Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12008E045

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL IV: SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL - Caibidil 1: Oibrithe - Airteagal 45 (sean-Airteagal 39 CCE)

    IO C 115, 9.5.2008, p. 65–66 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2008/art_45/oj

    12008E045

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL IV: SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL - Caibidil 1: Oibrithe - Airteagal 45 (sean-Airteagal 39 CCE)

    Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0065 - 0066


    Airteagal 45

    (sean-Airteagal 39 CCE)

    1. Áiritheofar saoirse ghluaiseachta d'oibrithe laistigh den Aontas.

    2. Bhéarfaidh an tsaoirse ghluaiseachta sin go ndíothófar aon idirdhealú de bhíthin a náisiúntachta idir oibrithe na mBallstát maidir le fostaíocht, le luach saothair agus le coinníollacha eile oibre.

    3. Gabhfaidh léi, faoi réir teorainneacha a bhfuil call leo ar mhaithe leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis an tsláinte phoiblí, an ceart:

    (a) chun glacadh le fostaíocht a tairgeadh iarbhír;

    (b) leis an aidhm sin, chun gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát;

    (c) chun fanacht i mBallstát le bheith ag gabháil d'fhostaíocht ann de réir na bhforálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin a bhaineann le fostaíocht náisiúnaigh an Stáit sin;

    (d) chun fuireach i gcríoch Bhallstáit tar éis bheith ar fostú sa Stát sin, faoi réir coinníollacha a chorprófar i rialacháin a ullmhóidh an Coimisiún.

    4. Ní bhainfidh forálacha an Airteagail seo le fostaíocht sa tseirbhís phoiblí.

    --------------------------------------------------

    Top