This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12008E223
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union - PART SIX: INSTITUTIONAL AND FINANCIAL PROVISIONS - TITLE I: INSTITUTIONAL PROVISIONS - Chapter 1: The institutions - Section 1: The European Parliament - Article 223 (ex Article 190(4) and (5) TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A SÉ: FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS - TEIDEAL I: FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ - Caibidil 1: Na hInstitiúidí - Roinn 1: Parlaimint na hEorpa - Airteagal 223 (sean-Airteagal 190(4) agus (5) CCE)

IO C 115, 9.5.2008, p. 149–149
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A SÉ: FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS - TEIDEAL I: FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ - Caibidil 1: Na hInstitiúidí - Roinn 1: Parlaimint na hEorpa - Airteagal 223 (sean-Airteagal 190(4) agus (5) CCE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0149 - 0149
Airteagal 223 (sean-Airteagal 190(4) agus (5) CCE) 1. Tarraingeoidh Parlaimint na hEorpa suas togra d'fhonn na bearta is gá a bhunú do thoghadh a cuid comhaltaí trí vótáil chomhchoiteann dhíreach i gcomhréir le nós imeachta comhionann sna Ballstáit go léir nó i gcomhréir le prionsabail ar comhphrionsabail iad ag na Ballstáit go léir. Saineoidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, a ghníomhóidh trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, na forálacha is gá. Tiocfaidh na forálacha sin i bhfeidhm tar éis a bhformheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. 2. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán ar a tionscnamh féin i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, tar éis tuairim ón gCoimisiún a iarraidh agus formheas ón gComhairle a fháil, na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta a leagan síos a rialaíonn comhlíonadh a gcuid dualgas ag a comhaltaí. Is gá aontoilíocht laistigh den Chomhairle a bheith le gach riail nó coinníoll a bhaineann le cáin a ghearradh ar chomhaltaí nó iarchomhaltaí. --------------------------------------------------