EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12008E050
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union - PART THREE: UNION POLICIES AND INTERNAL ACTIONS - TITLE IV: FREE MOVEMENT OF PERSONS, SERVICES AND CAPITAL - Chapter 2: Right of establishment - Article 50 (ex Article 44 TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL IV: SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL - Caibidil 2: Ceart bunaíochta - Airteagal 50 (sean-Airteagal 44 CCE)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL IV: SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL - Caibidil 2: Ceart bunaíochta - Airteagal 50 (sean-Airteagal 44 CCE)
IO C 115, 9.5.2008, p. 68–68
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL IV: SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL - Caibidil 2: Ceart bunaíochta - Airteagal 50 (sean-Airteagal 44 CCE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0068 - 0068
Airteagal 50 (sean-Airteagal 44 CCE) 1. Chun an tsaoirse bhunaíochta a bhaint amach i gcás gníomhaíochta áirithe, gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle trí bhíthin treoracha, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta. 2. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún na dualgais a thitfidh orthu faoi na forálacha roimhe seo a chomhlíonadh, go háirithe: (a) trí fhreastal i dtosach báire, de ghnáth, do ghníomhaíochtaí ina ndéanann an tsaoirse bhunaíochta fóntas ar leith d'fhorbairt na táirgeachta agus na trádála; (b) trí comhoibriú dlúth idir na húdaráis inniúla sna Ballstáit a áirithiú ionas go gcinnteofar an cor áirithe san Aontas atá ar na gníomhaíochtaí éagsúla atá i gceist; (c) trí dhíothú na ngnásanna agus na gcleachtas riaracháin sin, cibé acu ó reachtaíocht náisiúnta nó ó chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit a thig siad, a mbeadh a gcoimeád ar bun ina chonstaic ar shaoirse bhunaíochta; (d) trína áirithiú go bhféadfaidh oibrithe ó Bhallstát amháin atá ar fostú i gcríoch Bhallstáit eile fanacht sa chríoch sin chun gabháil le gníomhaíochtaí ann mar oibrithe ar a gconlán féin, má shásaíonn siad na coinníollacha ba ghá dóibh a shásamh dá mba ag an am a bhí siad ar intinn gabháil leis na gníomhaíochtaí sin a thiocfaidís isteach sa Stát sin; (e) trína chumasú do náisiúnach Ballstáit amháin talamh agus foirgnimh a fháil agus a úsáid a bhfuil a suíomh i gcríoch Bhallstáit eile, chomh fada is nach bhfuil sin contrártha do na prionsabail atá leagtha síos in Airteagal 39(2); (f) trí dhíothú comhleanúnach a dhéanamh ar shrianta le saoirse bhunaíochta i ngach brainse gníomhaíochta a bheidh faoi bhreithniú, i gcás na gcoinníollacha maidir le gníomhaireachtaí, brainsí nó fochuideachtaí a chur ar bun i gcríoch Bhallstáit agus i gcás na gcoinníollacha a bhaineann le pearsanra de chuid na príomhbhunaíochta a dhul isteach i bpoist bhainistíochta nó maoirseachta sna gníomhaireachtaí, sna brainsí nó sna fochuideachtaí sin; (g) trí chomhordú a dhéanamh, a mhéad is gá sin, ar na coimircí a éilíonn Ballstáit ar chuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d'Airteagal 54, ionas go gcosnófar leasanna comhaltaí agus daoine eile, d'fhonn na coimircí sin a chomhionannú ar fud an Aontais; (h) trína dheimhniú dóibh féin nach saobhfar na coinníollacha bunaíochta trí chabhracha ó Bhallstáit. --------------------------------------------------