Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0826

    Ceanglais éicidhearthóireachta — ídiú leictreachais móid as, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach

    Ceanglais éicidhearthóireachta — ídiú leictreachais móid “as”, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (AE) 2023/826 maidir le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú leictreachais móid “as”, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    Tá sé mar aidhm leis an rialachán teorainn a chur leis an tionchar comhshaoil maidir le trealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar mhargadh an Aontais Eorpaigh (AE) trí shraith rialacha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.

    Aisghairtear leis Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 107/2009.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    • Leagtar amach sa rialachán ceanglais éicidhearthóireachta* a bhaineann le hídiú leictreachais móid “as”, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra le haghaidh trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach. Go sonrach, tá feidhm aige maidir le haon táirge atá liostaithe in Iarscríbhinn II a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
      • tá sé ag brath ar ionchur fuinnimh ón bhfoinse phríomhlíonra cumhachta chun feidhmiú de mar a bhí beartaithe;
      • tá sé deartha lena úsáid le rátáil voltais ainmniúil 250 volta nó níos lú.
    • Is beart cur chun feidhme é Rialachán 2009/125/CE é an rialachán (féach an achoimre).
    • Níl feidhm ag an rialachán maidir le:
    • Leagtar amach na ceanglais éicidhearthóireachta in Iarscríbhinn III.
    • Sonraítear sa rialachán cad iad na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá i bhfeidhm.
    • Ní mór d’údaráis náisiúnta Bhallstáit AE na nósanna imeachta fíorúcháin atá leagtha síos in Iarscríbhinn V a chur i bhfeidhm agus seiceálacha faireachais margaidh á ndéanamh.
    • Cuirtear cosc go sonrach leis an rialachán ar fheistí a dearadh chun a bhfeidhmíocht a athrú faoi thástáil.
    • In Iarscríbhinn VI leagtar amach tagarmharcanna táscacha do trealamh agus don teicneolaíocht is fearr feidhmíocht atá ar fáil ar an margadh.
    • Ní mór don Choimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán seo, lena n-áirítear measúnú sonrach ar cheanglais áirithe, i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus a thorthaí a chur i láthair an FhóraimComhairliúcháin tráth nach déanaí ná an 9 Bealtaine 2027.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    Tá sé i bhfeidhm ón 09 Bealtaine 2025. Tá Airteagal 6(1) i bhfeidhm ón 8 Bealtaine 2023, áfach.

    CÚLRA

    Treoir 2009/125/CE lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh. Ní mór don Choimisiún na ceanglais sin a leagan síos le haghaidh táirgí a dhíoltar agus a dhéantar a thrádáil go forleathan in AE agus a mbaineann tionchar suntasach comhshaoil leo.

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Éicidhearthóireacht. Beartas maidir le feabhas, trí dhearadh níos fearr, a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil táirgí le linn a saolré, go háirithe a n–éifeachtúlacht fuinnimh.

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú leictreachais móide “as”, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 107/2009 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 103, 18.4.2023, lgh. 29–47).

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán (AE) 2023/1670 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2023 lena leagtar síos ceanglais maidir le héicidhearthóireacht i dtaca le fóin chliste, fóin phóca nach fóin chliste iad, fóin shiúil agus ríomhairí táibléide de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 214, 31.8.2023, lgh. 47–93).

    Rialachán (AE) 2019/424 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirge stórála sonraí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún (IO L 74, 18.3.2019, lgh. 46–66).

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2019/424 a chorprú sa bhunleagan. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh taispeáintí leictreonacha de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 642/2009 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lgh. 241–266).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh miasniteoirí teaghlaigh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lgh. 267–284).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh meaisíní níocháin tí agus niteoir-triomadóirí tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lgh. 285–312).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Treoir 617/2013 ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh ríomhairí agus freastalaithe ríomhairí (IO L 175, 27.6.2013, lgh. 13–33).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a leagan síos (IO L 285, 31.10.2009, lgh. 10–35).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Nuashonraithe 08.02.2024

    Barr