Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12008E091

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL VI: IOMPAR - Airteagal 91 (sean-Airteagal 71 CCE)

    IO C 115, 9.5.2008, p. 85–85 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2008/art_91/oj

    12008E091

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL VI: IOMPAR - Airteagal 91 (sean-Airteagal 71 CCE)

    Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0085 - 0085


    Airteagal 91

    (sean-Airteagal 71 CCE)

    1. D'fhonn Airteagal 90 a chur chun feidhme agus ag cur sainghnéithe an iompair san áireamh, leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún:

    (a) comhrialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta go críoch Bhallstáit nó uaithi nó ag gabháil trí chríoch Bhallstáit amháin nó níos mó;

    (b) na coinníollacha faoina bhféadfaidh carraeirí nach bhfuil cónaí orthu ann seirbhísí iompair a oibriú laistigh de Bhallstát;

    (c) na bearta ar mhaithe le feabhas a thabhairt ar shábháilteacht an iompair;

    (d) aon fhorálacha eile is fóinteach.

    2. Agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh, cuirfear san áireamh na cásanna sin ina bhféadfadh a gcur i bhfeidhm éifeacht thromchúiseach a bheith aige ar an gcaighdeán maireachtála agus ar leibhéal na fostaíochta i réigiúin áirithe, agus ar oibriú saoráidí iompair.

    --------------------------------------------------

    Top