Vyberte pokusně zaváděné prvky, které byste chtěli vyzkoušet

Tento dokument je výňatkem z internetových stránek EUR-Lex

Nósanna imeachta speisialta

Ciallaíonn an nós imeachta reachtach speisialta nach bhfuil sa Chomhairle ach reachtóir, seachas a bheith ina comhreachtóir ar comhchéim (comhchinnteoireacht) le Parlaimint na hEorpa maidir le togra reachtach a dhéanann an Coimisiún Eorpach (gnáthnós imeachta reachtach, a úsáidtear le haghaidh thromlach reachtaíochta AE).

In Airteagal 289(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), déantar foráil maidir le cásanna áirithe arna sainiú in airteagail chonartha faoi leith, gurb í an Chomhairle an t–aon reachtóir agus is gá don Pharlaimint:

  • a toiliú a thabhairt maidir leis an togra ón gCoimisiún;
  • dul i gcomhairle leis maidir leis.

Nós imeachta an toilithe

Faoin nós imeachta seo:

  • féadfaidh an Pharlaimint glacadh le togra reachtach nó diúltú dó le tromlach glan de vótaí, ach ní fhéadfaidh sí an togra a leasú;
  • níl an Chumhacht ag an gComhairle tuairim na Parlaiminte a chur ar ceal.

Baintear úsáid as an nós imeachta seo nuair a mholtar reachtaíocht úr maidir le hidirdhealú a chomhrac.

Le hAirteagal 352 CFAE, tugtar an ceart crosta don Pharlaimint i gcás go n–úsáidtear an fhoráil sin den Chonradh mar bhonn dlíthiúil maidir leis an togra arna dhéanamh ag an gCoimisiún a ghlacadh.

Baintear úsáid as an nós imeachta chomh maith sna cásanna seo a leanas:

  • nuair a ghlactar comhaontuithe idirnáisiúnta áirithe arna n–idirbheartú ag AE (mar shampla, comhaontuithe trádála le tír amháin nó níos mó de thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta (Airteagal 207(3) CFAE nó comhaontuithe atá liostaithe in Airteagal 218(6)(a) CFAE));
  • i gcás aontachas Bhallstáit nua AE;
  • nuair a dhéantar sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha (Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE));
  • i gcás gur mian le tír AE tarraingt siar ó AE (Airteagal 50 CAE).

Nós imeachta comhairliúcháin

Faoin nós imeachta seo:

  • glacann an Chomhairle togra reachtach i ndiaidh don Pharlaimint a tuairim a thabhairt amháin;
  • féadfaidh an Pharlaimint leasuithe a cheadú, a dhiúltú nó a mholadh maidir leis an togra reachtach ón gCoimisiún ach níl sé ceangailte le dlí ar an gComhairle iad sin a chur san áireamh;
  • Téitear i gcomhairle leis an bParlaimint i gcás nós imeachta neamhreachtach i gcás go ndearnadh comhaontuithe idirnáisiúnta faoi chomhbheartas eachtrach agus slándála AE;
  • Téitear i gcomhairle leis an bParlaimint i gcás reachtaíochta i réimsí sonracha áirithe amhail beartas iomaíochta (Airteagal 103 CFAE) agus comhchuibhiú cánachais indírigh (Airteagal 113 CFAE).

FÉACH FREISIN

Nahoru