EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Cuireann an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú tacaíocht ar fáil do dhaoine a chailleann a bpoist mar thoradh ar thionchair an domhandaithe nó ar thionchair leanúnacha na géarchéime eacnamaí agus airgeadais atá fós le braith.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ó 2007 i leith, tá cabhair faighte ag oibrithe ón Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (EGF) chun poist nua nó athoiliúint a fháil, oibrithe a ndearnadh oibrithe iomarcacha díobh de thoradh an domhandaithe, toisc gur dúnadh a gcuideachtaí nó toisc gur aistríodh táirgeacht go dtí tír éigin eile lasmuigh den AE. Idir 2009-2022 agus ón 2014 ar aghaidh chuidigh an Ciste le oibrithe a ndearnadh oibrithe iomarcacha díobh de thoradh na géarchéime eacnamaí agus airgeadais.

Go ginearálta, tugann an ECF cabhair i gcásanna ina ndearnadh oibrithe iomarcacha de níos mó ná 500 oibrí:

  • in aon chuideachta amháin (lena n-áirítear a soláthróirí agus táirgeoirí iartheachtacha); nó
  • in earnáil sonrach i reigiún amháin nó níos mó atá in aice láimhe.

Le buiséad bliantúil de thart ar EUR 170 milliún idir 2014 agus 2020, is féidir le EGF íoc as suas le 60% de chostas na dtionscadal a cheaptar chun cabhrú le hoibrithe aonair a ndearnadh oibrithe iomarcacha díobh post eile a fháil nó a ngnóthais féin a bhunú. Níor ceapadh an ciste chun cabhrú le cuideachtaí a athstruchtúrú nó a choimeád i mbun gnó.

Tairbhithe féideartha

Féadfaidh an EGF cabhair a thabhairt d’oibrithe aonair a ndearnadh oibrithe iomarcacha díobh (oibrithe buana, oibrithe a bhfuil cónradh ar théarma seasta acu, oibrithe sealadacha agus daoine féinfhostaithe), agus duine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta nó oiliúna (NEET) sna réigiúin chéanna, má tá an ráta dífhostaíochta i measc na n-óg ag 20 % ar a laghad, ar an leibhéal céanna is a fhaigheann oibrithe tacaíocht.

Áirítear na rudaí seo a leanas sna bearta incháilithe:

  • cabhair chun post a fháil;
  • comhairle gairmeacha;
  • oideachas, oiliúint agus athoiliúint;
  • meantóireacht agus oiliúnú;
  • fiontraíocht agus cruthú gnóthas.

Nós imeachta iarratais

Cuirtear iarratais ar chúnamh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ag rialtais an AE agus, má cheadaítear iad, déanann údaráis náisiúnta nó réigiúnacha iad a iad a bhainistiú agus a chur i gcrích. Maireann tionscadail ar feadh 2 bhliain.

Murab ionann agus tionscadail fhadtéarmacha a mhaoinítear faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta an AE (ESIFanna), amhail Ciste Sóisialta na hEorpa, cuireann tionscadail EGF tacaíocht ar fáil do dhaoine aonair ar feadh achair ghearr atá sainithe go soiléir.

Aisghairm

Aisghaireadh Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 le Rialachán (AE) 2021/691 (féach achoimre) amhail an 1 Eanáir 2021. Leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm, áfach, go dtí go ndéanfar an mheastóireacht ex post.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2014.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 855-864)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 2021/691ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe a Scaoileadh chun Bealaigh (CED) agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1309/2013 (IO L 153, 3.5.2021, lgh. 48-70)

Nuashonraithe 19.08.2021

Top