Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Reachtaíocht a athmhúnlú

Ciallaíonn reachtaíocht a athmhúnlú gníomh dlíthiúil úr a ghlacadh, nuair a dhéantar leasú ar ionstraim bhunúsach. Is é an toradh gníomh aonair atá ceangailteach ó thaobh dlí ina gcuimsítear gníomh dlíthiúil tosaigh agus leasuithe ar bith a rinneadh air. Ritear an gníomh úr sin tríd an bpróiseas reachtach iomlán agus aisghairtear na gníomhartha ar fud atá á n–athmhúnlú leis agus cuirtear in ionad na ngníomhartha sin é.

Murab ionann is códú, tá athruithe suntasacha i gceist leis, toisc go ndéantar leasuithe ar an ngníomh bunaidh.

Tá na rialacha maidir le húsáid na teicníce um athmhúnlú le haghaidh gníomhartha dlíthiúla leagtha síos i gcomhaontú idir-institiúideach 2001 maidir leis an ábhar. Leagtar síos leis nósanna imeachta speisialta lenar féidir leis an údarás reachtach a aird a dhíriú ar na codanna sin den togra ar codanna úra iad.

D’fhéadfadh an t–athmhúnlú a bheith ina athmhúnlú:

  • ingearach ina ndéantar ionstraim bhunúsach amháin agus a cuid leasuithe a chorprú in aon ionstraim úr amháin;
  • cothrománach ina ndéantar dhá ghníomh bhunúsacha nó níos mó ina bpléitear ábhair ghaolmhara — agus na leasuithe orthu — a chorprú in aon ionstraim úr amháin.

FÉACH FREISIN

Top