaí agus cloicheáin |
Gan teorainn |
||
an Ísiltír |
Iasc leathógach |
Gan teorainn |
|
Iasc cruinn |
Gan teorainn |
||
Ó Blåvands Huk go dtí Bovbjerg |
an Bheilg |
Trosc |
Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin |
Cadóg |
Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin |
||
an Ghearmáin |
Iasc leathógach |
Gan teorainn |
|
an Ísiltír |
Leathóg |
Gan teorainn |
|
Sól |
Gan teorainn |
||
Ó Thyborøn go dtí Hanstholm |
an Bheilg |
Faoitín |
Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin |
Leathóg |
Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin |
||
|
an Ghearmáin |
Iasc leathógach |
Gan teorainn |
Salán |
Gan teorainn |
||
Trosc |
Gan teorainn |
||
Liúdar |
Gan teorainn |
||
Cadóg |
Gan teorainn |
||
Ronnach |
Gan teorainn |
||
Scadán |
Gan teorainn |
||
Faoitín |
Gan teorainn |
||
an Ísiltír |
Trosc |
Gan teorainn |
|
Leathóg |
Gan teorainn |
||
Sól |
Gan teorainn |
||
Skagerrak (Hanstholm go Skagen) (4 go 12 mhuirmhíle) |
an Bheilg |
Leathóg |
Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin |
an Ghearmáin |
Iasc leathógach |
Gan teorainn |
|
Salán |
Gan teorainn |
||
Trosc |
Gan teorainn |
||
Liúdar |
Gan teorainn |
||
Cadóg |
Gan teorainn |
||
Ronnach |
Gan teorainn |
||
Scadán |
Gan teorainn |
||
Faoitín |
Gan teorainn |
||
an Ísiltír |
Trosc |
Gan teorainn |
|
Leathóg |
Gan teorainn |
||
Sól |
Gan teorainn |
||
Kattegat (3 go 12 mhíle) |
an Ghearmáin |
Trosc |
Gan teorainn |
Iasc leathógach |
Gan teorainn |
||
Gliomach na hIorua |
Gan teorainn |
||
Scadán |
Gan teorainn |
||
Ó Zeeland ó thuaidh go dtí líne dhomhanleithid a théann trí theach solais Forsnæs |
an Ghearmáin |
Salán |
Gan teorainn |
Muir Bhailt (lena n-áirítear Belts, Sound, Bornholm) (3 go 12 mhuirmhíle) |
an Ghearmáin |
Iasc leathógach |
Gan teorainn |
Trosc |
Gan teorainn |
||
Scadán |
Gan teorainn |
||
Salán |
Gan teorainn |
||
Eascann |
Gan teorainn |
||
Bradán |
Gan teorainn |
||
Faoitín |
Gan teorainn |
||
Ronnach |
Gan teorainn |
||
Skagerrak (4 go 12 mhíle) |
an tSualainn |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
Kattegat (3 go 12 mhíle) (1) |
an tSualainn |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
Muir Bhailt (3 go 12 mhíle) |
an tSualainn |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
4. Uiscí cósta na Gearmáine
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
Cósta na Mara Thuaidh (3 go 12 mhuirmhíle) an cósta iomlán |
an Danmhairg |
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
Salán |
Gan teorainn |
||
Corr ghainimh |
Gan teorainn |
||
an Ísiltír |
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
|
Séaclaí agus cloicheáin |
Gan teorainn |
||
Ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí pointe ó thuaidh Amrum ag 54° 43′N |
an Danmhairg |
Séaclaí agus cloicheáin |
Gan teorainn |
An Cósta Baltach (3 go 12 mhíle) |
an Danmhairg |
Trosc |
Gan teorainn |
Leathóg |
Gan teorainn |
||
Scadán |
Gan teorainn |
||
Salán |
Gan teorainn |
||
Eascann |
Gan teorainn |
||
Faoitín |
Gan teorainn |
||
Ronnach |
Gan teorainn |
5. Uiscí cósta na Fraince agus na ranna thar lear
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
Cósta an Atlantaigh Thoir Thuaidh (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
|
Ó theorainn na Beilge/na Fraince go dtí oirthear Departement Manche (inbhear Vire-Grandcamp les Bains 49° 23′ 30″ N-1° 02′ WNNE) |
an Bheilg |
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
Muiríní |
Gan teorainn |
||
an Ísiltír |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
|
Dunkerque (2° 20′ E) go dtí Cap d’Antifer (0° 10′ E) |
an Ghearmáin |
Scadán |
Gan teorainn ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig amháin |
Cósta an Atlantaigh (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
|
Ó theorainn na Spáinne/na Fraince go dtí 46° 08′ N |
an Spáinn |
Ainseabhaithe |
Iascaireacht dhírithe,gan teorainn ó 1 Márta go 30 Meitheamh |
Iascaireacht le haghaidh baoite beo ón 1 Iúil go 31 Deireadh Fómhair amháin |
|||
Sairdíní |
Gan teorainn ó 1 Eanáir go 28 Feabhra agus ón 1 Iúil go 31 Nollaig |
||
|
|
|
Ina theannta sin, gníomhaíochtaí a bhaineann leis an méid thuas- a bhaineann leis na speicis a luaitear ní mór tabhairt fúthu i gcomhréir le teorainneacha na ngníomhaíochtaí a saothraíodh i rith 1984 agus laistigh de na teorainneacha sin |
Cósta na Meánmhara (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
|
Teorainn na Spáinne Cap Leucate |
an Spáinn |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
6. Uiscí cósta na Spáinne
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
Cósta an Atlantaigh (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
|
Ó theorainn na Fraince/na Spáinne go dtí Teach solais Cap Mayor (3° 47′ W) |
an Fhrainc |
Iasc peiligeach |
Gan teorainn i gcomhréir le teorainneacha na ngníomhaíochtaí a saothraíodh i rith 1984 agus laistigh de na teorainneacha sin. |
Cósta na Meánmhara (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
|
Teorainn na Fraince/Cap Creus |
an Fhrainc |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
7. Uiscí cósta na Cróite (2)
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
12 mhíle agus é teoranta don limistéar mara faoi dhlínse na Cróite atá suite ó thuaidh den líne 45 céim agus 10 nóiméad dhomhanleithid ó thuaidh fad chósta thiar Istria, amach ó theorainn fhorimeallach fharraige teorann na Cróite, áit a mbuaileann an domhanleithead seo talamh chósta thiar Istria (ceann Grgatov rt Funtana) |
an tSlóivéin |
Iasc grinnill agus speicis bheaga peiligeach lena n-áirítear mionsairdín agus ainseabhaí |
100 tona do líon uasta 25 soithí iascaireachta lena n-áirítear 5 shoitheach iascaireachta atá feistithe le trál |
8. Uiscí cósta na hIsiltíre
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
(3 go 12 mhuirmhíle) an cósta iomlán |
an Bheilg |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
an Danmhairg |
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
|
Salán |
Gan teorainn |
||
Corr ghainimh |
Gan teorainn |
||
Bolmán |
Gan teorainn |
||
an Ghearmáin |
Trosc |
Gan teorainn |
|
Séaclaí agus cloicheáin |
Gan teorainn |
||
(6 go 12 mhuirmhíle) an cósta iomlán |
an Fhrainc |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
9. Uiscí cósta na Slóivéine (3)
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
12 mhíle agus é teoranta don limistéar mara faoi dhlínse na Slóivéine atá suite ó thuaidh den líne 45 céim agus 10 nóiméad dhomhanleithid ó thuaidh fad chósta thiar Istria, amach ó theorainn fhorimeallach fharraige teorann na Cróite, áit a mbuaileann an domhanleithead seo talamh chósta thiar Istria (ceann Grgatov rt Funtana) |
an Chróit |
Iasc grinnill agus speicis bheaga peiligeach lena n-áirítear mionsairdín agus ainseabhaí |
100 tona do líon uasta 25 soithí iascaireachta lena n-áirítear 5 shoitheach iascaireachta atá feistithe le trál |
10. Uiscí cósta na Fionlainne
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
Muir Bhailt (4 go 12 mhíle) (4) |
an tSualainn |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
11. Uiscí cósta na Sualainne
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
Skagerrak (4 go 12 mhuirmhíle) |
an Danmhairg |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
Kattegat (3 go 12 mhíle) (5) |
an Danmhairg |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
Muir Bhailt (4 go 12 mhíle) |
an Danmhairg |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
an Fhionlainn |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
12. Uiscí cósta na Gréige
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
An Mhuir Iónach 6 go 12 mhuirmhíle in uiscí teorann na Gréige |
an Iodáil |
Ceifileapóid Crústaigh Iasc grinnill Speicis pheiligeacha mhóra |
Líon uasta 68 soitheach" |
Ó dheas-Soir ó dheas ó oileán na Créite (Soir ó 26°00′00″ E) 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige |
|||
Ó dheas-Soir ó dheas ó oileán Koufonisi 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige |
|||
Ó dheas-Siar ó dheas ó oileán Kasos 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige |
|||
Ó dheas-Soir ó dheas ó oileán Karpathos 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige |
|||
Ó dheas-Siar ó dheas (Siar ó 27°59′02.00″ E) ó oileán Ródas 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige. |
(1) Arna thomhas ón líne chósta.
(2) Beidh feidhm ag an gcóras thuasluaite ó chur i bhfeidhm iomlán an chinnidh eadrána a eascraíonn ón gComhaontú Eadrána idir Rialtas Phoblacht na Slóivéine agus Rialtas Phoblacht na Cróite, arna shíniú i Stócólm an 4 Samhain 2009.
(3) Beidh feidhm ag an gcóras thuasluaite ó chur i bhfeidhm iomlán an chinnidh eadrána a eascraíonn ón gComhaontú Eadrána idir Rialtas Phoblacht na Slóivéine agus Rialtas Phoblacht na Cróite, arna shíniú i Stócólm an 4 Samhain 2009.
(4) 3 go 12 mhíle timpeall Oileáin Bogskär.
(5) Arna thomhas ón líne chósta.