Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0478

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/478 ón gCoimisiún an 24 Márta 2022 maidir le bearta cosanta ar allmhairí moileasc débhlaoscach ón Tuirc a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a choinneáil ar bun (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/1705

    IO L 98, 25.3.2022, p. 54–56 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 29/01/2024

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/478/oj

    25.3.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 98/54


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/478 ÓN gCOIMISIÚN

    an 24 Márta 2022

    maidir le bearta cosanta ar allmhairí moileasc débhlaoscach ón Tuirc a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a choinneáil ar bun

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 128(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 743/2013 (2) toisc gur sainaithníodh le linn iniúchtaí an Choimisiúin easnaimh i gcur chun feidhme rialuithe oifigiúla ag údaráis inniúla na Tuirce maidir le tairgeadh moileasc débhlaoscach a bheartaítear a thabhairt isteach san Aontas, agus toisc gur thuairiscigh na Ballstáit coinsíneachtaí neamh-chomhlíontacha de mhoilisc dhébhlaoscacha de thionscnamh na Tuirce nach raibh i gcomhréir le caighdeáin mhicribhitheolaíoch an Aontais.

    (2)

    San iniúchadh is déanaí a rinne an Coimisiún i mí Mheán Fómhair 2015, fuarthas amach gurbh ann go fóill d’easnaimh shuntasacha sa chóras rialaithe le haghaidh moilisc dhébhlaoscacha a bheartaítear a thabhairt isteach san Aontas.

    (3)

    I mí Eanáir 2020, chuir údaráis inniúla na Tuirce faisnéis i láthair maidir leis na bearta ceartaitheacha a tionscnaíodh chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin. Cé go ndearnadh measúnú fabhrach ar an iarratas sin ar pháipéar ar dtús, níor féadadh iniúchadh ar an toirt a dhéanamh go dtí seo ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin de dheasca srianta phaindéim COVID-19. Go dtí go ndéanfar breithniú fabhrach ar thorthaí an iniúchta sin, ba cheart go bhfanfadh na bearta arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 743/2013 i bhfeidhm.

    (4)

    Chuaigh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 743/2013 in éag an 31 Nollaig 2021. Ina theannta sin, ós rud é nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag Treoir 97/78/CE ón gComhairle (3), arb é is bunús don Rialachán thuasluaite, ba cheart bunús dlí an Rialacháin Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún a thabhairt cothrom le dáta trí thagairt a dhéanamh ann d’Airteagal 128 de Rialachán (AE) 2017/625.

    (5)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le moilisc dhébhlaoscacha bheo, fhuaraithe, reoite agus phróiseáilte a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine (Cóid AC: 0307, 1605) agus atá de thionscnamh na Tuirce nó a sheoltar ón Tuirc.

    Airteagal 2

    Toirmeasc ar mhoilisc dhébhlaoscacha bheo agus fhuaraithe a theacht isteach

    Ní cheadóidh na Ballstáit moilisc dhébhlaoscacha bheo agus fhuaraithe de thionscnamh na Tuirce nó a sheoltar ón Tuirc a theacht isteach san Aontas.

    Airteagal 3

    Bearta a bhaineann le moilisc dhébhlaoscacha reoite agus phróiseáilte

    1.   Déanfaidh na Ballstáit, trí bhíthin pleananna samplála agus modhanna braite iomchuí, tástálacha ar choinsíneachtaí de mhoilisc dhébhlaoscacha reoite agus phróiseáilte de thionscnamh na Tuirce nó a sheoltar ón Tuirc dá bhforáiltear i mír 2.

    Déanfar na tástálacha sin ag an bpost rialaithe teorann ag a dtagann na coinsíneachtaí lena mbaineann isteach san Aontas.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit na tástálacha is gá chun na gnéithe seo a leanas a shainaithint:

    (a)

    leibhéal an éillithe Escherichia coli i ngach coinsíneacht de mhoilisc dhébhlaoscacha reoite;

    (b)

    láithreacht bitocsainí muirí i ngach coinsíneacht de mhoilisc dhébhlaoscacha reoite.

    3.   Na coinsíneachtaí a ndéanfar na tástálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 orthu, fanfaidh siad faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil ag an bpost rialaithe teorann lena mbaineann go dtí go mbeidh torthaí na dtástálacha sin faighte agus measúnaithe.

    4.   Má léiríonn na tástálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 gur dócha go ndéanfadh coinsíneacht dochar do shláinte an duine, gabhfaidh an t-údarás inniúil an choinsíneacht ar an toirt, agus scriosfaidh sé í nó cuirfidh sé faoi réir cóireála speisialta í dá bhforáiltear le hAirteagal 67 de Rialachán (AE) 2017/625 agus i gcomhréir le hAirteagal 71(1) agus (2) den Rialachán céanna sin.

    Airteagal 4

    Caiteachas

    Gach caiteachas arna thabhú ag na Ballstáit le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, muirearófar é ar an oibreoir nó ar a ionadaí atá freagrach as an gcoinsíneacht tráth a chuirtear an choinsíneacht sin i láthair don phost rialaithe teorann ag a dtagann sí isteach san Aontas.

    Airteagal 5

    Teacht i bhfeidhm agus tréimhse feidhme

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an ceathrú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 743/2013 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2013 maidir le bearta cosanta a thabhairt isteach ar allmhairí moileasc débhlaoscach ón Tuirc a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine (IO L 205, 1.8.2013, lch. 1).

    (3)  Treoir 97/78/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 1997 lena leagtar síos na prionsabail lena rialaítear eagrú seiceálacha tréidliachta ar tháirgí a thagann isteach sa Chomhphobal ó thríú tíortha (IO L 24, 30.1.1998, lch. 9).


    Top