This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22022D0291
Decision No 1/2022 of the Joint Committee established by the Agreement on the Withdrawal of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland from the European Union and the European Atomic Energy Community of 21 February 2022 amending the Agreement on the withdrawal of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland from the European Union and the European Atomic Energy Community [2022/291]
Cinneadh Uimh. 1/2022 ón gComhchoiste a cuireadh ar bun leis an gcomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 21 Feabhra 2022 lena leasaítear an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 2022/291
Cinneadh Uimh. 1/2022 ón gComhchoiste a cuireadh ar bun leis an gcomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 21 Feabhra 2022 lena leasaítear an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 2022/291
PUB/2022/77
IO L 43, 24.2.2022, p. 84–85
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 12020W/TXT | Cur le | iarscríbhinn I cuid I roinn A Téacs | 22/02/2022 | |
Modifies | 12020W/TXT | Cur le | iarscríbhinn I cuid I roinn E Téacs | 22/02/2022 | |
Modifies | 12020W/TXT | Cur le | iarscríbhinn I cuid I roinn H Téacs | 22/02/2022 | |
Modifies | 12020W/TXT | Cur le | iarscríbhinn I cuid I roinn S Téacs | 22/02/2022 | |
Modifies | 12020W/TXT | Athchur | iarscríbhinn I cuid I roinn H Téacs | 22/02/2022 | |
Modifies | 12020W/TXT | Athchur | iarscríbhinn I cuid I roinn S Téacs | 22/02/2022 |
24.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 43/84 |
CINNEADH Uimh. 1/2022 ÓN GCOMHCHOISTE A CUIREADH AR BUN LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN GCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH
an 21 Feabhra 2022
lena leasaítear an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 2022/291
TÁ AN COMHCHOISTE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus go háirithe Airteagal 164(5)(d) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hAirteagal 164(5), pointe (d), den Chomhaontú um Tharraingt Siar, cuirtear ar a chumas don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú (“an Comhchoiste”) cinntí a ghlacadh lena ndéantar an Comhaontú sin a leasú, ar choinníoll gur gá na leasuithe sin chun earráidí a cheartú, chun aghaidh a thabhairt ar neamhghníomhartha nó ar easnaimh eile, nó chun aghaidh a thabhairt ar chásanna nach raibh coinne leo nuair a síníodh an Comhaontú, agus ar choinníoll nach bhféadfaidh na cinntí sin eilimintí ríthábhachtacha an Chomhaontaithe a leasú. De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá na cinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Ní mór don Aontas agus don Ríocht Aontaithe cinntí den sórt sin, a mbeidh an éifeacht dhlíthiúil chéanna acu agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar, a chur chun feidhme. |
(2) |
Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a leasú trí chúig chinneadh agus dhá mholadh ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta nár liostaíodh ann cheana, a chur léi agus trí dhá chinneadh a bhaint agus dhá chinneadh a chur ina n-ionad, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Comhaontú um Tharraingt Siar mar a leanas:
(1) |
I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Moladh Uimh. A1 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le heisiúint an fhianaithe dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) cuirtear an Moladh sin léi faoi “Reachtaíocht is infheidhme (sraith A)”; |
(2) |
I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Cinneadh Uimh. E6 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil lena chinneadh cathain a mheastar teachtaireacht leictreonach a bheith seachadta go dleathach sa chóras um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) (3), cuirtear an Cinneadh sin léi faoi “Malartú Sonraí Leictreonacha (sraith E)”; |
(3) |
I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Moladh Uimh. H9 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le spriocdhátaí a chur siar dá dtagraítear in Airteagal 67 agus Airteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i gCinneadh Uimh. S9 de dheasca Phaindéim COVID-19 (4), cuirtear an Moladh sin léi faoi “Saincheisteanna cothrománacha (sraith H)”; |
(4) |
I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Cinneadh Uimh. H10 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le modhanna oibríochta agus comhdhéanamh an Choimisiúin Theicniúil um Próiseáil Sonraí de chuid an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta (5), cuirfear an Cinneadh sin léi faoi “Saincheisteanna cothrománacha (sraith H)”; |
(5) |
I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Cinneadh Uimh. H11 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le spriocdhátaí a chur siar dá dtagraítear in Airteagal 67 agus Airteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 agus i gCinneadh Uimh. S9 de dheasca Phaindéim COVID-19 (6), cuirfear an Cinneadh sin léi faoi “Saincheisteanna cothrománacha (sraith H)”; |
(6) |
I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Moladh H2 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le gnéithe fíordheimhnithe a chur san áireamh i gcás Doiciméad Iniompartha arna n-eisiúint ag institiúid Ballstáit agus ina léirítear staid duine chun críche Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chur i bhfeidhm, cuirfear an Moladh sin léi faoi “Saincheisteanna cothrománacha (sraith H)”; |
(7) |
I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Cinneadh S11 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le nósanna imeachta aisíocaíochta ar mhaithe le hAirteagal 35 agus Airteagal 41 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (8) a chur chun feidhme, cuirfear an Cinneadh sin léi faoi “Breoiteacht (sraith S)”; |
(8) |
I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, bainfear na gníomhartha seo a leanas agus cuirfear an méid seo a leanas ina n-ionad:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Feabhra 2022
Thar ceann an Chomhchoiste
Na Comhchathaoirligh
Maroš ŠEFČOVIČ
Elizabeth TRUSS
(1) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(2) IO C 183, 29.5.2018, lch. 5.
(3) IO C 355, 4.10.2018, lch. 5.
(4) IO C 259, 7.8.2020, lch. 9.
(5) IO C 89, 16.3.2021, lch. 6.
(6) IO C 170, 6.5.2021, lch. 4.
(7) IO C 147, 29.4.2019, lch. 6.
(8) IO C 236, 18.6.2021, lch. 4.
(9) IO C 263, 20.7.2016, lch. 3.
(10) IO C 89, 16.3.2021, lch. 6.