This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12008M011
Consolidated version of the Treaty on European Union - TITLE II: PROVISIONS ON DEMOCRATIC PRINCIPLES - Article 11
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach - TEIDEAL II: FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA PRIONSABAIL DHAONLATHACHA - Airteagal 11
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach - TEIDEAL II: FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA PRIONSABAIL DHAONLATHACHA - Airteagal 11
IO C 115, 9.5.2008, p. 21–21
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach - TEIDEAL II: FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA PRIONSABAIL DHAONLATHACHA - Airteagal 11
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0021 - 0021
Airteagal 11 1. Tabharfaidh na hinstitiúidí do shaoránaigh agus do chomhlachais ionadaíocha, trí bhealaí iomchuí, an deis a gcuid tuairimí a chur in iúl agus iad a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais. 2. Coimeádfaidh na hinstitiúidí agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta ar siúl le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta. 3. D'fhonn comhchuibheas agus trédhearcacht ghníomhaíochtaí an Aontais a áirithiú, rachaidh an Coimisiún Eorpach i mbun comhairliúchán leathan le páirtithe lena mbaineann. 4. Féadfaidh saoránaigh den Aontas, ar náisiúnaigh iad de líon suntasach de Bhallstáit agus nach lú a líon ná aon mhilliún amháin ar a laghad, an tionscnamh a ghlacadh iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, faoi chuimsiú a chumhachtaí, togra iomchuí a thíolacadh maidir le ceisteanna a bhfuil gá dar leis na saoránaigh le gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme. Déanfar na nósanna imeachta agus na coinníollacha is gá do thionscnamh den sórt sin ó na saoránaigh a leagan síos i gcomhréir leis an gcéad mhír d'Airteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. --------------------------------------------------