Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Le Treoir 2006/42/CE is féidir innealra a chomhlíonann ceanglais sláinte agus sábháilteachta an Aontais Eorpaigh (AE) a bhogadh go héasca ar fud an Aontais. Is ionann sin agus go mbíonn oibrithe agus baill an phobail dea–chosanta nuair a úsáideann siad innealra nó nuair a thagann siad i dteagmháil leis.
Tá na ceanglais maidir le sláinte agus sábháilteachtéigeantach, ach tá na caighdeáin lena dtugtar toimhde na comhréireachta1 leis na ceanglais, a bhfuil na tagairtí dóibh foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, deonach.
Níl feidhm ag an treoir ach maidir le táirgí a chuirtear ar mhargadh AE den chéad uair.
Cuireann an treoir le nuálaíocht, le héifeachtúlacht agus le hiomaíochas AE.
Rinneadh an treoir a aisghairm le Rialachán (AE) 2023/1230 (féach an achoimre), cé go mbeidh sí i bhfeidhm go dtí an .
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
Cumhdaítear le Treoir 2006/42/CE innealra, trealamh in–idirmhalartaithe, comhpháirteanna sábháilteachta, gabhálais ardaithe, slabhraí, rópaí agus caolrabhaisc, feistí tarchurtha meicniúla inbhainte agus innealra atá críochnaithe go páirteach.
Ní chumhdaítear léi cineálacha eile innealra, amhail an t–innealra a úsáidtear in aontaí, sa tionscal núicléach, i saotharlanna agus i mianaigh, nó an t–innealra a úsáideann an t–arm nó na póilíní.
Oibleagáidí na monaróirí
Ní mór do mhonaróirí:
measúnú riosca a dhéanamh chun na ceanglais sláinte agus sábháilteachta a bhaineann lena n–innealra a shainaithint;
an measúnú riosca a chur san áireamh agus innealra á dhearadh agus á thógáil acu;
na teorainneacha a bhaineann le húsáid an innealra a shocrú;
guaiseacha féideartha ar bith a shainaithint;
an baol go mbeadh gortú trom nó damáiste trom mar thoradh ar a n–innealra a mheas, agus bearta a dhéanamh chun é a dhéanamh níos sábháilte.
a áirithiú go gcloíonn a n–innealra leis na ceanglais bhunúsacha sláinte agus sábháilteachta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an treoir;
doiciméad teicniúil a sholáthar ina dtaispeántar go gcloíonn an t–innealra le ceanglais na treorach;
a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta maidir le measúnú um chomhlíonadh á gcur i bhfeidhm acu agus go bhfuil an fhaisnéis riachtanach go léir á cur ar fáil acu, lena n–áirítear treoracha cóimeála agus úsáide;
an dearbhú comhréireachta a chomhlánú agus a áirithiú go bhfuil an comhartha comhréireachta CE greamaithe den innealra, ionas gur féidir é a úsáid áit ar bith san Aontas.
Cumhachtaí an Choimisiúin Eorpaigh gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh
Faoi Rialachán leasaitheach (AE) 2019/1243, tugadh an chumhacht don Choimisiún Eorpachgníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun liosta táscach de na comhpháirteanna sábháilteachta in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2006/42/CE a leasú.
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme Threoir 2006/42/CE, tugtar cumhachtaí don Choimisiún bearta riachtanacha a thabhairt isteach chun déileáil le hinnealra a d’fhéadfadh a bheith guaiseach trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Ní mór na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 (féach an achoimre).
Modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh
Le Treoir leasaitheach (AE) 2024/2749 féachtar le cur isteach ar an margadh inmheánach a sheachaint i gcás éigeandála trína áirithiú, a luaithe is a dhéanfar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2024/2747 (an Gníomh um Éigeandáil agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh), a ghníomhachtú trí ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, gur féidir earraí atá ainmnithe chun críocha custaim2 a chur ar an margadh chomh tapa agus is féidir.
Leasaítear Treoir 2024/2749 le Treoir 2006/42/AE ina leagtar amach an dóigh a mbeadh feidhm ag na nósanna imeachta éigeandála sin. I measc nithe eile, maidir leis na rialacha nua:
ceanglaítear leo ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta3tús áite a thabhairt d'iarratais ar chomhréireacht táirgí atá ábhartha don chosaint ar na cinn maidir le táirgí nach bhfuil;
ceadaítear leo do Bhallstáit AE, ar bhonn eisceachtúil agus i gcás ina bhfuil iarratas a bhfuil údar leis ann, trealamh a chur ar an margadh a údarú go sealadach gan na gnáth-nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a chur i gcrích, i gcás go bhfuil rannpháirtíocht comhlachta dá dtugtar fógra éigeantach agus féadfaidh siad a áirithiú go gcomhlíonfar gach ceanglas riachtanach;
ceadaítear leo do na húdaráis inniúla náisiúntaglacadh leis go gcloíonn na táirgí a mhonaraítear i gcomhréir le caighdeáin AE, le caighdeáin náisiúnta ábhartha nó le caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha arna bhforbairt ag comhlacht creidiúnaithe idirnáisiúnta atá aitheanta ag an gCoimisiún Eorpach mar a bheith oiriúnach chun comhréireacht a bhaint amach agus leibhéal cosanta atá comhionann leis an gcosaint a chuirtear ar fáil leis na caighdeáin chomhchuibhithe a áirithiú, leis na ceanglais riachtanacha ábhartha;
tugtar an deis don Choimisiún leo sonraíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh, ar a bhféadfaidh na monaróirí brath chun leas a bhaint as toimhde na comhréireachta leis na ceanglais riachtanacha is infheidhme (beidh gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na sonraíochtaí comhchoiteanna sin fós infheidhme ar feadh thréimshe mhód éigeandála an mhargaidh inmheánaigh).
Aisghairm
Déanfar 2006/42/CE a aisghaireadh le Rialacháin (AE) 2023/1230 agus cuirfear an Rialachán sin ina hionad (féach an achoimre) ón i leith.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?
B’éigean Treoir 2006/42/CE a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin . Tá na rialacha sin i bhfeidhm ón .
Ní mór na rialacha a glacadh faoi Threoir leasaitheach (AE) 2024/2749 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin agus beidh feidhm acu ón .
CÚLRA
Athmhúnlaíodh Treoir 98/37/CE (agus a leasuithe ina dhiaidh sin) le Treoir 2006/42/CE agus cuireadh in ionad na Treorach sin í.
Toimhde na comhréireachta. I gcás ina gcloíonn monaróirí le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le dearadh agus monarú a dtáirgí, meastar go bhfuil a dtáirgí i gcomhréir le rialacha ábhartha an Aontais.
Earraí agus seirbhísí a bhaineann leis an gcosaint. Earraí nó seirbhísí atá neamh–ionadacha, neamh–inéagsúlaithe nó riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chothabháil d’fhonn feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus a shlabhraí soláthair a áirithiú, a mheastar a bheith riachtanach chun freagairt do ghéarchéim agus atá liostaithe i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gComhairle.
Measúnú comhréireachta. An próiseas trína ndearbhaítear go gcomhlíonann táirge na ceanglais riachtanacha um próiseas, seirbhís, córas, duine nó comhlacht.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (athmhúnlú) (IO L 157, , lgh. 24–86).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2006/42/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandáil agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) (IO L, 2024/2747, ).
Treoir (AE) 2024/2749 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leasaítear Treoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/35/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE agus 2014/68/AE a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh measúnú comhréireachta, toimhde na comhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i ngeall ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach (IO L, 2024/2749, ).
Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le hinnealra agus lena n–aisghairtear Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 73/361/CEE ón gComhairle (IO L 165, , lgh. 1–102).
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, , lgh. 13–18).
Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimse chur chun feidhme Threoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (Foilseachán teideal agus tagairtí de chaighdeán chomhchuibhithe faoi reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú) (IO C 54, , lgh. 1–79).
Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le creat coiteann le haghaidh margaíocht táirgí, agus lena n–aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, , lgh. 82–128).