EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023X0417(03)

Dearbhú Comhpháirteach ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 maidir le hAirteagal 13(3a) de Chreat Windsor (Féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023.)

PUB/2023/435

IO L 102, 17.4.2023, p. 90–90 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/90


DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH ÓN AONTAS AGUS ÓN RÍOCHT AONTAITHE SA CHOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 24 Márta 2023

maidir le hAirteagal 13(3a) de Chreat Windsor (1)

Aithníonn an tAontas agus an Ríocht Aontaithe gur gá, chun fógra faoi Airteagal 13(3a) de Chreat Windsor a thabhairt de mheon macánta i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), an fógra sin a thabhairt faoi gach ceann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Dearbhú Aontaobhach ón Ríocht Aontaithe maidir le rannpháirtíocht institiúidí Chomhaontú 1998, atá i gceangal le Cinneadh Uimh. 1/2023 (3).

I gcás inar rialaigh an painéal eadrána, i gcomhréir le hAirteagal 175 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, nár chomhlíon an Ríocht Aontaithe Airteagal 5 den Chomhaontú um Tharraingt Siar i ndáil le fógra faoi Airteagal 13(3a) de Chreat Windsor, ba cheart comhlíonadh tapa rialú an phainéil eadrána a bhaint amach, mar a leagtar amach i Moladh Uimh. 2/2023 (4).


(1)  Féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023.

(2)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(3)  Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 lena leagtar síos socruithe a bhaineann le Creat Windsor (féach leathanach 61 den Iris Oifigiúil).

(4)  Moladh Uimh. 2/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 maidir le hAirteagal 13(3a) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (féach leathanach 86 den Iris Oifigiúil).


Top