Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Parlaimint na hEorpa

Is í Parlaimint na hEorpa (PE) an t–aon chomhlacht amháin de chuid an Aontais a thoghtar go díreach, agus tá sí ar cheann de na comhthionóil dhaonlathacha is mó ar domhan. Déanann na 705 feisire inti ionadaíocht do 450 milliún saoránach AE. Déantar iad a thoghadh gach 5 bliana ag vótálaithe ar fud 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh. Tugtar Feisirí Pharlaimint na hEorpa (FPE) ar na daoine a thógtar chun Pharlaimint na hEorpa.

Is é daonra an Bhallstáit a shocraíonn an líon FPEnna a thógtar i ngach Ballstát AE. Is é seo a leanas dáileadh na suíochán go dtí deireadh an téarma pharlaimintigh 2019-2024: an Bheilg: 21, an Bhulgáir: 17, an tSeicia: 21, an Danmhairg: 14, an Ghearmáin: 96, an Eastóin: 7, Éire: 13, an Ghréig: 21, an Spáinn: 59, an Fhrainc: 79, an Chróit: 12, an Iodáil: 76, an Chipir: 6, an Laitvia: 8, an Liotuáin: 11, Lucsamburg: 6, an Ungáir: 21, Málta: 6, an Ísiltír: 29, an Ostair: 19, an Pholainn: 52, an Phortaingéil: 21, an Rómáin: 33, an tSlóivéin: 8, an tSlóvaic: 14, an Fhionlainn: 14 agus an tSualainn: 21.

Tabharfar dáileadh na suíochán don téarma parlaiminteach 2024-2029 cothrom le dáta de réir Chinneadh (AE) 2023/2061 ón gComhairle Eorpach, agus is é 720 líon iomlán na FPEnna a thógtar.

Is mná iad thart ar 40 % de na FPEnna. Is féidir le FPEnna grúpaí a chruthú ag brath ar a bhfiníocht pholaitiúil, ní ar a náisiúnacht.

An , bhí na síocháin dáilte i measc seacht ngrúpa polaitiúla mar a leanas:

  • Grúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh (178 FPE),
  • An Grúpa d’Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe i bParlaimint na hEorpa (140),
  • Grúpa Renew Europe (102),
  • Grúpa na nGlasach/na Saor-Chomhghuaillíochta Eorpaí (71),
  • An Grúpa do Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa (68),
  • Grúpa na Féiniúlachta agus an Daonlathais (59),
  • Grúpa na Clé i bParlaimint na hEorpa / agus den Chlé Ghlas Nordach (37).

Ar na dáta sin, bhí 49 FPE ann nach raibh bainteach le grúpa polaitiúil ar bith iad.

Seo a leanas príomhfheidhmeanna Pharlaimint na hEorpa.

  • Cumhacht reachtach: maidir leis an gcuid is mó de ghníomhartha dlíthiúla AE, roinneann PE an chumhacht reachtach le Comhairle an Aontais Eorpaigh, tríd an ngnáthnós imeachta reachtach.
  • Cumhacht bhuiséadach: roinneann Parlaimint na hEorpa cumhachtaí buiséadacha leis an gComhairle trí vótáil ar an mbuiséad bliantúil, á dhéanamh infheidhmithe trí shíniú Uachtarán PE a chur air agus trí chur chun feidhme an bhuiséid a mhaoirsiú.
  • Cumhacht rialaithe ar institiúidí AE, go háirithe an Coimisiún Eorpach: féadann Parlaimint na hEorpa formheas chun Coimisinéirí a ainmniú a thabhairt nó a choinneáil siar agus tá an chumhacht aici an Coimisiún a bhriseadh as a phost mar chomhlacht trí thairiscint cáinte a rith. Cuireann PE ceisteanna, scríofa agus ó bhéal, ar an Choimisiún agus ar an Chomhairle freisin, chun a cumhacht rialaithe maidir le gníomhaíochtaí AE a fheidhmiú. Bunaíonn sí coistí speisialta agus coistí fiosrúcháin ag a bhfuil cúram, cúram nach gá dó a bheith teoranta do ghníomhaíochtaí na n–institiúidí AE ach ar féidir é a leathnú chuig gníomhaíocht arna déanamh ag Ballstáit AE maidir le beartais AE a chur chun feidhme.

Le Conradh Liospóin, neartaíodh ról Pharlaimint na hEorpa, trína chur ar chomhchéim leis an gComhairle trí:

  • an gnáthnós imeachta reachtach a leathnú chuig 40 réimse nua lena n–áirítear talmhaíocht, slándáil fuinnimh, inimirce, ceartas agus gnóthaí baile, sláinte agus cistí struchtúracha;
  • ról PE maidir le glacadh bhuiséad AE a neartú — is í PE atá freagrach as an mbuiséad iomlán a ghlacadh in éineacht leis an gComhairle;
  • a chur ar chumas FPEnna a dtoiliú a thabhairt maidir le réimse leathan comhaontuithe idirnáisiúnta arna gcaibidliú ag an Aontas Eorpach, amhail comhaontuithe idirnáisiúnta trádála;
  • cearta nua a thabhairt isteach chun bheith curtha ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí na Comhairle Eorpaí, faoi uachtaránacht rothlach na Comhairle agus faoin tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí;
  • an ceart a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa chun athruithe ar an gconradh a mholadh;
  • cumhacht grinnscrúdaithe PE a leathnú chun Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a thoghadh agus Comhaltaí an Choimisiúin a fhormheas le vóta toilithe.

Freastalaíonn FPEanna ar sheisiúin iomlánacha in Strasbourg agus sa Bhruiséil, agus ar chruinnithe coiste agus grúpaí polaitiúla sa Bhruiséil.

Éilítear le hAirteagal 223(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ar Pharlaimint na hEorpa reacht a ghlacadh le haghaidh FPEnna. Leagtar síos rialacha a rialaíonn fheidhmiú chúraimí FPEanna sa reacht sin.

Éilítear le cód iompair ar FPEanna le feidhmiú chun leasa an phobail amháin agus a n–obair a dhéanamh le neamh–fhéinchúis, oscailteacht, dúthracht, ionracas, cuntasach agus meas ar cháil PE.

Éilítear le hAirteagal 232 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar Pharlaimint na hEorpa rialacha nós imeachta a ghlacadh — rialacha inmheánacha eagraíochtúla agus oibriúcháin PE.

FÉACH FREISIN

Barr