EUR-Lex Acesso ao direito da União Europeia

Voltar à página inicial do EUR-Lex

Este documento é um excerto do sítio EUR-Lex

Bearta sriantacha an Aontais i bhfianaise na staide sa Bhurúin

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (CBES) 2015/1763 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin

Rialachán (AE) 2015/1755 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN RIALACHÁN?

Is cuid de bhosca uirlisí chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais Eorpaigh iad an cinneadh agus an rialachán, lena gcuirtear cuspóirí CBES chun cinn tríd an mbunús dlí a chur ar fáil do smachtbhannaí AE i bhfianaise na staide sa Bhurúin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rinneadh Cinneadh (CBES) 2015/1763 agus Rialachán (AE) 2015/1755 a leasú roinnt uaireanta. Áirítear orthu sin bearta sriantacha lena ndírítear orthu siúd atá freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas nó as bac a chur ar an gcuardach ar réiteach polaitiúil sa Bhurúin, nó a bhfuil baint acu le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh a sháraíonn an dlí daonnúil idirnáisiúnta nó an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, nó ar sáruithe tromchúiseacha iad ar chearta an duine, sa Bhurúin, in éineacht lena gcomhpháirtithe. Áirítear ar na bearta sriantacha sin:

  • reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha*, cuideachtaí nó comhlachtaí sin;
  • toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a sholáthar do dhaoine, d’eintitis nó do chomhlachtaí den sórt sin;
  • cosc a chur ar dhaoine dá leithéid dul isteach nó idirthura a dhéanamh trí chríoch de chuid an Aontais.

Leagtar amach liosta de na daoine atá faoi réir na mbeart sriantach sin in iarscríbhinní a ghabhann leis an gcinneadh agus leis an rialachán. Cinneann Comhairle an Aontais Eorpaigh athruithe ar an liosta sin.

Díolúintí

Ceadaítear díolúintí ó na bearta sin leis an gcinneadh agus leis an rialachán araon, agus áirítear leo sin:

  • scaoileadh sócmhainní reoite áirithe chun críocha dleathacha;
  • taisteal ar fhorais daonnúla.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2015/1763 agus Rialachán (AE) 2015/1755 ón 02 Deireadh Fómhair 2015.
  • Rinneadh bailíocht an chinnidh a athnuachan roinnt uaireanta. Rachaidh sé in éag faoi láthair ar 31 Deireadh Fómhair 2024.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Duine dlítheanach. Eintiteas neamhdhaonna, amhail cuideachta, a gcaitear leis/léi mar dhuine chun críocha teoranta dlí. Féadfaidh duine dlítheanach cás a thabhairt, féadfar cás a thabhairt ina choinne/coinne, réadmhaoin a bheith aige/aice agus dul isteach i gconarthaí.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh (CBES) 2015/1763 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin (IO L 257, 2.10.2015, lgh. 37–41).

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Chinneadh (CBES) 2015/1763. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2015/1755 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin (IO L 257, 2.10.2015, lgh. 1–10).

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach – Teideal V – Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála – Caibidil 2 – Forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála – Roinn 1 – Forálacha comhchoiteanna – Airteagal 29 (sean–Airteagal 15 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 33).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Cúig — Gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — Airteagal 215 (sean–Airteagal 301 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144).

Nuashonraithe 17.11.2023

Início