This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Leagtar síos inti socruithe mionsonraithe faoinar féidir le saoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu i dtír AE nach náisiúnaigh den tír sin iad a gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa (PE) sa tír sin a fheidhmiú.
Sainítear sa treoir na ceanglais atá le comhlíonadh ag náisiúnach thír eile AE chun vóta a chaitheamh nó chun seasamh mar iarrthóir ina thír/tír chónaithe. Ní mór don duine:
Leasaíodh an treoir in 2013 chun na nósanna imeachta maidir le hiarratais iarrthóirí a chur isteach a shimpliú i gcás go bhfuil siad ina gcónaí i dtír AE nach náisiúnaigh den tír sin iad. Roimhe sin, b’éigean do shaoránaigh AE sa chás sin deimhniú a sholáthar óna dtír shaoránachta ag sonrú nach raibh siad dícháilithe ó sheasamh i dtoghcháin PE sa tír sin. Ó 2014 i leith, nuair a chuireann saoránaigh AE a n–iarratas isteach chun seasamh i dtoghcháin, féadfaidh siad dearbhú a sholáthar in ionad deimhnithe. Ní mór d’údaráis na tíre AE ina bhfuil siad ina gcónaí idirchaidreamh a dhéanamh leis an tír náisiúntachta chun bailíochtú an dearbhaithe a fhíorú. Chun cumarsáid éifeachtach a áirithiú, ní mór do gach tír AE pointe teagmhála amháin a ainmniú a bheidh freagrach as an bhfógra maidir le faisnéis i ndáil leis na hiarrthóirí sin.
Féadfaidh saoránaigh AE a gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir sa tír chónaithe AE nó ina dtír dhúchais a fheidhmiú. Ní ceadmhach ach vóta amháin a chaitheamh nó seasamh mar iarrthóir i mbreis is tír amháin an AE ag an toghchán céanna.
Ní chuirfear vótálaithe ar rolla toghthóirí a dtíre cónaithe ach amháin má iarrann siad amhlaidh roimh ré. I dtíortha AE i gcás go bhfuil sé d’oibleagáid de réir dlí ar náisiúnaigh vóta a chaitheamh, beidh vótálaithe nach náisiúnaigh iad a iarrann go gcuirfear ar an rolla toghthóirí iad faoi réir na n–oibleagáid céanna.
D’fhonn go gcuirfear a n–ainmneacha ar an rolla toghthóirí, ní mór do vótálaithe nach náisiúnaigh iad na doiciméid chéanna le vótálaithe ar náisiúnaigh iad a sholáthar. Lena chois sin, ní mór dóibh tuilleadh faisnéise a chur ar fáil i bhfoirm dearbhaithe fhoirmiúil.
Ní foláir nó go mbeidh na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil do náisiúnaigh ar fáil chomh maith do neamhnáisiúnaigh ar diúltaíodh iad a chur ar an rolla toghthóirí nó ar diúltaíodh a n–iarratas chun seasamh mar iarrthóir.
Ní bheidh éifeacht ag aon rud i dTreoir 93/109/CE ar rialacha thír AE maidir le ceart a náisiúnach a bhfuil cónaí orthu lasmuigh dá gcríoch toghthóirí chun vótála nó chun seasamh mar iarrthóir.
Tá feidhm leis an treoir ón . B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin .
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
Treoir 93/109/CE ón gComhairle an lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir leis an gceart chun vótáil agus seasamh mar iarrthóir sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa i gcomhair shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh ann iad (IO L 329, , lgh. 34-38)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 93/109/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí