EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Buiséad ilbhliantúil AE (2014-2020)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 — creat airgeadais ilbhliantúil AE do na blianta 2014-2020

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach ann na híosmhéideanna bliantúla is féidir a chaitheamh ar réimsí éagsúla beartais AE thar an tréimhse 2014-2020.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ghlac AE plean 7 mbliana don tréimhse 2014-2020 i mí na Nollag 2013. Is é atá i gceist leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) EUR 960 billiún i gceangaltais (gealltanas dlíthiúil chun maoiniú a sholáthar, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe) agus EUR 908.4 billiún in íocaíochtaí (an méid airgid a íoctar leis na tairbhithe), thar tréimhse 7 mbliana, curtha in iúl i bpraghsanna tairiseacha na bliana 2011.

Leagtar uasteorainneacha (uasmhéideanna) síos sa rialachán maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh gach catagóir caithimh AE thar an tréimhse. Ní mór iad sin a urramú agus buiséid bhliantúla AE á gcomhaontú.

Déantar CAI 2014-2020 a mhiondealú ina cheannteidil mar seo a leanas:

  • Ceannteideal 1 — Fás cliste agus cuimsitheach: EUR 450.763 billiún (a raibh EUR 325.149 billiún de le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach).
  • Ceannteideal 2 — Fás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha: EUR 373.179 billiún.
  • Ceannteideal 3 — Slándáil agus saoránacht: EUR 15.686 billiún.
  • Ceannteideal 4 — An Eoraip Dhomhanda: EUR 58.704 billiún.
  • Ceannteideal 5 — Riarachán: EUR 61.629 billiún.

piechart

Cuirtear béim lárnach i CAI 2014-2020 ar fhás agus ar fhostaíocht. Tá méadú os cionn 37 % tagtha ar fhotheideal 1a ar “iomaíochas” i gcomparáid le CAI 2007-2013 a bhí ann roimhe sin, rud a léiríonn an tábhacht atá leis an tosaíocht pholaitiúil sin. Tá an CAI nua níos lú ná an CAI a bhí ann roimhe, áfach, ag cur san áireamh go bhfuil brúnna buiséid le sárú ag a lán tíortha AE sa bhaile.

Déantar foráil i rialachán CAI i leith ionstraimí speisialta chomh maith faoinar féidir le AE freagairt ar chúinsí sonracha gan choinne. Féadfar caiteachas a shainaithnítear go soiléir a mhaoiniú chomh maith nach féidir a mhaoiniú faoi theorainneacha na n–uasteorainneacha atá ar fáil le haghaidh ceannteideal amháin nó níos mó, go sonrach, clúdaítear:

Socraíodh ar chomhaontú idirinstitiúideach maidir le smacht buiséadach, comhar i gcúrsaí buiséid agus bainistíocht fhónta airgeadais chomh maith idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach. Leis sin, ba cheart go ndéanfaí an nós imeachta buiséadach bliantúil a réasúnú agus rialachán CAI a chomhlánú.

Ath-leithdháileadh ceangaltas 2014 nár úsáideadh

Déantar foráil i rialachán CAI, i gcás go nglactar le cláir faoi chomhbhainistíocht le aghaidh na gCistí Struchtúrtha agus Infheistíochta, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh, an Chiste Tearmainn, Inimirce agus Lánpháirtíochta agus an Choiste um Shlándáil Inmheánach, i ndiaidh an 1 Eanáir 2014, go ndéanfar an CAI a leasú chun na suimeanna airgid nár úsáideadh sa bhliain 2014 a ath-leithdháileadh ar na blianta ina dhiaidh sin.

Mar thoradh air sin, rinneadh rialachán CAI a athbhreithniú chun aistriú ceangaltas 2014 nár úsáideadh a chur san áireamh: EUR 16.5 billiún go 2015, EUR 4.5 billiún go 2016 agus €0.1 billiún go 2017. Bhí sé sin i ngeall ar ghlacadh déanach de 300 as an 645 clár AE i réimsí arna gcumhdach faoi chistí AE thuasluaite.

Níor tháinig aon athrú ar na huasteorainneacha ginearálta caiteachais mar gheall ar CAI AE a athbhreithniú, agus níl aon airgead breise i gceist.

Athbhreithniú

B’éigean athbhreithniú a dhéanamh ar CAI tráth nach déanaí ná an bhliain 2016 ionas go mbeadh Parlaimint na hEorpa (a toghadh in 2014), an Chomhairle agus an Coimisiún (a ceapadh in 2014) ábalta athmheasúnú a dhéanamh ar na tosaíochtaí le haghaidh na mblianta a bhí fágtha den chreat. Rinneadh an measúnú sin i bhfianaise na staide eacnamaíche a bhí ann ag an am chomh maith leis na réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha is déanaí.

I ndiaidh an athbhreithnithe mheántéarmaigh rinneadh, Rialachán (EU, Euratom) Uimh. 1311/2013 a leasú le Rialachán (EU, Euratom) 2017/1123 in 2017. Leis an CAI athbreithnithe déantar méadú EUR 6.01 billiún ar na hacmhainní atá curtha ar leataobh do phríomhthosaíochaí AE le haghaidh na mblianta 2017-2020, faoi mar a leanas:

  • EUR 2.08 billiún chun fás a neartú agus poist a chruthú trí chláir amhail an tionscnamh fostaíochta don aos óg (+ EUR 1.2 billiún), Fís 2020 (+ EUR 200 milliún), agus Erasmus+ (+ EUR 100 milliún);
  • EUR 2.55 billiún chun dul i ngleic leis an imirce, slándáil a fheabhsú agus rialú teorainneacha seachtracha a neartú;
  • EUR 1.39 billiún chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna bunaidh na himirce.

Gach bliain, roimh an nós imeachta buiséadach don bhliain dár gcionn, déanann an Coimisiún coigeartú teicniúil ar an CAI, ar aon dul le gluaiseachtaí in ollioncam náisiúnta agus praghsanna AE. Cuireadh torthaí an choigeartaithe sin le haghaidh 2018 i bhfios do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i mí na Bealtaine 2017. Rinneadh na torthaí sin a athbhreithniú ina dhiaidh sin, áfach, chun leasú 2017 ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 a chur san áireamh agus cuireadh i bhfios do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle iad i mí Mheán Fómhair 2017.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2014.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 884-891)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Coigeartú teicniúil ar an gcreat airgeadais le haghaidh 2018 ar aon dul le gluaiseachtaí in OIN (ESA 2010) (Airteagal 6 de Rialachán Uimh. 1311/2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020) lena dtugtar í cothrom le dáta agus a chuirtear ina ionad Teachtaireacht COM(2017) 220 críochnaitheach (COM(2017) 473 críochnaitheach, 15.9.2017)

Comhaontú idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar i gcúrsaí buiséid agus bainistíocht fhónta airgeadais (IO C 373, 20.12.2013, lgh. 1-11)

Nuashonraithe 29.11.2017

Top