EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document L:2023:213:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 213, 30 Lúnasa 2023


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 213

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
30 Lúnasa 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1665 ón gCoimisiún an 28 Lúnasa 2023 lena gceartaítear Cinneadh (AE) 2023/1409 ón gCoimisiún an lena dtugtar treoir do Riarthóir Lárnach Chlárlann an Aontais barrachas an Aontais a chur ar ais chuig na Ballstáit agus chuig an Ríocht Aontaithe ag deireadh an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto

1

 

 

GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste an Aontais Eorpaigh/ICAO an 25 Bealtaine 2023 maidir le leasú an tSocraithe Oibre idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i dtaca leis an gcomhar i réimse an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht shibhialta [2023/1666]

4

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

30.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 213/1


CINNEADH (AE) 2023/1665 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Lúnasa 2023

lena gceartaítear Cinneadh (AE) 2023/1409 ón gCoimisiún an lena dtugtar treoir do Riarthóir Lárnach Chlárlann an Aontais barrachas an Aontais a chur ar ais chuig na Ballstáit agus chuig an Ríocht Aontaithe ag deireadh an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2015/1339 ón gComhairle a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus comhlíonadh comhpháirteach na ngealltanas faoi (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tar éis ghlacadh Chinneadh (AE) 2023/1409 (2) ón gCoimisiún, shainaithin an Coimisiún earráid maidir le ríomh ghlanbharrachas an Aontais.

(2)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá an Cinneadh ón gCoimisiún thuasluaite a cheartú agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis a ionadú, a mhéid a bhaineann le méid iomlán bharrachas an Aontais agus barrachas an Aontais arna leithdháileadh ar na Ballstáit.

(3)

Tar éis sciar na bhfáltas a aistriú chuig an gCiste Oiriúnaithe, tá glanbharrachas Aontais 2 156 103 762 aonad de mhéid sannta i gClárlann an Aontais seachas 2 215 147 885 aonad dá dtagraítear i gCinneadh ón gCoimisiún an 4 Iúil 2023, atá thuasluaite. Ba cheart na haonaid sin a chur ar ais chuig na Ballstáit agus chuig an Ríocht Aontaithe (3) i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 4(2) de Chinneadh (AE) 2015/1339 ón gComhairle.

(4)

Ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe ionas go gcuirtear barrachas an Aontais ar ais chuig na Ballstáit roimh an 9 Meán Fómhair 2023, an dáta a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse bhreise chun gealltanais faoi Phrótacal Kyoto a chomhlíonadh,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh (AE) 2023/1409 ón gCoimisiún.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Maroš ŠEFČOVIČ

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)  IO L 207, 4.8.2015, lch. 1.

(2)  Cinneadh (AE) 2023/1409 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2023 lena dtugtar treoir do Riarthóir Lárnach Chlárlann an Aontais barrachas an Aontais a chur ar ais chuig na Ballstáit agus chuig an Ríocht Aontaithe ag deireadh an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto (IO L 170, 5.7.2023, lch. 100).

(3)  IO C 384 I, 12.11.2019, lch. 59.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1409 mar a leanas:

Na Ballstáit agus An Ríocht Aontaithe

Aonaid den mhéid sannta de bharrachas leithdháilte an Aontais

an Bheilg

20 450 588

an Bhulgáir

126 141 099

an tSeicia

133 267 103

an Danmhairg

13 136 942

an Ghearmáin

195 195 443

an Eastóin

50 771 706

Éire

11 354 436

an Ghréig

15 894 130

an Spáinn

58 409 926

an Fhrainc

99 661 294

an Chróit

7 182 633

an Iodáil

79 680 094

an Chipir

1 568 619

an Laitvia

40 100 861

an Liotuáin

70 430 898

Lucsamburg

2 406 891

an Ungáir

107 256 218

Málta

307 434

an Ísiltír

30 412 409

an Ostair

13 412 151

an Pholainn

298 687 162

an Phortaingéil

13 296 395

an Rómáin

490 413 095

an tSlóivéin

3 286 845

an tSlóvaic

75 013 997

an Fhionlainn

8 658 264

an tSualainn

13 218 840

An Ríocht Aontaithe*

176 488 289

Iomlán

2 156 103 762


GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

30.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 213/4


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE AN AONTAIS EORPAIGH/ICAO

an 25 Bealtaine 2023

maidir le leasú an tSocraithe Oibre idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i dtaca leis an gcomhar i réimse an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht shibhialta [2023/1666]

TÁ COMHCHOISTE AN AONTAIS EORPAIGH/ICAO,

Ag féachaint don Mheabhrán Comhair idir an tAontas Eorpach agus ICAO lena ndéantar foráil maidir le creat comhair fheabhsaithe a síníodh in Montréal agus sa Bhruiséil an 28 Aibreán agus an 4 Bealtaine 2011 (MC), agus go háirithe Airteagal 3.3 agus Airteagal 7.3(c) de;

Ag féachaint don Iarscríbhinn maidir le Sábháilteacht na hEitlíochta a ghabhann le MC, agus go háirithe Airteagal 3.1 di;

Ag féachaint do Phlean ICAO um Shábháilteacht na hEitlíochta Domhanda (GASP) (ICAO Doc 10004) agus do na tionscnaimh um shábháilteacht dhomhanda (GSI);

Ag féachaint don Treochlár um Shábháilteacht na hEitlíochta Domhanda (GASR, 2006) maidir le comhroinnt idirnáisiúnta sonraí/córas domhanda tuairiscithe sonraí a chur chun feidhme;

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (1);

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE (2);

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (3),

De bhrí go bhfuil sainmhínithe thacsanomaíocht ICAO maidir le Tuairisciú Sonraí Tionóiscí/Teagmhas (ADREP) bunaithe go príomhúil ar Chaighdeáin agus Cleachtais Mholta (SARPanna), lámhleabhair agus ábhar treoraíochta ICAO;

De bhrí go dteastaíonn ó úsáideoirí ADREP agus an Lárionaid Eorpaigh Comhordúcháin um Chórais Tuairiscithe ar Thimpistí agus Teagmhais (ECCAIRS) i mBallstáit ICAO tuilleadh úsáide a bhaint as faisnéis a dhíorthaítear ó bhailiú, anailísiú agus comhroinnt na sonraí chun bagairtí ar an tsábháilteacht agus na nithe a chuireann leis na bagairtí sin a shainaithint ar scála domhanda;

De bhrí go mbraitheann sábháilteacht na haerloingseoireachta agus an dul chun cinn i gcomhchuibhiú na heitlíochta sibhialta idirnáisiúnta ar chaighdeáin aitheanta amhail córas ADREP, agus ag aithint a thábhachtaí atá an cúnamh frithpháirteach agus an comhar i réimse bhainistíocht na sábháilteachta agus na gcóras bunachar sonraí;

De bhrí na hoibleagáide atá ar Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) laistigh den Aontas Eorpach cúnamh a thabhairt don Choimisiún Eorpach maidir le bainistíocht na Taisclainne Lárnaí Eorpaí ina stóráiltear gach tuairisc ar tharlú a bhailítear san Aontas Eorpach, agus go háirithe de bhrí an chúraim atá uirthi leagan nua d’fhoireann bhogearraí ECCAIRS, ar a dtugtar ECCAIRS 2, a fhorbairt agus a chothabháil;

De bhrí go bhfuil na feidhmeanna uile a d’fheidhmíodh Ard-Stiúrthóireacht an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) sa Choimisiún Eorpach maidir le foireann bhogearraí ECCAIRS glactha ar láimh ag EASA ón 1 Eanáir 2021;

De bhrí gur gné den Socrú Oibre í go bhfeidhmíonn EASA na feidhmeanna a bhaineann le foireann bogearraí ECCAIRS de réir mar a chinn an Comhchoiste an 10 Márta 2022;

De bhrí gur gá na réimsí comhair idir ICAO agus EASA a leagan amach maidir le tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme ECCAIRS 2, sa chás seo na réimsí a bhaineann le gníomhaíochtaí oiliúna agus tacaíochta a thagann faoin Socrú Oibre seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Glactar leis seo leasuithe, mar atá i gceangal leis an gCinneadh seo, ar an Socrú Oibre a rinneadh in Montréal an 10 Márta 2022 maidir leis an gcomhar i réimse an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht shibhialta.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Thar ceann Chomhchoiste an Aontais/ICAO:

Na Cathaoirligh [sínithe amháin]


(1)  IO L 122, 24.4.2014, lch. 18.

(2)  IO L 295, 12.11.2010, lch. 35.

(3)  IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

SOCRÚ OIBRE IDIR AN EAGRAÍOCHT EITLÍOCHTA SIBHIALTA IDIRNÁISIÚNTA AGUS AN TAONTAS EORPACH

I DTACA LEIS AN GCOMHAR I RÉIMSE AN TUAIRISCITHE AR THIONÓISCÍ AGUS AR THEAGMHAIS SAN EITLÍOCHT SHIBHIALTA

Leasaítear an Socrú Oibre mar a leanas:

1.

Leasaítear mír 2.2 f) mar a leanas:

(a)

scriostar an abairt dheireanach agus cuirtear an méid seo a leanas ina hionad:

‘Más mian le Stát de chuid ICAO córas ECCAIRS 2 a úsáid, socróidh EASA socrú seirbhíse leis na Stáit sin agus tabharfaidh sé i gcrích é.’

2.

Leasaítear mír 2.3 mar a leanas:

(a)

Cuirtear mír nua isteach tar éis mhír 2.3 f).

‘Tá tuairisc ar mhionsonraí an chomhair idir EASA agus ICAO maidir le hoiliúint agus tacaíocht i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Socrú Oibre seo.’

3.

Leasaítear mír 5.4. mar a leanas:

(a)

Scriostar mír 5.4. agus cuirtear an téacs seo a leanas ina hionad

‘Coinníonn gach Páirtí an úinéireacht agus gach ceart ar a chóipchearta, a thrádmharcanna, a ainm, a lógónna agus aon mhaoin intleachtúil eile, agus gach ceart dá ngabhann leo. Ach amháin mar a fhoráiltear anseo go sainráite, is faoi réir formheas i scríbhinn roimh ré ón bPáirtí ar leis an mhaoin intleachtúil atá úsáid na maoine intleachtúla sin ag Páirtí eile. Gach saothar díorthach maoine intleachtúla de chuid Páirtí eile, agus gach saothar díorthach atá bunaithe ar mhaoin intleachtúil de chuid Páirtí eile nó díorthaithe uaithi nó ina mbaintear úsáid eile aisti, meastar gur maoin de chuid an Pháirtí sin é, agus áirítear air sin, mar shampla, gach aschur, cóip, atáirgeadh, feabhsú, modhnú, oiriúnú agus aistriúchán; d’ainneoin an mhéid sin, féadfar a mheas gur Cómhaoin Intleachtúil é saothair den chineál sin i gcomhréir le mír 5.5 thíos. Ach amháin mar a fhoráiltear anseo, ní dhíolfaidh Páirtí maoin intleachtúil de chuid Páirtí eile agus ní tháirgfidh sé aon ábhar lena dhíol a bheidh díorthaithe uaithi agus ní dháilfidh sé ná ní nochtfaidh sé maoin intleachtúil de chuid Páirtí eile go páirteach nó go hiomlán do thríú páirtithe.’

4.

Cuirtear an mhír nua 5.5 isteach mar a leanas:

‘Is leis na Páirtithe i gcomhpháirt na cearta maoine intleachtúla in ábhair arna bhforbairt go comhpháirteach. Ciallaíonn ‘Cómhaoin Intleachtúil’ maoin intleachtúil in aon táirge, in aon taighde, in aon sonraí, in aon anailís, in aon fhaisnéis agus in aon ábhar eile a fhorbraíonn na Páirtithe go comhpháirteach mar chuid den chomhar seo. Is faoi réir na dtéarmaí agus coinníollacha seo a leanas gach ceart chun Cómhaoine Intleachtúla agus gach teideal uirthi:

a)

Ar éag an tSocraithe Oibre seo nó ar a fhoirceannadh, roinnfear an punann Cómhaoine Intleachtúla a cruthaíodh idir na Páirtithe ar bhonn leasanna dílsithe gach Páirtí, de réir mar a chomhaontófar trí chomhairliúcháin idir na Páirtithe. Mura féidir teacht ar chomhaontú, leanfaidh gach ceart chun Cómhaoine Intleachtúla agus gach teideal uirthi de bheith faoi úinéireacht chomhpháirteach na bPáirtithe.’

5.

Cuirtear an tAirteagal nua 6. DLITEANAS isteach mar a leanas:

‘6.

DLITEANAS’

6.

Cuirtear an mhír nua 6.1 isteach mar a leanas:

‘6.1.

In aon chás, ní bheidh aon Pháirtí faoi dhliteanas don Pháirtí eile as aon damáiste díreach, indíreach, teagmhasach, speisialta nó iarmhartach d’aon chineál ar bith, bíodh sé intuartha nó a mhalairt, a bheidh mar thoradh ar na gníomhaíochtaí is ábhar don Socrú Oibre seo nó a eascróidh i dtaca leis na gníomhaíochtaí sin.’

7.

Leasaítear Airteagal 6 LEASUITHE AGUS FOIRCEANNADH mar a leanas:

(a)

Athraítear uimhir an Airteagail go 7

‘Airteagal 7

LEASUITHE AGUS FOIRCEANNADH’

8.

Cuirtear Foscríbhinn nua i gceangal leis an Socrú Oibre

(a)

Cuirtear Foscríbhinn 1 isteach tar éis mhír 7.2.

‘FOSCRÍBHINN 1

COMHAR IDIR ICAO AGUS EASA I dTACA LE hOILIÚINT AGUS TACAÍOCHT

1.   Cuspóir agus Raon Feidhme

1.1.

Is é is cuspóir don Fhoscríbhinn seo réimsí comhair idir ICAO agus EASA a leagan amach maidir le tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme ECCAIRS 2. Tá raon feidhme na Foscríbhinne seo teoranta do ghníomhaíochtaí tacaíochta agus oiliúna a thagann faoin Socrú Oibre seo, lena n-áirítear Pacáistí Cur Chun Feidhme (‘iPACKanna’) de chuid ICAO a fhorbairt agus a sheachadadh faoi choimirce Bhiúró Comhair Theicniúil ICAO, agus deiseanna comhair eile amhail comhaltachtaí, malartú saineolais ábhair, agus comhar maidir le tionscadail agus cláir fothaithe acmhainneachta sa chomhar teicniúil (dá ngairtear, le chéile, na ‘Tionscnaimh’ anseo feasta).

1.2.

Comhaontófar mionsonraí gach Tionscnaimh i scríbhinn idir ICAO agus EASA agus beidh siad i gcomhréir le forálacha an tSocraithe Oibre agus na Foscríbhinne seo.

2.   Meitheal Chomhpháirtíochta

2.1.

Bunóidh ICAO agus EASA Meitheal Chomhpháirtíochta (‘MCP’) a oibreoidh ar bhonn comhthola chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

2.1.1.

treoraíocht a sholáthar maidir le forbairt agus forghníomhú gach Tionscnaimh faoi leith a gcomhaontóidh ICAO agus EASA dul i gcomhar ann;

2.1.2.

leagan deireanach aon Tionscnaimh den chineál sin a fhormheas mar aon le haon nuashonrú a dhéanfar air ina dhiaidh sin;

2.1.3.

cur chun cinn na dTionscnamh agus scaipeadh faisnéise fúthu a fhormheas;

2.1.4.

formhaoirseacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an chomhair go foriomlán; agus

2.1.5.

inmharthanacht airgeadais sheoladh gach Tionscnaimh faoi leith a mheas.

2.2.

Ní Bord Stiúrthóirí foirmiúil é MCP agus níl aon dualgas muiníneach ná aon fhreagracht air, ní go comhchoiteann ná ar bhonn aonair, i leith aon tionscnamh ná aon Pháirtí sa Socrú Oibre seo ná i leith EASA.

2.3.

Ceapfaidh ICAO agus EASA ionadaithe do MCP mar a leanas:

2.3.1.

De réir nádúr na dTionscnamh, féadfaidh ICAO Stiúrthóir an Bhiúró Comhair Theicniúil nó an Ceann Oiliúna Eitlíochta Domhanda nó a n-ionadaí údaraithe a cheapadh.

2.3.2.

Féadfaidh EASA Stiúrthóir na Stiúrthóireachta Bainistíochta Straitéise agus Sábháilteachta nó a mhalartach ceaptha a cheapadh mar ionadaí údaraithe dó.

2.3.3.

Féadfaidh ICAO agus EASA ionadaithe breise a cheapadh do MCP ar bhonn comhionann chun tacú leis na hionadaithe thuasluaite.

2.4.

I dteannta na bhfreagrachtaí atá air agus a leagtar amach i mír 2.1, tionólfar cruinnithe de MCP de réir mar is gá i rith na dTionscnamh chun meastóireacht a dhéanamh ar na Tionscnaimh sin, lena n-áirítear meastóireacht ar fheidhmíocht agus próifílí na dTionscnamh faoi leith, chun réitigh oiriúnacha ar fhadhbanna a chomhordú, agus chun feabhsuithe agus modhnuithe ar na Tionscnaimh a mholadh.

3.   Roinnt na gcúraimí idir ICAO agus EASA

3.1.

Déanfar na cúraimí sonracha a bheidh ar ICAO agus ar EASA i leith gach tionscnaimh faoi leith a chomhaontú i scríbhinn idir ICAO agus EASA de bhun mhír 1.2.

3.2.

Déanfaidh ICAO agus EASA iPACK nó aon tionscnamh eile a chur chun cinn agus a phoibliú trína mbealaí cumarsáide féin, agus tarraingeoidh siad plean gníomhaíochtaí comhpháirteacha suas le chéile chuige sin. Déanfar na gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chomhordú idir ICAO agus EASA agus formheasfaidh MCP iad.

3.3.

Oibreoidh ICAO agus EASA i gcomhar chun na Tionscnaimh a chur chun cinn le chéile ar a suíomhanna gréasáin. Déanfaidh ICAO agus EASA iarrachtaí réasúnta freisin chun margaíocht chomhpháirteach a dhéanamh le haghaidh iPACK, nó aon tionscnaimh eile, ó am go chéile trí mheáin agus fóraim eile, lena bhféadfar na modhanna seo a leanas a áireamh:

a)

preaseisiúintí;

b)

comhdhálacha agus ceardlanna a d’eagródh ICAO nó EASA;

c)

fógraíocht i bhfoilseacháin de chuid ICAO agus EASA;

d)

nuachtlitreacha leictreonacha;

e)

na meáin shóisialta; agus

f)

aon ghníomhaíocht chomhpháirteach eile a mheasfaí a mbeadh gá léi.

4.   Gnéithe airgeadais an chomhair

4.1.

Is ar bhonn aisghabháil iomlán na gcostas a fhorbrófar agus a thairgfear na iPACKanna agus aon Tionscnamh eile, agus cinnfear na sásraí airgeadais lena gcur chun feidhme ar bhonn cás ar chás i gcomhréir le forálacha a bheidh le comhaontú i scríbhinn idir ICAO agus EASA de bhun mhír 1.2.

4.2.

Áireofar ar na sásraí airgeadais chun gach iPACK nó aon Tionscnamh eile a chur chun feidhme forálacha maidir le cur chun feidhme, forbairt, agus bainistíocht na gcostas agus an ioncaim, lena n-áirítear forálacha maidir lena sannadh idir ICAO agus EASA. Beidh forálacha sa sásra airgeadais cur chun feidhme freisin maidir le fad agus uasmhéid na gceangaltas airgeadais agus maidir le teorannú na freagrachta, agus déanfar foráil freisin maidir leis an rogha chun tarraingt siar ó na ceangaltais lena mbaineann.

4.3.

Ní sheolfar aon iPACK faoi leith ná aon Tionscnamh eile mura gcomhaontaíonn ICAO agus EASA an sásra airgeadais cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 4.1 agus 4.2 i scríbhinn.

Top