Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2155

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2155 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2021 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na haicmí ionstraimí a léiríonn go hiomchuí cáilíocht chreidmheasa an ghnólachta infheistíochta mar ghnóthas leantach agus socruithe malartacha féideartha is iomchuí a úsáid chun críoch luacha saothair inathraithigh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/5948

IO L 436, 7.12.2021, pp. 17–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2155/oj

7.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 436/17


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2155 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Lúnasa 2021

lena bhforlíontar Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na haicmí ionstraimí a léiríonn go hiomchuí cáilíocht chreidmheasa an ghnólachta infheistíochta mar ghnóthas leantach agus socruithe malartacha féideartha is iomchuí a úsáid chun críoch luacha saothair inathraithigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (1), agus go háirithe Airteagal 32(8), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le luach saothair inathraitheach arna dhámhachtain in ionstraimí, ba cheart bainistiú riosca fónta éifeachtach a chur chun cinn agus níor cheart glacadh riosca a spreagadh a sháraíonn leibhéal fonn riosca an ghnólachta infheistíochta. Dá bhrí sin, leis na haicmí ionstraimí is féidir a úsáid chun críoch luacha saothair inathraithigh, ba cheart leasanna na foirne a ailíniú le leasanna fadtéarmacha an ghnólachta infheistíochta, leasanna a scairshealbhóirí, a chreidiúnaithe, a chliant agus geallsealbhóirí eile trí dhreasachtaí a chur ar fáil don fhoireann gníomhú ar mhaithe le leas an ghnólachta infheistíochta san fhadtéarma.

(2)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh nasc láidir ann le cáilíocht chreidmheasa gnólachta infheistíochta mar ghnóthas leantach, ba cheart teagmhais truiceartha iomchuí a bheith in ionstraimí a úsáidtear chun críoch luacha saothair inathraithigh i gcomhair díluachála nó comhshó i gcásanna ina dtiocfaidh meath ar cháilíocht chreidmheasa an ghnólachta infheistíochta mar ghnóthas leantach. Leis na teagmhais truiceartha a úsáidtear chun críoch luacha saothair, níor cheart leibhéal fho-ordú na n-ionstraimí a athrú agus níor cheart, dá bhrí sin, dícháiliú ionstraimí Breise Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 mar ionstraimí cistí dílse a bheith mar thoradh ar an leibhéal fo-ordaithe sin.

(3)

Cé go sonraítear na coinníollacha is infheidhme maidir le hionstraimí Breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) i gcomhar le Cuid a Dó, Teideal 1, Caibidil 3 agus Caibidil 4, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), maidir leis na hIonstraimí Eile dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (j)(iii), de Threoir (AE) 2019/2034 (“Ionstraimí Eile”) is féidir a chomhshó ina n-iomláine go hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó iad a dhíluacháil, níl na hionstraimí sin faoi réir coinníollacha sonracha de bhun na Rialachán sin ós rud é nach n-aicmítear iad mar ionstraimí dílse chun críoch stuamachta. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais shonracha a shocrú maidir le haicmí ionstraimí éagsúla chun a áirithiú gurb iomchuí iad a úsáid chun críoch luacha saothair inathraithigh, agus cineál éagsúil na n-ionstraimí á gcur san áireamh. Níor cheart go gcuirfeadh úsáid ionstraimí chun críoch luacha saothair ann féin cosc ar ionstraimí a cháiliú mar chistí dílse gnólachta infheistíochta fad agus a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2033. Ná níor cheart go dtuigfí ach oiread go dtugann an úsáid sin ann féin dreasacht chun an ionstraim a fhuascailt, toisc gur féidir le baill foirne, i gcoitinne, cistí leachtacha a fháil ar bhealaí eile seachas fuascailt tar éis tréimhsí iarchuir agus coinneála.

(4)

Níl Ionstraimí Eile teoranta do na hionstraimí airgeadais a shonraítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Chun an t-ualach riaracháin a bhaineann le cruthú na n-ionstraimí sin a laghdú, ba cheart go gceadófaí leis na hionstraimí sin freisin úsáid socruithe conarthacha eile idir baill foirne agus gnólachtaí infheistíochta. Chun a áirithiú go léireofar leis na hIonstraimí Eile sin cáilíocht chreidmheasa gnólachta infheistíochta mar ghnóthas leantach, ba cheart a áirithiú leis na ceanglais iomchuí go ndíluachálfar na hionstraimí sin nó go gcomhshófar iad sula mainneoidh gnólacht infheistíochta a cheanglais cistí dílse a chomhlíonadh.

(5)

I gcás ina ndéantar ionstraimí a úsáidtear chun críoch luacha saothair inathraithigh a ghlaoch, a fhuascailt, a athcheannach nó a chomhshó, go ginearálta, níor cheart go méadódh na hidirbhearta sin luach an luacha saothair a dhámhfar trí mhéideanna atá níos airde ná luach na hionstraime a íoc amach ná trína gcomhshó ina n-ionstraimí a bhfuil luach níos airde acu ná an ionstraim a dámhadh ar dtús. Le hathsholáthar ionstraimí ar an luach céanna ba cheart a áirithiú nach n-íoctar luach saothair trí mheáin ná trí mhodhanna lena n-éascaítear neamhchomhlíonadh Threoir (AE) 2019/2034 nó Rialachán (AE) 2019/2033.

(6)

I gcás ina ndéantar luach saothair inathraitheach a dhámhachtain agus i gcás ina ndéantar ionstraimí a úsáidtear i gcomhair luach saothair inathraitheach a fhuascailt, a ghlaoch, a athcheannach nó a chomhshó, ba cheart na hidirbhearta sin a bheith bunaithe ar luachanna a bunaíodh i gcomhréir leis an gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme tráth an idirbhirt, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go ndámhfar méid ceart an luacha saothair inathraithigh agus nach n-athrófar go míchuí é i gcás ina ndéantar an ionstraim a fhuascailt, a ghlaoch, a athcheannach nó a chomhshó.

(7)

Le hAirteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 leagtar amach na sásraí díluachála agus comhshó maidir le hionstraimí Breise Leibhéal 1. Ina theannta sin, ceanglaítear le hAirteagal 32(1), pointe (j)(iii), de Threoir (AE) 2019/2034 gur féidir Ionstraimí Eile a chomhshó go hiomlán ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó iad a dhíluacháil. Ós rud é gurb ionann an toradh eacnamaíoch ar chomhshó nó ar dhíluacháil Ionstraimí Eile agus an toradh eacnamaíoch ar ionstraimí Breise Leibhéal 1, ba cheart a chur san áireamh sna sásraí díluachála nó comhshó maidir le hIonstraimí Eile na sásraí a bhfuil feidhm acu maidir le hionstraimí Breise Leibhéal 1, le hoiriúnuithe chun a chur san áireamh nach gcáilíonn Ionstraimí Eile mar ionstraimí cistí dílse ó thaobh na stuamachta de. Níl ionstraimí Leibhéal 2 faoi réir ceanglais rialála maidir le díluacháil agus comhshó faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart na cásanna ina bhfuil gá le díluacháil nó comhshó na hionstraime a shonrú chun a áirithiú go laghdófar luach na n-ionstraimí sin uile, nuair a úsáidtear é i gcomhair luach saothair inathraitheach, i gcás ina dtagann meath ar cháilíocht chreidmheasa an ghnólachta infheistíochta. Na sásraí díluachála, uasluachála agus comhshó maidir le Leibhéal 2 agus Ionstraimí Eile, ba cheart iad a shonrú chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach a áirithiú.

(8)

Féadfaidh foirmeacha éagsúla a bheith i gceist le dáileacháin a eascraíonn as ionstraimí. Féadfaidh siad a bheith inathraitheach nó seasta agus féadfar iad a íoc go tréimhsiúil nó tráth aibíochta deiridh ionstraime. Chun bainistiú riosca fónta éifeachtach a chur chun cinn, níor cheart aon dáileachán a íoc leis an bhfoireann le linn tréimhsí iarchurtha. Níor cheart do bhaill foirne na dáileacháin a fháil ach amháin i leith tréimhsí a leanann dílsiú na hionstraime, agus ina dhiaidh sin is é an ball foirne a bheidh ina úinéir dlíthiúil uirthi. Dá bhrí sin, is iad ionstraimí a bhfuil dáileacháin ag gabháil leo a íoctar go tréimhsiúil le húinéir na hionstraime, agus na hionstraimí sin amháin, is iomchuí lena n-úsáid mar luach saothair inathraitheach. Bannaí cúpóin nialasaigh nó ionstraimí a choinníonn tuilleamh, níor cheart iad a bheith ina gcuid de luach saothair agus ní mór aon cheann de na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (j), de Threoir (AE) 2019/2034 a bheith ann. Is amhlaidh atá toisc go mbainfeadh an fhoireann tairbhe as luachanna méadaithe le linn na tréimhse iarchurtha agus féadfar é sin a thuiscint mar rud atá coibhéiseach le dáileacháin a fháil.

(9)

Féadfaidh dáileacháin an-ard an dreasacht fhadtéarmach maidir le glacadh riosca stuama a laghdú toisc go gcuireann siad go héifeachtach leis an gcuid inathraitheach den luach saothair. Thar aon ní eile, níor cheart dáileacháin a íoc amach ag eatraimh is faide ná 1 bhliain amháin, ós rud é go bhfágfadh sé sin go gcarnfadh na dáileacháin le linn tréimhsí iarchurtha agus go n-íocfaí amach iad nuair a dhílseodh an luach saothair inathraitheach. Le carnadh dáileacháin, sárófar an prionsabal a leagtar síos in Airteagal 32(3) de Threoir (AE) 2019/2034 nach ndílseodh luach saothair is iníoctha faoi shocruithe iarchurtha níos tapúla ná ar bhonn pro rata. Ceanglaítear le hAirteagal 32(2), pointe (b), de Threoir (AE) 2019/2034 nach n-íocfar luach saothair inathraitheach trí mheáin airgeadais ná modhanna lena n-éascófar neamhchomhlíonadh na Treorach sin nó Rialachán (AE) 2019/2033. Dá bhrí sin, dáileacháin a dhéanfar tar éis dhílsiú na hionstraime, níor cheart go sáróidís rátaí an mhargaidh i gcás na n-ionstraimí sin arna n-eisiúint ag gnólachtaí infheistíochta eile nó ag institiúidí a bhfuil cáilíocht chreidmheasa inchomparáide acu. Ba cheart an méid sin a áirithiú trína chur de cheangal ar ionstraimí a úsáidtear i gcomhair luach saothair inathraitheach, nó ar na hionstraimí a bhfuil nasc acu leo, go n-eiseofar go príomha d’infheisteoirí eile iad, nó trína chur de cheangal ar na hionstraimí sin a bheith faoi réir uasteorainn ar dháileacháin.

(10)

Ceanglais iarchurtha agus coinneála is infheidhme maidir le dámhachtainí luacha saothair inathraithigh de bhun Airteagal 32(1), pointe (l), agus Airteagal 32(3) de Threoir (AE) 2019/2034, ní mór na ceanglais sin a chomhlíonadh gach tráth ábhartha, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar ionstraimí a úsáidtear i gcomhair luach saothair inathraitheach a ghlaoch, a fhuascailt, a athcheannach nó a chomhshó. Sna cásanna sin, ba cheart ionstraimí Breise Leibhéal 1, Leibhéal 2 agus Ionstraimí Eile a chur in ionad ionstraimí, arb ionstraimí iad lena léirítear cáilíocht chreidmheasa an ghnólachta infheistíochta mar ghnóthas leantach, a bhfuil gnéithe acu atá coibhéiseach le gnéithe na hionstraime a dámhadh ar dtús, agus a bhfuil an luach céanna orthu, agus aon mhéid a bhfuil díluacháil déanta air á chur san áireamh. I gcás ina bhfuil dáta aibíochta seasta ag ionstraimí nach ionstraimí Breise Leibhéal 1 iad, ba cheart íoscheanglais a shocrú maidir le haibíocht iarmhair na n-ionstraimí sin tráth a dhámhfar iad chun a áirithiú go bhfuil siad comhsheasmhach leis na ceanglais maidir leis na tréimhsí iarchurtha agus coinneála i gcomhair luach saothair inathraitheach.

(11)

Le Treoir (AE) 2019/2034, ní dhéantar na haicmí ionstraimí is féidir a úsáid i gcomhair luach saothair inathraitheach a theorannú d’aicme shonrach ionstraimí airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart go bhféadfaí úsáid a bhaint as ionstraimí sintéiseacha nó conarthaí idir baill foirne agus gnólachtaí infheistíochta atá nasctha le hionstraimí Breise Leibhéal 1 agus le hionstraimí Leibhéal 2 is féidir a chomhshó ina n-iomláine nó a dhíluacháil. Fágann sin gur féidir coinníollacha sonracha a thabhairt isteach sna téarmaí maidir leis na hionstraimí sin, téarmaí nach bhfuil feidhm acu ach amháin maidir le hionstraimí arna ndámhachtain don fhoireann, gan gá na coinníollacha sin a fhorchur ar infheisteoirí eile.

(12)

I gcomhthéacs grúpa, féadfar eisiúintí a bhainistiú go lárnach laistigh de mháthairghnóthas, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil an máthairghnóthas faoi réir Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) nó Threoir (AE) 2019/2034. Maidir le gnólachtaí infheistíochta laistigh de ghrúpa, d’fhéadfadh sé nach n-eiseoidís i gcónaí ionstraimí atá iomchuí lena n-úsáid chun críche luacha saothair inathraithigh. Le Rialachán (AE) 2019/2033 i gcomhar le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirtear ar chumas ionstraimí Breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 arna n-eisiúint trí eintiteas atá laistigh de raon feidhme an chomhdhlúthaithe, a bheith ina gcuid de chistí dílse gnólachta infheistíochta, faoi réir coinníollacha áirithe. Dá bhrí sin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann úsáid a bhaint as na hionstraimí sin chun críche luacha saothair inathraithigh, ar choinníoll go bhfuil nasc soiléir idir cáilíocht chreidmheasa an ghnólachta infheistíochta a úsáideann na hionstraimí sin chun críche luacha saothair inathraithigh agus cáilíocht chreidmheasa eisitheoir na hionstraime. De ghnáth, is féidir glacadh leis gur ann don nasc sin idir máthairghnóthas agus fochuideachta. Ionstraimí seachas ionstraimí Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Leibhéal 2, arb ionstraimí iad nach bhfuil eisithe go díreach ag gnólacht infheistíochta, ba cheart go bhféadfaí iad a úsáid freisin i gcomhair luach saothair inathraitheach, faoi réir coinníollacha coibhéiseacha. Ionstraimí atá nasctha le hionstraimí tagartha arna n-eisiúint ag máthairghnóthais i dtríú tíortha agus atá coibhéiseach le hionstraimí Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Leibhéal 2, ba cheart iad a bheith incháilithe lena n-úsáid chun críoch luacha saothair inathraithigh i gcás ina dtagróidh an teagmhas truiceartha don ghnólacht infheistíochta tríd an ionstraim shintéiseach sin a úsáid.

(13)

Le hAirteagal 32(1), pointe (k), de Threoir (AE) 2019/2034, cuirtear ar chumas gnólachtaí infheistíochta nach n-eisíonn aon cheann de na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (j), den Treoir sin, socruithe malartacha a úsáid, ar choinníoll go bhformheasfaidh an t-údarás inniúil an úsáid sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na socruithe sin na cuspóirí céanna leis na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (j), den Treoir sin. Chun na cuspóirí céanna a chomhlíonadh, ba cheart go n-áiritheofaí leis na socruithe malartacha sin go mbeadh an luach saothair inathraitheach arna dhámhachtain faoi réir coigeartuithe intuigthe riosca. Dá bhrí sin, ba cheart go dtiocfadh laghdú ar an luach atá ar na socruithe malartacha sin aon uair a bheadh éifeacht dhíobhálach ar fheidhmíocht an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann nó na sócmhainní a bhainistíonn sé. Thairis sin, i gcás ina mbeidh an gnólacht infheistíochta faoi réir an cheanglais luach saothair inathraitheach a chur siar faoi Airteagal 32(1), pointe (l), de Threoir (AE) 2019/2034, ba cheart na socruithe malartacha a bheith comhsheasmhach freisin leis an gceanglas maidir le luach saothair inathraitheach a chur siar, agus le socruithe malus nó aisghlámtha agus le tréimhsí coinneála a chur i bhfeidhm maidir le luach saothair inathraitheach arna íoc in ionstraimí.

(14)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

(15)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aicmí ionstraimí a léiríonn go leordhóthanach cáilíocht chreidmheasa gnólachta infheistíochta mar ghnóthas leantach agus atá iomchuí lena n-úsáid chun críoch luacha saothair inathraithigh

1.   Is iad seo a leanas na haicmí ionstraimí a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(1), pointe (j)(iii), de Threoir (AE) 2019/2034:

(a)

aicmí d’ionstraimí Breise Leibhéal 1 i gcás ina gcomhlíonfaidh na haicmí sin na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 2, agus ina gcomhlíonfaidh siad Airteagal 5(9) agus Airteagal 5(13), pointe (c);

(b)

aicmí d’ionstraimí Leibhéal 2 i gcás ina gcomhlíonfaidh na haicmí sin na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 3, agus ina gcomhlíonfaidh siad Airteagal 5;

(c)

aicmí ionstraimí is féidir a chomhshó ina n-iomláine ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó a dhíluacháil agus nach ionstraimí Breise Leibhéal 1 ná ionstraimí Leibhéal 2 iad (“Ionstraimí Eile”) sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 4 i gcás ina gcomhlíonfaidh na haicmí sin na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus ina gcomhlíonfaidh siad Airteagal 5.

2.   Na haicmí ionstraimí dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfaidh siad na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

ní bheidh ionstraimí urraithe ná ní bheidh siad faoi réir ráthaíocht lena gcuirtear le sinsearacht éileamh an tsealbhóra;

(b)

i gcás ina gceadóidh na forálacha a rialaíonn ionstraim í a chomhshó, ní úsáidfear an ionstraim sin ach amháin chun críoch luacha saothair inathraithigh a dhámhachtain i gcás ina mbeidh an ráta comhshó nó an raon comhshó socraithe ar leibhéal lena n-áirithítear maidir le luach na hionstraime a ndearnadh an ionstraim a dámhadh ar dtús a chomhshó ann, nach mbeidh an luach sin níos airde ná luach na hionstraime a dámhadh ar dtús tráth a dámhachtana mar luach saothair inathraitheach;

(c)

leis na forálacha lena rialaítear ionstraimí in-chomhshóite a úsáidtear chun críche luacha saothair inathraithigh, agus chun na críche sin amháin, áiritheofar maidir le luach na hionstraime a ndearnadh an ionstraim a dámhadh ar dtús a chomhshó ann, nach mbeidh an luach sin, tráth an chomhshó sin, níos airde ná luach na hionstraime a dámhadh ar dtús;

(d)

leis na forálacha lena rialaítear an ionstraim, forálfar go n-íocfar aon dáileachán ar bhonn bliantúil ar a laghad agus go n-íocfar iad le sealbhóir na hionstraime;

(e)

déanfar ionstraimí a phraghsáil ag a luach tráth a dhámhfar an ionstraim, i gcomhréir leis an gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme;

(f)

ceanglófar leis na forálacha lena rialaítear na hionstraimí a eisítear chun críche luacha saothair inathraithigh, agus chun na críche sin amháin, go ndéanfar luacháil i gcomhréir leis an gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme i gcás ina ndéantar an ionstraim a fhuascailt, a ghlaoch, a athcheannach nó a chomhshó.

Chun críocha phointe (e), beidh an luacháil faoi réir athbhreithniú neamhspleách.

Airteagal 2

Coinníollacha maidir le haicmí d’ionstraimí Breise Leibhéal 1

Comhlíonfaidh aicmí d’ionstraimí Breise Leibhéal 1 na coinníollacha seo a leanas:

(a)

sna forálacha lena rialaítear an ionstraim, sonrófar teagmhas truiceartha chun críoch Airteagal 9(2), pointe (e)(iii), de Rialachán (AE) 2019/2033;

(b)

tarlóidh an teagmhas truiceartha dá dtagraítear i bpointe (a) nuair a thitfidh cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an ghnólachta infheistíochta a eisíonn an ionstraim faoi bhun ceachtar díobh seo a leanas:

(i)

7 % de thoradh 12,5 iolraithe faoi na ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;

(ii)

leibhéal is airde ná an leibhéal a shonraítear i bpointe (i), i gcás ina gcinnfidh an gnólacht infheistíochta nó an institiúid a eisíonn an ionstraim agus é sonraithe sna forálacha lena rialaítear an ionstraim;

(c)

comhlíontar ceann amháin de na ceanglais seo a leanas:

(i)

go n-eisítear na hionstraimí d’aon toisc chun go ndámhfar iad mar luach saothair inathraitheach agus go n-áiritheofar leis na forálacha lena rialaítear an ionstraim go n-íocfar aon dáileachán ar ráta atá i gcomhréir le rátaí an mhargaidh d’ionstraimí dá samhail arna n-eisiúint ag an ngnólacht infheistíochta nó ag gnólachtaí infheistíochta nó ag institiúidí de cháilíocht chreidmheasa inchomparáide agus, i gcás ar bith, tráth a dhámhfar an luach saothair, nach airde é ná 8 bpointe céatadáin os cionn mheánráta bliantúil an athraithe don Aontas arna fhoilsiú ag an gCoimisiún (Eurostat) ina Innéacsanna Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí a fhoilsítear de bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle (7);

(ii)

an tráth a dhámhfar na hionstraimí mar luach saothair inathraitheach, go ndéantar 60 % ar a laghad de na hionstraimí atá á n-eisiúint a eisiúint seachas mar dhámhachtain luacha saothair inathraithigh agus nach bhfuil seilbh orthu ag aon cheann díobh seo a leanas ná ag aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige le haon cheann díobh seo a leanas:

an gnólacht infheistíochta nó a fhochuideachtaí;

máthairghnóthas an ghnólachta infheistíochta nó a fhochuideachtaí;

máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais an ghnólachta infheistíochta nó a fochuideachtaí;

cuideachta sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha an ghnólachta infheistíochta nó a fochuideachtaí;

cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha an ghnólachta infheistíochta agus a fochuideachtaí.

Chun críocha phointe (i), i gcás ina ndámhfar na hionstraimí do bhaill foirne a dhéanann an chuid is mó dá ngníomhaíochtaí gairmiúla lasmuigh den Aontas agus ina bhfuil ionstraimí ainmnithe in airgeadra arna eisiúint ag tríú tír, féadfaidh gnólachtaí infheistíochta innéacs de phraghsanna tomhaltóirí dá samhail arna ríomh go neamhspleách arna dtáirgeadh i leith an tríú tír sin a úsáid.

Airteagal 3

Coinníollacha maidir le haicmí d’ionstraimí Leibhéal 2

Comhlíonfaidh aicmí d’ionstraimí Leibhéal 2 na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tráth a dhámhfar na hionstraimí mar luach saothair inathraitheach, beidh an tréimhse a bheidh fágtha roimh aibíocht na n-ionstraimí cothrom le, nó níos mó ná, suim na dtréimhsí iarchurtha agus na dtréimhsí coinneála is infheidhme maidir le luach saothair inathraitheach i leith dhámhachtain na n-ionstraimí sin;

(b)

leis na forálacha lena rialaítear an ionstraim foráiltear, tráth a tharlóidh teagmhas truiceartha, go ndéanfaí díluacháil ar bhonn buan nó sealadach ar mhéid phríomhshuim na n-ionstraimí, nó go ndéanfaí na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(c)

tarlóidh an teagmhas truiceartha dá dtagraítear i bpointe (b) i gcás ina dtitfidh cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an ghnólachta infheistíochta a eisíonn an ionstraim faoi bhun ceachtar díobh seo a leanas:

(i)

7 % de thoradh 12,5 iolraithe faoi na ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;

(ii)

leibhéal is airde ná an leibhéal a shonraítear i bpointe (i), i gcás ina gcinnfidh an gnólacht infheistíochta nó an institiúid a eisíonn an ionstraim agus é sonraithe sna forálacha lena rialaítear an ionstraim;

(d)

go gcomhlíonfar ceann de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (c).

Airteagal 4

Coinníollacha maidir le haicmí d’Ionstraimí Eile

1.   Faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (c), den Rialachán seo, comhlíonfaidh Ionstraimí Eile na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(1), pointe (j)(iii), de Threoir (AE) 2019/2034 i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:

(a)

go gcomhlíonfaidh na hIonstraimí Eile na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo;

(b)

go bhfuil na hIonstraimí Eile nasctha le hionstraim Bhreise Leibhéal 1 nó le hionstraim Leibhéal 2 agus go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo;

(c)

go bhfuil na hIonstraimí Eile nasctha le hionstraim a bheadh ina hionstraim Bhreise Leibhéal 1 nó ina hionstraim Leibhéal 2 murach í a bheith eisithe ag máthairghnóthas de chuid an ghnólachta infheistíochta atá lasmuigh de raon feidhme an chomhdhlúthaithe de bhun Chuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus go gcomhlíonfaidh na hIonstraimí Eile na coinníollacha a leagtar síos i mír 4.

2.   Is iad seo a leanas na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (a):

(a)

go n-eiseofar na hIonstraimí Eile go díreach nó trí ghnólacht infheistíochta, institiúid nó institiúid airgeadais a áirítear sa raon feidhme comhdhlúthaithe de bhun Chuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/2033, ar choinníoll gur féidir a bheith ag súil go réasúnach tar éis athrú ar cháilíocht chreidmheasa an ghnólachta infheistíochta a bhaineann úsáid as na hIonstraimí Eile chun críche luacha saothair inathraithigh, go dtiocfadh athrú dá samhail ar cháilíocht chreidmheasa eisitheoir na hionstraime;

(b)

nach dtugann na forálacha lena rialaítear na hIonstraimí Eile an ceart don sealbhóir íocaíocht sceidealta na ndáileachán nó na príomhshuime a luathú ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide nó an ghnólachta infheistíochta a eisíonn an ionstraim sin;

(c)

tráth a dhámhfar na hIonstraimí Eile mar luach saothair inathraitheach, an tréimhse a bheidh fágtha roimh aibíocht na n-ionstraimí, beidh sí cothrom le, nó níos mó ná, suim na dtréimhsí iarchurtha agus na dtréimhsí coinneála is infheidhme maidir le dámhachtain na n-ionstraimí sin;

(d)

leis na forálacha lena rialaítear an ionstraim foráiltear, tráth a tharlóidh teagmhas truiceartha, go ndéanfaí díluacháil ar bhonn buan nó sealadach ar mhéid phríomhshuim na n-ionstraimí, nó go ndéanfaí na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(e)

tarlóidh an teagmhas truiceartha dá dtagraítear i bpointe (d) i gcás ina dtitfidh cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide nó an ghnólachta infheistíochta a eisíonn an ionstraim faoi bhun ceachtar díobh seo a leanas:

(i)

i gcás gnólacht infheistíochta a eisíonn an ionstraim, 7 % de thoradh 12,5 iolraithe faoi na ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;

(ii)

i gcás institiúid a eisíonn na hionstraimí, 7 % de chóimheas caipitil de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide a eisíonn an ionstraim;

(iii)

leibhéal is airde ná an leibhéal a shonraítear i bpointe (i) nó pointe (ii), i gcás ina gcinnfidh an gnólacht infheistíochta nó an institiúid a eisíonn an ionstraim agus a shonraítear sna forálacha lena rialaítear an ionstraim;

(f)

go gcomhlíontar ceann de na ceanglais in Airteagal 2, pointe (c).

3.   Is iad seo a leanas na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (b):

(a)

go gcomhlíonfaidh na hIonstraimí Eile coinníollacha mhír 2, pointí (a) go (e);

(b)

go mbeidh na hIonstraimí Eile nasctha le hionstraim Bhreise Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 arna heisiúint trí eintiteas atá laistigh de raon feidhme an chomhdhlúthaithe de bhun Chuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/2033 (“an ionstraim thagartha”);

(c)

go gcomhlíonfaidh an ionstraim thagartha coinníollacha mhír 2, pointe (c) agus pointe (f), tráth a dhámhfar an ionstraim mar luach saothair inathraitheach;

(d)

go mbeidh luach Ionstraime Eile nasctha leis an ionstraim thagartha ionas nach mó é tráth ar bith ná luach na hionstraime tagartha;

(e)

luach aon dáileachán a íocfar tar éis an Ionstraim Eile a dhílsiú, go mbeidh sé nasctha leis an ionstraim thagartha ionas nach mó tráth ar bith na dáileacháin a íoctar ná luach aon dáileachán a íoctar faoin ionstraim thagartha;

(f)

leis na forálacha lena rialaítear na hIonstraimí Eile foráiltear, i gcás ina ndéantar an ionstraim thagartha a ghlaoch, a chomhshó, a athcheannach nó a fhuascailt laistigh den tréimhse iarchurtha nó choinneála, go mbeidh na hIonstraimí Eile nasctha le hionstraim thagartha choibhéiseach a chomhlíonfaidh na coinníollacha san Airteagal seo ionas agus nach méadóidh luach iomlán na nIonstraimí Eile.

4.   Is iad seo a leanas na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (c):

(a)

gur chinn na húdaráis inniúla, chun críoch Airteagal 55 de Threoir (AE) 2019/2034 nó Airteagal 127 de Threoir 2013/36/AE, go mbeidh an gnólacht infheistíochta nó an institiúid a eisíonn an ionstraim a bhfuil na hIonstraimí Eile nasctha léi, go mbeidh sé nó sí faoi réir maoirseacht chomhdhlúite ag údarás maoirseachta tríú tír atá coibhéiseach leis an maoirseacht a rialaítear leis na prionsabail a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/2034 i gcás inar gnólacht infheistíochta atá lonnaithe i dtríú tír é an t-eisitheoir nó i dTreoir 2013/36/AE i gcás inar institiúid atá lonnaithe i dtríú tír é an t-eisitheoir agus le ceanglais Chuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)

go gcomhlíonfaidh na hIonstraimí Eile na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3, pointe (a) agus pointí (c) go (f).

Airteagal 5

Na nósanna imeachta díluachála, uasluachála agus comhshó

1.   Chun críoch Airteagal 3, pointe (b), agus Airteagal 4(2), pointe (d), comhlíonfaidh na forálacha lena rialaítear ionstraimí Leibhéal 2 agus Ionstraimí Eile na nósanna imeachta agus an t-uainiú a leagtar síos i míreanna 2 go 14 den Airteagal seo chun cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus na méideanna atá le díluacháil, le huasluacháil nó le comhshó a ríomh. Comhlíonfaidh na forálacha lena rialaítear ionstraimí Breise Leibhéal 1 na nósanna imeachta a leagtar síos i mír 9 agus i mír 13, pointe (c), den Airteagal seo maidir le méideanna atá le díluacháil, le huasluacháil nó le comhshó.

2.   I gcás ina gceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí Leibhéal 2 agus Ionstraimí Eile go ndéanfar na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tráth a tharlóidh teagmhas truiceartha, sonróidh na forálacha sin ceachtar díobh seo a leanas:

(a)

ráta an chomhshó sin agus teorainn ar an méid comhshóite a cheadófar;

(b)

raon, ar laistigh de, a chomhshófaidh na hionstraimí ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

3.   I gcás ina bhforáiltear sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfar méid a bpríomhshuime a dhíluacháil tráth a tharlóidh teagmhas truiceartha, déanfaidh an díluacháil gach ceann díobh seo a leanas a laghdú go buan nó go sealadach:

(a)

éileamh shealbhóir na hionstraime i ndócmhainneacht nó i leachtú na hinstitiúide nó an ghnólachta infheistíochta a d’eisigh an ionstraim;

(b)

an méid a íocfar i gcás ina ndéanfar an ionstraim a ghlaoch nó a fhuascailt;

(c)

na dáileacháin a dhéanfar ar an ionstraim.

4.   Aon dáileachán is iníoctha tar éis díluachála, bunófar é ar mhéid laghdaithe na príomhshuime.

5.   Faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme, le díluacháil nó le comhshó na n-ionstraimí, déanfar ítimí a ghiniúint a cháilíonn mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

6.   I gcás inar shuigh an gnólacht infheistíochta nó an institiúid a d’eisigh an ionstraim go bhfuil cóimheas Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tite faoi bhun an leibhéil a ghníomhachtaíonn comhshó nó díluacháil na hionstraime, ceanglaítear ar an gcomhlacht bainistíochta nó ar aon chomhlacht ábhartha eile de chuid an ghnólachta infheistíochta nó na hinstitiúide a eisíonn an ionstraim a chinneadh gan mhoill gur tharla teagmhas truiceartha agus beidh oibleagáid neamh-inchúlghairthe ann chun an ionstraim a dhíluacháil nó a chomhshó.

7.   Maidir le méid comhiomlán ionstraimí nach mór a dhíluacháil nó a chomhshó tráth a tharlóidh teagmhas truiceartha, ní lú a bheidh sé ná an ceann is ísle de na méideanna seo a leanas:

(a)

an méid is gá chun cóimheas Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an ghnólachta infheistíochta nó na hinstitiúide a eisíonn an ionstraim a thabhairt ar ais ina iomláine go dtí an céatadán a socraíodh mar teagmhas truiceartha sna forálacha lena rialaítear an ionstraim;

(b)

méid iomlán phríomhshuim na hionstraime.

8.   I gcás ina dtarlóidh teagmhas truiceartha:

(a)

na baill foirne ar dámhadh na hionstraimí orthu mar luach saothair inathraitheach agus na daoine a leanann de na hionstraimí sin a bheith ina seilbh acu, cuirfidh an gnólacht infheistíochta ar an eolas iad;

(b)

an gnólacht infheistíochta nó an institiúid a eisíonn an ionstraim, sin é nó sin í a dhéanfaidh príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a luaithe is féidir agus laistigh d’uastréimhse 1 mhíosa amháin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo.

9.   I gcás ina n-áirítear leibhéal truiceartha comhionann le hionstraimí Breise Leibhéal 1, le hionstraimí Leibhéal 2 agus le hIonstraimí Eile, díluachálfar méid na príomhshuime nó comhshófar é ar bhonn pro rata do shealbhóirí uile na n-ionstraimí sin a úsáidtear chun críoch luacha saothair inathraithigh.

10.   Is faoi réir athbhreithniú neamhspleách a bheidh méid na hionstraime a bheidh le díluacháil nó le comhshó. Tabharfar an t-athbhreithniú sin chun críche a luaithe is féidir agus ní chruthófar leis baic maidir leis an ionstraim a dhíluacháil nó a chomhshó.

11.   Gnólacht infheistíochta nó institiúid a eisíonn ionstraimí a chomhshónn ina n-ionstraimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tráth a tharlóidh teagmhas truiceartha, ceanglófar orthu a áirithiú gur leor i gcónaí a scairchaipiteal údaraithe chun na hionstraimí in-chomhshóite sin go léir a chomhshó ina scaireanna i gcás ina dtarlóidh teagmhais truiceartha. Ceanglófar ar an ngnólacht infheistíochta nó ar an institiúid an réamhúdarú is gá a choinneáil ar bun i gcónaí chun ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a eisiúint, arb ionstraimí iad ina gcomhshófadh na hionstraimí sin tráth a tharlódh teagmhas truiceartha.

12.   Gnólacht infheistíochta nó institiúid a eisíonn ionstraimí a chomhshófar ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tráth a tharlóidh teagmhas truiceartha, ceanglófar orthu a áirithiú nach mbeidh baic nós imeachta ann ar an gcomhshó sin de bhun a ionchorpraithe nó a shocruithe reachtúla nó conarthacha.

13.   Comhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas ionas go measfar gur sealadach í an díluacháil ionstraime:

(a)

is ar bhrabúis a bhunófar uasluachálacha tar éis d’eisitheoir na hionstraime cinneadh foirmiúil a dhéanamh lena ndeimhnítear na brabúis deiridh;

(b)

déanfar aon uasluacháil ionstraime nó íocaíocht cúpón ar mhéid laghdaithe na príomhshuime a fheidhmiú de lánrogha iomlán an ghnólachta infheistíochta nó na hinstitiúide a eisíonn an ionstraim faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (c), pointe (d) agus pointe (e) agus ní bheidh sé d’oibleagáid ar an ngnólacht infheistíochta ná ar an institiúid uasluacháil a oibriú nó a luathú faoi imthosca sonracha;

(c)

déanfar uasluacháil a oibriú ar bhonn pro rata i measc ionstraimí Breise Leibhéal 1, ionstraimí Leibhéal 2 agus Ionstraimí Eile a úsáidtear chun críche luacha saothair inathraithigh a bhí faoi réir díluachála;

(d)

an t-uasmhéid a bheidh inchurtha i leith shuim uasluacháil ionstraimí Leibhéal 2 agus Ionstraimí Eile mar aon le híocaíocht cúpón ar mhéid laghdaithe na príomhshuime, beidh sé cothrom le brabús an ghnólachta infheistíochta nó na hinstitiúide a eisíonn an ionstraim arna iolrú ar an méid a fhaightear tríd an méid a chinntear i bpointe (i) a roinnt ar an méid a chinntear i bpointe (ii):

(i)

suim mhéid ainmniúil ionstraimí Leibhéal 2 agus Ionstraimí Eile uile an ghnólachta infheistíochta roimh dhíluacháil a bhí faoi réir díluachála;

(ii)

suim chistí dílse agus mhéid ainmniúil Ionstraimí Eile a úsáidtear chun críche luacha saothair inathraithigh de chuid an ghnólachta infheistíochta;

(e)

suim aon mhéid uasluachála agus aon íocaíocht cúpón ar mhéid laghdaithe na príomhshuime, déanfar iad a láimhseáil mar íocaíocht a mbeidh laghdú ar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 mar thoradh uirthi agus beidh na tréithe seo a leanas ag baint léi:

(i)

beidh sí comhsheasmhach le bonn caipitil fónta gnólachta infheistíochta a choinneáil ar bun,

(ii)

i gcás inarb infheidhme, beidh sí comhsheasmhach lena himeacht tráthúil ó thacaíocht airgeadais phoiblí eisceachtúil, agus

(iii)

i gcás inarb infheidhme, beidh sí teoranta do chuid den ghlanioncam i gcás ina mbainfidh gnólacht infheistíochta tairbhe as tacaíocht airgeadais phoiblí eisceachtúil.

14.   Chun críocha mhír 13, pointe (d), déanfar an ríomh tráth a fheidhmeofar an uasluacháil.

Airteagal 6

Socruithe malartacha

Maidir le socruithe malartacha a d’fhéadfadh gnólachtaí infheistíochta a úsáid i gcomhair íocaíochtaí amach luacha saothair inathraithigh faoi Airteagal 32(1), pointe (k), de Threoir (AE) 2019/2034, faoi réir fhormheas an údaráis inniúil, comhlíonfaidh siad na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go rannchuidíonn an socrú malartach le hailíniú an luacha saothair inathraithigh le leasanna fadtéarmacha an ghnólachta infheistíochta, a chreidiúnaithe agus a chliant;

(b)

go mbeidh an socrú malartach faoi réir beartas coinneála a ceapadh chun dreasachtaí an duine aonair a ailíniú le leasanna fadtéarmacha an ghnólachta infheistíochta, a chreidiúnaithe agus a chliant, agus is 6 mhí ar a laghad a bheidh sa tréimhse choinneála;

(c)

an méid a fhaightear faoi shocrú malartach agus na coinníollacha is infheidhme, go mbeidh siad doiciméadaithe go maith agus go mbeidh siad trédhearcach don bhall foirne a gheobhaidh luach saothair inathraitheach faoin socrú sin;

(d)

i gcás méideanna a fhaightear faoi shocruithe iarchurtha agus coinneála, áirithítear leis an socrú malartach nach féidir leis an bhfoireann an chuid iarchurtha den luach saothair inathraitheach a rochtain, a aistriú nó a fhuascailt le linn na dtréimhsí sin;

(e)

ní fhoráiltear sa socrú malartach maidir le méadú ar luach an luacha saothair inathraithigh a fhaightear le linn tréimhsí iarchurtha trí íocaíochtaí úis nó trí shocruithe eile dá samhail seachas trí shocruithe a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (f);

(f)

i gcás ina gceadaítear leis an socrú malartach athruithe réamhshocraithe ar an luach a fhaightear mar luach saothair inathraitheach le linn tréimhsí iarchurtha agus coinneála, bunaithe ar fheidhmíocht an ghnólachta infheistíochta nó na sócmhainní bainistithe, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

go bhfuil an t-athrú ar an luach bunaithe ar tháscairí feidhmíochta réamhshainithe atá bunaithe ar cháilíocht chreidmheasa an ghnólachta infheistíochta nó ar fheidhmíocht na sócmhainní bainistithe;

(ii)

i gcás ina gcaithfear iarchur agus coinneáil a chur i bhfeidhm, gur cheart athruithe ar luach a ríomh go bliantúil ar a laghad agus ag deireadh na tréimhse coinneála;

(iii)

an ráta athruithe deimhneacha agus diúltacha ar luach a d’fhéadfadh a bheith ann, ba cheart é a bhunú freisin ar leibhéal na n-athruithe deimhneacha nó diúltacha ar cháilíocht chreidmheasa nó ar an bhfeidhmíocht arna dtomhas;

(iv)

i gcás ina bhfuil an t-athrú ar luach faoi phointe (i) bunaithe ar fheidhmíocht na sócmhainní arna mbainistiú, beidh céatadán an athraithe ar luach teoranta do chéatadán an athraithe ar luach na sócmhainní arna mbainistiú;

(v)

i gcás ina bhfuil an t-athrú ar luach faoi phointe (i) bunaithe ar cháilíocht chreidmheasa an ghnólachta infheistíochta, beidh céatadán an athraithe ar an luach teoranta do chéatadán an ollioncaim iomláin bhliantúil i ndáil le cistí dílse an ghnólachta infheistíochta ina n-iomláine;

(g)

leis an socrú malartach, ní chuirtear bac ar chur i bhfeidhm Airteagal 32(1), pointe (m), de Threoir (AE) 2019/2034.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 314, 5.12.2019, lch. 64.

(2)  Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(4)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(5)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 1995 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (IO L 257, 27.10.1995, lch. 1).


Top