This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12008E156
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union - PART THREE: UNION POLICIES AND INTERNAL ACTIONS - TITLE X: SOCIAL POLICY - Article 156 (ex Article 140 TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL X: BEARTAS SÓISIALTA - Airteagal 156 (sean-Airteagal 140 CCE)

IO C 115, 9.5.2008, p. 117–117
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL X: BEARTAS SÓISIALTA - Airteagal 156 (sean-Airteagal 140 CCE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0117 - 0117
Airteagal 156 (sean-Airteagal 140 CCE) Chun cuspóirí Airteagal 151 a ghnóthú agus gan dochar d'fhorálacha eile na gConarthaí, cothóidh an Coimisiún comhar idir na Ballstáit agus déanfaidh sé comhordú a ngníomhaíochta a éascú i réimsí uile an bheartais shóisialta faoin gcaibidil seo, go háirithe i gcúrsaí a bhaineann leis na nithe seo: - fostaíocht; - dlí an tsaothair agus dálaí oibre; - gairmoiliúint bhunchéime agus ardchéime; - slándáil shóisialta; - tionóiscí agus galair cheirde a chosc; - sláinteachas ceirde; - an ceart chun dul i gcomhlachas, agus cómhargáil idir fostóirí agus oibrithe. Chun na críche sin, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúth-thadhall leis na Ballstáit trí staidéir a dhéanamh, tuairimí a thabhairt agus comhairliúcháin a shocrú i dtaobh fadhbanna a thagann chun cinn ar leibhéal náisiúnta agus fadhbanna is ábhar cúraim d'eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú don fhaireachán tréimhsiúil agus don mheastóireacht thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas. Sula dtabharfaidh an Coimisiún na tuairimí dá bhforáiltear san Airteagal seo, rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta. --------------------------------------------------