EUR-Lex Baza aktów prawnych Unii Europejskiej

Powrót na stronę główną portalu EUR-Lex

Ten dokument pochodzi ze strony internetowej EUR-Lex

Dokument 32021R0947

Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/41/2021/INIT

IO L 209, 14/06/2021, str. 1—78 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Status prawny dokumentu Obowiązujące: Ten akt został zmieniony. Aktualna wersja skonsolidowana: 14/06/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj

14.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 209/1


RIALACHÁN (AE) 2021/947 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2021

lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 209 agus 212 agus Airteagal 322(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart é a bheith mar chuspóir ginearálta “an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda” (“an Ionstraim”), ar clár é chun críche an chreata airgeadais ilbhliantúil, luachanna, prionsabail agus bunleasanna an Aontais a chumhdach agus a chur chun cinn ar fud an domhain chun cuspóirí agus prionsabail ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a shaothrú, mar a leagtar síos in Airteagal 3(5) agus Airteagail 8 agus 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 21 CAE, tá an tAontas le comhsheasmhacht idir réimsí éagsúla a ghníomhaíochta seachtraí agus idir na réimsí sin agus a bheartais eile a áirithiú, agus tá sé le cur roimhe an comhar a chothú go mór i réimsí uile an chaidrimh idirnáisiúnta. Ba cheart don réimse leathan de ghníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin Ionstraim rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21(1) agus (2) CAE.

(3)

Le gníomhaíocht an Aontais ba cheart urraim don dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, lena n-áirítear Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, agus don dlí daonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn agus ba cheart an ghníomhaíocht a bheith fréamhaithe iontu, agus ba cheart uilechoitinne agus do-dhealaitheacht chearta an duine a bheith mar threoir ag an ngníomhaíocht.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 8(1) CAE, tá an tAontas le caidreamh speisialta a fhorbairt le tíortha comharsanacha d'fhonn limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta a bhunú, arna fhothú ar luachanna an Aontais agus arb iad is sainairíonna ann dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar an gcomhar. Leis an Ionstraim, ba cheart rannchuidiú leis an gcuspóir sin.

(5)

Is é is cuspóir príomhúil do bheartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbairt, mar a leagtar síos in Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur léi ar fad. Le beartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbairt, rannchuidítear freisin le cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, go háirithe na cuspóirí sin a leagtar amach i bpointe (d) d’Airteagal 21(2) CAE maidir le tacú le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na dtíortha i mbéal forbartha, agus é mar phríomhaidhm aige deireadh a chur leis an mbochtaineacht.

(6)

Tá an tAontas le comhleanúnachas beartas le haghaidh comhar um fhorbairt mar a cheanglaítear le hAirteagal 208 CFAE a áirithiú. Ba cheart don Aontas na cuspóirí a bhaineann leis an gcomhar um fhorbairt a chur san áireamh sna beartais ar dócha go ndéanfaidh siad difear do na tíortha i mbéal forbartha, rud a beidh ina ghné ríthábhachtach den straitéis chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) a shainmhínítear i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (“Clár Oibre 2030”) agus a ghlac na Náisiúin Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2015 a bhaint amach. Chun a áirithiú go mbeidh comhleanúnachas beartais ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe ann, mar atá fite fuaite i gClár Oibre 2030, caithfear tionchair na mbeartas uile ar an bhforbairt inbhuanaithe a chur san áireamh ar an leibhéal náisiúnta, laistigh den Aontas, i dtíortha eile agus ar an leibhéal domhanda.

(7)

Leis an Ionstraim, ba cheart cur le síocháin a chaomhnú, le coinbhleachtaí a chosc agus leis an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, mar a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 21(2) CAE.

(8)

Ba cheart an Ionstraim a bhunú ar feadh tréimhse 7 mbliana chun a ré a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (5) (“CAI 2021-2027”).

(9)

Ba cheart go bhforáiltear leis an Ionstraim seo do ghníomhaíochtaí chun tacú leis na cuspóirí Aontais sin agus na beartais ghníomhaíochtaí seachtracha agus cuirtear leis na gníomhaíochtaí dar tugadh tacaíocht roimhe seo faoi Rialacháin (AE) Uimh. 230/2014 (6), (AE) Uimh. 232/2014 (7), (AE) Uimh. 233/2014 (8), (AE) Uimh. 234/2014 (9), (AE) Uimh. 235/2014 (10), (AE) Uimh. 236/2014 (11) agus (AE) 2017/1601 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 (14), (Euratom) Uimh. 237/2014 (15) agus (AE) 2015/322 (16) ón gComhairle agus an Comhaontú Inmheánach a bhaineann leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF) (17).

(10)

Is é an comhthéacs domhanda le haghaidh gníomhú go saothrófar ord domhanda atá bunaithe ar rialacha agus luachanna ina mbeidh an t-iltaobhachas mar chroíphrionsabal agus na Náisiúin Aontaithe ag feidhmiú ina chroílár. Clár Oibre 2030, mar aon le Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (18) (“Comhaontú Pháras”) agus Clár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa an Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú Forbraíochta (“Clár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa”), is é sin freagairt an chomhphobail idirnáisiúnta ar na dúshláin agus na treochtaí domhanda i ndáil leis an bhforbairt inbhuanaithe. Creat polaitiúil bunathraitheach é Clár Oibre 2030, a bhfuil na SFInna ina chroílár, arb é is aidhm dó deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus an fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach ar fud an domhain. Tá raon feidhme uilíoch aige lena bhforáiltear do chreat gníomhaíochta comhroinnte cuimsitheach atá infheidhme maidir leis an Aontas, lena Bhallstáit agus lena chomhpháirtithe. Tá cothromaíocht ann idir gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na forbartha inbhuanaithe, agus aithnítear na hidirnaisc bhuntábhachtacha idir a chuspóirí agus a spriocanna. Is é is aidhm do Chlár Oibre 2030 gan aon duine a fhágáil ar leataobh agus féachann sé le dul chomh fada leo siúd is faide ar gcúl ar dtús. Bheadh cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 á chomhordú go cúramach le gealltanais idirnáisiúnta ábhartha eile an Aontais. Ba cheart na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin Ionstraim a bheith bunaithe ar na prionsabail agus na cuspóirí a leagtar amach i gClár Oibre 2030, i gComhaontú Pháras agus i gClár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa agus ba cheart dóibh rannchuidiú leis na SFInna a bhaint amach. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na hidirnaisc idir na SFInna agus ar ghníomhaíochtaí comhtháite lenar féidir tairbhí indíreacha a chruthú agus lenar féidir cuspóirí iolracha a chomhlíonadh ar bhealach comhleanúnach gan an bonn a bhaint de chuspóirí eile.

(11)

Ba cheart cur chun feidhme na hIonstraime a threorú leis na cúig phrionsabal a bhunaítear leis an Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh (Meitheamh 2016) (“an Straitéis Dhomhanda”), a d'fhormhuinigh an Chomhairle sna conclúidí uaithi an 17 Deireadh Fómhair 2016, arb ionann í agus fís an Aontais agus creat le haghaidh caidreamh seachtrach a bheidh aontaithe agus freagrach i gcomhpháirtíocht le páirtithe eile, chun a luachanna agus a leasanna a chur chun cinn. Ba cheart don Aontas comhpháirtíochtaí a fheabhsú, idirphlé maidir le beartais a chur chun cinn agus freagairtí comhchoiteanna a cheapadh ar dhúshláin atá ann don domhan uile. Ba cheart dá ghníomhaíocht tacú le leasanna, prionsabail agus luachanna bunúsacha an Aontais ina ngnéithe uile. Agus é ag déanamh amhlaidh, ba cheart don Aontas cur chuige comhtháite a úsáid agus na prionsabail maidir leis an urraim d'ardchaighdeáin shóisialta, saothair agus chomhshaoil a chomhlíonadh, lena n-áirítear i leith an athraithe aeráide, don smacht reachta agus don dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear i ndáil leis an dlí dhaonnúil agus idirnáisiúnta i réimse chearta an duine, agus ba cheart dó na prionsabail sin a chur chun cinn.

(12)

Ba cheart cur chun feidhme na hIonstraime, a bheith bunaithe freisin ar Chomhdhearcadh nua Eorpach an 8 Meitheamh 2017 maidir le Forbairt (“an Comhdhearcadh”) a thugann an creat le haghaidh cur chuige coiteann an Aontais agus a Bhallstát maidir le comhar um fhorbairt chun Clár Oibre 2030 agus Clár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa a chur chun feidhme. Deireadh a chur le gach gné den bhochtaineacht, dul i ngleic leis an idirdhealú agus an neamhionannas, gan aon duine a fhágáil ar leataobh, cosaint don chomhshaol agus an t-athrú aeráide a chomhrac, agus an athléimneacht a neartú – ba cheart sin a bheith i gcroílár an bheartais maidir leis an gcomhar um fhorbairt agus ina bhonn taca do chur chun feidhme na hIonstraime.

(13)

Leis an Ionstraim, ba cheart doiciméid ábhartha bheartais a chur san áireamh, lena n-áirítear leasuithe a dhéanfar orthu amach anseo amhail: Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dtaobh stádas Dídeanaithe, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, Clár Gníomhaíochta na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt (CIDF), Clár oibre gníomhaíochta Bhéising, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, Coincheap AE maidir le Tacaíocht a thabhairt do Dhí-armáil, Díshlógadh agus Athimeascadh, an Cur Chuige Cuimsitheach maidir le cur chun feidhme Rúin 1325 (2000) agus 1820 (2009) ó Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe (RCSNAnna) maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil san Aontas Eorpach, an Coincheap maidir le hIdirghabháil AE agus Acmhainneachtaí Idirphlé AE a Neartú, Conclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2011 maidir le Coinbhleacht a Chomhrac, Creat Straitéiseach AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas agus na Pleananna Gníomhaíochta atá bunaithe air sin, Conclúidí ón gComhairle an 14 Samhain 2016 maidir le Creat straitéiseach uile-Aontais chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála lena bhformhuinítear an Teachtaireacht Chomhpháirteach dar teideal Elements for an EU-wide strategic framework to support Security Sector Reform [Gnéithe de Chreat straitéiseach uile-Aontais chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála], Straitéis de chuid an Aontais i gcoinne airm thine, mionairm agus armáin éadroma aindleathacha agus a n-armlón, treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine, coinbhinsiúin ábhartha eile de chuid na Náisiún Aontaithe; Coinbhinsiúin na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach maidir le Sábháilteacht Núicléach.

(14)

Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Ionstraim seo comhleanúnachas agus éifeachtacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar chur chun feidhme na mbeartas éagsúil gníomhaíochta seachtraí.

(15)

I gcomhréir leis an Straitéis Dhomhanda, leis an gComhdhearcadh agus le Creat Sendai a glacadh an 18 Márta 2015 maidir le Laghdú Rioscaí Tubaistí 2015-2030, ba cheart aitheantas a thabhairt don ghá atá le himeacht ón bhfreagairt ar ghéarchéimeanna agus iad a shrianadh agus cur chuige fadtéarmach atá níos struchtúrtha a úsáid ina ionad sin, lena dtabharfar aghaidh ar chásanna leochaileacha, tubaistí nádúrtha agus de dhéanamh an duine, agus ar ghéarchéimeanna fadtréimhseacha ar bhonn níos éifeachtaí. Is gá béim níos mó a leagan ar rioscaí a laghdú, a chosc, a mhaolú agus ullmhú dóibh agus is gá cineálacha cur chuige comhchoiteanna; agus is gá iarrachtaí breise a dhéanamh chun feabhas a chur ar fhreagairt mhear agus ar théarnamh marthanach. Ba cheart don Ionstraim seo, dá bhrí sin, rannchuidiú leis an athléimneacht a neartú agus leis an gcabhair dhaonnúil agus an ghníomhaíocht um fhorbairt a nascadh go háirithe trí ghníomhaíochtaí mearfhreagartha chomh maith le cláir ábhartha théamacha agus gheografacha, agus urraim do phrionsabail dhaonnúla á háirithiú ag an am céanna.

(16)

I gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais i ndáil le Comhaontú Comhpháirtíochta Busan um Chomhar Forbartha Éifeachtach a athdhearbhaíodh ag Fóram Ardleibhéal Nairobi in 2016 agus a meabhraíodh sa Chomhdhearcadh, ba cheart don Aontas, i gcomhthéacs a Chúnaimh Oifigiúil Forbartha (COF) agus sna módúlachtaí cúnaimh uile, prionsabail maidir le héifeachtacht na forbartha a chur i bhfeidhm, eadhon úinéireacht na dtosaíochtaí forbartha a bheith ag na tíortha atá i mbéal forbartha, díriú ar thorthaí, comhpháirtíochtaí cuimsitheacha don fhorbairt, trédhearcacht agus cuntasacht fhrithpháirteach, chomh maith leis an ailíniú agus leis an gcomhchuibhiú. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach go n-áireofaí i straitéisí forbartha náisiúnta próisis chomhairleacha leathana i gcomhréir le prionsabail Dhearbhú Pháras maidir le hÉifeachtacht na Cabhrach, go háirithe nuair atá siad sin mar bhonn don chlársceidealú.

(17)

De bhun na SFInna, ba cheart don Ionstraim rannchuidiú le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar bhonn treisithe a dhíreofar ar thorthaí, lena gcumhdófar aschur, torthaí agus tionchair i dtíortha comhpháirtíochta a thairbhíonn de chúnamh airgeadais seachtrach an Aontais.

(18)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil sásraí faireacháin agus meastóireachta soiléire i bhfeidhm chun cuntasacht agus trédhearcacht éifeachtach a sholáthar agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme, agus chun measúnú éifeachtach a áirithiú ar dhul chun cinn maidir le cuspóirí na hIonstraime a bhaint amach. Aon uair a bheidh sé indéanta agus iomchuí, ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais ar bhonn táscairí réamhshainithe trédhearcacha a bhaineann go sonrach le tír ar leith agus atá intomhaiste, agus iad curtha in oiriúint do shonraíochtaí agus do chuspóirí na hIonstraime lena mbaineann agus atá bunaithe ar chreat torthaí na tíre comhpháirtíochta más féidir.

(19)

Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar ghníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Ionstraim agus athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanfar i leith na torthaí a mbeifear ag súil leo, agus aschur agus torthaí á gcumhdach aige. Aon uair is féidir, ba cheart creataí torthaí atá ann cheana a úsáid. Ba cheart na táscairí a úsáidtear chun dul chun cinn a thomhas a bheith i gcomhréir leis na SFInna agus a bheith soiléir, ábhartha agus modheolaíochtaí láidre a bheith acu. Ba cheart na sonraí le haghaidh na dtáscairí a bheith ar fáil go héasca agus de cháilíocht mhaith. Ba cheart luachanna na dtáscairí an 1 Eanáir 2021 a úsáid mar bhonn chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí na hIonstraime agus úsáidfear iad sna tuarascálacha bliantúla agus sna meastóireachtaí meántéarma agus críochnaitheacha ar an Ionstraim. Ba cheart don Choimisiún úsáid iomchuí a bhaint as na meastóireachtaí seachtracha neamhspleácha freisin. I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb ábhartha, rannpháirtíocht iomchuí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus geallsealbhóirí eile, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a áirithiú.

(20)

Ba cheart don Choimisiún a chuid tuarascálacha meastóireachta a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig na Ballstáit. Féadfar meastóireachtaí a phlé arna iarraidh sin do na Ballstáit de bhun an Rialacháin seo.

(21)

Ba cheart don Ionstraim seo rannchuidiú le cuspóir comhchoiteann an Aontais 0,7 % d'Ollioncam Náisiúnta (OIN) a sholáthar ina COF faoi cheann theorainn ama Chlár Oibre 2030, trí thacú le gníomhaíochtaí réadúla, infhíoraithe chun an gealltanas sin a chomhlíonadh, agus ba cheart faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn a dhéanfar ina leith. I ndáil leis an méid sin, ba cheart ar a laghad 93 % den chistiú faoin Ionstraim rannchuidiú le gníomhaíochtaí a cheaptar ar shlí ina gcomhlíonfaidh siad na critéir maidir le COF arna mbunú ag Coiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE).

(22)

Chun a áirithiú go gcuirfear acmhainní ar fáil do na háiteanna is mó a bhfuil gá leo, go háirithe do na tíortha is lú forbairt (TLFanna) agus do na tíortha i gcásanna leochaileacha agus coinbhleachta, ba cheart don Ionstraim rannchuidiú le sprioc chomhchoiteann an Aontais idir 0,15 agus 0,20 % de OIN a bhaint amach mar COF do na TLFanna sa ghearrthéarma, agus le 0,20 % de OIN a bhaint amach mar COF laistigh de thráthchlár Chlár Oibre 2030, trí thacú le gníomhaíochtaí réadúla, infhíoraithe chun an gealltanas sin a chomhlíonadh, agus ba cheart faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanfar ina leith. Mar a comhaontaíodh sa Chomhdhearcadh, táthar ag súil go rannchuideoidh gníomhaíochtaí faoin Ionstraim 20 % ar a laghad den COF a chistítear faoin Ionstraim le cuimsiú sóisialta agus forbairt dhaonna, lena n-áirítear bunseirbhísí sóisialta, amhail sláinte, oideachas, cothú, uisce, sláintíocht agus sláinteachas, agus cosaint shóisialta, go háirithe dóibh siúd is mó atá ar an imeall.

(23)

Ba cheart don Ionstraim tacú le leanaí agus leis an aos óg mar phríomhghníomhairí don athrú agus mar rannchuiditheoirí do bhaint amach Chlár Oibre 2030, agus aird ar leith á tabhairt ar a riachtanais agus a gcumhachtú.

(24)

Ba cheart don Ionstraim seo an gá atá le díriú ar thosaíochtaí straitéiseacha a léiriú ó thaobh na tíreolaíochta de – Comharsanacht na hEorpa agus an Afraic, mar aon le tíortha atá i gcás leochaileachta agus na tíortha is mó atá ar an anás, ach ó thaobh téama de freisin – an tslándáil, an imirce, athrú aeráide agus an comhshaol, agus cearta an duine agus an daonlathas.

(25)

Ba cheart don Ionstraim seo rannchuidiú le hathléimneacht stáit agus sochaí a chruthú i réimse na sláinte poiblí domhanda trí aghaidh a thabhairt ar bhagairtí domhanda don tsláinte phoiblí, trí chórais sláinte a neartú, trí chlúdach sláinte uilíoch a ghnóthú, trí ghalair theagmhálacha a chosc agus a chomhrac agus trí chabhrú le cógais leighis agus vacsaíní a bheith ar fáil do chách.

(26)

Níor cheart ach na himchlúdaigh airgeadais arna mbeartú maidir leis na cláir gheografacha don Chomharsanachta agus don Afraic Fho-Shahárach a mhéadú, i bhfianaise na tosaíochta ar leith a thugann an tAontas do na réigiúin sin.

(27)

Ba cheart don Ionstraim seo tacú le cur chun feidhme Bheartas Comharsanachta na hEorpa, mar a athbhreithníodh in 2015, agus mar a d'fhormhuinigh an Chomhairle sna conclúidí uaithi an 14 Nollaig 2015, agus cothromaíocht gheografach leordhóthanach á coimeád ag an am céanna, agus cur chun feidhme chreataí an chomhair réigiúnaigh, amhail an comhar trasteorann, trasnáisiúnta agus muirí chomh maith le gnéithe seachtracha a bhaineann le straitéisí agus beartais ábhartha mhacrairéigiúnacha agus imchuach farraige i gcomharsanacht an oirthir agus an deiscirt, lena n-áirítear Diminsean an Tuaiscirt agus comhar réigiúnach na Mara Duibhe, chomh maith le beartas comhtháite an Aontais don Artach. Is tionscnaimh iad na tionscnaimh sin, lena gcuirtear creataí polaitiúla forlíontacha ar fáil chun caidreamh a dhoimhniú leis na tíortha comhpháirtíochta agus eatarthu, bunaithe ar phrionsabail na cuntasachta frithpháirtí, na húinéireachta agus na freagrachta comhroinnte.

(28)

Is é is aidhm le Beartas Comharsanachta na hEorpa an daonlathas a dhoimhniú, cearta an duine a chur chun cinn agus an smacht reachta a chumhdach, tíortha comharsanacha a chobhsú agus a n-athléimneacht a neartú, go háirithe trí athchóirithe polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta a chur chun cinn, mar phríomhthosaíochtaí polaitiúla an Aontais. Chun a chuspóir a bhaint amach, díríodh i mBeartas Comharsanachta na hEorpa, a rinneadh athbhreithniú air in 2015, ar na réimsí tosaíochta seo a leanas: an dea-rialachas, an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine, agus fócas ar leith á dhíriú ar chaidreamh a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta níos mó; forbairt shocheacnamaíoch, lena n-áirítear dífhostaíocht i measc an aosa óig a chomhrac, chomh maith le hoideachas agus inbhuanaitheacht chomhshaoil agus nascacht fheabhsaithe; slándáil agus imirce agus soghluaisteacht, lena n-áirítear dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce neamhrialta agus an easáitithe éigeantais. Is saintréithe de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa iad an difreáil agus an úinéireacht fhrithpháirteach, lena n-áirítear tríd an gcur chuige dreasachtbhunaithe a fhreagraíonn d'fheidhmíocht a chur chun feidhme i bpríomhréimsí, lena n-aithnítear leibhéil éagsúla caidrimh, agus lena léirítear leasanna gach tíre maidir le cineál agus fócas a comhpháirtíochta leis an Aontas. Ba cheart don Ionstraim seo tacú le cur chun feidhme na gcomhaontuithe comhlachais, comhpháirtíochta agus comhair, clár oibre comhlachais agus tosaíochtaí comhpháirtíochta a comhaontaíodh go comhpháirteach agus doiciméid ábhartha eile atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a comhaontófar go comhpháirteach le tíortha i réimse na Comharsanachta. Ba cheart infheictheacht an chúnaimh ón Aontas i réimse na Comharsanachta a fheabhsú.

(29)

Ba cheart don Ionstraim seo tacú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stáit na hAfraice, na Cairibe agus an Aigéin Chiúin, den chuid amháin agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den chuid eile (19) (“an Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE”), a síníodh i Cotonou an 23 Meitheamh 2000 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Aibreán 2003, agus comhaontuithe ina dhiaidh sin le tíortha atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin agus ba cheart an deis a bheith ag an Aontas agus a chomhpháirtithe ACC comhaontais láidre bhreise a fhorbairt i dtaca le príomhdhúshláin dhomhanda. Go háirithe, ba cheart don Ionstraim tacú le leanúint den chomhar bunaithe idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach i gcomhréir le Straitéis Chomhpháirteach an Aontais Eorpaigh agus na hAfraice agus cur leis an gComhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, lena n-áirítear trí chur chuige ilchríochach i leith na hAfraice, agus comhpháirtíocht thairbhiúil fhrithpháirteach de chomhpháirtithe comhionanna idir an tAontas agus an Afraic.

(30)

Ba cheart don Aontas iarracht a dhéanamh caidreamh a fhorbairt a thuilleadh agus comhpháirtíochtaí a thógáil le tríú tíortha san Áise agus i gCríocha Mheiriceá. Ba cheart do chláir gheografacha tacú leis an Aigéan Ciúin agus le Muir Chairib le méid táscach EUR 500 000 000 ar a laghad agus EUR 800 000 000 ar a laghad, faoi seach.

(31)

Ba cheart don Ionstraim rannchuidiú freisin le gnéithe de chaidreamh seachtrach an Aontais a bhaineann leis an trádáil lena n-áirítear dícheall cuí sa slabhra soláthair chun comhsheasmhacht agus tacaíocht fhrithpháirteach a áirithiú idir beartas trádála an Aontais agus spriocanna agus gníomhaíochtaí forbartha an Aontais.

(32)

Ba cheart don Aontas féachaint leis an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d'fhonn an tionchar is fearr is féidir a bheith ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart an méid sin a ghnóthú trí chomhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht in ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, go háirithe san Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais a bunaíodh le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR III) (“Rialachán ICR III”), an Ionstraim maidir le Cabhair Dhaonnúil a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle (20), comhlachas na dtíortha agus na gcríocha thar lear leis an Aontas a bunaíodh le Cinneadh ón gComhairle maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach lena n-áirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach ar thaobh amháin agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge ar an taobh eile (“Cinneadh maidir le Comhlachas na dTíortha Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn”), an Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach a bunaíodh le Rialachán (Euratom) 2021/948 ón gComhairle (21), an comhbheartas eachtrach agus slándála lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála agus an tSaoráid Eorpach Síochána a bunaíodh le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (22) a mhaoinítear lasmuigh de bhuiséad an Aontais, mar aon le sineirgí le beartais agus Cláir eile de chuid an Aontais Eorpaigh a chruthú.

Áirítear ar an méid sin comhleanúnachas agus comhlántacht maidir le cúnamh macrairgeadais, i gcás inarb ábhartha. Chun an leas is mó is féidir a bhaint as an tionchar a bheidh ag na hidirghabhálacha le chéile chun cuspóir coiteann a ghnóthú, ba cheart an deis a bheith san Ionstraim cistiú a chomhcheangal le cláir eile de chuid an Aontais, a fhad agus nach gcumhdóidh na ranníocaíochtaí na costais chéanna.

(33)

I bhfianaise rathúlacht an chláir Erasmus+, ba cheart don Aontas a bheith in ann gné sheachtrach an chláir sin a neartú a thuilleadh leis an Ionstraim seo. Ba cheart méid táscach EUR 1 800 000 000 ó chláir gheografacha faoin Ionstraim a úsáid chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoi ghnéithe idirnáisiúnta de chlár Erasmus+ arna gcur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus leis an doiciméad clársceidealaithe a ghlacfar faoin Ionstraim seo. Leis an gclársceidealú faoin Ionstraim seo, ba cheart poitéinseal chlár Erasmus+ a fheabhsú go hiomlán.

(34)

Ba cheart cistiú an Aontais faoin Ionstraim a úsáid chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoi ghné idirnáisiúnta Eoraip na Cruthaitheachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) chun rannchuidiú le caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta a chothú agus ról an chultúir i gcur chun cinn luachanna Eorpacha a aithint.

(35)

Ba cheart gur trí chláir gheografacha a bhainfí úsáid as an gcur chuige is mó i leith gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Ionstraim, chun an leas is mó is féidir a bhaint as an tionchar a bheidh ag cúnamh ón Aontas agus gníomhaíocht an Aontais a thabhairt níos gaire do thíortha agus pobail chomhpháirtíochta. Ba cheart an cur chuige príomha sin a chomhlánú, i gcás inarb ábhartha, le cláir théamacha agus le gníomhaíochtaí mearfhreagartha, agus comhsheasmhacht agus comhleanúnachas na gclár agus na ngníomhaíochtaí uile á n-áirithiú ag an am céanna.

(36)

Cumhdaítear le húdaráis áitiúla raon leathan de leibhéil fhonáisiúnta agus de bhrainsí fo-náisiúnta rialtais, lena n-áirítear bardais, comhphobail, ceantair, contaetha, cúigí, réigiúin agus a gcuid comhlachas. I gcomhréir leis an gComhdhearcadh, ba cheart don Aontas dlúthchomhairliúchán agus comhlachas a chothú le húdaráis áitiúla, chomh maith lena rannpháirtíocht i rannchuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe agus i gcur chun feidhme na SFInna ar an leibhéal áitiúil, go háirithe maidir leis an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, an ceartas sóisialta agus mar sholáthraithe seirbhísí sóisialta bunúsacha. Ba cheart don Aontas aitheantas a thabhairt do na róil iomadúla atá na húdaráis áitiúla mar an dream a chuireann cur chuige críochach i leith na forbartha áitiúla chun cinn, lena n-áirítear próisis, rannpháirtíocht agus cuntasacht i leith an díláraithe. Ba cheart don Aontas an tacaíocht a thugann sé d'fhothú acmhainní na n-údarás áitiúil a fheabhsú a thuilleadh chun a nglór a neartú sa phróiseas forbartha inbhuanaithe agus an t-idirphlé polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíoch a thabhairt chun tosaigh, agus comhar díláraithe a chur chun cinn. Ba cheart EUR 500 000 000 ar a laghad a bheith sa tacaíocht a thugtar d'údaráis áitiúla faoi na cláir gheografacha.

(37)

Ba cheart do bheartais an Aontais agus na mBallstát maidir le comhar um fhorbairt a chéile a chomhlánú agus a threisiú. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit a bheith aontaithe san éagsúlacht agus ag obair níos fearr le chéile, agus leas a bhaint as taithí agus cur chuige den uile chineál, agus na buntáistí atá ag Ballstát amháin thar Bhallstát eile á meabhrú acu. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas cuimsitheacht agus comhar leis na Ballstáit a chothú, ag féachaint le breisluach a uasmhéadú agus taithí agus acmhainneachtaí á gcur san áireamh, agus ar an gcaoi sin leasanna, luachanna agus spriocanna coiteanna á dtreisiú. I ndáil leis an méid sin, ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit féachaint freisin le malartú dea-chleachtas, comhroinnt eolais agus fothú acmhainneachta a chur chun cinn eatarthu. I gcásanna foirmeacha cistiúcháin ón Aontas a bhfuil riaracháin phoiblí na mBallstát bainteach leo, nascadh mar shampla, ba cheart forálacha cur chun feidhme agus conarthacha simplithe a phlé leis na Ballstáit agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) (“an Rialachán Airgeadais”).

(38)

I gcomhréir leis an gComhdhearcadh, ba cheart don Aontas agus na Ballstáit clársceidealú comhpháirteach a fheabhsú chun an tionchar comhchoiteann a bheidh acu a mhéadú trína n-acmhainní agus a n-acmhainneachtaí a thabhairt le chéile. Ba cheart an clársceidealú comhpháirteach a chur chun cinn agus a neartú, ach é a choinneáil ar bhonn deonach, agus é solúbtha, cuimsitheach agus in oiriúint do chomhthéacs na tíre, agus ba cheart dó a bheith in ann doiciméid chlársceidealaithe chomhpháirteacha an Aontais a chur in ionad doiciméid chlársceidealaithe an Aontais agus na mBallstát. Ba cheart, leis an gclársceidealú comhpháirteach, cur le rannpháirtíocht, leithreasú agus úinéireacht na dtíortha comhpháirtíochta sa chlársceidealú comhpháirteach. Ba cheart don Aontas agus na Ballstáit féachaint le tacaíocht a chur ar fáil do na tíortha comhpháirtíochta freisin trí chur chun feidhme comhpháirteach i gcás ar bith inarb iomchuí sin. Ba cheart don chur chun feidhme comhpháirteach a bheith cuimsitheach agus oscailte do chomhpháirtithe uile an Aontais a aontaíonn leis agus atá in ann rannchuidiú leis an bhfís chomhchoiteann, lena n-áirítear gníomhaireachtaí na mBallstát agus a gcuid institiúidí airgeadais forbartha, údaráis áitiúla, an earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus lucht acadúil.

(39)

Ba cheart na critéir a úsáidtear chun riachtanais na gcomhpháirtithe i gcur chuige an chlársceidealaithe a mheas a bheith comhsheasmhach leis na prionsabail maidir le trédhearcacht a leagtar síos sa Rialachán seo.

(40)

Ós rud é go bhfuil an urraim don daonlathas, do chearta an duine agus don smacht reachta ríthábhachtach le haghaidh bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach ón Aontas dá dtagraítear sa Rialachán Airgeadais, d'fhéadfaí cúnamh a chur ar fionraí i gcás meath ar an daonlathas, ar chearta an duine nó ar an smacht reachta i dtríú tíortha.

(41)

Tá an tAontas tiomanta na cuspóirí comhair maidir le sábháilteacht núicléach a shonraítear i Rialachán (Euratom) 2021/948 a éascú. Dá bhrí sin, ba cheart cuntais teiste na dtíortha comhpháirtíochta maidir le hoibleagáidí cur chun feidhme agus gealltanais a bhaineann le sábháilteacht núicléach a chur san áireamh agus ba cheart plé a dhéanamh air sin san idirphlé rialta polaitiúil leis na tíortha sin. I gcás ina mainníonn tír chomhpháirtíochta eile na bunchaighdeáin sábháilteachta núicléiche agus forálacha na gcoinbhinsiún ábhartha idirnáisiúnta a urramú ar bhonn leanúnach, ba cheart don Aontas na céimeanna iomchuí a ghlacadh.

(42)

Faoin Ionstraim seo, ba cheart don Aontas aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le cearta an duine agus daonlathú ar gach leibhéal. Cé gur cheart daonlathas agus cearta daonna, lena n-áirítear comhionannas inscne agus cumhachtú na mban, a léiriú agus a phríomhshruthú trí chur chun feidhme na hIonstraime, ba cheart ról comhlántach sainiúil breise a bheith ag an cúnamh ón Aontas faoin gclár téamach um Chearta an Duine agus um an Daonlathas agus faoin gclár téamach maidir le hEagraíochtaí na Sochaí Sibhialta de bhrí go bhfuil gné dhomhanda ag baint leis agus go bhfuil neamhspleáchas gníomhaíochta aige ó thoiliú rialtais agus údaráis phoiblí na dtríú tíortha lena mbaineann. Leis an ról sin, ba cheart comhar agus comhpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta a bheith ann, go háirithe maidir le saincheisteanna íogaire a bhaineann le cearta an duine agus leis an daonlathas. Ba cheart don Aontas aird ar leith a thabhairt, ar bhealach solúbtha, ar thíortha agus ar chásanna práinneacha ina bhfuil an baol is mó do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, agus sna cásanna is suntasaí agus is córasaí ina mbíonn dímheas ar na cearta sin agus ar na saoirsí sin.

(43)

Ba cheart do Mhisin Bhreathnóireachta Toghchán an Aontais rannchuidiú le trédhearcacht agus muinín sna próisis thoghchánacha a mhéadú, agus tugann siad measúnú eolasach ar thoghcháin chomh maith le moltaí lena bhfeabhsú a thuilleadh, i bhfianaise chomhar an Aontais agus idirphlé pholaitiúil le tíortha comhpháirtíochta. Go táscach, ba cheart méid táscach nach mó ná 25 % de na hacmhainní a leithdháileadh ar dtús ar an gclár téamach um Chearta an Duine agus um an Daonlathas a thiomnú do mhisin bhreathnóireachta an Aontais um thoghcháin a mhaoiniú.

(44)

Ba cheart cur chun feidhme na hIonstraime a threorú le prionsabail an chomhionannais inscne, cumhachtú na mban agus na gcailíní agus an foréigean in aghaidh na mban agus an foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, agus ba cheart dó féachaint le cearta na mban a chosaint agus a chur chun cinn i gcomhréir le Pleananna Gníomhaíochta AE maidir le hInscne agus leis na conclúidí ábhartha ón gComhairle agus le coinbhinsiúin idirnáisiúnta, lena n-áirítear na conclúidí ón gComhairle maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil an 10 Nollaig 2018. Trí chomhionannas inscne agus cumhachtú na mban a neartú i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus trí iarrachtaí a mhéadú chun na híoschaighdeáin feidhmíochta a luaitear i bPleananna Gníomhaíochta AE maidir le hInscne a bhaint amach, ba cheart cur chuige atá íogair ó thaobh inscne agus claochlaitheach a bheith ann i ngníomhaíocht sheachtrach uile an Aontais agus sa chomhar idirnáisiúnta. Ba cheart comhionannas inscne a bheith mar phríomhchuspóir nó mar chuspóir suntasach ag 85 % ar a laghad de na gníomhaíochtaí nua a chuirtear chun feidhme faoin Ionstraim seo, mar a shainmhínítear le marcóir beartais comhionannais inscne Choiste Cúnaimh Forbartha ECFE. Ba cheart comhionannas inscne agus cearta agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a bheith mar chuspóir príomha ag 5 % de na gníomhaíochtaí sin.

(45)

Aithnítear san Ionstraim seo go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag an bhfás déimeagrafach agus ag athruithe déimeagrafacha ar ghnóthachain forbartha agus dul chun cinn eacnamaíoch. Chun a áirithiú go mbeidh na glúine atá ann faoi láthair agus atá le teacht in ann a bpoitéinseal iomlán a bhaint amach ar bhealach inbhuanaithe, ba cheart don Ionstraim seo tacú le hiarrachtaí na gcomhpháirtithe i ndáil le cur chuige comhtháite lena n-íoslaghdófar na dúshláin a bhaineann le fás an daonra agus lena mbainfear an leas is mó as díbhinn dhéimeagrafach, agus urraim á tabhairt do cheart gach tíre a beartas déimeagrafach féin a chinneadh agus cearta an duine agus comhionannas inscne á n-urramú, á gcosaint agus á gcomhlíonadh.

(46)

Cumhdaítear le heagraíochtaí na sochaí sibhialta raon leathan de ghníomhaithe a bhfuil iliomad ról agus sainorduithe acu lena n-áirítear struchtúir neamhstáit neamhbhrabúsacha neamhspleácha neamhfhoréigneacha, trína n-eagraítear daoine chun cuspóirí agus idéil chomhroinnte a shaothrú, bíodh na cuspóirí nó na hidéil sin polaitiúil, cultúrtha, reiligiúnach, bunaithe ar an gcomhshaol, sóisialta nó eacnamaíoch. Agus iad ag feidhmiú ar leibhéal áitiúil, ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal idirnáisiúnta, cuimseoidh siad eagraíochtaí uirbeacha agus eagraíochtaí tuaithe, eagraíochtaí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla. Is mór ag an Aontas éagsúlacht agus sainiúlachtaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus bíonn baint aige le heagraíochtaí cuntasacha trédhearcacha na sochaí sibhialta a bhfuil an tiomantas céanna don fhorbairt inbhuanaithe agus do luachanna bunúsacha na síochána, na saoirse, na gceart comhionann agus dínit an duine acu.

Ba cheart tacaíocht an Aontais a sholáthar leis an Ionastraim d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun luachanna, leasanna agus cuspóirí an Aontais a shaothrú. Ba cheart dul i gcomhairle go cuí le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus rochtain thráthúil a bheith acu ar fhaisnéis lena bhféadfaidís a bheith rannpháirteach go leordhóthanach agus ról fóinteach a bheith acu le linn cheapadh agus chur chun feidhme na gclár agus le linn próisis faireacháin ghaolmhara. Faoin Ionstraim, ba cheart tacú le ról na n-eagraíochtaí a thacaíonn leis an daonlathas, le saorthoghcháin agus an smacht reachta ar fud an domhain, amhail an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais, chomh maith le heagraíochtaí breathnóireachta toghcháin de chuid na saoránach agus a n-ardáin Eorpacha agus ardáin réigiúnacha agus domhanda eile.

(47)

Ba cheart rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chothú leis an Ionstraim seo chun rannchuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe agus le cur chun feidhme SFInna na Náisiún Aontaithe, inter alia i réimsí an daonlathais, chearta an duine agus an smachta reachta, na saoirsí bunúsacha, an cheartais shóisialta agus na seirbhísí bunúsacha sóisialta.

(48)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Ionstraim, arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020, idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo tabhairt isteach acmhainní dílse nua (26), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(49)

Mar léiriú ar an tábhacht atá ag baint le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras a chur chun feidhme agus na SFInna a bhaint amach, ba cheart , leis an Ionstraim, rannchuidiú le príomhshruthú an ghníomhaithe ar son na haeráide i mbeartais an Aontais agus le baint amach na sprice foriomláine 30 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Meastar, leis na gníomhaíochtaí faoin Ionstraim, go gcaithfear 30 % d'imchlúdach airgeadais foriomlán an Rialacháin ar chuspóirí aeráide. Déanfar gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint le linn an Ionstraim a chur chun feidhme agus ba cheart go mbeadh an rannchuidiú foriomlán ón Ionstraim mar chuid den fhaireachán, na meastóireachtaí agus na próisis athbhreithnithe ábhartha. D'fhonn rannchuidiú le stop a chur le meath na bithéagsúlachta agus é a aisiompú, ba cheart, leis an Ionstraim, rannchuidiú leis an uaillmhian 7,5 % den chaiteachas bliantúil a sholáthar faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil do chuspóirí bithéagsúlachta sa bhliain 2024, agus 10 % den chaiteachas bliantúil faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil ar chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus in 2027, agus an forluí atá ann idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta á gcur san áireamh ag an am céanna. Ba cheart don ghníomhaíocht ón Aontas sna réimsí sin a bheith i bhfabhar cloí le Comhaontú Pháras agus le Coinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch , Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac, agus nach rannchuideoidís le díghrádú comhshaoil ná díobháil a dhéanamh don chomhshaol nó don aeráid. Go háirithe, ba cheart an cistiú a leithdháiltear i gcomhthéacs na hIonstraime a bheith comhleanúnach leis an sprioc fhadtéarmach theochta chun méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5 °C. Ba cheart é a bheith comhleanúnach freisin leis an gcuspóir méadú a dhéanamh ar an gcumas oiriúnú d'éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chothú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghníomhaíochtaí a chruthaíonn comhthairbhí agus a chomhlíonann cuspóirí iolracha, lena n-áirítear i ndáil leis an aeráid, leis an mbithéagsúlacht agus leis an gcomhshaol.

(50)

Ba cheart don Aontas taobhú le rannpháirtíocht chuiditheach maidir leis an tsoghluaisteacht agus le gach gné den imirce lena áirithiú go ndéanfar an imirce ar bhealach sábháilte dea-rialáilte. Tá sé ríthábhachtach dlús a chur leis an gcomhar imirce le tíortha comhpháirtíochta agus inniúlachtaí na mBallstáit á n-urramú, chun leas a bhaint as an imirce atá ordúil, sábháilte, rialta agus freagrach, agus aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta agus ar an easáitiú éigeantais go héifeachtach. Ba cheart rannchuidiú tríd an gcomhar sin le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a áirithiú, lena dtabharfaí aghaidh ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta agus an easáitithe éigeantais, lena bhfeabhsófaí bainistiú teorainneacha agus lena ndéanfaí iarrachtaí imirce neamhrialta agus easáitiú éigeantais a chosc, comhrac na gáinneála ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, agus lena mbeifear ag obair ar fhilleadh, athligean isteach agus ath-lánpháirtiú le dínit agus go hinbhuanaithe, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn na cuntasachta frithpháirtí agus na hoibleagáidí daonnúla agus na hoibleagáidí maidir le cearta an duine faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi dhlí an Aontais á n-urramú go hiomlán, agus trí phlé le diaspóraí agus trí thacú le conairí dleathacha imirce. Dá bhrí sin, ba cheart an comhar éifeachtach a dhéanfaidh tríú tíortha leis an Aontas sa réimse sin a bheith ina ghné lárnach den Ionstraim. Tá comhleanúnachas méadaithe idir comhar um imirce agus um fhorbairt agus beartais sheachtracha eile tábhachtach lena áirithiú go dtabharfar tacaíocht le cúnamh seachtrach an Aontais do thíortha comhpháirtíochta an imirce a bhainistiú ar bhonn níos éifeachtaí i dtreo na forbartha inbhuanaithe. Ba cheart, leis an Ionstraim seo, rannchuidiú le cur chuige comhordaithe, iomlánaíoch agus struchtúrtha i leith na himirce, lena mbainfear an leas is mó is féidir as sineirgí agus lena gcuirfear an ghiaráil is gá i bhfeidhm.

(51)

Ba cheart, leis an Ionstraim seo, a chur ar chumas an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit, freagairt go cuimsitheach ar na dúshláin, na riachtanais agus na deiseanna a bhaineann leis an imirce agus leis an easáitiú éigeantais ar bhealach atá comhleanúnach le, agus ag comhlánú an bheartais sin. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir sin, agus gan dochar d'imthosca gan choinne, ba cheart 10 %, go táscach, d'imchlúdach airgeadais na hIonstraime a thiomnú go háirithe do ghníomhaíochtaí lena dtacaítear le bainistiú agus rialachas na himirce agus an easáitithe éigeantais, faoi chuimsiú chuspóirí na hIonstraime. Ina theannta sin, ba cheart a áireamh sa sprioc sin gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta agus an easáitithe éigeantais nuair a dhírítear iad go díreach ar dhúshláin shonracha a bhaineann leis an imirce agus leis an easáitiú éigeantais. Le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an imirce faoin Ionstraim, de réir mar is gá trína chláir gheografacha agus théamacha agus trína ghníomhaíochtaí mearfhreagartha, ba cheart cur leis an taithí a fuarthas le linn chur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce agus an chreata airgeadais ilbhliantúil 2014-2020, chun comhpháirtíochtaí cuimsitheacha a thógáil. Ba cheart na tairbhí forbartha a bhaineann leis an imirce rialta a chur san áireamh sa tacaíocht ón Aontas. Le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an imirce faoin Ionstraim, ba cheart rannchuidiú le cur chun feidhme éifeachtach chomhaontuithe an Aontais agus idirphlé le tríú tíortha maidir leis an imirce, trí chomhar a spreagadh agus é ag brath ar chur chuige solúbtha spreagthach, agus ba cheart tacú leis trí shásra comhordúcháin faoin Ionstraim. Leis an sásra comhordúcháin sin, ba cheart mbeifí in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn faoin Ionstraim, trí na comhpháirteanna iomchuí uile a úsáid trí chistiú solúbtha agus a imchlúdaigh airgeadais á n-urramú ag an am céanna agus sin ag brath ar chur chun feidhme solúbtha na gcomhpháirteanna sin. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus um dhídeanaithe agus inniúlachtaí an Aontais agus inniúlachtaí náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún Eorpach córas rianaithe láidir agus trédhearcach a fhorbairt agus a úsáid chun caiteachas den sórt sin a thomhas agus a thuairisciú.

(52)

Ba cheart don Ionstraim réitigh dhigiteacha agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chur san áireamh mar chumasóirí cumhachtacha don fhorbairt inbhuanaithe agus don fhás cuimsitheach, agus ba cheart dó rannchuidiú leis an digitiú a chur chun cinn a thuilleadh.

(53)

Na gníomhaíochtaí a ghlacfar faoin Ionstraim i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus leis an gcoireacht eagraithe a chomhrac, leis an gcibearshlándáil agus leis an gcibearchoireacht a chomhrac, agus le fothú acmhainneachta gníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil d'fhorbairt, ba cheart é a bheith mar aidhm acu sochair shlándála dhíreacha dhaonnúla a ghiniúint don phobal, dea-chleachtais ábhartha chun inbhuaine agus cuntasacht a áirithiú sa mheántéarma agus san fhadtéarma, lena n-áirítear maoirseacht dhaonlathach éifeachtach, agus ba cheart dóibh an smacht reachta, an trédhearcacht agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta bunaithe a chur chun cinn.

(54)

Cuireadh béim i gClár Oibre 2030 ar a thábhachtaí atá sé sochaithe síochánta cuimsitheacha a chur chun cinn mar SFI 16 agus chun torthaí eile an bheartais fhorbartha a bhaint amach. In SFI 16.a, iarrtar go sonrach “Go ndéanfar institiúidí ábhartha náisiúnta a neartú, lena n-áirítear trí bhíthin comhar idirnáisiúnta, chun acmhainneachtaí a fhothú ar gach leibhéal, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha, chun an foréigean a chosc agus chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht a chomhrac”.

(55)

I Ráiteas an 19 Feabhra 2016 ón gCruinniú Ardleibhéil, rinne Coiste Cúnaimh Forbartha ECFE na treoracha tuairiscithe i ndáil le COF i réimse na síochána agus na slándála a nuashonrú. Is COF é an maoiniú a dhéantar ar na gníomhaíochtaí faoin Ionstraim nuair a chomhlíonann sé na critéir a leagtar amach sna treoracha tuairiscithe sin nó in aon treoracha tuairiscithe ina dhiaidh sin a mbeidh an Coiste Cúnaimh Forbartha in ann teacht ar chomhaontú ina leith.

(56)

An fothú acmhainneachta chun tacú le forbairt agus le slándáil don fhorbairt, níor cheart í a úsáid ach amháin i gcásanna eisceachtúla i gcás nach féidir cuspóirí na hIonstraime a chomhlíonadh trí dhul ar iontaoibh gníomhaíochtaí neamh-mhíleata.

(57)

Ba cheart cur leis an taithí a fuarthas agus leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghníomhaíochtaí maidir le fothú acmhainneachta don fhorbairt agus don tslándáil don fhorbairt leis an Ionstraim, go háirithe ó chomhairliúcháin agus ó mheastóireachtaí ábhartha, a rinneadh faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2017/2306 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27). Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, meastóireachtaí comhpháirteacha a rinneadh leis na Ballstáit.

(58)

Ba cheart don Aontas cur chuige atá íogair ó thaobh coinbhleachta agus inscne a chur chun cinn i ngach gníomhaíocht agus clár faoin Ionstraim.

(59)

Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear ar na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE freisin córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(60)

Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Agus an rogha sin á dhéanamh, ba cheart breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidhe, chomh maith le maoiniú nach bhfuil baint aige le costais na hoibríochta ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais a bheith san áireamh anseo.

(61)

I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, ní incháilithe na costais a thabhófar roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun aon chur isteach ar thacaíocht ón Aontas a sheachaint, a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, ba cheart an deis a bheith ann foráil a dhéanamh sa chinneadh maoiniúcháin, ar feadh tréimhse teoranta ama ag tús CAI 2021-2027, agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo amháin, d'incháilitheacht gníomhaíochtaí agus costas ón 1 Eanáir 2021, fiú más rud é gur cuireadh chun feidhme na gníomhaíochtaí sin agus gur tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

(62)

Ba cheart pacáiste airgeadais comhtháite a sholáthraíonn acmhainneacht mhaoiniúcháin i bhfoirm deontas, cúnamh teicniúil, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus oibríochtaí measctha ar fud an domhain a bheith sa Chiste Eorpach nua um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI+) an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI) mar a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/1601. Ba cheart CEFI+, arna chomhlánú le hiarrachtaí chun timpeallacht infheistíochta na gcomhpháirtithe a fheabhsú, a bheith mar pháirt den Phlean Eorpach Infheistíochta Seachtraí agus oibríochtaí measctha agus ráthaíochtaí buiséadacha a chumhdófar leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a chomhcheangal, lena n-áirítear na rioscaí ceannasacha sin a bhaineann le hoibríochtaí lena bhfaightear iasachtaí, a chuirtear i bhfeidhm roimhe seo faoi shainordú seachtrach oibríochtaí iasachta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI). Ba cheart leithdháileadh na gcistí a úsáidfear d'oibríochtaí CEFI+ a bheith bunaithe ar na doiciméid chlársceidealaithe, go háirithe na tosaíochtaí a shainítear iontu, agus ba cheart a chur san áireamh iontu, inter alia, na réaltachtaí agus riachtanais shonracha atá ann i ngach tír chomhpháirtíochta nó i ngach réigiún comhpháirtíochta agus sciar ábhartha leithdháileadh na gcistí in aghaidh an limistéir gheografaigh a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart cothromaíocht iomchuí idir oibríochtaí measctha agus oibríochtaí ráthaíochta buiséadacha faoi CEFI+ agus idir foirmeacha eile cistithe ón Aontais dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith mar thoradh ar clársceidealú. Ba cheart CEFI+ a chur chun feidhme trí struchtúr infheistíochta atá oscailte agus comhoibríoch chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as saineolas earnála agus geografach na gcontrapháirtithe incháilithe agus a thionchar forbartha a uasmhéadú. Ba cheart CEFI+ a bheith comhdhéanta d'ardáin réigiúnacha infheistíochta laistigh de na limistéir réigiúnacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, le Rialachán IPA III.

Chun a áirithiú go mbeidh bainistíocht riosca CEFI+ neamhspleách, neamhchlaonta, cuimsitheach agus trédhearcach, ba cheart grúpa teicniúil um mheasúnú riosca a bhunú, grúpa a bheidh ar oscailt do shaineolaithe ó BEI, ó chontrapháirtithe incháilithe eile agus ó Bhallstáit leasmhara, arna eagrú agus arna stiúradh ag an gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcomhroinnfí faisnéis agus anailís ar bhealach tráthúil, trédhearcach agus cuimsitheach leis na Ballstáit uile, agus aird chuí á tabhairt ar shaincheisteanna rúndachta. Ba cheart don Choimisiún comhaontuithe maidir le Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a thabhairt i gcrích leis na contrapháirtithe incháilithe uile, lena n-áirítear BEI, tar éis dó dul i gcomhairle leis an ngrúpa teicniúil um mheasúnú agus comhairle an ghrúpa sin a chur san áireamh agus ba cheart dó príomhghnéithe na gcomhaontuithe sin a chur faoi bhráid an bhoird straitéisigh lena mbaineann.

(63)

I ngeall ar an ról atá ag BEI faoi na Conarthaí agus ar an taithí atá aige le 20 nó 30 bliain anuas ó thaobh tacú le beartais an Aontais, ba cheart dó fanacht ina chomhpháirtí nádúrtha ag an gCoimisiún chun oibríochtaí faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a chur chun feidhme. Ba cheart do BEI agus don Choimisiún feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú eatarthu agus an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi CEFI+ á cur chun feidhme, lena n-áirítear le linn an phróisis chlársceidealaithe agus ar an láthair. Ba cheart a chur ar iontaoibh BEI fuinneog tiomanta infheistíochta a chur chun feidhme lena gcumhdófar cumhdach riosca cuimsitheach le haghaidh oibríochtaí le contrapháirtithe ceannasacha agus contrapháirtithe neamhthráchtála focheannasacha ar cheart dóibh a bheith eisiach ach amháin i gcás oibríochtaí nach féidir le BEI iad a dhéanamh nó a gcinneann BEI gan iad a dhéanamh. Féadfar fuinneoga tiomnaithe neamheisiacha infheistíochta breise a bhunú do BEI, más iomchuí, lena soláthrófar cumhdach cuimsitheach riosca le haghaidh oibríochtaí a bhfuil contrapháirtithe focheannasacha tráchtála acu; agus le haghaidh oibríochtaí chun infheistíocht dhíreach choigríche, trádáil agus idirnáisiúnú geilleagar tíortha comhpháirtíochta a chur chun cinn, lena n-áirítear trí infheistíochtaí díreacha coigríche, chomh maith le tosaíochtaí téamacha eile de chuid an Aontais chun tacú le cuspóirí na hionstraime agus i gcomhréir leis na SFInna, lena n-áirítear Institiúidí Airgeadais Forbraíochta Eorpacha agus eintitis san earnáil phríobháideach san Aontas, ach gan a bheith teoranta dóibh.

Le ráthaíocht an Aontais níor cheart ach cumhdach riosca polaitiúil a chur ar fáil d'oibríochtaí na hearnála príobháidí, ar cheart dóibh a bheith comhleanúnach le hoibríochtaí ghníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin na mBallstát. Ba cheart na rialacha agus na coinníollacha céanna a chur i bhfeidhm maidir leis na fuinneoga infheistíochta sin, ar cheart dóibh a bheith ina sainorduithe tiomnaithe a cheanglaíonn BEI chun oibriú lasmuigh den Aontas, agus a chuirtear i bhfeidhm maidir le fuinneog infheistíochta ar bith eile faoi CEFI+, lena n-áirítear na rialacha rialachais, agus ba cheart iad a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta maidir le hincháilitheacht agus roghnú oibríochtaí agus contrapháirtithe don Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi CEFI+ dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, ach amháin i gcás na fuinneoige eisiaiche infheistíochta. Ba cheart méid foriomlán táscach EUR 26 725 000 000 a bheith i gceist maidir leis na trí fhuinneog infheistíochta atá tiomnaithe do BEI. Ba cheart na méideanna do gach ceann de na fuinneoga a fhíorú agus a dheimhniú mar thoradh ar an bpróiseas clárúcháin ag tús an chreata airgeadais ilbhliantúil agus le linn na n-athbhreithnithe ar an gclársceidealú. Leis na cuspóirí, na tosaíochtaí agus na méideanna do gach ceann de na fuinneoga infheistíochta agus lena gcur chun feidhme, ba cheart ailíniú iomlán beartais a áirithiú le tosaíochtaí an Aontais agus ba cheart an Rialachán seo agus na cláir ilbhliantúla tháscacha ábhartha a chomhlíonadh, lena n-áirítear a thosaíochtaí geografacha agus téamacha. Ba cheart an mhodheolaíocht measúnaithe riosca agus luacha saothair faoi CEFI+ a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le gach fuinneog infheistíochta, lena n-áirítear iad siúd atá tiomnaithe do BEI, chun cothrom na Féinne a áirithiú. Ba cheart, leis na fuinneoga infheistíochta a chuireann BEI chun feidhme, go bhféadfaí aon cheann de na tíortha atá incháilithe don Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a chumhdach, go háirithe sna cásanna is mó a bhfuil gá leis sin agus i gcomhréir le tosaíochtaí geografacha na hionstraime seo, agus i gcás inarb ábhartha, Rialachán IPA III. Ba cheart ráthaíochtaí CEFI+ le haghaidh oibríochtaí BEI le contrapháirtithe tráchtála focheannasacha agus oibríochtaí san earnáil phríobháideach a ghabháil de láimh ar théarmaí atá cosúil le ráthaíochtaí a thugtar do chontrapháirtithe incháilithe eile.

Maidir le ráthaíochtaí CEFI+ le haghaidh oibríochtaí le contrapháirtithe ceannasacha agus contrapháirtithe neamhthráchtála focheannasacha, agus le haghaidh oibríochtaí le contrapháirtithe tráchtála focheannasacha nach ngintear ioncam substaintiúil leo, arna ndéanamh ag BEI nó ag contrapháirtithe incháilithe eile, ba cheart go bhféadfaí nach n-íocfar iad chun cuidiú le laghdú na gcostas maoiniúcháin le haghaidh infheistíochtaí san earnáil phoiblí arna ngabháil de lámh ag tíortha comhpháirtíochta. I gcomhréir le cuspóirí agus prionsabail ghinearálta na hIonstraime, leis na doiciméid chlársceidealaithe tháscacha ábhartha chomh maith le Rialachán IPA III, i gcás inar ábhartha, ba cheart don Choimisiún agus do BEI na comhaontuithe tiomnaithe maidir le Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a thabhairt i gcrích d'fhuinneoga infheistíochta tiomnaithe BEI.

(64)

Ba cheart le CEFI+ díriú ar thacú le hinfheistíochtaí mar bhealach chun rannchuidiú le baint amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe trí fhorbairt inbhuanaithe, chuimsitheach, eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta, an t-aistriú go geilleagar inbhuanaithe breisluacha agus timpeallacht chobhsaí infheistíochta a chothú, agus athléimneacht shocheacnamaíoch agus chomhshaoil a chur chun cinn i dtíortha comhpháirtíochta agus béim ar leith ar dhíothú na bochtaineachta, rannchuidiú le laghdú na neamhionannas socheacnamaíoch, fás inbhuanaithe cuimsitheach, comhrac an athraithe aeráide i gcomhréir le Comhaontú Pháras, oiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide, cosaint agus bainistiú an chomhshaoil, cruthú post ardchaighdeáin ar bhonn chroíchaighdeáin saothair na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), deiseanna eacnamaíocha, scileanna agus fiontraíochta, earnálacha socheacnamaíocha, lena n-áirítear fiontair shóisialta agus comharchumainn, micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”), nascacht inbhuanaithe agus, tacaíocht do ghrúpaí leochaileacha, urraim do chearta an duine, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na ndaoine óga, chomh maith le dul i ngleic le bunchúiseanna socheacnamaíocha sonracha na himirce neamhrialta agus bunchúiseanna an easáitithe éigeantais, i gcomhréir leis na doiciméid chlársceidealaithe tháscacha ábhartha.

Ba cheart le cur chun feidhme CEFI+ cuspóirí, prionsabail ghinearálta agus creat beartais na hIonstraime agus, i gcás inarb ábhartha, Rialachán IPA III a chomhlíonadh, go háirithe na treoirlínte, na prionsabail agus coinbhinsiúin is infheidhme maidir le hinfheistíocht a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear na Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach, Treoirlínte na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, Prionsabail Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe um Infheistíocht Fhreagrach sa Talmhaíocht agus i gCórais Bhia, coinbhinsiúin EIS, an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus na prionsabail maidir le héifeachtacht na forbartha mar a leagtar amach iad I gComhpháirtíocht Busan maidir le Comhar um Fhorbairt Éifeachtach agus a athdhearbhaíodh i bhFóram Ardleibhéal Nairobi in 2016, lena n-áirítear úinéireacht, ailíniú, díriú ar thorthaí, trédhearcacht agus cuntasaíocht fhrithpháirteach, chomh maith leis an gcuspóir cúnamh a dhícheangal. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thíortha a shainaithnítear mar thíortha i staideanna leochaileachta nó coinbhleachta, TLFanna, stáit oileánacha bheaga i mbéal forbartha, tíortha talamhiata atá i mbéal forbartha agus tíortha bochta a bhfuil fiachais ollmhóra acu.

(65)

Ba cheart do CEFI+ uasmhéadú a dhéanamh ar bhreisíocht chistiúcháin, aghaidh a thabhairt ar chlistí sa mhargadh agus ar staideanna infheistíochta fo-optamacha, tacú le heintitis áitiúla phoiblí uas-scálú agus maoiniú a dhéanamh ar a gcuid infheistíochta go neamhspleách, agus táirgí nuálacha a chur ar fáil agus cistí san earnáil phoiblí a phlódú isteach. Ba cheart breisíocht a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cuspóirí agus prionsabail na hIonstraime, agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais. Le rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, lena n-áirítear FBManna, i gcomhair an Aontais le tíortha comhpháirtíochta trí CEFI+, ba cheart tionchar forbartha intomhaiste agus breise a bheith ann gan an margadh áitiúil a shaobhadh agus gan dul san iomaíocht go neamhchóir le gníomhaithe an gheilleagair áitiúil. Ba cheart dó a bheith costéifeachtach, trédhearcach, bunaithe ar chuntasacht fhrithpháirteach agus ar chionroinnt rioscaí agus costas. Ba cheart do CEFI+ feidhmiú mar “ionad ilfhreastail” a fhaigheann tograí maoiniúcháin ó institiúidí airgeadais agus ó infheisteoirí poiblí nó príobháideacha agus a sholáthraíonn raon leathan tacaíochta airgeadais d'infheistíochtaí incháilithe. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar éifeacht ghiarála CEFI+, trí shlógadh cistiúcháin bhreise le haghaidh forbairt inbhuanaithe trí úsáid thacaíocht airgeadais CEFI+ a thomhas. Ba cheart an éifeacht ghiarála a thomhas de réir an tsainmhínithe a leagtar síos i bpointe 38 d’Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais agus de réir rialacha agus cleachtais idirnáisiúnta chun na méideanna arna slógadh ón earnáil phríobháideach ag idirghabhálacha oifigiúla airgeadais forbartha, amhail modheolaíochtaí Choiste Cúnaimh Forbartha ECFE, a thomhas. Ba cheart go mbeadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cuireadh a thabhairt do chontrapháirtithe incháilithe agus don tsochaí shibhialta malartú tuairimí a dhéanamh maidir leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(66)

Ba cheart Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a bhunú, lena gcuirfear le Ráthaíocht CEFI arna bunú le Rialachán (AE) 2017/1601 atá ann cheana féin agus leis na ráthaíochtaí arna dtacú ag Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíocht sheachtrach arna bhunú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009. Ba cheart tacú sa Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha le hoibríochtaí CEFI+ a chumhdófar le ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh macrairgeadais agus iasachtaí do thríú tíortha bunaithe ar Chinneadh 77/270/Euratom ón gComhairle (28). Ba cheart tacú leis na hoibríochtaí sin ó leithreasuithe na hIonstraime, mar aon leis na cinn sin faoi Rialachán IPA III agus Rialachán (Euratom) 2021/948, ar cheart dóibh an soláthar agus na dliteanais a thiocfaidh as iasachtaí cúnaimh mhacrairgeadais agus iasachtaí do thríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (Euratom) 2021/948, faoi seach a chumhdach. Agus oibríochtaí EFSD+ á maoiniú, ba cheart tús áite a thabhairt dóibhsean a dhéanfaidh breisíocht agus tionchar forbartha a uasmhéadú, lena n-áirítear iad siúd a mbeidh mórthionchar acu ar chruthú post cuibhiúil agus a bhfeabhsóidh a gcóimheas costais is tairbhe inbhuaine na hinfheistíochta agus a dhéanfaidh foráil don inbhuaine agus do thionchar fadtéarmach na forbartha. Le linn don Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha tacú leis na hoibríochtaí, ba cheart measúnú ex ante domhain a dhéanamh ar ghnéithe comhshaoil, airgeadais agus sóisialta, mar is iomchuí agus i gcomhréir leis na ceanglais maidir le Rialáil Níos Fearr.

Ba cheart do ráthaíochtaí buiséadacha agus ionstraimí airgeadais cloí le beartas an Aontais maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach, agus le nuashonruithe air sin, mar a leagtar síos i ngníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais agus sna conclúidí ón gComhairle, go háirithe Conclúidí ón gComhairle an 8 Samhain 2016 agus an Iarscríbhinn a ghabhann leo chomh maith le prionsabail a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29). Tá feidhm ag na forálacha ábhartha uile den Rialachán Airgeadais, go háirithe na forálacha sin maidir le bainistíocht indíreach a leagtar síos i dTeideal VI den Rialachán Airgeadais. Ba cheart soláthar seirbhísí poiblí riachtanacha a bheith ina fhreagracht rialtais i gcónaí.

(67)

Chun solúbthacht a chur ar fáil, méadú a dhéanamh ar a tharraingtí atá na hinfheistíochtaí don earnáil phríobháideach agus tionchar na n-infheistíochtaí a uasmhéadú, ba cheart foráil a dhéanamh do mhaolú ar na rialacha a bhaineann le modhanna cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, mar a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, a mhéid a bhaineann leis na contrapháirtithe incháilithe. D'fhéadfadh na contrapháirtithe incháilithe sin a bheith ina gcomhlachtaí freisin nach gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme nó ina gcomhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach de chuid tíre comhpháirtíochta freisin.

(68)

Chun méadú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, ba cheart do na Ballstáit agus do pháirtithe conarthacha sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (30) a bheith in ann ranníocaíochtaí a sholáthar i bhfoirm ráthaíochta nó airgid. Níor cheart an ranníocaíocht i bhfoirm ráthaíochta a bheith níos mó ná 50 % de mhéid na n-oibríochtaí arna ráthú ag an Aontas. Níor cheart na dliteanais airgeadais a eascraíonn as an ráthaíocht sin a sholáthar agus ba cheart an cúlchiste leachtacha a sholáthar leis an gciste don soláthar coiteann arna bhunú le hAirteagal 212 den Rialachán Airgeadais.

(69)

Is minic a chuirtear gníomhaíochtaí seachtracha chun feidhme i dtimpeallacht an-ghuagach inar gá oiriúnú go leanúnach agus go tapa do riachtanais athraitheacha chomhpháirtithe an Aontais, agus do dhúshláin dhomhanda roimh chearta an duine, an daonlathas agus an dea-rialachas, an tslándáil agus an chobhsaíocht, an t-athrú aeráide agus an comhshaol, na haigéin, agus do dhúshláin a bhaineann leis an imirce, an t-easáitiú éigeantais, agus leis na bunchúiseanna a bhíonn leo. D'fhonn prionsabal na hintuarthachta agus an gá atá le freagairt go mear do riachtanais nua a thabhairt le chéile, ní mór cur chun feidhme airgeadais na gclár a oiriúnú dá bharr sin. Chun cur le cumas an Aontais freagairt ar riachtanais gan choinne, agus é ag cur le taithí rathúil an Chiste Eorpaigh Forbraíochta,, ba cheart méid áirithe a fhágáil gan a leithdháileadh mar chúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Ba cheart é a shlógadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhunaítear leis an Rialachán seo.

(70)

Ba cheart na hacmhainní breise seo a leanas a rathú leis an gcúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn: EUR 200 000 000 don chlár téamach um Chearta an Duine agus um Dhaonlathas, EUR 200 000 000 do chlár téamach Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta, agus EUR 600 000 000 do chlár téamach na nDúshlán Domhanda.

(71)

Ba cheart don Choimisiún faisnéis mhionsonraithe a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa sula ndéanann sé na cistí don chúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn a shlógadh, agus ba cheart dó a bharúlacha maidir le cineál, cuspóirí agus méideanna airgeadais atá beartaithe a chur san áireamh go hiomlán.

(72)

Dá bhrí sin, agus urraim á tabhairt don phrionsabal go leagtar amach buiséad an Aontais gach bliain, ba cheart an deis a choimeád sa Rialachán seo chun an tsolúbthacht a chur i bhfeidhm, lenar féidir leis an Rialachán Airgeadais a chur i bhfeidhm maidir le beartais eile cheana féin, mar atá cistí a thabhairt anonn agus a athghealladh, chun a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtúil as cistí an Aontais le haghaidh shaoránaigh an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta araon, agus chun an leas is mó is féidir a bhaint as cistí an Aontais, dá réir sin, le haghaidh idirghabhálacha ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais.

(73)

Ba cheart fothú acmhainní gníomhaithe míleata i dtríú tíortha a dhéanamh mar chuid de bheartas an Aontais maidir le comhar don fhorbairt nuair a shaothraíonn sé den chuid is mó cuspóirí i réimse na forbartha agus mar chuid de chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais nuair a shaothraíonn sé den chuid is mó cuspóirí i réimse na síochána agus na slándála, i gcomhréir le hAirteagal 40 CAE. Urramaítear leis an Rialachán seo cur i bhfeidhm nósanna imeachta agus méid chumhachtaí na n-institiúidí faoi bheartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt agus faoi CBES an Aontais.

(74)

Ba cheart gníomhaíochtaí faoin Ionstraim a bhaineann le soláthar nó maoiniú trealaimh, seirbhísí nó teicneolaíochta a bheith i gcomhréir le forálacha ábhartha de chuid an Aontais, leis na forálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta agus go háirithe leis na rialacha a leagtar amach i gComhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (31), le bearta sriantacha an Aontais, agus, chomh maith leis sin, le Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32). Tá na measúnuithe riosca a dhéanann an Coimisiún faoin Ionstraim seo gan dochar do mheasúnú na n-iarratas ar cheadúnais onnmhairiúcháin arna ndéanamh ag na Ballstáit. Ba cheart do gach Ballstát measúnú a dhéanamh ar na hiarratais ar cheadúnais onnmhairiúcháin a chuirfear faoina bhráid, lena n-áirítear na hiarratais sin a bhaineann le haistrithe idir rialtais, le haghaidh earraí atá ar Liosta Míleata Coiteann an Aontais, de réir an cháis, i gcomparáid leis na critéir a leagtar síos i gComhsheasamh 2008/944CBES. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33), níor cheart maoiniú a thabhairt, leis na gníomhaíochtaí sin, d'aon chineál trealaimh a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

(75)

Leagtar síos sa Chinneadh maidir leis an gComhlachas Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn an t-imchlúdach airgeadais do chomhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas. Is é an t-imchlúdach airgeadais an phríomhfhoinse chistiúcháin do thíortha agus críocha thar lear. De bhun an Chinnidh maidir leis an gComhlachas Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn , ba cheart daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear a bheith incháilithe cistiú a fháil faoin gCinneadh sin, faoi réir a rialacha agus a chuspóirí agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát atá nasctha leis an tír nó leis an gcríoch ábhartha thar lear. Ina theannta sin, ba cheart an comhar idir na tíortha comhpháirtíochta agus na tíortha agus na críocha thar lear mar aon leis na réigiúin is forimeallaí de chuid an Aontais faoi Airteagal 349 CFAE a spreagadh sna réimsí leasa choitinn.

(76)

Chun feabhas a chur ar an úinéireacht atá ag na tíortha comhpháirtíochta ar a bpróisis forbartha agus ar inbhuaine na cabhrach seachtraí, ba cheart don Aontas, i gcás inarb ábhartha, a bheith i bhfabhar úsáid institiúidí, acmhainneachtaí agus shaineolas na dtíortha comhpháirtíochta, chomh maith lena gcórais agus a nósanna imeachta i ngach aon ghné de thimthriall an chomhair, agus rannpháirtíocht na rialtas áitiúil agus na sochaí sibhialta á áirithiú aige ag an am céanna. Ba cheart don Aontas faisnéis agus oiliúint a chur ar fáil maidir le conas iarratas a dhéanamh ar chistiú ón Aontas do thairbhithe féideartha cistithe ón Aontas.

(77)

Is leis an gcumarsáid a chothaítear díospóireacht dhaonlathach, a dhéantar rialú institiúideach agus grinnscrúdú ar chistiú an Aontais a threisiú, agus a chuirtear le hinchreidteacht an Aontais. Ba cheart don Aontas agus do thairbhithe an chistiúcháin ón Aontas feabhas a chur ar infheictheacht ghníomhaíocht an Aontais, agus cumarsáid leordhóthanach a dhéanamh maidir le breisluach thacaíocht an Aontais. I ndáil leis sin, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ba cheart oibleagáidí a áirithíonn infheictheacht iomchuí a bheith i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le faighteoirí a fhaigheann cistiú ón Aontas, agus ba cheart don Choimisiún gníomhú ar bhealach iomchuí tráthúil nuair nach gcomhlíontar na hoibleagáidí sin.

(78)

Ba cheart gur ionann cláir oibre faoin Rialachán Airgeadais agus pleananna gníomhaíochta bliantúla agus ilbhliantúla agus bearta dá dtagraítear sa Rialachán seo. Is é ba cheart a bheith i gceist le pleananna gníomhaíochta bliantúla agus ilbhliantúla sraith de bhearta a chuirtear le chéile in aon doiciméad.

(79)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (35), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (36) agus (AE) 2017/1939 (37) ón gComhairle, ní mór leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d'Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38) a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas ní mór dó comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha. Ar an gcúis sin, ba cheart forálacha a bheith sna comhaontuithe le tríú tíortha agus críocha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus in aon chonradh nó in aon chomhaontú a eascróidh ón Ionstraim seo a chur chun feidhme, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF chun iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach agus lena n-áiritheofar go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme dheontais chistiúcháin an Aontais cearta coibhéiseacha.

(80)

Leis an Ionstraim seo, ba cheart rannchuidiú chun an chalaois chánach, an imghabháil cánach, an chalaois, an t-éilliú agus an sciúradh airgid a chomhrac go hidirnáisiúnta.

(81)

D'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le líon na ngníomhaíochtaí d’acmhainneacht gníomhaithe míleata a fhorbairt chun tacú le forbairt agus slándáil le haghaidh forbartha, an t-uasmhéid don Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, na rátaí soláthair agus uasmhéid soláthair don Rathaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, na réimsí comhair agus idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinní II, III agus IV, na réimsí tosaíochta a bhaineann le hoibríochtaí CEFI+ a liostaítear in Iarscríbhinn V, na táscairí in Iarscríbhinn VI, a leasú, agus i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh le cuspóirí sonracha agus réimsí tosaíochta comhair arna dtarraingt ó réimsí comhair do na cláir gheografacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, lena n-áirítear beartú tosaíochtaí de réir fo-réigiúin, spriocanna téamacha agus leithdháiltí táscacha airgeadais d’fho-réigiúin ar leith, agus i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le geallsealbhóirí ábhartha amhail an tsochaí shibhialta agus saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (39). Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(82)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40).

(83)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an Ionstraim ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin, ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an talamh.

(84)

Maidir leis na tagairtí d'ionstraimí cúnaimh sheachtraigh an Aontais atá in Airteagal 9 de Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (41), a gcuirtear an Rialachán seo ina n-ionad, ba cheart iad a léamh mar thagairtí don Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme i gcomhréir le ról na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí mar a fhoráiltear sa Chinneadh sin.

(85)

Ba cheart na gníomhaíochtaí agus na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, i gcás inarb ábhartha, a bheith comhlántach agus comhsheasmhach leis na bearta arna nglacadh ag an Aontas i saothrú chuspóirí CBES faoi chuimsiú Chaibidil a 2 de Theideal V CAE agus leis na bearta a ghlactar faoi chuimsiú Theideal IV de Chuid a Cúig CFAE, agus ba cheart dóibh na bearta sin a urramú.

(86)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(87)

Ba cheart Cinneadh Uimh. 466/2014/AE a leasú agus a aisghairm agus ba cheart Rialacháin (AE) 2017/1601 agus (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 a aisghairm.

(88)

Chun leanúnachas a áirithiú dtaca le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun go bhféadfar cur chun feidhme a thosú amhail ó thús CAI 2021-2027, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm, mar ábhar práinne, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda (“an Ionstraim”), lena n-áirítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (“CEFI+”) agus an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, do thréimhse CAI 2021-2027.

Leagtar síos leis cuspóirí na hIonstraime, an buiséad don tréimhse ó 2021 go 2027, foirmeacha an chistithe ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “clár táscach tíre” clár táscach a chumhdaíonn tír amháin;

(2)

ciallaíonn “clár táscach iltíre” clár táscach a chumhdaíonn níos mó ná tír amháin;

(3)

ciallaíonn “clár táscach réigiúnach” clár táscach iltíre a chumhdaíonn níos mó ná tríú tír amháin laistigh den limistéar geografach a leagtar síos in Airteagal 4(2);

(4)

ciallaíonn “clár táscach trasréigiúnach” clár táscach ilnáisiúnta a chumhdaíonn níos mó ná tríú tír amháin as na limistéir gheografacha éagsúla faoi mar a leagtar síos in Airteagal 4(2);

(5)

ciallaíonn “comhar trasteorann” comhar idir Ballstát amháin nó níos mó, agus tríú tír agus críoch amháin nó níos mó feadh theorainneacha seachtracha talún agus muirí an Aontais atá tadhlach leis, agus tuigfear leis go gcumhdaíonn sé freisin comhar trasnáisiúnta ar fud críocha trasnáisiúnta níos mó nó thart ar imchuacha farraige agus comhar idir-réigiúnach mar a leagtar síos i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (“Rialachán Interreg”);

(6)

ciallaíonn “eintiteas dlítheanach” duine nádúrtha, nó duine dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlítheanach agus a aithnítear mar eintiteas dlítheanach faoi dhlí an Aontais, faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige agus a bhfuil sé de chumas aige gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige mar a thagraítear dó i bpointe (c) d'Airteagal 197(2) den Rialachán Airgeadais;

(7)

ciallaíonn “eagraíochtaí na sochaí sibhialta” raon leathan gníomhaithe a bhfuil iliomad ról agus sainorduithe aige, a d'fhéadfadh athrú le himeacht ama agus thar institiúidí agus tíortha, agus cuimsíonn siad gach struchtúr neamhstáit, neamhbhrabúsach, neamhspleách agus neamhfhoréigneach, trína n-eagraíonn daoine chun cuspóirí agus idéil chomhroinnte, lena n-áirítear cuspóirí polaitiúla, cultúrtha, reiligiúnacha, comhshaoil, sóisialta nó eacnamaíocha, a shaothrú agus a fheidhmíonn ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta, réigiúnach nó idirnáisiúnta, a chuimsíonn eagraíochtaí uirbeacha agus tuaithe, foirmiúla agus neamhfhoirmiúla;

(8)

cuimsíonn “údaráis áitiúla” institiúidí poiblí a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu, ar comhpháirteanna de struchtúr an Stáit iad, faoi bhun leibhéal an rialtais lárnaigh, mar shampla, sráidbhailte, bardasachtaí, ceantair, contaetha, cúigí nó réigiúin, atá freagrach do na saoránaigh agus de ghnáth, is éard atá in údaráis áitiúla comhlacht breithniúcháin nó comhlacht ceaptha beartais, amhail comhairle nó tionól, agus comhlacht feidhmiúcháin, amhail an Méara nó oifigeach eile feidhmiúcháin agus a thoghtar go díreach nó go hindíreach ar an leibhéal áitiúil;

(9)

ciallaíonn “fuinneog infheistíochta” réimse spriocdhírithe ina n-úsáidtear Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi CEFI+ chun tacaíocht a thabhairt do phunanna infheistíochtaí i réigiúin shonracha, i dtíortha sonracha nó in earnálacha sonracha;

(10)

ciallaíonn “breisíocht” an prionsabal bunaithe ar Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais, ar dá réir, i gcomhthéacs an Rialacháin seo agus Rialachán IPA III, a rannchuidíonn tacaíocht na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi CEFI+ le forbairt inbhuanaithe trí oibríochtaí nach bhféadfaí a dhéanamh gan an Ráthaíocht sin, nó lena mbaintear torthaí dearfacha amach sa bhreis ar an méid a d'fhéadfaí a bhaint amach gan an ráthaíocht sin. Anuas air sin, ciallaíonn prionsabal na breisíochta go mbrúfaidh na hoibríochtaí a dtacaíonn an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha leo isteach cistiú earnála príobháidí, agus go dtabharfar aghaidh ar chlistí margaidh nó ar staideanna infheistíochta fo-optamacha, chomh maith le feabhas a chur ar cháilíocht, ar inbhuaine, ar thionchar nó ar scála infheistíochta. Áirithítear leis an bprionsabal sin freisin nach gcuirtear oibríochtaí na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha in ionad na tacaíochta a thugann Ballstát, in ionad maoiniú príobháideach ná in ionad idirghabháil airgeadais eile a fhaightear ón Aontas nó go hidirnáisiúnta, agus go seachnaítear brú amach infheistíochtaí poiblí nó príobháideacha eile chomh maith, ach amháin má tá údar cuí leis i gcomhréir le cuspóirí agus prionsabail na hIonstraime. De ghnáth, bíonn próifíl riosca níos airde ag tionscadail a fhaigheann tacaíocht ón Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha ná an phunann infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na contrapháirtithe incháilithe faoina ngnáthbheartais infheistíochta gan an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha;

(11)

ciallaíonn “oibríochtaí le contrapháirtithe ceannasacha agus le contrapháirtithe focheannasacha neamhthráchtála” aon oibríocht inar Stát é an contrapháirtí go díreach nó eintiteas poiblí a dtacaítear leis go hiomlán le ráthaíocht shainráite an Stáit toisc nach bhfuil an inniúlacht dhlítheanach aige nó an neamhspleáchas airgeadais nó an cumas airgeadais chun tairbhe a bhaint as an maoiniú díreach is gá;

(12)

ciallaíonn “oibríocht le contrapháirtithe focheannasacha tráchtála” aon oibríocht inar eintiteas poiblí é an contrapháirtí nach dtacaítear leis le ráthaíocht shainráite Stáit agus atá in ann, ó thaobh airgeadais de, iasacht a fháil ar a riosca féin agus a bhfuil an inniúlacht dhlíthiúil aige déanamh amhlaidh;

(13)

ciallaíonn “ranníocóir” institiúid idirnáisiúnta airgeadais, Ballstát, nó institiúid phoiblí de chuid Ballstáit, gníomhaireacht phoiblí nó eintitis eile, idir phoiblí agus phríobháideach, a ranníocann leis an gciste coiteann soláthairtí;

(14)

ciallaíonn “tír comhpháirtíochta” tír nó críoch a d'fhéadfadh tairbhe a bhaint as tacaíocht ón Aontas faoin Ionstraim de bhun Airteagal 4.

Chun críocha an Rialacháin seo, i gcás ina ndéantar tagairt do chearta an duine, tuigtear leis sin go bhfuil saoirsí bunúsacha ar áireamh ann freisin.

Airteagal 3

Cuspóirí na hIonstraime

1.   Is iad cuspóirí ginearálta na hIonstraime:

(a)

seasamh le luachanna, prionsabail agus bunleasanna an Aontais agus iad a chur chun cinn ar fud an domhain chun cuspóirí agus prionsabail ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a shaothrú, mar a leagtar síos in Airteagal 3(5) agus in Airteagail 8 agus 21 CAE, agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le laghdú, agus go fadtéarmach, díothú na bochtaineachta, le tacaíocht a thabhairt don daonlathas agus é a chur chun cinn agus a chomhdhlúthú, agus leis an smacht reachta agus le hurraim do chearta an duine, le forbairt inbhuanaithe agus leis an athrú aeráide a chomhrac agus aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta agus ar an easáitiú éigeantais, lena n-áirítear na bunchúiseanna atá leo;

(b)

rannchuidiú le hiltaobhachas a chur chun cinn, le baint amach na ngealltanas agus cuspóirí idirnáisiúnta ar aontaigh an tAontas leo, go háirithe na SFInna, Clár Oibre 2030 agus Comhaontú Pháras;

(c)

comhpháirtíochtaí níos láidre le tríú tíortha, lena n-áirítear le tíortha Bheartas Chomharsanachta na hEorpa, a chur chun cinn, ar comhpháirtíochtaí iad atá bunaithe ar leasanna frithpháirteacha agus ar úinéireacht fhrithpháirteach d'fhonn cobhsú agus dea-rialachas a chothú agus athléimneacht a fhorbairt.

2.   Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha na hIonstraime:

(a)

tacú le hidirphlé agus comhar le tríú tíortha agus le réigiúin sa Chomharsanacht, san Afraic fho-Shahárach, san Áise agus san Aigéan Ciúin, i gCríocha Mheiriceá agus i Muir Chairib, agus an t-idirphlé agus an comhar sin a chothú;

(b)

comhpháirtíochtaí neartaithe speisialta agus comhar polaitiúil feabhsaithe a fhorbairt le tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa, bunaithe ar an gcomhar, ar an tsíocháin, ar an gcobhsaíocht agus ar thiomantas comhroinnte do luachanna uilechoiteanna an daonlathais, an smachta reachta agus an mheasa do chearta an duine, agus é mar aidhm daonlathas domhain inbhuanaithe agus lánpháirtiú socheacnamaíoch céimnitheach chomh maith le teagmhálacha idir daoine a bhaint amach;

(c)

ar an leibhéal domhanda:

(i)

an daonlathas, an smacht reachta, lena n-áirítear sásraí cuntasachta a chosaint, a chur chun cinn agus a thabhairt chun tosaigh, agus cearta an duine a chosaint, a chur chun cinn agus a thabhairt chun tosaigh, lena n-áirítear comhionannas inscne agus cosantóirí chearta an duine a chosaint, lena n-airítear sna himthosca is deacra agus sna cásanna is práinní;

(ii)

tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta;

(iii)

an chobhsaíocht agus an tsíocháin a chothú agus an choinbhleacht a chosc, agus, ar an gcaoi sin, cur le cosaint na sibhialtach; agus

(iv)

aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda eile amhail an t-athrú aeráide, cosaint na bithéagsúlachta agus an chomhshaoil, chomh maith leis an imirce agus an tsoghluaisteacht;

(d)

freagairt go mear:

(i)

ar chásanna géarchéime, éagobhsaíochta agus coinbhleachta, lena n-áirítear iad siúd a d'fhéadfadh teacht as sreabha imirce agus easáitiú éigeantais agus bagairtí hibrideacha;

(ii)

ar dhúshláin athléimneachta, lena n-áirítear tubaistí nádúrtha agus de dhéanamh an duine agus an nasc idir cabhair dhaonnúil agus gníomhaíocht forbartha; agus

(iii)

ar riachtanais agus ar thosaíochtaí bheartas eachtrach an Aontais.

3.   Tomhaisfear an méid a baineadh amach leis na cuspóirí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo trí tháscairí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 41 a úsáid.

4.   Comhlíonfaidh ar a laghad 93 % den chaiteachas faoin Ionstraim na critéir maidir le COF, arna leagan síos ag Coiste Cúnaimh Forbartha ECFE, agus cuirfear, ar an gcaoi sin, le gealltanais chomhchoiteanna i dtaca le COF, lena n-áirítear maidir leis na TLFanna. Cuirfear san áireamh sainiúlacht an chaiteachais a bhaineann leis na tíortha comhpháirtíochta agus na críocha a liostaítear in Iarscríbhinn I.

Airteagal 4

Raon feidhme agus struchtúr

1.   Déanfar cistiú an Aontais faoin Ionstraim a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

(a)

cláir gheografacha;

(b)

cláir théamacha;

(c)

gníomhaíochtaí mearfhreagartha.

2.   Cumhdófar sna cláir gheografacha comhar ar an leibhéal náisiúnta agus comhar ilnáisiúnta sna réimsí seo a leanas:

(a)

an Chomharsanacht;

(b)

an Afraic fho-Shahárach;

(c)

an Áise agus an tAigéan Ciúin;

(d)

Críocha Mheiriceá agus an Mhuir Chairib.

Féadfar na tríú tíortha uile, cé is moite de thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí féideartha mar a shainmhínítear i Rialachán IPA III agus tíortha agus críocha thar lear a chumhdach le cláir gheografacha.

Féadfar cláir gheografacha a bhfuil raon feidhme ilchríochach nó trasréigiúnach acu a bhunú freisin, go háirithe clár uile-Afracach a chlúdaíonn na tíortha Afracacha faoi phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír agus clár a chlúdaíonn tíortha na hAfraice, na Cairibe agus an Aigéin Chiúin faoi phointí (b), (c) agus (d) den chéad fhomhír.

Féadfar aon tír nó críoch a liostaítear in Iarscríbhinn I a chumhdach sna cláir gheografacha sa limistéar comharsanachta.

Chun cuspóirí na hIonstraime a bhaint amach, beidh na cláir gheografacha bunaithe ar na réimsí comhair a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

3.   Cumhdófar leis na cláir théamacha gníomhaíochtaí atá nasctha le saothrú na SFInna ar an leibhéal domhanda sna réimsí seo a leanas:

(a)

Cearta an duine agus an Daonlathas;

(b)

Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta;

(c)

An tSíocháin, an Chobhsaíocht agus Cosc Coinbhleachtaí;

(d)

Dúshláin Dhomhanda.

Féadfar na tríú tíortha uile chomh maith le tíortha agus críocha thar lear a chumhdach le cláir théamacha.

Chun cuspóirí na hIonstraime a bhaint amach, bunófar na cláir théamacha ar na réimsí idirghabhála a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

4.   Leis na gníomhaíochtaí mearfhreagartha beifear in ann gníomhú go luath chun:

(a)

cur leis an tsíocháin, le cobhsaíocht agus le cosc coinbhleachta i gcásanna práinne, i gcásanna géarchéime atá ag teacht chun cinn, agus i gcásanna géarchéime agus iar-ghéarchéime, lena n-áirítear iad siúd a d'fhéadfadh teacht as sreabha imirce agus as an easáitiú éigeantais;

(b)

cur le neartú athléimneachta stát, sochaithe, comhphobal agus daoine aonair, agus le nasc a chruthú idir cabhair dhaonnúil agus gníomhaíocht um fhorbairt, agus, i gcás inarb ábhartha, le cothú na síochána;

(c)

aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus tosaíochtaí bheartas eachtrach an Aontais.

Féadfar na tríú tíortha uile chomh maith le tíortha agus críocha thar lear a chumhdach le gníomhaíochtaí mearfhreagartha.

Chun cuspóirí na hIonstraime a bhaint amach, bunófar na gníomhaíochtaí mearfhreagartha ar na réimsí idirghabhála a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

5.   Is le cláir gheografacha den chuid is mó a chuirfear chun feidhme gníomhaíochtaí faoin Ionstraim.

Beidh gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme trí chláir théamacha comhlántach le gníomhaíochtaí arna gcistiú faoi chláir gheografacha, agus tacófar le tionscnaimh dhomhanda agus thrasréigiúnacha leo arb é is aidhm dóibh spriocanna a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a bhaint amach, go háirithe na SFInna agus Comhaontú Pháras, chomh maith le hearraí poiblí domhanda a chosaint nó aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Lena chois sin, féadfar tabhairt faoi ghníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme trí chláir théamacha i gcás:

(a)

nach mbeidh aon chlár geografach ann;

(b)

ina gcuirfear clár geografach ar fionraí;

(c)

nach mbeidh aon chomhaontú ann maidir leis an ngníomhaíocht leis an tír chomhpháirtíochta lena mbaineann; nó

(d)

nach féidir an ghníomhaíocht a dhéanamh go leordhóthanach le cláir gheografacha.

Beidh gníomhaíochtaí mearfhreagartha comhlántach le cláir gheografacha agus théamacha. Ceapfar agus cuirfear chun feidhme na gníomhaíochtaí mearfhreagartha sin chun gur féidir, i gcás inarb ábhartha, iad a choinneáil ar bun faoi chláir gheografacha nó théamacha.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun Iarscríbhinní II, III agus IV a leasú.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 faoin 31 Nollaig 2021 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha lena leagtar amach:

(a)

sainchuspóirí agus réimsí tosaíochta comhair a bhaintear as na limistéir chomhoibrithe do na cláir gheografacha in Iarscríbhinn II, lena n-áirítear beartú tosaíochta, do na fo-réigiúin seo a leanas: Comharsanacht an Deiscirt, Comharsanacht an Oirthir, an Afraic Thiar, an Afraic Thoir agus an Afraic Láir, Deisceart na hAfraice agus an tAigéan Indiach, an Mheánoirthear, an Áise Láir, an Áise Theas, an Áise Thuaidh, an Áise Thoir Theas, an Aigéan Ciúin, Críocha Mheiriceá agus Muir Chairib;

(b)

spriocanna téamacha táscacha le haghaidh an cholúin gheografaigh; agus

(c)

leithdháiltí táscacha airgeadais don Afraic Thiar, an Afraic Thoir agus an Afraic Láir, Deisceart na hAfraice agus fo-réigiúin an Aigéin Indiaigh.

Déanfar an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a athbhreithniú sa mheastóireacht mheántéarma dá dtagraítear in Airteagal 42(2).

Airteagal 5

Comhsheasmhacht, comhleanúnachas, sineirgí agus comhlántacht

1.   Agus an Ionstraim seo á chur chun feidhme, áiritheofar comhsheasmhacht, comhleanúnachas, sineirgí agus comhlántacht le gach réimse de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena n-áirítear ionstraimí eile maoinithe sheachtraigh, agus le beartais agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais, chomh maith le comhleanúnachas beartas ar mhaithe le forbairt.

Chun na críche sin, tabharfaidh an tAontas aird ar an tionchar atá ag gach beartas inmheánach agus seachtrach ar an bhforbairt inbhuanaithe, agus féachfaidh sé le sineirgí agus comhlántachtaí méadaithe a chur chun cinn, go háirithe maidir leis an mbeartas trádála, comhar eacnamaíoch agus comhar le hearnálacha eile.

2.   Gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1257/96, ní chisteofar iad faoin Ionstraim.

3.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin Ionstraim ranníocaíocht a fháil ó chlár eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Leis an Ionstraim seo, féadfar ranníocaíochtaí a dhéanamh le bearta arna mbunú faoi Chláir eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

Airteagal 6

Buiséad

1.   EUR 79 462 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme na hIonstraime don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Áireofar an méid a leanas san imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1:

(a)

EUR 60 388 000 000 le haghaidh cláir gheografacha:

an Chomharsanacht: EUR 19 323 000 000 ar a laghad,

an Afraic fho-Shahárach: EUR 29 181 000 000 ar a laghad,

an Áise agus an tAigéan Ciúin: EUR 8 489 000 000,

Críocha Mheiriceá agus Muir Chairib: EUR 3 395 000 000;

(b)

EUR 6 358 000 000 le haghaidh cláir théamacha:

Cearta an Duine agus an Daonlathas: EUR 1 362 000 000,

Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta: EUR 1 362 000 000,

An tSíocháin, an Chobhsaíocht agus Cosc Coinbhleachtaí: EUR 908 000 000,

Dúshláin Dhomhanda: EUR 2 726 000 000;

(c)

EUR 3 182 000 000 le haghaidh gníomhaíochtaí mearfhreagartha.

3.   Leis an gcúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn, ina mbeidh EUR 9 534 000 000, déanfar na méideanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 2 den Airteagal seo a mhéadú i gcomhréir le hAirteagal 17.

4.   Comhfhreagróidh an t-imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 do 75 % ar a laghad den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1.

5.   Déanfar gníomhaíochtaí faoi Airteagal 9 a mhaoiniú suas le EUR 270 000 000. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an méid sin a leasú.

Airteagal 7

Creat beartais

Is éard a bheidh sa chreat beartais foriomlán le haghaidh chur chun feidhme na hIonstraime, na comhaontaithe comhlachais, na comhaontaithe comhpháirtíochta agus comhair, na comhaontuithe iltaobhacha a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu agus comhaontuithe eile lena mbunaítear caidreamh atá ceangailteach ó thaobh dlí idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta chomh maith le conclúidí ón gComhairle Eorpach, conclúidí ón gComhairle, dearbhuithe ó chruinnithe mullaigh nó conclúidí ó chruinnithe le tíortha comhpháirtíochta ar leibhéal na gceann stáit nó rialtais nó na n-airí, rúin ó Pharlaimint na hEorpa, teachtaireachtaí ón gCoimisiún agus ó Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”).

Airteagal 8

Prionsabail ghinearálta

1.   Féachfaidh an tAontas le prionsabail an daonlathais, an dea-rialachais, an smachta reachta, an mheasa do chearta an duine, lena n-áirítear uilechoitinne agus do-dhealaitheacht chearta an duine, na saoirsí bunúsacha agus meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta ar a bhfuil sé fothaithe a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chomhdhlúthú, trí dhialóg agus trí chomhar le tíortha comhpháirtíochta, réigiúin agus an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear trí ghníomhaíocht i bhfóraim iltaobhacha.

2.   Leis an Ionstraim, cuirfear cur chuige i bhfeidhm atá bunaithe ar chearta lena gcuimseofar cearta uile an duine, bídís sibhialta nó polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta nó cultúrtha chun prionsabail chearta an duine a chomhtháthú, chun tacú le sealbhóirí na gceart sin iad a éileamh ag díriú ar dhaoine agus ar ghrúpaí níos boichte, imeallaithe agus ar dhaoine agus ar ghrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, agus chun cúnamh a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta a n-oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a chur chun feidhme. Ba cheart an cur chuige sin a threorú leis an bprionsabal nach bhfágfar aon duine ar leataobh, prionsabal an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe ar aon fhoras.

3.   Leis an Ionstraim, déanfar comhionannas inscne, cearta na mban agus na gcailíní, cumhachtú agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn ar aon fhoras, trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe agus príomhshruthaithe a dhéanamh. Leis an Ionstraim, tabharfar aird ar leith ar chearta an linbh agus ar chumhachtú an aosa óig freisin.

4.   Cuirfear an Ionstraim chun feidhme i gcomhréir go hiomlán le tiomantas an Aontais do chur chun cinn, cosaint agus comhlíonadh chearta uile an duine agus do chur chun feidhme iomlán éifeachtach Chlár Oibre Bhéising don Ghníomhaíocht, agus Chlár Gníomhaíochta na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt agus do pé toradh a bheidh ar a gcuid comhdhálacha athbhreithnithe agus sa chomhthéacs sin, tá an tAontas tiomanta do shláinte agus do chearta gnéis agus atáirgthe i gcónaí. Agus an méid sin á mheabhrú aige, leis an Ionstraim, tacófar le tiomantas an Aontais do chur chun cinn, cosaint agus comhlíonadh na gceart atá ag gach aon duine smacht iomlán a bheith acu, agus cinneadh a dhéanamh gan bhac agus ar bhealach freagrach, maidir le hábhair a bhaineann lena ngnéasacht agus lena sláinte gnéis agus atáirgthe, agus sin saor ó idirdhealú, ó chomhéigean agus ó fhoréigean. Tacóidh sé leis an ngá le rochtain uilíoch ar fhaisnéis ardchaighdeáin, inacmhainne, chuimsitheach, faoin sláinte gnéis agus atáirgthe, agus ar an oideachas, lena n-áirítear oideachas cuimsitheach gnéis, agus seirbhísí cúraim sláinte.

5.   Tacóidh an tAontas, mar is iomchuí, le cur chun feidhme an chomhair agus an idirphlé dhéthaobhaigh, réigiúnaigh agus iltaobhaigh, comhaontuithe comhlachais agus trádála, comhaontuithe comhpháirtíochta agus an chomhair thriantánaigh.

Déanfaidh an tAontas cur chuige iltaobhach atá bunaithe ar rialacha agus ar luachanna i leith earraí agus dúshláin dhomhanda a chur chun cinn, agus oibreoidh sé i gcomhar leis na Ballstáit, le tíortha comhpháirtíochta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le deontóirí eile i ndáil leis sin.

Cuirfidh an tAontas an t-iltaobhachas éifeachtach chun cinn trí chomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le deontóirí eile a chothú.

San idirphlé polaitiúil rialta leis na tíortha comhpháirtíochta, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas a chur san áireamh agus a ardú - a gcuntas teiste i dtaca le hoibleagáidí agus gealltanais a chur chun feidhme, lena n-áirítear Clár Oibre 2030, coinbhinsiúin idirnáisiúnta um chearta an duine, agus coinbhinsiúin eile, lena n-áirítear iad siúd maidir le caighdeáin sábháilteachta núicléiche, comhaontuithe idirnáisiúnta, go háirithe Comhaontú Pháras agus caidreamh conarthach leis an Aontas, go háirithe comhaontuithe comhlachais, comhaontuithe comhpháirtíochta agus comhair agus comhaontuithe trádála.

6.   Beidh an comhar idir an tAontas agus na Ballstáit, ar lámh amháin, agus tíortha comhpháirtíochta, ar an lámh eile, bunaithe ar phrionsabail éifeachtacht na forbartha, i gcás inarb infheidhme, ar fud na módúlachtaí uile, eadhon: úinéireacht na dtosaíochtaí forbartha ag tíortha comhpháirtíochta, díriú ar thorthaí, comhpháirtíochtaí cuimsitheacha don fhorbairt, trédhearcacht agus cuntasacht fhrithpháirteach. Cuirfidh an tAontas chun cinn slógadh agus úsáid acmhainní atá éifeachtach agus éifeachtúil.

I gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta cuimsithí agus na trédhearcachta, i gcás inarb iomchuí, áiritheoidh an Coimisiún go rachfar i gcomhairle go hiomchuí le geallsealbhóirí ábhartha tíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla, agus go mbeidh rochtain thráthúil acu ar fhaisnéis ábhartha sa chaoi gur féidir leo a bheith páirteach go leordhóthanach agus ról fónta a bheith acu i gceapadh, cur chun feidhme agus próisis faireacháin ghaolmhara na gclár. I gcás inarb iomchuí, áiritheoidh an Coimisiún freisin go leanfar d'idirphlé feabhsaithe leis an earnáil phríobháideach.

I gcomhréir le prionsabal na húinéireachta, tabharfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tús áite d'úsáid institiúidí agus córas tíortha comhpháirtíochta chun cláir a chur chun feidhme.

7.   Chun comhlántacht agus éifeachtúlacht a ngníomhaíochtaí agus a dtionscnamh a chur chun cinn, áiritheoidh an tAontas agus na Ballstáit comhordú a mbeartas, agus rachaidh siad i gcomhairle le chéile go rialta maidir lena gcláir chúnaimh, lena n-áirítear in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus le linn comhdhálacha idirnáisiúnta.

Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit a gcláir tacaíochta faoi seach a chomhordú agus é mar aidhm leis sin éifeachtacht agus éifeachtúlacht a mhéadú.

Cothóidh an tAontas cuimsitheacht i gcur chun feidhme na hIonstraime agus sa chomhar leis na Ballstáit, ag féachaint le breisluach a uasmhéadú agus taithí agus acmhainneachtaí á gcur san áireamh, agus ar an gcaoi sin, treiseofar leasanna agus luachanna comhroinnte agus spriocanna coiteanna. Cothóidh an tAontas malartú dea-chleachtas agus comhroinnt eolais idir comhlachtaí agus saineolaithe na mBallstát.

8.   Le cláir agus gníomhaíochtaí faoin Ionstraim, déanfar comhrac an athraithe aeráide, cosaint an chomhshaoil, cearta an duine, an daonlathas agus comhionannas inscne, agus i gcás inarb ábhartha, laghdú riosca tubaiste a phríomhshruthú, agus díreofar ar idirnaisc idir SFInna, chun gníomhaíochtaí comhtháite a chur chun cinn lenar féidir comhthairbhí a chruthú agus cuspóirí éagsúla a chomhlíonadh ar bhealach chomhleanúnach. Beidh na cláir agus na gníomhaíochtaí seo bunaithe ar anailís chuimsitheach ildisciplíneach ar chomhthéacs, acmhainneachtaí, rioscaí agus leochaileachtaí, comhtháthófar cur chuige athléimneach leo agus beidh siad íogair ó thaobh coinbhleachta de ag cur cosc coinbhleachta agus cothú na síochána san áireamh. Beidh siad á dtreorú ag prionsabal na neamhdhíobhála agus ag an bprionsabal “gan aon duine a fhágáil ar leataobh”.

9.   Cuirfear chun cinn leis an Ionstraim seo úsáid an digitithe mar chumasóir cumhachtach don fhorbairt inbhuanaithe agus don fhás cuimsitheach.

10.   Saothrófar cur chuige níos comhordaithe, iomlánaíoch agus struchtúrtha i leith na himirce i gcomhar le comhpháirtithe, agus an tábhacht a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta agus an easáitithe éigeantais á cur san áireamh. Leis an gcur chuige sin, bainfear an tairbhe is mó is féidir as sineirgí agus tógfar comhpháirtíochtaí cuimsitheacha, agus aird ar leith á tabhairt ar na tíortha tionscnaimh agus idirthurais. Déanfar na huirlisí iomchuí uile agus an ghiaráil is gá a chomhcheangal leis trí chur chuige solúbtha spreagthach agus, de réir mar is iomchuí sa chomhthéacs sin, athruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar leithdháileadh cistiúcháin a bhaineann leis an imirce i gcomhréir le prionsabail chlársceidealaithe na hIonstraime. Cuirfear san áireamh ann comhar éifeachtach agus cur chun feidhme chomhaontaithe agus idirphléití an Aontais maidir le himirce. Cuirfear na gníomhaíochtaí sin chun feidhme agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus um dhídeanaithe, inniúlachtaí an Aontais agus inniúlachtaí náisiúnta. Déanfar measúnú ar éifeachtacht an chur chuige sin ar bhonn bliantúil nó de réir mar is gá. Déanfar gníomhaíochtaí de bhun na nIonstraime a bhaineann le himirce a chur chun feidhme chun tacú le cuspóirí beartais an Aontais maidir le himirce trí shásra solúbtha cistiúcháin.

11.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar gníomhaíochtaí a ghlacfar faoin Ionstraim i ndáil le comhrac na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe, leis an gcibearshlándáil agus le comhrac na cibearchoireachta, agus le forbairt acmhainneachta gníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt a chur chun feidhme i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear cearta idirnáisiúnta an duine agus an dlí daonnúil. Chuige sin, bunóidh an Coimisiún creat iomchuí measúnaithe riosca agus faireacháin. Sa chreat sin, forbróidh an Coimisiún treoir oibríochtúil chun a áirithiú go gcuirfear cearta an duine san áireamh agus na gníomhaíochtaí sin á gceapadh agus á gcur chun feidhme.

Bunófar gníomhaíochtaí den sórt sin ar anailís rialta stóinsithe ar choinbhleachtaí chun íogaireacht choinbhleachta a áirithiú agus chun cur chuige i leith athchóiriú na hearnála slándála a chur chun feidhme lena gcuirfear le rialachas daonlathach, le cuntasacht agus le slándáil an duine, lena n-áirítear sochair don phobal áitiúil. Beidh na bearta sin fite fuaite, i gcás inarb ábhartha, i gcomhthéacs cúnaimh níos fadtéarmaí arb é is aidhm dó an earnáil slándála a athchóiriú.

12.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta agus, ar thionscnamh aon cheann de na trí institiúid sin, beidh malartú tuairimí acu leo, lena n-áirítear maidir leis an gcur chuige dreasachtbhunaithe a fhreagraíonn d'fheidhmíocht i bpríomhréimsí dá dtagraítear in Airteagal 20. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa malartuithe rialta tuairimí a thionól leis an gCoimisiún maidir lena cláir chúnaimh féin, i ndáil le hábhair amhail fothú acmhainneachta, lena n-áirítear idirghabháil agus idirphlé gaolmhar, agus breathnóireacht toghcháin.

13.   Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a mhalartú ar bhonn rialta leis an tsochaí shibhialta.

14.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún creataí bainistithe riosca a cheapadh agus a leanúint, lena n-áirítear bearta measúnaithe agus maolaithe.

15.   Cistiú ón Aontas faoin Ionstraim, ní bhainfear úsáid as chun maoiniú a chur ar fáil ar mhaithe le hairm nó armlón a fháil, nó chun oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta i gceist leo a mhaoiniú.

Airteagal 9

Fothú acmhainneachta na ngníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt

1.   Chun rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe nach mór sochaithe cobhsaí síochánta cuimsitheacha a bhaint amach lena haghaidh, féadfar cúnamh ón Aontais faoin Ionstraim a úsáid i gcomhthéacs athbhreithniú níos leithne ar an earnáil slándála chun acmhainneacht na ngníomhaithe míleata i dtíortha comhpháirtíochta a fhothú, faoi na dálaí eisceachtúla a leagtar amach i mír 3, chun gníomhaíochtaí forbartha agus slándáil do ghníomhaíochtaí forbartha a sholáthar.

2.   Maidir leis an gcúnamh de bhun an Airteagail seo, féadfar a chumhdach leis, go háirithe, soláthar clár maidir le fothú acmhainneachta chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt, lena n-áirítear oiliúint, meantóireacht agus comhairle, mar aon le soláthar trealaimh, feabhsuithe ar an mbonneagar agus seirbhísí a bhaineann go díreach leis an gcúnamh sin.

3.   Ní chuirfear cúnamh ar fáil de bhun an Airteagail seo ach i gcás:

(a)

nach féidir ceanglais a chomhlíonadh trí dhul ar iontaoibh gníomhaithe neamh-mhíleata chun cuspóirí an Aontais faoin Ionstraim a bhaint amach agus go bhfuil feidhmiú na n-institiúidí stáit faoi bhagairt, nó go bhfuil cosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha faoi bhagairt agus nach féidir leis na hinstitiúidí stáit déileáil leis an mbagairt sin a thuilleadh; agus

(b)

ina bhfuil comhdhearcadh ann idir an tír chomhpháirtíochta lena mbaineann agus an tAontas go bhfuil an-tábhacht ag baint le gníomhaithe míleata chun na coinníollacha atá ríthábhachtach don fhorbairt inbhuanaithe a chaomhnú, a bhunú nó a athbhunú, lena n-áirítear i ngéarchéimeanna nó i gcomhthéacsanna agus cásanna leochaileacha nó díchobhsaithe.

4.   Ní úsáidfear cúnamh ón Aontas de bhun an Airteagail seo chun fothú acmhainneachta do ghníomhaithe míleata a mhaoiniú chun críoch seachas gníomhaíochtaí forbartha agus slándáil do ghníomhaíochtaí forbartha a sholáthar. Go háirithe, ní úsáidfear cúnamh ón Aontas chun aon cheann díobh seo a leanas a mhaoiniú:

(a)

caiteachas míleata a thagann chun cinn go tráthrialta;

(b)

soláthar arm agus armlón, ná aon trealamh eile a cheaptar chun fórsa marfach a thabhairt;

(c)

oiliúint atá ceaptha go sonrach chun cur le hacmhainneacht troda na bhfórsaí armtha.

5.   Nuair atá bearta á gceapadh agus á gcur chun feidhme de bhun an Airteagail seo, déanfaidh an Coimisiún úinéireacht na mbeart sin faoin tír chomhpháirtíochta a chur chun cinn. Forbróidh sé freisin na heilimintí riachtanacha agus na dea-chleachtais is gá chun inbhuanaitheacht agus cuntasacht sa mheántéarma agus san fhadtéarma a áirithiú agus cuirfidh sé an smacht reachta agus prionsabail sheanbhunaithe an dlí idirnáisiúnta chun cinn.

TEIDEAL II

AN IONSTRAIM A CHUR CHUN FEIDHME

CAIBIDIL I

Clársceidealú

Airteagal 10

Raon feidhme na gclár geografach

1.   Chun cuspóirí na hIonstraime a bhaint amach, déanfar cláir gheografacha a tharraingt suas as na réimsí comhair seo a leanas:

(a)

an dea-rialachas, an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine, lena n-áirítear comhionannas inscne;

(b)

deireadh a chur leis an mbochtaineacht, neamhionannais agus an t-idirdhealú a chomhrac, agus forbairt an duine a chur chun cinn;

(c)

imirce, easáitiú éigeantais agus an tsoghluaisteacht;

(d)

an comhshaol agus an t-athrú aeráide;

(e)

forbairt eacnamaíoch chuimsitheach inbhuanaithe agus fostaíocht chuibhiúil;

(f)

síocháin, cobhsaíocht agus cosc coinbhleachtaí;

(g)

comhpháirtíocht.

2.   In Iarscríbhinn II, leagtar amach mionsonraí breise faoi gach ceann de na réimsí comhair dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 11

Raon feidhme na gclár téamach

1.   D’fhonn cuspóirí na hIonstraime a bhaint amach, cuimseoidh na cláir théamacha na réimsí idirghabhála seo a leanas:

(a)

Cearta an Duine agus an Daonlathas:

(i)

bunluachanna an daonlathais;

(ii)

an smacht reachta, uilíochas;

(iii)

uilechoitinne, do-dhealaitheacht agus idirthuilleamaíocht chearta an duine;

(iv)

meas ar dhínit an duine;

(v)

prionsabail an neamh-idirdhealaithe, an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta;

(vi)

meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine.

(b)

Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta:

(i)

sochaí shibhialta atá cuimsitheach, rannpháirteach, cumhachtaithe agus neamhspleách agus spás daonlathach sna tíortha comhpháirtíochta;

(ii)

idirphlé cuimsitheach agus oscailte le gníomhaithe na sochaí shibhialta agus eatarthu;

(iii)

feasacht, tuiscint, eolas agus rannpháirtíocht shaoránaigh na hEorpa maidir le saincheisteanna forbartha;

(c)

An tSíocháin, an Chobhsaíocht agus Cosc Coinbhleachtaí:

(i)

cúnamh do chosc coinbhleachtaí, do chothú na síochána agus don ullmhacht géarchéime;

(ii)

cúnamh chun tabhairt faoi bhagairtí domhanda trasréigiúnacha agus bagairtí atá ag teacht chun cinn;

(d)

Dúshláin Dhomhanda:

(i)

sláinte;

(ii)

oideachas;

(iii)

comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní;

(iv)

leanaí agus an tAos Óg;

(v)

imirce, easáitiú éigeantais agus an tsoghluaisteacht;

(vi)

obair chuibhiúil, cosaint shóisialta, neamhionannas agus cuimsiú;

(vii)

cultúr;

(viii)

comhshaol folláin a áirithiú agus dul i ngleic leis an athrú aeráide;

(ix)

fuinneamh inbhuanaithe;

(x)

fás inbhuanaithe cuimsitheach, poist chuibhiúla agus rannpháirtíocht na hearnála príobháidí;

(xi)

slándáil bia agus cothaithe;

(xii)

ról na núdarás áitiúil mar ghníomhaithe forbartha a neartú tríd an méid seo a leanas;

(xiii)

sochaithe cuimsitheacha agus tionscnaimh il-gheallsealbhóirí, dea-rialachas eacnamaíoch a chur chun cinn, lena n-áirítear ioncam intíre a shlógadh ar bhealach cothrom cuimsitheach;

(xiv)

tacú le measúnú agus doiciméadú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le prionsabail na comhpháirtíochta agus na héifeachtachta a chur chun feidhme.

2.   In Iarscríbhinn III, leagtar amach mionsonraí breise faoi gach ceann de na réimsí comhair dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 12

Cur chuige ginearálta um chlársceidealú

1.   Clársceidealófar comhar agus idirghabháil faoin Ionstraim seo, cé is moite de ghníomhaíochtaí mearfhreagartha dá dtagraítear in Airteagal 4(4).

2.   Ar bhonn Airteagal 7, bunófar aon chlársceidealú a dhéanfar faoin Ionstraim seo ar an méid seo a leanas:

(a)

sna doiciméid chlársceidealaithe beidh creat comhleanúnach le haghaidh comhar idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta nó réigiúin chomhpháirtíochta, creat a bheidh comhsheasmhach le cuspóir foriomlán agus le raon feidhme, cuspóirí, prionsabail a leagtar amach faoin Rialachán seo;

(b)

agus na doiciméid chlársceidealaithe á ndréachtú do thíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta i gcásanna géarchéime nó iar-ghéarchéime, nó i gcásanna leochaileachta nó laige, cuirfear riachtanais speisialta agus dálaí na dtíortha comhpháirtíochta nó na réigiún chomhpháirtíochta lena mbaineann agus a bpobail san áireamh mar is iomchuí trí anailís choinbhleachta a dhéanamh chun íogaireacht choinbhleachta a áirithiú; i gcás ina mbeidh baint dhíreach ag tíortha comhpháirtíochta nó ag réigiúin chomhpháirtíochta le cás géarchéime nó iar-ghéarchéime nó laige, le hiar-ghéarchéim nó le cás leochaileachta, nó ina ndéantar difear do na tíortha nó na réigiúin leis na nithe sin, leagfar béim ar leith ar dhlús a chur leis an gcomhordú idir na gníomhaithe ábhartha uile chun cuidiú leis an aistriú ó chás éigeandála go céim na forbartha inbhuanaithe agus na síochána cobhsaí, lena n-áirítear cosc foréigin;

(c)

Áiritheoidh an tAontas agus na Ballstáit go rachaidh siad i gcomhairle le chéile ar bhonn cuimsitheach ag céim luath den phróiseas clársceidealaithe, agus lena linn, d'fhonn comhleanúnachas, comhlántacht agus comhsheasmhacht a chur chun cinn i measc a ngníomhaíochtaí comhair. Is é a bheidh sa chlársceidealú comhpháirteach an cur chuige tosaíochta i gcomhair clársceidealú náisiúnta agus beidh a chur chun feidhme solúbtha, cuimsitheach agus tiomáinte ar leibhéal na tíre. Ba cheart an clársceidealú comhpháirteach a bheith ar oscailt do dheontóirí agus gníomhaithe idirnáisiúnta ábhartha eile i gcás ina measfaidh an tAontas agus na Ballstáit sin a bheith ábhartha; anuas air sin, féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit le tacaíocht a chur ar fáil do na tíortha comhpháirtíochta trí chur chun feidhme comhpháirteach i gcás ar bith inarb iomchuí sin;

(d)

Spreagfaidh an tAontas go luath agus le linn an phróisis clársceidealaithe idirphlé tráthrialta cuimsitheach il-gheallsealbhóra le deontóirí agus gníomhaithe eile, lena n-áirítear údaráis áitiúla, ionadaithe na sochaí sibhialta, fondúireachtaí agus an earnáil phríobháideach, i gcás inarb ábhartha, chun a rannchuidiú faoi seach a éascú, de réir mar is iomchuí, agus chun a áirithiú go mbeidh ról fóinteach acu sa phróiseas clársceidealaithe;

(e)

leis an gclár téamach um Chearta an Duine agus an Daonlathas agus an clár téama um Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 4(3), faoi seach, tabharfar cúnamh go neamhspleách ar thoiliú rialtas agus údarás poiblí eile na dtríú tíortha lena mbaineann; leis na cláir théamacha sin, tacófar go príomha le gníomhaithe na sochaí sibhialta ar gach leibhéal, agus aird á tabhairt ar fhoirmeacha agus ar mhodhanna cur chun feidhme, dá dtagraítear in Airteagal 27(3).

Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi thoradh na gcomhairliúchán arna mbeartú faoi phointí (c) agus (d) den chéad fhomhír.

3.   Beidh na doiciméid chlársceidealaithe torthaí-bhunaithe agus cuimseoidh siad, i gcás inar féidir, spriocanna agus táscairí soiléire. Beidh na táscairí bunaithe, i gcás inarb iomchuí, ar spriocanna agus táscairí a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, go háirithe orthu siúd a leagtar amach do na SFInna, agus ar chreata torthaí ar leibhéal tíre, chun an méid a chuireann an tAontas le torthaí, ar leibhéil na n-aschur, na dtorthaí agus an tionchair a mheas agus a chur in iúl.

Airteagal 13

Prionsabail chlársceidealaithe le haghaidh cláir gheografacha

1.   Beidh clársceidealú clár geografach bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

(a)

gan dochar do mhír 5, beidh gníomhaíochtaí bunaithe, a mhéid is féidir, ar dhialóg luath, leanúnach, cuimsitheach idir an tAontas, na Ballstáit agus na tíortha comhpháirtíochta lena mbaineann, lena n-áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, ina mbeidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, parlaimintí náisiúnta, réigiúnacha, agus áitiúla agus geallsealbhóirí eile páirteach ann, chun úinéireacht dhaonlathach an phróisis a fheabhsú, agus chun tacaíocht do straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha a mholadh;

(b)

i gcás inarb iomchuí, déanfar an chlárthréimhse a shioncronú agus a ailíniú le timthriallta straitéiseacha na dtíortha comhpháirtíochta;

(c)

mar chuid den chlársceidealú féadfar gníomhaíochtaí comhair a bheartú a chisteofar as leithdháiltí éagsúla a leagtar amach in Airteagal 6(2) agus ó Chláir eile de chuid an Aontais de réir a mbunghníomhartha.

2.   Mar chuid de chlársceidealú na gclár geografach, cuirfear ar fáil creat comhair sonrach saincheaptha bunaithe ar na nithe seo a leanas:

(a)

riachtanais na gcomhpháirtithe, arna ndéanamh amach ar bhonn critéir shonracha, agus an daonra, bochtaineacht, neamhionannais, forbairt an duine, leochaileacht eacnamaíoch agus chomhshaoil, agus athléimneacht an stáit agus na sochaí á gcur san áireamh, chomh maith le tionchar géarchéimeanna fadtréimhseacha a tharlaíonn arís agus arís eile;

(b)

cumas agus tiomantas na gcomhpháirtithe do chur chun cinn luachanna, prionsabal agus leasanna comhroinnte, lena n-áirítear cearta an duine, saoirsí bunúsacha, an daonlathas, an smacht reatha, an dea-rialachas, comhrac an éillithe, spás sibhialta oscailte agus comhionannas inscne, chomh maith le tacú le comhspriocanna agus le comhghuaillíochtaí iltaobhacha agus comhar iltaobhach, le córas idirnáisiúnta riailbhunaithe, mar aon le cur chun cinn thosaíochtaí an Aontais;

(c)

gealltanais na gcomhpháirtithe, lena n-áirítear na gealltanais sin a comhaontaíodh go comhpháirteach leis an Aontas, agus feidhmíocht arna mbunú ar bhonn critéar amhail athchóiriú polaitiúil; agus forbairt eacnamaíoch agus shóisialta, inbhuaine chomhshaoil, agus úsáid éifeachtach na cabhrach, agus sainiúlachtaí agus leibhéal forbartha na dtíortha comhpháirtíochta á gcur san áireamh;

(d)

an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cistiú ón Aontas i dtíortha comhpháirtíochta agus i réigiúin chomhpháirtíochta;

(e)

acmhainneachtaí na gcomhpháirtithe acmhainní baile a shlógadh agus úsáid éifeachtach a bhaint astu, agus rochtain a bheith acu ar acmhainní airgeadais, acmhainní a bhainistiú go trédhearcach chun tacú le tosaíochtaí forbartha náisiúnta agus lena n-acmhainneachtaí ionsúcháin.

3.   Tabharfar tosaíocht do na tíortha a mbeidh an gá is mó acu le cúnamh, go háirithe na TLFanna, tíortha ísealioncaim agus tíortha i gcás géarchéime, iar-ghéarchéime, nó leochaileachta agus laige, lena n-áirítear oileáin bheaga, tíortha i mbéal forbartha agus tíortha talamhiata atá i mbéal forbartha, sa phróiseas leithdháilte acmhainní.

4.   Ina theannta sin, tabharfaidh an tAontas aghaidh ar dhúshláin shonracha na dtíortha meánioncaim agus go háirithe tíortha a chuireann stádas ar ioncam íseal díobh.

5.   Beidh an comhar le tíortha tionsclaíochta dírithe ar chur chun cinn leasanna agus luachanna an Aontais agus ar leasanna agus luachanna frithpháirteacha, agus ar chuspóirí atá comhaontaithe go coiteann agus ar an iltaobhachas.

6.   Rannchuideofar leis an Ionstraim le gníomhaíochtaí arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2021/817. Tarraingeofar suas doiciméad clársceidealaithe amháin ón Rialachán seo ar feadh tréimhse 7 mbliana, agus beidh cistí ón Rialachán IPA III ina gcuid den chlársceidealú sin. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/817 maidir le húsáid na gcistí sin.

Airteagal 14

Doiciméid chlársceidealaithe le haghaidh cláir gheografacha

1.   Cuirfear an Ionstraim chun feidhme i gcás cláir gheografacha trí bhíthin cláir tháscacha ilbhliantúla náisiúnta agus ilnáisiúnta.

2.   Leagfar amach sna cláir ilbhliantúla tháscacha na réimsí tosaíochta arna roghnú lena maoiniú ón Aontas, na cuspóirí sonracha, na torthaí a mbeifear ag súil leo, táscairí feidhmíochta soiléire sonracha agus na leithdháiltí táscacha airgeadais, go foriomlán agus in aghaidh an réimse tosaíochta araon agus, i gcás inarb infheidhme, na modhanna cur chun feidhme.

3.   Beidh na cláir ilbhliantúla tháscacha bunaithe ar na nithe seo a leanas:

(a)

straitéis náisiúnta nó réigiúnach i bhfoirm plean forbartha náisiúnta nó doiciméid den chineál sin a ghlacfaidh an Coimisiún leis mar bhonn don chlár ilbhliantúil táscach comhfhreagrach, tráth a ghlacfar an doiciméad deireanach sin a luadh;

(b)

creat-doiciméad ina leagfar síos an beartas de chuid an Aontais i leith an chomhpháirtí nó na gcomhpháirtithe lena mbaineann, lena n-áirítear doiciméad comhpháirteach idir an tAontas agus Ballstáit;

(c)

doiciméad comhpháirteach idir an tAontas agus an comhpháirtí nó na comhpháirtithe lena mbaineann ina leagfar amach tosaíochtaí coiteanna agus gealltanais fhrithpháirteacha.

4.   Chun tionchar an chomhair chomhpháirtigh san Aontas a mhéadú, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, cuirfear doiciméad clársceidealaithe comhpháirteach in ionad dhoiciméid chomhpháirteacha an Aontais agus na mBallstát. Ní fhéadfaidh doiciméad clársceidealaithe comhpháirteach teacht in ionad chlár ilbhliantúil an Aontais áfach, ach amháin ar choinníoll go bhformheasfar é i ngníomh chur chun feidhme a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 16, go gcomhlíonfaidh sé Airteagail 12 agus 13, go mbeidh na heilimintí ann a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus go leagfar amach ann roinnt an tsaothair idir an tAontas agus na Ballstáit.

Airteagal 15

Doiciméid clársceidealaithe le haghaidh cláir théamacha

1.   Cuirfear an Ionstraim chun feidhme i gcás cláir théamacha le cláir tháscacha ilbhliantúla.

2.   Leagfar amach sna cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh na gclár téamach straitéis an Aontais, na tosaíochtaí arna roghnú lena maoiniú ag an Aontas, na cuspóirí sonracha, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, táscairí feidhmíochta soiléire sonracha, an staid idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí na bpríomh-chomhpháirtithe i leith an téama lena mbaineann.

I gcás inarb infheidhme, leagfar síos acmhainní agus tosaíochtaí maidir le hidirghabháil don rannpháirtíocht i dtionscnaimh dhomhanda.

3.   Leagfar amach an leithdháileadh airgeadais táscach, go foriomlán, de réir réimse comhair agus de réir tosaíochta sna cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh cláir théamacha. Féadfar an leithdháileadh táscach airgeadais sin a léiriú i bhfoirm raoin.

Airteagal 16

Cláir ilbhliantúla tháscacha a ghlacadh agus a leasú

1.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cláir ilbhliantúla tháscacha dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 15. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2). Beidh an nós imeachta sin i bhfeidhm chomh maith maidir le hathbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo, a bhfuil sé d'éifeacht acu ábhar an chláir ilbhliantúil tháscaigh a mhodhnú go suntasach.

2.   Agus na doiciméid chlársceidealaithe ilbhliantúla comhpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 14 á nglacadh, ní bheidh feidhm ag an gcinneadh ón gCoimisiún ach amháin maidir le rannchuidiú an Aontais leis an doiciméad clársceidealaithe ilbhliantúil comhpháirteach.

3.   Déanfar cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh cláir gheografacha a athbhreithniú tar éis na meastóireachta meántéarma dá dtagraítear in Airteagal 42(2), agus ar bhonn ad hoc de réir mar is gá ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach, go háirithe i gcás ina ndéanfar athruithe substaintiúla ar an gcreat beartais dá dtagraítear in Airteagal 7 nó tar éis cás géarchéime nó iar-ghéarchéime.

4.   Déanfar cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh cláir théamacha a athbhreithniú tar éis na meastóireachta meántéarma dá dtagraítear in Airteagal 42(2), agus ar bhonn ad hoc de réir mar is gá ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach, go háirithe i gcás ina ndéanfar athruithe substaintiúla ar an gcreat beartais dá dtagraítear in Airteagal 7.

5.   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo, amhail géarchéimeanna nó bagairtí láithreacha ar an tsíocháin, ar an daonlathas, ar an smacht reachta, ar chearta an duine nó ar shaoirsí bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún cláir ilbhliantúla tháscacha dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 15 a leasú trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 45(4).

Airteagal 17

An cúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn

1.   Úsáidfear an méid dá dtagraítear in Airteagal 6(3) sna cásanna is mó riachtanas agus a bhfuil údar cuí leo, inter alia:

(a)

chun a áirithiú go bhfreagróidh an tAontas go hiomchuí i gcás imthosca gan choinne;

(b)

chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais nua nó ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn, amhail iad siúd ag teorainneacha an Aontais nó a chomharsan a bhaineann le géarchéime, bíodh sin ina ghéarchéim nádúrtha nó ina ghéarchéim de dhéanamh an duine, le coinbhleacht fhoréigneach agus cásanna iar-ghéarchéime nó brú imirce, go háirithe easáitiú éigeantais;

(c)

chun tionscnaimh nó tosaíochtaí nua faoi stiúir an Aontais nó idirnáisiúnta a chur chun cinn.

2.   Cinnfear úsáid na gcistí sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail 16 agus 25.

Caibidil II

Forálacha sonracha maidir leis an limistéar Comharsanachta

Airteagal 18

Cuspóirí sonracha don limistéar Comharsanachta

I gcomhréir le hAirteagail 3 agus 4, is iad na cuspóirí sonracha a bhaineann le tacaíocht ón Aontas faoin Ionstraim a thabharfar don limistéar Comharsanachta:

(a)

comhar polaitiúil feabhsaithe a chur chun cinn agus daonlathas domhain inbhuanaithe a neartú agus a chomhdhlúthú, cobhsaíocht, dea-rialachas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine;

(b)

tacú le comhaontuithe comhlachais, nó le comhaontuithe eile atá ann cheana féin nó a bheidh ann amach anseo, agus cláir oibre chomhlachais arna gcomhaontú go comhpháirteach agus tosaíochtaí comhpháirtíochta nó doiciméid choibhéiseacha a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí chomhar institiúideach agus fothú acmhainneachta;

(c)

comhpháirtíocht neartaithe le sochaithe a chur chun cinn idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta, agus i measc na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear trí theagmhálacha duine le duine, agus raon leathan gníomhaíochtaí lena ndírítear go sonrach ar an aos óg;

(d)

comhar réigiúnach agus trasteorann a fheabhsú, go háirithe faoi chuimsiú Chomhpháirtíocht an Oirthir, an Aontais don Réigiún Meánmhuirí, agus comhoibriú ar fud limistéar na Comharsanachta Eorpaí mar aon le comhar réigiúnach na Mara Duibhe, an comhar Artach agus Diminsean an Tuaiscirt, lena n-áirítear sna réimsí fuinnimh agus slándála;

(e)

lánpháirtiú céimnitheach i margadh inmheánach an Aontais a bhaint amach mar aon le comhar feabhsaithe earnála agus trasearnála, lena n-áirítear trí chomhfhogasú reachtach agus cóineasú rialála i dtreo noirm agus chaighdeáin an Aontais agus i dtreo noirm agus caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta eile, agus rochtain fheabhsaithe ar an margadh lena n-áirítear trí limistéir shaorthrádála dhoimhne agus chuimsitheacha, trí fhorbairt institiúidí gaolmhara agus trí infheistíocht;

(f)

comhpháirtíochtaí a neartú maidir le himirce agus soghluaisteacht dhea-bhainistithe agus sábháilte agus, i gcás inarb infheidhme agus ar choinníoll go bhfuil coinníollacha soghluaisteachta dea-bhainistithe agus slána i bhfeidhm, tacú leis na córais taistil gan víosa atá ann cheana a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an sásra fionraíochta víosaí athbhreithnithe, idirphléití maidir le léirscaoileadh víosaí agus comhaontuithe agus socruithe déthaobhacha nó réigiúnacha le tríú tíortha, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí soghluaisteachta;

(g)

tacú le cothú muiníne agus le bearta eile a chuireann leis an tslándáil, le cosc agus réiteach coinbhleachtaí, lena n-áirítear tacaíocht do na pobail a ndéanfar difear dóibh, agus don atógáil.

Airteagal 19

Doiciméid chlársceidealaithe agus critéir leithdháilte

1.   I gcás tíortha agus críocha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I, roghnófar réimsí tosaíochta do mhaoiniú ón Aontas go príomha as na réimsí sin a áirítear sna comhaontaithe comhlachais, comhpháirtíochta agus comhair, cláir oibre chomhlachais arna gcomhaontú go comhpháirteach agus tosaíochtaí comhpháirtíochta nó doiciméid ábhartha eile dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(3) atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo arna gcomhaontú go comhpháirteach idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta i bhformáidí déthaobhacha agus iltaobhacha, lena n-áirítear, mar is ábhartha, laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir agus de dhiminsean deisceartach de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na cuspóirí sonracha a leagtar síos in Airteagal 18 agus sna réimsí comhair do na cláir gheografacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   De mhaolú ar Airteagal 13(2) agus (3), tabharfar tacaíocht ón Aontas faoi chláir gheografacha sa limistéar Comharsanachta i bhfoirmeacha agus suimeanna éagsúla, agus an méid seo a leanas á gcur san áireamh, i gcás na tíre comhpháirtíochta:

(a)

a riachtanais, agus táscairí amhail daonra, neamhionannais agus an leibhéal forbartha á n-úsáid;

(b)

a tiomantas i leith cuspóirí polaitiúla, eacnamaíocha, comhshaoil agus athchóirithe sóisialta arna gcomhaontú go comhpháirteach a chur chun feidhme agus an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis sin;

(c)

a tiomantas i leith an daonlathais dhomhain agus inbhuanaithe, an smachta reachta, an dea-rialachais, chearta an duine agus do chomhrac an éillithe agus an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis sin;

(d)

a comhpháirtíocht leis an Aontas, lena n-áirítear leibhéal uaillmhéine na comhpháirtíochta sin;

(e)

a hacmhainneacht ionsúcháin agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an tacaíocht ón Aontas faoin Ionstraim seo uirthi.

3.   Léireofar an tacaíocht ón Aontas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo sna doiciméid chlársceidealaithe do na cláir gheografacha dá dtagraítear in Airteagal 14.

Airteagal 20

Cur chuige dreasachtbhunaithe

1.   Go táscach, mar dhreasacht chun athchóirithe a dhéanamh, leithdháilfear 10 % den imchlúdach airgeadais a leagtar amach sa chéad fhleasc de phointe (a) d'Airteagal 6(2) ar na tíortha comhpháirtíochta agus na críocha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I chun na leithdháiltí táscacha airgeadais tíre dá dtagraítear in Airteagal 14 a fhorlíonadh. Cinnfear leithdháiltí den sórt sin ar bhonn a bhfeidhmíochta agus a ndul chun cinn i dtreo an daonlathais, an dea-rialachais agus an smachta reachta lena n-áirítear comhar leis an tsochaí shibhialta, cearta an duine lena n-áirítear comhionannas inscne, comhar maidir le himirce, rialachas eacnamaíoch agus athchóirithe, go háirithe na hathchóirithe sin a comhaontaíodh go comhpháirteach. Déanfar an dul chun cinn a dhéanfaidh na tíortha comhpháirtíochta a mheasúnú go tráthrialta, go háirithe trí thuarascálacha ar dhul chun cinn a n-áireofar treochtaí iontu le hais na mblianta roimhe sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le tacaíocht don tsochaí shibhialta, le cosc coinbhleachtaí agus cothú na síochána, le teagmhálacha duine le duine, lena n-áirítear comhar idir na húdaráis áitiúla, tacaíocht chun feabhas a chur ar chearta an duine, nó bearta tacaíochta a bhaineann le géarchéim. I gcás meath tromchúiseach nó leantach ar an daonlathas, ar chearta an duine nó ar an smacht reachta, nó méadú ar an mbaol coinbhleachta, déanfar an tacaíocht do na gníomhaíochtaí sin a mhéadú, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí.

Airteagal 21

Cláir tháscacha iltíre

Sna cláir tháscacha iltíre, tabharfar aghaidh ar dhúshláin is coiteann do na tíortha comhpháirtíochta uile nó do roinnt acu, bunaithe ar thosaíochtaí Chomhpháirtíocht an Oirthir agus dhiminsean an deiscirt de Bheartas athbhreithnithe Comharsanachta na hEorpa agus an obair a rinneadh i gcomhthéacs an Aontais don Mheánmhuir á cur san áireamh, mar aon le comhar réigiúnach, trasréigiúnach agus fo-réigiúnach, go príomha idir dhá thír chomhpháirtíochta nó níos mó, lena n-áirítear freisin faoi chuimsiú Dhiminsean an Tuaiscirt agus chomhar réigiúnach Shineirge na Mara Duibhe.

Airteagal 22

Comhar trasteorann

1.   Cumhdóidh comhar trasteorann, mar a shainmhínítear i bpointe (5) den chéad fhomhír d’Airteagal 2 é, comhar feadh teorainneacha tadhlacha seachtracha talún agus mara, comhar trasnáisiúnta thar chríocha trasnáisiúnta móra, nó thart ar imchuacha farraige, chomh maith le comhar idir-réigiúnach.

2.   Ranníocfaidh an limistéar Comharsanachta le cláir comhair trasteorann faoi mar a thagraítear dóibh i mír 1 arna gcómhaoiniú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa faoi chuimsiú Rialachán Interreg. Leithdháilfear suas le 5 % den imchlúdach airgeadais go táscach don limistéar Comharsanachta chun tacú leis na cláir sin.

3.   Déanfar ranníocaíochtaí le cláir comhair trasteorann a shocrú agus a úsáid de bhun Airteagal 10(3) de Rialachán Interreg.

4.   Ní bheidh ráta cómhaoinithe an Aontais os cionn 90 % de chaiteachas incháilithe cláir comhair trasteorann.

5.   Féadfar an réamh-mhaoiniú le haghaidh cláir comhair trasteorann a bheith os cionn an chéatadáin dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán Interreg. Arna iarraidh sin don údarás bainistíochta, do gach bliain airgeadais, féadfaidh an ráta réamh-mhaoiniúcháin a bheith suas le 80 % de ghealltanais bhliantúla an chláir.

6.   Déanfar doiciméad ilbhliantúil straitéise le haghaidh comhar trasteorann ina leagfar amach na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo, déanfar é a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán Interreg.

7.   I gcás ina scoirfear de chláir comhair trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán Interreg, féadfar aon tacaíocht ón imchlúdach airgeadais don limistéar Comharsanachta don chlár ar scoireadh de a bheidh fós ar fáil fós a úsáid go príomha chun cláir eile comhair trasteorann nó aon ghníomhaíocht eile a mhaoiniú faoin imchlúdach airgeadais de réir mar is iomchuí.

CAIBIDIL III

Pleananna gníomhaíochta, bearta agus modhanna cur chun feidhme

Airteagal 23

Pleananna gníomhaíochta agus bearta

1.   Déanfaidh an Coimisiún pleananna gníomhaíochta nó bearta bliantúla agus ilbhliantúla a ghlacadh. Féadfaidh na bearta a bheith i bhfoirm beart aonair, beart speisialta, beart tacaíochta nó beart cúnaimh eisceachtúil. Cuirfear san áireamh i bpleananna gníomhaíochta agus i mbearta an comhthéacs sonrach atá i gceist, agus sonrófar i ngach gníomh na cuspóirí arna saothrú, na torthaí measta agus na príomhghníomhaíochtaí, na modhanna cur chun feidhme, faireacháin agus meastóireachta, chomh maith leis an mbuiséad agus aon chaiteachas tacaíochta gaolmhar.

2.   Beidh pleananna gníomhaíochta bunaithe ar dhoiciméid chlársceidealaithe, ach amháin sna gcásanna dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6. Ullmhófar pleananna gníomhaíochta ar bhealach cuimsitheach, trédhearcach agus tráthúil. Nuair is iomchuí, déanfar pleananna gníomhaíochta a phlé i gcomhpháirt leis na Ballstáit i gcomhthéacs “comhar níos fearr le chéile”.

3.   I gcás inar gá, féadfar gníomhaíocht a ghlacadh mar bheart aonair sula nglacfar na cláir ghníomhaíochta nó ina dhiaidh sin. Beidh bearta aonair bunaithe ar dhoiciméid chlársceidealaithe, ach amháin i gcásanna dá dtagraítear i mír 5 agus i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo.

4.   I gcás riachtanais nó imthosca gan choinne, agus i gcás nach féidir maoiniú a fháil ó fhoinsí níos iomchuí, féadfaidh an Coimisiún bearta speisialta a ghlacadh nach bhforáiltear dóibh sna doiciméid clársceidealaithe.

5.   Féadfar pleananna gníomhaíochta bliantúla nó ilbhliantúla agus bearta aonair a úsáid chun na gníomhaíochtaí mearfhreagartha dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d'Airteagal 4(4) a chur chun feidhme.

6.   Féadfaidh an Coimisiún bearta cúnaimh eisceachtúil a ghlacadh le haghaidh gníomhaíochtaí mearfhreagartha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(4).

Féadfaidh beart cúnaimh eisceachtúil maireachtáil suas le 18 mí agus féadfar 6 mhí sa bhreis, suas le huastréimhse iomlán 30 mí, a chur leis dhá uair i gcás bacainní oibiachtúla gan choinne ar a chur chun feidhme, ar choinníoll nach dtiocfaidh méadú ar an tsuim airgeadais a bhaineann leis an mbeart.

I gcásanna géarchéime agus coinbhleachta fada, féadfaidh an Coimisiún an dara beart cúnaimh eisceachtúil de thréimhse suas le 18 mí a ghlacadh. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo féadfaidh bearta a ghlacadh i gcás inar gá gníomhaíocht an Aontais a bheith leanúnach agus nach féidir í a áirithiú le modhanna eile.

Airteagal 24

Bearta tacaíochta

1.   Féadfar caiteachas tacaíochta a chumhdach le maoiniú ón Aontas le haghaidh chur chun feidhme na hionstraime agus bhaint amach a cuspóirí, lena n-áirítear tacaíocht riaracháin a bhaineann le hullmhúchán, le bearta leantacha, le faireachán, le rialú, le gníomhaíochtaí iniúchóireachta agus meastóireachta is gá le haghaidh an chur chun feidhme sin, mar aon le caiteachas ag an gceannáras agus ag toscaireachtaí an Aontais ar an tacaíocht riaracháin agus chomhordúcháin is gá le haghaidh na hIonstraime agus chun na hoibríochtaí a mhaoinítear faoin Ionstraim, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faisnéise agus chumarsáide agus córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha a bhainistiú.

2.   I gcás nach mbeidh caiteachas tacaíochta ina chuid de na pleananna gníomhaíochta ná na bearta dá dtagraítear in Airteagal 23, glacfaidh an Coimisiún bearta tacaíochta, i gcás inarb infheidhme,. Féadfar maoiniú ón Aontas a chumhdach faoi bhearta tacaíochta:

(a)

staidéir, cruinnithe, faisnéis, múscailt feasachta, oiliúint, ullmhúchán agus malartú ceachtanna a foghlaimíodh agus dea-chleachtas, gníomhaíochtaí foilsithe agus aon chaiteachas eile ar riarachán nó ar chúnamh teicniúil is gá chun gníomhaíochtaí a chlársceidealú agus a bhainistiú, lena n-áirítear saineolaithe seachtracha a íoctar;

(b)

gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus staidéir ar shaincheisteanna iomchuí agus a scaipeadh;

(c)

caiteachais a bhaineann le soláthar faisnéise agus gníomhaíochtaí cumarsáide, lena n-áirítear straitéisí cumarsáide a fhorbairt mar aon le cumarsáid chorparáideach agus infheictheacht thosaíochtaí polaitiúla an Aontais.

Airteagal 25

Pleananna gníomhaíochta agus bearta a ghlacadh

1.   Déanfar pleananna gníomhaíochta agus bearta a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).

2.   Ní gá an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 a úsáid i gcás:

(a)

bearta aonair nach mó an cistiú ón Aontas ná EUR 5 000 000 ina leith;

(b)

bearta speisialta agus tacaíochta mar aon le pleananna gníomhaíochta a glacadh chun gníomhaíochtaí mearfhreagartha a chur chun feidhme nach mó ná EUR 10 000 000 an cistiú ón Aontas lena n-aghaidh;

(c)

bearta cúnaimh eisceachtúil dá dtagraítear in Airteagal 23(4) nach mó ná EUR 20 000 000 an cistiú ón Aontas lena n-aghaidh;

(d)

leasuithe teicniúla ar phleananna gníomhaíochta agus bearta ar choinníoll nach ndéanfaidh na leasuithe sin difear mór do chuspóirí an phlean gníomhaíochta nó an bhirt lena mbaineann, amhail:

(i)

athrú ar an modh cur chun feidhme;

(ii)

an tréimhse chur chun feidhme a shíneadh;

(iii)

athshannadh cistí idir gníomhaíochtaí atá i gclár gníomhaíochta;

(iv)

méaduithe nó laghduithe nach mó ná 20 % den bhuiséad tosaigh agus nach mó ná EUR 10 000 000 ar bhuiséad na bpleananna gníomhaíochta agus beart.

I gcás pleananna gníomhaíochta agus bearta ilbhliantúla, is infheidhme na tairseacha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) agus i bpointe (d)(iv) den chéad fhomhír de mhír 2 ar bhonn bliantúil.

I gcás ina nglacfar iad i gcomhréir leis an mír seo, cuirfear pleananna gníomhaíochta agus bearta, cé is moite de bhearta cúnaimh eisceachtúil, agus leasuithe teicniúla in iúl faoi cheann mí amháin ó ghlacfar iad do Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit tríd an gcoiste ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 45.

3.   Sula nglacfar bearta cúnaimh eisceachtúil nach mó ná EUR 20 000 000, nó sula gcuirfear síneadh leo, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoina gcineál agus faoina gcuspóirí agus faoi na suimeanna airgeadais atá beartaithe. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas sula ndéanfaidh sé athruithe substainteacha ar bhearta cúnaimh eisceachtúil a glacadh cheana. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an cur chuige ábhartha beartais maidir le pleanáil agus cur chun feidhme na mbeart sin tar éis sin, ar mhaithe le comhsheasmhacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

4.   I gcás mórchúiseanna práinne a mbeidh údar cuí leo, amhail tubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine nó bagairtí láithreacha don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine nó do shaoirsí bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún pleananna gníomhaíochta agus bearta a ghlacadh nó leasuithe ar phleananna gníomhaíochta agus bearta atá ann cheana, mar ghníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 45(4).

5.   Tabharfar faoi scagadh iomchuí comhshaoil, lena n-áirítear le haghaidh thionchair an athraithe aeráide agus na bithéagsúlachta, ar leibhéal na ngníomhaíochtaí, i gcomhréir le gníomhartha reachtacha is infheidhme de chuid an Aontais, lena n-áirítear Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42) agus le Treoir 85/337/CEE ón gComhairle (43), arb éard a bheidh iontu, i gcás inarb infheidhme, measúnú tionchair ar an gcomhshaol, lena n-áirítear an tionchar ar an athrú aeráide, ar éiceachórais agus ar an mbithéagsúlacht, le haghaidh gníomhaíochtaí atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de, go háirithe le haghaidh mórbhonneagar nua.

Déanfar measúnuithe ex ante iomchuí eile, ar measúnaithe iad atá comhréireach le cuspóirí agus méideanna na ngníomhaíochtaí agus na mbeart atá beartaithe, chun na himpleachtaí agus na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann a bhaineann leis na gníomhaíochtaí agus na bearta sin a chinneadh i dtaca le cearta an duine, le rochtain ar acmhainní nádúrtha amhail talamh, agus le caighdeáin shóisialta lena n-áirítear i bhfoirm measúnuithe tionchair ar ghníomhaíochtaí móra agus ar bhearta a mheastar a mbeidh tionchar suntasach acu ar na réimsí sin.

I gcás inarb ábhartha, bainfear leas as measúnuithe straitéiseacha comhshaoil, lena n-áirítear an tionchar ar an athrú aeráide, i gcur chun feidhme clár earnála. Áiritheofar rannpháirtíocht geallsealbhóirí leasmhara i measúnuithe comhshaoil mar aon le rochtain phoiblí ar thorthaí measúnuithe den sórt sin.

Airteagal 26

Modhanna comhair

1.   De réir mar a fhoráiltear sa Rialachán Airgeadais, is é an Coimisiún a chuirfidh maoiniú faoin Ionstraim seo chun feidhme - bíodh sin go díreach leis an gCoimisiún, le toscaireachtaí de chuid an Aontais nó le gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, nó go hindíreach le haon cheann de na heintitis a liostaítear i bpointe (c) d'Airteagal 62(1) den Rialachán sin.

2.   Féadfar maoiniú faoin Ionstraim a sholáthar trí bhíthin ranníocaíochtaí le cistí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó náisiúnta, amhail na cistí a bhunaigh nó a bhainistíonn BEI, Ballstáit, tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó deontóirí eile.

3.   Déanfaidh na heintitis a liostaítear i bpointe (c) d'Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais agus contrapháirtithe incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 35(4) den Rialachán seo a n-oibleagáidí tuairiscithe faoi Airteagal 155 den Rialachán Airgeadais a chomhlíonadh go bliantúil. Leagtar síos na hoibleagáidí tuairiscithe d'aon cheann de na heintitis sin sa chomhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais, sa chomhaontú ranníocaíochta, sa chomhaontú maidir le ráthaíocht bhuiséadach nó sa chomhaontú maoiniúcháin.

4.   Féadfar gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Ionstraim a chur chun feidhme trí bhíthin cómhaoiniú comhthreomhar nó cómhaoiniú comhpháirteach.

5.   I gcás cómhaoiniú comhthreomhar, déantar gníomhaíocht a dheighilt ina líon eilimintí atá inaitheanta go soiléir agus déanann na comhpháirtithe éagsúla a chuireann cómhaoiniú ar fáil iad sin a mhaoiniú ar bhealach a fhágann gur féidir úsáid deiridh an mhaoinithe a shainaithint i gcónaí agus dúbailt ar mhaoiniú a sheachaint.

6.   I gcás cómhaoiniú comhpháirteach, déanfar costas iomlán gníomhaíochta a chomhroinnt idir na comhpháirtithe a chuireann an cómhaoiniú ar fáil agus comhthiomsaítear na hacmhainní ar bhealach a fhágann nach féidir an fhoinse maoiniúcháin a shainaithint a thuilleadh le haghaidh aon ghníomhaíochta faoi leith a dhéantar mar chuid den ghníomhaíocht.

7.   Féadfaidh an tAontas agus a chuid comhpháirtithe a bheith ag obair i gcomhar le chéile sna caíonna seo a leanas, mar shampla:

(a)

socruithe triantánacha trína ndéanann an tAontas a chistiú cúnaimh do thír chomhpháirtíochta nó do réigiún comhpháirtíochta a chomhordú le tríú tíortha;

(b)

bearta comhair riaracháin agus theicniúil, chomh maith le hacmhainneacht a fhothú, lena n-áirítear chun taithí na mBallstát ar chur chun feidhme idirthréimhseach nó athchóirithe a chomhroinnt, amhail comhar díláraithe trí chomhpháirtíochtaí nó trí nascadh, idir institiúidí poiblí, lena n-áirítear údaráis áitiúla, comhlachtaí dlí poiblí nó eintitis phríobháideacha dlí a gcuirfear de chúram orthu cúraimí seirbhíse poiblí Ballstáit agus cúraimí seirbhíse poiblí tíre comhpháirtíochta nó réigiúin comhpháirtíochta, mar aon le bearta comhair a mbeidh baint ag saineolaithe ón earnáil phoiblí a sheolfar ó na Ballstáit agus óna n-údaráis réigiúnacha agus áitiúla leo;

(c)

ranníocaíochtaí leis na costais is gá chun comhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach a bhunú agus a riar, lena n-áirítear iad siúd dá measúnú agus dá bhfaireachán neamhspleách, ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta nuair is féidir;

(d)

cláir tacaíochta le haghaidh beartas earnála, trína gcuirfidh an tAontas tacaíocht ar fáil do chlár earnála tíre comhpháirtíochta;

(e)

ranníocaíochtaí le costas rannpháirtíocht na dtíortha i gcláir de chuid an Aontais, agus le gníomhaíochtaí a bhíonn á gcur chun feidhme ag gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais, agus le comhlachtaí agus daoine ar a bhfuil sé de chúram gníomhaíochtaí sonracha atá sa Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála de bhun Theideal V CAE a chur chun feidhme.

Airteagal 27

Foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Féadfar cistiú ón Aontas a chur ar fáil trí bhíthin na gcineálacha maoiniúcháin a bheartaítear sa Rialachán Airgeadais, agus trí bhíthin an mhéid seo a leanas go háirithe:

(a)

deontais;

(b)

conarthaí soláthair le haghaidh seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha;

(c)

tacaíocht bhuiséadach;

(d)

ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais a chuir an Coimisiún ar bun, i gcomhréir le hAirteagal 234 den Rialachán Airgeadais;

(e)

ionstraimí airgeadais;

(f)

ráthaíochtaí buiséadacha;

(g)

oibríochtaí measctha;

(h)

faoiseamh ó fhiachais, i gcomhthéacs clár faoisimh ó fhiachais;

(i)

cúnamh airgeadais;

(j)

saineolaithe seachtracha a íoctar.

2.   Agus é i mbun oibre le geallsealbhóirí tíortha comhpháirtíochta, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla, cuirfidh an Coimisiún a sonraíochtaí san áireamh, lena n-áirítear a riachtanais agus an comhthéacs is ábhartha, nuair a bheidh na módúlachtaí airgeadais, an cineál ranníocaíochta, na módúlachtaí dámhachtana agus na forálacha riaracháin chun deontais a bhainistiú á sainiú aige, d'fhonn dul i dteagmháil leis an réimse is mó is féidir de na geallsealbhóirí sin agus freagairt orthu ar an dóigh is fearr. Ba cheart módúlachtaí sonracha a chothú i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, amhail comhaontuithe comhpháirtíochta, údaruithe tacaíochta airgeadais do thríú páirtithe, glaonna ar thairiscintí dámhachtana dírí nó atá srianta ó thaobh incháilitheachta de, cnapshuimeanna, costais aonaid agus maoiniú ráta comhréidh, chomh maith le maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, mar a bheartaítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

3.   Le cois na gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais, féadfar an nós imeachta dámhachtana dírí a úsáid le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)

deontais ar luach íseal do chosantóirí chearta an duine chun gníomhaíochtaí agus riachtanais phráinneacha cosanta a mhaoiniú, lena n-áirítear trí shásraí chun cosantóirí chearta an duine atá i mbaol a chosaint, agus d'idirghabhálaithe agus do ghníomhaithe eile na sochaí sibhialta a bhfuil baint acu le hidirphlé a bhaineann le géarchéimeanna agus coinbhleachtaí armtha, réiteach coinbhleachtaí, athmhuintearas agus cothú na síochána, i gcás inarb iomchuí gan gá le cómhaoiniú;

(b)

deontais, i gcás inarb iomchuí gan gá a bheith le cómhaoiniú, chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú sna dálaí is deacra i gcás nárbh iomchuí glao ar thograí a fhoilsiú, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil easpa thromchúiseach saoirsí bunúsacha, lena n-áirítear sárú ar cheart an duine, bagairtí ar institiúidí daonlathacha, géarchéim nó coinbhleacht armtha a bheith ag dul in olcas, inar mó an baol do shlándáil an duine, nó ina bhfuil eagraíochtaí agus cosantóirí chearta an duine, idirghabhálaithe agus gníomhaithe eile den tsochaí shibhialta atá bainteach le hidirphlé i dtaca le cásanna géarchéime agus coinbhleachta armtha, le hathmhuintearas agus le cothú na síochána ag oibriú sna dálaí is deacra; ní bheidh na deontais sin os cionn EUR 1 000 000 agus ní bheidh ré na ndeontas sin níos faide ná 18 mí, agus féadfar síneadh 12 mhí a chur leis an tréimhse sin i gcás bacainní oibiachtúla gan choinne ar a gcur chun feidhme;

(c)

deontais d'Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine; agus don Champas Domhanda um Chearta an Duine, don Ionad Eorpach Idir-Ollscoile um Chearta an Duine agus um an Daonlathú, ina gcuirtear Céim Mháistir Eorpach ar fáil i gCearta an Duine agus sa Daonlathú, agus a líonra gaolmhar ollscoileanna ina gcuirtear dioplómaí iarchéime i gcearta an duine ar fáil, lena n-áirítear scoláireachtaí do mhic léinn agus do chosantóirí chearta an duine ó thríú tíortha;

(d)

deontais ar luach íseal d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta a úsáideann, a mhéid is féidir, foirmeacha simplithe maoiniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 125 den Rialachán Airgeadais.

Beidh an tacaíocht bhuiséadach, lena n-áirítear trí chonarthaí feidhmíochta athchóirithe earnála, bunaithe ar úinéireacht na dtíortha, ar chuntasacht fhrithpháirteach agus ar ghealltanais tíortha chomhpháirtíochta, ina gcuirfear san áireamh a dteist agus a ndul chun cinn i leith luachanna uilíocha, an daonlathais chearta an duine agus an smachta reachta, agus tá sí dírithe ar chomhpháirtíochtaí conarthacha a neartú idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta. Áireofar leis sin idirphlé treisithe faoi bheartas, fothú acmhainneachta, agus rialachas feabhsaithe, lena gcomhlánófar iarrachtaí na gcomhpháirtithe níos mó a bhailiú agus a chaitheamh ar bhealach níos fearr chun tacú le fás inbhuanaithe, cuimsitheach agus cruthú post cuibhiúil, lena n-áirítear do dhaoine óga, díothú na bochtaineachta, laghdú neamhionannais, agus chun daonlathais agus sochaithe síochánta a thógáil agus a chomhdhlúthú. Rannchuideoidh tacaíocht bhuiséadach le comhionannas inscne freisin.

Beidh aon chinneadh tacaíocht bhuiséadach a sholáthar bunaithe ar na beartais tacaíochta buiséadaí a chomhaontóidh an tAontas, ar shraith shoiléir de chritéir incháilitheachta agus ar mheasúnú cúramach ar na rioscaí agus ar na tairbhí.

4.   Déanfar difreáil ar thacaíocht bhuiséadach chun gur féidir freagairt ar bhealach níos fearr ar chomhthéacs polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil na tíre comhpháirtíochta, agus cásanna leochaileachta á gcur san áireamh.

Agus an tacaíocht bhuiséadach á cur ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 236 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún sainiú agus faireachán ar chritéir i dtaca le coinníollacht, lena n-áirítear dul chun cinn i leith athchóirithe agus trédhearcachta, agus tabharfaidh sé tacaíocht d'fhorbairt an rialaithe pharlaimintigh agus acmhainneachtaí iniúchta náisiúnta agus cuirfidh sé le trédhearcacht agus le rochtain phoiblí ar fhaisnéis.

5.   Beidh eisíoc na tacaíochta buiséadaí bunaithe ar tháscairí a léireoidh dul chun cinn sásúil i dtreo na cuspóirí a comhaontaíodh leis an tír chomhpháirtíochta a bhaint amach.

6.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d'Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a shonraítear sa chinneadh maoiniúcháin, féadfar a mheas go bhfuil gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin Ionstraim agus na costais bhunúsacha arna dtabhú in 2021 incháilithe amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú má cuireadh chun feidhme na gníomhaíochtaí agus má tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

7.   Cuirfear ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus oibríochtaí measctha faoin Ionstraim chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 209(1) den Rialachán Airgeadais, agus nuair is féidir, faoi cheannaireacht BEI, institiúid Eorpach iltaobhach airgeadais, amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha nó faoi cheannaireacht institiúid Eorpach dhéthaobhach airgeadais, amhail bainc forbartha, agus is féidir go mbeidh siad comhthiomsaithe le foirmeacha eile tacaíochta airgeadais, ó Bhallstáit nó ó thríú páirtithe.

Féadfaidh Ballstáit nó aon eintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais ranníocaíochtaí a dhéanamh le hionstraimí airgeadais faoin Ionstraim.

8.   Féadfar na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 7 a ghrúpáil ina saoráidí chun críoch cur chun feidhme agus tuairiscithe.

9.   Ní ghinfidh an cistiú ón Aontais bailiú cánacha sonracha, dleachtanna sonracha nó muirir shonracha ná ní chuirfidh sé i ngníomh iad.

10.   Féadfaidh cánacha, dleachtanna agus muirir a fhorchuirfidh tíortha comhpháirtíochta a bheith incháilithe do mhaoiniú faoin Ionstraim.

Airteagal 28

Daoine agus eintitis incháilithe

1.   I dtaca leis an deis a bheith páirteach i nósanna imeachta maidir le soláthar, deonú agus dámhachtain duaiseanna le haghaidh gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gchlár téamach um Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus faoin gchlár téamach um Dhúshláin Dhomhanda, beidh an deis sin ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag gach eintiteas dlítheanach eile, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar náisiúnaigh iad agus, i gcás daoine dlítheanacha, atá lonnaithe go bunúsach sna tíortha seo a leanas:

(a)

na Ballstáit, tairbhithe a liostaítear san Iarscríbhinn ábhartha a ghabhann le Rialachán IPA III agus páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

tíortha Comharsanachta comhpháirtíochta agus Cónaidhm na Rúise i gcás ina mbeidh an nós imeachta ábhartha ar siúl i gcomhthéacs na gclár dá dtagraítear in Iarscríbhinn I ina mbeidh siad páirteach;

(c)

tíortha agus críocha i mbéal forbartha, atá ar an liosta d'fhaighteoirí COF arna fhoilsiú ag Coiste Cúnaimh Forbartha ECFE, nach comhaltaí de ghrúpa G-20 iad, agus tíortha agus críocha thar lear;

(d)

tíortha i mbéal forbartha atá ar an liosta d'fhaighteoirí CFO, ar comhaltaí iad de ghrúpa G-20, agus tíortha agus críocha eile, i gcás ina mbeidh an nós imeachta ábhartha ar siúl i gcomhthéacs gníomhaíocht a mhaoiníonn an tAontas faoin Ionstraim ina mbeidh siad páirteach;

(e)

tíortha a mbeidh rochtain chómhalartach ar chistiú seachtrach curtha ar bun ag an gCoimisiún lena n-aghaidh; féadfar rochtain a dheonú, le haghaidh tréimhse theoranta 1 bhliana amháin ar a laghad, nuair a dhéanfaidh tír incháilitheacht a dheonú ar choinníollacha comhionanna le heintitis ón Aontas agus ó thíortha incháilithe faoin Ionstraim; Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an rochtain chómhalartach agus lena fhad a mhairfidh sí tar éis dó dul i gcomhairle leis an tír is faighteoir nó leis na tíortha is faighteoirí lena mbaineann;

(f)

tíortha is comhaltaí de ECFE, i gcás conarthaí a chuirfear chun feidhme in TLF nó i dtír bhocht ag a bhfuil fiachais ollmhóra, a chuimsítear ar an liosta d'fhaighteoirí COF.

2.   Gan dochar do na teorainneacha ar gné dhílis iad de chineál agus de chuspóirí na gníomhaíochta, beidh an rannpháirtíocht i nósanna imeachta maidir le soláthar, deonú agus dámhachtain duaiseanna le haghaidh gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gclár téamach um Chearta an Duine agus um Dhaonlathas agus faoin gclár téamach um Shíocháin, um Chobhsaíocht agus um Chosc Coinbhleachtaí, chomh maith le gníomhaíochtaí mearfhreagartha, beidh an rannpháirtíocht sin ar oscailt gan teorainneacha.

3.   Aon soláthairtí nó ábhair a mhaoineofar faoin Ionstraim, féadfaidh siad a bheith de thionscnamh aon tíre.

4.   Ní infheidhme na rialacha incháilitheachta a leagtar síos san Airteagal seo maidir le daoine nádúrtha atá fostaithe nó atá ar conradh go dleathach ar bhealach eile ag conraitheoir incháilithe nó, i gcás inarb infheidhme, ag fochonraitheoir incháilithe, agus ní chruthófar leis na rialacha srianta náisiúntachta le haghaidh na ndaoine nádúrtha sin.

5.   I gcás gníomhaíochtaí a chómhaoineoidh eintiteas go comhpháirteach nó a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach dá dtagraítear i bpointí (c)(ii) go (viii) d'Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, is infheidhme rialacha incháilitheachta na n-eintiteas sin freisin.

6.   I gcás ina soláthróidh deontóirí maoiniú do chiste iontaobhais arna bhunú ag an gCoimisiún nó le hioncaim sheachtracha shannta, is infheidhme na rialacha incháilitheachta i ngníomh bunaidh an chiste iontaobhais nó i gcás ioncaim sheachtracha shannta sa chomhaontú leis an deontóir.

7.   I gcás gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Ionstraim agus faoi chlár eile de chuid an Aontais, má bhíonn eintitis incháilithe faoi aon cheann de na cláir sin, measfar go bhfuil sé incháilithe.

8.   I gcás gníomhaíochtaí ilnáisiúnta, féadfar a mheas go bhfuil eintitis dhlítheanacha ar náisiúnaigh iad agus, i gcás eintitis atá lonnaithe go bunúsach sna tíortha agus sna críocha a chumhdaíonn an ghníomhaíocht, féadfar a mheas go bhfuil siad incháilithe.

9.   Féadfar rialacha incháilitheachta a leagtar síos san Airteagal seo a shrianadh de réir náisiúntacht, shuíomh geografach nó chineál na n-iarratasóirí, i gcás ina gceanglófar na srianta sin de bharr chineál sonrach agus chuspóirí na gníomhaíochta agus inar gá iad chun í a chur chun feidhme go héifeachtach.

10.   Féadfar glacadh le táirgeoirí, le hiarratasóirí agus le hiarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe i gcás práinne nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar fáil i margaí na dtíortha nó na gcríoch lena mbaineann, nó i gcásanna eile cuí-réasúnaithe ina mbeadh fíorú gníomhaíochta dodhéanta nó thar a bheith deacair mar gheall ar chur i bhfeidhm na rialacha incháilitheachta.

11.   Chun acmhainneachtaí áitiúla, margaí áitiúla agus ceannacháin áitiúla a chur chun cinn, i gcás ina bhforáiltear leis an Rialachán Airgeadais do dhámhachtain ar bhonn tairisceana aonair, ba cheart tosaíocht a thabhairt do chonraitheoirí áitiúla agus réigiúnacha. I ngach cás eile, déanfar rannpháirtíocht conraitheoirí áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin sin. Déanfar critéir inbhuaine agus díchill chuí a chur chun cinn.

12.   Faoin gclár téamach um Chearta an Duine agus an Daonlathas, beidh aon eintiteas nach mbeidh cumhdaithe faoin sainmhíniú ar eintiteas dlítheanach i bpointe 6 den chéad fhomhír d’Airteagal 2 incháilithe nuair is gá sin chun réimsí idirghabhála an chláir sin a shaothrú.

Airteagal 29

Gníomhaíochtaí eisiata

Ní thacóidh cistiú ón Aontas faoin Ionstraim le gníomhaíochtaí ná le bearta a bhfuil an méid seo fíor fúthu:

(a)

d'fhéadfadh sárú ar chearta an duine i dtíortha comhpháirtíochta a bheith mar thoradh orthu;

(b)

níl siad ar comhréir le Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta atá ag an tír is faighteoir faoi Chomhaontú Pháras, nó cuirtear infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise chun cinn leo, nó, de réir an scagtha comhshaoil agus an mheasúnaithe tionchair, bíonn éifeachtaí díobhálacha suntasacha acu ar an gcomhshaol nó ar an aeráid, mura bhfuil fíorghá leis na gníomhaíochtaí nó leis na bearta sin chun cuspóirí na hIonstraime a bhaint amach agus go bhfuil bearta iomchuí ag gabháil leo chun na héifeachtaí sin a sheachaint, a chosc nó a laghdú agus, más féidir, cúiteamh a dhéanamh ar na héifeachtaí sin, lena n-áirítear tacaíocht chun deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breoslaí iontaise atá díobhálach don chomhshaol.

Airteagal 30

Cistí a thabhairt anonn, tráthchodanna bliantúla, leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, aisíocaíochtaí agus ioncama ghineann ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha

1.   Le cois Airteagal 12(4) den Rialachán Airgeadais, déanfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí nár úsáideadh faoin Ionstraim a thabhairt anonn go huathoibríoch agus féadfar iad a ghealladh agus a úsáid, faoi seach, go dtí 31 Nollaig na bliana airgeadais ina dhiaidh sin. Is é an tsuim a tugadh anonn is túisce a úsáidfear sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a tugadh anonn i gcomhréir le hAirteagal 12(6) den Rialachán Airgeadais.

2.   Le cois na rialacha a leagtar síos in Airteagal 15 den Rialachán Airgeadais maidir le leithreasuithe a chur ar fáil arís, cuirfear leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do mhéid na gealltanais shaortha a rinneadh de bharr neamh-chur chun feidhme iomláin nó pháirtigh gníomhaíochta faoin Ionstraim, cuirfear ar fáil iad arís le leas na líne buiséid tionscnamh.

3.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide iad ná 1 bhliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta i gcomhréir le hAirteagal 112(2) den Rialachán Airgeadais.

Ní bheidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 114(2) den Rialachán Airgeadais maidir leis na gníomhaíochtaí ilbhliantúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Maidir le haon chuid de ghealltanas buiséadach do ghníomhaíocht nach mbeidh, faoin 31 Nollaig den chúigiú bliain tar éis bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh, úsáidte chun críche réamh-mhaoiniúcháin nó chun íocaíochtaí eatramhacha a dhéanamh nó nach mbeidh aon ráiteas deimhnithe caiteachais ná aon iarraidh ar íocaíocht tíolactha ina leith, déanfaidh an Coimisiún an chuid sin a shaoradh go huathoibríoch.

Beidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo maidir le tráthchodanna bliantúla freisin.

4.   De mhaolú ar Airteagal 209(3) den Rialachán Airgeadais, déanfar aisíocaíochtaí agus ioncaim a ghintear le hionstraim airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a shannadh don líne bhuiséid thionscnaimh mar ioncam inmheánach sannta tar éis costais agus táillí bainistíochta a bhaint astu. Gach 5 bliana, breathnóidh an Coimisiún ar an méid a bheidh déanta chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach, agus ar a éifeachtaí a bheidh na hionstraimí airgeadais atá ann faoi láthair.

CAIBIDIL IV

CEFI+, an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais do thríú tíortha

Airteagal 31

Raon feidhme agus maoiniú

1.   Is as an imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal (6)(2) a chumhdófar an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) agus an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha.

2.   Is é is cuspóir do CEFI+ mar phacáiste comhtháite airgeadais lena soláthraítear acmhainneacht airgeadais i bhfoirm deontas, cúnamh teicniúil, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus oibríochtaí measctha dá dtagraítear in Airteagal 27(1) den Rialachán seo tacú le hinfheistíochtaí agus rochtain ar mhaoiniú a mhéadú, mar mhodh chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí agus na bprionsabal ginearálta a leagtar síos in Airteagail 3 agus 8 den Rialachán seo, agus, i gcás inarb ábhartha, cuspóirí Rialachán IPA III, agus uasmhéadú á dhéanamh ar bhreisíocht agus ar thionchar forbartha, agus táirgí nuálacha á gcur ar fáil, lena n-áirítear táirgí do FBManna.

Le CEFI+, cothófar go háirithe forbairt inbhuanaithe, chuimsitheach, eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta, an t-aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe breisluacha agus timpeallacht chobhsaí infheistíochta. Chomh maith leis sin, le CFEI+, déanfar athléimneacht shocheacnamaíoch agus chomhshaoil a chur chun cinn i dtíortha comhpháirtíochta agus béim ar leith á leagan ar dhíothú na bochtaineachta. Sa chaoi seo, le le CFEI+, rannchuidítear le laghdú na neamhionannas socheacnamaíoch, ar fhás inbhuanaithe cuimsitheach, ar oiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide, ar chosaint agus bainistiú an chomhshaoil, ar chruthú post cuibhiúil ar bhonn phríomhchaighdeáin saothair EIS, ar dheiseanna eacnamaíocha, ar scileanna agus fiontraíochta, ar earnálacha socheacnamaíocha, lena n-áirítear fiontair shóisialta agus comharchumainn, FBManna, ar nascacht inbhuanaithe, ar thacaíocht do ghrúpaí leochaileacha, ar chur chun cinn chearta an duine, comhionannas inscne agus ar chumhachtú na mban agus daoine óga, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna socheacnamaíocha sonracha na himirce neamhrialta agus bunchúiseanna an easáitithe éigeantais, i gcomhréir leis na réimsí tosaíochta a gcuirtear síos orthu in Iarscríbhinn V agus sna doiciméid chlársceidealaithe tháscacha.

Tabharfar aird ar leith ar thíortha a sainaithnítear mar thíortha a bhfuil deacrachtaí leochaileachta nó coinbhleachta acu, ar na TLFanna agus ar thíortha bochta ar a bhfuil fiachais ollmhóra, lena n-áirítear trí thacaíocht a sholáthar d'fhothú acmhainneachta institiúidí, do rialachas eacnamaíoch agus do chúnamh teicniúil.

3.   Tacófar leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha le hoibríochtaí CEFI+ a chumhdaítear le ráthaíochtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagail 32 go 39 den Rialachán seo. Tacóidh an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha le cúnamh macra-airgeadais agus le hiasachtaí do thríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (Euratom) 2021/948 freisin.

4.   Faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, féadfaidh an tAontas oibríochtaí suas le EUR 53 449 000 000 a ráthú, faoi chomhaontuithe Ráthaíochta a síníodh idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2027.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun uasmhéid na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a leasú suas go 20 %.

5.   Beidh an ráta soláthair idir 9 % agus 50 % ag brath ar chineál na n-oibríochtaí.

Féadfar uasmhéid EUR 10 000 000 000 ó bhuiséad an Aontais a úsáid chun an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a sholáthar. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an t-uasmhéid sin a leasú lena áirithiú go léireofar leis an méid soláthair méid agus rátaí soláthair na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, agus cineál na n-oibríochtaí ráthaithe á gcur san áireamh.

Is é 9 % a bheidh i ráta soláthair na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha le haghaidh an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas do ráthaíochtaí buiséadacha a chumhdaíonn rioscaí ceannasach a bhaineann le hoibríochtaí iasachta.

Athbhreithneofar na rátaí soláthair gach 3 bliana ar a laghad ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a leagtar síos in Airteagal 51. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun na rátaí soláthair a leasú.

6.   Measfar gur ráthaíocht aonair sa chiste don soláthar coiteann a bhunaítear le hAirteagal 212 den Rialachán Airgeadais í an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha.

7.   Féadfar tacaíocht a thabhairt d'oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta i dtíortha comhpháirtíochta sna limistéir gheografacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2) le CEFI+ agus leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Maoineofar soláthar na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha as buiséad na gclár geografach ábhartha a bhunaítear le pointe (a) d'Airteagal 6(2) agus aistreofar é isteach sa chiste do sholáthar coiteann. Féadfaidh CEFI+ agus an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha tacú freisin le hoibríochtaí i dtairbhithe a liostaítear san Iarscríbhinn ábhartha a ghabhann le Rialachán IPA III. Is le Rialachán IPA III a mhaoineofar an cistiú do na hoibríochtaí sin faoi CEFI+ agus do sholáthar na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Is leis an Rialachán sin a mhaoineofar soláthar na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha d'iasachtaí do thríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (Euratom) 2021/948.

8.   Déanfar an soláthar dá dtagraítear in Airteagal 211(2) den Rialachán Airgeadais a shocrú ar bhonn dhliteanais iomlána an Aontais a údaraítear faoin Rialachán seo. Féadfar méid bliantúil an tsoláthair is gá a bhailiú le linn tréimhse nach faide ná 7 mbliana. Maidir le soláthar na ráthaíochtaí a údaraítear faoi Rialachán (AE) 2017/1601 agus soláthar na ráthaíochtaí, an chúnaimh airgeadais agus iasachtaí Euratom do thríú tíortha a údaraítear faoi bhunghníomhartha agus a rialaítear a soláthar le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009, leanfar d'fhorálacha na Rialachán sin a leanúint.

9.   Déanfar glansócmhainní an 31 Iúil 2021 de chuid Chiste Ráthaíochta CEFI agus an chiste Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a bhunaítear le Rialachán (AE) 2017/1601 agus le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009, faoi seach, a aistriú isteach sa chiste do sholáthar coiteann chun na ráthaíochtaí buiséadacha a údaraítear faoi Rialachán (AE) 2017/1601 a sholáthar, mar aon leis na ráthaíochtaí, an cúnamh airgeadais agus iasachtaí Euratom do thríú tíortha a údaraítear faoi bhunghníomhartha a rialaítear a soláthar le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009.

Airteagal 32

Struchtúr CEFI+

1.   Beidh CEFI+ comhdhéanta d'ardáin réigiúnacha infheistíochta arna mbunú laistigh de na limistéir réigiúnacha a leagtar síos in Airteagal 4(2) den Rialachán seo agus i Rialachán IPA III ar bhonn mhodhanna oibre, nósanna imeachta agus struchtúir na saoráidí measctha seachtracha atá ann cheana san Aontas, agus féadfaidh siad a n-oibríochtaí measctha agus oibríochtaí de chuid na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi CEFI+ a chomhcheangal.

2.   Is é an Coimisiún a áiritheoidh bainistiú CEFI+.

Airteagal 33

Bord straitéiseach CEFI+

1.   Agus bainistiú CEFI+ á áirithiú ag an gCoimisiún, cuirfidh bord straitéiseach comhairle ar an gCoimisiún (‘Bord straitéiseach CEFI+’), ach amháin i gcás na n-oibríochtaí lena gcumhdaítear tairbhithe na mBalcán Thiar a liostaítear san Iarscríbhinn ábhartha a ghabhann le Rialachán IPA III, a mbeidh a mbord straitéiseach féin aige.

2.   Cuirfidh bord straitéiseach CEFI+ comhairle ar an gCoimisiún maidir le treoshuíomh straitéiseach agus tosaíochtaí straitéiseacha infheistíochtaí de chuid na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi CEFI+, lena n-áirítear le haghaidh na bhfuinneog infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 36, agus rannchuideodh sé lena n-ailíniú le treoirphrionsabail agus le cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, leis an mbeartas forbartha, le Beartas Comharsanachta na hEorpa, chomh maith leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 agus le cuspóir CEFI+ mar a leagtar amach in Airteagal 31. Tacóidh bord straitéiseach CEFI+ leis an gCoimisiún freisin le spriocanna foriomlána infheistíochta a leagan síos a mhéid a bhaineann le húsáid na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha chun tacú le hoibríochtaí CEFI+ agus déanfaidh sé faireachán ar chumhdach geografach agus téamach atá iomchuí agus éagsúlaithe d'fhuinneoga infheistíochta.

3.   Tacóidh bord straitéiseach CEFI+ freisin leis an gcomhordú foriomlán, leis an gcomhlántacht fhoriomlán agus leis an gcomhleanúnachas foriomlán idir na hardáin infheistíochta réigiúnacha, idir na trí cholún den Phlean Infheistíochta Seachtraí, idir an Plean Infheistíochta Seachtraí agus iarrachtaí eile an Aontais maidir le himirce agus maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030, lena n-áirítear comhrac an athraithe aeráide, mar aon le cláir sheachtracha agus ionstraimí maoiniúcháin an Aontais.

4.   Beidh bord straitéiseach CEFI+ comhdhéanta d'ionadaithe ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí, agus de na Ballstáit ar fad agus den BEI. Beidh stádas breathnóra ag Parlaimint na hEorpa. Féadfar stádas breathnóra a thabhairt do rannchuiditheoirí, contrapháirtithe incháilithe, tíortha comhpháirtíochta, eagraíochtaí réigiúnacha ábhartha agus geallsealbhóirí eile, i gcás inarb iomchuí. Rachfar i gcomhairle le bord straitéiseach CEFI+ sula nglacfar le haon bhreathnóir nua. Beidh bord straitéiseach CEFI+ faoi chomhchathaoirleacht an Choimisiúin agus an Ardionadaí.

5.   Tiocfaidh bord straitéiseach CEFI+ le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad agus, nuair is féidir, déanfaidh sé tuairimí a ghlacadh trí chomhthoil. Féadfaidh an chathaoirleach cruinnithe breise a eagrú aon tráth nó féadfar iad a eagrú arna iarraidh sin d'aon trian de chomhaltaí an bhoird. I gcás nach féidir an chomhthoil a bhaint amach, beidh feidhm ag na cearta vótála a comhaontaíodh ag an gcéad chruinniú de bhord straitéiseach CEFI+ agus mar a leagtar síos ina rialacha nós imeachta. Leagfar síos sna rialacha nós imeachta an creat maidir le ról na mbreathnóirí. Déanfar miontuairiscí agus cláir oibre chruinnithe bhord straitéiseach CEFI+ a chur ar fáil don phobal tar éis a nglactha.

6.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid bhord straitéiseach CEFI+ maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cur i bhfeidhm CEFI+. Cuirfidh an bord straitéiseach lena gcumhdaítear na Balcáin Thiar eolas ar fáil faoin dul chun cinn a dhéanfar ar chur chun feidhme na hionstraime ráthaíochta don réigiún sin chun an tuairisciú thuasluaite a chomhlánú. Scrúdóidh na boird straitéiseacha na tuarascálacha meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 42(5) agus cuirfidh sé san áireamh iad.

Eagróidh bord straitéiseach CEFI+ comhairliúchán leis na geallsealbhóirí ábhartha go rialta maidir le treoshuíomh straitéiseach agus cur chun feidhme CEFI+.

7.   Ós rud é gurb ann do bhord straitéiseach CEFI+ agus don bhord straitéiseach lena gcumhdaítear na Balcáin Thiar, ní bheidh tionchar aige sin ar an ngá atá le creat bainistithe rioscaí CEFI+ aontaithe aonair a bheith ann.

8.   Le feidhm bainistithe riosca le haghaidh ráthaíochtaí faoi CEFI+, cuirfear cuspóirí agus prionsabail na hIonstraime san áireamh. Cuirfear modheolaíochtaí measúnaithe riosca agus luacha saothair faoi CEFI+ i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le gach fuinneog infheistíochta, lena n-áirítear na fuinneoga infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 36. Bunóidh an Coimisiún grúpa measúnúcháin theicniúil. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh feidhm ardcháilíochta, neamhspleách, neamhchlaonta agus chuimsitheach ag gabháil leis an ngrúpa measúnúcháin theicniúil riosca. Áiritheoidh an Coimisiún freisin go comhroinnfear faisnéis agus anailís ar bhealach tráthúil, trédhearcach agus cuimsitheach leis na Ballstáit uile, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht. Maidir le comhdhéanamh, rialacha nós imeachta agus modhanna oibre an ghrúpa measúnúcháin theicniúil riosca, beidh siad cuimsitheach, beidh siad oscailte do shaineolaithe ó BEI, do chontrapháirtithe incháilithe eile agus do Bhallstáit leasmhara agus cuirfear faoi bhráid bhord straitéiseach CEFI+ iad. Déanfaidh an Coimisiún comhdhéanamh, téarmaí tagartha agus rialacha nós imeachta an ghrúpa measúnúcháin theicniúil riosca a nochtadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus áiritheoidh sé neamhchlaontacht a chomhaltaí agus nach mbeidh aon choinbhleacht leasa eatarthu.

9.   Le linn thréimhse cur i bhfeidhm CEFI+, déanfaidh bord straitéiseach CEFI+, a luaithe agus is féidir, treoirlínte a ghlacadh agus a fhoilsiú ina leagfar amach conas a áiritheofar comhréireacht oibríochtaí CEFI+ leis an gcríoch, leis na cuspóirí agus leis na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagail 31 agus 35.

Airteagal 34

Boird oibríochtúla réigiúnacha

Agus comhairle an bhoird straitéisigh lena mbaineann agus na measúnuithe ábhartha ar rioscaí á gcur san áireamh, tacóidh boird oibríochtúla na n-ardán infheistíochta réigiúnacha leis an gCoimisiún ar an leibhéal cur chun feidhme maidir le spriocanna infheistíochta réigiúnacha agus earnála agus fuinneoga infheistíochta réigiúnacha, earnála agus téamacha a shainiú agus ceapfaidh siad tuairimí maidir leis na hoibríochtaí measctha agus maidir leis an úsáid a bhainfear as an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha lena gcumhdaítear cláir infheistíochtaí CEFI+ atá beartaithe.

Airteagal 35

Incháilitheacht agus roghnú oibríochtaí agus contrapháirtithe don Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi CEFI+

1.   Na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe do thacaíocht tríd an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, beidh siad comhsheasmhach agus i gcomhréir le beartais an Aontais, leis na doiciméid ábhartha chlársceidealaithe, agus le straitéisí agus beartais na dtíortha comhpháirtíochta chomh maith. Go háirithe, tabharfaidh siad tacaíocht do chuspóirí, do phrionsabail ghinearálta agus do chreat beartais na hIonstraime agus, i gcás inarb ábhartha, Rialachán IPA III, agus aird chuí á tabhairt ar na réimsí tosaíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, tacófar le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (e) d'Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais, go háirithe maidir leis an ngá atá le breisíocht a bhaint amach, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, trí leas na gcontrapháirtithe incháilithe a ailíniú, trí shaobhadh iomaíochta a sheachaint agus, i gcás inarb iomchuí, an infheistíocht phríobháideach a uasmhéadú, agus:

(a)

a ndéantar meastóireachtaí ex ante orthu, i gcomhréir le hAirteagal 34 den Rialachán Airgeadais, a bheidh comhréireach le cuspóirí agus méideanna na n-oibríochtaí atá beartaithe chun impleachtaí agus rioscaí na n-oibríochtaí sin a chinneadh maidir le cearta an duine, caighdeáin chomhshaoil, saothair agus shóisialta lena n-áirítear i bhfoirm measúnuithe tionchair le haghaidh na mórchlár a bhfuiltear ag súil go mbeidh tionchar suntasach acu ar na réimsí sin, i gcomhréir le cuspóir CEFI+ a leagtar síos in Airteagal 31(2) den Rialachán seo agus aird chuí á tabhairt ar an bprionsabal go bhfaighfear toiliú feasach go saorálach agus roimh ré ó na comhphobail a ndéantar difear dóibh in infheistíochtaí a bhaineann le talamh;

(b)

lena n-áirithítear comhlántacht leo laistigh de cholúin éagsúla an Phlean Infheistíochta Seachtraí agus le tionscnaimh eile chomh maith;

(c)

atá inmharthana ó thaobh an gheilleagair agus airgeadais de, agus aird chuí á tabhairt ar thacaíocht agus cómhaoiniú a d'fhéadfadh teacht ó chomhpháirtithe príobháideacha agus poiblí sa tionscadal, agus timpeallacht shonrach oibriúcháin agus acmhainneachtaí na dtíortha a leanas á gcur san áireamh: tíortha a shainaithnítear mar thíortha a bhfuil deacrachtaí leochaileachta nó coinbhleachta acu, TLFanna, na stát oileánach beag atá i mbéal forbartha, na dtíortha talamhiata atá i mbéal forbartha agus na tíortha bochta ag a bhfuil fiachais ollmhóra a fhéadfaidh tairbhiú de théarmaí lamháltais níos fearr;

(d)

atá inmharthana ó thaobh na teicneolaíochta de agus go bhfuil siad inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí de agus go ndéantar tionchar na forbartha a uasmhéadú leo;

(e)

nach ndéanann saobhadh ar mhargaí i dtíortha comhpháirtíochta agus i réigiúin chomhpháirtíochta agus nach dtéann san iomaíocht go neamhchóir le gníomhaithe áitiúla;

(f)

a chuirtear chun feidhme i gcomhréir leis an gcreat beartais dá dtagraítear in Airteagal 7, leis na hoibleagáidí agus caighdeáin chomhshaoil, shóisialta is infheidhme agus na hoibleagáidí agus caighdeáin maidir le dlí an tsaothair is infheidhme, agus le treoirlínte, prionsabail agus coinbhinsiúin maidir le hinfheistíochtaí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, go háirithe iad siúd arna nglacadh ag na Náisiúin Aontaithe agus ag ECFE, agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail ghinearálta a leagtar síos in Airteagail 3 agus 8.

3.   Úsáidfear an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha chun rioscaí a chumhdach i gcás na n-ionstraimí seo a leanas:

(a)

iasachtaí, lena n-áirítear iasachtaí san airgeadra áitiúil;

(b)

ráthaíochtaí;

(c)

frithráthaíochtaí;

(d)

ionstraimí margaidh caipitil;

(e)

aon fhoirm eile cistiúcháin nó feabhsúcháin creidmheasa, árachais, agus ranníocaíochtaí cothromais nó cuasachothromais.

4.   Na contrapháirtithe a shainaithnítear in Airteagal 208(4) den Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear na contrapháirtithe as tíortha comhpháirtíochta agus tríú tíortha a ranníocann leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, is iad sin na contrapháirtithe incháilithe chun críocha na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, faoi réir fhormheas an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 37 den Rialachán seo. Ina theannta sin agus de mhaolú ar phointe (c) d'Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, beidh comhlachtaí a rialáiltear le dlí príobháideach Ballstáit, tír chomhpháirtíochta nó tríú tír agus a ranníoc leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha i gcomhréir le hAirteagal 37 den Rialachán seo agus a thugann dearbhú leordhóthanach go bhfuil an acmhainneacht airgeadais is gá acu, beidh na comhlachtaí sin incháilithe chun críoch na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha.

5.   Cloífidh contrapháirtithe incháilithe leis na rialacha agus leis na coinníollacha dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais. Maidir le comhlachtaí atá faoi réir dlí príobháideach Ballstáit, tír chomhpháirtíochta nó tríú tír a ranníoc leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha i gcomhréir le hAirteagal 37 den Rialachán seo, tabharfar tús áite do na comhlachtaí sin a nochtann faisnéis a bhaineann le critéir i ndáil le rialachas comhshaoil, sóisialta, cánach agus corparáideach.

Áiritheoidh an Coimisiún úsáid éifeachtach, éifeachtúil agus chóir na n-acmhainní atá ar fáil idir contrapháirtithe incháilithe, lena n-áirítear contrapháirtithe beaga agus meánmhéide, agus comhar eatarthu á chur chun cinn aige agus aird chuí á tabhairt ar a n-acmhainneachtaí, a mbreisluach agus a dtaithí.

Áiritheoidh an Coimisiún cóir chothrom do na contrapháirtithe incháilithe uile, i gcomhréir le hAirteagal 27(7) agus áiritheoidh sé go seachnófar coinbhleachtaí leasa le linn thréimhse cur chun feidhme CEFI+. Chun comhlántacht a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis ábhartha a iarraidh ó chontrapháirtithe incháilithe faoi na hoibríochtaí a dhéanann siad nach mbaineann le CEFI+.

6.   Beidh feidhm ag an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 219(4) den Rialachán Airgeadais maidir le ranníocaíochtaí le hacmhainní dílse maidir le gach contrapháirtí incháilithe a leithdháiltear ráthaíocht bhuiséadach air faoin Ionstraim ar bhonn punainne.

7.   Roghnóidh an Coimisiún na contrapháirtithe incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 154 den Rialachán Airgeadais, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh aige:

(a)

comhairle na mbord oibríochtúil straitéiseach agus réigiúnach;

(b)

cuspóirí na fuinneoige infheistíochta;

(c)

taithí agus acmhainneacht bainistithe riosca an chontrapháirtí incháilithe;

(d)

an méid dá acmhainní dílse agus dá acmhainní breise chomh maith le méid an chómhaoinithe ón earnáil phríobháideach atá an contrapháirtí incháilithe réidh le slógadh don fhuinneog infheistíochta agus aird chuí á tabhairt ar mhéid na hinfheistíochta;

(e)

saineolas earnála nó geografach na gcontrapháirtithe incháilithe;

(f)

na tairbhí a bhaineann leis an gcomhar a chur chun cinn idir na contrapháirtithe incháilithe.

8.   Ar bhonn na gclár ilbhliantúil táscach agus ar bhonn na comhairle ó bhord straitéiseach CEFI+ agus ón mbord straitéiseach lena gcumhdaítear na Balcáin Thiar, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na boird oibríochtúla réigiúnacha agus tar éis Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas, fuinneoga infheistíochta a chur ar bun do réigiúin nó do thíortha comhpháirtíochta sonracha nó don dá cheann acu sin, d'earnálacha sonracha, nó do thionscadail shonracha nó do chatagóirí sonracha na dtairbhithe deiridh nó don dá cheann acu sin, atá le cistiú faoin Ionstraim, ar fuinneoga iad a chumhdófar, suas le méid seasta, leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi conas a chomhlíonann na fuinneoga infheistíochta an tAirteagal seo agus tabharfaidh sé miontuairisc di ar a dtosaíochtaí. Is faoi bhráid an Choimisiúin a chuirfear gach iarraidh ar thacaíocht airgeadais laistigh d'fhuinneoga infheistíochta.

Tabharfar údar cuí le rogha na bhfuinneog infheistíochta trí anailís a dhéanamh ar an gcliseadh margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha agus trí mheasúnú a dhéanamh ar a ailíniú le tosaíochtaí an Rialacháin seo agus, i gcás inarb ábhartha, tosaíochtaí Rialachán IPA III. Déanfaidh an Coimisiún an anailís sin i gcomhar le contrapháirtithe nó le geallsealbhóirí a d'fhéadfadh a bheith incháilithe.

Féadfaidh contrapháirtithe incháilithe na hionstraimí dá dtagraítear i mír 3 a chur ar fáil faoi fhuinneog infheistíochta nó i dtionscadal aonair arna riar ag contrapháirtí incháilithe. Féadfar na hionstraimí sin a chur ar fáil ar mhaithe le tíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear tíortha atá leochaileach nó ina bhfuil coinbhleacht nó tíortha a bhfuil dúshláin acu ó thaobh atógála agus téarnamh iarchoinbhleachta, agus chun tairbhe institiúidí na dtíortha comhpháirtíochta sin, lena n-áirítear a mbainc phoiblí náisiúnta agus phríobháideacha áitiúla agus a n-institiúidí poiblí náisiúnta agus príobháideacha áitiúla airgeadais, agus chun tairbhe na n-eintiteas in earnáil phríobháideach na dtíortha comhpháirtíochta sin, lena n-áirítear FBManna. Ní rachaidh na hionstraimí sin chun tairbhe do chuideachtaí atá faoi rialú ag earnáil slándála an stáit nó ag an earnáil mhíleata, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

9.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha i dtaca leis na critéir incháilitheachta a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3, ag tarraingt, i gcás inar féidir é, ar na córais atá san Aontas cheana agus atá ag na contrapháirtithe incháilithe cheana chun torthaí a thomhas. Bunóidh an Coimisiún seicliosta de na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagail 31, Airteagal 35(1) agus (2) agus déanfaidh sé gach togra a gheobhaidh tacaíocht ón Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a mheasúnú agus a roghnú ar bhonn an tseicliosta sin, i gcomhréir leis an bhfaisnéis arna soláthar ag na contrapháirtithe incháilithe. Más gá, iarrfaidh an Coimisiún ar na contrapháirtithe incháilithe soiléiriú a thabhairt nó leasuithe a dhéanamh ar an bhfaisnéis arna soláthar. Foilseoidh an Coimisiún ar bhonn bliantúil na seicliostaí agus torthaí a mheasúnaithe le haghaidh gach fuinneoige infheistíochta arna miondealú de réir tíre agus earnála.

10.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun na réimsí tosaíochta in Iarscríbhinn V a leasú.

Airteagal 36

Ról an BEI

1.   Cuirfidh BEI fuinneog tiomanta eisiach infheistíochta chun feidhme lena gcumhdófar cumhdach riosca cuimsitheach le haghaidh oibríochtaí le contrapháirtithe ceannasacha agus le contrapháirtithe focheannasacha neamhthráchtála lena ngabhann íosmhéid táscach de EUR 11 000 000 000 agus a chlársceidealófar i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gCaibidlí I agus III den Teideal seo.

Beidh an t-eisiachas ag BEI i gcás oibríochtaí le contrapháirtithe ceannasacha agus le contrapháirtithe focheannasacha neamhthráchtála faoin bhfuinneog tiomanta eisiach infheistíochta. Faoin bhfuinneog tiomanta eisiach infheistíochta , tuigfear gurb é atá i ranníocaíocht na n-acmhainní dílse ná glacadh riosca iarmharaigh agus cumhdófar le ráthaíocht an Aontais 65 % den mhéid comhiomlán a íoctar amach agus a ráthaítear faoi oibríochtaí maoiniúcháin BEI, lúide méideanna a aisíoctar, móide na méideanna gaolmhara ar fad.

De mhaolú ar an dara fomhír, mura féidir le BEI oibríochtaí a chur i gcrích nó má chinneann sé gan oibríochtaí a chur i gcrích faoin bhfuinneog tiomanta eisiach infheistíochta, beidh cur chun feidhme na n-oibríochtaí sin oscailte do chontrapháirtithe incháilithe eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagfar síos sna comhaontuithe ábhartha maidir le Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, ina gcuirfear san áireamh na coinníollacha a thairgtear do BEI le haghaidh na n-oibríochtaí den chineál céanna agus na riachtanais shonracha, na cúinsí sonracha agus cineál sonrach an chontrapháirtí incháilithe a chuireann na hoibríochtaí sin chun feidhme.

2.   Beidh BEI incháilithe chun oibríochtaí le contrapháirtithe focheannasacha nach gcumhdaítear faoin bhfuinneog tiomanta eisiach infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 agus oibríochtaí leis an earnáil phríobháideach a chur chun feidhme. Úsáidfear an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 35 chun dhá fhuinneog tiomanta infheistíochta a chur de chúram ar BEI, más iomchuí, lena gcumhdófar:

(a)

cumhdach riosca cuimsitheach neamheisiach le haghaidh oibríochtaí le contrapháirtithe tráchtála focheannasacha; agus

(b)

oibríochtaí neamheisiacha chun infheistíocht dhíreach choigríche, trádáil agus idirnáisiúnú gheilleagair tíortha comhpháirtíochta a chur chun cinn, lena gcuirtear cumhdach riosca polaitiúil ar fáil d'oibríochtaí na hearnála príobháidí.

3.   Is é EUR 26 725 000 000 an méid táscach do na fuinneoga tiomanta infheistíochta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Agus na fuinneoga tiomanta infheistíochta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 á gcur chun feidhme, comhlíonfaidh BEI an Rialachán seo, lena n-áirítear a chuspóirí foriomlána agus cuspóirí CEFI+ agus, i gcás inarb ábhartha, cuspóirí Rialachán IPA III, chomh maith leis na doiciméid chlársceidealaithe ábhartha agus na hoibleagáidí tuairiscithe.

4.   I gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais, mar gheall ar chineál agus ar chuspóir beartais na fuinneoige tiomanta eisiach infheistíochta dá dtagraítear i mír 1, féadfar a fhoráil leis an gcomhaontú ábhartha maidir leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha nach n-íocfar an tAontas as oibríochtaí faoin bhfuinneog infheistíochta sin.

5.   Chun críoch an Airteagail sin, measfar gur oibríochtaí tráchtála iad oibríochtaí focheannasacha mura mbeidh údar cuí tugtha ag BEI lena mhalairt agus mura ndearbhóidh an Coimisiún a mhalairt.

Beidh na hoibríochtaí faoin bhfuinneog tiomanta infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 comhleanúnach le hoibríochtaí ghníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin na mBallstát.

6.   Beidh BEI faoi réir na tuairime ó na boird a leagtar síos in Airteagail 33 agus 34, faoi seach.

I gcás oibríochtaí BEI a thagann faoi na fuinneoga infheistíochta dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfar an measúnú incháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 35(9) a chomhlíonadh faoi chuimsiú an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Phrótacal Uimh. 5 ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, atá i gceangal le CFAE. Déanfaidh BEI an fhaisnéis uile a bheidh ag teastáil ón gCoimisiún chun na críche sin a chur ar fáil ar bhealach tráthúil. Ní chumhdófar oibríochtaí BEI um maoiniú a thagann faoi na fuinneoga infheistíochta sin le ráthaíocht AE i gcás ina dtabharfaidh an Coimisiún tuairim neamhfhabhrach uaidh faoin nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Phrótacal Uimh. 5 ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, atá i gceangal le CFAE. Déanfar gach módúlacht eile is infheidhme maidir le BEI a bhunú sna comhaontuithe ábhartha maidir le Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha.

7.   Beidh BEI incháilithe chun gníomhaíochtaí a chur chun feidhme faoi fhuinneoga infheistíochta eile arna mbunú faoi Airteagal 35(8).

8.   I gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear a chuspóirí agus a phrionsabail agus na doiciméid chlársceidealaithe ábhartha chomh maith le Rialachán IPA III, déanfaidh an Coimisiún agus BEI, comhaontuithe tiomnaithe maidir le Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a thabhairt i gcrích le haghaidh na bhfuinneog tiomanta infheistíochta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 37

Ranníocaíochtaí ó dheontóirí eile leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha

1.   Féadfaidh Ballstáit, tríú tíortha agus tríú páirtithe eile ranníoc leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha.

De mhaolú ar an dara fomhír d'Airteagal 218(2) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh na páirtithe conarthacha sa Chomhaontú ar an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach rannchuidiú a sholáthar i bhfoirm ráthaíochtaí nó airgid.

Is i bhfoirm airgid a bheidh an ranníocaíocht ó thríú tíortha cé is moite de na páirtithe conarthacha sa Chomhaontú ar an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach agus tríú páirtithe eile agus beidh an ranníocaíocht sin faoi réir tuairim ó bhord straitéiseach CEFI+ agus faoi réir formheas ón gCoimisiún.

Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh go ndéanfar na ranníocaíochtaí arna ndéanamh acu a chur in áirithe chun gníomhaíochtaí a thionscnamh i réigiúin shonracha, i dtíortha sonracha, in earnálacha sonracha nó i bhfuinneoga infheistíochta sonracha atá ann cheana. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi na ranníocaíochtaí arna bhformheas.

2.   Ní bheidh ranníocaíochtaí i bhfoirm ráthaíochta os cionn 50 % den méid dá dtagraítear in Airteagal 31(4).

Maidir leis na ranníocaíochtaí arna ndéanamh ag Ballstáit agus na páirtithe conarthacha sa Chomhaontú ar an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach i bhfoirm ráthaíochta, ní fhéadfar glao orthu chun glaonna ráthaíochta a íoc go dtí go mbeidh an cistiú as buiséad ginearálta an Aontais, agus aon ranníocaíochtaí eile airgid, úsáidte chun glaonna ráthaíochta a íoc.

Féadfar aon ranníocaíocht a úsáid le haghaidh glaonna ráthaíochta, is cuma cad dó a bhfuil sí curtha in áirithe.

Tabharfar comhaontú ranníocaíochta i gcrích idir an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, agus an ranníocóir, agus beidh forálacha a bhaineann leis na coinníollacha íocaíochta, go háirithe, sa chomhaontú sin.

Airteagal 38

Comhaontuithe maidir leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a chur chun feidhme

1.   Tabharfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, Comhaontuithe maidir leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha i gcrích leis na contrapháirtithe incháilithe arna roghnú de bhun Airteagal 35. Féadfar comhaontuithe a thabhairt i gcrích le cuibhreannas ina bhfuil dhá chontrapháirtí incháilithe nó níos mó. I gcomhréir le hAirteagal 219(1) den Rialachán Airgeadais, na ráthaíochtaí buiséadacha a thabharfar i dtaca leis na cineálacha oibríochtaí a chumhdaítear faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, beidh siad neamh-inchúlghairthe neamhchoinníollach agus tabharfar iad ar éileamh. Agus comhaontuithe maidir le Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha á dtabhairt i gcrích, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar chomhairle agus ar threoir na mbord agus an ghrúpa measúnúcháin theicniúil riosca.

2.   Tabharfar comhaontú maidir le Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha amháin nó níos mó i gcrích le haghaidh gach fuinneoige infheistíochta idir an Coimisiún agus an contrapháirtí nó na contrapháirtithe incháilithe arna roghnú. Sa bhreis air sin, chun freastal ar riachtanais shonracha, féadfar an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a dheonú le haghaidh oibríochtaí aonair maoiniúcháin nó infheistíochta.

Tabharfar fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi shíniú gach comhaontaithe maidir le Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Cuirfear na comhaontuithe sin ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, arna iarraidh sin dóibh, agus cosaint faisnéise atá rúnda agus íogair ó thaobh na tráchtála de á cur san áireamh.

3.   Ina gcuid de chomhaontuithe maidir leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha beidh, go háirithe:

(a)

rialacha mionsonraithe maidir leis an gcumhdach, leis na ceanglais, le hincháilitheacht, leis na contrapháirtithe incháilithe agus leis na nósanna imeachta;

(b)

rialacha mionsonraithe maidir leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a sholáthar, lena n-áirítear socruithe na Ráthaíochta maidir le cumhdach agus cumhdach sainithe na Ráthaíochta i dtaca le punanna agus le tionscadail de chineálacha sonracha ionstraimí, chomh maith le hanailís rioscaí a dhéanamh ar thionscadail agus ar phunanna tionscadail, lena n-áirítear ar leibhéil earnála, réigiúnacha agus náisiúnta;

(c)

tagairt do chuspóirí agus críoch na hIonstraime seo, measúnú ar riachtanais agus léiriú ar na torthaí a mheastar a bheidh ann, agus cur chun cinn freagrachta sóisialta corparáidí agus iompair fhreagraigh gnó á chur san áireamh, lena n-áirítear, go háirithe, trí na treoirlínte, na prionsabail agus na coinbhinsiúin maidir le hinfheistíocht a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 35(2) a urramú;

(d)

luach saothair na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, a bheidh mar léiriú cruinn ar leibhéal an riosca, agus an deis gan luach saothair a fhóirdheonú go páirteach chun téarmaí lamháltais níos fearr a thabhairt, i gcásanna ina mbeidh údar cuí leo; go háirithe i gcás tíortha atá leochaileach nó ina bhfuil coinbhleacht, i gcás TLFanna agus i gcás tíortha a bhfuil fiachas ollmhór orthu;

(e)

ceanglais maidir leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a úsáid, lena n-áirítear coinníollacha íocaíochta, amhail tréimhsí ama sonracha, an t-ús a íocfar ar mhéideanna atá dlite, speansais agus costais ghnóthúcháin agus socruithe leachtacha ar féidir go mbeidh gá leo;

(f)

nósanna imeachta maidir le héilimh, lena n-áirítear teagmhais thruiceartha agus tréimhsí feithimh ach ina mbeidh nithe eile chomh maith, agus nósanna imeachta maidir le héilimh a ghnóthú;

(g)

oibleagáidí faireacháin, tuairiscithe, trédhearcachta agus meastóireachta;

(h)

nósanna imeachta gearáin soiléire agus inrochtana do thríú páirtithe a bhféadfadh tionchar a bheith ag cur chun feidhme tionscadal a fhaigheann tacaíocht ón Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha orthu.

4.   Formheasfaidh an contrapháirtí incháilithe oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta i gcomhréir lena rialacha agus a nósanna imeachta féin agus i gcomhréir leis an gcomhaontú maidir le Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha.

5.   Féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha:

(a)

i gcás ionstraimí fiachais, an phríomhshuim agus an t-ús agus na méideanna uile atá dlite don chontrapháirtí incháilithe arna roghnú, ach nach bhfuarthas i gcomhréir le téarmaí na n-oibríochtaí maoiniúcháin tar éis mainneachtain a bheith ann;

(b)

i gcás infheistíochtaí cothromais, na méideanna arna n-infheistiú agus na costais mhaoiniúcháin a bhaineann leo;

(c)

i gcás oibríochtaí eile maoiniúcháin agus infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 35(2), na méideanna arna n-úsáid agus na costais chistiúcháin a bhaineann leo;

(d)

gach speansas agus gach costas gnóthúcháin ábhartha a bhaineann le mainneachtain, ach amháin i gcás inar asbhaineadh na speansais agus na costais sin as fáltais ghnóthúcháin.

6.   Chun críocha chuntasaíocht an Choimisiúin agus a thuairiscithe ar na rioscaí a chumhdaítear le Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, agus i gcomhréir le hAirteagal 209(4) den Rialachán Airgeadais, tabharfaidh na contrapháirtithe incháilithe lenar tugadh i gcrích comhaontú maidir le Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha tuarascálacha airgeadais faoi bhráid an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí gach bliain maidir leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo arna n-iniúchadh ag iniúchóir seachtrach neamhspleách agus ina mbeidh faisnéis maidir leis na nithe seo, inter alia:

(a)

an measúnú riosca ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta na gcontrapháirtithe incháilithe, lena n-áirítear faisnéis faoi dhliteanais an Aontais arna dtomhas i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 80 den Rialachán Airgeadais agus i gCaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí;

(b)

an oibleagáid airgeadais atá gan íoc ag an Aontas a eascraíonn as oibríochtaí CEFI+ arna soláthar le haghaidh na gcontrapháirtithe incháilithe agus a n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta, arna miondealú de réir oibríochtaí aonair.

7.   Arna iarraidh sin orthu, soláthróidh na contrapháirtithe incháilithe don Choimisiún aon fhaisnéis bhreise is gá chun oibleagáidí an Choimisiúin a chomhlíonadh de bhun an Rialacháin seo, go háirithe i dtaca leis na critéir roghnúcháin a leagtar amach in Airteagal 35, lena n-áirítear comhlíontacht le caighdeáin chearta an duine agus le caighdeáin shóisialta, saothair agus chomhshaoil.

8.   I gcomhréir le hAirteagal 41(4) agus (5), agus Airteagail 241 agus 250 den Rialachán Airgeadais, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid bhord straitéiseach CEFI+, na mbord oibríochtúil réigiúnacha, Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar ionstraimí airgeadais, ar ráthaíochtaí buiséadacha, lena n-áirítear iad siúd arna gcur chun feidhme ag BEI, agus ar chúnamh airgeadais. Chun na críche sin, cuirfidh na contrapháirtithe incháilithe an fhaisnéis is gá ar fáil go bliantúil chun gur féidir leis an gCoimisiún na hoibleagáidí tuairiscithe sin a chomhlíonadh.

Airteagal 39

Sásra casaoide agus sásaimh agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais

1.   I bhfianaise na gcasaoidí a d'fhéadfadh a bheith ag tríú páirtithe i dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear ag comhphobail agus ag daoine aonair a mbeadh tionchar ag tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó CEFI+ agus ón Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha orthu, foilseoidh an Coimisiún agus toscaireachtaí an Aontais ar a suíomhanna gréasáin tagairtí díreacha do shásraí gearáin na gcontrapháirtithe ábhartha a bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an gCoimisiún. Soláthróidh an Coimisiún féidearthacht freisin gearáin a fháil go díreach maidir leis an mbealach a ndéileálfaidh na contrapháirtithe incháilithe le casaoidí. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin san áireamh i bhfianaise an chomhair a dhéanfar amach anseo leis na contrapháirtithe sin.

2.   Na daoine agus na heintitis a chuireann ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha chun feidhme, comhlíonfaidh siad dlí agus prionsabail an Aontais is infheidhme agus caighdeáin chomhaontaithe idirnáisiúnta agus Aontais mar a leagtar síos in Airteagal 155(2) agus (3) den Rialachán Airgeadais. Déanfaidh an Coimisiún measúnú le féachaint an n-áirithíonn córais, rialacha agus nósanna imeachta na ndaoine agus na n-eintiteas sin cosaint leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach atá coibhéiseach leis an gcosaint dá bhforáiltear i gcás ina gcuireann an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta, ag cur san áireamh cineál na gníomhaíochta agus na coinníollacha faoina gcuirtear an ghníomhaíocht seo chun feidhme.

Airteagal 40

Rannpháirtíocht chaipitil in institiúidí airgeadais forbartha

Féadfar an t-imchlúdach le haghaidh cláir gheografacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(2) a úsáid chun ranníoc le deonú caipitil institiúidí airgeadais forbartha Eorpacha agus institiúidí airgeadais forbartha eile.

CAIBIDIL V

Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht

Airteagal 41

Faireachán agus tuairisciú

1.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VI na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na hIonstraime maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar síos in Airteagal 3(2). I gcomhréir leis na táscairí i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, déanfar na táscairí sin a úsáid in éineacht leis na sonraí ó mheastóireachtaí agus ó thuairisciú eile ar thorthaí atá ann cheana, mar bhunús le measúnú a dhéanamh ar a mhéid a baineadh amach na cuspóirí sonracha sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar a chuid gníomhaíochtaí agus, ar bhonn bliantúil ar a laghad, athbhreithneoidh sé an dul chun cinn a dhéanfar maidir leis na spriocanna a bhunaítear leis an Rialachán seo a bhaint amach, chomh maith leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena gcumhdaítear aschur agus torthaí.

Déanfar faireachán ar an dul chun cinn i ndáil leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ar bhealach trédhearcach tráthúil, bunaithe ar shonraí ábhartha, intomhaiste, cáilíochtúla agus cainníochtúla lena n-áirítear na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn VI ach gan a bheith teoranta do na sonraí sin. I ngach cás inar féidir, déanfar táscairí a imdhealú de réir inscne, aoise agus tosca ábhartha eile.

3.   Úsáidfear creata torthaí comhpháirteacha a áireofar agus a chomhaontófar i ndoiciméid chlársceidealaithe a chomhlíonfaidh na critéir a leagtar amach in Airteagal 14(4), i gcás inarb indéanta, mar bhonn don fhaireachán comhpháirteach a dhéanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit ar a dtacaíochta comhchoitinne do thír chomhpháirtíochta.

Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hIonstraime, go mbaileofar iad go héifeachtúil éifeachtach tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas.

4.   Scrúdóidh an Coimisiún an dul chun cinn a bheidh déanta i leith chur chun feidhme na hIonstraime. Ó 2022 ar aghaidh, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, go tráthúil faoin 30 Samhain gach bliain, ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna na Ionstraime a bhaint amach trí bhíthin táscairí, lena n-áirítear na táscairí sin a leagtar amach in Iarscríbhinn VI ach gan a bheith teoranta do na táscairí sin, ina mbeidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí leantacha, na torthaí a fuarthas agus éifeachtacht an Rialacháin. Déanfar an tuarascáil seo a chur faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún chomh maith.

5.   Cuimseofar sa tuarascáil bhliantúil:

(a)

faisnéis a bhaineann leis an mbliain roimhe faoi na bearta a maoiníodh,

(b)

torthaí na gcleachtaí faireacháin agus meastóireachta,

(c)

páirt agus leibhéal comhair na ngeallsealbhóirí ábhartha, arna miondealú de réir chineál an eintitis mar a thagraítear dó in Airteagal 62 den Rialachán Airgeadais maidir leis an mbainistiú díreach agus leis an mbainistiú indíreach,

(d)

na gealltanais bhuiséadacha, lena n-áirítear na méideanna conarthacha, agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arna miondealú de réir tíre, réigiúin agus earnála comhair.

(e)

faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil, lena n-áirítear faoi bhearta arna ndéanamh de bhun Airteagal 9, faoi úsáid an chúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 17 agus faoi úsáid na gcistí a thiomnaítear don chur chuige dreasachtbhunaithe a fhreagraíonn d'fheidhmíocht i bpríomhréimsí dá dtagraítear in Airteagal 20.

Déanfar measúnú sa tuarascáil bhliantúil ar thorthaí an chistiúcháin ón Aontas trí tháscairí sonracha intomhaiste a úsáid a mhéid is féidir chun an dul chun cinn i dtreo spriocanna agus cuspóirí na Ionstraime a léiriú chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis na saincheisteanna dá dtagraítear in Airteagal 8(8) a phríomhshruthú. Ina theannta sin, tíolacfar ann miondealú ar na cineálacha cistiúcháin ón Aontas mar a leagtar amach in Airteagal 27. I gcás an chomhair um fhorbairt, déanfar measúnú sa tuarascáil chomh maith, i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, ar cloíodh le prionsabail éifeachtacht na forbartha, lena n-áirítear forbairt ionstraimí nuálacha airgeadais.

6.   Sa tuarascáil bhliantúil a chuirfear le chéile in 2021, beidh faisnéis chomhdhlúite ó thuarascálacha bliantúla a bhaineann leis an tréimhse ó 2014 go 2020 faoin gcistiú go léir ó na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2) den Rialachán seo, lena n-áirítear ioncam sannta seachtrach agus ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais, ráthaíochtaí agus miondealú ar chaiteachas de réir tíre, cineálacha cistiúcháin ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán seo, chineál an eintitis mar a liostaítear in Airteagal 62 den Rialachán Airgeadais maidir leis an mbainistiú díreach agus leis an mbainistiú indíreach, gealltanas agus íocaíochtaí. Léireofar sa tuarascáil bhliantúil sin na príomhcheachtanna a bheidh foghlamtha agus an obair leantach a rinneadh ar na moltaí ó na cleachtaí meastóireachta seachtracha a rinneadh sna blianta roimhe sin.

7.   Mar chuid den tuarascáil bhliantúil, tíolacfaidh an Coimisiún tuairisciú mionsonraithe ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha agus ar fheidhmíocht CEFI+, chomh maith lena bhainistiú agus a rannchuidiú éifeachtach lena chuspóirí. Beidh na gnéithe seo a leanas i gceist léi:

(a)

measúnú ar na torthaí lena rannchuidítear le haidhm agus le cuspóirí na hIonstraime agus, i gcás inarb ábhartha, ionstraimí cistiúcháin eile mar a leagtar síos in Airteagal 31(7);

(b)

measúnú, ar bhonn táscairí i gcomhréir le hAirteagail 31(2) agus 35(2), ar an mbreisíocht agus ar an mbreisluach, ar shlógadh acmhainní na hearnála príobháidí, lena n-áirítear ó FBManna, an cineál eintitis san earnáil phríobháideach dá dtugtar tacaíocht, ar an aschur measta agus iarbhír agus ar thorthaí agus ar thionchar na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi CEFI+ ar bhonn comhiomlánaithe, lena n-áirítear an tionchar ar chruthú post cuibhiúil, ar dhíothú na bochtaineachta agus ar an mbealach a dtugtar aghaidh ar bhunchúiseanna socheacnamaíocha sonracha na himirce neamhrialta agus ar bhunchúiseanna an easáitithe éigeantais; áireofar sa mheasúnú anailís ar na bearta riosca agus a dtionchar ar chobhsaíocht airgeadais agus eacnamaíoch na gcomhpháirtíochta agus anailís inscne ar na hoibríochtaí a chumhdaítear bunaithe ar fhianaise agus ar shonraí arna miondealú de réir inscne, tíre agus earnála i gcás inar féidir;

(c)

measúnú ar phrionsabail éifeachtacht na forbartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a bheith á gcomhlíonadh ag na oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi CEFI+;

(d)

measúnú ar an éifeacht ghiarála a baineadh amach leis na hoibríochtaí a chumhdaítear;

(e)

measúnú ar shineirgí agus ar chomhlántacht idir oibríochtaí a gcumhdaítear le Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi CEFI+, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 36 agus oibríochtaí a gcumhdaítear le colúin eile an Phlean Infheistíochta Seachtraí bunaithe ar thuarascálacha ábhartha atá ann cheana, agus aird faoi leith á tabhairt ar an dul chun cinn maidir le dea-rialachas, lena n-áirítear i gcomhrac an éillithe agus na sreabha aindleathacha airgeadais, meas ar chearta an duine, an smacht reatha agus beartais a fhreagraíonn do chúrsaí inscne, chomh maith le borradh a chur faoin bhfiontraíocht, faoi thimpeallacht na ngnólachtaí áitiúla agus faoi na margaí airgeadais áitiúla;

(f)

measúnú ar luach saothair na ráthaíochtaí agus ar chur chun feidhme Airteagal 155(2) agus (3) den Rialachán Airgeadais;

8.   Déanfar meastachán bliantúil ar an gcaiteachas foriomlán a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide, le gaineamhlú agus leis an mbithéagsúlacht ar bhonn dhoiciméid an chlársceidealaithe tháscaigh a glacadh. Beidh an cistiú a leithdháilfear faoin Ionstraim faoi réir córas rianaithe bliantúil bunaithe ar mhodheolaíocht ECFE, eadhon “marcóirí comhshaoil” agus “marcóirí Rio”, gan úsáid modheolaíochtaí níos cruinne a chur as an áireamh i gcás ina mbeidh siad le fáil, a bheidh comhtháite sa mhodheolaíocht reatha i leith bhainistiú feidhmíochta chláir de chuid an Aontais, chun caiteachas a bhaineann le bainistiú agus cosaint chomhshaoil, le gníomhú ar son na haeráide, le gaineamhlú agus leis an mbithéagsúlacht a chainníochtú ar leibhéal na bpleananna agus na mbeart gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 23, agus a thaifeadfar sna meastóireachtaí agus sa tuarascáil bhliantúil.

Cuirfidh an Coimisiún faisnéis faoi chomhar um fhorbairt ar fáil i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta aitheanta amhail iad siúd ó EIS agus ó ECFE agus trí úsáid a bhaint as an gcreat um chaighdeán coiteann arna fhorbairt ag an Tionscnamh Trédhearcachta maidir le Cabhair Idirnáisiúnta.

9.   Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn na hIonstraime i leith a chuspóirí a bhaint amach, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 44, chun Iarscríbhinn VI a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

Airteagal 42

Meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar agus ar éifeachtacht a chuid gníomhaíochtaí de réir an réimse idirghabhála, agus ar éifeachtacht an chlársceidealaithe, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin meastóireachtaí seachtracha neamhspleácha. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar thograí ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle maidir le meastóireachtaí seachtracha neamhspleácha. I gcás inarb infheidhme, úsáidfear sna meastóireachtaí prionsabail dea-chleachtais Choiste Cúnaimh Forbartha ECFE, lena bhféachfar ar baineadh amach na cuspóirí sonracha agus le moltaí a cheapadh d'fhonn gníomhaíochtaí a fheabhsú sa todhchaí.

Cuirfidh an Coimisiún torthaí agus conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena thuairimí agus lena bhearta leantacha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig na Ballstáit. Féadfar meastóireachtaí a phlé arna iarraidh sin do na Ballstáit de bhun Airteagal 45(7). Cuirfear torthaí na meastóireachtaí sin san áireamh nuair a bheidh cláir agus gníomhaíochtaí á n-ullmhú agus acmhainní á leithdháileadh. Cuirfear na meastóireachtaí agus na bearta sin leantacha ar fáil go poiblí.

Déanfaidh an Coimisiún na geallsealbhóirí ábhartha uile a chomhlachú a oiread is iomchuí, lena n-áirítear tairbhithe, gníomhaithe sa tsochaí shibhialta agus údaráis áitiúla, i bpróiseas meastóireachta an chistiúcháin ón Aontas a chuirtear ar fáil faoin Ionstraim seo, agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, féachaint le meastóireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh i gcomhar leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe eile i ndlúthpháirt leis na tíortha comhpháirtíochta.

2.   Faoin 31 Nollaig 2024, tíolacfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma ar an Ionstraim seo. Cuimseofar ann an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí seoladh na meastóireachta sin. Más iomchuí, beidh tograí reachtacha ina leagtar amach leasuithe riachtanacha ar an Rialachán seo ag gabháil leis an meastóireacht mheántéarma.

3.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chríochnaitheach ar an Ionstraim laistigh d'athbhreithniú meántéarma na tréimhse airgeadais na dhiaidh sin. Déanfar anailís agus measúnú sa mheastóireacht ar rannchuidiú an Aontais le baint amach chuspóirí na hIonstraime, agus táscairí lena dtomhaistear na torthaí a fuarthas agus aon ní a cinneadh agus aon chonclúidí ar thángthas orthu i leith thionchar na hIonstraime seo á gcur san áireamh.

4.   Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht mheántéarma agus sa mheastóireacht chríochnaitheach ar éifeachtúlacht, ar éifeachtacht, ar thionchar, ar inbhuaine, ar an mbreisluach, ar dheiseanna simpliúcháin, ar chomhleanúnachas inmheánach agus seachtrach, lena n-áirítear comhlántacht agus sineirgí, agus ar ábharthacht leanúnach chuspóirí na hIonstraime. Sainaithneofar sna meastóireachtaí na ceachtanna a foghlaimíodh. Déanfar measúnú sna meastóireachtaí ar uasmhéid na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a leagtar síos in Airteagal 31(4) agus áireofar iontu faisnéis faoin mbreisluach a bhaineann le hionstraimí a bhí ar leithligh roimhe seo a chomhtháthú in aon ionstraim chuíchóirithe amháin.

Sa mheastóireacht mheántéarma agus sa mheastóireacht chríochnaitheach beidh faisnéis chomhdhlúite as tuarascálacha bliantúla freisin faoin gcistiú uile a rialaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear ioncaim sheachtracha shannta agus ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais agus miondealú ar chaiteachas de réir tír is tairbhí, cineálacha cistiúcháin ón Aontas, agus rannpháirt na mBallstát agus na gcomhpháirtithe ábhartha, gealltanas agus íocaíochtaí, chomh maith le miondealú de réir cláir gheografacha, cláir théamacha agus gníomhaíochtaí mearfhreagartha, lena n-áirítear úsáid cistí arna slógadh ón gcúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn, dá dtagraítear in Airteagal 6.

Is é an cuspóir sonrach a bheidh leis na meastóireachtaí meántéarma agus críochnaitheacha cur chun feidhme an chistiúcháin ón Aontas a fheabhsú. Beidh siad ina mbonn faisnéise do chinntí faoi athnuachan, modhnú nó cur ar fionraí na gcineálacha gníomhaíochta a chuirfear chun feidhme faoin Ionstraim seo.

5.   I gcomhréir leis na forálacha tuairiscithe sonracha sa Rialachán Airgeadais, faoin 31 Nollaig 2024 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, ar bhonn meastóireacht sheachtrach, ar úsáid agus feidhmiú na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtraí, go háirithe maidir lena rannchuidiú leis na cuspóirí foriomlána, na torthaí a gnóthaíodh agus breisíocht. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Beidh tuairim ón gCúirt Iniúchóirí ag gabháil leis an tuarascáil mheastóireachta sin. Cuirfear an tuarascáil mheastóireachta agus an tuairim ón gCúirt Iniúchóirí ar fáil go poiblí.

TEIDEAL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 43

An raon feidhme geografach a leathnú

1.   I gcásanna ina mbeidh údar cuí leo agus ina mbeidh an ghníomhaíocht atá le cur chun feidhme ina gníomhaíocht dhomhanda, thrasréigiúnach nó réigiúnach, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, laistigh de na cláir ilbhliantúla tháscacha ábhartha nó laistigh de na cláir ghníomhaíochta ábhartha nó na bearta chun raon gníomhaíochtaí a leathnú chuig tíortha agus críocha nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo de bhun Airteagal 4 chun a áirithiú go mbeidh maoiniú ón Aontas comhleanúnach éifeachtach nó chun comhar réigiúnach nó trasréigiúnach a chothú.

2.   Féadfaidh an Coimisiún leithdháileadh airgeadais sonrach a chur isteach chun cuidiú le tíortha comhpháirtíochta agus le réigiúin chomhpháirtíochta a gcomhar a neartú leis na réigiúin chomharsanacha is forimeallaí san Aontas agus le tíortha agus críocha thar lear. Chuige sin, féadfaidh an Ionstraim seo rannchuidiú, i gcás inarb iomchuí agus ar bhonn cómhalartachta agus comhréireachta a mhéid a bhaineann le leibhéal an chistiúcháin ón gCinneadh maidir leis an gComhlachas Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn nó ó Rialachán Interreg , nó ón dá cheann díobh sin, leis na gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag tír chomhpháirtíochta nó réigiún comhpháirtíochta nó aon eintiteas eile faoin Rialachán seo, ag tír, críoch nó aon eintiteas eile faoin gCinneadh maidir leis an gComhlachas Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn nó ag réigiún forimeallach de chuid an Aontais faoi chuimsiú cláir oibríochtúla chomhpháirteacha nó le cláir nó bearta idir-réigiúnacha um chomhar a bhunaítear agus a chuirtear chun feidhme faoi Rialachán Interreg.

Airteagal 44

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(6) agus (7), Airteagal 6(5), Airteagal 31(4) agus (5), Airteagal 35(10) agus Airteagal 41(9) go ceann thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(6) agus (7), Airteagal 6(5), Airteagal 31(4) agus (5), Airteagal 35(10) agus Airteagal 41(9) a chúlghairm aon tráth. Nuair a dhéantar cinneadh cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 4(6) agus (7), Airteagal 6(5), Airteagal 31(4) agus (5), Airteagal 35(10) agus Airteagal 41(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle faoi cheann 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfadh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 45

Nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an coiste don Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Féadfar an coiste a thionól i bhformáidí éagsúla atá i bhfeighil réimsí sonracha comhair agus idirghabhála, amhail gníomhaíochtaí geografacha, téamacha agus mearfhreagartha.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

5.   Fanfaidh an cinneadh a ghlacfar i bhfeidhm ar feadh ré an doiciméid, an chláir ghníomhaíochta nó an bhirt a ghlacfar nó a leasófar.

6.   Glacfaidh breathnóir ó BEI páirt in imeachtaí an choiste maidir le ceisteanna a bhaineann le BEI.

7.   Féadfaidh na Ballstáit scrúdú a iarraidh ar aon ábhar eile a bhaineann le cur chun feidhme na hIonstraime, go háirithe maidir le doiciméid chlársceidealaithe ilbhliantúla lena n-áirítear athbhreithnithe agus meastóireachtaí meántéarma nó ad hoc.

Airteagal 46

Faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht

1.   Admhóidh faighteoirí cistiúcháin ón Aontas foinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistiúcháin ón Aontas, go háirithe nuair a bheidh na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn agus á dtuairisciú, trí bhéim a leagan ar an tacaíocht a fuarthas ón Aontas ar bhealach infheicthe maidir le hábhar cumarsáide a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht faoin Ionstraim, agus trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

Beidh oibleagáidí i dtaca leis sin sna comhaontuithe a thabharfar i gcrích le faighteoirí cistiúcháin ón Aontas.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an Ionstraim, agus le gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na hIonstraime agus a bhaineann leis na torthaí, a chur chun feidhme. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an Ionstraim seo, rannchuideofar freisin le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais agus leis an tuairisciú ar na tosaíochtaí sin, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin le cuspóirí na hIonstraime dá dtagraítear in Airteagal 3.

3.   Tabharfar tacaíocht leis Ionstraim seo do chumarsáid straitéiseach agus taidhleoireacht phoiblí, lena n-áirítear comhrac na bréagaisnéise, d'fhonn luachanna an Aontais a chur in iúl mar aon leis an mbreisluach a bhaineann le gníomhaíochtaí an Aontais agus na torthaí a bhaintear amach leis na gníomhaíochtaí sin.

4.   Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil go poiblí maidir le gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Ionstraim seo dá dtagraítear in Airteagal 38 den Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear de réir mar is iomchuí trí shuíomh gréasáin cuimsitheach aonair.

5.   Áireofar leis an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 4 freisin faisnéis faoi oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta agus gnéithe bunriachtanacha chomhaontuithe maidir leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, lena n-áirítear faisnéis faoi shainiúlacht dhlítheanach na gcontrapháirtithe, tairbhí forbartha a bhfuiltear ag súil leo agus nósanna imeachta gearáin i gcomhréir le pointe (h) d'Airteagal 38(3), agus aird á tabhairt ar chosaint faisnéise rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

6.   I gcomhréir lena mbeartais trédhearcachta agus le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus maidir le rochtain ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis, cuirfidh na contrapháirtithe incháilithe CEFI+ ar fáil go poiblí ar a suíomhanna gréasáin, ar bhonn réamhghníomhach agus córasach, faisnéis a bhaineann leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta uile a chumhdaítear leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoin Rialachán seo, agus a bhaineann go háirithe leis an gcaoi a rannchuidíonn na hoibríochtaí sin le cuspóirí agus cheanglais a leagtar amach sa Rialacháin seo a bhaint amach. I gcás inar féidir é, déanfar an fhaisnéis sin a mhiondealú ar leibhéal na dtionscadal. Cuirfidh an fhaisnéis sin cosaint faisnéise rúnda agus íogair ó thaobh na tráchtála de san áireamh i gcónaí. Déanfaidh contrapháirtithe incháilithe CEFI+ tacaíocht ón Aontas a phoibliú freisin i ngach faisnéis a fhoilseoidh siad maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta dá gcumhdaítear leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 47

Maolú ar cheanglais infheictheachta

I gcás, de bharr ceisteanna slándála nó íogaireachtaí polaitiúla, gur féidir gur fearr nó gur gá gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta a theorannú i dtíortha nó limistéir áirithe nó le linn tréimhsí áirithe, socrófar an spriocphobal agus na huirlisí, na táirgí agus na cainéil infheictheachta atá le húsáid chun gníomhaíocht áirithe a chur chun cinn, socrófar sin de réir an cháis, i gcomhairle agus i gcomhaontú leis an Aontas. I gcás ina mbeidh gá le hidirghabháil mhear mar fhreagairt ar ghéarchéim thobann, ní gá plean cumarsáide agus infheictheachta a chur ar fáil láithreach. Sna cásanna sin, áfach, léireofar fós ar bhealach iomchuí, ón tús, an tacaíocht atá á fáil ón Aontas.

Airteagal 48

An clásal maidir leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Beidh feidhm ag an Rialachán seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE , go háirithe Airteagal 9 de.

Airteagal 49

Leasuithe ar Chinneadh Uimh. 466/2014/AE

Leasaítear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Cumhdóidh ráthaíocht an Aontais oibríochtaí maoiniúcháin BEI arna síniú i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021.”;

(2)

in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Faoin 31 Nollaig 2022, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Chinnidh seo.”;

(3)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dtrí mhíreanna deiridh de phointe D:

“Laistigh den uasteorainn sheasta fhoriomlán, féadfaidh comhlachtaí rialaithe BEI a chinneadh, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, méideanna a ath-leithdháileadh laistigh de réigiúin agus idir réigiúin.”.

Airteagal 50

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Gan dochar d'Airteagal 31(8) den Rialachán seo, déantar Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 agus (AE) 2017/1601 a aisghairm le héifeacht ón 1 Lúnasa 2021 agus aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE le héifeacht ón 1 Eanáir 2022. Maoineoidh imchlúdach airgeadais na hIonstraime soláthar na ráthaíochtaí buiséadacha a údaraítear faoi Rialachán (AE) 2017/1601 agus soláthar ráthaíochtaí agus cúnamh airgeadais arna n-údarú faoi bhunghníomhartha a rialaítear le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009. Déanfar soláthar do ráthaíochtaí den sórt sin do thairbhithe a liostaítear san Iarscríbhinn ábhartha a ghabhann le Rialachán IPA III agus cúnamh airgeadais dóibh a mhaoiniú ón Rialachán sin.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais na hIonstraime na caiteachais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t-aistriú idir an Rialachán seo agus na bearta a glacadh faoi na Rialacháin seo a leanas a áirithiú: Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 480/2009, (AE) Uimh. 230/2014, (AE) Uimh. 232/2014, (AE) Uimh. 233/2014, (AE) Uimh. 234/2014, (AE) Uimh. 235/2014, (AE) Uimh. 236/2014, (Euratom) Uimh. 237/2014 agus (AE) 2017/1601 agus Cinneadh Uimh. 466/2014/AE.

3.   Féadfar caiteachais a bhaineann le hullmhú aon Rialachán ghaolmhar atá le teacht a chumhdach le himchlúdach airgeadais na hIonstraime.

4.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na caiteachais dá bhforáiltear in Airteagal 24(1) a chumhdach, chun go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 51

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 9 Meitheamh 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

F. ANDRÉ


(1)  IO C 110, 22.3.2019, lch. 163.

(2)  IO C 86, 7.3.2019, lch. 295.

(3)  IO C 45, 4.2.2019, lch. 1.

(4)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 26 Bealtaine 2021 (IO C 225, 11.6.2021, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin (IO L 77, 15.3.2014, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (IO L 77, 15.3.2014, lch. 27).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (IO L 77, 15.3.2014, lch. 44).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (IO L 77, 15.3.2014, lch. 77).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe don daonlathas agus do chearta an duine ar fud an domhain (IO L 77, 15.3.2014, lch. 85).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (IO L 77, 15.3.2014, lch. 95).

(12)  Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2017 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI), Ráthaíocht CEFI agus Ciste Ráthaíochta CEFI (IO L 249, 27.9.2017, lch. 1).

(13)  Cinneadh Uimh. 466/2014 /AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena dtugtar ráthaíocht ón Aontas Eorpach don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas (IO L 135, 8.5.2014, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10).

(15)  Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014 ón gComhairle an 13 Nollaig 2013 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach (IO L 77, 15.3.2014, lch. 109).

(16)  Rialachán (AE) 2015/322 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a chur chun feidhme (IO L 58, 3.3.2015, lch. 1).

(17)  Comhaontú inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cúnamh ón Aontas Eorpach a mhaoiniú faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le cúnamh airgeadais a leithdháileadh do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chomhaontú ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (IO L 210, 6.8.2013, lch. 1).

(18)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(19)  IO L 317, 15.12.2000, lch. 3. Leasaíodh an Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE leis an gComhaontú a síníodh i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2005 (IO L 209, 11.8.2005, lch. 27) agus leis an gComhaontú a síníodh in Ouagadougou an 22 Meitheamh 2010 (IO L 287, 4.11.2010, lch. 3).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir leis an gcabhair dhaonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).

(21)  Rialachán (Euratom) 2021/948 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach lena gcomhlánaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda ar bhonn an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014 (Féach leathanach 79 den Iris Oifigiúil seo).

(22)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(23)  Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear “Erasmus+”: Clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 1).

(24)  Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 34).

(25)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(26)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(27)  Rialachán (AE) 2017/2306 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin (IO L 335, 15.12.2017, lch. 6).

(28)  Cinneadh 77/270/Euratom ón gComhairle an 29 Márta 1977 ag cumhachtú don Choimisiún iasachtaí Euratom a eisiúint chun rannchuidiú le stáisiúin núicléacha a mhaoiniú (IO L 88, 6.4.1977, lch. 9).

(29)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (OJ L 141, 5.6.2015, p. 73).

(30)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(31)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialáiltear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).

(32)  Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1).

(33)  Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (IO L 30, 31.1.2019, lch. 1).

(34)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(35)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(36)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(37)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(38)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(39)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(40)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(41)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(42)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

(43)  Treoir 85/337/CEE ón gComhairle an 27 Meitheamh 1985 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol (IO L 175, 5.7.1985, lch. 40).


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA DE THÍORTHA AGUS DE CHRÍOCHA ATÁ SA LIMISTÉAR COMHARSANACHTA

An Ailgéir

An Airméin

An Asarbaiseáin

An Bhealarúis

An Éigipt

An tSeoirsia

Iosrael

An Iordáin

An Liobáin

An Libia

Poblacht na Moldóive

Maracó

An Chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil

An tSiria

Túinéis

An Úcráin

Féadfar tacaíocht ón Aontas faoin réimse seo a úsáid freisin chun a chur ar chumas Chónaidhm na Rúise páirt a ghlacadh i gcláir comhair trasteorann ina mbeidh an tAontas rannpháirteach agus i gcláir tháscacha ábhartha ilnáisiúnta eile, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 13(6) agus Airteagal 21.


IARSCRÍBHINN II

RÉIMSÍ COMHAIR le hAGHAIDH NA gCLÁR GEOGRAFACH

Le haghaidh réigiúin gheografacha

DAOINE

1.   An dea-rialachas, an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine, lena n-áirítear comhionannas inscne

(a)

An daonlathas agus próisis dhaonlathacha chuimsitheacha a neartú agus a chur chun cinn, an smacht reachta, an t-éilliú a chomhrac, rialachas agus maoirseacht, lena n-áirítear próisis thoghchánacha thrédhearcacha, chuimsitheacha agus inchreidte, chomh maith le hinstitiúidí trédhearcacha, cuntasacha, éifeachtacha agus cuimsitheacha ar gach leibhéal, lena n-áirítear comhlachtaí reachtacha, breithiúnacht neamhspleách, rannpháirtíocht agus ionadaíocht pholaitiúil fhóinteach a neartú;

(b)

Cur chun cinn, cosaint agus comhall chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a neartú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, lena n-áirítear Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine; tacaíocht agus cosaint a thabhairt do chosantóirí chearta an duine; tacú le sásraí gearáin agus sásaimh maidir le sáruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil, agus faireachán a dhéanamh orthu sin; rannchuidiú le cur chun feidhme ionstraimí agus creataí domhanda agus réigiúnacha, lena méadófaí acmhainneachtaí na sochaí sibhialta maidir lena gcur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu;

(c)

An t-idirdhealú de gach cineál a chomhrac, agus prionsabal an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn, go háirithe comhionannas inscne, cearta agus cumhachtú na mban agus na gcailíní, cearta an linbh, daoine faoi mhíchumas, daoine ar de mhionlaigh iad, dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, agus idirghnéasacha (LGBTI), agus na bpobal dúchasach mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach;

(d)

Tacú le sochaí shibhialta a bhfuil rath uirthi agus leis an iliomad ról neamhspleách agus gníomhach atá aici in aistrithe polaitiúla, próisis athchóirithe agus claochluithe daonlathacha agus iad a neartú agus a chumhachtú chomh maith, agus spás oscailte cumasúcháin le haghaidh rannpháirteachas na sochaí sibhialta agus na saoránach sa saol polaitiúil agus i ngrinnscrúdú na cinnteoireachta mar aon leis an laghdú ar an spás daonlathach a chomhrac; tacú le rannpháirtíocht an phobail go léir sna próisis pholaitiúla agus sa saol poiblí agus an rannpháirtíocht sin a chur chun cinn;

(e)

An t-iolrachas, an neamhspleáchas agus an ghairmiúlacht atá ag meáin shaora neamhspleácha a fheabhsú, mar aon le litearthacht meán a mhéadú agus dul i ngleic leis an mbréagaisnéis; cearta digiteacha a neartú, lena n-áirítear cearta um rochtain ar fhaisnéis; an ceart chun príobháideachais agus cosaint sonraí a neartú;

(f)

Cur le hathléimneacht stát, sochaithe, comhphobal agus daoine aonair maidir le brú agus turraing pholaitiúil, eacnamaíoch, chomhshaoil, bhia, dhéimeagrafach agus shochaíoch, tubaistí nádúrtha agus de dhéanamh an duine agus géarchéimeanna sláinte, lena n-áirítear paindéimí;

(g)

Forbairt institiúidí poiblí daonlathacha cuimsitheacha ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fo-náisiúnta, lena n-áirítear údaráis áitiúla, a neartú; an acmhainneacht a neartú maidir le buiséadú agus pleanáil inscnefhreagrúil; chomh maith le córas breithiúnach, neamhspleách, éifeachtach, éifeachtúil agus cuntasach, an smacht reachta a chur chun cinn, ceartas idirnáisiúnta, cuntasacht agus rochtain inacmhainne ar an gceartas do chách;

(h)

Tacú le próisis athchóirithe riaracháin ar an leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as córais ríomhrialtais saoránach-lárnaithe agus réitigh dhigiteacha eile chun córais riaracháin phoiblí agus soláthair seirbhísí a fhorbairt atá stóinseach, cuntasach agus trédhearcach, lena neartaítear creata dlí agus an córas institiúideach, córais staidrimh agus acmhainneachtaí náisiúnta, lena n-áirítear maidir le himdhealú sonraí de réir ioncaim, inscne, aoise agus tosca eile, bainistíocht fhónta airgeadais, lena n-áirítear iniúchadh seachtrach, agus rannchuidiú leis an éilliú, an tseachaint cánach, an imghabháil cánach agus an phleanáil ionsaitheach cánach a chomhrac;

(i)

Tacú le rialtais agus riaracháin náisiúnta agus áitiúla chun an bonneagar is gá a chruthú chun go bhféadfar gach clárú sibhialta (ó bhreith go bás) a chlárú go beacht, agus a aithint go hoifigiúil, agus doiciméid i ndúblach a fhoilsiú nuair is gá chun a áirithiú go bhfuil taifead oifigiúil ar na saoránaigh uile agus go bhfuil siad in ann a gcuid ceart bunúsach a fheidhmiú;

(j)

Beartas agus forbairt chríochach, tuaithe agus uirbeach atá cuimsitheach cothrom comhtháite a chur chun cinn trí institiúidí agus comhlachtaí poiblí a neartú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fo-náisiúnta, tacú le fothú acmhainneachta na n-údarás áitiúil agus le slógadh a saineolais chun cur chuige críochach maidir leis an bhforbairt áitiúil a chur chun cinn, lena n-áirítear dílárú éifeachtúil, dílárú fioscach, agus tacú le hathstruchtúrú stáit;

(k)

Trédhearcacht agus cuntasacht institiúidí poiblí ar leibhéil náisiúnta agus fonáisiúnta agus fiontair atá faoi úinéireacht phoiblí a mhéadú agus rochtain do chách ar fhaisnéis faoi ghnóthaí poiblí a fheabhsú, soláthar poiblí a neartú, lena n-áirítear ceapadh critéar agus spriocanna comhshaoil, sóisialta agus inbhuaine eacnamaíoch mar aon le bainistíocht airgeadais phoiblí a spreagadh ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus áitiúil, lena dtacaítear le forbairt agus le himscaradh na gcóras ríomhrialachais agus soláthar seirbhísí a neartú;

(l)

Tacú le bainistiú inbhuanaithe, cuntasach, coinbhleacht-íogair agus trédhearcach ar earnálacha acmhainní nádúrtha agus ar ioncaim a bhaineann leo sin, agus ar athchóirithe chun beartais chánach chothroma, chóra, éifeachtúla agus inbhuanaithe a áirithiú.

2.   Deireadh a chur leis an mbochtaineacht, neamhionannais agus an t-idirdhealú a chomhrac, agus forbairt an duine a chur chun cinn

(a)

Deireadh a chur le gach gné den bhochtaineacht, lena n-áirítear trí sheirbhísí poiblí i réimsí na sláinte, an chothaithe, an oideachais agus na cosanta sóisialta, dul i ngleic leis an idirdhealú agus neamhionannais, agus gan aon duine a fhágáil ar leataobh;

(b)

Tacú le talmhaíocht, foraoiseacht agus iascach inbhuanaithe chun slándáil bia a mhéadú, deiseanna eacnamaíocha agus poist a chruthú;

(c)

Feabhas a chur ar iarrachtaí beartais agus infheistíocht iomchuí a ghlacadh chun cearta na mban agus na gcailíní, cearta daoine óga agus leanaí agus cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn, a chosaint agus a chomhall, ar mhaithe le héascú a dhéanamh ar a rannpháirteachas agus a rannpháirtíocht fhónta sa saol sóisialta, cathartha agus eacnamaíoch, agus chun a áirithiú go rannchuideoidh siad go hiomlán leis an bhfás cuimsitheach agus leis an bhforbairt inbhuanaithe;

(d)

Meas ar chearta na mban agus na gcailíní agus ar chumhachtú na mban agus na gcailíní, chomh maith le cosaint agus comhall na gceart sin a chur chun cinn, lena n-áirítear cearta eacnamaíocha, saothair agus sóisialta, cearta talún, mar aon leis na cearta dá dtagraítear in Airteagal 8(4), foréigean gnéis agus inscnebhunaithe de gach cineál a dhíothú, lena n-áirítear cleachtais dhochracha amhail an pósadh éigeantais, an luathphósadh, pósadh leanaí, agus ciorrú ball giniúna ban;

(e)

Aghaidh a thabhairt ar naisc an fháis dhéimeagrafaigh dhomhanda agus aistrithe déimeagrafacha chuig fás inbhuanaithe i ngach gné ábhartha, lena n-áirítear comhionannas inscne, sláinte, cosaint shóisialta, comhtháthú sóisialta, oideachas agus fostaíocht;

(f)

Aird ar leith a thabhairt orthu sin atá faoi mhíbhuntáiste, leochaileach agus imeallaithe, lena n-áirítear leanaí agus an t-aos óg, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine LGBTI, daoine ar de mhionlaigh agus pobail dhúchasacha iad, dídeanaithe, daoine easáitithe ina dtír féin, daoine dá ndéanann coinbhleachtaí armtha difear agus daoine gan stát;

(g)

Cur chuige lánpháirtithe a chur chun cinn i leith tacú le comhphobail, go háirithe na daoine is imeallaithe, is leochailí, is boichte agus is deacra teagmháil a dhéanamh leo, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar an rochtain uilíoch ar riachtanais bhunúsacha agus ar sheirbhísí bunúsacha, lena n-áirítear i réimsí na sláinte, an chothaithe, an oideachais agus na cosanta sóisialta;

(h)

Tacú le timpeallacht shábháilte chothaitheach a chur ar fáil do leanaí mar ghné thábhachtach lena gcothófar glúin shláintiúil de dhaoine óga a bheidh in ann a hacmhainneach iomlán a bhaint amach. Áirítear air sin an t-aistriú ó chúram institiúideach do leanaí go cúram pobalbhunaithe do leanaí a chur chun cinn. Áirítear air sin freisin an tús is fearr sa saol a thabhairt do leanaí, go háirithe na leanaí is imeallaithe, trí infheistiú i bhforbairt luathóige agus trína áirithiú go mbíonn rochtain ar sheirbhísí bunúsacha amhail sláinte, cothú, oideachas agus cosaint shóisialta ag leanaí ar a bhfuil lorg na bochtaineachta nó an neamhionannais orthu;

(i)

Tacú le rochtain uilíoch ar bhia leordhóthanach, inacmhainne, sábháilte agus cothaitheach agus aistí bia folláine, go háirithe dóibh sin atá sna cásanna is leochailí, inter alia leanaí faoi 5 bliana d'aois, déagóirí, idir chailíní agus bhuachaillí, agus mná, go háirithe le linn toirchis agus nuair a bhíonn siad ag cothú linbh ar an gcíoch, chomh maith le hathléimneacht bia agus cothaithe agus leanúnachas cúraim sláinte a neartú, go háirithe sna tíortha sin ar fada nó ar minic i ngéarchéim iad; crandú, cnaí agus cineálacha eile míchothaithe a chosc; cuir chuige ilearnála, atá íogair don chothú i leith na talmhaíochta a chothú;

(j)

Tacú le rochtain uilíoch ar shláintíocht uisce óil atá sábháilte agus leordhóthanach, agus sláintíocht, agus bainistíocht uisce inbhuanaithe chomhtháite, ar an leibhéal náisiúnta go háirithe;

(k)

Clúdach sláinte uilíoch a bhaint amach, lena bhfaigheadh gach duine aonair agus gach comhphobal rochtain chothrom ar sheirbhísí sláinte ardcháilíochta inacmhainne, lena n-áirítear seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe i gcomhthéacs Chlár Oibre Bhéising don Ghníomhaíocht agus Clár Gníomhaíochta CIDF agus torthaí a gcomhdhálacha athbhreithniúcháin, trí thacú le córais sláinte chuimsitheacha láidre sheasmhacha ardcháilíochta a thógáil, a bhfuil rochtain ag cách orthu, agus lena bhfeabhsófar an acmhainneacht le haghaidh luathrabhadh, laghdú riosca, bainistiú agus téarnaimh; comhlánú a dhéanamh ar ghníomhaíocht trí Chlár Réime an Aontais um Thaighde agus um Nuálaíocht chun dul i ngleic le bagairtí sláinte domhanda, chun vacsaíní, cógais agus cóireálacha sábháilte, éifeachtacha agus inacmhainne a fhorbairt chun dul i ngleic le galair atá bainteach leis an mbochtaineacht agus galair a bhfuil siléig déanta iontu, agus feabhas a chur ar fhreagairtí ar dhúshláin sláinte lena n-áirítear galair theagmhálacha, frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach agus galair agus eipidéimí atá ag teacht chun cinn;

(l)

Tacú le cosaint shóisialta uilíoch chothrom agus bearta sábháilteachta sóisialta, líonraí agus córais tacaíochta a neartú chun ioncam bunúsach a ráthú, lena áirithiú nach bhfágfar beo bocht arís iad siúd a tháinig ón mbochtaineacht, agus ar mhaithe leis an athléimneacht a chothú;

(m)

Forbairt uirbeach inbhuanaithe chuimsitheach a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas uirbeach, agus fócas á dhíriú orthu siúd is mó i ngátar;

(n)

Tacú le húdaráis áitiúla, lena n-áirítear trí chomhar díláraithe, fhothú acmhainneachta agus slógadh acmhainní, chun feabhas a chur ar logánú na SFInna i gceantair uirbeacha agus thuaithe trí sholáthar agus trí fhreagrúlacht seirbhísí bunúsacha agus rochtain chothrom ar shlándáil bia agus cothaithe, tithíocht inrochtana chuibhiúil inacmhainne agus caighdeán na beatha a fheabhsú, go háirithe dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu i lonnaíochtaí neamhfhoirmiúla nó i slumaí, rannpháirtíocht agus sásraí gearáin inrochtana a neartú agus a chur chun cinn, go háirithe do dhaoine agus grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus atá eisiata;

(o)

Baint amach spriocanna san oideachas atá comhaontuithe go hidirnáisiúnta, ag a bhfuil fócas ar leith ar oideachas saor in aisce, a chur chun cinn trí oideachas foirmiúil, neamhfhoirmiúil agus seachfhoirmiúil atá cuimsitheach cothrom do chách agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do chách agus ar gach leibhéal, go háirithe le linn na luathóige agus le linn bhlianta an bhunoideachais, oiliúint theicniúil agus gairmoiliúint, agus i gcásanna éigeandála agus i ngéarchéimeanna, agus aird ar leith á tabhairt ar mhná agus ar chailíní; agus lena n-áirítear trí oiliúint agus forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí, agus trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha chomh maith chun feabhas a chur mhúineadh agus ar fhoghlaim;

(p)

Tacú le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, soghluaisteacht ó thaobh na foghlama de idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta nó idir tíortha comhpháirtíochta iad féin, mar aon le gníomhaíochtaí comhair agus idirphlé faoi bheartais le hinstitiúidí, eagraíochtaí, comhlachtaí agus údaráis cur chun feidhme áitiúla, as na tíortha sin;

(q)

Comhar i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta agus an taighde a chur chun cinn, go háirithe aghaidh a thabhairt ar athruithe a bhaineann leis an mbochtaineacht agus athruithe sa tsochaí, sonraí oscailte, mórshonraí, intleacht shaorga agus nuálaíocht, agus feiniméan thréigean na tallainne á chosc ag an am céanna;

(r)

An comhordú idir na gníomhaithe ábhartha uile ar gach leibhéal a ghéarú chun cuidiú leis an aistriú ó chás éigeandála nádúrtha nó de dhéanamh an duine chuig céim na forbartha; pleanáil chomhshnaidhmthe agus clársceidealú idirghabhálacha comhair a áirithiú, atá comhleanúnach le cabhair dhaonnúil, agus, i gcás inarb ábhartha, gníomhaíochtaí cothaithe síochána, ar bhonn anailís chomhpháirteach;

(s)

Tacú le saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn, lena n-áirítear trí bhíthin bearta chun deireadh a chur le gach cineál fuatha, éadulaingthe, agus idirdhealaithe bunaithe ar reiligiún nó ar chreideamh agus trí chaoinfhulaingt agus meas ar éagsúlacht reiligiúnach agus chultúrtha a chothú laistigh de shochaithe agus i measc sochaithe;

(t)

Idirphlé idirchultúrtha agus éagsúlacht chultúrtha de gach cineál a chur chun cinn, agus oidhreacht chultúrtha a chur chun cinn, agus leas iomlán a bhaint as na tionscail chruthaitheacha le haghaidh forbairt inbhuanaithe shóisialta eacnamaíoch;

(u)

Tacú le gníomhaíochtaí, agus comhar a chur chun cinn, i réimse an spóirt chun rannchuidiú le cumhachtú na mban, daoine óga, daoine aonair agus comhphobal mar aon le cuspóirí sláinte, oideachais agus cuimsithe sóisialta Chlár Oibre 2030;

(v)

Dínit agus athléimneacht daoine atá easáitithe go héigeantach agus go fadtéarmach a chothú agus iad a chuimsiú sa saol eacnamaíoch agus sóisialta i dtíortha óstacha agus i gcomhphobail óstacha, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil.

3.   Imirce, easáitiú éigeantais agus soghluaisteacht

(a)

Comhpháirtíochtaí déthaobhacha, réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú maidir leis an imirce, an t-easáitiú éigeantais agus an tsoghluaisteacht bunaithe ar chur chuige comhtháite cothrom, lena gcumhdaítear gach gné den imirce lena n-áirítear cúnamh chun comhaontuithe déthaobhacha nó réigiúnacha, idirphlé agus socruithe de chuid an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear iad siúd maidir le filleadh agus athligean isteach, bealaí dlíthiúla agus comhpháirtíochtaí soghluaisteachta, agus lánurraim á tabhairt d'oibleagáidí an dlí idirnáisiúnta agus d'oibleagáidí chearta an duine;

(b)

Tacú le hath-lánpháirtiú inbhuanaithe na n-imirceach agus a dteaghlach a bheidh ag filleadh, chomh maith le filleadh sábháilte agus díniteach idir tíortha comhpháirtíochta agus lánurraim á tabhairt d'oibleagáidí daonnúla agus d'oibleagáidí maidir le cearta an duine faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi dhlí an Aontais;

(c)

Aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna maolaitheacha na himirce neamhrialta agus an easáitithe éigeantais;

(d)

Dul i ngleic leis an imirce neamhrialta agus le heasáitiú éigeantais; leochaileachtaí a laghdú i gcomhthéacs na himirce, lena n-áirítear iad siúd arb é gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil daoine is cúis leo, agus lena n-áirítear bearta tacaíochta chun íospartaigh an dúshaothraithe agus na mí-úsáide a chosaint; agus dlús a chur leis an gcomhar maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le dlí an Aontais, leis an dlí um chearta an duine, leis an dlí daonnúil agus le caighdeáin chosanta sonraí;

(e)

An acmhainneacht eolaíoch, theicniúil, dhaonna agus institiúideach a neartú chun an imirce a bhainistiú, lena n-áirítear oiliúint ar chearta an duine, nósanna imeachta na dtíortha comhpháirtíochta maidir le glacadh, próiseáil, tearmann agus filleadh; comhar trasteorann maidir le malartú faisnéise a neartú i gcomhréir le caighdeáin agus oibleagáidí cosanta sonraí a bhaineann leis an gceart chun príobháideachta faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine; agus tacú le bailiú agus úsáid sonraí cruinne agus imdhealaithe mar bhonn do bheartais fhianaisebhunaithe d'fhonn imirce agus soghluaisteacht atá ordúil, sábháilte, rialta agus freagrach a éascú;

(f)

Tacú le beartais imirce éifeachtacha atá bunaithe ar chearta an duine, ar gach leibhéal, lena n-áirítear cláir chosanta;

(g)

Coinníollacha a chur chun cinn chun imirce dhleathach agus soghluaisteacht dhea-bhainistithe a éascú, de réir mar is iomchuí, agus inniúlachtaí na mBallstát agus teagmhálacha duine le duine á n-urramú ag an am céanna, lena n-áirítear san oideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht, i malartú cultúrtha agus in idirphlé idirchultúrtha, lena n-áirítear trí fhaisnéis chruinn thráthúil a chur ar fáil, agus an tionchar a bheidh ag imirce rialta ar fhorbairt a uasmhéadú;

(h)

Comhthuiscint ar an nasc idir an imirce agus an fhorbairt a fheabhsú, agus é á aithint go bhfuil imirce agus soghluaisteacht atá ordúil, sábháilte, rialta agus freagrach, an tsíocháin, an dea-rialachas, an chobhsaíocht, an fás cuimsitheach agus an fhorbairt inbhuanaithe idirnasctha go láidir, agus sineirgí a shaothrú laistigh de na gnéithe éagsúla sin;

(i)

Cosaint, urramú agus comhlíonadh chearta daonna na n-imirceach, na ndídeanaithe, na ndaoine atá easáitithe go héigeantach agus na ndaoine atá easáitithe ina dtír féin uile a áirithiú, lena n-áirítear iad siúd a easáitíodh mar gheall ar an athrú aeráide, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha;

(j)

Tacú le réitigh atá dírithe ar an bhforbairt do dhaoine atá easáitithe go héigeantach, do dhaoine easáitithe ina dtír féin agus dá gcomhphobail óstacha, lena n-áirítear trí chuimsiú socheacnamaíoch le rochtain ar mhargadh an tsaothair, poist chuibhiúla, oideachas agus seirbhísí, chun dínit, teacht aniar agus féintuilleamaí daoine easáitithe a chur chun cinn;

(k)

Tacú le rannpháirteachas an diaspóra i dtíortha tionscnaimh chun rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus aird á tabhairt ar a n-acmhainneacht ó thaobh infheistíochtaí de, trí thacú lena ndlúthpháirtíocht agus lena dtionscnaimh fiontraíochta;

(l)

Aistrithe seoltán atá níos gasta, níos saoire agus níos sábháilte i dtíortha tionscnaimh agus i dtíortha is faighteoirí a chur chun cinn, lena mbainfear leas as an acmhainneacht forbartha.

Déanfar an comhar sa réimse seo a bhainistiú i gcomhleanúnachas le rialacháin an Aontais a bhaineann le himirce, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal an chomhleanúchais beartais don fhorbairt.

PLÁINÉAD

4.   An comhshaol agus an t-athrú aeráide

(a)

Acmhainneacht eolaíoch, theicniúil, dhaonna agus institiúideach a neartú i dtaca le bainistiú na haeráide agus an chomhshaoil, príomhshruthú agus faireachán; rialachas réigiúnach, náisiúnta agus áitiúil maidir leis an aeráid agus leis an gcomhshaol a neartú, agus rochtain a éascú ar fhoinsí poiblí agus príobháideacha maoiniúcháin chun rioscaí tubaiste a laghdú, éiceachórais, agus le haghaidh na bithéagsúlachta agus an mhaoiniúcháin don aeráid, chomh maith le hárachas;

(b)

tacú le hoiriúnú don athrú aeráide, agus béim ar leith á leagan ar Stáit agus pobail atá thar a bheith leochaileach; rannchuidiú le hiarrachtaí na gcomhpháirtithe a ngealltanais a shaothrú maidir leis an athrú aeráide, agus maidir le héiceachórais agus leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus le Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste. Ar na hiarrachtaí sin, áirítear cur chun feidhme NDCanna agus pleananna gníomhaíochta maidir le maolú agus oiriúnú, lena n-áirítear sineirgí idir oiriúnú agus maolú, trí thionscnaimh dhomhanda amhail an Chomhpháirtíocht maidir le rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta, chomh maith lena ngealltanas faoi chomhaontuithe comhshaoil iltaobhacha eile, amhail an Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac;

(c)

Fás glas agus gorm inbhuanaithe agus an geilleagar ciorclach i ngach earnáil eacnamaíoch a fhorbairt agus/nó a neartú;

(d)

Rochtain ar fhuinneamh inbhuanaithe a chur chun cinn i dtíortha i mbéal forbartha; an comhar maidir le fuinneamh inbhuanaithe inathnuaite a neartú, i gcomhréir iomlán leis na caighdeáin idirnáisiúnta is airde, lena n-áirítear measúnú ar thionchair shábháilteachta agus chomhshaoil, idir náisiúnta agus trasteorann. An comhar maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus táirgeadh agus úsáid foinsí fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn agus a mhéadú; rochtain ar sheirbhísí fuinnimh atá iontaofa, slán, inacmhainne, glan agus inbhuanaithe a chur chun cinn; tacú, go háirithe, le réitigh ar mhionscála, réitigh mhioneangacha agus eiseangacha a bhfuil ardluach comhshaoil agus forbartha acu, agus réitigh áitiúla agus dhíláraithe lena n-áiritheofar rochtain ar fhuinneamh do dhaoine atá ag maireachtáil i mbochtaineacht agus i limistéir iargúlta;

(e)

Acmhainneacht a fhorbairt chun cuspóirí comhshaoil, inbhuanaitheachta agus athraithe aeráide a phríomhshruthú, agus fás glas a shaothrú i straitéisí forbartha náisiúnta agus áitiúla, lena n-áirítear tacú le critéir inbhuanaitheachta sa soláthar poiblí;

(f)

Céimniú amach na bhfóirdheontas a thugtar don bhreosla iontaise atá díobhálach don chomhshaol a chur chun cinn, mar aon le margaí fuinnimh cobhsaí trédhearcacha agus imscaradh eangacha cliste agus úsáid teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh bainistiú inbhuanaithe fuinnimh;

(g)

Freagracht shóisialta chorparáideach a chur chun cinn, mar aon le dícheall cuí sna slabhraí soláthair agus feidhmiú comhsheasmhach ar phrionsabal “cur chuige an réamhchúraim” agus ar an bprionsabal “gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as”;

(h)

Cleachtais talmhaíochta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn, lena n-áirítear agrai-éiceolaíocht agus bithéagsúlacht, chomh maith le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide a fheabhsú agus athléimneacht chomhshaoil agus shóisialta agus éiceachórais shláintiúla a chur chun cinn;

(i)

Feabhas a chur ar ghréasáin agus seirbhísí iompair ilmhódacha áitiúla, náisiúnta, réigiúnacha agus ilchríochacha chun cur le tuilleadh deiseanna maidir le forbairt eacnamaíoch aeráid-díonach agus cruthú post, i bhfianaise forbairt íseal-astaíochta aeráid-díonach. Éascú agus léirscaoileadh iompair a neartú, inbhuaine, sábháilteacht ar bhóithre agus athléimneacht réimsí iompair a fheabhsú;

(j)

Páirt na n-údarás agus na gcomhphobal áitiúil agus na bpobal dúchasach i bhfreagairtí ar an athrú aeráide a neartú, mar aon le cailliúint na bithéagsúlachta agus an choireacht fiadhúlra a chomhrac, caomhnú éiceachóras chomh maith le rialachas acmhainní nádúrtha atá coinbhleacht-íogair, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar tionacht talún agus ar bhainistiú acmhainní uisce. Forbairt uirbeach inbhuanaithe agus athléimneacht i limistéir uirbeacha a chur chun cinn; rannpháirtíocht agus rochtain ar shásraí gearáin agus sásaimh ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil a neartú agus a chur chun cinn, go háirithe do phobail dhúchasacha mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach;

(k)

Oideachas le haghaidh forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn chun daoine a chumhachtú chun an tsochaí a athrú agus todhchaí inbhuanaithe a chruthú;

(l)

Caomhnú acmhainní nádúrtha a chur chun cinn, chomh maith le bainistiú agus úsáid inbhuanaithe agus coinbhleacht-íogair na n-acmhainní nádúrtha sin, agus athshlánú acmhainní nádúrtha agus éiceachóras folláin, idir éiceachórais talún agus neamhthalún, agus stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta, an fiadhúlra a chosaint, lena n-áirítear an phóitseáil agus an gháinneáil aindleathach ar fhiadhúlra a chomhrac; comhairliúchán a neartú agus comhar trasteorann réigiúnach a chur chun cinn agus toiliú saor réamhfheasach, agus rannpháirtíocht éifeachtach na bpobal dúchasach a áirithiú mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach;

(m)

Bainistiú acmhainní uisce ar bhealach comhtháite, inbhuanaithe, rannpháirteach agus coinbhleacht-íogair agus comhar uisce trasteorann a chur chun cinn i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, agus baint ag na húdaráis áitiúla i gcás inarb ábhartha;

(n)

Caomhnú agus feabhsú stoc carbóin a chur chun cinn trí úsáid talún, athrú ar úsáid talún, agus foraoiseacht a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus díghrádú comhshaoil, gaineamhlú agus díghrádú talún agus foraoise, agus triomach a chomhrac, agus baint ag na húdaráis áitiúla i gcás inarb ábhartha;

(o)

An foraoisiú agus cosaint foraoisí nádúrtha a chur chun cinn; an dífhoraoisiú a laghdú agus forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí a chur chun cinn, agus an lománaíocht neamhdhleathach, trádáil maidir le hadhmad neamhdhleathach agus a tháirgí adhmaid a chomhrac.

Tacú le rialachas feabhsaithe agus forbairt acmhainneachta le haghaidh acmhainní nádúrtha a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, lena n-áirítear trí rialtais fonáisiúnta; tacú le comhaontuithe comhpháirtíochta deonaí a chaibidil agus a chur chun feidhme;

(p)

Tacú le rialachas na n-aigéan, lena n-áirítear cosaint, athshlánú agus caomhnú i gcás limistéar cósta agus muirí de gach cineál, lena n-áirítear éiceachórais, an comhrac in aghaidh bruscar muirí, an comhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe, neamhrialáilte agus cosaint na bithéagsúlachta muirí, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;

(q)

Laghdú rioscaí tubaistí réigiúnacha a neartú, mar aon le hullmhacht agus athléimneacht ina leith sin, lena n-áirítear trí infheistíocht, agus trí chur chuige comhphobal-lárnaithe agus daoine-lárnaithe a chur chun cinn, i sineirge le beartais agus gníomhaíochtaí maidir le hoiriúnú don athrú aeráide;

(r)

Éifeachtúlacht acmhainní agus tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe a chur chun cinn, go háirithe feadh an tslabhra soláthair ar fad, i dtreo an aistrithe chuig geilleagar ciorclach, lena n-áirítear trí shrian a chur le húsáid acmhainní nádúrtha lena maoinítear coinbhleachtaí, agus trí thacú le geallsealbhóirí tionscnaimh ábhartha a chomhlíonadh; dul i ngleic le truailliú, truailleáin aeir a laghdú, go háirithe carbón dubh agus bainistiú fónta ceimiceán agus dramhaíola a chur chun cinn;

(s)

Tacú le hiarrachtaí chun feabhas a chur ar éagsúlú eacnamaíoch inbhuanaithe, iomaíochas, breisluach áitiúil i slabhraí soláthair agus trádáil inbhuanaithe, ar fhorbairt na hearnála príobháidí lena ndíreofar ar fhás íseal-astaíochta aeráid-díonach glas, ar FBManna agus comharchumainn, ag baint buntáiste as na tairbhí atá ag roinnt le comhaontuithe trádála leis an Aontas don fhorbairt inbhuanaithe atá ann cheana;

(t)

Baint amach gealltanas maidir le caomhnú na bithéagsúlachta i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a chur chun cinn;

(u)

Comhtháthú agus príomhshruthú na gcuspóirí maidir leis an athrú aeráide agus maidir leis an gcomhshaol a mhéadú trí thacaíocht d'obair mhodheolaíochta agus taighde;

(v)

Aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí domhanda agus trasréigiúnacha an athraithe aeráide a d'fhéadfadh tionchar díchobhsaitheach a bheith acu ar an bhforbairt, ar an tsíocháin agus ar an tslándáil.

RATHÚNAS

5.   Forbairt eacnamaíoch atá inbhuanaithe agus cuimsitheach agus fostaíocht chuibhiúil

(a)

Tacú le fiontraíocht, lena n-áirítear trí mhicreamhaoiniú, fostaíocht chuibhiúil agus infhostaitheacht trí scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt, oideachas agus gairmoiliúint, lánfheidhmiú caighdeán saothair idirnáisiúnta a fheabhsú agus trí idirphlé sóisialta agus saothar leanaí a chomhrac, dálaí oibre i dtimpeallacht shláintiúil, comhionannas inscne, pá maireachtála agus cruthú deiseanna go háirithe don aos óg chomh maith le mná;

(b)

Tacú le conairí forbartha náisiúnta agus áitiúla a bhaineann an leas is mó is féidir as torthaí agus tionchair dhearfacha shóisialta, an riosca maidir le heisiamh agus imeallú grúpaí áirithe a laghdú, cánachas inbhuanaithe, éifeachtúil agus cothrom mar aon le beartais phoiblí athdháiliúcháin a chur chun cinn, agus córais cosanta sóisialta agus scéimeanna árachais sóisialta atá inbhuanaithe a chur ar bun agus a neartú; tacú leis an dícheall ar na leibhéil náisiúnta agus idirnáisiúnta chun imghabháil cánach agus tearmainn chánach a chomhrac;

(c)

Feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus infheistíochta ar an leibhéal áitiúil agus náisiúnta, timpeallacht rialála chumasúcháin a chruthú le haghaidh forbairt eacnamaíoch agus tacú le cuideachtaí, go háirithe FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, chomh maith le comharchumainn, fiontair shóisialta agus banfhiontraithe, chun a ngnó a leathnú agus poist a chruthú, tacú le geilleagar dlúthpháirtíochta a fhorbairt agus an t-iompar freagrach gnó agus an chuntasacht san earnáil phríobháideach a fheabhsú;

(d)

Cuntasacht chorparáideach agus sásraí sásaimh a chur chun cinn le haghaidh sáruithe ar chearta an duine a bhaineann le gníomhaíochtaí san earnáil phríobháideach; tacú le hiarrachtaí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus domhanda chun comhlíontacht chorparáideach le caighdeáin chearta an duine agus forbairtí rialála a áirithiú, lena n-áirítear dícheall cuí éigeantach, agus le gealltanais idirnáisiúnta maidir le gnó agus cearta an duine;

(e)

Inbhuaine shóisialta agus chomhshaoil a neartú, mar aon le cuimsitheacht, freagracht shóisialta chorparáideach agus iompar gnó freagrach, agus caighdeáin agus prionsabail idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a urramú agus a chur chun cinn trí na slabhraí breisluacha ina n-iomláine, tacú le breisiú luacha comhroinnte agus dálaí córa trádála;

(f)

Ábharthacht, éifeachtacht agus inbhuaine caiteachais phoiblí a mhéadú, lena n-áirítear trí sholáthar poiblí inbhuanaithe a chur chun cinn; agus úsáid níos straitéisí airgeadais phoiblí a chur chun cinn, lena n-áirítear trí ionstraimí measctha chun infheistíocht phoiblí agus phríobháideach bhreise a phlódú;

(g)

Borradh a chur faoi acmhainneacht cathracha chun a bheith ina moil le haghaidh fás agus nuálaíocht inbhuanaithe agus cuimsitheach;

(h)

Comhtháthú inmheánach eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn, naisc níos láidre a chothú idir limistéir uirbeacha agus thuaithe agus forbairt ar thionscail na cruthaitheachta agus ar earnáil turasóireachta inbhuanaithe araon a éascú mar ghiaráil le haghaidh forbairt inbhuanaithe;

(i)

Borradh a chur faoi shlabhraí luacha talmhaíochta agus bia atá inbhuanaithe agus cuimsitheach, slándáil bia agus éagsúlú eacnamaíoch a chur chun cinn, mar aon le breisiú luacha, lánpháirtiú réigiúnach, iomaíochas agus trádáil chóir, agus nuálaíochtaí inbhuanaithe, íseal-astaíochta agus aeráid-díonach a neartú;

(j)

Díriú ar dhiansaothrú talmhaíochta éiceolaíoch agus éifeachtach d'fheirmeoirí gabháltais, agus go háirithe do mhná, trí thacaíocht a thabhairt le haghaidh beartais, straitéisí agus creataí dlíthiúla náisiúnta atá éifeachtach agus inbhuanaithe, agus le haghaidh rochtain chothromasach agus inbhuanaithe ar acmhainní, agus bainistiú na n-acmhainní sin, lena n-áirítear talamh agus cearta talún, uisce, ionchuir talmhaíochta eile agus (micri-)chreidmheas;

(k)

Tacú leis an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach, agus le heagraíochtaí feirmeoireachta go háirithe a bheith níos rannpháirtí i gceapadh beartas agus i gcláir thaighde agus a bpáirt i gcur chun feidhme na gclár rialtais, agus i meastóireacht a dhéanamh ar na cláir rialtais sin, a mhéadú;

(l)

Tacú le bainistíocht iascaigh inbhuanaithe agus dobharshaothrú inbhuanaithe agus iad a chur chun cinn;

(m)

Rochtain uilíoch ar fhuinneamh inbhuanaithe, iontaofa agus inacmhainne a chothú, geilleagar ciorclach íseal-astaíochta, aeráid-díonach agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de a chur chun cinn i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus le Clár Oibre 2030;

(n)

An tsoghluaisteacht chliste, inbhuanaithe, chuimsitheach, shábháilte agus shlán a chur chun cinn, mar aon le feabhas a chur ar nascacht iompair leis an Aontas;

(o)

Nascacht dhigiteach inrochtana, inacmhainne, chuimsitheach, iontaofa agus shlán a chur chun cinn agus an geilleagar digiteach a neartú; litearthacht agus scileanna digiteacha a chur chun cinn; fiontraíocht dhigiteach agus cruthú post sa réimse digiteach a chothú; úsáid teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn mar chumasóir don fhorbairt inbhuanaithe; aghaidh a thabhairt ar chibearshlándáil, ar phríobháideachas sonraí agus ar shaincheisteanna rialála eile atá nasctha leis an digiteáil;

(p)

Margaí agus earnálacha a fhorbairt agus a neartú ar shlí a gcuirfí borradh faoin bhfás cuimsitheach, inbhuanaithe agus aeráid-díonach, mar aon le trádáil chóir, agus imeallú socheacnamaíoch grúpaí leochaileacha a laghdú;

(q)

Tacú leis an gclár oibre maidir le lánpháirtiú réigiúnach agus beartais trádála optamacha mar thaca leis an bhforbairt chuimsitheach agus inbhuanaithe, acmhainneacht tíortha chun dul i mbun trádála a neartú, agus tacú le comhaontuithe trádála idir an tAontas agus a chomhpháirtithe a chomhdhlúthú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear comhaontuithe iomlánaíocha agus aisiméadaracha le tíortha comhpháirtíochta ar tíortha i mbéal forbartha iad, i gcomhréir le caighdeáin chearta an duine; Iltaobhachas agus comhar eacnamaíoch inbhuanaithe a chur chun cinn agus a neartú, chomh maith le bearta arb é is aidhm dóibh rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála a chur chun cinn agus a neartú;

(r)

Comhar i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta agus an taighde, digiteáil, sonraí oscailte, mórshonraí, intleacht shaorga agus nuálaíocht, lena n-áirítear forbairt na taidhleoireachta eolaíche, a chur chun cinn;

(s)

Idirphlé idirchultúrtha agus éagsúlacht chultúrtha de gach cineál a chur chun cinn, ceardaíocht áitiúil chomh maith leis na healaíona comhaimseartha agus léirithe cultúir a fhorbairt, oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus a chur chun cinn, leas iomlán a bhaint as tionscail na cruthaitheachta le haghaidh forbairt inbhuanaithe shóisialta eacnamaíoch, chomh maith le cearta na bpobal dúchasach mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, agus cearta na gcomhphobal áitiúil, agus rannpháirtíocht agus cumhachtú éifeachtach na gcomhphobal sin, a ráthú agus a neartú;

(t)

Mná a chumhachtú chun tabhairt faoi ról níos mó sa gheilleagar agus sa chinnteoireacht, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil;

(u)

Feabhas a chur ar rochtain ar obair chuibhiúil do chách i dtimpeallacht fholláin, agus margaí saothair atá níos cuimsithí agus atá ag feidhmiú go héifeachtach a chruthú, mar aon le beartais fostaíochta atá dírithe ar obair chuibhiúil, urraim do chearta an duine agus do chearta saothair, lena n-áirítear pá maireachtála do chách, go háirithe mná agus an t-aos óg;

(v)

Rochtain atá cothrom, inbhuanaithe, gan saobhadh, coinbhleacht-íogair agus nach gcuireann leis an éilliú ar earnálacha eastóscacha, agus cearta an duine á n-urramú ag an am céanna; trédhearcacht, dícheall cuí agus freagracht infheisteora a mhéadú agus, ag an am céanna, cuntasacht na hearnála príobháidí a chur chun cinn; bearta a chur i bhfeidhm a ghabhfaidh le Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

AN tSÍOCHÁIN

6.   Síocháin, cobhsaíocht agus cosc coinbhleachtaí

(a)

Rannchuidiú leis an tsíocháin, le cosc coinbhleachtaí agus, ar an gcaoi sin, leis an gcobhsaíocht trí chur le hathléimneacht stát, rialtas fonáisiúnta, sochaithe, comhphobal agus daoine aonair maidir le brú agus turraing pholaitiúil, eacnamaíoch, chomhshaoil, bhia, dhéimeagrafach, shlándála agus shochaíoch, lena n-áirítear trí bhagairtí hibrideacha a chomhrac agus tacú le measúnuithe athléimneachta atá ceaptha chun na hacmhainneachtaí áitiúla a shainaithint laistigh de shochaithe chun go bhféadfadh siad seasamh in aghaidh an bhrú agus na turrainge sin, oiriúnú dóibh agus téarnamh go sciobtha astu; aghaidh a thabhairt ar an eisiamh polaitiúil agus eacnamaíoch agus ar bhunchúiseanna eile coinbhleachta, neamhshláine agus éagobhsaíochta san fhadtéarma;

(b)

gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun cinn cultúr neamhfhoréigin, lena n-áirítear trí thacú le hoideachas síochána foirmiúil, neamhfhoirmiúil agus seachfhoirmiúil;

(c)

Tacú le cosc coinbhleachtaí, luathrabhadh agus cothú síochána trí idirghabháil agus idirphlé, bainistiú géarchéime agus cobhsú, agus tacú le hatógáil iarchoinbhleachta, lena n-áirítear trí ról feabhsaithe do mhná ag gach ceann de na céimeanna sin; acmhainneacht i bhforbairt muiníne, in idirghabháil, in idirphlé agus athmhuintearas, i ndea-chaidreamh comharsanachta agus bearta eile a rannchuidíonn le cosc agus réiteach coinbhleachtaí a chur chun cinn, a éascú agus a fhothú, agus aird ar leith á tabhairt ar theannais idir comhphobail atá ag teacht chun cinn chomh maith le bearta idir-réitigh idir codanna de shochaithe agus i gcás coinbhleachtaí agus géarchéimeanna fadtréimhseacha;

(d)

Tacú le hathshlánú agus le hath-lánpháirtiú íospartach coinbhleachtaí armtha, tacú le dí-armáil, díshlógadh agus ath-lánpháirtiú iarchomhraiceoirí agus a dteaghlaigh sa tsochaí agus aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sóisialta a bhaineann le hathstruchtúrú na bhfórsaí armtha, lena n-áirítear riachtanais shonracha na mban;

(e)

Rannpháirtíocht chórasach agus cuimsiú na mban agus an aosa óig a mhéadú, lena n-áirítear sa chinnteoireacht agus sa chur chun feidhme, sa chaibidlíocht i dtaobh na síochána, i bpróisis athmhuintearais, i gcosc coinbhleachtaí agus cothú síochána, mar aon lena rannpháirtíocht fhóinteach pholaitiúil agus shibhialta agus a n-aitheantas sóisialta i gcomhréir le Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, go háirithe i staideanna agus tíortha leochaileacha, coinbhleachta agus iarchoinbhleachta, agus é mar aidhm leis sin freisin aghaidh a thabhairt ar thionchar díréireach coinbhleachta foréigní orthu agus machnamh níos fearr a dhéanamh ar a riachtanais speisialta le linn coinbhleachta;

(f)

Cosc a chur le gach cineál foréigin ghnéis agus inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean gnéis a úsáid mar arm cogaidh;

(g)

Tacú le hathchóiriú inscne-íogair agus coinbhleacht-íogair ar an earnáil slándála, lena ráthaítear urramú, cur chun cinn agus comhlíonadh luachanna bunúsacha agus phrionsabail dea-rialachais an Aontais agus lena gcuirtear acmhainneachtaí agus ionstraimí slándála atá níos éifeachtaí, níos daonlathaí agus níos cuntasaí le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus síochána ar fáil do dhaoine aonair, don tsochaí shibhialta agus don stát de réir a chéile;

(h)

Tacú le fothú acmhainneachta na ngníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt, i gcomhréir le hAirteagal 9;

(i)

tacú le tionscnaimh dhí-armála réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus le córais agus sásraí chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú arm;

(j)

Tacú le tionscnaimh áitiúla, náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta lena rannchuidítear le slándáil, cobhsaíocht agus síocháin, lena n-áirítear tionscnaimh dhí-armála réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus córais agus sásraí chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú arm, dímhianú agus ar an gcomhrac mianach chomh maith leis na tionscnaimh éagsúla sin a nascadh le chéile, agus aghaidh a thabhairt ar an tionchar socheacnamaíoch a bhíonn ag mianaigh thalún fhrithphearsanra, ag ordanás neamhphléasctha nó ag iarsmaí pléascacha cogaidh ar an bpobal sibhialta, lena n-áirítear riachtanais na mban;

(k)

Radacú a bhfuil antoisceachas foréigneach agus sceimhlitheoireacht mar thoradh air a chosc, chomh maith le daoine aonair a chosaint ar na bagairtí sin, lena n-áirítear trí bhíthin gníomhaíochtaí atá sonrach don chomhthéacs, agus atá íogair ó thaobh coinbhleachta agus inscne de;

(l)

Tacú le binsí, coimisiúin um fhírinne agus um athmhuintearas agus sásraí áitiúla, náisiúnta, réigiúnacha nó idirnáisiúnta a chuirtear ar bun ar bhonn ad hoc;

(m)

Comhrac i gcoinne foréigean, éilliú agus coireacht eagraithe agus sciúradh airgid d'aon chineál;

(n)

Comhar trasteorann a chur chun cinn maidir le hacmhainní nádúrtha comhroinnte a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, coinbhleacht-íogair agus rannpháirtíoch, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le dlí an Aontais agus cearta an duine atá ag daoine aonair agus grúpaí dá ndéantar difear, lena n-airítear pobail dhúchasacha mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach agus comhphobail áitiúla, a urramú agus a chur chun cinn;

(o)

Comhar le tríú tíortha in úsáid shíochánta fuinnimh núicléach i réimsí na sláinte, na talmhaíochta agus na sábháilteachta bia, agus comhlíonadh iomlán na gcaighdeán idirnáisiúnta is airde á áirithiú; mar aon le tacú le gníomhaíochtaí sóisialta lena dtugtar aghaidh ar na hiarmhairtí ar an bpobal i dtíortha atá gan chosaint ar aon timpiste raideolaíoch ar gníomhaíochtaí iad atá dírithe ar dhálaí maireachtála na bpobal sin a fheabhsú; bainistiú eolais, oiliúint agus oideachas i réimsí núicléacha a chur chun cinn. I gcás inarb infheidhme, beidh na gníomhaíochtaí sin comhleanúnach le gníomhaíochtaí na hIonstraime Eorpaí um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach;

(p)

Slándáil agus sábháilteacht mhuirí a fheabhsú chun aigéin shábháilte, shlána, ghlana agus a bhainistítear go hinbhuanaithe a bheith ann;

(q)

Tacú le fothú acmhainneachta sa chibearshlándáil, i líonraí digiteacha athléimneacha, i gcosaint sonraí agus i bpríobháideachas, i gcomhréir le caighdeáin agus prionsabail chearta an duine.

COMHPHÁIRTÍOCHT

7.   Comhpháirtíocht

(a)

Úinéireacht, comhpháirtíocht agus idirphlé cuiditheach, lena n-áirítear leis an tsochaí shibhialta, a fheabhsú i measc na dtíortha chun rannchuidiú le gach gné den chomhar um fhorbairt feidhmiú níos éifeachtaí (agus aird ar leith á tabhairt ar na dúshláin shonracha atá roimh na TLFanna forbairt agus roimh na tíortha atá buailte ag coinbhleacht agus leochaileacht, mar aon le dúshláin idirthréimhseacha shonracha atá roimh thíortha meánioncaim agus tíortha i mbéal forbartha atá céim chun tosaigh), lena gcuirtear chun feidhme cur chuige cearta-bhunaithe i leith an chomhair um fhorbairt, lena gcuimsítear cearta uile an duine agus lena n-áirithítear nach bhfágtar aon duine ar leataobh;

(b)

Idirphlé polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta, comhshaoil agus cultúrtha a dhoimhniú idir an tAontas agus tríú tíortha agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, agus tacú le gealltanais idirnáisiúnta agus déthaobhacha a chur chun feidhme;

(c)

Cuimsitheacht agus comhar níos fearr a chothú idir na gníomhaithe uile i gcur chun feidhme an chomhair um fhorbairt agus na mbeartas gníomhaíochta seachtraí, lena bhféachfar leis na ceachtanna a foghlaimíodh a chomhroinnt, le hacmhainneachtaí, breisluach, barr feabhais agus taithí a uasmhéadú agus, ar an gcaoi sin, spriocanna, luachanna agus leasanna coiteanna a atreisiú chomh maith leis an uaillmhian oibriú níos fearr i gcomhar le chéile;

(d)

An dea-chaidreamh comharsanachta, lánpháirtiú réigiúnach, nascacht fheabhsaithe, comhar agus idirphlé cuimsitheach cuiditheach a spreagadh, lena n-áirítear, inter alia, comhar réigiúnach feabhsaithe faoi chuimsiú Straitéis an Aontais maidir leis an Eoraip agus an Áise a Chónascadh le chéile, Straitéis an Aontais Eorpaigh don Áise Láir, an Chomhpháirtíocht Straitéiseach idir an Afraic agus an tAontas Eorpach, Comhar Réigiúnach na Mara Duibhe, an Comhar Artach agus Diminsean an Tuaiscirt;

(e)

Tacú le comhar méadaithe ó thíortha agus réigiúin chomhpháirteacha leis na réigiúin chomharsanacha is forimeallaí san Aontas agus le tíortha agus críocha thar lear;

(f)

Timpeallacht chumasúcháin le haghaidh eagraíochtaí agus fondúireachtaí na sochaí sibhialta a chur chun cinn, lena bhfeabhsófar a rannpháirtíocht fhónta, leanúnach agus struchtúrtha i mbeartais intíre agus idirnáisiúnta agus a n-acmhainneacht chun a róil a fheidhmiú ina ngníomhaithe neamhspleácha forbartha agus rialachais; agus cineálacha cur chuige il-gheallsealbhóirí agus bealaí nua a neartú le dul i mbun comhpháirtíochta le gníomhaithe na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí um chearta na mban; tacú leis an daonlathas agus cur leis an spás sibhialta; idirphlé substainteach agus struchtúrtha a chur chun cinn leis an Aontas agus treochláir tíre a úsáid agus a chur chun feidhme go héifeachtach le haghaidh chaidreamh an Aontais leis an tsochaí shibhialta;

(g)

Dul i mbun caidrimh le húdaráis áitiúla agus tacú lena ról mar lucht ceaptha beartas agus lucht déanta cinntí chun borradh a chur faoin bhforbairt áitiúil, lena n-áirítear an timpeallacht ghnó, agus faoin rialachas feabhsaithe, chomh maith le gníomhaithe forbartha agus rialachais; creat rialála institiúideach a chur chun cinn a chuirfidh ar chumas na n-údarás áitiúil a sainordú a fheidhmiú agus feabhas a chur ar a rannpháirtíocht fhóinteach, leanúnach agus struchtúrtha i mbeartais intíre agus idirnáisiúnta; agus cineálacha cur chuige il-gheallsealbhóirí agus il-leibhéil rialachais a neartú mar aon le bealaí nua comhpháirtíochta le húdaráis áitiúla;

(h)

Dul i mbun caidrimh ar bhonn níos éifeachtaí leis an bpobal, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine, i dtríú tíortha lena n-áirítear úsáid iomlán a bhaint as taidhleoireacht eacnamaíoch, chultúrtha, agus phoiblí;

(i)

Dul i mbun caidrimh le tíortha tionsclaíocha agus le tíortha i mbéal forbartha atá céim chun tosaigh maidir le Clár Oibre 2030, leasanna agus dúshláin phoiblí dhomhanda a chur chun feidhme, lena n-áirítear i réimse an chomhair Theas-Theas agus an chomhair thriantánaigh;

(j)

Lánpháirtiú agus comhar réigiúnach a spreagadh ar bhealach a ndíreofar ar thorthaí trí thacaíocht a thabhairt don lánpháirtiú réigiúnach agus don idirphlé réigiúnach;

(k)

Comhpháirtíochtaí a fhorbairt leis an earnáil phríobháideach chun poist a chruthú agus slite beatha a fheabhsú i dtíortha comhpháirtíochta.


(1)  Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d'allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d'ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca (IO L 130, 19.5.2017, lch. 1).


IARSCRÍBHINN III

RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA FAOI CHLÁIR THÉAMACHA

1.   RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH CEARTA AN DUINE AGUS AN DAONLATHAIS

Rannchuideoidh an tAontas le cur chun cinn luachanna bunúsacha an daonlathais, an smachta reachta, uilíochas, do-dhealaitheacht agus idirthuilleamaíocht chearta an duine, an mheasa ar dhínit an duine, phrionsabail an neamh-idirdhealaithe, an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an mheasa ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, go príomha sna réimsí seo a leanas:

1.

Seasamh le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha do chách, agus rannchuidiú le sochaithe a mhúnlú ina bhfuil rannpháirtíocht, caoinfhulaingt, neamh-idirdhealú, dínit an duine, comhionannas, ceartas sóisialta, ceartas idirnáisiúnta agus cuntasacht i réim. Áirítear leis sin dhá mhór-ais mar a leanas:

(a)

Faireachán, cur chun cinn agus neartú ar urramú chearta uile an duine a chomhlíonadh, bíodh siad sibhialta agus polaitiúil, mar aon le cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha.

Áireofar air sin, inter alia, gníomhaíochtaí chun: deireadh a chur le pionós an bháis, comhrac an fhuadaigh fhorfheidhmithe a chur chun cinn, céasadh, drochíde agus pionós nó íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a chosc agus a dhíothú, saoirse tuairimí a nochtadh, saoirse comhthionóil agus comhlachais, saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn; comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a chur chun cinn agus a chosaint i ngach réimse den saol, lena n-áirítear san oideachas, sa tsláinte agus sna réimsí agus i dtaca leis na cearta sin dá dtagraítear in Airteagal 8(4), an chothromaíocht oibre is saoil, an chinnteoireacht pholaitiúil agus tacú le bearta chun deireadh a chur le gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní; cearta an linbh, na mban, an aosa óig, na ndaoine LGBTI a chur chun cinn agus a chosaint, lena n-áirítear bearta chun an homaighnéasachas a dhíchoiriúlú, mar aon le cearta dhaoine ar de ghrúpaí mionlaigh náisiúnta nó grúpaí mionlaigh eitneacha, reiligiúnacha agus teanga iad, de réir mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le cearta na bpobal dúchasach (UNDRIP), agus daoine faoi mhíchumas, agus ciníochas, seineafóibe agus idirdhealú bunaithe ar aon fhoras a chomhrac. Laistigh den raon feidhme sonraithe, tabharfaidh tacaíocht an Aontais aghaidh go háirithe ar na saincheisteanna is íogaire ó thaobh an chomhthéacs de maidir le cearta an duine, freagairt ar an laghdú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta atá gníomhach i gcur chun cinn agus i gcosaint chearta an duine, chomh maith le gníomhú i gcoinne dúshláin chasta eile atá ag teacht chun cinn;

(b)

Cosantóirí chearta an duine a chosaint agus a chumhachtú ar fud an domhain, go háirithe i dtíortha ina bhfuil an easpa measa ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha thar a bheith suntasach agus córasach, lena n-áirítear cásanna inar tugadh isteach bearta sriantacha chun a ngníomhaíochtaí a theorannú agus ina bhfuil a ngníomhaíocht ríthábhachtach chun creat institiúideach agus dlíthiúil chearta an duine a threisiú. Tabharfar cúnamh éigeandála, meántéarmach agus fadtéarmach, mar aon le bearta inbhuanaithe do chosantóirí chearta an duine agus don tsochaí shibhialta, go háirithe cosantóirí áitiúla chearta an duine agus an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear trí shásra tiomnaithe chun cosantóirí chearta an duine a chosaint, chun a gcuid oibre a dhéanamh gan bhac.

2.

An daonlathas a fhorbairt, a chomhdhlúthú, a chosaint agus tacú leis, aghaidh a thabhairt ar gach gné den rialachas daonlathach, lena n-áirítear an t-iolrachas polaitiúil, an ionadaíocht agus an chuntasacht a threisiú, an daonlathas a threisiú ar gach leibhéal, rannpháirtíocht na saoránach agus na sochaí sibhialta a fheabhsú, tacú le próisis toghcháin inchreidte, chuimsitheacha thrédhearcacha mar aon le tacú le hacmhainneacht na saoránach faireachán a dhéanamh ar chórais dhaonlathacha agus toghcháin, trí thacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí intíre breathnóireachta toghcháin na saoránach agus dá líonraí réigiúnacha. Neartófar an daonlathas trí sheasamh leis na crainn taca is tábhachtaí de chórais an daonlathais, noirm agus prionsabail dhaonlathacha, meáin shaora, neamhspleácha agus iolraíocha, bíodh siad ar líne agus as líne araon, saoirse idirlín, an troid in aghaidh na cinsireachta, institiúidí cuntasacha agus cuimsitheacha, lena n-áirítear parlaimintí agus páirtithe polaitiúla, agus an troid in aghaidh an éillithe. Tacóidh cúnamh ón Aontas le gníomhaíocht na sochaí sibhialta chun an smacht reachta a neartú, neamhspleáchas na mbreithiúna agus an reachtais a chur chun cinn, tacú le hathchóirithe dlíthiúla agus institiúideacha agus iad a chur chun feidhme, faireachán a dhéanamh ar chórais dhaonlathacha agus toghcháin agus rochtain ar cheartas inacmhainne do chách a chur chun cinn, lena n-áirítear ar shásraí gearáin agus sásaimh éifeachtacha agus inrochtana ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil, agus meastóireacht a dhéanamh ar na hathchóirithe sin.

Beidh páirt iomlán ag an mbreathnóireacht toghcháin chun go mbeidh tacaíocht níos leithne ann do na próisis dhaonlathacha. Sa chomhthéacs sin, leanfaidh breathnóireacht thoghcháin an Aontais de bheith ina chomhpháirt thábhachtach den chlár agus an obair leantach ar na moltaí ó mhisin bhreathnóireachta thoghcháin an Aontais chomh maith leis sin.

Cuideoidh réimsí idirghabhála 1 agus 2 le neartú an chomhair agus na comhpháirtíochta leis an tsochaí shibhialta atá ag obair ar chearta an duine agus ar an daonlathas, lena n-áirítear i gcásanna íogaire, agus trí shineirgí nua réigiúnacha agus trasréigiúnacha a chothú, trí eolas a chomhroinnt, lena n-áirítear dea-chleachtais a chomhroinnt, agus trí líonrú a dhéanamh i measc na sochaí sibhialta áitiúla agus idir an tsochaí shibhialta agus comhlachtaí ábhartha eile um chearta an duine agus sásraí chun a n-acmhainneacht a fheabhsú, lena n-áirítear a n-athléimneacht, agus plé láidir a fhorbairt maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas a mbeidh éifeacht iolraithe aige.

3.

Iltaobhachas éifeachtach agus comhpháirtíocht straitéiseach a chur chun cinn, lena rannchuideofar le hacmhainneachtaí ionstraimí agus sásraí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus náisiúnta chun cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn agus a chosaint. Cuirfear borradh faoi chomhpháirtíochtaí straitéiseacha, agus aird ar leith á tabhairt ar Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine, ar an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus ar shásraí ábhartha eile idirnáisiúnta, réigiúnacha agus náisiúnta um chearta an duine. Lena chois sin, cuirfear oideachas agus taighde faoi chearta an duine agus faoin daonlathas chun cinn sa chlár, lena n-áirítear an Campas Domhanda um Chearta an Duine.

2.   RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH EAGRAÍOCHTAÍ NA SOCHAÍ SIBHIALTA

1.   Spás daonlathach sna tíortha comhpháirtíochta agus sochaí shibhialta atá cuimsitheach, rannpháirteach, cumhachtaithe agus neamhspleách

(a)

Timpeallacht chumasúcháin agus inrochtana a chur chun cinn le haghaidh rannpháirtíocht saoránach agus ghníomhaíocht na sochaí sibhialta, lena n-áirítear trí bhíthin fondúireachtaí trí thacú le rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta in idirphlé beartais agus trí ardáin idirphlé le haghaidh gníomhaithe neamhstáit a chomhdhlúthú;

(b)

Acmhainneacht eagraíochtaí agus fondúireachtaí na sochaí sibhialta a thacú agus a fhorbairt chun feidhmiú, ina gcáil féin, mar ghníomhaithe forbartha agus gníomhaithe dea-rialachais araon;

(c)

Fothú acmhainneachta d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun tacú le grúpaí leochaileacha agus imeallaithe trí sheirbhísí bunúsacha sóisialta amhail an tsláinte a chur ar fáil – lena n-áirítear cothú, oideachas, cosaint shóisialta, agus rochtain ar uisce sábháilte, sláintíocht agus sláinteachas;

(d)

Tacaíocht agus cumhacht a thabhairt d'eagraíochtaí ban agus d'eagraíochtaí ábhartha eile atá ag obair ar chomhionannas inscne, chomh maith le banchosantóirí chearta an duine, an deis a bheith acu oibriú agus chun iad a chosaint ar bhagairtí agus ar fhoréigean;

(e)

Acmhainneacht líonraí, ardán agus comhghuaillíochtaí de chuid na sochaí sibhialta a mhéadú sna tíortha comhpháirtíochta;

(f)

An tsochaí shibhialta a chumasú chun a cuid oibre a dhéanamh, trí, inter alia, fothú acmhainneachta, comhordú agus neartú institiúideach d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus an tábhacht a bhaineann le spás a chumasú dá ngníomhaíochtaí agus le rochtain ar chistiú á cur san áireamh, lena n-áirítear chun bheith rannpháirteach laistigh dá n-eagraíochtaí agus idir cineálacha éagsúla geallsealbhóirí. Idirphlé eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le beartas poiblí a chothú le rialtais.

2.   Idirphlé cuimsitheach agus oscailte le gníomhaithe na sochaí shibhialta agus eatarthu

(a)

Fóraim idirphlé chuimsitheacha ina bhfuil il-gheallsealbhóirí rannpháirteach, lena n-áirítear idirchaidreamh agus comhordú idir saoránaigh, an tsochaí shibhialta, údaráis áitiúla, na Ballstáit, tíortha comhpháirtíochta, an earnáil phríobháideach agus príomh-gheallsealbhóirí eile a bhaineann leis an bhforbairt;

(b)

Comhar agus malartú eolais agus taithí a chumasú idir gníomhaithe na sochaí sibhialta agus in éineacht leo ar bhonn intíre agus idirnáisiúnta;

(c)

Comhar agus comhpháirtíochtaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chothú le heagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta, lena n-áirítear fothú acmhainneachta a bhfuil sé mar aidhm cur chun feidhme ionstraimí idirnáisiúnta agus réigiúnacha a chur chun cinn agus faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme sin, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cearta an duine, le ceartas, leis an smacht reachta agus leis an daonlathas;

(d)

Idirphlé substainteach struchtúrtha leanúnach agus comhpháirtíochtaí leis an Aontas a áirithiú.

3.   Feasacht, tuiscint, eolas agus rannpháirteachas shaoránaigh na hEorpa maidir le saincheisteanna forbartha

(a)

Daoine a chumhachtú chun cur lena rannpháirteachas maidir le saincheisteanna forbartha agus leis na SFInna, lena n-áirítear trí fheasacht an phobail a ardú, oideachas foirmiúil, neamhfhoirmiúil agus seachfhoirmiúil um fhorbairt a chur chun cinn, go háirithe i measc an aosa óig, agus comhroinnt eolais idir na gníomhaithe ábhartha a chur chun cinn, ag díriú ar Bhallstáit an Aontais, ar thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha;

(b)

Tacaíocht phoiblí a shlógadh san Aontas, i dtíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha do straitéisí forbartha inbhuanaithe cuimsitheacha, lena n-áirítear an bhochtaineacht a laghdú, i dtíortha comhpháirtíochta.

3.   RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH NA SÍOCHÁNA, NA COBHSAÍOCHTA AGUS COSC COINBHLEACHTAÍ

1.   Cúnamh maidir le coinbhleachtaí a chosc, maidir le cothú na síochána agus maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna

Soláthróidh an tAontas cúnamh teicniúil agus airgeadais ina gcumhdófar tacaíocht do bhearta atá coinbhleacht-íogair lena ndírítear ar acmhainneacht na gcomhpháirtithe a fhorbairt agus a neartú maidir le hanailís a dhéanamh ar rioscaí, coinbhleachtaí a chosc, le cothú na síochána agus le dul i ngleic le riachtanais réamh-ghéarchéime agus iar-ghéarchéime i ndlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus le heagraíochtaí eile idirnáisiúnta, réigiúnacha agus fo-réigiúnacha, agus le gníomhaithe Stáit, na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil, maidir lena gcuid iarrachtaí sna réimsí seo a leanas go príomha, lena n-áirítear aird ar leith ar chomhionannas inscne, lena n-áirithítear rannpháirtíocht éifeachtach agus cumhachtú éifeachtach na mban agus an aosa óig:

(a)

luathrabhadh agus anailís riosca atá coinbhleacht-íogair maidir le ceapadh beartais agus cur chun feidhme beartais;

(b)

acmhainneacht i bhforbairt muiníne, in idirghabháil, in idirphlé agus i mbearta athmhuintearais a éascú agus a fhorbairt, lena n-áirítear ar leibhéal an chomhphobail, le haird ar leith ar theannais idir comhphobail atá ag teacht chun cinn, go háirithe d'fhonn cinedhíothú agus coireanna in aghaidh na daonnachta a chosc;

(c)

coinbhleachtaí a chosc;

(d)

acmhainneachtaí a neartú le haghaidh rannpháirtíocht agus imscaradh i misin cobhsaíochta sibhialtaí, síochánaíochta, agus chothú na síochána;

(e)

téarnamh iarchoinbhleachta mar aon le téarnamh iarthubaiste a fheabhsú, ar téarnamh é atá ábhartha ó thaobh na staide polaitiúla agus slándála;

(f)

tacú le cobhsú, sábháilteacht daoine aonair agus bearta maidir le hathbhunú shlándáil an duine, lena n-áirítear an comhrac mianach, dímhianú agus an ceartas idirthréimhseach i gcomhréir le comhaontuithe iltaobhacha ábhartha;

(g)

tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann le cothú na síochána agus le cothú stáit, lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, stáit agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, chomh maith leis an gcaidreamh idir an stát agus an tsochaí a neartú;

(h)

rannchuidiú le hidirphlé struchtúrach a fhorbairt a thuilleadh maidir le saincheisteanna cothaithe na síochána ar leibhéil éagsúla, idir an tsochaí shibhialta agus tíortha comhpháirtíochta, agus leis an Aontas;

(i)

freagairt ar ghéarchéimeanna agus ullmhacht;

(j)

srian a chur le húsáid acmhainní nádúrtha chun coinbhleachtaí a mhaoiniú, agus tacú leis na geallsealbhóirí tionscnaimh a chomhlíonadh amhail Scéim Deimhniúcháin Phróiseas Kimberley, agus lena n-áirítear gníomhartha dlí amhail Rialachán (AE) 2017/821, go háirithe a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme rialuithe éifeachtúla intíre maidir le táirgeadh agus trádáil acmhainní nádúrtha;

(k)

fothú acmhainneachta na ngníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt, i gcomhréir le hAirteagal 9;

(l)

tacú le gníomhaíochtaí a dhéanann comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn, go háirithe trí Rúin 1325 (2000) agus 2250 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme chomh maith le rannpháirtíocht agus ionadaíocht na mban agus an aosa óig i bpróisis síochána foirmiúla agus neamhfhoirmiúla;

(m)

gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun cinn cultúr neamhfhoréigin, lena n-áirítear trí thacú le hoideachas síochána foirmiúil, neamhfhoirmiúil agus seachfhoirmiúil;

(n)

tacú le gníomhaíochtaí a neartaíonn athléimneacht stát, sochaithe, comhphobal agus daoine aonair, lena n-áirítear measúnuithe athléimneachta a cheaptar chun acmhainneachtaí inginúla a shainaithint laistigh de shochaithe sa mhéid go bhféadfadh siad seasamh in aghaidh an bhrú agus na turrainge sin, oiriúnú dóibh agus téarnamh go sciobtha astu;

(o)

tacú le binsí coiriúla idirnáisiúnta agus binsí ad hoc náisiúnta, le coimisiúin fírinne agus athmhuintearais, le ceartas idirthréimhseach agus le sásraí eile chun socrú dlíthiúil a dhéanamh ar éilimh maidir le cearta an duine agus le cearta maoine a dhearbhú agus a bhreithniú;

(p)

tacú le bearta chun úsáid aindleathach arm tine, mionarm agus arm éadrom, agus an rochtain atá orthu, a chomhrac;

(q)

aistriú feasa gnó, malartú faisnéise agus dea-chleachtas, measúnú riosca nó measúnú ar an mbagairt, taighde agus anailís, córais luathrabhaidh, oiliúint, agus soláthar seirbhísí.

2.   Cúnamh maidir le tabhairt faoi bhagairtí domhanda agus trasréigiúnacha agus faoi bhagairtí atá ag teacht chun cinn

Soláthróidh an tAontas cúnamh teicniúil agus airgeadais chun tacú le hiarrachtaí na gcomhpháirtithe agus le gníomhaíochtaí an Aontais lena dtabharfar faoi bhagairtí domhanda agus trasréigiúnacha agus faoi bhagairtí atá ag teacht chun cinn sna réimsí seo a leanas go príomha:

(a)

bagairtí ar an ord poiblí, agus ar shlándáil agus ar shábháilteacht daoine aonair, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht, an radacú a bhfuil an t-antoisceachas foréigneach mar thoradh air, an choireacht eagraithe, an chibearchoireacht, bagairtí hibrideacha, gáinneáil, trádáil agus idirthuras aindleathach; go háirithe trí acmhainneacht údaráis fhorfheidhmiú dlí, na n-údarás breithiúnach agus sibhialta a bhfuil baint acu leis an troid in aghaidh na sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe, lena n-áirítear an chibearchoireacht, a neartú;

(b)

bagairtí ar spásanna poiblí, ar an mbonneagar criticiúil, lena n-áirítear iompar idirnáisiúnta, lena n-áirítear trácht paisinéirí agus lastais, oibríochtaí fuinnimh agus dáileadh fuinnimh, ar an gcibearshlándáil;

(c)

bagairtí ar an tsláinte phoiblí, lena n-áirítear eipidéimí tobanna a d'fhéadfadh tionchar trasnáisiúnta a bheith acu;

(d)

bagairtí ar chobhsaíocht chomhshaoil, bagairtí slándála muirí, bagairtí a d'fhéadfadh tionchar díchobhsaitheach a bheith acu ar an tsíocháin agus ar an tslándáil, a eascraíonn as tionchar an athraithe aeráide;

(e)

maolú rioscaí, bídís ina rioscaí toiliúla, taismeacha nó nádúrtha, a bhaineann le hábhair nó le hoibreáin cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha agus rioscaí do shuiteálacha nó do shuíomhanna gaolmhara, nó d'fhuílligh phléascacha chogaidh agus choinbhleachtaí, go háirithe sna réimsí seo a leanas:

(i)

tacú le gníomhaíochtaí taighde sibhialta, agus iad a chur chun cinn, mar mhalairt ar thaighde a bhaineann le cosaint;

(ii)

feabhas a chur ar chleachtais sábháilteachta a bhaineann le saoráidí sibhialta ina ndéantar ábhair nó oibreáin íogaire cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha a stóráil, nó a láimhseáil i gcomhthéacs na gclár taighde sibhialta;

(iii)

faoi chuimsiú bheartais chomhair an Aontais agus a gcuspóirí, tacú le bonneagar sibhialta agus staidéir shibhialta ábhartha a bhunú atá riachtanach chun saoráidí agus láithreáin a bhaineann le hairm a dhíchóimeáil, a leasú agus a athchóiriú i gcás ina ndearbhaítear nach cuid de chlár cosanta iad sin a thuilleadh;

(iv)

cumas na n-údarás inniúil sibhialta a neartú a bhfuil baint acu le forbairt agus le forfheidhmiú ar rialú éifeachtach na gáinneála aindleathaí ar ábhair nó ar oibreáin cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha; (lena n-áirítear an trealamh chun iad a tháirgeadh nó a sheachadadh);

(v)

forbairt a dhéanamh ar chreat dlíthiúil agus ar acmhainneachtaí institiúideacha chun rialuithe onnmhairiúcháin éifeachtacha a bhunú agus a fhorfheidhmiú, go háirithe maidir le hearraí dé-úsáide, lena n-áirítear bearta comhair réigiúnacha agus a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme fhorálacha an Chonartha Trádála Arm agus cloí leis an gconradh sin a chur chun cinn;

(vi)

forbairt a dhéanamh ar ullmhacht éifeachtach i gcomhair tubaistí sibhialta, ar phleanáil éigeandála, ar fhreagairt ar chásanna éigeandála, agus ar an gcumas bearta glantacháin a dhéanamh.

I gcás inarb infheidhme, beidh na gníomhaíochtaí sin comhleanúnach le gníomhaíochtaí na hIonstraime Eorpaí um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach;

(f)

fothú acmhainneachta na ngníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt, i gcomhréir le hAirteagal 9.

Tabharfar tosaíocht do chomhar trasréigiúnach a bhfuil baint ag dhá thríú tír nó níos mó leis agus a bhfuil toil pholaitiúil shoiléir léirithe acu chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí atá ag teacht chun cinn.

Leagfaidh na bearta béim ar leith ar dhea-rialachas agus beidh siad i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta. Féadfar comhar sa troid in aghaidh na sceimhlitheoireachta a dhéanamh freisin le tíortha aonair, réigiúin aonair nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus fo-réigiúnacha.

Maidir le cúnamh a thabharfar d'údaráis atá rannpháirteach sa troid in aghaidh na sceimhlitheoireachta, tabharfar tosaíocht do bhearta tacaíochta a bhaineann le forbairt agus le neartú na reachtaíochta frithsceimhlitheoireachta, le cur chun feidhme agus le cleachtadh an dlí airgeadais, an dlí custaim agus an dlí inimirce, le forbairt na nósanna imeachta um fhorfheidhmiú an dlí atá i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is airde agus lena gcomhlíontar an dlí idirnáisiúnta, neartú an rialaithe dhaonlathaigh agus na sásraí formhaoirseachta institiúideacha, agus le cosc a chur ar radacachas foréigneach.

Maidir le cúnamh a bhaineann le fadhb na ndrugaí, tabharfar an aird chuí ar chomhar idirnáisiúnta a dhírítear ar dhea-chleachtais a chur chun cinn, ar cleachtais iad a bhaineann le héileamh, le táirgeadh agus le dochar a laghdú.

4.   RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH DÚSHLÁIN DHOMHANDA

A.   DAOINE

1.   Sláinte

(a)

Gnéithe ríthábhachtacha de chóras sláinte éifeachtach cuimsitheach a fhorbairt, lena n-áirítear galair theagmhálacha, ar fearr aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal domhanda chun rochtain chothrom ar sheirbhísí sláinte atá inacmhainne, cuimsitheach agus uilíoch a áirithiú, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 8(4);

(b)

Seirbhísí bunriachtanacha agus seirbhísí tacaíochta síceolaíochta d'íospartaigh foréigin, go háirithe mná agus daoine a éigníodh ina leanaí, a chur chun cinn, a sholáthar agus a leathnú;

(c)

Tionscnaimh dhomhanda a threisiú atá ina bpríomhchuspóirí chun clúdach sláinte uilíoch a bhaint amach trí cheannaireacht dhomhanda a léiriú i gcur chuige i leith an tsláinte a phlé i ngach beartas lena n-áireofar leanúntas cúraim sláinte, an tsláinte a chur chun cinn, ó chúram sláinte coisctheach go hiarchóireáil;

(d)

Aghaidh a thabhairt ar an tslándáil sláinte dhomhanda agus ar an bhfrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach trí thaighde a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha, lena n-áirítear réimse na ngalar a bhaineann leis an mbochtaineacht agus a bhfuil faillí déanta iontu, agus galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú agus rialú, cógais bhréagacha a chomhrac, an t-eolas a úsáid chun táirgí sábháilte, inrochtana, inacmhainne (lena n-áirítear cógais chineálacha) a dhéanamh, mar aon le diagnóisic agus teicneolaíochtaí sláinte gaolmhara, agus beartais a cheapadh a rachaidh i ngleic le hualach athraitheach an ghalair, (galair neamhtheagmhálacha, míchothú de gach cineál agus tosca riosca comhshaoil), agus margaí domhanda a mhúnlú chun feabhas a chur ar an rochtain ar thráchtearraí sláinte ríthábhachtacha inacmhainne agus seirbhísí sláinte, lena n-áirítear na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 8(4);

(e)

Tacú le tionscnaimh dhomhanda chun vacsaíní atá sábháilte, éifeachtúil agus inacmhainne a fhorbairt.

2.   Oideachas

(a)

Baint amach na spriocanna a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta san oideachas a chur chun cinn trí iarrachtaí domhanda comhpháirteacha le haghaidh oideachas agus oiliúint atá inrochtana, cuimsitheach agus cothromasach, lena n-áirítear oideachas agus oiliúint múinteoirí ar gach leibhéal, le haghaidh gach aoise, i gcásanna éigeandála agus géarchéime freisin, agus tosaíocht ar leith á tabhairt maidir le córais saoroideachais a neartú;

(b)

Eolas, scileanna agus luachanna a neartú trí chomhpháirtíochtaí agus trí chomhghuaillíochtaí, lena n-áirítear tacaíocht do shonraí agus anailísiú oideachais, taighde agus nuálaíocht, malartú eolais, agus líonraí oideachais ar mhaithe le saoránacht ghníomhach agus sochaithe táirgiúla, oilte, daonlathacha, cuimsitheacha agus athléimneacha;

(c)

Tacú le gníomhú domhanda maidir le gach gné den idirdhealú agus den neamhionannas a laghdú, amhail na bearnaí idir cailíní/mná agus buachaillí/fir, agus idir grúpaí éagsúla sa tsochaí chun a áirithiú go mbeidh comhionannas deiseanna ag gach duine páirt a ghlacadh sa saol eacnamaíoch, polaitiúil, sóisialta agus cultúrtha;

(d)

Tacú le hoideachas cuimsitheach agus ardcháilíochta i dtimpeallachtaí leochaileacha;

(e)

Tacú le gníomhaíochtaí, agus comhar a chur chun cinn, i réimse an spóirt chun rannchuidiú le cumhachtú na mban, daoine óga, daoine aonair agus comhphobal.

3.   Comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní

(a)

Gealltanas a thabhairt comhionannas inscne agus cumhachtú na gcailíní agus na mban a chur chun cinn i ngach réimse; lena n-áirítear tacaíocht chun timpeallacht eacnamaíoch, pholaitiúil agus shóisialta níos cumasaithe a bhunú chun cearta na gcailíní agus na mban a chomhlíonadh lena gcuirfear ar a gcumas a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí, deiseanna comhionanna ceannaireachta a bheith acu sa saol sóisialta, eacnamaíoch, polaitiúil agus sibhialta agus a bheith ina spreagadh don fhorbairt;

(b)

Iarrachtaí, comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí domhanda maidir le cearta na mban agus na gcailíní a threorú agus tacú leo, mar a leagtar amach i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú agus sa Phrótacal Roghnach a ghabhann leis maidir le gach cineál idirdhealaithe in aghaidh ban agus cailíní a dhíothú, lena n-áirítear eisiamh a fhulaingíonn mná sna réimsí éagsúla dá saol príobháideach agus poiblí amhail margadh an tsaothair agus rochtain ar sheirbhísí sóisialta agus sláinte;

(c)

Iarrachtaí, comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí domhanda maidir le cearta na mban a threorú agus tacú leo chun deireadh a chur le gach cineál foréigin, le cleachtais dhíobhálacha in aghaidh na mban agus na gcailíní, lena n-áirítear foréigean fisiceach, síceolaíoch, foréigean gnéis agus inscnebhunaithe, ciorrú ball giniúna ban, chomh maith le pósadh éigeantais, luathphósadh, pósadh leanaí agus foréigean eacnamaíoch, polaitiúil agus cineálacha eile foréigin agus idirdhealaithe, lena n-áirítear i gcásanna géarchéime chomh maith leis an eisiamh a fhulaingíonn mná sna réimsí éagsúla dá saol príobháideach agus poiblí;

(d)

Aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an neamhionannais inscne mar bhealach chun tacú le cosc coinbhleachtaí agus le cothú síochána; cumhachtú na mban a chur chun cinn, lena n-áirítear an ról atá acu mar ghníomhaithe forbartha agus mar chothaitheoirí na síochána;

(e)

Cosaint agus comhlíonadh chearta uile na mban agus na gcailíní a chur chun cinn, lena n-áirítear na cearta sin dá dtagraítear in Airteagal 8(4);

(f)

Cosaint agus comhlíonadh chearta na mban agus na gcailíní a chur chun cinn, lena n-áirítear cearta eacnamaíocha, polaitiúla, saothair agus sóisialta agus na cearta dá dtagraítear in Airteagal 8(4).

4.   Leanaí agus an tAos Óg

(a)

Rochtain uilíoch ar gach seirbhís shóisialta agus sláinte do leanaí agus don aos óg a chur chun cinn, lena n-áirítear iad siúd is mó atá imeallaithe, agus béim á leagan ar shláinte, ar chothú, ar oideachas, ar chosaint shóisialta, agus ar fhorbairt luath-óige, lena n-áirítear trí sheirbhísí tiomnaithe atá oiriúnach don aos óg;

(b)

Tionscnaimh nua a chur chun cinn chun córais níos láidre maidir le cosaint leanaí i dtríú tíortha a fhorbairt, a áiritheoidh go mbeidh an tús is fearr sa saol ag leanaí agus go ndéantar iad a chosaint ar an bhforéigean, ar an mí-úsáid agus ar an bhfaillí i ngach réimse, lena n-áirítear tríd an t-aistriú ó chúram institiúideach do leanaí go cúram pobalbhunaithe do leanaí a chur chun cinn;

(c)

Cumhachtú leanaí agus an t-aos óg a chur chun cinn trí spásanna a oscailt dá rannpháirtíocht ghníomhach fhiúntach in ábhair a bhaineann leo, go háirithe maidir leis an saol polaitiúil agus le próisis síochána agus le hiarrachtaí idirghabhála, trí thacú le tionscnaimh idirphlé idirchultúrtha i measc eagraíochtaí don aos óg agus trí imeallú agus eisiamh a chosc;

(d)

Dlús a chur le cúnamh don aos óg chun tacú leo scileanna ábhartha a shealbhú agus chun rochtain a fháil ar phoist chuibhiúla agus ardcháilíochta tríd an oideachas, tríd an ngairmoiliúint agus tríd an oiliúint theicniúil, chomh maith le teicneolaíochtaí digiteacha;

(e)

Cumhachtú an aosa óig agus saoránacht fhreagrach a chur chun cinn, trí spásanna a oscailt dá rannpháirtíocht ghníomhach fhóinteach sa saol polaitiúil agus sna próisis síochána agus sna hiarrachtaí idirghabhála, trí thacú le tionscnaimh an idirphlé idirchultúrtha i measc eagraíochtaí don aos óg agus trí imeallú agus eisiamh a chosc;

(f)

Timpeallacht chumasúcháin a chruthú ina gcuirfear deiseanna nua agus nuálacha ar fáil do rannpháirteachas, fiontraíocht agus fostaíocht an aosa óig sa saol poiblí.

5.   Imirce, easáitiú éigeantais agus soghluaisteacht

(a)

Ceannaireacht leanúnach an Aontais a áirithiú chun an clár oibre domhanda maidir le gach gné den rialachas a bhaineann le himirce agus an easáitiú éigeantais a mhúnlú, go háirithe chun imirce rianúil, shábháilte, rialta agus fhreagrach a éascú, i gcomhréir le cearta an duine, agus leis an dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

Idirphlé faoi bheartais dhomhanda agus thrasréigiúnacha a stiúradh agus tacú leis sin, lena n-áirítear ar imirce Theas-Theas, agus malartú eolais agus comhar maidir le himirce agus an easáitiú éigeantais;

(c)

Tacú le gealltanais idirnáisiúnta agus gealltanais an Aontais maidir le himirce agus an easáitiú éigeantais a chur chun feidhme, lena n-áirítear ar leibhéal na Náisiún Aontaithe;

(d)

An bonn fianaise domhanda a fheabhsú, lena n-áirítear an nasc idir earnáil na himirce agus na forbartha, agus gníomhaíochtaí píolótacha a thionscnamh chun cineálacha cur chuige nuálacha oibríochtúla a cheapadh i réimse na himirce agus an easáitithe éigeantais;

(e)

Borradh a chur faoi chomhpháirtíochtaí straitéiseacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha chun tacú le comhar idirnáisiúnta agus rialachas imirce de réir an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe.

Déanfar an comhar sa réimse seo a bhainistiú i gcomhleanúnachas le rialacháin an Aontais a bhaineann le himirce, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal an chomhleanúchais beartais don fhorbairt.

6.   Obair chuibhiúil, cosaint shóisialta, neamhionannas agus cuimsiú

(a)

An clár oibre domhanda a mhúnlú agus tacú le tionscnaimh maidir le colún daingean de chothromas agus ceartas sóisialta a lánpháirtiú i gcomhréir le luachanna an Aontais Eorpaigh;

(b)

Rannchuidiú leis an gclár oibre domhanda maidir le hobair chuibhiúil do chách i dtimpeallacht shláintiúil, ar bhonn bhunchaighdeáin saothair EIS, lena n-áirítear maidir le hidirphlé sóisialta, pá maireachtála agus an troid in aghaidh saothar leanaí, freagracht shóisialta chorparáideach, go háirithe maidir le slabhraí breisluacha domhanda a dhéanamh inbhuanaithe agus freagrach, agus eolas a fheabhsú faoi bheartais éifeachtacha fostaíochta a fhreagraíonn ar chúrsaí inscne agus riachtanais mhargadh an tsaothair agus a chuireann cuimsiú socheacnamaíoch chun cinn, lena n-áirítear an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil;

(c)

Tacú le tionscnaimh dhomhanda maidir le gnó agus cearta an duine, lena n-áirítear cuntasacht chorparáideach as sáruithe ar chearta agus rochtain ar leighis;

(d)

Tacú le tionscnaimh dhomhanda maidir le cosaint shóisialta uilíoch atá i gcomhréir le prionsabail na héifeachtúlachta, na hinbhuanaitheachta agus an chothromais; lena n-áirítear tacaíocht chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannas chun comhionannas inscne agus an comhtháthú sóisialta a fheabhsú, go háirithe maidir le córais cosanta sóisialta agus scéimeanna árachais shóisialta inbhuanaithe a chur ar bun agus a neartú;

(e)

Leanúint de thaighde agus forbairt dhomhanda a chur i gcrích i rith an ama tríd an nuálaíocht shóisialta lena bhfeabhsófar cuimsiú sóisialta agus lena dtabharfar aghaidh ar na cearta agus na riachtanais shonracha atá ag na grúpaí is leochailí den tsochaí;

(f)

Iarrachtaí a dhéanamh chun an saol sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch a dhéanamh níos cuimsithí agus chun aghaidh a thabhairt ar ghníomhaithe socheacnamaíocha na coinbhleachta, agus na hiarrachtaí sin a chur chun cinn agus tacú leo.

7.   Cultúr

(a)

Tionscnaimh maidir le héagsúlacht chultúrtha agus idirphlé idirchultúrtha agus idir-reiligiúnach le haghaidh caidrimh shíochánta idir comhphobail a chur chun cinn;

(b)

Tacú leis an gcultúr mar uirlis chun an fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch inbhuanaithe a spreagadh agus an comhar maidir leis an oidhreacht chultúrtha agus caomhnú na hoidhreachta sin a threisiú;

(c)

Ceirdeanna áitiúla a fhorbairt mar bhealach chun an oidhreacht chultúrtha áitiúil a chaomhnú agus an fhorbairt inbhuanaithe a chothú;

(d)

Atreisiú ar an gcomhar chun an cultúr oidhreachta a choimirciú, a chaomhnú agus a fheabhsú, lena n-áirítear caomhnú na hoidhreachta cultúrtha atá thar a bheith leochaileach, go háirithe i gcás mionlach agus pobail iargúlta chomh mhaith le comhphobail dhúchasacha mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach;

(e)

Tacú le comhaontuithe maidir le maoin chultúrtha a thabhairt ar ais dá dtíortha tionscnaimh;

(f)

Tacú le comhar cultúrtha, lena n-áirítear trí mhalartuithe, comhpháirtíochtaí agus tionscnaimh eile agus aitheantas a thabhairt do ghairmiúlacht údar, ealaíontóirí agus oibreoirí cultúrtha agus cruthaitheacha;

(g)

Tacú le comhar agus comhpháirtíochtaí i measc eagraíochtaí spóirt.

B.   PLÁINÉAD

1.   Comhshaol folláin a áirithiú agus dul i ngleic leis an athrú aeráide

(a)

Rialachas aeráide agus comhshaoil dhomhanda a threisiú, Comhaontú Pháras, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, Creat-Choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac agus comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil eile a chur chun feidhme;

(b)

Cabhrú leis an síneadh seachtrach de bheartais an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide;

(c)

Cuspóirí maidir leis an gcomhshaol, le héiceachórais agus caomhnú bithéagsúlachta, le hathrú aeráide, le laghdú rioscaí tubaiste agus ullmhacht a chomhtháthú i mbeartais i bpleananna agus in infheistíochtaí trí eolas agus faisnéis fheabhsaithe;

(d)

Tionscnaimh idirnáisiúnta agus tionscnaimh de chuid an Aontais a chur chun feidhme chun oiriúnú don athrú aeráide agus maolú an athraithe aeráide mar aon le forbairt aeráid-díonach ísealcharbóin a chur chun cinn, lena n-áirítear NDCanna agus straitéisí fadtéarmacha íseal-astaíochtaí agus aeráid-díonacha a chur chun feidhme, laghdú rioscaí tubaiste a chur chun cinn, aghaidh a thabhairt ar dhíghrádú comhshaoil agus cosc a chur ar chailliúint na bithéagsúlachta, caomhnú, úsáid inbhuanaithe agus bainistiú éiceachóras talún agus muirí agus acmhainní nádúrtha inathnuaite, lena n-áirítear talamh, uiscí, aigéin, iascaigh agus foraoisí a chur chun cinn, foraoisiú agus cosaint na bhforaoisí nádúrtha a chur chun cinn, aghaidh a thabhairt ar dhífhoraoisiú, gaineamhlú, díghrádú talún, lománaíocht neamhdhleathach agus gáinneáil ar fhiadhúlra, dul i ngleic le truailliú, lena n-áirítear bruscar muirí, agus comhshaol folláin a áirithiú, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna aeráide agus comhshaoil, lena n-áirítear easáitiú de bharr tubaistí nádúrtha, éifeachtúlacht acmhainní, tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe, bainistiú comhtháite acmhainní uisce agus bainistiú fónta ar cheimiceáin agus ar dhramhaíl a chur chun cinn agus tacú leis an aistriú chuig geilleagair chiorclacha agus ghlasa íseal-astaíochtaí aeráid-díonacha, chomh maith le freagracht chorparáideach agus iompar freagrach gnó a chur chun cinn;

(e)

Cleachtais talmhaíochta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn, lena n-áirítear agra-éiceolaíocht, chun éiceachórais agus bithéagsúlacht a chosaint agus feabhas a chur ar an athléimneacht chomhshaoil agus shóisialta i leith an athraithe aeráide, le fócas ar leith ar thacaíocht a thabhairt d'fheirmeoirí gabháltais, d'oibreoirí agus do cheardaithe;

(f)

Tionscnaimh idirnáisiúnta agus Aontais a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar chaillteanas bithéagsúlachta, agus chun caomhantas, úsáid agus bainistiú inbhuanaithe na n-éiceachóras talún agus muirí, mar aon leis an mbithéagsúlacht ghaolmhar, a chur chun cinn;

(g)

Deireadh na bhfóirdheontas maidir le breoslaí iontaise atá díobhálach don chomhshaol a chur chun cinn de réir a chéile, fóntais fuinnimh a spreagadh chun taraifí costas-léiritheacha a ghlacadh, agus féachaint ar roghanna eile le haghaidh na cosanta sóisialta a bheadh níos costéifeachtaí agus níos neamhdhíobhálaí don aeráid.

2.   Fuinneamh inbhuanaithe

(a)

Tacú le hiarrachtaí, gealltanais, comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí domhanda, lena n-áirítear an t-aistriú chuig fuinneamh inbhuanaithe;

(b)

Slándáil fuinnimh a chur chun cinn do thíortha comhpháirtíochta agus do chomhphobail áitiúla, lena n-áirítear foinsí fuinnimh agus bealaí fuinnimh a éagsúlú, agus an méid a leanas á chur san áireamh: saincheisteanna maidir le luaineacht praghsanna, an poitéinseal astaíochtaí a laghdú, margaí a fheabhsú agus fuinneamh agus, go háirithe, idirnaisc leictreachais agus trádáil a chothú;

(c)

Rialtais chomhpháirtíochta a spreagadh le lánleas a bhaint as beartas na hearnála fuinnimh agus as athchóirithe margaidh ionas go mbunófar timpeallacht atá fabhrach don fhás cuimsitheach agus d'infheistíochtaí a mhéadóidh an rochtain do chách ar sheirbhísí fuinnimh atá neamhdhíobhálach don aeráid, inacmhainne, nua-aimseartha, iontaofa agus inbhuanaithe, a thugann tosaíocht d'fhuinneamh inathnuaite agus d'éifeachtúlacht fuinnimh;

(d)

Samhlacha gnó atá inbhuanaithe ó thaobh an airgeadais de agus atá inscálaithe agus inmhacasamhlaithe a fhiosrú, a shainaithint, a phríomhshruthú ar bhonn domhanda agus tacú leis na samhlacha gnó sin, lena soláthrófar teicneolaíochtaí nuálacha digiteacha trí thaighde nuálach a áiritheoidh éifeachtúlacht mhéadaithe, go háirithe do chineálacha cur chuige díláraithe lena soláthrófar rochtain ar fhuinneamh trí fhuinneamh inathnuaite, lena n-áirítear sna réimsí sin a bhfuil acmhainneacht an mhargaidh áitiúil teoranta.

C.   RATHÚNAS

1.   Fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, poist chuibhiúla agus rannpháirtíocht na hearnála príobháidí

(a)

Infheistíocht phríobháideach inbhuanaithe a chur chun cinn trí shásraí nuálacha maoinithe agus comhroinnt rioscaí;

(b)

Timpeallacht ghnó agus infheistíochta a fheabhsú, earnáil phríobháideach áitiúil a fhorbairt a bheidh freagrach ar bhonn sóisialta agus éiceolaíochta, tacú le hidirphlé feabhsaithe idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, acmhainneachtaí, iomaíochas agus athléimneacht in FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta áitiúil agus i gcomharchumainn agus i bhfiontair shóisialta a fhothú, agus tacú lena lánpháirtiú sa gheilleagar áitiúil, réigiúnach agus domhanda;

(c)

Cuimsiú airgeadais a chur chun cinn trí rochtain do FBManna agus do líonta tí, go háirithe grúpaí faoi míbhuntáiste agus grúpaí soghonta, ar sheirbhísí airgeadais, amhail micrichreidmheas agus coigilteas, micrea-árachas agus aistriú íocaíochta, a chur chun cinn mar aon le húsáid na seirbhísí sin acu;

(d)

Tacú le cur chun feidhme bheartas trádála agus chomhaontuithe trádála an Aontais, i gcomhréir le forbairt inbhuanaithe; acmhainneachtaí tíortha comhpháirtíochta chun dul i mbun trádála a neartú agus rochtain ar mhargaí tíortha comhpháirtíochta a fheabhsú agus borradh a chur faoin trádáil chóir, mar aon le deiseanna san infheistíocht agus sa ghnó freagrach cuntasach do chuideachtaí ón Aontas fad a dhéantar bacainní ar rochtain ar an margadh agus ar infheistíocht a dhíothú, chomh maith le díriú ar rochtain ar theicneolaíochtaí atá neamhdhíobhálach don aeráid a éascú, agus comhroinnt breisluacha agus dícheall cuí ó thaobh chearta an duine de sna slabhraí soláthair á n-áirithiú a mhéid is féidir, agus comhleanúnachas beartais don fhorbairt á chur san áireamh;

(e)

Meascán éifeachtach de bheartais a chur chun cinn a thacóidh le héagsúlú eacnamaíoch, breisiú luacha, agus lánpháirtiú réigiúnach agus geilleagar glas agus gorm inbhuanaithe;

(f)

Rochtain ar theicneolaíochtaí digiteacha a éascú, lena n-áirítear rochtain ar airgeadas agus cuimsiú airgeadais a chur chun cinn, chomh mhaith leis an ríomhthráchtáil;

(g)

Tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe agus teicneolaíochtaí agus cleachtais nuálacha a chur chun cinn le haghaidh geilleagar ciorclach íseal-astaíochtaí atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de;

(h)

Inbhuaine shóisialta agus chomhshaoil, freagracht shóisialta chorparáideach agus iompar gnó freagrach trí na slabhraí breisluacha iomlána a neartú;

(i)

Sciúradh airgid, éilliú, sreabha aindleathacha airgeadais, chomh maith le himghabháil agus seachaint cánach, a chomhrac. Cánachas forásach, bearta frithéillithe agus beartais maidir le caiteachais phoiblí athdháilte a chur chun cinn;

(j)

Fás cuimsitheach a chur chun cinn, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht na mban agus an aosa óig a chur chun cinn agus trí thacú léi agus trí imeallú grúpaí sonracha a shainaithint go réamhghníomhach mar aon le haghaidh a thabhairt ar an imeallú sin.

2.   Slándáil bia agus cothaithe

(a)

Tacú le straitéisí, eagraíochtaí, sásraí agus gníomhaithe idirnáisiúnta a dhéanann saincheisteanna beartais agus creata móra domhanda maidir le slándáil inbhuanaithe bia agus cothaithe a leathadh, agus tionchar a imirt orthu sin, ilroinnt i struchtúr domhanda an chothaithe a laghdú agus rannchuidiú leis an gcuntasacht i dtaobh gealltanais idirnáisiúnta maidir le slándáil bia, cothú agus talmhaíocht inbhuanaithe;

(b)

Leasanna poiblí domhanda a fheabhsú lena gcuirfear deireadh leis an ocras agus le míchothú; rochtain chothromasach ar bhia a áirithiú, lena n-áirítear trí chúnamh a thabhairt chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna mhaoiniúcháin le haghaidh cothú, lena n-áirítear trí uirlisí amhail an Líonra Domhanda maidir le Géarchéimeanna Bia chun feabhas a chur ar an acmhainneacht freagairt go leormhaith ar ghéarchéimeanna bia agus cothaithe;

(c)

Feabhas a chur, ar bhealach comhordaithe agus luathaithe, ar iarrachtaí trasearnála chun acmhainneacht a mhéadú le haghaidh táirgeadh bia ar mhodh éagsúlaithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, chun slándáil bia agus cothaithe a áirithiú, agus chun teacht aniar na ndaoine sin is mó atá soghonta a fheabhsú, go háirithe sna tíortha sin ar fada nó ar minic i ngéarchéim iad;

(d)

Athdhearbhú ar an leibhéal domhanda ar an ról lárnach atá ag talmhaíocht agus iascach agus dobharshaothrú inbhuanaithe, lena n-áirítear talmhaíocht gabháltais, tógáil beostoic agus tréadachas, le haghaidh slándáil bia mhéadaithe, díothú bochtaineachta, cruthú post, rochtain chothromasach agus inbhuanaithe ar acmhainní, lena n-áirítear talamh agus cearta talún, uisce, síolta foinse oscailte agus ionchuir thalmhaíochta eile agus (micri-)creidmheas, chomh maith le bainistiú na n-acmhainní sin, maolú an athraithe aeráide agus oiriúnú dó, athléimneacht agus éiceachórais fholláine;

(e)

Nuálaíochtaí a chur ar fáil trí thaighde idirnáisiúnta agus eolas agus saineolas ar bhonn domhanda a threisiú, cur chun cinn agus atreisiú a dhéanamh i gcás straitéisí oiriúnúcháin áitiúla agus neamhspleácha, go háirithe a mhéid a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú an athraithe aeráide, le hagrai-bhithéagsúlacht, le slabhraí luacha domhanda cuimsitheacha, le trádáil chóir, le sábháilteacht bia, le hinfheistíochtaí freagracha agus le rialachas tionachta talún agus acmhainní nádúrtha.

D.   COMHPHÁIRTÍOCHTAÍ

1.

Ról na n-údarás áitiúil mar ghníomhaithe forbartha a neartú tríd an méid seo:

(a)

Acmhainneacht institiúideach agus oibríochtúil údaráis áitiúla na dtíortha Eorpacha agus na dtíortha comhpháirtíochta agus a líonraí agus a gcomhghuaillíochtaí a mhéadú, mar ghníomhaithe forbartha agus comhpháirtithe sa cheapadh beartais, chun rannchuidiú le beartais agus comhaontuithe a fhoirmliú agus a chur chun feidhme agus le faireachán a dhéanamh orthu, ar beartais agus comhaontuithe iad lena ndírítear ar leasanna na gcomhphobal áitiúil; feabhas a chur ar an ról atá acu maidir le feasacht a mhúscailt faoi athchóiriú an díláraithe, faoin bhforbairt áitiúil agus uirbeach; chun idirphlé beartais a bheidh substainteach agus leantach a áirithiú i réimse na forbartha agus chun rialachas daonlathach a chur chun cinn, go háirithe tríd an gCur Chuige Críochach i leith Forbairt Áitiúil lena n-áirítear próisis, rannpháirtíocht agus cuntasacht i leith an díláraithe;

(b)

Idirghníomhaíochtaí le saoránaigh an Aontais a mhéadú maidir le hOideachas don Fhorbairt agus Múscailt Feasachta (lena n-áirítear comhroinnt eolais agus rannpháirteachas), go háirithe a mhéid a bhaineann leis na SFInna, lena n-áirítear san Aontas agus i gcríocha comhlachaithe chomh maith le tíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha.

2.

Sochaithe cuimsitheacha agus tionscnaimh il-gheallsealbhóirí, dea-rialachas eacnamaíoch a chur chun cinn, lena n-áirítear ioncam intíre a shlógadh ar bhealach cothrom cuimsitheach, go háirithe i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta cánach trí bhearta a chur chun feidhme i gcoinne seachaint agus imghabháil cánach, agus bainistiú trédhearcach airgeadais phoiblí agus caiteachas poiblí éifeachtach cuimsitheach a chur chun cinn freisin i gcomhréir le hoibleagáidí maidir le cearta an duine agus le prionsabail an dea-rialachais.

3.

Tacú le measúnú agus doiciméadú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le prionsabail na comhpháirtíochta agus na héifeachtachta a chur chun feidhme.

IARSCRÍBHINN IV

RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH GNÍOMHÍOCHTAÍ MEARFHREAGARTHA

1.   

Gníomhaíochtaí chun cur leis an tsíocháin, le cobhsaíocht agus cosc coinbhleachta i gcásanna práinneacha, i gcásanna géarchéime atá ag teacht chun cinn, agus i gcásanna géarchéime agus iar-ghéarchéime, lena n-áirítear iad siúd a a d'fhéadfadh teacht as sreabha imirce agus as an easáitiú éigeantais.

Déanfar gníomhaíochtaí mearfhreagartha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(4) a cheapadh chun go dtabharfaidh an tAontas freagairt éifeachtach, éifeachtúil, chomhtháite agus atá coinbhleacht-íogair ar na cásanna eisceachtúla gan choinne a leanas:

(a)

cás éigeandála, géarchéime, leochaileachta, bagairtí hibrideacha, cás géarchéime atá ag teacht chun cinn nó tubaistí nádúrtha, i gcás inarb ábhartha iad don chobhsaíocht, don tsíocháin agus don tslándáil;

(b)

cás ina gcuirtear i mbaol an tsíocháin, an daonlathas, an t-ord poiblí, cosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, nó slándáil nó sábháilteacht daoine aonair, go háirithe na daoine sin nach bhfuil cosaint acu ar fhoréigean gnéis agus inscnebhunaithe i gcásanna éagobhsaíochta;

(c)

cás ina bhfuil an baol ann go n-eascróidh coinbhleacht armtha as nó go ndéanfaidh an tríú tír nó tíortha lena mbaineann a dhíchobhsú go holc.

Féadfar an méid seo a leanas a áireamh ar na gníomhaíochtaí mearfhreagartha sin:

(a)

tacaíocht, trí chúnamh teicniúil agus lóistíochta a sholáthar, do na hiarrachtaí a dhéanann eagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus a dhéanann gníomhaithe Stáit agus na sochaí sibhialta ar mhaithe le cothú muiníne, idirghabháil, idirphlé agus athmhuintearas, ceartas idirthréimhseach agus cumhachtú na mban agus an aosa óig a chur chun cinn, go háirithe a mhéid a bhaineann le teannais i gcomhphobail agus le choinbhleachtaí atá ar siúl le fada;

(b)

tacú le cur chun feidhme rúin Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le mná, leis an aos óg, leis an tsíocháin agus leis an tslándáil;

(c)

tacaíocht a thabhairt do bhunú agus d'fheidhmiú na riarachán eatramhach a sainordaíodh i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

(d)

tacaíocht d'fhorbairt institiúidí stáit atá daonlathach agus iolraíoch, lena n-áirítear bearta chun feabhas a chur ar ról na mban sna hinstitiúidí sin, do riarachán sibhialtach éifeachtach agus d'fhormhaoirseacht shibhialtach ar an gcóras slándála, chomh maith le bearta chun cur le hacmhainneacht na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí agus na n-údarás forfheidhmithe dlí agus breithiúnach atá rannpháirteach i gcomhrac na sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe agus gach cineál gáinneála aindleathaí;

(e)

tacaíocht do bhinsí coiriúla idirnáisiúnta agus do bhinsí ad hoc náisiúnta, do choimisiúin fírinne agus athmhuintearais, don cheartas idirthréimhseach agus do shásraí eile chun socrú dlíthiúil a dhéanamh ar éilimh maidir le cearta an duine agus chun cearta maoine a dhearbhú agus a bhreithniú;

(f)

tacaíocht d'atreisiú na hacmhainneachta Stáit - atá i ngleic le brú suntasach chun a chuid croífheidhmeanna a fhorbairt, a choimeád nó a athbhunú go mear, agus don chomhtháthú bunúsach sóisialta agus polaitiúil;

(g)

tacaíocht a thabhairt do bhearta atá riachtanach chun tús a chur le hathshlánú agus le hatógáil bonneagair ríthábhachtaigh, tithíochta, foirgneamh poiblí agus sócmhainní eacnamaíocha, maille le hacmhainneacht tháirgthe riachtanach, chomh maith le tacaíocht do bhearta eile chun gníomhaíocht eacnamaíoch a atosú, fostaíocht a chruthú agus chun na híoschoinníollacha a bhunú atá riachtanach le haghaidh na forbartha sóisialta inbhuanaithe;

(h)

tacaíocht do bhearta sibhialta a bhaineann le díshlógadh agus le hath-lánpháirtiú iarchomhraiceoirí agus a muintir sa tsochaí shibhialta, agus lena n-aisdúichiú, i gcás inarb iomchuí, chomh maith le tacaíocht do bhearta chun aghaidh a thabhairt ar chás na saighdiúirí linbh agus na mbanchomhraiceoirí;

(i)

tacaíocht do bhearta chun na torthaí sóisialta atá ar athstruchtúrú na bhfórsaí armtha a mhaolú;

(j)

tacaíocht do bhearta chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar socheacnamaíoch a bhíonn ag mianaigh talún frithphearsanra, ag ordanás neamhphléasctha nó ag iarsmaí pléascacha cogaidh ar an bpobal sibhialta, faoi chuimsiú bheartais chomhair an Aontais agus a gcuspóirí. Féadfar go gcumhdófar le gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Ionstraim inter alia, oideachas rioscaí, brath agus imréiteach mianach agus, i gcomhar leis an méid sin, scriosadh na stoc-charn;

(k)

tacaíocht do bhearta chun úsáid aindleathach arm tine, mionarm agus arm éadrom agus an rochtain atá orthu a chomhrac, faoi chuimsiú bheartais chomhair an Aontais agus a gcuspóirí;

(l)

tacaíocht do bhearta chun a áirithiú go gcomhlíontar ar bhealach leormhaith na riachtanais shonracha a bhíonn ag mná agus ag leanaí i ngéarchéimeanna agus i gcásanna coinbhleachta;

(m)

tacaíocht d'athshlánú agus do lánpháirtiú na n-íospartach coinbhleachta armtha, lena n-áirítear bearta chun aghaidh a thabhairt na riachtanais shonracha a bhíonn ag mná agus ag leanaí;

(n)

tacaíocht do bhearta chun meas ar chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn agus a chosaint, mar aon le tacaíocht do na hionstraimí idirnáisiúnta gaolmhara;

(o)

tacaíocht do bhearta socheacnamaíocha chun rochtain chothrom agus bainistiú trédhearcach ar acmhainní nádúrtha a chur chun cinn i ngéarchéim nó i ngéarchéim atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear cothú na síochána;

(p)

tacaíocht do bhearta chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag gluaiseachtaí tobanna daonra atá ábhartha don staid pholaitiúil agus slándála, lena n-áirítear bearta lena dtugtar aghaidh ar riachtanais na gcomhphobal óstach;

(q)

tacaíocht do bhearta chun forbairt agus eagrú na sochaí sibhialta a chur chun cinn agus lena rannpháirtíocht sa phróiseas polaitiúil, lena n-áirítear bearta chun feabhas a chur ar ról na mban sna próisis sin agus bearta chun meáin chumarsáide neamhspleácha, iolraíocha agus ghairmiúla a chur chun cinn;

(r)

tacaíocht do bhearta mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine atá ina mbagairtí don chobhsaíocht agus don tsláinte phoiblí a nasctar le paindéim, in éagmais chúnamh daonnúil agus cosanta sibhialta ón Aontas, nó mar chomhlánú ar an gcúnamh sin;

(s)

fothú acmhainneachta na ngníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt, i gcomhréir le hAirteagal 9.

2.   

Gníomhaíochtaí lena rannchuidítear le hathléimneacht a neartú agus lena nasctar cabhair dhaonnúil, gníomhaíochtaí forbraíochta agus, i gcás inarb ábhartha, cothú na síochána

Déanfar gníomhaíochtaí mearfhreagartha dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 4(4) a cheapadh chun go neartófar athléimneacht go héifeachtach agus chun go méadófar an comhordú, an comhleanúnachas agus an chomhlántacht idir cabhair dhaonnúil, gníomhaíochtaí forbraíochta agus, i gcás inarb ábhartha, cothú na síochána, nach féidir aghaidh a thabhairt orthu go mear trí chláir gheografacha agus théamacha.

Féadfar an méid seo a leanas a áireamh ar na gníomhaíochtaí mearfhreagartha sin:

(a)

athléimneacht a neartú, dul i ngleic le tosca leochaileachta agus aghaidh a thabhairt ar ghníomhaithe féideartha coinbhleachta trí thacú le daoine aonair, comhphobail, institiúidí, agus tíortha chun ullmhú níos fearr do bhrú agus turraingí, idir pholaitiúil, eacnamaíoch agus shochaíoch, tubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine, coinbhleachtaí, paindéimí agus bagairtí domhanda, iad a sheasamh, oiriúnú dóibh agus teacht slán uathu go sciobtha, lena n-áirítear trí na hacmhainneachtaí atá acu cheana a shainaithint agus a neartú; trí acmhainneacht an stáit a threisiú in aghaidh brú mór chun a chroífheidhmeanna agus a chomhtháthú bunúsach sóisialta agus polaitiúil a thógáil go mear, agus iad a choinneáil nó a athbhunú, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do shochaithe, comhphobail agus daoine aonair chun deiseanna agus rioscaí a bhainistiú ar bhonn síochánta atá coinbhleacht-íogair agus chun slite beatha agus seirbhísí sóisialta a bhunú, a choinneáil nó a athbhunú in ainneoin brú ollmhór trí thacú le tionscnaimh ábhartha agus iltaobhacha chun na gcríoch céanna;

(b)

tionchair dhiúltacha ghearrthéarma a thagann as turraingí eisginiúla, lena gcruthaítear neamhchobhsaíocht mhaicreacnamaíoch, a mhaolú agus díriú ar athchóirithe socheacnamaíocha agus caiteachas poiblí tosaíochta le haghaidh forbairt shocheacnamaíoch agus laghdú na bochtaineachta;

(c)

ath-shlánú agus atógáil ghearrthéarmach a chur i gcrích chun a chur ar chumas íospartach tubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine, coinbhleachtaí agus bagairtí domhanda leas a bhaint as íosmhéid caighdeán socheacnamaíoch agus, a luaithe is féidir, na dálaí a chruthú agus tús a chur arís leis an bhforbairt ar bhonn cuspóirí fadtéarmacha a chruthóidh na tíortha, agus na réigiúin lena mbaineann, agus na pobail lena ndéanann na coinbhleachtaí difear dóibh; áirítear air sin aghaidh a thabhairt ar na riachtanais phráinneacha agus láithreacha a thagann as easáitiú daoine agus na comhphobail a dhéanann iad a óstáil tar éis tubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine;

(d)

cabhrú leis an réigiún, leis an stát, ar leibhéal náisiúnta nó áitiúil, nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó na sochaí sibhialta, chun sásraí coiscthe agus ullmhachta gearrthéarmacha i gcás tubaistí a chur ar bun, lena n-áirítear tuar agus luathrabhadh, d'fhonn iarmhairtí tubaistí a laghdú;

(e)

tacú le bearta lena ndéantar cineálacha cur chuige comhtháite a oibríochtú go háirithe trí fheabhas a chur ar chomhordú agus ar chur i bhfeidhm cur chuige atá coinbhleacht-íogair a bheith ag gníomhaithe daonnúla, gníomhaithe forbartha agus, i gcás inarb ábhartha, gníomhaithe chothú na síochána.

3.   

Gníomhaíochtaí a thugann aghaidh ar riachtanais agus tosaíochtaí bheartas eachtrach an Aontais

Le gníomhaíochtaí mearfhreagartha dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 4(4), tacófar le beartas eachtrach an Aontais sna saincheisteanna polaitiúla, eacnamaíocha agus slándála. Cuirfidh na gníomhaíochtaí sin ar chumas an Aontais gníomhú i gcás ina mbeidh leas beartais eachtraigh práinneach nó riachtanach, nó i gcás ina mbeidh deis ann a chuspóirí a bhaint amach, inar gá mearfhreagairt agus inar deacair aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach eile.

Féadfaidh na gníomhaíochtaí mearfhreagartha na nithe seo a leanas a chumhdach:

(a)

tacú le straitéisí déthaobhacha, réigiúnacha agus idir-réigiúnacha an Aontais i dtaca le comhar, trí idirphlé maidir le beartas a chur chun cinn agus trí chineálacha cur chuige comhchoiteann agus freagairtí comhchoiteanna a cheapadh ar dhúshláin atá ann don domhan uile, amhail saincheisteanna a bhaineann le himirce agus an easáitiú éigeantais, an t-athrú aeráide agus slándáil, lena n-áirítear idirghabháil, agus lena mbainfear leas as áiméar maidir leis sin;

(b)

tacú le beartas trádála an Aontais agus le comhaontuithe trádála a chaibidil, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú; agus le rochtain ar mhargaí tíortha comhpháirtíochta a fheabhsú agus deiseanna trádála, infheistíochta agus gnó a fheabhsú do chuideachtaí ón Aontas, go háirithe FBManna, fad a dhéantar bacainní ar rochtain ar an margadh agus ar infheistíocht a dhíothú agus cearta maoine intleachtúla a chosaint, trí thaidhleoireacht eacnamaíoch, comhar gnó agus rialála, maille leis na hoiriúnuithe is gá do chás sonrach na tíre comhpháirtíochta, agus prionsabal an chomhleanúnachais beartais ar mhaithe le forbairt mar a leagtar síos in Airteagail 208 agus 212 CFAE agus na gealltanais idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo á gcur san áireamh;

(c)

rannchuidithe le cur chun feidhme na gné idirnáisiúnta de bheartais inmheánacha an Aontais amhail, inter alia, an comhshaol, an t-athrú aeráide, fuinneamh, eolaíocht agus oideachas agus comhar maidir le bainistiú agus rialachas na n-aigéan chomh maith le tacaíocht don chóineasú rialála;

(d)

tuiscint fhorleathan maidir leis an Aontas agus a infheicthe atá sé agus a ról ar an ardán domhanda a chur chun cinn trí chumarsáid straitéiseach, trí thaidhleoireacht phoiblí, trí theagmháil duine le duine, trí thaidhleoireacht chultúrtha, trí chomhar i gcúrsaí oideachais agus acadúla, agus trí ghníomhaíochtaí for-rochtana chun leasanna agus luachanna an Aontais a chur chun cinn.

Leis na gníomhaíochtaí mearfhreagartha sin, forghníomhófar beartais nó tionscnaimh nuálacha a chomhfhreagróidh do riachtanais, deiseanna agus tosaíochtaí gearrthéarma nó meántéarma atá ann faoi láthair nó atá ag athrú, lenar féidir bonn eolais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí amach anseo faoi chláir gheografacha nó théamacha. Leis na gníomhaíochtaí sin, díreofar ar chaidreamh agus plé an Aontais a dhoimhniú agus comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí a chothú leis na príomhthíortha ar leas straitéiseach don Aontas iad, go háirithe na tíortha sin a bhfuil an geilleagar ag teacht chun cinn iontu agus na tíortha sin nach bhfuil á dtuilleamh iontu ach meánioncaim, ar tíortha iad a bhfuil ról tábhachtach méadaitheach acu i gcúrsaí domhanda, i rialachas domhanda, i mbeartas eachtrach, sa gheilleagar idirnáisiúnta, agus i bhfóraim iltaobhacha.


IARSCRÍBHINN V

RÉIMSÍ TOSAÍOCHTA IN OIBRÍOCHTAÍ CEFI+ A CHUIMSÍTEAR LEIS AN RÁTHAÍOCHT DO GHNÍOMHAÍOCHTAÍ SEACHTRACHA

Is é an cuspóir a bheidh ag oibríochtaí CEFI+ atá incháilithe do thacaíocht tríd an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha díriú go háirithe ar na réimsí tosaíochta seo a leanas:

(a)

maoiniúchán agus tacaíocht a sholáthar d'fhorbairt na hearnála príobháidí agus comhair a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais agus i gcomhréir le críoch Airteagal 31(2) den Rialachán seo, agus béim ar leith á leagan ar chuideachtaí áitiúla agus ar FBManna, ar phoist chuibhiúla á gcruthú ar bhonn bhunchaighdeáin saothair EIS agus rannchuidiú na gcuideachtaí Eorpacha le cuspóirí CEFI+ á spreagadh;

(b)

aghaidh a thabhairt ar scrogaill atá roimh infheistíochtaí príobháideacha trí ionstraimí airgeadais a chur ar fáil, ar ionstraimí iad a fhéadfar a bheith ainmnithe in airgeadra áitiúil na tíre comhpháirtíochta lena mbaineann, lena n-áirítear ráthaíochtaí céadchaillteanais do phunanna, ráthaíochtaí do thionscadail earnála príobháidí amhail ráthaíochtaí iasachta FBManna, agus ráthaíochtaí lena gcumhdaítear rioscaí sonracha i dtionscadail bhonneagair agus caipiteal eile riosca;

(c)

maoiniú na hearnála príobháidí a ghiaráil, agus béim ar leith á leagan ar FBManna, trí aghaidh a thabhairt ar scrogaill agus ar chonstaicí don infheistíocht;

(d)

earnálacha agus réimsí socheacnamaíocha agus bonneagar poiblí agus príobháideach gaolmhar agus nascacht inbhuanaithe a neartú, lena n-áirítear fuinneamh inathnuaite agus inbhuanaithe, bainistiú uisce agus dramhaíola, iompar, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, chomh maith leis an gcomhshaol, úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, talmhaíocht inbhuanaithe agus geilleagar gorm, bainistiú inbhuanaithe foraoisí agus athchóiriú tírdhreacha, bonneagar sóisialta, sláinte, agus caipiteal daonna chun feabhas a chur ar an timpeallacht shocheacnamaíoch;

(e)

rannchuidiú leis an ngníomhú ar son na haeráide agus le cosaint agus bainistiú an chomhshaoil;

(f)

rannchuidiú trí fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna sonracha socheacnamaíocha na himirce neamhrialta agus an easáitithe éigeantais, agus rannchuidiú le hath-lánpháirtiú inbhuanaithe na n-imirceach a bheidh ag filleadh ar a dtíortha tionscnaimh, mar aon le hathléimneacht na gcomhphobal trasdula agus óstach a chothú, agus aird chuí á tabhairt ar an smacht reachta, dea-rialachas agus cearta an duine a neartú.


IARSCRÍBHINN VI

LIOSTA PRÍOMHTHÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA

I gcomhréir leis na SFInna, úsáidfear an liosta neamh-uileghabhálach seo de phríomhtháscairí feidhmíochta a leanas le gur féidir rannchuidiú an Aontais chun cuspóirí sonracha na hIonstraime seo a bhaint amach a thomhas:

(1)

Innéacs an smachta reachta a mhéid a bhaineann le tíortha a thairbhíonn de chúnamh an Aontais.

(2)

Sciar den daonra atá faoi bhun thairseach idirnáisiúnta na bochtaineachta de réir inscne, aoise, stádas fostaíochta agus suíomh geografach (uirbeach/tuaithe).

(3)

Líon na mban in aois atáirgthe, cailíní sna déaga, agus leanaí faoi bhun 5 a tháinig faoi thionchar clár cothaithe a fhaigheann tacaíocht ón Aontas.

(4)

Líon na bhfeirmeoirí beaga a bhain tairbhe as idirghabhálacha a fhaigheann tacaíocht ón Aontas chun a dtáirgeadh inbhuanaithe, rochtain ar mhargaí agus/nó slándáil tionachta talún a mhéadú.

(5)

Líon na leanaí atá 1 bhliain d'aois agus atá imdhíonaithe go hiomlán a bhuí le tacaíocht ón Aontas.

(6)

Líon na ndaltaí atá cláraithe san oideachas: (a) oideachas bunscoile (b) oideachas meánscoile; agus líon na ndaoine a bhain tairbhe as idirghabhálacha institiúide nó idirghabhálacha bunaithe san ionad oibre i réimsí gairmoideachais nó gairmoiliúna / forbartha scileanna, a fhaigheann tacaíocht ón Aontas.

(7)

Astaíochtaí gás ceaptha teasa a sheachnaítear (Ktona CO2eq) a bhuí le tacaíocht ón Aontas.

(8)

Limistéir éiceachóras muirí, talún agus fionnuisce atá á gcosaint agus/nó á mbainistiú ar bhonn inbhuanaithe a bhuí le tacaíocht ón Aontas.

(9)

Giaráil infheistíochtaí agus an éifeacht iolraitheora arna mbaint amach.

(10)

Líon na ndaoine aonair a bhaineann leas díreach as idirghabhálacha a fhaigheann tacaíocht ón Aontas a bhfuil sé mar aidhm shonrach acu tacú le cothú na síochána sibhialta iarchoinbhleachta nó coinbhleachtaí a chosc.

(11)

Líon na bpróiseas a bhaineann le cleachtais tíortha comhpháirtíochta maidir le trádáil, infheistíocht agus gnó, nó a chuireann chun cinn an ghné sheachtrach de bheartais inmheánacha an Aontais nó de leas an Aontais ar imríodh tionchar orthu.

(12)

Líon na ndaoine a bhfuil rochtain acu ar fhoinse fheabhsaithe uisce óil agus/nó ar éascú sláintíochta a bhuí le tacaíocht ón Aontas.

(13)

Líon na n-imirceach, na ndídeanaithe agus na ndaoine easáitithe ina dtír féin nó daoine aonair ó chomhphobail óstacha a chosnaítear nó a dtugtar cúnamh dóibh le tacaíocht ón Aontas.

(14)

Líon na dtíortha agus na gcathracha a bhfuil straitéisí athraithe aeráide agus/nó straitéisí laghdaithe riosca tubaiste acu atá (a) forbartha nó (b) atá á gcur chun feidhme a bhuí le tacaíocht ón Aontas.

(15)

Líon na FBManna a chuireann cleachtais tomhaltais agus táirgthe inbhuanaithe i bhfeidhm a bhuí le tacaíocht ón Aontas.

(16)

Acmhainneacht giniúna fuinnimh inathnuaite arna shuiteáil (MW) a bhuí le tacaíocht ón Aontas.

(17)

Sciar den chomhar arna mhaoiniú ag an Aontas chun comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn.

(18)

Líon na n-íospartach i gcás sáruithe ar chearta an duine a bhaineann tairbhe dhíreach as cúnamh a chistíonn an tAontas.

(19)

Líon na dtionscnamh a mhaoiníonn an tAontas lena dtacaítear le cur chun feidhme athchóirithe polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta agus comhaontuithe comhpháirteacha i dtíortha comhpháirtíochta.

Déanfar gach táscaire a thagraíonn do dhaoine aonair a imdhealú, aon uair is féidir, de réir inscne, go háirithe chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo comhionannas inscne agus aoise.

Déanfar gach táscaire a imdhealú de réir limistéir gheografacha na hIonstraime aon uair is féidir.


Góra